As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 7 de 1924.
[EN]
ACHT CHUN TOGHTHÓIRÍ RIALTAIS ÁITIÚLA DO CHLÁRÚ, 1924.
ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ A BHAINEAS LE hULLAMHÚ CLÁR NA dTOGHTHÓIRÍ RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE A BHAINEAS LE CLÁRÚ NA dTOGHTHÓIRÍ SIN. [21adh Márta, 1924.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]
Mínithe.
1.—San Acht so—
[EN]cialluíonn an focal “Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimhir 12 de 1923);
[EN]cialluíonn an focal “toghthóir rialtais áitiúla” duine i dteideal vótála i dtoghachán ball no baill de chomhairle chontae, contaebhuirge, baile-cheanntair no tuath-cheanntair, de bhórd chaomhnóirí do bhoicht, no de bhórd choimisinéirí aon bhaile;
[EN]gach focal agus abairt atá san Acht so agus a húsáidtear leis sa Phríomh-Acht beidh aca san Acht so, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, an brí céanna atá aca sa Phríomh-Acht.
[EN]Toghthóirí rialtais áitiúla do bheith sa dara clár de thoghthóirí.
2.—An dara clár de thoghthóirí atá le hullamhú do réir an Phríomh-Achta, sé sin le rá an clár de thoghthóirí atá cáilithe ar an 15adh lá de mhí na Samhna, 1923, beidh ann, sa bhfuirm orduithe, i dteanta na nithe a horduítear leis an bPríomh-Acht no fé, ainmneacha na ndaoine uile atá, fén dlí atá ann do réir mar leasuítear é leis an Acht so, cáilithe ar an 15adh lá de mhí na Samhna, 1923, chun bheith cláruithe mar thoghthóirí rialtais áitiúla.
[EN]An tréimhse cháilíochta do thoghthóirí rialtais áitiúla d'atharú.
3.—(1) Ath-ghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (11) d'alt 44 den Representation of the People Act, 1918, le n-a n-achtuítear gur tréimhse shé mhí dar críoch an 15adh lá d'Iúl an tréimhse cháilíochta agus ina ionad san achtuítear leis seo gur tréimhse shé mhí dar críoch an 15adh lá de mhí na Samhna, agus an lá san d'áireamh, an tréimhse cháilíochta do thoghthóirí rialtais áitiúla.
[EN](2) Tiocfidh an t-alt so i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ar an 14adh lá d'Iúl, 1923, agus ón lá san amach.
[EN]An tAcht Timpeal Toghachán 1923, do chur i mbaint le clárú toghthóirí rialtais áitiúla.
4.—(1) Bainfidh Codanna II. agus VIII. agus Sceidil I. agus IX. den Phríomh-Acht le clárú toghthóirí rialtais áitiúla sa chuma chéanna ina mbainid le clárú toghthóirí Dála ach na hatharuithe seo a leanas do dhéanamh ortha:—
[EN](a) ní bheidh baint ag na forálacha i dtaobh liost postvótáluithe d'ullamhú; agus
[EN](b) i dteanta na ndualgaisí a cuirtear air le Riail 22 de Sceideal I. déanfidh an t-oifigeach clárathachta pé atharuithe agus ceartuithe is riachtanach leis ar liostaí na dtoghthóirí i dtreo nách baol go gclárófar éinne níos mó ná aon uair amháin mar thoghthóir rialtais áitiúla in aon líomatáiste toghacháin chontae, cheanntair, bhuirge, dhlí na mbocht ná bhaile.
[EN](2) Aon chuid d'aon achtachán a bhaineas le clárú toghthóirí rialtais áitiúla agus atá buniscionn le Codanna II. agus VIII. agus Sceidil I. agus IX. den Phríomh-Acht ní bhainfe sí feasta le clárú toghthóirí rialtais áitiúla.
[EN]Oiriúnú ar achtacháin a bhaineas le toghthóirí rialtais áitiúla.
5.—(1) Féadfidh an tAire le hordú pé oiriúnuithe agus atharuithe a chífar do a bheith riachtanach do dhéanamh ar aon achtachán a bhaineas le clárú toghthóirí rialtais áitiúla (maraon leis an bPríomh-Acht mar a chuireann an tAcht so i mbaint é) chun toghthóirí rialtais áitiúla do chlárú sa cheart do réir an Achta so, ach iad san do dhéanamh i dtreo ná hoibreoidh aon oiriúnú ná atharú den tsórt san chun an ceart chun bheith cláruithe mar thoghthóir rialtais áitiúla do thabhairt d'aon duine ná do bhaint de.
[EN](2) Bainfidh Alt 64 den Phríomh-Acht le gach ordú a déanfar fén alt so.
[EN]Gearr-theideal.
6.—Féadfar an tAcht chun Toghthóirí Rialtais Áitiúla do Chlárú, 1924, do ghairm den Acht so.
Number 7 of 1924.
[GA]
LOCAL GOVERNMENT ELECTORS REGISTRATION ACT, 1924.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Act Referred to | |
No. 12 of 1923 |
Number 7 of 1924.
LOCAL GOVERNMENT ELECTORS REGISTRATION ACT, 1924.
AN ACT TO AMEND THE LAW RELATING TO THE PREPARATION OF THE REGISTER OF LOCAL GOVERNMENT ELECTORS AND FOR OTHER PURPOSES RELATING TO REGISTRATION OF SUCH ELECTORS. [21st March, 1924] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTAT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]
Definitions.
1.—In this Act—:
[GA]the expression “Principal Act” means the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923);
[GA]the expression “local government elector” means a person entitled to vote at an election of members or a member of the council of a county, county borough, or urban or rural district, a board of poor-law guardians, or the board of commissioners of any town;
[GA]all words and expressions in this Act which are also used in the Principal Act shall, unless the context otherwise requires, have the same meaning in this Act as in the Principal Act.
[GA]Second register of electors to include local government electors.
2.—The second register of electors to be prepared pursuant to the Principal Act, that is to say the register of electors who are qualified on the 15th day of November, 1923, shall in addition to the matters prescribed by or under the Principal Act, contain in the prescribed form the names of all persons who under the existing law as amended by this Act are qualified on the 15th day of November, 1923, to be registered as local government electors.
[GA]Alteration of the qualifying period for local government electors.
3.—(1) So much of sub-section (11) of section 44 of the Representation of the People Act, 1918, as enacts that the qualifying period shall be a period of six months ending on the 15th dayof July is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that the qualifying period for local government electors shall be a period of six months ending on the 15th day of November and including that day.
[GA](2) This section shall come into operation and take effect as on and from the 14th day of July, 1923.
[GA]Application of Electoral Act, 1923, to registration of local government electors.
4.—(1) Parts II. and VIII. and Schedules I. and IX. of the Principal Act shall apply to the registration of local government electors in the like manner as they apply to the registration of Dáil electors but with the following modifications:—
[GA](a) the provisions relating to the preparation of a postal voters list shall not apply, and
[GA](b) the registration officer shall in addition to the duties imposed on him by Rule 22 of Schedule I., make such alterations and corrections in the electors lists as he thinks necessary in order to secure that no person is registered more than once as a local government elector in any county, district, borough, poor law or town electoral area.
[GA](2) So much of any enactment relating to the registration of local government electors as is inconsistent with Parts II. and VIII. and Schedules I. and IX. of the Principal Act shall henceforth not apply to the registration of local government electors.
[GA]Adaptation of enactments relating to local government electors.
5.—(1) The Minister may by order make such adaptations of and modifications in any enactment relating to the registration of local government electors (including the Principal Act as applied by this Act) as may appear to him to be necessary for the proper registration of local government electors pursuant to this Act, but so that no such adaptation or modification shall operate to confer on or to take from any person the right to be registered as a local government elector.
[GA](2) Section 64 of the Principal Act shall apply to every order made under this section.
[GA]Short title.
6.—This Act may be cited as the Local Government Electors Registration Act, 1924.