As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 11 de 1943.
ACHT OLLTOGHCHÁN (FORÁLACHA PRÁINNE), 1943.
[An tionntódh oifigeamhail.]
[27 adh Abrán, 1943.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an phráinn náisiúnta atá anois ann” an staid phráinne náisiúnta dhéanann deifir do bhonn beatha an Stáit agus do dearbhuíodh le rúin do rith gach Tigh den Oireachtas an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, do bheith ann;
cialluíonn an abairt “na hAchtanna Toghcháin” go príomhdha na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1941, maraon le gach ordú agus rialachán a bheidh déanta fútha agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, ach foluíonn an abairt sin freisin gach reacht no cuid de reacht eile (más ann) a bhainfidh le comhaltaí Dháil Éireann do thogha agus fós gach ordú no rialachán (más ann) a bheidh déanta fé aon reacht no cuid de reacht den tsórt san agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;
cialluíonn an focal “olltoghchán” olltoghchán comhaltaí do Dháil Éireann;
cialluíonn an abairt “olltoghchán fén Acht so” olltoghchán a bheidh ann de bhun ordacháin ón Uachtarán fén Acht so;
cialluíonn na habairtí “an tsean-Dáil Éireann” agus an “nua-Dháil Éireann” fé seach, maidir le holltoghchán fén Acht so, an Dáil Éireann a bheidh ann díreach sara dtuga an tUachtarán an t-ordachán le haghaidh an olltoghcháin sin agus an Dáil Éireann a dtoghfar a comhaltaí san olltoghchán san;
tá le gach abairt eile fé leith an bhrí atá léi sna hAchtanna Toghcháin.
Ordachán le haghaidh olltoghcháin in ionad lán-scuir.
2.—(1) Faid a leanfaidh an phráinn náisiúnta atá anois ann féadfaidh an Taoiseach, aon uair a mheasfaidh san do bheith ceart, a chomhairliú don. Uachtarán a ordú go mbeidh olltoghchán ann agus, ar an gcomhairle sin d'fháil dó, déanfaidh an tUachtarán (lasmuich de chás dá n-údaruítear a mhalairt leis an gcéad fho-alt eile den alt so) a ordú le forógra go mbeidh olltoghchán ann.
(2) Féadfaidh an tUachtarán as a chomhairle féin diúltú d'ordú go mbeidh olltoghchán ann ar fháil comhairle dhó fén alt so o Thaoiseach ná leanann tromlach i nDáil Éireann de bheith i dtacaíocht leis.
(3) Aon uair ordóidh an tUachtarán fén alt so go mbeidh olltoghchán ann, beidh an t-olltoghchán san ann fé réim agus do réir na nAchtanna Toghcháin arna modhnú leis an Acht so no fé agus go sonnrach gus an modhnú go ndéanfar gach luadh atá sna hAchtanna san ar lán-scur Dháil Éireann, maidir leis an am a déanfar no thárlóidh no ar féna cheann a déanfar no thárlóidh éinní áirithe, do léiriú agus go mbeidh éifeacht aige mar luadh ar an ordachán san ón Uachtarán á ordú go mbeidh an t-olltoghchán san ann.
Dáil Éireann do lán-scur agus do chomóradh.
3.—(1) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe olltoghchán fén Acht so do bheith críochnuithe nuair do gheobhaidh Cléireach Dháil Éireann ón gceann cóimhrimh do gach dáilcheanntar an rit do thug an Cléireach san amach don cheann chóimhrimh sin i leith an olltoghcháin sin agus deimhniú an chinn chóimhrimh sin formhuinithe ar an rit sin ag deimhniú ainmneacha na gcomhaltaí do toghadh don dáilcheanntar san, agus léireofar dá réir sin na tagairtí atá san alt so d'olltoghchán fén Acht so do bheith críochnuithe.
(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach olltoghchán fén Acht so, sé sin le rá:—
(a) díreach ar an olltoghchán san do bheith críochnuithe deimhneoidh Cléireach Dháil Éireann i scríbhinn don Taoiseach an t-olltoghchán san do bheith críochnuithe;
(b) chó luath agus is féidir tar éis pé trátha aca so leanas is túisce agus ar aon chuma uair nach déanaighe ná an dara lá seachtaine tar éis an trátha san, sé sin le rá:—
(i) an tráth do gheobhaidh an Taoiseach an deimhniú san o Chléireach Dháil Éireann a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, no
(ii) an tráth bheidh ceithre lá déag caithte tar éis an lae vótála (do réir bhrí ailt 4 d'Airteagal 16 den Bhunreacht) san olltoghchán san,
comhairleoidh an Taoiseach don Uachtarán an tsean-Dáil Éireann do lán-scur;
(c) ar an gcomhairle sin d'fháil dó, déanfaidh an tUachtarán, le forógra, an tsean-Dáil Éireann do lán-scur láithreach agus déanfaidh, leis an bhforógra céanna no le forógra eile, an nua-Dháil Éireann do chomóradh chun teacht le chéile an lá (nach luaithe ná an chéad lá ná nach déanaighe ná an ceathrú lá déag tar éis an tsean-Dáil Éireann do lán-scur amhlaidh) agus san am agus san áit a bheidh molta dhó chuige sin ag an Taoiseach;
(d) beidh an tsean-Dáil Éireann lán-scurtha láithreach ar fhorógra san an Uachtaráin á lán-scur do thabhairt amach;
(e) tiocfaidh an nua-Dháil Éireann le chéile an lá agus san am agus san áit a luadhfar chuige sin i bhforógra san an Uachtaráin á comóradh.
Comhaltaíocht Dháil Éireann do scur agus do thosnú.
4.—Aon uair a bheidh olltoghchán ann de bhun ordacháin ón Uachtarán rén Acht so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) leanfaidh comhaltaí na sean-Dála Éireann (fé réir éinne dhíobh d'fháil bháis no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht) de bheith i seilbh oifige mar chomhaltaí den tsórt san do dtí go lán-scuirfear an Dáil Éireann san;
(b) na daoine toghfar san olltoghchán san chun bheith ina gcomhaltaí den nua-Dháil Éireann tiocfaid chun bheith ina gcomhaltaí de Dháil Éireann an chéad lá (agus ní go dtí sin) tar éis an lae lán-scuirfear an tsean-Dáil Éireann.
An Dáil Éireann chéanna do leanúint ar marthain.
5.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'aon fhoráil a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus trína dteorannuítear an tréimhse mhaximum a fhéadfaidh aon Dáil Éireann áirithe leanúint ar marthain, ach má thárlann, faid a bheidh aon Dáil Éireann áirithe ann ná beidh an tréimhse mhaximum san caithte aici, go n-ordóidh an tUachtarán fén Acht so go mbeidh olltoghchán ann, leanfaidh an Dáil Éireann san ar marthain go lán-scuirtear fén Acht so í d'ainneoin an lán-scur san do thárlachtaint tar éis an tréimhse mhaximum san do bheith caithte.
Cathaoirleach Dháil Éireann.
6.—Beidh éifeacht ag na modhnuithe seo leanas ar an Acht Toghcháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937 (Uimh. 25 de 1937), chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—
(a) gach tagairt atá san Acht san do Dháil Éireann do lánscur léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt d'ordachán ón Uachtarán fén Acht so á ordú go mbeidh olltoghchán ann, agus
(b) gach tagairt atá san Acht san don olltoghchán de dhruim Dáil Éireann do lán-scur léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don olltoghchán de bhun an ordacháin sin ón Uachtarán.
Comhacht chun na hAchtanna Toghcháin agus na fuirmeacha fútha do mhodhnú.
7.—Chun crícheanna olltoghchán fén Acht so no aon toghcháin áirithe den tsórt san, féadfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, le hordú,—
(a) pé modhnuithe do dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin a chífear dó is gá chun gur féidir na toghcháin no an toghchán san do bheith ann do réir an Achta so no chun gurb usa-de no gur tapúla-de a stiúrfar agus a críochnófar na toghcháin sin no an toghchán san, agus
(b) pé modhnuithe do dhéanamh, ar gach ceann no ar aon cheann no cinn de na fuirmeacha bheidh orduithe leis na hAchtanna Toghcháin, a chífear dó is gá chun go mbeidh na fuirmeacha san oiriúnach do na toghcháin sin no don toghchán san.
Forálacha iarmartacha maidir le Seanad Éireann.
8.—(1) Ní bheidh aon olltoghchán ann do Sheanad Éireann do dhruim sean-Dáil Éireann do lán-scur fén Acht so.
(2) Beidh olltoghchán ann do Sheanad Éireann tráth nach déanaighe ná nócha lá tar éis gach ordacháin ón Uachtarán fén Acht so á ordú go mbeidh olltoghchán ann do Dháil Éireann.
(3) Gach tagairt atá í gceachtar d'Achtanna Toghcháin an tSeanaid do Dháil Éireann do lán-scur agus go sonnrach gach tagairt den tsórt san don lán-scur ar Dháil Éireann is cúis le holltoghchán do Sheanad Éireann, léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt don ordachán ón Uachtarán fén Acht so á ordú go mbeidh olltoghchán comhaltaí do Dháil Éireann ann.
(4) Féadfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, le hordú, pé modhnuithe a chífear dó is gá de dhruim an tAcht so d'achtú do dhéanamh ar Achtanna Toghcháin an tSeanaid agus ar na horduithe agus na rialacháin a bheidh déanta fútha agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(5) San alt so cialluíonn an abairt “Achtanna Toghcháin an tSeanaid” Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937 (Uimh. 30 de 1937), agus Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937).
Gearr-theideal.
9.—Féadfar an tAcht Olltoghchán (Forálacha Práinne), 1943, do ghairm den Acht so.
Number 11 of 1943.
GENERAL ELECTIONS (EMERGENCY PROVISIONS) ACT, 1943.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Power to modify the Electoral Acts and the forms thereunder. | |
Acts Referred to | |
No. 25 of 1937 | |
No. 30 of 1937 | |
No. 43 of 1937 |
Number 11 of 1943.
GENERAL ELECTIONS (EMERGENCY PROVISIONS) ACT, 1943.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the present national emergency” means the national emergency affecting the vital interests of the State which was declared by resolutions passed by each House of the Oireachtas on the 2nd day of September, 1939, to exist;
the expression “the Electoral Acts” means primarily the Electoral Acts, 1923 to 1941, and every order and regulation made thereunder and for the time being in force, but the said expression also includes every (if any) other statute or portion of a statute relating to the election of members of Dáil Eireann and every (if any) order or regulation made under any such statute or portion of a statute and for the time being in force;
the expression “general election” means a general election for members of Dáil Eireann;
the expression “general election under this Act” means a general election which takes place in pursuance of a direction by the President under this Act;
the expressions “outgoing Dáil Eireann” and “incoming Dáil Eireann” respectively mean, in relation to a general election under this Act, the Dáil Eireann subsisting immediately before the giving by the President of the direction for such general election and the Dáil Eireann of which the members are elected at such general election;
all other expressions have the same meanings as they respectively have in the Electoral Acts.
Direction for a general election in lieu of a dissolution.
2.—(1) During the continuance of the present national emergency, the Taoiseach may, whenever he so thinks proper, advise the President to direct that a general election shall take place and, upon receipt of such advice, the President shall (save as is otherwise authorised by the next following sub-section of this section) direct by proclamation that a general election shall take place.
(2) The President may in his absolute discretion refuse to direct that a general election shall take place on the advice under this section of a Taoiseach who has ceased to retain the support of a majority in Dáil Eireann.
(3) Whenever the President directs under this section that a general election shall take place, such general election shall take place under and in accordance with the Electoral Acts as modified by or under this Act and in particular with the modification that every mention in those Acts of the dissolution of Dáil Eireann in relation to the time at or within which anything shall be done or take place shall be construed and have effect as a mention of the said direction of the President that such general election shall take place.
Dissolution and summoning of Dáil Eireann.
3.—(1) For the purposes of this section a general election under this Act shall be deemed to have been completed when the Clerk of Dáil Eireann has received from the returning officer for every constituency the writ issued to such returning officer by the said Clerk in respect of such general election with the certificate of such returning officer certifying the names of the members elected for such constituency endorsed thereon, and references in this section to the completion of a general election under this Act shall be construed accordingly.
(2) The following provisions shall apply and have effect in relation to every general election under this Act, that is to say:—
(a) immediately upon the completion of such general election the Clerk of Dáil Eireann shall certify in writing to the Taoiseach that such general election has been completed;
(b) as soon as may be after, and in any case not later than the second week day after, whichever of the following events first occurs, that is to say:—
(i) the receipt by the Taoiseach of such certificate of the Clerk of Dáil Eireann as is mentioned in the next preceding paragraph of this sub-section, or
(ii) the expiration of fourteen days after the polling day (within the meaning of section 4 of Article 16 of the Constitution) at such general election,
the Taoiseach shall advise the President to dissolve the outgoing Dáil Eireann;
(c) upon receipt of such advice, the President shall, by proclamation, forthwith dissolve the outgoing Dáil Eireann and shall, by the same or another proclamation, summon the incoming Dáil Eireann to meet on the day (not being earlier than the next day nor later than the fourteenth day after the said dissolution of the outgoing Dáil Eireann) and at the time and place which shall be recommended in that behalf to him by the Taoiseach;
(d) the outgoing Dáil Eireann shall be dissolved immediately upon the issue of the said proclamation of the President dissolving it;
(e) the incoming Dáil Eireann shall meet on the day and at the time and place specified in that behalf in the said proclamation of the President summoning it.
Cesser and commencement of membership of Dáil Eireann.
4.—Whenever a general election takes place in pursuance of a direction by the President under this Act, the following provisions shall apply and have effect, that is to say:—
(a) the members of the outgoing Dáil Eireann shall (subject to deaths, resignations, and disqualifications) continue to hold office as such members until the said Dáil Eireann is dissolved;
(b) the persons elected at such general election to be members of the incoming Dáil Eireann shall become members of Dáil Eireann on and not before the next day after the day on which the outgoing Dáil Eireann is dissolved.
Continuance of the same Dáil Eireann.
5.—Nothing in this Act shall prejudice or affect any provision for the time being in force whereby the maximum period during which the same Dáil Eireann may continue is limited, save only that if, while a Dáil Eireann in respect of which such maximum period has not expired is subsisting, the President directs under this Act that a general election shall take place, that Dáil Eireann shall continue until it is dissolved under this Act notwithstanding that such dissolution takes place after the expiration of such maximum period.
The Chairman of Dáil Eireann.
6.—The following modifications of the Electoral (Chairman of Dáil Eireann) Act, 1937 (No. 25 of 1937), shall have effect for the purposes of this Act, that is to say:—
(a) every reference in that Act to a dissolution of Dáil Eireann shall be construed and have effect as a reference to a direction by the President under this Act that a general election shall take place, and
(b) every reference in that Act to the general election consequent on a dissolution of Dáil Eireann shall be construed and have effect as a reference to the general election in pursuance of such direction by the President.
Power to modify the Electoral Acts and the forms thereunder.
7.—The Minister for Local Government and Public Health may by order make, for the purposes of general elections under this Act or any particular such election,—
(a) such modifications of the Electoral Acts as appear to him to be necessary in order to enable such elections or election to take place in accordance with this Act, or to facilitate or expedite the conduct and completion of such elections or election, and
(b) such modifications of all or any of the forms prescribed by the Electoral Acts as appear to him to be necessary in order that such forms may be appropriate to such elections or election.
Consequential provisions in respect of Seanad Eireann.
8.—(1) No general election for Seanad Eireann shall take place in consequence of a dissolution under this Act of an outgoing Dáil Eireann.
(2) A general election for Seanad Eireann shall take place not later than ninety days after every direction by the President under this Act that a general election for Dáil Eireann shall take place.
(3) Every reference in either of the Seanad Electoral Acts to a dissolution of Dáil Eireann and in particular every such reference to the dissolution of Dáil Eireann which occasions a general election for Seanad Eireann shall be construed and have effect as a reference to the direction by the President under this Act that a general election for members of Dáil Eireann shall take place.
(4) The Minister for Local Government and Public Health may by order make such modifications of the Seanad Electoral Acts and the orders and regulations made thereunder and for the time being in force as appear to him to be necessary in consequence of the enactment of this Act.
(5) In this section the expression “Seanad Electoral Acts” means the Seanad Electoral (University Members) Act, 1937 (No. 30 of 1937), and the Seanad Electoral (Panel Members) Act, 1937 (No. 43 of 1937).
Short title.
9.—This Act may be cited as the General Elections (Emergency Provisions) Act, 1943.