As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 20 de 1955.
AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1955.
[An tionto oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “na hAchta” na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1954;
ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leietreachais;
ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú). 1954 (Uimh. 17 de 1954).
Tórainn leis an gcaiteachas iomlán chun tuathlíomatáistí a leictriú.
2.—(1) Ní raghaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun tuathlíomatáistí a leictriú thar fiche agus cúig mhilliún punt.
(2) Ní airleacfaidh an tAire Airgeadais airgead chun an Bhoird ná ní bhfaighidh an Bord airgead ar iasacht ó aon fhoinse chun tuath-líomatáistí a leictriú dá dtugadh sin go ngabhfadh iomlán an airgid a hairleacadh nó a fuarthas ar iasacht amhlaidh, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, thar an tórainn a forchuirtear leis an alt seo.
Airgead d'fháil ar iasacht chun tuathlíomatáistí a leictriú.
3.—Féadfar na cumhachta chun airgead d'fháil ar iasacht a bheirtear don Bhord le halt 4 d'Acht 1954 d'fheidhmiú le airgead a sholáthar chun tuath-líomatáistí a leictriú agus. dá réir sin, athghairmtear leis seo na focail “seachas leictriú tuathlíomatáistí” atá i bhfo-alt (2) den alt.
Airleacain as an bPríomh-Chiste.
4.—(1) Cuirtear ar ceal leis seo an tórainn a fhorchuireas fo-alt (1) d'alt 41 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945), le méid iomlán na n-airleacan faoin alt sin chun tuath-líomatáistí a leictriú.
(2) Aisíocfaidh an Bord an méid iomlán a bheas dlite don Phríomh-Chiste ar dháta an Achta seo a rith i leith airleacan a tugadh cheana faoin alt sin maraon le méid iomlán an airgid a hairleacfar feasta.
(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) den alt sin agus alt 7 d'Acht 1954.
Urrúis a ráthú.
5.—Féadfaidh ráthaíocht ón Aire Airgeadais, faoi alt 9 d'Acht 1954, go n-aisíocfar go cuí airgead a fuair an Bord ar iasacht faoi alt 4 den Acht sin, réim a bheith aici freisin maidir le hús d'íoc ar an airgead sin.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
6.—(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1955, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1955, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar mar aon ní amháin na hAchta agus an tAcht seo.
Number 20 of 1955.
ELECTRICITY (SUPPLY) (AMENDMENT) ACT, 1955.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
No. 17 of 1954 | |
No. 12 of 1945 |
Number 20 of 1955.
ELECTRICITY (SUPPLY) (AMENDMENT) ACT, 1955.
Definitions.
1.—In this Act—
“the Acts” means the Electricity (Supply) Acts, 1927 to 1954;
“the Board” means the Electricity Supply Board;
“the Act of 1954” means the Electricity (Supply) (Amendment) Act, 1954 (No. 17 of 1954).
Limitation on total expenditure for rural electrification.
2.—(1) The total expenditure of the Board for the electrification of rural areas shall not exceed twenty-five million pounds.
(2) The Minister for Finance shall not advance moneys to the Board and the Board shall not borrow moneys from any source for the electrification of rural areas if the total of moneys so advanced or borrowed, whether before or after the passing of this Act, would thereby exceed the limitation imposed by this section.
Borrowing for rural electrification.
3.—The borrowing powers conferred on the Board by section 4 of the Act of 1954 may be exercised to provide moneys for the electrification of rural areas and, accordingly, in subsection (2) of the section, the words “other than the electrification of rural areas” are hereby repealed.
Advances from Central Fund.
4.—(1) The limitation on the total amount of advances under section 41 of the Electricity (Supply) (Amendment) Act, 1945 (No. 12 of 1945), for the electrification of rural areas, imposed by subsection (1) of that section, is hereby removed.
(2) The total amount remaining due to the Central Fund at the passing of this Act in respect of advances already made under that section together with the total amount of moneys hereafter advanced shall be repaid by the Board.
(3) Subsection (3) of that section and section 7 of the Act of 1954 are hereby repealed.
Guarantee of securities.
5.—A guarantee of the Minister for Finance, given under section 9 of the Act of 1954, for the due repayment of moneys borrowed by the Board under section 4 of that Act may extend also to the payment of interest on such moneys.
Short title, collective citation and construction.
6.—(1) This Act may be cited as the Electricity (Supply) (Amendment) Act, 1955.
(2) The Acts and this Act may be cited together as the Electricity (Supply) Acts, 1927 to 1955.
(3) The Acts and this Act shall be construed together as one.