As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 41 de 1956.
[EN]
AN tACHT UM LEIGHEASANNA AINMHITHE, 1956.
[An tiontó oifigiúil.]
ACHT DO RIALÚ ALLMHUIRIÚ, MONARÚ, IMDHÁIL, DÍOL AGUS FÓGAIRT LEIGHEASANNA AINMHITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ A GHEARRADH AR CHEADÚNAIS) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Nollaig, 1956.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]Tosach feidhme.
1.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh sé mhí tar éis a rite nó pé dáta roimhe sin a cheapfas an tAire le hordú.
[EN]Léiriú.
2.—San Acht seo—
[EN]folaíonn “fógrán” aon tsórt fógraíochta trí fhógra, póstaer paimfléad, cearcalán, lipéad, cuairsceann nó doiciméad eile dá samhail ach ní fholaíonn sé fógrán i nuachtán ná iris allmhuirithe maidir le leigheas ainmhithe nach monaraítear sa Stát;
[EN]ciallaíonn “ainmhí” ainmhí a bhfuil feidhm ag an Acht seo ina leith;
[EN]ciallaíonn “leigheas ainmhithe” aon tsubstaint, ullmhóid, meascán nó comhdhúil, seachas ábhar bídh a haithnítear agus a húsáidtear go coitianta sa cháil sin atá ceaptha lena fhriotháil nó a chur, laistigh nó lasmuigh; ar ainmhí in aon tslí chun aon díobháil, galar, tinneas nó éalaing a chosc, d'eadargnú nó a chóireáil, nó chun sláinte nó staid an ainmhí d'fheabhsú;
[EN]ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine ag a bhfuil údarás i scríbhinn ón Aire chun na cumhachta d'fheidhmiú a bheirtear d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo;
[EN]ciallaíonn “an Coiste Comhairleach” an coiste a bunófar faoi alt 4;
[EN]ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
[EN]folaíonn earra a dhíol í a thairiscint, a thaispeáint nó a choimeád lena díol, tairiscint a lorg chun í a cheannach, nó í d'imdháil ar luaíocht, agus déanfar focail ghaolmhara d'fhorléiriú dá réir sin.
[EN]Ainmhithe lena mbaineann an tAcht seo.
3.—(1) Baineann an tAcht seo leis na hainmhithe seo a leanas— capaill (lena n-áirítear capaillíní, asail, miúlacha agus ránacha), bólacht, caoirigh, muca, gabhair, madraí, cait agus éanlaithe clóis (lena n-áirítear éanlaithe tís, turcaithe, lachain, géanna agus éanlaithe guine) d'aon aois.
[EN](2) Féadfaidh an tAire, le hordú, feidhm a thabhairt don Acht seo i gcás aon ainmhí eile, pé acu ainmhí tís nó ainmhí faoi ghaibhniú é, agus féadfaidh sé aon ordú den tsórt sin a chúlghairm.
[EN]An Coiste Comhairleach um Leigheasanna Ainmhithe.
4.—(1) Chun comhairle agus cúnamh a thabhairt don Aire maidir le rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo, bunófar coiste dá ngairmfear an Coiste Comhairleach um Leigheasanna Ainmhithe.
[EN](2) Beidh ar an gCoiste Comhairleach cúigear comhaltaí a cheapfas an tAire ó am go ham agus a n-ainmneoidh an tAire Sláinte comhalta amháin díobh agus a mbeidh na comhaltaí eile ina ndaoine ar dóigh leis an Aire go bhfuil taithí nó eolas speisialta acu ar mhonarú, pacáil, imdháil, díol nó úsáid leigheasanna ainmhithe, nó go bhfuilid ionadaitheach do dhaoine a bhíos ag gabháil dó sin.
[EN](3) Beidh gach comhalta den Choiste Comhairleach i seilbh oifige, mura n-éaga sé nó mura n-éirí sé as oifig roimhe sin, go ceann tréimhse dhá bhliain ó dháta a cheaptha, ach féadfar é d'athcheapadh.
[EN](4) Féadfar pé caiteachais taistil agus cothabhála a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhaltaí an Choiste Chomhairligh.
[EN](5) Tiocfaidh an Coiste Comhairleach le chéile aon uair a ghairmfeas an tAire iad.
[EN](6) Féadfaidh an Coiste Comhairleach a nós imeachta féin a rialú.
[EN](7) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an tAire, le rialacha faoin alt seo, trátha ceaptha comhaltaí an Choiste Chomhairligh a rialú, maraon le tráth agus modh líonta corrfholúntas sa Choiste Comhairleach agus tréimhse oifige na ndaoine a ceapfar chun na corr-fholúntais sin a líonadh.
[EN]Comhdhéanamh leigheasanna ainmhithe a chur in iúl.
5.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, ní dhéanfaidh duine ar bith leigheas ainmhithe a dhíol ná d'allmhuiriú mura mbeidh ar an gcoimeádán ina ndíolfar nó ina n-allmhuireofar é, agus ar aon chuairsceann imeachtrach, fógra a chuirfeas in iúl, go soiléir,—
[EN](a) (i) an ghnáth-ainm iomchuí tráchtála atá ar an leigheas nó, má tá níos mó ná táthchuid amháin ann, ar gach táthchuid de, maraon leis an gcion de gach táthchuid atá sa leigheas, nó
[EN](ii) mura bhfuil ghnáth-ainm iomchuí tráchtála ar an leigheas nó ar aon táthchuid de, ainm iomchuí eolaíochta an leighis nó na táthchoda sin, nó
[EN](iii) mura bhfuil sa leigheas ach substaint íce a bhfuil ceadúnas nó cead a deonadh faoin Acht Substaintí Ice, 1932 (Uimh. 25 de 1932), i bhfeidhm ina leith, ainm na substainte mar luaitear sa cheadúnas nó sa chead é agus uimhir an cheadúnais nó an cheada, agus
[EN](b) an tsain-cháilíocht íocshláinteach nó na sain-cháilíochtaí íocshláinteacha a dearbhaítear a bheith sa leigheas, agus
[EN](c) (i) i gcás an leigheas d'allmhuiriú ina mhór-mhéid agus é a phacáil sa Stát, ainm agus seoladh an allmhuireora agus pacálaí an leighis,
[EN](ii) i gcás an leigheas a mhonarú sa Stát le haghaidh agus faoi urláimh dhuine a mhonaraíos an leigheas céanna nó a chuireas faoi deara é a mhonarú lasmuigh den Stát, ainm agus seoladh an duine sin agus ráiteas go bhfuil an leigheas á mhonarú sa Stát lena aghaidh agus faoina urláimh agus ainm agus seoladh pacálaí an leighis nó, murab é an monaróir nó an pacálaí a imdháileas an leigheas, ainm agus seoladh a imdháileora, nó
[EN](iii) in aon chás eile, ainm agus seoladh monaróra agus pacálaí an leighis, agus
[EN](d) pé sonraí eile a hordófar ó am go ham le rialacháin a dhéanfas an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach.
[EN](2) Faoi réir forál an ailt seo, ní fhoilseoidh duine ar bith, ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar, aon fhógrán i dtaobh leighis ainmhithe mura mbíonn sa bhfógrán sin na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1).
[EN](3) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hallmhuiriú leighis ainmhithe ina mhór-mhéid ar shlí seachas sa choimeádán nó sa chuairsceann imeachtrach a bhfuil beartaithe é a chur ar díol ann.
[EN](4) Ní bhainfidh fo-alt (2) le fógrán a fhoilseos an tAire nó a chuirfeas sé á fhoilsiú, ná le faisnéis eolaíochta a fhoilseos ollscoil nó institiúid nó comhlachas gairmiúil nó eolaíochta, nó a chuirfid á foilsiú.
[EN](5) Ní bhainfidh an t-alt seo le leigheas ainmhithe—
[EN](a) a soláthrófar do thréidlia cláraithe nó a sholáthrós tréidlia cláraithe do dhuine eile chun go gcóireálfar ainmhí is leis an duine sin nó is gnáthach a bheith ina choimeád agus ar loirg an duine sin comhairle faoi ar an tréidlia i gcúrsa a chleachtais ghairmiúil phríobháidigh,
[EN](b) a dhíolfas saotharlann oifigiúil thaighde tréidliachta atá aitheanta ag an Aire, nó a hallmhuireofar ó shaotharlann den tsórt sin,
[EN](c) a sholáthrós cógaiseoir cláraithe, drugadóir cláraithe, nó cógaiseoir agus drugadóir urghnaimh cláraithe, do réir oidis ar leithligh ó thréidlia cláraithe, agus a dhíolfas sé leis an duine a bheas ainmnithe san oideas nó
[EN](d) a honnmhuireofar as an Stát.
[EN](6) Féadfaidh an tAire—
[EN](a) a cheangal ar aon duine a dhíolfas leigheas ainmhithe a chinntiú dhó gur ráiteas cruinn aon ráiteas ar choimeádán nó ar chuairsceann imeachtrach an leighis sin,
[EN](b) a cheangal ar aon duine a chuirfeas faoi deara fógrán d'fhoilsiú i dtaobh leigheas ainmhithe a chinntiú dhó gur ráiteas cruinn aon ráiteas sa bhfógrán,
[EN]agus déanfar do réir aon cheanglais den tsórt sin.
[EN](7) San alt seo ciallaíonn “ainm iomchuí eolaíochta”—
[EN](a) más nimh a háirítear i Sceideal A a ghabhas leis an Poisons (Ireland) Act, 1870, an leigheas nó an táthchuid, an ainm atá le cur, de bhun ailt 2 den Acht sin, ar choimeádán na nimhe sin,
[EN](b) mura nimh den tsórt sin an leigheas nó an táthchuid agus go bhfuil a thuairisc in aon cheann de na monografa san eagrán den Irish Pharmacopoeia is déanaí a foilsíodh roimh an dáta a monaraíodh nó a hallmhuiríodh an leigheas nó an leigheas ina bhfuil an táthchuid sin, an tuairisc atá i mbarr an mhonografa sin, nó
[EN](c) in aon chás eile, an ainm eolaíochta ghnáth-aitheanta nó ainm eile a bheir tuairisc cheart ar an leigheas nó an táthchuid.
[EN]Toirmeasc ar shonraí bréagacha nó míthreoracha.
6.—(1) Na sonraí is gá do réir an Achta seo i ndáil le díol, allmhuiriú nó fógairt aon leighis ainmhithe agus aon tsonraí eile (lena n-áirítear branda nó ainm thrádála an leighis sin) a tugtar i ndáil leis an díol, leis an allmhuiriú nó leis an bhfógairt sin, ní thabharfaidh aon duine iad ar chuma a chuirfeas i gcion, nó ba dhóigh a chuirfeadh i gcion, treoir nó tuiscint bhréagach nó mhícheart ar chomhdhéanamh, fiúntas nó éifeacht íocshláinteach an leighis sin.
[EN](2) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireas tórainn le hoibriú na nAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta, 1887 go 1931.
[EN]Rialacháin faoi leigheasanna ainmhithe.
7.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach, foráil a dhéanamh le rialacháin—
[EN](a) chun monarú, ullmhú, pacáil, allmhuiriú nó díol aon leighis ainmhithe a rialú (lena n-áirítear a thoirmeasc ach amháin faoi cheadúnas ón Aire), agus
[EN](b) más substaint íce lena mbaineann an tAcht Substaintí Ice, 1932, an leigheas ainmhithe, go scoirfidh an tAcht sin, ina iomláine nó a mhéid a sonrófar, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an leigheas.
[EN](2) Ní bhainfidh rialacháin faoin alt seo le soláthar nó díol leigheasanna ainmhithe faoi fho-alt (5) d'alt 5.
[EN](3) Ní déanfar, gan toiliú an Aire Shláinte, rialacháin faoin alt seo d'fhorálfadh, dá ndéantaí iad, go mbeadh deireadh, ina hiomláine nó a mhéid a sonrófaí, le feidhm an Achta Shubstaintí Ice, 1932, maidir le substaint íce, agus ní déanfar, gan an tAire agus an tAire Sláinte do dhul i gcomhairle le chéile roimh ré, rialacháin faoin alt seo, a dhéanfadh difir, dá ndéantaí iad, in aon tslí eile do shubstaintí íce lena mbaineann an tAcht Substaintí Ice, 1932.
[EN]Táillí ar cheadúnais.
8.—(1) Íocfar ar aon cheadúnais a dheonadh pé táille (más ann) a shocrós an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
[EN](2) Féadfar táillí éagsúla a shocrú i leith cineálacha éagsúla ceadúnas.
[EN]Iniúchadh ag oifigigh údaraithe.
9.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó feithicil a bhfuil cúis aige a chreidiúint go bhfuil aon leigheas ainmhithe á mhonarú, á phacáil, á ullmhú lena dhíol nó á dhíol ann, agus féadfaidh sé aon ghléasra, ábhair nó taifid a gheofar san áitreabh nó sa bhfeithicil sin d'iniúchadh agus samplaí d'aon ábhair den tsórt sin a thógaint agus a thabhairt as agus cóipeanna a dhéanamh d'aon taifid den tsórt sin.
[EN](2) Déanfaidh aon duine a bheas ag gabháil do dhíol leighis ainmhithe, ar oifigeach údaraithe dá iarraidh sin air agus do thabhairt a údaráis ar aird má hiarrtar sin air—
[EN](a) aon taifid ina sheilbh nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don oifigeach,
[EN](b) aon eolas a iarrfas an t-oifigeach maidir leis an leigheas a thabhairt dó, agus
[EN](c) sampla den leigheas agus d'aon choimeádán dó a thabhairt don oifigeach, agus cóip d'aon fhógrán maidir leis an leigheas sin a bheas ina sheilbh nó faoina urláimh.
[EN](3) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon oifigeach údaraithe a chosc ná a bhac agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó faoin Acht seo.
[EN]Cionta.
10.—(1) Aon duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) foráil den Acht seo nó d'aon rialacháin faoi, nó téarma nó coinníoll in aon cheadúnas, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
[EN](2) Féadfaidh an Chúirt, dá rogha féin, a ordú go bhforghéillfear aon leigheas ainmhithe a ndearnadh an cion ina leith.
[EN](3) Déanfar aon earraí a n-ordófar a bhforghéilleadh faoin alt seo a dhiúscairt mar is oiriúnach leis an Aire, agus déanfar aon airgead a gheofar as an diúscairt sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.
[EN](4) Féadfaidh an tAire imeachta i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
[EN]Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.
11.—Aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis na rialacháin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.
[EN]Táillí.
12.—(1) Déanfar na táillí uile is iníoctha faoin Acht seo a bhailiú agus a thógaint i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire sin.
[EN](2) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí is iníoctha faoin Acht seo.
[EN]Caiteachais.
13.—Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
[EN]Gearrtheideal.
14.—Féadfar an tAcht um Leigheasanna Ainmhithe, 1956, a ghairm den Acht seo.
Number 41 of 1956.
[GA]
ANIMAL REMEDIES ACT, 1956.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
No. 25 of 1932 |
Number 41 of 1956.
ANIMAL REMEDIES ACT, 1956.
AN ACT TO REGULATE THE IMPORT, MANUFACTURE, DISTRIBUTION, SALE AND ADVERTISEMENT OF ANIMAL REMEDIES, AND TO PROVIDE FOR CERTAIN OTHER MATTERS (INCLUDING THE CHARGING OF FEES ON LICENCES) CONNECTED WITH THE MATTERS AFORESAID. [12th December, 1956.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]
Commencement.
1.—This Act shall come into operation six months after the passing thereof or on such earlier date as the Minister may by order appoint.
[GA]Interpretation.
2.—In this Act—
[GA]“advertisement” includes any form of advertising by means of a notice, poster, pamphlet, circular, label, wrapper or other like document but does not include an advertisement in an imported newspaper or journal in relation to an animal remedy which is not manufactured in the State;
[GA]“animal” means an animal in relation to which this Act applies;
[GA]“animal remedy” means any substance, preparation, mixture or compound, other than a feeding stuff commonly known and used as such, which is intended for administration or application whether internally or externally to an animal by any means for the purpose of preventing, diagnosing or treating any injury, disease, ailment or defect or improving its health or condition;
[GA]“authorised officer” means a person authorised in writing by the Minister to exercise the powers conferred on an authorised officer by this Act;
[GA]“the Consultative Committee” means the committee set up under section 4;
[GA]“the Minister” means the Minister for Agriculture;
[GA]“sell” includes offer, expose or keep for sale, invite an offer to buy, or distribute for reward and cognate words shall be construed accordingly.
[GA]Animals to which this Act applies.
3.—(1) This Act applies in relation to the following animals—horses (including ponies, asses, mules and jennets), cattle, sheep, swine, goats, dogs, cats and poultry (including domestic fowl, turkeys, ducks, geese and guinea fowl) of any age.
[GA](2) The Minister may by order apply this Act to any other animal, whether domestic or in captivity, and may revoke any such order.
[GA]Animal Remedies Consultative Committee.
4.—(1) For the purpose of advising and assisting the Minister in the making of regulations under this Act there shall be established a committee to be known as the Animal Remedies Consultative Committee.
[GA](2) The Consultative Committee shall consist of five members appointed from time to time by the Minister of whom one shall be nominated by the Minister for Health and the remainder shall be persons whom the Minister considers to have experience or special knowledge in relation to or to be representative of persons engaged in the manufacture, packing, distribution, sale or use of animal remedies.
[GA](3) Every member of the Consultative Committee shall, unless he previously dies or resigns, hold office for a period of two years from the date of appointment but shall be eligible for re-appointment.
[GA](4) There may be paid to members of the Consultative Committee such expenses of travel and subsistence as the Minister, with the consent of the Minister for Finance, may determine.
[GA](5) The Consultative Committee shall meet whenever summoned by the Minister.
[GA](6) The Consultative Committee may regulate its own procedure.
[GA](7) Subject to the provisions of this section, the Minister may, by rules made under this section, regulate the times of appointment of members of the Consultative Committee, the time and mode of filling casual vacancies in the Consultative Committee, and the period of office of persons appointed to fill such casual vacancies.
[GA]Disclosure of composition of animal remedies.
5.—(1) Subject to the provisions of this section, no person shall sell or import an animal remedy unless the container in which it is sold or imported and any outer wrapper bear a notice clearly indicating—
[GA](a) (i) the appropriate commercial common name of the remedy or, if it contains more than one ingredient, of each ingredient and the proportion thereof in the remedy, or
[GA](ii) if the remedy or any ingredient has not an appropriate commercial common name, the appropriate scientific name of such remedy or ingredient, or
[GA](iii) if the remedy consists solely of a therapeutic substance in respect of which a licence or permit granted under the Therapeutic Substances Act, 1932 (No. 25 of 1932), is in force, the name of the substance as stated in the licence or permit and the number of the licence or permit, and
[GA](b) the specific remedial property or properties claimed for the remedy, and
[GA](c) (i) in a case where the remedy is imported in bulk and packed in the State, the name and address of the importer and packer of the remedy,
[GA](ii) in a case where the remedy is manufactured in the State for and under the control of a person who manufactures the same remedy or causes it to be manufactured outside the State, the name and address of that person and that the remedy is manufactured in the State for and under the control of that person and the name and address of the packer or, where the remedy is not distributed by the manufacturer or packer, of the distributor of the remedy, or
[GA](iii) in any other case, the name and address of the manufacturer and packer of the remedy, and
[GA](d) such other particulars as may be prescribed from time to time by regulations made by the Minister after consultation with the Consultative Committee.
[GA](2) Subject to the provisions of this section, no person shall publish or cause to be published an advertisement for an animal remedy unless such advertisement contains the particulars specified in subsection (1).
[GA](3) Subsection (1) shall not apply to the importation in bulk of an animal remedy otherwise than in the container or outer wrapper in which it is intended to be put on sale.
[GA](4) Subsection (2) shall not apply to an advertisement published or caused to be published by the Minister or to scientific information published or caused to be published by a university or professional or scientific institution or association.
[GA](5) This section shall not apply to an animal remedy which—
[GA](a) is supplied to a registered veterinary surgeon or by a registered veterinary surgeon to a person for the treatment of an animal which is owned by or ordinarily in the custody of that person and concerning which that person has consulted him in the course of his private professional practice,
[GA](b) is sold by or imported from an official veterinary research laboratory recognised by the Minister,
[GA](c) is supplied, in accordance with an individual prescription of a registered veterinary surgeon, and is sold by a registered pharmaceutical chemist, a registered druggist or a registered dispensing chemist and druggist to the person named in the prescription, or
[GA](d) is exported from the State.
[GA](6) The Minister may require—
[GA](a) any person who sells an animal remedy to satisfy him of the accuracy of any statement on the container or outer wrapper of such remedy,
[GA](b) any person who causes to be published an advertisement for an animal remedy to satisfy him of the accuracy of any statement contained in the advertisement,
[GA]and any such requirement shall be complied with.
[GA](7) In this section “appropriate scientific name” means—
[GA](a) in a case where the remedy or ingredient is a poison included in Schedule A to the Poisons (Ireland) Act, 1870, the name with which the container of such poison is required to be labelled pursuant to section 2 of that Act,
[GA](b) in a case where the remedy or ingredient is not such a poison and is described in any of the monographs contained in the edition of the Irish Pharmacopoeia which was last published before the date on which such remedy or the remedy containing such ingredient was manufactured or imported, the description set out at the head of that monograph, or
[GA](c) in any other case, the accepted scientific name or other name descriptive of the true nature of the remedy or ingredient.
[GA]Prohibition of false or misleading particulars.
6.—(1) The particulars required by this Act to be given in connection with any sale, importation or advertisement of any animal remedy and any other particulars (including the brand name or trade name of such remedy) given in connection with such sale, importation or advertisement shall not be so given by any person as to convey or be likely to convey a false or misleading indication or impression of the composition, remedial value or effectiveness of such remedy.
[GA](2) Nothing in this section shall be construed as limiting the operation of the Merchandise Marks Acts, 1887 to 1931.
[GA]Regulations as to animal remedies.
7.—(1) Subject to the provisions of this section, the Minister may, after consultation with the Consultative Committee, provide by regulations—
[GA](a) for the control (including the prohibition save under licence of the Minister) of the manufacture, preparation, packing, importation or sale of any animal remedy, and
[GA](b) if the animal remedy is a therapeutic substance to which the Therapeutic Substances Act, 1932, applies, that that Act shall cease to apply, either wholly or to a specified extent, to the remedy.
[GA](2) Regulations under this section shall not apply to the supply or sale of animal remedies under subsection (5) of section 5.
[GA](3) Regulations under this section which, if made, would provide for the cesser, either wholly or to a specified extent, of the application of the Therapeutic Substances Act, 1932, to a therapeutic substance shall not be made without the consent of the Minister for Health and regulations under this section which, if made, would affect in any other manner therapeutic substances to which the Therapeutic Substances Act, 1932, applies shall not be made without prior consultation between the Minister and the Minister for Health.
[GA]Fees on licences.
8.—(1) There shall be paid on the grant of any licence such fee (if any) as may be fixed by the Minister with the consent of the Minister for Finance.
[GA](2) Different fees may be fixed in respect of different classes of licences.
[GA]Inspection by authorised officers.
9.—(1) An authorised officer may enter at all reasonable times any premises or vehicle in which he has reason to believe the manufacture, packing, preparation for sale, or sale of any animal remedy to be carried on and may inspect any plant, materials or records found in such premises or vehicle and may take and remove samples of any such materials and may make copies of any such records.
[GA](2) Any person who is engaged in the sale of an animal remedy shall, at the request of an authorised officer, and on production of his authorisation, if so required,—
[GA](a) produce to the officer any records in his possession or control,
[GA](b) furnish to the officer any information in relation to the remedy which he may require, and
[GA](c) supply the officer with a sample of the remedy and of any container therefor, and a copy of any advertisement in relation to such remedy in his possession or control.
[GA](3) No person shall obstruct or impede an authorised officer in the exercise of any of the powers conferred on him under this Act.
[GA]Offences.
10.—(1) Any person who contravenes (whether by act or omission) a provision of this Act or of any regulations made under it or a term or condition of any licence shall be guilty of an offence and shall be liable on summary conviction to a fine not exceeding one hundred pounds.
[GA](2) The Court may, at its discretion, order the forfeiture of any animal remedy in relation to which the offence is committed.
[GA](3) Any goods ordered to be forfeited under this section shall be disposed of as the Minister thinks fit, and any moneys arising from such disposal shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in such manner as the Minister for Finance shall direct.
[GA](4) Proceedings in relation to an offence under this Act may be brought and prosecuted by the Minister.
[GA]Laying of regulations before Houses of the Oireachtas.
11.—Regulations made under this Act shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after they are made and, if a resolution annulling the regulations is passed by either House within the next twenty-one days on which that House has sat after the regulations have been laid before it, the regulations shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
[GA]Fees.
12.—(1) All fees payable under this Act shall be collected and taken in such manner as the Minister for Finance shall from time to time direct and shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in accordance with the directions of the said Minister.
[GA](2) The Public Offices Fees Act, 1879, shall not apply in respect of any fees payable under this Act.
[GA]Expenses.
13.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
[GA]Short title.
14.—This Act may be cited as the Animal Remedies Act, 1956.