As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 16 de 1959.


[EN]

ACHT NA dTITHE (GAELTACHT) (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA dTITHE (GAELTACHT), 1929 GO 1953. [22 Iúil, 1959.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1929, Uimh. 41.

1934, Uimh. 29.

1949, Uimh. 4.

1953, Uimh. 6.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1929” Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1934” Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1949” Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1949;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1953” Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1953.

[EN]

(2) Forléireofar mar aon ní amháin Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1953, agus an tAcht seo.

[EN]

Na teorainneacha le deontais áirithe a mhéadú.

2.—(1) Ní bheidh méid deontais faoi fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1929, i gcás inar tosaíodh an lú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an teach cónaithe a thógáil, níos mó ná an tsuim iomchuí a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(2) Ní bheidh méid deontais faoi fho-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1929, i gcás inar tosaíodh an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, agus roimh an Acht seo a rith, nó ina dtosófar tar éis an tAcht seo a rith, ar an obair ar lena haghaidh a thabharfar an deontas, níos mó ná—

[EN]

(a) maidir le teach cónaithe ina mbeidh dhá sheomra nuair a bheidh an feabhsú nó an méadú críochnaithe— ochtó punt,

[EN]

(b) maidir le teach cónaithe ina mbeidh trí sheomra nuair a bheidh an feabhsú nó an méadú críochnaithe—céad agus deich bpunt,

[EN]

(c) maidir le teach cónaithe ina mbeidh ceithre sheomra nuair a bheidh an feabhsú nó an méadú críochnaithe— céad agus tríocha punt, agus

[EN]

(d) maidir le teach cónaithe ina mbeidh cúig sheomra nó níos mó nuair a bheidh an feabhsú nó an méadú críochnaithe—céad agus caoga punt.

[EN]

Deontais maidir le tithe.

3.—(1) Déantar leis seo alt 3 d'Acht 1929, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1953, a leasú tuilleadh trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(5) (a) Más deimhin leis an Aire teach cónaithe sa Ghaeltacht a bheith i riocht a thugann gur den chóir soláthar uisce príobháideach a chur ar fáil agus a chur isteach ann, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo agus na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas sláintíochta freisin san Acht seo) nach mó ná cúig phunt is caoga a thabhairt d'áititheoir an tí chónaithe chun sin a chur ar fáil agus a chur isteach.

[EN]

(b) Más deimhin leis an Aire teach cónaithe sa Ghaeltacht a bheith i riocht a thugann gur den chóir saoráidí séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach ann, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo agus na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas sláintíochta freisin san Acht seo) nach mó ná tríocha punt a thabhairt d'áititheoir an tí chónaithe chun sin a chur ar fáil agus a chur isteach.

[EN]

(c) Más deimhin leis an Aire teach cónaithe sa Ghaeltacht a bheith i riocht a thugann gur den chóir seomra folcaidh feistithe, lena n-áirítear soláthar uisce te, a chur ar fáil agus a chur isteach ann, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo agus na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas sláintíochta freisin san Acht seo) nach mó ná céad punt is daichead a thabhairt d'áititheoir an tí chónaithe chun sin a chur ar fáil agus a chur isteach.

[EN]

(d) Féadfar aon chónascadh de na deontais dá dtagraítear i míreanna (a), (b), agus (c) den fho-alt seo a thabhairt mar aon deontas amháin (dá ngairtear deontas sláintíochta freisin san Acht seo).

[EN]

(e) Más deimhin leis an Aire an soláthar uisce nó an córas séarachais nó an soláthar uisce agus an córas séarachais i dteach sa Ghaeltacht a bheith oiriúnach le feabhsú, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo agus na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas sláintíochta freisin san Acht seo) nach mó ná daichead punt a thabhairt d'áititheoir an tí chónaithe chun an soláthar uisce sin nó an córas séarachais sin nó an soláthar uisce agus an córas séarachais sin a fheabhsú.

[EN]

(6) (a) I gcás—

[EN]

(i) inar deimhin leis an Aire gur inmhianaithe méadú le haghaidh cóiríochta do chuairteoirí a dhéanamh ar theach cónaithe i límistéar ar ceann é de na límistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), gur límistéir Ghaeltachta iad; agus

[EN]

(ii) go bhfuil soláthar uisce agus saoráidí séarachais is dóigh leis an Aire a bheith leordhóthaineach curtha isteach cheana féin nó á gcur isteach sa teach cónaithe,

[EN]

féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo agus na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas méadaithe speisialta freisin san Acht seo) a thabhairt d'áititheoir an tí chónaithe chun an méadú sin a chur ar fáil agus ní bheidh an deontas níos mó ná an tsuim iomchuí a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

[EN]

(b) Ní thabharfar deontas faoin bhfo-alt seo i gcás méadú ar theach cónaithe is teach cónaithe ar tugadh ina leith cheana féin—

[EN]

(i) deontas den sórt sin i leith méadaithe ina raibh, nuair a bhí sé críochnaithe, trí sheomra nó níos mó,

[EN]

(ii) dhá dheontas den sórt sin, ar dheontas ceann acu i leith méadaithe ina raibh, nuair a bhí sé críochnaithe, dhá sheomra, nó

[EN]

(iii) trí dheontas den sórt sin.

AN TABLA.

Deontais i leith Méaduithe le haghaidh Cóiríochta do Chuairteoirí.

An méid seomraí a bheidh sa mhéadú nuair a bheidh sé críochnaithe

1

2

3 nó níos mó

£

£

£

I gcás nár tugadh aon deontas cheana féin faoin bhfo-alt seo maidir leis an teach cónaithe.

100

180

260

I gcás inar tugadh deontas amháin (agus ní níos mó) cheana féin faoin bhfo-alt seo maidir leis an teach cónaithe, ba dheontas i leith méadaithe ina raibh, nuair a bhí sé críochnaithe, seomra amháin.

80

160

160

I gcás—

80

80

80

(a) inar tugadh deontas amháin (agus ní níos mó) cheana féin faoin bhfo-alt seo maidir leis an teach cónaithe, ba dheontas i leith méadaithe ina raibh, nuair a bhí sé críochnaithe, dhá sheomra, nó.

(b) inar tugadh dhá dheontas (agus ní níos mó) amhlaidh cheana féin agus gur dheontas i leith méadaithe ina raibh, nuair a bhí sé críochnaithe, seomra amháin gach deontas acu.

[EN]

(7) Más rud é, i gcás duine ar a bhfuil gnáth-chónaí i límistéar ar ceann é de na límistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), gur límistéir Ghaeltachta iad agus nach áititheoir tí chónaithe, go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gurb í an Ghaeilge a ghnáth-theanga, féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas tógála freisin san Acht seo) a thabhairt dó chun teach cónaithe a thógáil in aon cheann de na límistéir sin chun é féin dá áitiú.

[EN]

(8) Ní thabharfar deontas feabhsúcháin, deontas sláintíochta ná deontas méadaithe speisialta maidir le teach cónaithe is sealla saoire má tugadh deontas tógála sealla shaoire nó iasacht faoi fho-alt (1A) d'alt 8 den Acht seo maidir leis.”

[EN]

(2) Féadfar deontas a thabhairt faoi mhír (d) d'fho-alt (5) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 3 d'Acht 1929 i gcás inarb éard é an cónascadh deontas cónascadh de na deontais dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin agus gur roimh an Acht seo a rith a tosaíodh ar an obair ar ina leith a thabharfar an deontas, ar choinníoll gur ar an 30ú lá de Mheitheamh, 1958, nó dá éis, a tosaíodh ar an obair sin.

[EN]

(3) Féadfar deontas a thabhairt faoi fho-alt (6) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 3 d'Acht 1929 i gcás inar tosaíodh roimh an Acht seo a rith ar an obair ar ina leith a thabharfar an deontas ar choinníoll gur ar an 1ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, a tosaíodh uirthi.

[EN]

(4) Ní bheidh méid deontais faoi fho-alt (7) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) den alt seo) d'alt 3 d'Acht 1929 níos mó ná an tsuim iomchuí a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

Deontais tógála seallaí saoire, deontais tógála brú.

4.—Déantar leis seo Acht 1929 a leasú tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh ailt 3:

[EN]

“3A. (1) Más rud é, i gcás duine ar a bhfuil ghnáthchónaí i límistéar ar ceann é de na límistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), gur límistéir Ghaeltachta iad agus a bheartóidh sealla saoire a thógáil in aon cheann de na límistéir sin, go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gurb í an Ghaeilge a ghnáth-theanga, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin ach faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas tógála sealla shaoire san Acht seo) a thabhairt don duine sin chun an sealla a thógáil agus ní bheidh an deontas níos mó ná £200 nó leath costais mheasta an tsealla (cibé acu is lú).

[EN]

(2) I gcás ina mbeartóidh comhlacht daoine brú le haghaidh cóiríochta do chuairteoirí a thógáil i límistéar ar ceann é de na límistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), gur límistéir Ghaeltachta iad agus an brú a throscánú, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin ach faoi réir forálacha an Achta seo agus forálacha na rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, deontas (dá ngairtear deontas tógála brú san Acht seo) a thabhairt don chomhlacht sin chun an brú a thógáil agus a throscánú agus ní bheidh an deontas níos mó ná £5,000 nó trí cheathrú de chostas measta an bhrú agus a throscáin (cibé acu is lú).

[EN]

(3) Ní bheidh duine i dteideal níos mó ná deontas tógála sealla shaoire amháin a fháil.”

[EN]

Iasachtaí.

5.—(1) Ní bheidh iasacht faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1929 níos mó, i gcás inar deontas tógála an deontas faoin Acht sin ar ina leith a thabharfar an iasacht, ná méid an deontais.

[EN]

(2) Ní bheidh iasacht faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1929 níos mó, i gcás inar deontas feabhsúcháin nó deontas méadaithe speisialta an deontas faoin Acht sin ar ina leith a thabharfar an iasacht, ná leath méid chostais mheasta na hoibre ar ina leith a tugadh an deontas, agus ní bheidh comhiomlán na hiasachta agus an deontais in aon chás den sórt sin níos mó ná an méid sin.

[EN]

(3) Ní bheidh iasacht faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1929 níos mó ná £200 i gcás inar deontas tógála sealla shaoire an deontas faoin Acht sin ar ina leith a thabharfar an iasacht, agus ní bheidh comhiomlán na hiasachta agus an deontais in aon chás den sórt sin níos mó ná costas measta an tsealla.

[EN]

(4) Déantar leis seo alt 8 d'Acht 1929, arna leasú le fo-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1953, a leasú tuilleadh—

[EN]

(a) trí “deontas tógála brú ná” a chur isteach i bhfo-alt (1) roimh “deontas sláintíochta”;

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (1):

[EN]

“(1A) I gcás—

[EN]

(i) duine dar tugadh deontas tógála sealla shaoire do bheartú sealla saoire eile a thógáil in aon cheann de na límistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956), gur límistéir Ghaeltachta iad, agus

[EN]

(ii) gur deimhin leis an Aire gur amhlaidh do chúrsaí an duine sin nach féidir leis tógáil an tsealla eile a ghlacadh de láimh gan cúnamh airgid, agus

[EN]

(iii) nár eisíodh aon deimhniú faoin bhfo-alt seo, nó nár eisíodh ach aon deimhniú amháin den sórt sin, i leith an duine sin,

[EN]

féadfaidh an tAire, faoi réir forálacha an Achta seo agus rialachán faoin Acht seo, deimhniú san fhoirm fhorordaithe a eisiúint chun na gCoimisinéirí á dheimhniú go bhféadfar iasacht a thabhairt don duine sin, faoin Acht seo, nach mó ná trí chéad punt nó trí cheathrú chostais mheasta an tsealla eile (cibé acu is lú), is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa deimhniú sin.”; agus

[EN]

(c) trí “faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (1A) den alt seo” a chur isteach i bhfo-alt (2) in ionad “faoin bhfo-alt sin roimhe seo”.

[EN]

Faoiseamh ó rátaí.

6.—(1) I ngach cás—

[EN]

(a) ina dtabharfar deontas tógála, deontas tógála brú, nó deontas tógála sealla shaoire, nó iasacht de bhun deimhnithe faoi fho-alt (1A) (a cuireadh isteach le fo-alt (4) d'alt 5 den Acht seo) d'alt 8 d'Acht 1929, agus

[EN]

(b) ina ndéanfar méadú ar luacháil inrátaithe an tionóntáin, arb éard é nó ar cuid de an teach cónaithe, an brú nó an sealla saoire iomchuí, ar iarratas chun an luacháil sin a athbhreithnuí, de dhroim amháin, nó go páirteach de dhroim, gur tógadh an teach cónaithe, an brú nó an sealla saoire sin, agus

[EN]

(c) go dtaispeánfar an méadú den chéad uair in aon liostaí luachála athbhreithnithe faoi na hAchtanna Luachála a fhoilseofar an lú lá de Mhárta, 1960, nó dá é

[EN]

measfar luacháil an tionóntáin sin a bheith laghdaithe chun críocha rátúcháin, gach ceann de na naoi mbliana déag comhleanúnacha de bhlianta airgeadais áitiúla arb í an chéad cheann acu an chéad bhliain airgeadais áitiúil a rátófar an tionónta de réir na luachála méadaithe, an chionúireacht den mhéadú sin a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne uimhir na bliana sa chéad cholún den Tábla.

[EN]

(2) San alt seo, ciallaíonn “críocha rátúcháin” na críocha seo a leanas (agus ní haon chríocha eile), is é sin le rá, críoch mheasúnaithe agus tobhaigh aon ráta a chruinneoidh údarás áitiúil chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla a rátófar den chéad uair an tionóntán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo de réir na luachála méadaithe dá dtagraítear san fho-alt sin nó chun seirbhíse aon bhliana de na hocht gcinn déag ina dhiaidh sin de bhlianta airgeadais áitiúla.

[EN]

(3) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha an fho-ailt sin roimhe seo ag srianadh brí “críocha rátúcháin”, achtaítear leis seo go háirithe go ndéanfar, d'ainneoin a mheas faoin alt seo luacháil inrátaithe (dá ngairtear an lán-luacháil san fho-alt seo) tionóntáin a bheith laghdaithe maidir le haon bhliain airgeadais áitiúil áirithe, gach ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ar luach bliantúil an tionóntáin sin ionann is dá mbeadh an lán-luacháil i bhfeidhm chun críocha ráta chontae maidir leis an mbliain sin.

[EN]

(4) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1929 a leasú mar leanas:

[EN]

(a) ní bheidh feidhm aige i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo,

[EN]

(b) in aon chás eile ina mbeidh feidhm aige, is cás ina dtaispeánfar an luacháil mhéadaithe iomchuí den chéad uair in aon liostaí luachála athbhreithnithe faoi na hAchtanna Luachála a fhoilseofar an lú lá de Mhárta, 1960, nó dá éis, beidh éifeacht ag an tagairt san fho-alt d'fhiche bliain mar thagairt do dheich mbliana.

[EN]

(5) San alt seo, tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 13 d'Acht 1929.

AN TABLA.

An Chionúireacht a Laghdófar an Méadú ar an Luacháil.

Uimhir na bliana tar éis an luacháil a mhéadú

An chionúireacht a laghdófar an méadú ar an luacháil

An Chéad Bhliain

...

...

...

A naoi déag d'fhichithe

,,

Dara Bliain

...

...

...

A hocht déag d'fhichithe

,,

Tríú     ,,

...

...

...

A seacht déag d'fhichithe

,,

Ceathrú ,,

...

...

...

A sé déag d'fhichithe

,,

Cúigiú  ,,

...

...

...

A cúig déag d'fhichithe

,,

Séú      ,,

...

...

...

A ceathair déag d'fhichithe

,,

Seachtú ,,

...

...

...

A trí déag d'fhichithe

,,

tOchtú  ,,

...

...

...

A dó dhéag d'fhichithe

,,

Naoú    ,,

...

...

...

A haon déag d'fhichithe

,,

Deichiú ,,

...

...

...

Deich bhfichiú

,,

tAonú Bliain Déag

...

...

Naoi bhfichiú

,,

Dóú       ,,     ,,

...

...

Ocht bhfichiú

,,

Tríú       ,,     ,,

...

...

Seacht bhfichiú

,,

Ceathrú   ,,     ,,

...

...

Sé fhichiú

,,

Cúigiú    ,,     ,,

...

...

Cúig fhichiú

,,

Séú        ,,     ,,

...

...

Ceithre fhichiú

,,

Seachtú  ,,     ,,

...

...

Trí fhichiú

,,

tOchtú    ,,     ,,

...

...

Dhá fhichiú

,,

Naoú      ,,     ,,

...

...

Fichiú

[EN]

An Sceideal a ghabhann le hAcht 1929 a leasú.

7.—D'ainneoin fo-ailt (1) d'alt 2 d'Acht 1929, is iad na toghranna ceantair atá sa Ghaeltacht, chun críocha Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1959, na cinn sin amháin de na toghranna ceantair a luaitear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1929 agus atá sna contaetha seo a leanas, eadhon, An Clár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Muigheo agus Portláirge.

[EN]

Leasuithe iarmartacha.

1956, Uimh. 21.

1952, Uimh. 16.

1958, Uimh. 27.

8.—(1) Na teorainneacha a fhorchuirtear trí fho-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1949, arna leasú le halt 5 d'Acht 1953, le méideanna deontas, ní bheidh feidhm acu in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) nó (2) d'alt 2 nó fo-alt (4) d'alt 3 den Acht seo.

[EN]

(2) Ní thabharfar deontas faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1953) d'alt 3 d'Acht 1929 i gcás den saghas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 3 den Acht seo ná i gcás, dá dtugtaí an deontas, gur dheontas é i leith oibre a thosóidh tar éis an tAcht seo a rith.

[EN]

(3) (a) Ní thabharfar deontas faoi fho-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1953) d'alt 3 d'Acht 1929 i gcás den saghas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d'alt 3 den Acht seo.

[EN]

(b) Ní thabharfar deontas faoin bhfo-alt sin (4) i gcás, dá dtugtaí an deontas, gur dheontas é i leith oibre a thosóidh tar éis an tAcht seo a rith.

[EN]

(c) Ní choiscfidh mír (b) den fho-alt seo deontas a thabhairt i gcás inar ceadaíodh an deontas roimh an Acht seo a rith agus ar deontas é maidir le teach cónaithe nach i límistéar dó a bhí, tráth an cheadaithe, ar cheann de na límistéir a raibh sé cinnte an uair sin le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, gur límistéir Ghaeltachta iad.

[EN]

(4) Is deontas iomchuí de réir bhrí agus chun críocha Acht na dTithe (Leasú), 1952, aon deontas faoi fho-alt (7) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo) d'alt 3 d'Acht 1929.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm maidir le deontas faoi fho-alt (7) d'alt 3 d'Acht 1929 ná le hiasacht i ndáil leis an deontas sin ag an tsriantacht a fhorchuirtear le halt 4 d'Acht 1934.

[EN]

(6) Déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 7 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958, d'fho-alt (3) d'alt 3 d'Acht 1929, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fho-alt (5) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo) den alt sin 3, agus, ag freagairt dó sin, déanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt sin 7 do sholáthar uisce príobháideach agus córas séarachais a chur ar fáil agus a chur isteach i dteach a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do sholáthar uisce príobháideach, saoráidí séarachais, nó seomra folcaidh feistithe maraon le soláthar uisce te, nó don trí áis sin le chéile nó d'aon dá áis acu a sholáthar agus a chur isteach sa teach sin.

[EN]

(7) An tsriantacht a fhorchuirtear le halt 4 d'Acht 1934 ní bheidh feidhm aici maidir le deontas tógála sealla shaoire, le deontas tógála brú ná le hiasacht a bhaineann le deontas tógála sealla shaoire.

[EN]

(8) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1929 trí “nó sealla saoire nó brú” a chur isteach i ndiaidh “tigh cónaithe” i bhfo-alt (1).

[EN]

(9) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1929 trí “nó an sealla saoire” a chur isteach i ndiaidh “tigh cónaithe” sa dá áit ina bhfuil na focail sin.

[EN]

(10) Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1929 trí “seallaí saoire, brúnna” a chur isteach i ndiaidh “tithe cónaithe” agus “na seallaí saoire, na mbrúnna” a chur isteach i ndiaidh “na dtithe cónaithe” i mír (a) d'fho-alt (1).

[EN]

Athghairm.

9.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

10.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1959, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1959, a ghairm d'Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1953, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL.

Deontais Tógála maidir le Tithe Cónaithe.

Ailt 2 agus 3.

An méid seomraí a bheidh sa teach cónaithe nuair a bheidh sé críochnaithe

3

4

5 nó níos mó

£

£

£

I gcás nach gcuirfear isteach séarachas agus soláthar uisce píopaithe.

175

225

275

I gcás ina gcuirfear isteach séarachas agus soláthar uisce píopaithe, ina bhfuil soláthar uisce poiblí nó seirbhísí séarachais ar fáil agus ina gcuirfear seomra folcaidh feistithe maraon le soláthar uisce te ar fáil.

325

375

425

I gcás ina gcuirfear isteach séarachas agus soláthar uisce píopaithe, ina bhfuil soláthar uisce poiblí nó seirbhísí séarachais ar fáil agus nach gcuirfear seomra folcaidh feistithe maraon le soláthar uisce te ar fáil.

225

275

325

I gcás ina gcuirfear isteach séarachas agus soláthar uisce píopaithe, nach bhfuil soláthar uisce poiblí ná seirbhísí séarachais ar fáil agus ina gcuirfear seomra folcaidh feistithe maraon le soláthar uisce te ar fáil.

350

400

450

I gcás ina gcuirfear séarachas agus soláthar uisce píopaithe isteach, nach bhfuil aon soláthar uisce poiblí ná seirbhísí séarachais ar fáil agus nach gcuirfear seomra folcaidh feistithe maraon le soláthar uisce te ar fáil.

250

300

350

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachain a Athghairtear.

Alt 9.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthgharme

Uimh. 41 de 1929.

Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929.

Fo-alt (2) d'alt 11.

Uimh. 29 de 1934.

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1934.

Fo-alt (1) d'alt 3.

Uimh. 4 de 1949.

Acht na dTithe (Gaeltacht) (Leasú), 1949.

Alt 4.

[GA]

harp.jpg


Number 16 of 1959.


[GA]

HOUSING (GAELTACHT) (AMENDMENT) ACT, 1959.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Interpretation.

2.

Increase of limits certain grants.

3.

Grants in relation to houses.

4.

Holiday chalet, building grants, hostel building grants.

5.

Loans.

6.

Relief from rates.

7.

Amendment of Schedule to Act of 1929.

8.

Consequential amendments.

9.

Repeals.

10.

Short title and collective citation.

FIRST SCHEDULE

Building Grants In Respect Of Dwelling-Houses.

SECOND SCHEDULE

Enactments Repealed.


Acts Referred to

Housing (Gaeltacht) Act, 1929

1929, No. 41

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1934

1934, No. 29

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1949

1949, No. 4

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1953

1953, No. 6

Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956

1956, No. 21

Housing (Amendment) Act, 1952

1952, No. 16

Housing (Amendment) Act, 1958

1958, No. 27

harp.jpg


Number 16 of 1959.


HOUSING (GAELTACHT) (AMENDMENT) ACT, 1959.


AN ACT TO AMEND AND EXTEND THE HOUSING (GAELTACHT) ACTS, 1929 TO 1953. [22nd July, 1959.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS :— [GA]

Interpretation.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the Act of 1929” means the Housing (Gaeltacht) Act, 1929;

[GA]

the Act of 1934” means the Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1934;

[GA]

the Act of 1949” means the Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1949;

[GA]

the Act of 1953” means the Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1953.

[GA]

(2) The Housing (Gaeltacht) Acts, 1929 to 1953, and this Act shall be construed as one.

[GA]

Increase of limits on certain grants.

2.—(1) The amount of a grant under subsection (1) of section 3 of the Act of 1929 shall, where the erection of the dwelling-house commenced on or after the 1st day of April, 1959, and before the passing of this Act or commences after such passing, not exceed the appropriate sum specified in the First Schedule to this Act.

[GA]

(2) The amount of a grant under subsection (2) of section 3 of the Act of 1929 shall, where the work towards which the grant is made commenced on or after the 30th day of June, 1958, and before the passing of this Act or commences after such passing, not exceed—

[GA]

(a) as respects a dwelling-house containing, on completion of the improvement or extension, two rooms—eighty pounds,

[GA]

(b) as respects a dwelling-house containing, on completion of the improvement or extension, three rooms—one hundred and ten pounds,

[GA]

(c) as respects a dwelling-house containing, on completion of the improvement or extension, four rooms—one hundred and thirty pounds, and

[GA]

(d) as respects a dwelling-house containing, on completion of the improvement or extension, five or more rooms—one hundred and fifty pounds.

[GA]

Grants in relation to houses.

3.—(1) Section 3 of the Act of 1929, as amended by subsection (1) of section 3 of the Act of 1953, is hereby further amended by the addition thereto of the following subsections :

[GA]

“(5) (a) Where the Minister is satisfied that the condition of a dwelling-house in the Gaeltacht is such as justifies the provision and installation therein of a private water supply, the Minister may, subject to the provisions of this Act and the Regulations made by the Minister thereunder, make to the occupier of the dwelling-house a grant (in this Act also referred to as a sanitation grant) not exceeding fifty-five pounds towards such provision and installation.

[GA]

(b) Where the Minister is satisfied that the condition of a dwelling-house in the Gaeltacht is such as justifies the provision and installation therein of sewerage facilities, the Minister may, subject to the provisions of this Act and the regulations made by the Minister thereunder, make to the occupier of the dwelling-house a grant (in this Act also referred to as a sanitation grant) not exceeding thirty pounds towards such provision and installation.

[GA]

(c) Where the Minister is satisfied that the condition of a dwelling-house in the Gaeltacht is such as justifies the provision and installation therein of a fitted bathroom including hot-water supply, the Minister may, subject to the provisions of this Act and the regulations made by the Minister thereunder, make to the occupier of the dwelling-house a grant (in this Act also referred to as a sanitation grant) not exceeding one hundred and forty pounds towards such provision and installation.

[GA]

(d) Any combination of the grants referred to in paragraphs (a), (b) and (c) of this subsection may be made as one grant (in this Act also referred to as a sanitation grant).

[GA]

(e) Where the Minister is satisfied that the water supply or sewerage system, or the water supply and sewerage system, of a house in the Gaeltacht is suitable for improvement, the Minister may, subject to the provisions of this Act and the regulations made by the Minister thereunder, make to the occupier of the dwelling-house a grant (in this Act also referred to as a sanitation grant) not exceeding forty pounds towards the improvement of such water supply, sewerage system or water supply and sewerage system.

[GA]

(6) (a) Where—

[GA]

(i) the Minister is satisfied that the provision of an extension, for the accommodation of visitors, to a dwelling-house in an area which is one of the areas for the time being determined to be Gaeltacht areas by order under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956 (No. 21 of 1956), is desirable, and

[GA]

(ii) a water supply and sewerage facilities which the Minister considers adequate are already installed or are being installed in the dwelling-house,

[GA]

the Minister may, subject to the provisions of this Act and the regulations made by the Minister thereunder, make to the occupier of the dwelling-house a grant (in this Act also referred to as a special extension grant) towards the provision of such extension and the grant shall not exceed the appropriate sum specified in the Table to this subsection.

[GA]

(b) A grant under this subsection shall not be made if the extension is to a dwelling-house in relation to which there has or have previously been made—

[GA]

(i) such a grant in respect of an extension containing, on completion, three or more rooms,

[GA]

(ii) two such grants, one of them being a grant in respect of an extension containing, on completion, two rooms, or

[GA]

(iii) three such grants.

[GA]

TABLE.

[GA]

Grants in Respect of Extensions For Accommodation of Visitors.

Number of rooms in extension on completion

1

2

3 or more

£

£

£

Where no grant has previously been made under this subsection in relation to the dwelling-house.

100

180

260

Where one grant (and not more) has previously been made under this subsection in relation to the dwelling-house, being a grant in respect of an extension containing, on completion, one room.

80

160

160

Where either—

80

80

80

(a) one grant (and not more) has previously been made under this subsection in relation to the dwelling-house, being a grant in respect of an extension containing, on completion, two rooms, or

(b) two grants (and not more) have previously been so made, each being in respect of an extension containing, on completion, one room.

[GA]

(7) Where, in the case of a person who is ordinarily resident in an area which is one of the areas for the time being determined to be Graeltacht areas by order under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956 (No. 21 of 1956), and who is not the occupier of a dwelling-house, such person shows to the satisfaction of the Minister that the Irish language is the language habitually used by him, the Minister may, subject to the provisions of this Act and the provisions of the regulations made by the Minister thereunder, make to him a grant (in this Act also referred to as a building grant) towards the erection of a dwelling-house in any of the said areas for occupation by him.

[GA]

(8) An improving grant, sanitation grant or special extension grant shall not be made in relation to a dwelling-house which is a holiday chalet if a holiday chalet building grant or a loan under subsection (1A) of section 8 of this Act has been made in relation thereto.”

[GA]

(2) A grant may be made under paragraph (d) of subsection (5) (inserted by subsection (1) of this section) of section 3 of the Act of 1929 in a case in which the combination of grants is a combination of the grants referred to in paragraphs (a) and (b) of that subsection and in which the work towards which the grant is made commenced before the passing of this Act, provided that such work commenced on or after the 30th day of June, 1958.

(3) A grant may be made under subsection (6) (inserted by subsection (1) of this section) of section 3 of the Act of 1929 in a case in which the work towards which the grant is made commenced before the passing of this Act provided that it commenced on or after the 1st day of April, 1959.

(4) The amount of a grant under subsection (7) (inserted by subsection (1) of this section) of section 3 of the Act of 1929 shall not exceed the appropriate sum specified in the First Schedule to this Act.

[GA]

Holiday chalet building grants, hostel building grants.

4.— The Act of 1929 is hereby amended by the insertion after section 3 of the following section :

[GA]

“3A. (1) Where, in the case of a person who is ordinarily resident in an area which is one of the areas for the time being determined to be Gaeltacht areas by order under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956 (No. 21 of 1956), and who proposes to erect in any of the said areas a holiday chalet, such person shows to the satisfaction of the Minister that the Irish language is the language habitually used by him, the Minister may, in his discretion but subject to the provisions of this Act and the provisions of the regulations made by the Minister thereunder, make to such person a grant (in this Act referred to as a holiday chalet building grant) towards the erection of the chalet and the grant shall not exceed £200 or one-half of the estimated cost of the chalet (whichever is the less).

[GA]

(2) Where a body of persons proposes to erect, in an area which is one of the areas for the time being determined to be Gaeltacht areas by order under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956 (No. 21 of 1956), a hostel for the accommodation of visitors and to furnish the hostel, the Minister may, in his discretion but subject to the provisions of this Act and the provisions of the regulations made by the Minister thereunder, make to such body a grant (in this Act referred to as a hostel building grant) towards the erection and furnishing of the hostel and the grant shall not exceed £5,000 or three-quarters of the estimated cost of the hostel and its furniture (whichever is the less).

[GA]

(3) A person shall not be eligible for more than one holiday chalet building grant.”

[GA]

Loans.

5.—(1) A loan under subsection (1) of section 8 of the Act of 1929 shall not, where the grant under that Act in relation to which the loan is given is a building grant, exceed the amount of the grant.

[GA]

(2) A loan under subsection (1) of section 8 of the Act of 1929 shall not, where the grant under that Act in relation to which the loan is given is an improving grant or a special extension grant, exceed one-half of the amount of the estimated cost of the work towards which the grant was made, and the aggregate in any such case of the loan and the grant shall not exceed that amount.

[GA]

(3) A loan under subsection (1) of section 8 of the Act of 1929 shall not, where the grant under that Act in relation to which the loan is given is a holiday chalet building grant, exceed £200, and the aggregate in any such case of the loan and the grant shall not exceed the estimated cost of the chalet.

[GA]

(4) Section 8 of the Act of 1929, as amended by subsection (2) of section 3 of the Act of 1953, is hereby further amended—

[GA]

(a) by the insertion in subsection (1) before “a sanitation grant” of “a hostel building grant or”;

[GA]

(b) by the insertion after subsection (1) of the following subsection :

[GA]

“(1A) Where—

[GA]

(i) a person to whom a holiday chalet building grant has been granted proposes to build another holiday chalet in any of the areas for the time being determined to be Gaeltacht areas by order under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956 (No. 21 of 1956), and

[GA]

(ii) the Minister is satisfied that such person is so circumstanced that he is unable to undertake the building of the other chalet without monetary assistance, and

[GA]

(iii) no certificate under this subsection, or one such certificate only, has previously been issued in respect of such person,

[GA]

the Minister may, subject to the provisions of this Act and regulations thereunder, issue to the Commissioners a certificate in the prescribed form that such person may be granted a loan under this Act of such sum, not exceeding three hundred pounds or three-quarters of the estimated cost of the other chalet (whichever is the less), as the Minister shall think proper and shall specify in such certificate.”; and

[GA]

(c) by the substitution in subsection (2) of “subsection (1) or subsection (1A) of this section” for “the foregoing subsection”.

[GA]

Relief from rates.

6.—(1) In every case in which—

[GA]

(a) a building grant, hostel building grant or holiday chalet building grant, or a loan pursuant to a certificate under subsection (1A) (inserted by subsection (4) of section 5 of this Act) of section 8 of the Act of 1929 is made, and

[GA]

(b) an increase in the rateable valuation of the tenement consisting of or including the relevant dwelling-house, hostel or holiday chalet is made on an application for the revision of such valuation by reason solely or partly of the erection of such dwelling-house, hostel or holiday chalet, and

[GA]

(c) the increase is shown for the first time in any revised valuation lists under the Valuation Acts published on or after the 1st day of March, 1960, the valuation of such tenement shall, in each of the nineteen successive local financial years the first of which is that in which the tenant is first rated on the increased valuation, be deemed to be reduced for rating purposes by the proportion of such increase specified in the second column of the Table to this section opposite the number of the year in the first column of the Table.

[GA]

(2) In this section “rating purposes” means the following (and no other) purposes, that is to say, the purpose of the assessment and levying of any rate raised by a local authority for the service of the local financial year in which the tenement referred to in subsection (1) of this section is first rated on the increased valuation referred to in that subsection or for the service of any of the next following eighteen local financial years.

[GA]

(3) Without prejudice to the generality of the provisions of the foregoing subsection restricting the meaning of “rating purposes”, it is hereby enacted in particular that notwithstanding the rateable valuation (in this subsection referred to as the full valuation) of a tenement being deemed under this section to be reduced in relation to any local financial year, every computation for the purposes of the Income Tax Acts of the annual value of such tenement shall be made in like manner as if the full valuation were in force for the purposes of county rate in relation to that year.

[GA]

(4) Subsection (1) of section 13 of the Act of 1929 is hereby amended as follows :

[GA]

(a) it shall not apply in a case in which subsection (1) of this section applies,

[GA]

(b) in any other case in which it applies, being a case in which the relevant increased valuation is shown for the first time in any revised valuation lists under the Valuation Acts published on or after the 1st day of March, 1960, the reference in the subsection to twenty years shall have effect as a reference to ten years.

[GA]

(5) In this section “local authority” has the same meaning as it has in section 13 of the Act of 1929.

[GA]

TABLE.

Proportion of Increase in Valuation to be Reduced.

Number of year after increase in valuation

Proportion of increase in valuation to be reduced

First

Nineteen-twentieths

Second

Eighteen-twentieths

Third

Seventeen-twentieths

Fourth

Sixteen-twentieths

Fifth

Fifteen-twentieths

Sixth

Fourteen-twentieths

Seventh

Thirteen-twentieths

Eighth

Twelve-twentieths

Ninth

Eleven-twentieths

Tenth

Ten-twentieths

Eleventh

Nine-twentieths

Twelfth

Eight-twentieths

Thirteenth

Seven-twentieths

Fourteenth

Six-twentieths

Fifteenth

Five-twentieths

Sixteenth

Four-twentieths

Seventeenth

Three-twentieths

Eighteenth

Two-twentieths

Nineteenth

One-twentieth

[GA]

Amendment of Schedule to Act of 1929.

7.—Notwithstanding subsection (1) of section 2 of the Act of 1929, for the purposes of the Housing (Gaeltacht) Acts, 1929 to 1959, the district electoral divisions comprised in the Gaeltacht shall be such only of the district electoral divisions mentioned in the Schedule to the Act of 1929 as are situate in the counties of Clare, Cork, Donegal, Galway, Kerry, Mayo and Waterford.

[GA]

Consequential amendments.

8.—(1) The limitations imposed by subsection (1) of section 3 of the Act of 1949, as amended by section 5 of the Act of 1953, on the amounts of grants shall not apply in any case to which subsection (1) or (2) of section 2 or subsection (4) of section 3 of this Act applies.

[GA]

(2) A grant shall not be made under subsection (3) (inserted by section 3 of the Act of 1953) of section 3 of the Act of 1929 in a case such as is referred to in subsection (2) of section 3 of this Act or in a case in which, if the grant were made, it would be towards work commencing after the passing of this Act.

[GA]

(3) (a) A grant shall not be made under subsection (4) (inserted by section 3 of the Act of 1953) of section 3 of the Act of 1929 in a case such as is referred to in subsection (3) of section 3 of this Act.

[GA]

(b) A grant shall not be made under the said subsection (4) in a case in which, if the grant were made, it would be towards work commencing after the passing of this Act.

[GA]

(c) Paragraph (b) of this subsection shall not prevent the making of a grant in a case in which the grant has been sanctioned before the passing of this Act and is in relation to a dwelling-house not situate in an area which at the time of the sanction was one of the areas then standing determined to be Gaeltacht areas by order under section 2 of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act, 1956.

[GA]

(4) A grant under subsection (7) (inserted by subsection (1) of section 3 of this Act) of section 3 of the Act of 1929 shall be a relevant grant within the meaning and for the purposes of the Housing (Amendment) Act, 1952.

[GA]

(5) The restriction imposed by section 4 of the Act of 1934 shall not apply with respect to a grant under subsection (7) of section 3 of the Act of 1929 or a loan related to such a grant.

[GA]

(6) The reference in subsection (1) of section 7 of the Housing (Amendment) Act, 1958, to subsection (3) of section 3 of the Act of 1929 shall be construed as including a reference to subsection (5) (inserted by subsection (1) of section 3 of this Act) of the said section 3 and, correspondingly, the reference in subsection (4) of the said section 7 to providing and installing in a house a private water supply and sewerage system shall be construed as including a reference to providing and installing therein a private water supply, sewerage facilities or a fitted bathroom including hot-water supply, or all three or any two of those amenities.

[GA]

(7) The restriction imposed by section 4 of the Act of 1934 shall not apply with respect to a holiday chalet building grant, a hostel building grant or a loan related to a holiday chalet building grant.

[GA]

(8) Section 6 of the Act of 1929 is hereby amended by the insertion in subsection (1) of “or holiday chalet or hostel” after “dwelling-house”.

[GA]

(9) Subsection (1) of section 9 of the Act of 1929 is hereby amended by the insertion of “or holiday chalet” after “dwelling-house” in both places where that word occurs.

[GA]

(10) Section 16 of the Act of 1929 is hereby amended by the insertion in paragraph (a) of subsection (1) of “holiday chalets, hostels” after “dwelling-houses,” in both places where that word occurs.

[GA]

Repeals.

9.—The enactments mentioned in the second column of the Second Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.

[GA]

Short title and collective citation,

10.—(1) This Act may be cited as the Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1959.

[GA]

(2) The Housing (Gaeltacht) Acts, 1929 to 1953, and this Act may be cited together as the Housing (Gaeltacht) Acts, 1929 to 1959.

[GA][GA]

FIRST SCHEDULE.

Building Grants in respect of Dwelling-Houses.

Sections 2 and 3.

Number of rooms in dwelling-house on completion

3

4

5 or more

£

£

£

Where sewerage and piped water supply are not installed.

175

225

275

Where sewerage and piped water supply are installed, public water supply or sewerage services are available and a fitted bathroom with hot-water supply is provided.

325

375

425

Where sewerage and piped water supply are installed, public water supply or sewerage services are available and a fitted bathroom with hot-water supply is not provided.

225

275

325

Where sewerage and piped water supply are installed, no public water supply or sewerage services are available and a fitted bathroom with hot-water supply is provided.

350

400

450

Where sewerage and piped water supply are installed, no public water supply or sewerage services are available and a fitted bathroom with hot-water supply is not provided.

250

300

350

[GA][GA]

SECOND SCHEDULE.

Enactments Repealed.

Section 9.

Number and Year

Short Title

Extent of Repeal

No. 41 of 1929.

Housing (Gaeltacht) Act, 1929.

Subsection (2) of section 11.

No. 29 of 1934.

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1934.

Subsection (1) of section 3.

No. 4 of 1949.

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Act, 1949.

Section 4.