[EN]

Uimhir 8 de 1927.


[EN]

ACHT CAPITAIL THELEFÓIN, 1927


ACHT CHUN TUILLE AIRGID DO DHEONA CHUN SCÉIM THELEFÓNACH SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHUR I bhFEABHAS AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [19adh Márta, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Deontas eile chun an scéim thelefónach do chur i bhfeabhas.

1.—I dteanta an airgid a húdaruítear leis an Acht Capitail Thelefóin, 1924 (Uimh. 33 de 1924), féadfidh an tAire Airgid suimeanna nách mó san iomlán ná suim cúig céad míle punt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, pé suimeanna a theastuigh no a theastóidh ón Aire Puist agus Telegrafa chun scéim thelefónach Shaorstáit Éireann do chur i bhfeabhas do réir mheastachán le n-ar aontuigh an tAire Airgid.

[EN]

Féadfidh an tAire Airgid iasachtaí fháil chun crícheanna an Achta so.

2.—(1) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no chun airgead do sholáthar chun aisíoc do dhéanamh leis an bPrímh-Chiste i ngach suim no in aon tsuim a tugadh amach as an gCiste sin fé údarás an Achta so, féadfidh an tAire Airgid iasachtaí fháil tré bhlianachtaí inchríochnuithe a rithfidh ar feadh tréimhse nách sia ná fiche bliain.

[EN]

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach airgead a gheobhfar ar iasacht fén alt so.

[EN]

(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach blianacht inchríochnuithe a cruthnófar fén alt so agus, maran leor an t-airgead san, is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh a muirear agus a híoc.

[EN]

Ullamhú agus iniúcha cuntaisí.

3.—(1) Laistigh d'ocht mí tar éis deire na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1927, agus laistigh d'ocht mí tar éis deire gach bliana airgeadais ina dhiaidh sin ina ndéanfar aon tsuim do thabhairt amach no do chaitheamh fé údarás an Achta Capitail Thelefóin, 1924 (Uimh. 33 de 1924), no an Achta so no aon Achta ina dhiaidh seo le n-a mbeidh an t-alt so ionchorpruithe, cuirfidh an tAire Puist agus Telegrafa fé ndeár go n-ullamhófar, i bhfuirm a ordóidh an tAire Airgid, cuntas ina dtaisbeánfar an t-airgead a caitheadh agus a hiasachtuíodh agus na hurrúsanna a cruthnuíodh fé údarás na nAcht san fé seach.

[EN]

(2) Gach cuntas caiteachais a hullamhófar do réir an ailt seo cuirfar chun an Ard-Scrúdóra é agus déanfidh seisean é iniúcha agus tuarasgabháil do thabhairt air mar chuntas leithreasa ar an gcuma a horduítear leis an Exchequer and Audit Departments Acts, 1866 and 1921.

[EN]

Leagfar ráitisí agus cuntaisí fé bhráid an Oireachtais.

4.—(1) Ar an 30adh lá de Mhí na Samhna, no roimhe sin, sa bhliain 1927, agus i ngach bliain ina dhiaidh sin leagfidh an tAire Puist agus Telegrafa fé bhráid gach Tighe den Oireachtas:—

[EN]

(a) ráiteas ina dtaisbeánfar an méid a caitheadh i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin mar gheall ar an muirear bliantúil i dtaobh blianachtaí inchríochnuithe a cruthnuíodh fé údarás an Achta Capitail Thelefóin, 1924 (Uimh. 33 de 1924), no an Achta so no aon Achta ina dhiaidh seo le n-a mbeidh an t-alt so ionchorpruithe; agus

[EN]

(b) ráiteas cuntais a bheidh i bhfuirm a ordóidh an tAire Airgid agus ina dtaisbeánfar an t-ioncum agus an caiteachas i dtaobh na seirbhíse telefóin i gcaitheamh na bliana airgeadais roimhe sin.

[EN]

(2) Má bhíonn an tOireachtas gan bheith ina shuidhe i ndeire aon aimsire in ar gá do réir an ailt seo ráiteas no cuntas do leaga fé n-a bhráid, sínfar an aimsir sin go ceann seachtaine tar éis don Oireachtas tosnú arís ar shuidheanna do bheith aige.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—(1) Féadfar an tAcht Capitail Thelefóin, 1927, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Capitail Thelefóin, 1924 agus 1927, do ghairm den Acht Capitail Thelefóin, 1924 (Uimh. 33 de 1924), agus den Acht so le chéile.