As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 3 de 1942.
ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1942.
[An tionntódh oifigeamhail.]
Mínithe agus léiriú.
1.—(1) San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923);
cialluíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1940” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940);
cialluíonn an abairt “Acht 1941” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1941 (Uimh. 6 de 1941);
cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Fórálacha Sealadacha), 1923 go 1941.
(2) Léireofar tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán san ar n-a leasú le haon achtachán iaraimseardha.
(3) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht so do léigheamh agus do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt atá san Acht so agus dá gceaptar brí áirithe leis na hAchtanna chun crícheanna na nAchtanna tá leo san Acht so an bhrí ceaptar dóibh amhlaidh.
Na hAchtanna do leanúint i bhfeidhm.
2.—Leanfaidh na hAchtanna, ar n-a leasú agus ar n-a leathnú tríd an Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31adh Márta, 1943, agus raghaid in éag ansan.
Míniú ar an abairt “oifigeach neachoimisiúnta”.
3.—(1) Déanfar an abairt “oifigeach nea-choimisiúnta” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí sna hAchtanna no in aon achtachán (agus an tAcht so d'áireamh) a leasuíonn na hAchtanna, mar abairt a chialluíonn ball de na Fórsaí Cosanta bhaineann le haon ghrád de chéim no d'aicme atá leagtha amach ag aon uimhir thagartha (seachas uimhir thagartha 7) sa Táible a ghabhann le halt 18 d'Acht Uimh. 2 de 1940.
(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 7adh lá de Mheitheamh 1940, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.
Oifigigh d'árdú.
4.—(1) Féadfaidh an tAire aon oifigeach d'árdú go dtí céim shubstainteach níos aoirde.
(2) Féadfaidh an tAire aon oifigeach d'árdú go dtí céim ghníomhathach níos aoirde.
(3) Oifigeach a hárdófar go dtí céim ghníomhathach níos aoirde raghaidh thar n-ais tráth ar bith ina dhiaidh sin, ar an Aire do thabhairt orduithe chuige sin agus an t-ordú san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, go dtí n-a chéim shubstainteach no, do réir mar a hordófar amhlaidh, go dtí céim ghníomhathach is aoirde ná a chéim shubstainteach.
(4) Is tuigthe fo-ailt (2) agus (3) den alt so do theacht i ngníomh an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus beid mar a bheadh éifeacht aca an lá san agus ón lá san amach.
Saighdiúiri d'árdú.
5.—(1) Féadfaidh an tAire no aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire ball ar bith de na Fórsaí Cosanta ag á mbeidh céim mhíleata nea-choimisiúnta no grád nea-choimisiúnta d'aicme mhuiridhe d'árdú go dtí céim nea-choimisiúnta shubstainteach níos aoirde no grád nea-choimisiúnta substainteach níos aoirde d'aicme.
(2) Féadfaidh an tAire no aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire oifigeach nea-choimisiúnta de na Fórsaí Cosanta ag á mbeidh céim nea-choimisiúnta shubstainteach no grád neachoimisiúnta substainteach d'aicme d'ísliú go dtí céim neachoimisiúnta shubstainteach níos ísle no grád nea-choimsiúnta substainteach níos ísle d'aicme.
(3) Féadfaidh an tAire no aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire ball ar bith de na Fórsaí Cosanta ag á mbeidh céim mhíleata nea-choimisiúnta no grád nea-choimisiúnta d'aicme mhuiridhe d'árdú go dtí céim nea-choimisiúnta ghníomhathach níos aoirde no grád nea-choimisiúnta gníomhathach níos aoirde d'aicme.
(4) Féadfaidh aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire a ordú go raghaidh oifigeach nea-choimisiúnta gníomhathach de na Fórsaí Cosanta thar n-ais go dtí n-a chéim shubstainteach no a ghrád substainteach d'aicme no go dtí céim ghníomhathach no grád gníomhathach d'aicme is aoirde ná a chéim shubstainteach no a ghrád substainteach d'aicme, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san dá réir sin.
(5) Is tuigthe fo-ailt (3) agus (4) den alt so do theacht i ngníomh an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus beid mar a bheadh éifeacht aca an lá san agus ón lá san amach.
Alt 131 den Phríomh-Acht do leasú.
6.—Deintear leis seo alt 131 (á bhaineann le hasbhaintí is ceaduithe do dhéanamh as gnáth-phágh saighdiúirí) den Phríomh-Acht do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach ann i ndiaidh míre (e), sé sin le rá:—
“(ee) an tsuim is gá chun íoctha aon phionóis, damáiste, cúitimh no costaisí a cuirfear air ag aon chúirt síbhialta a mbeifear tar éis é chúiseamh i gcionta ina láthair.”.
Fionnraighe ar cheart saighdiúra chun a scaoilte le linn tréimhse práinne.
7.—(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, ní bheidh aon tsaighdiúir de na Fórsaí ná aon fhear den Chúltaca i dteideal a scaoilte le linn tréimhse práinne, agus i gcás téarma liostála bunaidh aon tsaighdiúra no fir den tsórt san d'éag i rith tréimhse práinne is tuigthe faidiú do bheith déanta ar an téarma san go ceann na tréimhse práinne sin, agus is tuigthe, i gcás saighdiúra de na Fórsaí, an faidiú san do bheith ina fhaidiú ar a sheirbhís airm no, i gcás fir den Chúltaca, é bheith ina fhaidiú ar a sheirbhís sa Chúltaca, agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna i ngach cás den tsórt san fé is dá mbeadh an faidiú seirbhíse sin ina chuid den téarma liostála bunaidh.
(2) Beidh feidhm ailt 155 (a bhaineann le seirbhís do chur i bhfaid i gcásanna áirithe) den Phríomh-Acht agus fo-ailt (2) d'alt 34 (a bhaineann le fir den Chúltaca do scaoileadh ar a seirbhís do bheith críochnuithe) d'Acht Uimh. 2 de 1940 ar fionnraighe, de bhuadh an fho-ailt seo, le linn aon tréimhse práinne.
(3) San alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “tréimhse phráinne” atá léi in Acht Uimh. 2 de 1940.
(4) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.
Alt 9 den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925, do bhaint le hoifigigh.
8.—Bainfidh alt 9 (i dtaobh gealt-shaighdiúirí ar iad do scur) den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925 (Uimh. 4 de 1925), le hoifigeach dá dtárlóidh, más oifigeach de na Fórsaí é, é scur as na Fórsaí toisc laige aigne no, más oifigeach den Chúltaca Oifigeach é, é do thabhairt suas a choimisiúin dá thoisc sin agus a ndeimhneoidh dochtúir leighis cláruithe ina thaobh é bheith ina dhuine nach slán meabhair agus ina dhuine is cuibhe do choinneáil fé aire agus cóireáil, fé mar a bhaineann an t-alt san le saighdiúir de na Fórsaí a ndeimhneofar amhlaidh ina thaobh ar é scur.
Alt 17 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.
9.—Léireofar alt 17 (a bhaineann le céimeanna coimisiúnta sna Fórsaí Cosanta) d'Acht Uimh. 2 de 1940 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—
(a) an fo-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (3) de, sé sin le rá:—
“(3) Chun crícheanna aon achtacháin le n-a mbaineann an fo-alt so no aon scéime ar n-a déanamh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, is tuigthe gach céim mhuiridhe choimisiúnta luaidhtear sa tríú colún den Táible ghabhann leis seo do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim mhíleata choimisiúnta luaidhtear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán no scéim den tsórt san do chéim mhíleata choimisiúnta atá ar có-réir le céim mhuiridhe choimisiúnta do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don chéim mhuiridhe choimisiúnta san.
Baineann an fo-alt so le haon achtachán, ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis, agus an tAcht so d'áireamh, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann no Acht den Oireachtas.”; agus
(b) an dá fho-alt so leanas do chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3), sé sin le rá:—
“(4) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh oifigigh de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) céim mhíleata choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible ghabhann leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata coimisiúnta san, an chéim mhuiridhe choimisiúnta atá leagtha amach sa tríú colún den Táible sin os coinne luadh na céime míleata coimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.
(5) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh oifigigh de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo) céim mhuiridhe choimisiúnta áirithe, go mbeidh aige, in ionad na céime muiridhe coimisiúnta san, an chéim mhíleata choimisiúnta atá ar có-réir leis an gcéim mhuiridhe choimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.”.
Alt 18 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.
10.—Léireofar alt 18 (a bhaineann le céimeanna agus aicmí neachoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta) d'Acht Uimh. 2 de 1940 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—
(a) an fo-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (4) de, sé sin le rá:—
“(4) Chun crícheanna aon achtacháin le n-a mbaineann an fo-alt so no aon scéime ar n-a déanamh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta, 1932 agus 1938,—
(a) is tuigthe an chéim mhuiridhe sin Oifigeach Barántais do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim mhíleata san Maor-Sháirsint, agus déanfar tagairtí in aon achtachán no scéim den tsórt san don chéim sin Maor-Sháirsint do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don chéim sin Oifigeach Barántais;
(b) is tuigthe gach aicme mhuiridhe luaidhtear sa cheathrú colún den Táible ghabhann leis seo do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim mhíleata luaidhtear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán no scéim den tsórt san do ghrád de chéim mhíleata nea-choimisiúnta atá ar có-réir le grád d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don ghrád san d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta.
Baineann an fo-alt so le haon achtachán, ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis, agus an tAcht so d'áireamh, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann no Acht den Oireachtas.”;
(b) an fo-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (5) de, sé sin le rá:—
“(5) Féadfaidh an tAire a ordú le hordú, maidir le haon Chór no Seirbhís no cuid de Chór no de Sheirbhís, go mbeidh ag sealbhóir céime míleata neachoimisiúnta ann, in ionad na céime luaidhtear sa dara colún den Táible ghabhann leis seo do bheith aige, pé céim eile chó-ionann a luadhfar san ordú san, agus i gcás den tsórt san déanfar tagairtí in aon achtachán le n-a mbaineann an fo-alt so no in aon scéim ar n-a déanamh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do chéim a luaidhtear sa dara colún san do léiriú, maidir leis an gCór no an Seirbhís sin no leis an gcuid sin de Chór no de Sheirbhís, mar thagairtí don chéim chó-ionann a luadhfar san ordú san.
Baineann an fo-alt so le haon achtachán, ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis, agus an tAcht so d'áireamh, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann no Acht den Oireachtas.”; agus
(c) na ceithre fo-ailt seo leanas do chur isteach i ndiaidh fo-ailt (6), sé sin le rá:—
“(7) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) an chéim mhíleata san Maor-Sháirsint, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata san, an chéim mhuiridhe sin Oifigeach Barántais, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.
(8) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill ar bith de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo) an chéim mhuiridhe sin Oifigeach Barántais, go mbeidh aige, in ionad na céime muiridhe sin, an chéim mhíleata san Maor-Sháirsint, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.
(9) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill ar bith de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a liostála no a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) céim mhíleata nea-choimisiúnta (seachas an chéim sin Maor-Sháirsint) atá leagtha amach sa dara colún den Táible ghabhann leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata neachoimisiúnta san, an grád d'aicme mhuiridhe neachoimisiúnta atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible sin os coinne luadh na céime míleata nea-choimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.
(10) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill ar bith de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a liostála no a cheaptha chuige no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo) grád d'aicme mhuiridhe neachoimisiúnta atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible ghabhann leis seo, go mbeidh aige, in ionad an ghráid sin d'aicme mhuiridhe neachoimisiúnta, an chéim mhíleata nea-choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible sin os coinne luadh na haicme muiridhe nea-choimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.”.
Alt 57 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.
11.—Ní bheidh feidhm ag alt 57 (a bhaineann le cúltacairí glaodhadh amach ar buan-tseirbhís agus saighdiúirí liostáladh sna Fórsaí ar feadh tréimhse práinne do thógaint thar n-ais ag obair) d'Acht Uimh. 2 de 1940 maidir le fear ar bith den Chúltaca ná duine ar bith a liostálfaidh sna Fórsaí, do réir bhrí an ailt sin—
(a) a scaoilfear fé aithis as an seirbhís no a scaoilfear as an seirbhís tré bhreith chúirte míleata, no
(b) a scaoilfear as an seirbhís ar aon chúis aca so leanas, eadhon—
(i) ráiteas bréagach do dhéanamh go toiliúil le linn a theistithe,
(ii) mí-iompar,
(iii) é chiontú ag an gcomhacht shíbhialta, no
(c) is duine le na mbaineann fo-alt (2) d'alt 119 den Príomh-Acht.
Alt 8 d'Acht 1941 do leasú.
12.—Ní bheidh feidhm ag alt 8 (a bhaineann le hoifigigh áirithe do thógaint thar n-ais ag obair) d'Acht 1941 maidir le hoifigeach de chuid an Chúltaca Oifigeach no oifigeach sealadach, do réir bhrí an ailt sin,—
(a) a brisfear fé aithis as an seirbhís no a brisfear as an seirbhís tré bhreith chúirte míleata, no
(b) a brisfear fé alt 7 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 (Uimh, 41 de 1937).
Tréigtheoirí agus nea-láithrigh amhrasuithe do ghabháil.
13.—(1) I gcás cúis réasúnach do bheith ag oifigeach no saighdiúir no ag ball den Ghárda Síochána chun a bheith in amhras gur tréigtheoir no nea-láithreach gan cead o na Fórsaí Cosanta aon duine áirithe, féadfa sé, gan barántas, an duine sin do ghabháil agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) féadfaidh an duine sin (dá ngairmtear an duine gabhtha sa bhfo-alt so) a éileamh go ndéanfaí fiosrú, fén gcéad mhír ina dhiaidh seo, i dtaobh a ghabhála, agus cuirfidh neach déanta na gabhála in úil don duine ghabhtha é bheith de cheart aige fén mír seo san d'éileamh;
(b) má dheineann an duine gabhtha éileamh amhlaidh, ansan—
(i) bhéarfar an duine gabhtha i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche no Feadhmannaigh Shíochána agus féadfar idir an dá linn é choinneáil in aon stáisiún Gárda Síochána;
(ii) déanfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche no an Feadhmannach Síochána gur ina láthair do bhéarfar an duine gabhtha fiosrú i dtaobh na gabhála, agus
(I) más deimhin leis gur tréigtheoir no nealáithreach gan cead an duine gabhtha, cuirfidh fé ndear láithreach an duine gabhtha do thabhairt suas do choimeád mhíleata no, go dtí go bhféadfar é thabhairt suas amhlaidh, é choinneáil i bpríosún no stáisiún Gárda Síochána éigin go ceann pé tréimhse a chífear dó do bheith riachtanach do réir réasúin chun pé nithe do dhéanamh is gá chun an duine ghabhtha do ghlacadh i gcoimeád mhíleata,
(II) maran deimhin leis amhlaidh, ordóidh an duine gabhtha do scaoileadh saor;
(iii) an Breitheamh den Chúirt Dúithche no an Feadhmannach Síochána gur ina láthair do bhéarfar an duine gabhtha féadfaidh o am go ham an fiosrú do chur ar athló agus, má dheineann amhlaidh, ordóidh an duine gabhtha do choinneáil, le linn an fhiosruithe do bheith ar athló amhlaidh, i bpríosún no i stáisiún Gárda Síochána;
(c) mara ndeinidh an duine gabhtha éileamh amhlaidh, féadfaidh neach déanta na gabhála é thabhairt suas do choimeád mhíleata agus go dtí go dtabharfar suas amhlaidh é féadfar an duine gabhtha do choinneáil in aon phríosún no stáisiún Gárda Síochána.
(2) I gcás duine dá thabhairt féin suas d'oifigeach no saighdiúir no do bhall den Ghárda Síochána agus dá rá gur tréigtheoir no nea-láithreach gan cead o na Fórsaí Cosanta é, féadfaidh an t-oifigeach no an saighdiúir sin no an ball san den Ghárda Síochána an duine sin do thabhairt suas do choimeád mhíleata agus go dtí go dtabharfar suas amhlaidh é féadfar é choinneáil in aon phríosún no stáisiún Gárda Síochána.
Athghairm.
14.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal agus có-luadh.
15.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1942, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1942, do ghairm de na hAchtanna agus den Acht so le chéile.
SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Uimhir agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
Ailt 11A agus 11B (do cuireadh isteach le halt 8 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924 (Uimh. 38 de 1924). | ||
Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924. | Alt 8. | |
Fo-alt (3) d'alt 17; fo-ailt (4) agus (5) d'alt 18; alt 54. | ||
Ailt 3 agus 7. |
Number 3 of 1942.
DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1942.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Suspension of right of soldier to be discharged during a period of emergency. | |
Application of section 9 of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1925, to officers. | |
Enactments Repealed.
Acts Referred to | |
No. 30 of 1923 | |
No. 11 of 1940 | |
No. 6 of 1941 | |
No. 4 of 1925 | |
Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923 (Continuance and Amendment) Act, 1924 | No. 38 of 1924 |
Number 3 of 1942.
DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1942.
Definitions and construction.
1.—(1) In this Act—
the expression “the Principal Act” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 30 of 1923);
the expression “the No. 2 Act of 1940” means the Defence Forces (Temporary Provisions) (No. 2) Act, 1940 (No. 11 of 1940);
the expression “the Act of 1941” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1941 (No. 6 of 1941);
the expression “the Acts” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Acts, 1923 to 1941.
(2) References in this Act to any enactment shall be construed as references to that enactment as amended by any subsequent enactment.
(3) The Acts and this Act shall be read and construed together and accordingly every word and expression used in this Act to which a particular meaning is given by the Acts for the purposes of the Acts has in this Act the meaning so given.
Continuance of the Acts.
2.—The Acts, as amended and extended by this Act, shall continue in force until the 31st day of March, 1943, and shall then expire.
Definition of expression “non-commissioned officer”.
3.—(1) The expression “non-commissioned officer”, where it occurs in the Acts or any enactment (including this Act) amending the Acts, shall be construed as meaning a member of the Defence Forces who holds any grade of rank or rating set out at any reference number (other than reference number 7) in the Table to section 18 of the No. 2 Act of 1940.
(2) This section shall be deemed to have come into operation on, and shall have effect as on and from, the 7th day of June, 1940.
Promotion of officers.
4.—(1) The Minister may promote any officer to a higher substantive rank.
(2) The Minister may promote any officer to a higher acting rank.
(3) An officer promoted to higher acting rank shall at any time thereafter, on a direction to that effect being given by the Minister and published in Iris Oifigiúil, revert to his substantive rank or, as may be so directed, to an acting rank higher than his substantive rank.
(4) Sub-sections (2) and (3) of this section shall be deemed to have come into operation on, and shall have effect as on and from, the 3rd day of September, 1939.
Promotion of soldiers.
5.—(1) The Minister or any officer authorised by him in that behalf may promote any member of the Defence Forces holding a non-commissioned military rank or grade of marine rating to a higher substantive non-commissioned rank or grade of rating.
(2) The Minister or any officer authorised by him in that behalf may reduce a non-commissioned officer of the Defence Forces holding a substantive non-commissioned rank or grade of rating to a lower substantive non-commissioned rank or grade of rating.
(3) The Minister or any officer authorised by him in that behalf may promote any member of the Defence Forces holding a non-commissioned military rank or grade of marine rating to a higher acting non-commissioned rank or grade of rating.
(4) Any officer authorised in that behalf by the Minister may direct that an acting non-commissioned officer of the Defence Forces shall revert to his substantive rank or grade of rating or to an acting rank or grade of rating higher than his substantive rank or grade of rating and any such direction shall have effect accordingly.
(5) Sub-sections (3) and (4) of this section shall be deemed to have come into operation on, and shall have effect as on and from, the 3rd day of September, 1939.
Amendment of section 131 of the Principal Act.
6.—Section 131 (which relates to deductions which may be made from ordinary pay of soldiers) of the Principal Act is hereby amended by the insertion therein, after paragraph (e), of the following paragraph, that is to say:—
“(ee) the sum required to pay any penalty, damages, compensation or costs awarded against him by a civil court before which he has been charged with an offence”.
Suspension of right of soldier to be discharged during a period of emergency.
7.—(1) Notwithstanding anything contained in the Acts, no soldier of the Forces or man of the Reserve shall be entitled to be discharged during a period of emergency, and where the term of original enlistment of any such soldier or man expires during a period of emergency, it shall be deemed to be extended for that period of emergency, and such extension shall be deemed, in the case of a soldier of the Forces, to be an extension of his army service, or, in the case of a man of the Reserve, to be an extension of his reserve service, and the provisions of the Acts shall apply in each such case as if the term of original enlistment included such extension of service.
(2) The operation of section 155 (which relates to prolongation of service in certain cases) of the Principal Act and sub-section (2) of section 34 (which relates to discharge of Reserve men on completion of service) of the No. 2 Act of 1940 shall, by virtue of this sub-section, be suspended during any period of emergency.
(3) In this section the expression “period of emergency” has the same meaning as in the No. 2 Act of 1940.
(4) This section shall be deemed to have come into force on, and shall have effect as on and from, the 1st day of January, 1941.
Application of section 9 of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1925, to officers.
8.—Section 9 (which relates to lunatic soldiers on discharge) of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1925 (No. 4 of 1925), shall apply, in respect of an officer who, if he is an officer of the Forces, is retired therefrom on the grounds of infirmity of mind or, if he is an officer of the Reserve of Officers, relinquishes his commission on the said grounds and who is certified by a registered medical practitioner to be a person of unsound mind and to be a proper person to be detained under care and treatment, in like manner as the said section applies to a soldier of the Forces in respect of whom, upon his discharge, it is similarly certified.
Amendment of section 17 of the No. 2 Act of 1940.
9.—Section 17 (which relates to commissioned ranks in the Defence Forces) of the No. 2 Act of 1940 shall be construed and have effect as if—
(a) the following sub-section were substituted for sub-section (3) thereof, that is to say:—
“(3) For the purposes of any enactment to which this sub-section applies or any scheme made (whether before or after the passing of this Act) under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938, every commissioned marine rank mentioned in the third column of the Table hereto shall be deemed to be a rank corresponding to the commissioned military rank respectively mentioned opposite thereto in the second column of the said Table, and references in any such enactment or scheme to a commissioned military rank corresponding to a commissioned marine rank shall be construed as including references to such commissioned marine rank.
This sub-section applies to any enactment, whether passed before or after this Act, including this Act, which is a Saorstát Éireann statute or an Act of the Oireachtas.”; and
(b) the following two sub-sections were inserted after sub-section (3), that is to say:—
“(4) The Minister may direct that an officer of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto, or a direction given under the next following sub-section) a commissioned military rank set out in the second column of the Table hereto shall, in lieu of that commissioned military rank, hold the commissioned marine rank set out in the third column of the said Table opposite the mention of such commissioned military rank, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.
(5) The Minister may direct that an officer of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto or a direction given under the immediately preceding sub-section) a particular commissioned marine rank shall, in lieu of that commissioned marine rank, hold the commissioned military rank corresponding to such commissioned marine rank and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.”.
Amendment of section 18 of the No. 2 Act of 1940.
10.—Section 18 (which relates to non-commissioned ranks and ratings in the Defence Forces) of the No. 2 Act of 1940 shall be construed and have effect as if—
(a) the following sub-section were substituted for sub-section (4) thereof, that is to say:—
“(4) For the purposes of any enactment to which this sub-section applies or any scheme made (whether before or after the passing of this Act) under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938,—
(a) the marine rank of Warrant Officer shall be deemed to be a rank corresponding to the military rank of Sergeant-Major, and references in any such enactment or scheme to the rank of Sergeant-Major shall be construed as including references to the rank of Warrant Officer;
(b) every marine rating mentioned in the fourth column of the Table hereto shall be deemed to be a rank corresponding to the military rank respectively mentioned opposite thereto in the second column of the said Table, and references in any such enactment or scheme to a grade of non-commissioned military rank corresponding to a grade of non-commissioned marine rating shall be construed as including references to such grade of non-commissioned marine rating.
This sub-section applies to any enactment, whether passed before or after this Act, including this Act, which is a Saorstát Éireann statute or an Act of the Oireachtas.”;
(b) the following sub-section were substituted for sub-section (5) thereof, that is to say:—
“(5) The Minister may by order direct that in relation to any Corps or Service or part of a Corps or Service the holder of non-commissioned military rank therein shall in lieu of holding a rank specified in the second column of the Table hereto hold such other equivalent rank as may be specified in such order, and in such case references in any enactment to which this sub-section applies or in any scheme made (whether before or after the passing of this Act) under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938, to, a rank specified in the said second column shall as respects such Corps or Service or part of such Corps or Service be construed as references to the equivalent rank specified in such order.
This sub-section applies to any enactment, whether passed before or after this Act, including this Act, which is a Saorstát Éireann statute or an Act of the Oireachtas.”; and
(c) the following four sub-sections were inserted after sub-section (6), that is to say:—
“(7) The Minister may direct that a member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto or a direction given under the next following sub-section) the military rank of Sergeant-Major shall, in lieu of that military rank, hold the marine rank of Warrant Officer, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.
(8) The Minister may direct that any member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto or a direction given under the immediately preceding sub-section) the marine rank of Warrant Officer shall, in lieu of that marine rank, hold the military rank of Sergeant-Major, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.
(9) The Minister may direct that any member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his enlistment or appointment thereto or a direction given under the next following sub-section) a non-commissioned military rank (other than that of Sergeant-Major) set out in the second column of the Table hereto, shall, in lieu of that non-commissioned military rank, hold the grade of non-commissioned marine rating set out in the fourth column of the said Table opposite the mention of such non-commissioned military rank, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.
(10) The Minister may direct that any member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his enlistment or appointment thereto or a direction given under the immediately preceding sub-section) a grade of non-commissioned marine rating set out in the fourth column of the Table hereto shall, in lieu of that grade of non-commissioned marine rating, hold the non-commissioned military rank set out in the second column of the said Table opposite the mention of such non-commissioned marine rating, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.”.
Amendment of section 57 of the No. 2 Act of 1940.
11.—Section 57 (which relates to restoration to employment of reservists called out on permanent service and of soldiers enlisted in the Forces for a period of emergency) of the No. 2 Act of 1940 shall not apply in respect of any man of the Reserve or any person who enlists in the Forces, within the meaning of the said section, who is—
(a) discharged with ignominy from the service or discharged from the service by sentence of a court-martial, or
(b) discharged from the service for any of the following reasons, namely—
(i) wilfully making a false statement on attestation,
(ii) misconduct,
(iii) conviction by the civil power, or
(c) a person to whom sub-section (2) of section 119 of the Principal Act is applicable.
Amendment of section 8 of the Act of 1941.
12.—Section 8 (which relates to restoration to employment of certain officers) of the Act of 1941 shall not apply in respect of an officer belonging to the Reserve of Officers or a temporary officer, within the meaning of the said section, who is—
(a) dismissed with ignominy from the service or dismissed from the service by sentence of a court martial, or
(b) dismissed under section 7 of the Defence Forces Act, 1937 (No, 41 of 1937).
Apprehension of suspected deserters and absentees.
13.—(1) Where an officer or soldier or a member of the Gárda Síochána has reasonable grounds for suspecting that any person is a deserter or an absentee without leave from the Defence Forces, he may, without warrant, arrest such person and thereupon the following provisions shall have effect, that is to say:—
(a) such person (in this sub-section referred to as the arrested person) may demand that an inquiry into his arrest be made under the next following paragraph, and the person making the arrest shall inform the arrested person of his right under this paragraph;
(b) if the arrested person so demands, then—
(i) the arrested person shall be brought before a Justice of the District Court or a Peace Commissioner and may in the meantime be detained in any Gárda Síochána station;
(ii) the Justice of the District Court or the Peace Commissioner before whom the arrested person is brought shall inquire into the arrest, and
(I) if satisfied that the arrested person is a deserter or absentee without leave, shall forthwith cause the arrested person to be delivered into military custody or, until he can be so delivered, to be committed to some prison or Gárda Síochána station for such time as appears to him reasonably necessary for the taking of steps to receive the arrested person into military custody,
(II) if not so satisfied, shall order the release of the arrested person;
(iii) the Justice of the District Court or Peace Commissioner before whom the arrested person is brought may from time to time adjourn the inquiry, and, if he so does, shall order that the arrested person be detained, during any such adjournment, in a prison or a Gárda Síochána station;
(c) if the arrested person does not so demand, the person making the arrest may deliver him into military custody and pending such delivery the arrested person may be detained in any prison or Gárda Síochána station.
(2) Where a person surrenders himself to an officer or soldier or a member of the Gárda Síochána and alleges that he is a deserter or absentee without leave from the Defence Forces, such officer, soldier or member of the Gárda Síochána may deliver such person into military custody and pending such delivery such person may be detained in any prison or Gárda Síochána station.
Repeals.
14.—The enactments mentioned in the second column of the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of the said Schedule.
Short title and collective citation.
15.—(1) This Act may be cited as the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1942.
(2) The Acts and this Act may be cited together as the Defence Forces (Temporary Provisions) Acts, 1923 to 1942.
SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Number and Year | Short Title | Extent of Repeal |
No. 30 of 1923 | Sections 11A and 11B (inserted by section 8 of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923 (Continuance and Amendment) Act, 1924 (No. 38 of 1924) ). | |
No. 38 of 1924 | Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923 (Continuance and Amendment) Act, 1924. | |
No. 11 of 1940. | Sub-section (3) of section 17: sub-sections (4) and (5) of section 18; section 54. | |
No. 6 of 1941. | Sections 3 and 7. |