As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 25 de 1970


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[26 Nollaig, 1970]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Deireadh le hasbhaintí i leith cánach brabús corparáide.

1967, Uimh. 6.

1.—Maidir le ríomh ioncaim chun críocha cánach ioncaim don bhliain 1970-71 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag alt 64 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a mhéid a fhorálann sé go lamhálfar cáin bhrabús corparáide a d'íoc cuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta a asbhaint mar chostas a tabhaíodh an tréimhse chuntasaíochta sin le linn brabúis nó gnóchain na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim;

[EN]

(b) beidh éifeacht ag mír 4 de Sceideal 7 den Acht sin ionann is dá scriosfaí clásal (ii) d'fhomhír (c);

[EN]

(c) beidh éifeacht ag mír 8 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá ndéanfaí, i gclásal (c) d'fhomhír (3) “nach féidir aon chuid áirithe” a chur in ionad “aon chuid” agus “a bheith le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide ní nach féidir í” a scriosadh.

[EN]

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.

1952, Uimh. 24.

1961, Uimh. 24.

1920, c. 72.

2.—Beidh an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, arna leasú, amhail ar an agus ón lú lá de Shamhain, 1970, trí “£1 10s.”, “£3”, “£4 10s.”, “£7”, “£9 10s.”, “£2 10s.” “£12 10s.”. “£9 10s.” agus “£3” a chur mar na rátaí dleachta in ionad “£1 5s.”, “£2 10s.”, “£3 15s.”, “£5 12s. 6d.”, “£7 10s.”, “£1 17s. 6d.”, “£10”, “£7 10s.” agus £2 10s.” faoi seach i mír (1) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, arna leasú amhail ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1970, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 6 i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis:

[EN]

“(d) feithiclí eile lena mbaineann a mhír seo—

£

feithiclí nach bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu nó a thiomáintear le leictreachas     ...     ...     ...

20

feithiclí a bhfuil thar 8 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu     ...     ...     ...

23

feithiclí a bhfuil thar 9 n-each-chumhacht iontu ach nach bhfuil thar 10 n-each-chumhacht iontu     ...     ...     ...

26

feithiclí thar 10 n-each-chumhacht     ...

26

móide £4 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta de bhreis ar 10 n-each - chumhacht faoi réir suime uasta £50 don dleacht iomlán.”

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo maidir le haon fheithicil—

[EN]

(a) a úsáidtear mar fheithicil bheag sheirbhíse poiblí de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961, agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, nó

[EN]

(b) a bhfuil taximhéadar feistithe uirthi agus a úsáidtear go dleathach de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhoithre, 1961, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile, nó

[EN]

(c) a úsáidtear mar eileatram agus nach n-úsáidtear chun aon chríche eile.

[EN]

(4) D'ainneoin alt 3 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, déanfar neamhshuim den sochar ó na méaduithe a dhéantar ar dhleachtanna leis an alt seo, arna ríomh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, le linn aon suim a chinneadh a bheidh le heisiúint as an bPríomh-Chiste faoi alt 2 (1) den Roads Act, 1920.

[EN]

Rátaí cánach mórdhíola.

1966, Uimh. 22.

3.—Déanfar, le héifeacht ar an agus ón 1ú lá de Shamhain, 1970, an cháin mhórdhíola a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir fiche faoin gcéad i gcás na n-earraí a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 7 (1) den Acht sin, agus, dá réir sin, déantar leis seo “fiche faoin gcéad” a chur in ionad “cúig déag faoin gcéad” san alt sin 7 (1) le héifeacht ar an agus ón dáta sin, agus déantar leis seo “fiche faoin gcéad” a chur in ionad “cúig déag faoin gcéad” in alt 11 (1) den Acht sin i leith earraí arna n-allmhairiú ar an dáta sin nó dá éis.

[EN]

Breis le híocaíochtaí áirithe.

4.—I gcás inarb airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, nó dá éis agus roimh an lú lá de Shamhain, 1970, iomlán láimdeachais nó cuid de láimhdeachas duine fhreagraigh, féadfaidh an duine freagrach, mura mbeidh comhaontú a mhalairt ann, suim is comhionann le haon mhéid breise is iníoctha aige i leith an airgid mar gheall ar an méadú a dhéantar le halt 3 den Acht seo ar an ráta cánach mordhíola a ghnóthú mar bhreis leis an íocaíocht a sonraíodh sa chonradh.

[EN]

Us a íoc ar airgead fuascailte áirithe.

5.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, maidir leis an airgead fuascailte lena mbaineann an t-alt seo, ús a íoc ar an airgead sin in aghaidh na tréimhse dar tosach an lú lá d'Iúil, 1970, agus dar críoch an 30ú lá de Shamhain, 1970, de réir ocht faoin gcéad sa bhliain agus tabharfar na híocaíochtaí do na daoine arbh iad sealbhóirí cláraithe na mbannaí iomchuí iad an 1ú lá de Bhealtaine, 1970.

[EN]

(2) Is é an t-airgead fuascailte lena mbaineann an t-alt seo an t-airgead is iníoctha ar na bannaí talún a tarraingíodh le fuascailt sa tarraingt le haghaidh bannaí talún a fhuascailt a thosaigh an 27ú lá de Dheireadh Fómhair, 1970.

[EN]

(3) Íocfar amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead is gá chun ús a íoc faoin alt seo.

[EN]

Leasú ar alt 54 den Acht Airgeadais, 1970.

1970, Uimh. 14.

6.—Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1970, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(4) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis na caiteachais a thabhóidh an tAire ag déanamh socruithe go mbeidh airgead ar fáil le fáil ar iasacht aige cibé tráth is oiriúnach leis.”

[EN]

Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.

7.—(1) Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisineirí Ioncaim.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1963, Uimh. 23.

8.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1970, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar alt 1 den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

[EN]

(3) Forléireofar alt 2 den Acht seo i dteannta na Reacht a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna máil.

[EN]

(4) Forléireofar ailt 3 agus 4 den Acht seo i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963, an Achta Airgeadais (Uimh. 2), 1966, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin agus an tAcht sin is déanaí a luaitear.

[EN]

(5) Measfar gur tháinig alt 1 den Acht seo i bhfeidhm agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1970.

[EN]

(6) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

[GA]

harp.jpg


Number 25 of 1970


[GA]

FINANCE (No. 2) ACT, 1970


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Termination of deductions for certain taxes.

2.

Amendment of Finance (Excise Duties) (Vehicles) Act, 1952.

3.

Rates of wholesale tax.

4.

Additions to certain payments.

5.

Payment of interest on certain redemption moneys.

6.

Amendment of section 54 of Finance Act, 1970.

7.

Care and management of taxes and duties.

8.

Short title, construction and commencement.


Acts Referred to

Income Tax Act, 1967

1967, No. 6

Finance (Excise Duties) (Vehicles) Act, 1952

1952, No. 24

Road Traffic Act, 1961

1961, No. 24

Roads Act, 1920

1920, c. 72

Finance (No. 2) Act, 1966

1966, No. 22

Finance Act, 1970

1970, No. 14

Part VI of the Finance Act, 1963

1963, No. 23

harp.jpg


Number 25 of 1970


FINANCE (No. 2) ACT, 1970


AN ACT TO CHARGE AND IMPOSE CERTAIN DUTIES OF INLAND REVENUE (INCLUDING EXCISE), TO AMEND THE LAW RELATING TO INLAND REVENUE (INCLUDING EXCISE) AND TO MAKE FURTHER PROVISIONS IN CONNECTION WITH FINANCE. [26th December, 1970.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS: [GA]

Termination of deductions for certain taxes.

1.—With respect to the computation of income for the purposes of income tax for the year 1970-71 or for any subsequent year of assessment—

[GA]

(a) section 64 (1) of the Income Tax Act, 1967, so far as it provides that corporation profits tax paid by a company in respect of any accounting period is to be allowed to be deducted as an expense incurred in that accounting period in computing the profits or gains of the company for purposes of income tax, shall not apply;

[GA]

(b) paragraph 4 of Schedule 7 to that Act shall have effect as if clause (ii) of subparagraph (c) were deleted;

[GA]

(c) paragraph 8 of Schedule 10 to that Act shall have effect as if, in clause (c) of subparagraph (3), “either falls to be allowed as a credit against corporation profits tax, or”, where occurring before “cannot be allowed as a credit”, were deleted.

[GA]

Amendment of Finance (Excise Duties) (Vehicles) Act, 1952.

2.—(1) The Finance (Excise Duties) (Vehicles) Act, 1952, shall, as on and from the 1st day of November, 1970, be amended by the substitution in paragraph 1 of Part I of the Schedule thereto of “£1 10s.”, “£3”, “£4 10s.”, “£7”, “£9 10s.”, “£2 10s.”, “£12 10s.”, “£9 10s.” and “£3” as the rates of duty in lieu of “£1 5s.”, “£2 10s.”, “£3 15s.”, “£5 12s. 6d.”, “£7 10s.”, “£1 17s. 6d.”, “£10”, “£7 10s.” and “£2 10s.” respectively.

[GA]

(2) Subject to subsection (3) of this section, the Finance (Excise Duties) (Vehicles) Act, 1952, shall, as on and from the 1st day of November, 1970, be amended by the substitution in Part I of the Schedule thereto of the following subparagraph for subparagraph (d) of paragraph 6:

“(d) other vehicles to which this paragraph applies—

£

not exceeding 8 horse-power or electrically propelled

20

exceeding 8 horse-power but not exceeding 9 horse-power

23

exceeding 9 horse-power but not exceeding 10 horse-power

26

exceeding 10 horse-power

26

plus £4 for each unit or part of a unit of horse-power in excess of 10 horse-power, subject to a maximum of £50 for the total duty.”

[GA]

(3) Subsection (2) of this section shall not have effect in relation to any vehicle—

[GA]

(a) which is used as a small public service vehicle within the meaning of the Road Traffic Act, 1961, and for no other purpose,

[GA]

(b) which is fitted with a taximeter and is lawfully used as a street service vehicle within the meaning of the Road Traffic Act, 1961, or for purposes incidental to such user and for no other purpose, or

[GA]

(c) which is used as a hearse and for no other purpose.

[GA]

(4) Proceeds of the increases of duties effected by this section, calculated in such manner as the Minister for Finance may direct, shall, notwithstanding section 3 of the Finance (Excise Duties) (Vehicles) Act, 1952, be disregarded in any determination of a sum to be issued out of the Central Fund under section 2 (1) of the Roads Act, 1920.

[GA]

Rates of wholesale tax.

3.—With effect on and from the 1st day of November, 1970, wholesale tax imposed by section 2 of the Finance (No. 2) Act, 1966, shall, in the case of the goods specified in the Table to section 7 (1) of that Act, be charged, levied and paid at the rate of twenty per cent, and, accordingly, “twenty per cent.” is hereby substituted for “fifteen per cent.” in the said section 7 (1) with effect on and from that date, and “twenty per cent.” is hereby substituted for “fifteen per cent.” in section 11 (1) of that Act in respect of articles imported on or after that date.

[GA]

Additions to certain payments.

4.—Where the whole or part of the taxable turnover of an accountable person consists of moneys paid under a contract entered into on or after the 1st day of October, 1966, and before the 1st day of November, 1970, the accountable person may, in the absence of agreement to the contrary, recover as an addition to the payment specified in the contract a sum equal to any additional amount payable by him in respect of the moneys on account of the increase in the rate of wholesale tax effected by section 3 of this Act.

[GA]

Payment of interest on certain redemption moneys.

5.—(1) The Minister for Finance may, with respect to the redemption moneys to which this section applies, pay interest thereon for the period beginning on the 1st day of July, 1970, and ending on the 30th day of November, 1970, at the rate of eight per cent. per annum and the payments shall be made to the persons who were the registered holders of the relevant bonds on the 1st day of May, 1970.

[GA]

(2) The redemption moneys to which this section applies are the moneys payable on redemption of the land bonds which were drawn for redemption at the draw for redemption of land bonds which began on the 27th day of October, 1970.

[GA]

(3) The moneys required for the payment of interest under this section shall be paid out of the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

Amendment of section 54 of Finance Act, 1970.

6.Section 54 of the Finance Act, 1970, is hereby amended by the addition of the following subsection:

[GA]

“(4) Expenses incurred by the Minister in arranging that money shall be available for borrowing by him at such time as he may think fit shall be charged on the Central Fund or the growing produce thereof.”

[GA]

Care and management of taxes and duties.

7.—All taxes and duties (except the excise duties on mechanically propelled vehicles) imposed by this Act are hereby placed under the care and management of the Revenue Commissioners.

[GA]

Short title, construction and commencement.

8.—(1) This Act may be cited as the Finance (No. 2) Act, 1970.

[GA]

(2) Section 1 of this Act shall be construed together with the Income Tax Acts.

[GA]

(3) Section 2 of this Act shall be construed together with the Statutes which relate to the duties of excise and the management of those duties.

[GA]

(4) Sections 3 and 4 of this Act shall be construed together with Part VI of the Finance Act, 1963, the Finance (No. 2) Act, 1966, and the enactments amending or extending that Part and the last mentioned Act.

[GA]

(5) Section 1 of this Act shall be deemed to have come into force and shall take effect as on and from the 6th day of April, 1970.

[GA]

(6) Any reference in this Act to any other enactment shall, except so far as the context otherwise requires, be construed as a reference to that enactment as amended by or under any other enactment, including this Act.