Uimhir 9 de 1981
AN tACHT DÍOBHÁLACHA MAILÍSEACHA, 1981
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Díobhálacha Mailíseacha, 1981, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta a rite.
Léiriú.
2.—San Acht seo—
folaíonn “damáiste”, i ndáil le maoin, an mhaoin a dhíothú go hiomlán nó go páirteach agus aon díobháil don mhaoin;
ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae nó bardas contaebhuirge;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
folaíonn “maoin” ainmhithe fiaine i mbraighdeanas agus oidhreachtáin neamhchorpracha (lena n-áirítear éasúintí, profits a prendre agus cearta eile) ach ní fholaíonn sí rud nach bhfuil ann ach áineas nó taitneamhacht;
folaíonn “long” gach cineál soithigh, báid agus árthaigh eile, cibé acu is le rámhaí nó ar shlí eile a thiomáintear í.
Feidhmiú.
3.—Ní bheidh éifeacht leis an Acht seo i ndáil le damáiste a rinneadh ná le caillteanas a fulaingíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.
Aisghairm.
4.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3).
(2) Ní bheidh éifeacht leis an aisghairm ar fhorálacha an Local Government (Ireland) Act, 1898, agus Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal, a mhéid a bhaineann na forálacha sin le halt 106 den Grand Jury (Ireland) Act, 1836.
CUID II
Cúiteamh i nDamáiste Mailíseach a Rinneadh do Mhaoin agus i Maoin, a Tógadh go Neamhdhleathach le linn Círéibe, a Chailleadh
Ceart chun cúitimh i ndamáiste mailíseach a rinneadh do mhaoin.
[Nua i bpáirt. cf. 1836 (c. 116) a. 135; 1848 (c. 69) a. 2; 1853 (c. 38) a. 1; 1894 (c. 60) a. 515; 1898 (c. 37) a. 5]
5.—(1) I gcás damáiste, ar mó ná céad punt a mhéid iomlán, a bheith déanta go mailíseach do mhaoin, beidh an duine a d'fhulaing an damáiste i dteideal cúiteamh a fháil ón údarás áitiúil de réir an Achta seo.
(2) Chun críche fho-alt (1), ní mheasfar damáiste bheith déanta go mailíseach ach amháin i gcás—
(a) ar trí ghníomh éagórach arna dhéanamh d'aon ghnó gan chúis ná leithscéal cóir a rinneadh é, nó
(b) ar go hainrianta a rinneadh é, nó
(c) ar go neamhdhleathach a rinneadh é ag triúr nó níos mó, agus iad bailithe le chéile go neamhdhleathach, go círéibeach nó go racánach, nó
(d) ar le linn cion a dhéanamh i gcoinne na maoine a damáistíodh, cibé acu ba chun an cion a dhéanamh nó nárbh ea, a rinneadh é.
(3) Sroichfidh fo-alt (1) chun damáiste do mhaoin atá laistigh d'aon chuan nó laistigh de mhíle slí amach ó theorainn chósta limistéar údaráis áitiúil nó do mhaoin a aistríodh, ar í a thógáil go neamhdhleathach, ó áit laistigh d'aon chuan nó den mhíle slí sin.
(4) Ní bhainfidh an ceart chun cúitimh a thugtar leis an alt seo ach le cúiteamh sa damáiste iarbhír a rinneadh agus ní shroichfidh sé chun cúiteamh in aoin chaillteanas is iarmhairt ar an damáiste iarbhír sin agus, go háirithe, ní shroichfidh sé chun cúiteamh mar gheall ar úsáid na maoine a damáistíodh a chailleadh.
Ceart chun cúitimh mar gheall ar mhaoin a thógáil go neamhdhleathach le linn círéibe.
[Nua]
6.—(1) I gcás triúr nó níos nó a bheidh bailithe le chéile go racánach agus go círéibeach do dhéanamh damáiste go mailíseach, ar mó ná céad punt a mhéid iomlán, d'fhoirgneamh nó do mhaoin laistigh de chúirtealáiste forgnimh agus go ndéanfar, le linn na círéibe, aon mhaoin a thógáil go neamhdhleathach as an bhfoirgneamh, beidh an duine a chaillfidh an mhaoin a tógadh i dteideal cúiteamh a fháil ón údarás áitiúil de réir an Achta seo.
(2) Chun críche fho-alt (1), ní mheasfar damáiste a bheith déanta go mailíseach ach amháin más trí ghníomh éagórach arna dhéanamh d'aon ghnó gan chúis ná leithscéal cóir, nó go hainrianta, a rinneadh é.
(3) Beidh éifeacht freisin le fo-alt (1), i ndáil le long atá laistigh d'aon chuan nó laistigh de mhíle slí amach ó theorainn chósta limistéar údaráis áitiúil, le maoin ar bord loinge den sórt sin agus le maoin den sórt sin a thógáil go neamhdhleathach le linn círéibe.
(4) Ní bhainfidh an ceart chun cúitimh a thugtar leis an alt seo ach le cúiteamh ar aon mhéid le luach na maoine a tógadh agus ní shroichfidh sé chun cúiteamh in aon chaillteanas is iarmhairt ar an maoin a thógáil, agus, go háirithe, ní shroichfidh sé chun cúiteamh mar gheall ar úsáid na maoine a tógadh a chailleadh.
Damáiste ag duine mímheabhrach nó ag leanbh
[Nua i bpáirt]
7.—Ní cosaint é i gcoinne iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo mura ndéanfar ach a shuíomh gur duine mímheabhrach nó leanbh a rinne an damáiste lena mbaineann an t-iarratas.
Fógra go bhfuil ar intinn cúiteamh a éileamh.
[Nua i bpáirt. cf. R.C.C. O.52, r.3]
8.—(1) Déanfaidh duine a mbeidh cúiteamh á lórg aige faoin Acht seo, laistigh de cheithre lá dhéag ón am a ndearnadh an damáiste nó ar tógadh an mhaoin, cibé acu é, réamhfhógra a sheirbheáil, de réir an ailt seo, i cibé foirm a fhorordófar le rialacháin ón Aire, á rá go bhfuil ar intinn aige cúiteamh a iarraidh.
(2) Seirbheálfar an réamhfhógra—
(a) i gcás damáiste do mhaoin (seachas maoin lena mbaineann mír (b) nó (c)) agus i gcás cailleadh maoine ar maoin í a tógadh go neamhdhleathach le linn círéibe (seachas cailleadh lena mbaineann mír (d)), ar an údarás áitiúil don limistéar ina ndearnadh an damáiste nó inar tógadh an mhaoin agus ar an gcomhalta i gceannas stáisiún an Gharda Síochána don áit ina ndearnadh an damáiste nó inar tógadh an mhaoin;
(b) i gcás damáiste do mhaoin a aistríodh, ar í a thógáil go neamhdhleathach, ó limistéar údaráis áitiúil amháin go dtí limistéar údaráis áitiúil eile, ar an údarás áitiúil don limistéar ónar aistríodh í agus ar an gcomhalta i gceannas stáisiún an Gharda Síochána don áit ónar aistríodh í;
(c) i gcás damáiste do mhaoin atá laistigh d'aon chuan nó laistigh de mhíle slí amach ó theorainn chósta limistéar údaráis áitiúil nó a aistríodh, ar í a thógáil go neamhdhleathach, ó áit laistigh d'aon chuan nó den mhíle slí sin, ar an údarás áitiúil don áit ar an mórthír is cóngaraí don áit ina ndearnadh an damáiste nó ónar aistríodh an mhaoin agus ar an gcomhalta i gceannas stáisiún an Gharda Síochána don áit sin ar an mórthír;
(d) i gcás cailleadh maoine ar maoin í a tógadh go neamhdhleathach le linn círéibe ó long atá laistigh d'aon chuan nó de mhíle slí amach ó theorainn chósta limistéar údaráis áitiúil, ar an údarás áitiúil don áit ar an mórthír is cóngaraí don áit inar tógadh an mhaoin agus ar an gcomhalta i gceannas stáisiún an Gharda Síochána don áit sin ar an mórthír.
(3) Tabharfaidh an réamhfhógra sonraí faoin am agus faoin áit, a mhéid is féidir le réasún iad a dhéanamh amach, ina ndearnadh an damáiste nó inar tógadh an mhaoin agus tuairisc ar an maoin atá i gceist agus luafaidh sé cineál agus méid an damáiste nó luach na maoine a tógadh, cibé acu é.
Iarratas ar chúiteamh
[cf. 1898 (c. 37) a. 5(3)]
9.—(1) Féadfaidh duine a sheirbheáil réamhfhógra de réir alt 8 iarratas ar chúiteamh a dhéanamh chun na cúirte.
(2) Tabharfar an t-iarratas i gcoinne an údaráis áitiúil ar ar seirbheáladh an réamhfhógra.
Údarás áitiúil eile a uamadh in imeachtaí.
[Nua i bpáirt. cf. 1898 (c. 37) a. 5(3)]
10.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil ar ar seirbheáladh réamhfhógra faoi alt 8 scéala a thabhairt, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fógra a sheirbheáil nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a ordóidh an chúirt, d'aon údarás áitiúil eile á rá go bhfuil ar intinn aige a iarraidh ar an gcúirt a ordú go ndéanfar aon chúiteamh a dhámhfar a íoc, go hiomlán nó go páirteach, as cistí an údaráis áitiúil eile sin agus, air sin, tiocfaidh údarás áitiúil a gheobhaidh scéala amhlaidh chun bheith ina pháirtí sna himeachtaí.
(2) Beidh aon rátíocóir de chuid údaráis áitiúil is páirtí sna himeachtaí i dteideal láithriú tráth a bheidh iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo á éisteacht agus i dteideal éisteacht a fháil ón gcúirt i ndáil leis an iarratas sin.
Cúiteamh a dhámhadh.
[Nua i bpáirt. cf. 1836 (c. 116) ailt 135, 140; 1898 (c. 37) a. 5(2)]
11.—(1) Déanfaidh an chúirt, ar iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo a éisteacht, más deimhin léi go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal cúiteamh a fháil, cúiteamh a dhámhadh.
(2) I gcás nach mbeidh ach údarás áitiúil amháin ann is páirtí sna himeachtaí, ordóidh an chúirt go n-íocfar an cúiteamh as cistí an údaráis áitiúil sin.
(3) I gcás a mbeidh níos mó ná údarás áitiúil amháin ann is páirtí sna himeachtaí, féadfaidh an chúirt a ordú go n-íocfar an cúiteamh as cistí an údaráis áitiúil nó na n-údarás áitiúil sin a bheidh sonraithe san ordú agus i gcás dhá údarás áitiúla nó níos mó a bheith sonraithe amhlaidh, féadfaidh sí a ordú go ndéanfar an cúiteamh a íoc i cibé comhréir is cuí leis an gcúirt.
Cúiteamh a laghdú nó a eisiamh.
[Nua]
12.—(1) Le linn iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo a bheith á chinneadh, féadfaidh an chúirt méid an chúitimh a dhámhfadh sí murach sin a laghdú cibé suim a mheasfaidh sí bheith cóir cothrom ag féachaint d'iompar ginearálta, sna himthosca, an duine a d'fhulaing an damáiste nó an caillteanas lena mbaineann an t-iarratas, agus ag áireamh, go háirithe, a iompar maidir le haon réamhchúraimí a d'fhéadfadh sé le réasún a ghlacadh chun an damáiste nó an caillteanas a sheachaint.
(2) Laghdóidh an chúirt céad punt méid an chúitimh a dhámhfadh sí, murach an fo-alt seo, d'iarratasóir an chúitimh faoin Acht seo, sa dóigh áfach nach mbeidh an laghdú sin le seasamh ag aon iarratasóir i leith níos mó ná éileamh amháin faoin Acht seo maidir leis an maoin chéanna de bharr gníomhartha a tharla in aon tréimhse dhá mhí dhéag.
(3) Ní bheidh cúiteamh iníoctha faoin Acht seo—
(a) i gcás a gcruthófar chun sástacht na cúirte maidir leis an duine a d'fhulaing an damáiste nó an caillteanas lena mbaineann an t-iarratas, gur chúlcheadaigh sé nó gur éascaigh sé go gníomhach déanamh an damáiste nó tarlú an chaillteanais nó gur chabhraigh sé leis an gcéanna nó go raibh sé, san am nó i dtrátha an ama a ndearnadh an damáiste nó ar fulaingíodh an caillteanas, i gcomhlachas, i gcomhcheangal nó i bpáirt leis an duine ba chúis leis an damáiste nó leis an gcaillteanas;
(b) maidir leis an méid sin den damáiste nó den chaillteanas is inchurtha, i dtuairim na cúirte, i leith aon fhaillí nó mainneachtain ar thaobh an duine a d'fhulaing an damáiste nó an caillteanas bearta réasúnacha a dhéanamh chun méid an chéanna a laghdú;
(c) maidir le haon damáiste nó caillteanas a mhéid a rinneadh cúiteamh ina leith a ghnóthú faoi aon fhoráil reachtúil eile nó faoin dlí coiteann nó a mhéid a rinne an duine, nó a rinneadh thar ceann an duine, ba chúis leis an damáiste nó leis an gcaillteanas leorghníomh ina leith ar dhóigh eile;
(d) maidir le damáiste nó caillteanas—
(i) a tharlóidh do mhonaí, nótaí dlíthairgthe, nótaí bainc, nó airgead reatha aon tíre, d'aon orduithe poist nó orduithe airgid poist nó d'aon stampaí poist nó stampaí greamaitheacha eile, nó
(ii) a tharlóidh d'aon ghréibhlí pearsanta (lena n-áirítear uaireadóirí agus seodra) a choimeádtar seachas mar chuid de stoc trádála, nó
(e) maidir le damáiste do dhéanmhas neamhúdaraithe de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, nó do dhéanmhas ar seirbheáladh fógra, atá fós i bhfeidhm, ina leith faoi alt 31, 32 nó 35 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, nó ar seirbheáladh fógra nó a ndearnadh ordú, atá fós i bhfeidhm, ina leith faoi alt 26 nó 27 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976.
An chúirt ina dtionscnófar iarratas.
[Nua i bpáirt. cf. 1898 (c.37) a.5(3); 1961 (Uimh. 39) an Ceathrú Sceideal ag Uimh. Thag. 53]
13.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar gach iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo a thionscnamh—
(a) mura mó ná dhá mhíle cúig chéad punt an méid a éileofar, sa Chúirt Dúiche don dúiche chúirte dúiche ina ndearnadh an damáiste nó inar fulaingíodh an caillteanas lena mbaineann an t-iarratas, agus
(b) más mó ná dhá mhíle cúig chéad punt an méid a éileofar, sa Chúirt Chuarda sa chuaird chúirte cuarda ina ndearnadh an damáiste nó inar fulaingíodh an caillteanas.
(2) I gcás iarratas ar chúiteamh i ndamáiste do mhaoin, más rud é gur aistríodh an mhaoin, ar í a thógáil go neamhdhleathach, ó dhúiche chúirte dúiche amháin go ceann eile nó ó chuaird chúirte cuarda amháin go ceann eile, tionscnófar an t-iarratas sa Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche nó sa Chúirt Chuarda sa chuaird chúirte cuarda, de réir mar is gá sa chás, ónar aistríodh an mhaoin.
(3) I gcás iarratas ar chúiteamh—
(a) i ndamáiste do mhaoin atá laistigh d'aon chuan nó laistigh de mhíle slí amach ó theorainn chósta limistéar údaráis áitiúil nó a aistríodh, ar í a thógáil go neamhdhleathach, ó áit laistigh d'aon chuan nó den mhíle slí sin, nó
(b) i gcailleadh maoine ar maoin í a tógadh go neamhdhleathach le linn círéibe ó long laistigh d'aon chuan nó den mhíle slí sin,
tionscnófar an t-iarratas sa Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche nó sa Chúirt Chuarda sa chuaird chúirte cuarda, de réir mar is gá sa chás, ina bhfuil an áit ar an mórthír is cóngaraí don áit ina ndearnadh an damáiste nó ónar aistríodh nó ónar tógadh an mhaoin.
Rialacha cúirte.
[cf. 1898 (c.37) a.5(7)]
14.—(1) Ní dhéanfar iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo ach amháin de réir rialacha cúirte.
(2) Forálfar i rialacha cúirte lena rialaítear cleachtas agus nós imeachta i ndáil le hiarratais den sórt sin nach gcuirfidh neamhchomhlíonadh na rialacha sin aon imeachtaí ar neamhní mura n-ordóidh an chúirt amhlaidh.
(3) Féadfaidh an chúirt, i ndáil le haon ghníomh nó imeachtaí faoin Acht seo nó faoi rialacha cúirte arna ndéanamh chun críocha an Achta seo, an t-am don ghníomh nó do na himeachtaí sin a shíneadh, nó an gníomh nó na himeachtaí sin a chur i leataobh go hiomlán nó go páirteach, nó é nó iad a leasú nó féadfaidh sí déileáil leis nó leo ar chuma eile i cibé slí agus ar cibé téarmaí a mheasfaidh an chúirt a bheith cóir.
Costais.
[Nua i bpáirt. cf. 1898 (c.37) a.5(6)]
15.—(1) Féadfaidh an chúirt costais a dhámhadh d'aon pháirtí nó i gcoinne aon pháirtí in aon imeachtaí faoin Acht seo agus d'aon rátíocóir nó i gcoinne aon rátíocóir a bheidh ag láithriú ag éisteacht de bhua alt 10 (2) nó 17 (4) agus beidh feidhm in imeachtaí faoin Acht seo ag rialacha cúirte i ndáil le costais, ach amháin a mhéid a fhorálann siad do chostais agus táillí is infheidhme de bhua rialacháin faoi fho-alt (2).
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh ag leagan amach na scálaí costas aturnaetha agus táillí abhcóidí is infheidhme i gcás costais maidir le hiarratas ar chúiteamh faoin Acht seo a bheith iníoctha ag údarás áitiúil, agus beidh teorainn dá réir sin leis an gcumhacht atá ag aon choiste déanta rialacha chun rialacha cúirte a dhéanamh.
Éilimh agus lóisteálacha a shocrú.
[Nua]
16.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil aon éileamh a thabharfar ina choinne i modh iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo a shocrú aon uair sula gcinnfidh an chúirt an t-iarratas.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil in imeachtaí ina choinne faoin Acht seo airgead a lóisteáil sa chúirt agus beidh feidhm ag na rialacha cúirte a bhaineann le lóisteálacha i gcaingne sibhialta (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le costais i gcás lóisteála).
(3) (a) I gcás ina bhfaighidh údarás áitiúil a mbeidh cúiteamh iníoctha aige faoin Acht seo fógra maidir le haon sannadh, morgáiste nó muirear, nó maidir le haon ghníomh nó teagmhas sa dlí, a dhéanfaidh difear don chúiteamh sin, féadfaidh an t-údarás áitiúil méid an chúitimh a íoc isteach sa chúirt agus beidh an íocaíocht sin, go feadh a méid, ina urscaoileadh leordhóthanach don údarás áitiúil.
(b) Féadfaidh an chúirt cibé ordú a dhéanamh is cuí léi chun aon airgead (lena n-áirítear aon ús nó díbhinní air) a íocadh isteach chuici faoi mhír (a) a eisíoc.
Achomhairc.
[Nua i bpáirt. cf. 1898 (c.37) a.5 (4)]
17.—(1) Féadfar achomharc i modh athéisteachta a dhéanamh in aghaidh bhreith ón gCúirt Dúiche chun na Cúirte Cuarda agus in aghaidh bhreith ón gCúirt Chuarda chun na hArd-Chúirte maidir le hiarratas ar chúiteamh faoin Acht seo.
(2) Féadfar gur in aghaidh dámhachtain a dheonú nó in aghaidh méid dámhachtana nó in aghaidh dámhachtain a dhiúltú a dhéanfar achomharc.
(3) Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar tionscnaíodh an t-iarratas ina choinne, nó aon údarás áitiúil eile ba pháirtí sna himeachtaí nó aon rátíocóir atá i dteideal, de bhua alt 10 (2), láithriú agus éisteacht a fháil, achomharc a dhéanamh i gcoinne dámhachtain a dheonú nó achomharc a dhéanamh ag féachaint le méid dámhachtana a laghdú.
(4) Aon rátíocóir a bhfuil teideal aige de bhua alt 10 (2) láithriú agus éisteacht a fháil tráth a bheidh iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo á éisteacht beidh teideal freisin aige láithriú agus éisteacht a fháil tráth a bheidh achomharc in aghaidh breithe ar an iarratas sin á éisteacht.
Cásanna a shonrú chun tuairim na Cúirte Uachtaraí a fháil.
[Nua i bpáirt. cf. 1857 (c.43) ailt 2, 4; 1961 (Uimh. 39) ailt 51, 52; 1947 (Uimh. 20) a.16]
18.—(1) (a) Cúirt a mbeidh aon imeachtaí faoin Acht seo á n-éisteacht aici féadfaidh sí uaithi féin nó, más cuí léi é, ar iarratas ón iarratasóir, ó údarás áitiúil is páirtí sna himeachtaí nó ó aon rátíocóir a bhfuil teideal aige, de bhua alt 10 (2), láithriú agus éisteacht a fháil sna himeachtaí, cás a shonrú chun tuairim na Cúirte Uachtaraí a fháil ar aon cheist dlí a éireoidh ag an éisteacht agus féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh is cuí léi maidir leis na costais san ábhar.
(b) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte maidir le hiarratas a mbeidh diúltaithe dó faoi mhír (a) agus is breith chríochnaitheach neamh-inachomhairc breith na Cúirte sin.
(2) (a) In aon imeachtaí a éistfear agus a chinnfear faoin Acht seo, féadfaidh an t-iarratasóir, údarás áitiúil ba pháirtí sna himeachtaí nó aon rátíocóir a bhfuil teideal aige de bhua alt 10 (2) láithriú agus éisteacht a fháil sna himeachtaí, i gcás é a bheith míshásta le cinneadh na cúirte mar go bhfuil sé earráideach ar phone dlí, iarratas a dhéanamh i scríbhinn chun na cúirte sin laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an chinnte chun cás a shonrú agus a shíniú ag leagan amach na bhfíoras agus forais an chinnte chun tuairim na Cúirte Uachtaraí a fháil orthu agus féadfaidh an chúirt cás a shonrú agus a shíniú de réir an iarratais agus cibé ordú a dhéanamh i dtaobh na gcostas san ábhar is cuí léi.
(b) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh diúltú a tugadh d'iarratas faoi mhír (a), agus is breith chríochnaitheach neamh-inachomhairc breith na Cúirte sin.
(c) I gcás ina gceadóidh an Ard-Chúirt an t-achomharc, ordóidh sí don chúirt a rinne an cinneadh cás a shonrú agus a shíniú de réir an iarratais.
(3) Ar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) (a) déanfar an cinneadh a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith a fhionraí—
(a) i gcás ina ngéillfear don iarratas, nó i gcás ina ndiúltófar don iarratas agus go gceadófar achomharc in aghaidh an diúltaithe, go dtí go mbeidh an cás a sonraíodh éiste agus cinneadh déanta air,
(b) i gcás ina ndiúltófar don iarratas agus nach mbeidh achomharc in aghaidh an diúltaithe taiscthe, go dtí go mbeidh ceithre lá dhéag caite tar éis an diúltaithe.
(4) Beidh alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857 (arna leathnú le halt 51 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961), alt 52 den Acht deiridh sin agus alt 16 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, gan éifeacht i ndáil le himeachtaí faoin Acht seo.
Cúiteamh a ghnóthú ó iarratasóir buaiteach in imthosca áirithe.
[Nua]
19.—(1) (a) I gcás—
(i) cúiteamh a bheith dáfa faoin Acht seo, agus
(ii) gur íocadh nó go n-íocfar dá éis sin i leith an damáiste nó an chaillteanais áirithe, mar chúiteamh nó mar leorghníomh den sórt a luaitear in alt 12 (3) (c), aon suim nár cuireadh i gcuntas faoin bhforáil sin tráth na dámhachtana a dhéanamh,
tabharfaidh an duine a fuair an tsuim sin scéala láithreach don údarás áitiúil lena mbaineann agus, faoi réir fho-alt (2), aisíocfaidh sé láithreach leis an údarás áitiúil méid an chúitimh a dámhadh, más ionann an méid sin agus an tsuim sin nó más lú ná an tsuim sin é, nó méid is ionann agus an tsuim sin más mó méid an chúitimh ná an tsuim sin.
(b) I gcás cúiteamh a bheith dáfa agus gur ordaigh an chúirt go n-íocfaí é as cistí dhá údarás áitiúla nó níos mó, tabharfar scéala do gach údarás díobh faoi réim agus de réir mhír (a) agus beidh na méideanna a bheidh le haisíoc leo faoi réim agus de réir na míre sin sa chomhréir chéanna, faoi seach, a d'ordaigh an chúirt nuair a bhí an dámhadh á dhéanamh.
(2) I gcás cúiteamh a bheith dáfa faoin Acht seo agus gur tionscnaíodh nó go dtionsnófar dá éis sin imeachtaí sibhialta in aon chúirt in aghaidh an duine ba chúis leis an damáiste nó leis an gcaillteanas áirithe i leith an ghníomh as ar eascair an t-iarratas ar chúiteamh, agus
(a) go ndámhfaidh an chúirt damáistí in aghaidh an duine sin i bhfabhar an ghearánaí sna himeachtaí, nó
(b) go gcomhaontóidh na páirtithe na himeachtaí a shocrú i gcomaoin an duine sin d'íoc méid comhaontaithe damáistí leis an ngearánaí sna himeachtaí nó chun tairbhe dó,
féadfaidh an chúirt a ordú don duine sin na damáistí a dámhadh nó ar ar comhaontaíodh amhlaidh, nó aon chuid díobh, a íoc isteach sa chúirt.
(3) I gcás ina ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (2), ordóidh sí—
(a) go n-íocfar le haon údarás áitiúil áirithe lena mbaineann as aon airgead a íocadh isteach sa chúirt faoi ordú na cúirte cibé méid a d'aisíocfaí leis an údarás áitiúil sin faoi fho-alt (1) dá mba gur íocadh an t-airgead sin leis an iarratasóir ar chúiteamh, agus
(b) go ndéanfar iarmhéid an airgid, más aon iarmhéid é, a íocadh isteach sa chúirt faoi fho-alt (2), a íoc leis an iarratasóir ar chúiteamh nó go ndéileálfar leis ar chuma eile chun tairbhe dó i cibé slí is cuí leis an gcúirt,
agus aon suim a íocadh amhlaidh le húdarás áitiúil de bhua an ordaithe ón gcúirt, measfar gur faoi fho-alt (1) a íocadh í.
(4) (a) Más rud é, ar iarratas chun na cúirte ó údarás áitiúil, gur deimhin leis an gcúirt—
(i) gur íoc an t-údarás áitiúil cúiteamh ar scór dámhachtana faoin Acht seo le haon duine, agus
(ii) nach ndearna an duine sin na fíorais go léir a bhain leis an gcinneadh ar an iarratas áirithe ar chúiteamh a nochtadh go hiomlán agus go fírinneach,
féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine sin méid an chúitimh nó cibe cuid de a ordóidh an chúirt, maille le haon chostais a d'íoc an t-údarás áitiúil sna himeachtaí bunaidh, a aisíoc leis an údarás áitiúil.
(b) I mír (a) ciallaíonn “an chúirt” an chúirt a dháimh an cúiteamh.
(5) Beidh éifeacht le fo-ailt (1), (2) agus (4) i ndáil le héileamh a shocrófar faoi alt 16 (1) ionann is dá mba dhámhadh cúitimh faoin Acht seo an socrú.
(6) Aon suim a cheanglaítear a aisíoc faoi fho-alt (1) nó (4) agus a bheidh gan aisíoc beidh sí inghnóthaithe ag an údarás áitiúil áirithe mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.
(7) (a) Aon duine a gcuireann fo-alt (1), nó an fo-alt sin arna chur chun feidhme le fo-alt (5), de cheangal air scéala a thabhairt d'údarás áitiúil go bhfuair sé aon suim i modh cúitimh nó leorghnímh agus a mhainneoidh gan cúis réasúnach sin a dhéanamh beidh sé, gan dochar dá dhliteanas faoin bhfo-alt sin aon suim a aisíoc leis an údarás áitiúil, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(b) (i) I gcás a gcruthófar, maidir le cion faoi mhír (a) a rinne comhlacht corpraithe, go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó ar oifigeach eile mar iad don chomhlacht é, nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.
(ii) i gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistí ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag fomhír (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtaintí a dhéanfaidh comhalta i ndáil lena fheidhmeanna bainistíochta ionann is dá mba stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe é.
Aisíoc le húdarás áitiúil i gcás cúiteamh a bheith níos mó ná toradh áirithe ó rátaí.
[Nua]
20.—(1) I gcás ar mó an costas a bheidh ar údarás áitiúil, mar gheall ar chúiteamh faoin Acht seo ná an méid a thabharfadh ráta fiche pingin sa phunt in aon bhliain airgeadais áitiúil, aisíocfaidh an tAire Comhshaoil méid na breise leis an údarás áitiúil as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Comhshaoil, aon uair agus a mhinice is cuí leis sin a dhéanamh, an ráta sa phunt dá bhforáiltear le fo-alt (1) nó le hordú a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo a athrú le hordú.
Údarás áitiúil do ghnóthú ranníoca.
[Nua]
21.—(1) Chun údarás áitiúil a ndearnadh dámhadh ina choinne ar iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo do ghnóthú ranníoca agus chuige sin amháin, measfar gur éagóiritheoirí comhthráthacha de réir bhrí an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961, an t-údarás áitiúil agus an duine nó na daoine ba chúis leis an damáiste nó leis an gcaillteanas lena mbaineann an t-iarratas agus beidh feidhm agus éifeacht le forálacha Chaibidil II de Chuid III den Acht sin a mhéid is infheidhme iad chun críche an ailt seo.
(2) Chun críche fho-alt (1), déanfar aon tagairt do dhamáistí sna forálacha a chuirtear chun feidhme leis an bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt do chúiteamh faoin Acht seo.
Maoin a aisghabhfar tar éis cúiteamh a íoc.
[Nua]
22.—(1) I gcás ina ndéanfar maoin a tógadh go neamhdhleathach agus ar íoc údarás áitiúil cúiteamh ina leith faoin Acht seo a aisghabháil, tiocfaidh an t-údarás áitiúil chun bheith agus beidh siad ina n-úinéirí ar an maoin agus beidh siad i dteideal í a dhiúscairt ar cibé slí is oiriúnach leo.
(2) Más rud é, maidir leis an maoin sin, gur íoc dhá údarás áitiúla nó níos mó cúiteamh i gcomhréireanna a d'ordaigh an chúirt faoi alt 11(3), tiocfaidh na húdaráis áitiúla sin chun bheith agus beidh siad ina gcomhúinéirí ar an maoin sna comhréireanna céanna agus beidh siad i dteideal í a dhiúscairt ar cibé slí ar a gcomhaontóidh siad.
Tréimhse theorann do chaingne.
[Nua i bpáirt. cf. 1957 (Uimh. 6) a. 11]
23.—(1) Ní thosófar imeachtaí faoin Acht seo tar éis trí bliana a bheith caithe ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis chaingne.
(2) Faibhreoidh cúis chaingne faoin Acht seo an dáta a sheirbheálfar réamhfhógra faoi alt 8.
(3) Beidh feidhm ag alt 49(1) (a bhaineann leis an tréimhse theorann i gcás míchumais) de Reacht na dTréimhsí, 1957, maidir le ceart caingne faoin Acht seo ionann is dá mba rud é, i mír (a) den fho-alt sin, gur thagairt don Acht seo an tagairt don Acht sin, agus ionann is dá gcuirfí “trí bliana” in ionad “sé bliana”.
Srian le halt 685 den Merchant Shipping Act, 1894.
[Nua]
24.—Ní shroichfidh an dlínse faoi alt 685 den Merchant Shipping Act, 1894, chun iarratas ar chúiteamh faoin Acht seo.
Fógraí a sheirbheáil.
[Nua i bpáirt. cf. 1898 (c. 37) a. 5(7); R.C.C. 0.52, rialacha 3,6]
25.—(1) Aon fhógra a bheidh le seirbheáil faoin Acht seo féadfar é a sheirbheáil leis an bpost agus, má sheirbheáiltear amhlaidh é, is leis an bpost cláraithe a sheirbheálfar é.
(2) I gcás fógra faoin Acht seo a sheirbheáil thar ceann duine measfar, chun críocha an Achta seo, gur sheirbheáil an duine féin an fógra.
Cumhacht chun an méid a shonraítear in ailt 5(1), 6(1), 12(2) a athrú.
[Nua]
26.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis sin a dhéanamh, an méid a shonraítear in ailt 5 (1), 6 (1) agus 12 (2) a athrú.
Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
27.—Gach ordú agus gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
AN SCEIDEAL
Na hAchtacháin A Aisghairtear
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
6 & 7 Will, IV, c. 116. | Grand Jury (Ireland) Act, 1836. | Ailt 135, 137, 139, 140 agus 141. |
11 & 12 Vict. c. 69. | Malicious Injuries (Ireland) Act, 1848. | An tAcht go léir. |
16 & 17 Vict. c. 38. | Malicious Injuries (Ireland) Act, 1853 | An tAcht go léir. |
57 & 58 Vict. c. 60 | Merchant Shipping Act, 1894. | Alt 515. |
61 & 62 Vict. c. 37 | Local Government (Ireland) Act, 1898. | Alt 5 agus Cuid I den Chéad Sceideal. |
Uimh. Thag. 53 sa Cheathrú Sceideal. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Grand Jury (Ireland) Act, 1836 | 1836, c. 116 |
An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976 | |
Merchant Shipping Act, 1894 | 1894, c. 60 |
Summary Jurisdiction Act, 1857 | 1857, c. 43 |
Giorrúcháin Imill | |
1836 (c. 116) | — Grand Jury (Ireland) Act, 1836 |
1848 (c. 69) | — Malicious Injuries (Ireland) Act, 1848 |
1853 (c. 38) | — Malicious Injuries (Ireland) Act, 1853 |
1894 (c. 60) | — Merchant Shipping Act, 1894 |
1898 (c. 37) | — Local Government (Ireland) Act, 1898 |
1961 (Uimh. 39) | |
R.C.C. | — Na Rialacha Cúirte Cuarda, 1950 |