[EN]

Uimhir 8 de 1970


[EN]

AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA, 1952 GO 1963. [10 Meitheamh, 1970.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Méadú ar an teorainn le hairleacain chun an Bhoird Iascaigh Mhara.

1952, Uimh. 7.

1959, Uimh. 28.

1.—Déantar leis seo alt 18 den Acht Iascaigh Mhara, 1952, arna leasú le halt 2 den Acht Iascaigh Mhara (Leasú), 1959, a leasú trí “(faoi réir na teorann nach mó aon tráth ná cúig mhilliún punt an méid iomlán (gan ús a áireamh) a bheidh gan íoc ina leith)” a chur in ionad “(nach mó san iomlán ná trí mhilliún punt)”.

[EN]

Méadú ar chumhachtaí an Bhoird Iascaigh Mhara chun airgead a fháil ar iasacht.

2.—Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Iascaigh Mhara, 1952, trí “go sealadach trí chomhshocraíocht le baincaerí” a scriosadh agus “chaipitiúil” a chur isteach i ndiaidh “reatha”.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

3.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1970, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1963, agus den Acht seo le chéile.