Uimhir 8 de 1970
AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1970
[An tiontú oifigiúil.]
Méadú ar an teorainn le hairleacain chun an Bhoird Iascaigh Mhara.
1.—Déantar leis seo alt 18 den Acht Iascaigh Mhara, 1952, arna leasú le halt 2 den Acht Iascaigh Mhara (Leasú), 1959, a leasú trí “(faoi réir na teorann nach mó aon tráth ná cúig mhilliún punt an méid iomlán (gan ús a áireamh) a bheidh gan íoc ina leith)” a chur in ionad “(nach mó san iomlán ná trí mhilliún punt)”.
Méadú ar chumhachtaí an Bhoird Iascaigh Mhara chun airgead a fháil ar iasacht.
2.—Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Iascaigh Mhara, 1952, trí “go sealadach trí chomhshocraíocht le baincaerí” a scriosadh agus “chaipitiúil” a chur isteach i ndiaidh “reatha”.
Gearrtheideal agus comhlua.
3.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1970, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1963, agus den Acht seo le chéile.