As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 21 de 1927.


[EN]

ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN (LEASÚ), 1927.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN ACHT TIMPEAL TOGHACHÁN, 1923, FÉ MAR IS GÁ DE BHARR NA nACHT DO RITHEADH LE DÉANAÍ CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ NO FÉ MAR BA MHAITH A DHÉANAMH AR AON tSLÍ EILE AGUS CHUN AN TRÉIMHSE IS SIA DLIGHTEAR AN tOIREACHTAS DO LEANÚINT DO SHOCRÚ. [22adh Bealtaine, 1927.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe agus léiriú.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923);

[EN]

léireofar tagairtí d'Airtiogal 21 den Bhunreacht mar thagairtí don Airtiogal san mar a leasuítear é leis an Acht Bunreachta (Leasú Uimh. 2), 1927 (Uimh. 6 de 1927);

[EN]

cialluíonn an focal “an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig” an ball de Dháil Éireann is Ceann Comhairle ar Dháil Éireann díreach roimh scur don Oireachtas;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe ag an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí; agus

[EN]

gach focal agus abairt eile a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear sa Phríomh-Acht leis cialluíd san Acht so na nithe ceanna a chialluíd fé seach sa Phríomh-Acht.

(2) Bainfidh alt 60 den Phríomh-Acht (alt i dtaobh aimsir d'áireamh) le háireamh tréimhsí aimsire a socruítear no a ceaptar leis an Acht so sa tslí chéanna ina mbaineann sé le háireamh tréimhsí aimsire a socruítear no a ceaptar leis an bPríomh-Acht.

[EN]

Ath-thogha an Chinn Chomhairle atá ag dul as oifig.

2.—Pé uair a bheidh sé le tuisgint i dtoghachán ghenerálta, de bhua airtiogal 21 den Bhunreacht, an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do bheith tofa do dháilcheanntar gan aon togha achtúil do dhéanamh, beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas. sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tuigfar an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do bheith ina iarrthóir so toghachán ghenerálta san do réir bhrí an Phríomh-Achta ná an Achta chun Drochbhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923),

[EN]

(b) an rit a bheidh le tabhairt amach fé fho-alt (1) d'alt 54 den Phríomh-Acht don cheann chomhrimh sa dáilcheanntar go mbeidh sé le tuisgint amhlaidh an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do bheith tofa dho beidh sí focluithe sa tslí sin go n-ordóidh sí don cheann chomhrimh sin a chur fé ndeár toghachán do chur ar siúl chun ball níos lú ná an lán-líon de bhaill den Dáil don dáilcheanntar san do thogha,

[EN]

(c) le linn an rit sin do bheith á tabhairt amach don cheann chomhrimh sin no chó luath agus is féidir é ina dhiaidh sin cuirfidh Cléireach na Dála chun an chinn chomhrimh sin agus foillseoidh sé san Iris Oifigiúil deimhniú sa bhfuirm orduithe á dheimhniú nár chraol an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig do Dháil Éireann roimh an scur san nár mhian leis leanúint de bheith ina bhall de Dháil Éireann,

[EN]

(d) sa bhfógra puiblí a thabharfidh an ceann comhrimh sin uaidh fé Riail 43 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht beidh ainm an Chinn Chomhairle atá ag dul as oifig in áireamh ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh,

[EN]

(e) má gheibheann an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig bás sara dtugtar an rit sin amach don cheann chomhrimh sin scuirfidh an t-alt so láithreach de bhaint do bheith aige leis an gcás,

[EN]

(f) má gheibheann an Ceann Comhairle atá ag dul as oifig bás tar éis an rit sin do bheith tabhartha amach don cheann chomrimh sin agus roimh thosach na vótaíochta sa dáilcheanntar san déanfidh Cléireach na Dála, ar bheith sásta dho gur thárla an bás san, an rit sin d'athghlaoch agus rit nua do thabhairt amach ina hionad chun an lán-líon de bhaill den Dáil don dáilcheanntar san do thogha agus ar fháil na riteach nua san do no ar bheith sásta dho gur thárla an bás san (pe'ca aca san is túisce) cuirfidh an ceann comhrimh sin fógra na vótaíochta ar ceal, agus leis sin tosnófar as an nua ar na himeachta uile bhaineann leis an toghachán, agus sa toghachán nua san is sa tslí a foráltar leis an bPríomh-Acht i gcóir toghacháin chorra a ceapfar na laetheanta deiridh chun ainmniúcháin do ghlaca agus lá na vótaíochta, agus chun na críche sin tuigfar gurb í an rit nua san an rit i gcóir an toghacháin nua san, ach sa toghachán nua san ní bheidh gá le haon ainmniúchán nua ar aon iarrthóir do bhí ainmnithe le linn an vótaíocht do bheith á cur ar ceal amhlaidh.

[EN]

Lá agus am na vótaíochta.

3.—(1) Athghairmtear leis seo an méid d'fho-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht le n-a n-achtuítear go ndéanfar an vótaíocht i ngach cás i dtoghachán ghenerálta an chéad Luan nách luatha ná an seachtú lá tar éis an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, agus achtuítear leis seo ina ionad san gurb é lá a déanfar an vótaíocht i dtoghachán ghenerálta ná pé lá a cheapfidh an tAire agus nách luatha ná an séú lá ná nách déanaí ná an ceathrú lá déag tar éis an lae dheiridh chun ainmniúcháin do ghlaca, agus féadfidh an tAire lá eile do cheapa amhlaidh chun an vótaíocht do dhéanamh i ndáilcheanntair Phríomh-scoile seachas an lá a ceapfar amhlaidh chun an vótaíocht do dhéanamh i ngach dáilcheanntar eile.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo na focail “agus fógrófar ina shaoire phuiblí é” atá i bhfo-alt (1) d'alt 41 den Phríomh-Acht.

[EN]

(3) Athghairmtear leis seo fo-ailt (3) agus (4) d'alt 41 den Phríomh-Acht, agus achtuítear leis seo ina n-ionad san má bhíonn aon vótaíocht i dtoghachán Dála go dtósnóidh sí ar a naoi a chlog ar maidin agus go gcimeádfar í ar oscailt go dtí a naoi a chlog um thráthnóna agus ní thairis sin.

[EN]

Tosach feidhme an Chláir de thoghthóirí i ndáilcheanntair Phríomh-scoile.

4.—D'ainneoin éinní ina choinnibh sin atá in alt 15 den Phríomh-Acht, i ngach dáilcheanntar príomh-scoile tiocfidh an clár de thoghthóirí do bhí cáilithe ar an 15adh lá de Mhí na Samhna. 1926, i bhfeidhm ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1927, agus tiocfidh an clár de thoghthóirí a bheidh cáilithe ar an 15adh lá d'aon Mhí na Samhna ina dhiaidh sin i bhfeidhm ar an 1adh lá den chéad Mheitheamh ina dhiaidh sin.

[EN]

Teideal ag toghthóirí cláruithe chun páipéiri ainmniúcháin do shighniú.

5.—Pé uair a thárlóidh don dáta a ceaptar leis an bPríomh-Acht no leis an Acht so chun clár nua de thoghthóirí do theacht i bhfeidhm teacht tar éis na riteacha do thoghachán ghenerálta no an rit do thoghachán chorra do bheith tabhartha amach agus ar no roimh an lá deiridh chun ainmniúcháin don toghachán ghenerálta no don toghachán chorra san (pe'ca aca é) do ghlaca, léireofar an focal “toghthóir cláruithe” atá i bhfo-alt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht mar fhocal a chialluíonn duine atá cláruithe mar thoghthóir sa chlár nua san de thoghthóirí no sa chlár de thoghthóirí do bhí i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don chlár nua san, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

[EN]

Mion-innste breise do chur isteach sa pháipeur bhallóide.

6.—Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí an Fhuirm Pháipéir Bhallóide atá curtha síos i gCuid I. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach i gCuid III. den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht in ionad Fuirm Uimh. 6 atá anois sa Chuid sin III. den Chúigiú Sceideal san agus na Treoracha i dtaobh Clóbhuala an Pháipéir Bhallóide atá curtha síos i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach i ndeire Fuirm Uimh. 7 sa Chuid sin III. den Chúigiú Sceideal san a ghabhann leis an bPríomh-Acht in ionad na dTreoracha i dtaobh Clóbhuala an Pháipéir Bhallóide atá curtha síos anois i ndeire na Fuirme sin Uimh. 7 sa Chuid sin III. den Chúigiú Sceideal san.

[EN]

An tréimhse is sia dlightear an tOireachtas do leanúint.

7.—Isí tréimhse is sia dlightear an tOireachtas do leanúint gan scur ná cúig bliana o dháta an chéad thionóil ag Dáil Éireann tar éis an scurtha dheiridh roimhe sin agus mara scuirtar an tOireachtas roimh lá dheiridh aon tréimhse chúig mblian den tsórt san scuirfar an tOireachtas an lá deiridh sin.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

8.—(1) Féadfar an tAcht Timpeal Toghachán (Leasú), 1927, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1927, do ghairm den Phríomh-Acht, den Acht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924 (Uimh. 7 de 1924), den Acht Toghacháin (Toghacháin an tSeanaid), 1925 (Uimh. 34 de 1925), agus den Acht so le chéile.

[EN]

SCEIDEAL.

FUIRMEACHA.

CUID I.

FUIRM PHAIPEIR BHALLOIDE.

(I gcóir na dtoghachán san amháin ina mbeidh breis agus beirt iarrthóirí.)

Fuirm Aghaidh an Phaipeir Bhalloide.

Uimh. an Cho-Dhuille.

Nóta:

Beidh ar an gCó-Dhuille uimhir a bheidh ar có-réir léi sin ar chúl an Pháipéir Bhallóide.

Marcáil Ordú do roghna sna spáis seo síos.

Ainmneacha na nIarrthóirí.

O DUBHGHAILL, SEAMUS (FEAR ILE)

(Séamus O Dubhghaill, ó 10 an tSráid Ard, Fear Ile).

O DUBHGHAILL, LIAM (GROSAER)

(Liam O Dubhghaill, ó 12 an tSráid Mhór, Grósaer).

O BRIAIN, MAITIU (CUNTASOIR)

(Maitiú O Briain, ó 22 Plás Chlós an Tobair, Cuntas óir).

O BRIAIN, PADRAIG (DUINE UASAL)

(Pádraig O Briain, ó 7 Sráid na Faiche, Duine Uasal).

O BRIAIN, PADRAIG SEOSAMH (GABHA GEAL)

(Pádraig Seosamh O Briain, ó 14 Sráid na Banríona, Gabha Geal).

MAC LIAM, TOMAS (CEARNOG RAGHNALLACH)

(Tomás Mac Liam, ó 22 Ceárnóg Raghnallach, Drugaire).

MAC LIAM, TOMAS (BOTHAR DARTRAI)

(Tomás Mac Liam, ó 172 Bóthar Dartraí, Fiaclóir).

Fuirm Chul an Phaipeir Bhalloide.

Uimhir     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

Toghachán do Dháilcheanntar Chontae (no Bhuirge no Phríomh-scoile)

Nota.—An uimhir a bheidh ar chúl an pháipéir bhallóide beidh sí ar có-réir léi sin ar an gcó-dhuille.

CUID II.

TREORACHA I DTAOBH CLOBHUALA AN PHAIPEIR BHALLOIDE.

Ní clóbhuailfar ar an bpáipeur ballóide ach ní a bheidh do réir an Sceidil seo.

Is i leitreacha móra, mar a chítear ar an bhfuirm, a chóbhuailfar sloinne gach iarrthóra agus is i leitreacha beaga a clóbhuailfar a ainmneacha eile, agus a sheola agus a thuairisc, agus an uimhir ar chúl an pháipéir.

I gcás an t-aon tsloinne amháin do bheith ar bheirt iarrthóirí no níos mó clóbhuailfar i leitreacha móra, leis, ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus oiread de thuairisc gach iarrthóra dhíobh, as a bpáipéirí ainmniúcháin fé seach, pe'ca céim no gairm, gnó no comhnaí é, oiread agus dhéanfidh idirdhealú éifeachtúil catorra dar leis an gCeann Comhrimh.

[GA]

harp.jpg


Number 21 of 1927.


[GA]

ELECTORAL (AMENDMENT) ACT, 1927.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions and interpretation.

2.

Re-election of outgoing Ceann Comhairle.

3.

Day and hours of poll.

4.

Commencement of register of electors in university constituencies.

5.

Registered electors entitled to subscribe nomination papers.

6.

Insertion of additional particulars in ballot paper.

7.

Maximum duration of the Oireachtas.

8.

Short title and citation.

SCHEDULE.


Acts Referred to

Electoral Act, 1923

No. 12 of 1923

Constitution (Amendment No. 2) Act, 1927

No. 6 of 1927

Prevention of Electoral Abuses Act, 1923

No. 38 of 1923

Local Government Electors Registration Act, 1924

No. 7 of 1924

Electoral (Seanad Elections) Act, 1925

No. 34 of 1925

harp.jpg


Number 21 of 1927.


ELECTORAL (AMENDMENT) ACT, 1927.


AN ACT TO MAKE SUCH AMENDMENTS IN THE ELECTORAL ACT 1923 AS ARE RENDERED NECESSARY BY THE RECENT ACTS AMENDING THE CONSTITUTION OR ARE OTHERWISE DESIRABLE AND TO FIX THE MAXIMUM DURATION OF THE OIREACHTAS. [22nd May, 1927.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions and interpretation.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the expression “the Principal Act” means the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923);

[GA]

references to Article 21 of the Constitution shall be construed as referring to that Article as amended by the Constitution (Amendment No. 2) Act, 1927 (No. 6 of 1927);

[GA]

the expression “the outgoing Ceann Comhairle” means the member of Dáil Eireann who is the Chairman of Dáil Eireann immediately before a dissolution of the Oireachtas;

[GA]

the word “prescribed” means prescribed by the Minister for Local Government and Public Health; and

[GA]

all other words and expressions used in this Act which are also used in the Principal Act have the same meanings in this Act as they respectively have in the Principal Act.

[GA]

(2) Section 60 (which relates to the computation of time) of the Principal Act shall apply to the computation of periods of time limited or appointed by this Act in like manner as it applies to the computation of periods of time limited or appointed by the Principal Act.

[GA]

Re-election of outgoing Ceann Comhairle.

2.—Whenever at a general election the outgoing Ceann Comhairle is by virtue of Article 21 of the Constitution to be deemed to have been elected for a constituency without any actual election the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) the outgoing Ceann Comhairle shall not be deemed to be a candidate at such general election within the meaning of the Principal Act or of the Prevention of Electoral Abuses Act, 1923 (No. 38 of 1923),

[GA]

(b) the writ to be issued under sub-section (1) of section 54 of the Principal Act to the returning officer in the constituency for which the outgoing Ceann Comhairle is so to be deemed to have been elected shall be so worded that it directs such returning officer to cause an election to be held of one less than the full number of members of the Dáil for such constituency,

[GA]

(c) at the time of issuing such writ to such returning officer or as soon as may be thereafter the Clerk of the Dáil shall send to such returning officer and publish in the Iris Oifigiúil a certificate in the prescribed form certifying that the outgoing Ceann Comhairle did not before the said dissolution announce to Dáil Eireann that he did not desire to continue to be a member thereof,

[GA]

(d) the public notice given by such returning officer under Rule 43 of the Fifth Schedule to the Principal Act shall include the name of the outgoing Ceann Comhairle in the names of the candidates elected,

[GA]

(e) if the outgoing Ceann Comhairle dies before the issue of such writ to such returning officer this section shall forthwith cease to apply,

[GA]

(f) if the outgoing Ceann Comhairle dies after the issue of such writ to such returning officer and before the commencement of the polling in such constituency the Clerk of the Dáil shall, upon being satisfied of the fact of such death, recall such writ and issue in lieu thereof a new writ for the election of the full number of members of the Dáil for such constituency and such returning officer, upon receiving such new writ or upon being satisfied of the fact of such death (whichever first happens), shall countermand the notice of the poll, and thereupon all the proceedings with reference to the election shall be commenced afresh, and in such fresh election the last days for receiving nominations and the day of the poll shall be fixed in the manner provided by the Principal Act for the case of a bye-election, and for that purpose the said new writ shall be deemed to be the writ for such fresh election, but in such fresh election no fresh nomination shall be necessary in respect of any candidate who stood nominated at the time of such countermand of the poll.

[GA]

Day and hours of poll.

3.—(1) So much of sub-section (1) of section 18 of the Principal Act as enacts that at a general election the poll shall in all cases be held on the first Monday not being earlier than the seventh day after the last day for receiving nominations is hereby repealed, and in lieu thereof it is hereby enacted that at a general election the poll shall be held on such day not being earlier than the sixth nor later than the fourteenth day after the last day for receiving nominations as the Minister shall appoint, and the Minister may so appoint a different day for the holding of the poll in University constituencies from that so appointed for the holding of the poll in all other constituencies.

[GA]

(2) The words “and shall be proclaimed a public holiday” in sub-section (1) of section 41 of the Principal Act are hereby repealed.

[GA]

(3) Sub-sections (3) and (4) of section 41 of the Principal Act are hereby repealed, and in lieu thereof it is hereby enacted that the poll, if any, at a Dáil election shall commence at nine o'clock in the forenoon, and be kept open till nine o'clock in the afternoon, and no longer.

[GA]

Commencement of register of electors in university constituencies.

4.—Notwithstanding anything to the contrary contained in section 15 of the Principal Act, in every university constituency the register of electors who were qualified on the 15th day of November, 1926 shall come into force on the 1st day of June, 1927, and the register of electors who are qualified on any subsequent 15th day of November shall come into force on the next following 1st day of June.

[GA]

Registered electors entitled to subscribe nomination papers.

5.—Whenever the date appointed by the Principal Act or this Act for the coming into force of a new register of electors occurs after the issue of the writs for a general election or the writ for a bye-election and on or before the last day for receiving nominations for such general election or bye-election (as the case may be), the expression “registered elector” in sub-section (1) of section 19 of the Principal Act shall be construed as meaning a person who is registered as an elector either in such new register of electors or in the register of electors which was in force immediately before the coming into force of such new register, and the said sub-section shall have effect accordingly.

[GA]

Insertion of additional particulars in ballot paper.

6.—The Principal Act shall be construed and have effect as if the Form of Ballot Paper set out in Part I of the Schedule to this Act were inserted in Part III of the Fifth Schedule to the Principal Act in lieu of Form No. 6 now contained in the said Part III of the said Fifth Schedule and the Directions as to Printing Ballot Paper set out in Part II of the Schedule to this Act were inserted at the end of Form No. 7 in the said Part III of the said Fifth Schedule to the Principal Act in lieu of the Directions as to Printing Ballot Paper now set out at the end of the said Form No. 7 in the said Part III of the said Fifth Schedule.

[GA]

Maximum duration of the Oireachtas.

7.—The maximum duration of the Oireachtas without a dissolution shall be five years reckoned from the date of the first meeting of Dáil Eireann after the last previous dissolution, and if a dissolution of the Oireachtas does not take place before the last day of any such period of five years the Oireachtas shall be dissolved on such last day.

[GA]

Short title and citation.

8.—(1) This Act may be cited as the Electoral (Amendment) Act, 1927.

[GA]

(2) The Principal Act, the Local Government Electors Registration Act, 1924 (No. 7 of 1924), the Electoral (Seanad Elections) Act, 1925 (No. 34 of 1925), and this Act may be cited together as the Electoral Acts, 1923 to 1927.

[GA][GA]

SCHEDULE.

FORMS.

PART I.

FORM OF BALLOT PAPER.

(To be used only in elections at which there are more than two candidates.)

Form of Front of Ballot Paper.

Mark Order of Preference in space below.

Names of Candidates.

DOYLE, JAMES (OILMAN)

(James Doyle, of 10 High Street, Oilman).

Counterfoil

No.

Note:

The Counterfoil is to have a number to correspond with that on the back of the Ballot Paper.

DOYLE, WILLIAM (GROCER)

(William Doyle, of 12 Main Street, Grocer).

O'BRIEN, MATTHEW (ACCOUNTANT)

(Matthew O'Brien, of 22 Wellclose Place, Accountant).

O'BRIEN, PATRICK (GENTLEMAN)

(Patrick O'Brien, of 7 Green Street, Gentleman).

O'BRIEN, PATRICK JOSEPH (SILVERSMITH)

(Patrick Joseph O'Brien, of 14 Queen Street, Silversmith).

WILSON, THOMAS (RANELAGH SQUARE)

(Thomas Wilson, of 22 Ranelagh Square, Chemist).

WILSON, THOMAS (DARTRY ROAD)

(Thomas Wilson, of 172 Dartry Road, Dentist).

Form of Back of Ballot Paper.

Number

Election for County (or Borough or University) Constituency

Note.—The number on the back of the ballot paper is to correspond with that on the counterfoil.

PART II.

DIRECTIONS AS TO PRINTING BALLOT PAPER.

Nothing is to be printed on the ballot paper, except in accordance with this Schedule.

The surname of each candidate shall be printed in large characters, as shown in the form, and their other names and their addresses and descriptions, and the number on the back of the paper, shall be printed in small characters.

Whenever the surnames of two or more candidates are the same there shall be also printed in large characters the other names of such candidates and so much of the description of each of such candidates as appearing in their respective nomination papers, whether rank, profession, occupation or abode, as will, in the opinion of the Returning Officer, effectively distinguish such candidate.