As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 7 de 1966.


[EN]

AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 AGUS 1964. [8 Márta, 1966.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1960, Uimh. 10.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960.

[EN]

Méideanna bliantúla a íocfaidh an tAire leis an Údarás.

2.—Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, maidir le gach bliain de na cúig bliana airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966, suim a íoc leis an Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a bheidh comhionann le hiomlán na bhfáltas sa bhliain sin i leith táillí ceadúnais chraolacháin lúide—

[EN]

(a) aon chaiteachas a dheimhneoidh an tAire a bhain dó sa bhliain sin maidir le bailiú na dtáillí sin, agus

[EN]

(b) aon chaiteachas a dheimhneoidh an tAire a bhain dó sa bhliain sin i leith comhlíonadh a fheidhmeanna aige faoi ailt 12 agus 12A d'Acht 1926 maidir le trasnaíl nó docharú ar ghléasra raidió-theileagrafaíochta le haghaidh glactha amháin.

[EN]

Ainm corpraithe an Údaráis a athrú.

3.—Déantar leis seo ainm corpraithe an Údaráis a athrú ó “Radio Éireann” go “Radio Telefís Éireann”.

[EN]

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

4.—Déantar leis seo alt 12 den Phríomh-Acht a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (ii) d'fho-alt (2):

[EN]

“(iiA) ceapachán is ardú céime do dhuine is seirbhíseach cheana féin don Údarás.”

[EN]

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

5.—Déantar leis seo alt 16 den Phríomh-Acht a leasú trí na míreanna seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (2);

[EN]

“  (l) socrú a dhéanamh le húdaráis chraolacháin eile chun cláir (beo nó taifeadta) a dháileadh, a ghlacadh, a mhalartú agus a leaschraoladh;

[EN]

(m) faoi réir thoiliú an Aire, ábhar éisteachta agus ábhar féachana a taifeadadh a thiomsú, a fhoilsiú agus a dháileadh, ar tháille nó gan táille;

[EN]

(n) faoi réir thoiliú an Aire, seirbhísí a sholáthar d'Airí Stáit agus thar a gceann.”

[EN]

Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht.

6.—Déantar leis seo alt 25 den Phríomh-Acht a leasú trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) Déanfaidh an tUdarás cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh cibé tráth a ordóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(1B) Díreach tar éis gach iniúchadh faoin alt seo ar a chuntais, cuirfidh an tUdarás chun an Aire—

[EN]

(a) cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe arna ndeimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste,

[EN]

(b) cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus

[EN]

(c) cóipeanna den mhéid de na cuntais a cuireadh faoi iniúchadh a gceapfaidh an tAire gur cuntais iad a mbeidh cóipeanna díobh le chur chuige.”

[EN]

Mion-leasú agus aisghairm.

7.—(1) Athraítear leis seo ó “(1A)” go “(1B)” uimhir an fho-ailt a cuireadh isteach le mír (d) d'alt 34 den Phríomh-Acht in alt 5 d'Acht 1926.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo míreanna (h) agus (k) d'fho-alt (2) d'alt 16 agus fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 25 den Phríomh-Acht.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

8.—(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 agus 1964, agus den Acht seo le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 7 of 1966.


[GA]

BROADCASTING AUTHORITY (AMENDMENT) ACT, 1966


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Principle Act.

2.

Annual amounts to be paid to Authority by Minister.

3.

Change of corporate name of Authority.

4.

Amendment of section 12 of Principal Act.

5.

Amendment of section 16 of Principal Act.

6.

Amendment of section 25 of Principal Act.

7.

Minor amendment and repeals.

8.

Short title, construction and collective citation.


Act Referred to

Broadcasting Authority Act, 1960

1960, No. 10

harp.jpg


Number 7 of 1966.


BROADCASTING AUTHORITY (AMENDMENT) ACT, 1966


AN ACT TO AMEND AND EXTEND THE BROADCASTING AUTHORITY ACTS, 1960 AND 1964. [8th March, 1966.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS :— [GA]

Principal Act.

1.—In this Act “the Principal Act” means the Broadcasting Authority Act, 1960.

[GA]

Annual amounts to be paid to Authority by Minister.

2.—The Minister, with the approval of the Minister for Finance, may, in respect of each of the five consecutive financial years beginning with that ending on the 31st day of March, 1966, pay to the Authority out of moneys provided by the Oireachtas an amount equal to the total of the receipts in that year in respect of broadcasting licence fees less—

[GA]

(a) any expenses certified by the Minister as having been incurred by him in that year in relation to the collection of those fees, and

[GA]

(b) any expenses certified by the Minister as having been incurred by him in that year in respect of the performance of his functions under sections 12 and 12A of the Act of 1926 in relation to interfering with or injuriously affecting wireless telegraphy apparatus for receiving only.

[GA]

Change of corporate name of Authority.

3.—The corporate name of the Authority is hereby changed from “Radio Éireann” to “Radio Telefís Éireann”.

[GA]

Amendment of section 12 of Principal Act.

4.—Section 12 of the Principal Act is hereby amended by the insertion of the following paragraph after paragraph (ii) of subsection (2):

[GA]

“(iiA) an appointment consisting of the promotion of a person who is already a servant of the Authority,”.

[GA]

Amendment of section 16 of Principal Act.

5.—Section 16 of the Principal Act is hereby amended by the insertion at the end of subsection (2) of the following paragraphs:

[GA]

“(l) to arrange with other broadcasting authorities for the distribution, receipt, exchange and relay of programmes (whether live or recorded);

[GA]

(m) subject to the consent of the Minister, to compile, publish and distribute, with or without charge, recorded aural and visual material;

[GA]

(n) subject to the consent of the Minister, to provide services for and on behalf of Ministers of State.”

[GA]

Amendment of section 25 of Principal Act.

6.—Section 25 of the Principal Act is hereby amended by the insertion of the following subsections after subsection (1):

[GA]

“(1A) Accounts kept in pursuance of this section shall be submitted annually by the Authority to the Comptroller and Auditor General for audit at such time as the Minister, with the concurrence of the Minister for Finance, directs.

[GA]

(1B) Immediately after every audit under this section of its accounts, the Authority shall send to the Minister—

[GA]

(a) a copy of the income and expenditure account and balance sheet as certified by the Comptroller and Auditor General,

[GA]

(b) a copy of the Comptroller and Auditor General's report, and

[GA]

(c) copies of such of the accounts submitted for audit as the Minister may appoint as accounts of which copies are to be furnished to him.”

[GA]

Minor amendment and repeals.

7.—(1) The number of the subsection inserted by paragraph (d) of section 34 of the Principal Act in section 5 of the Act of 1926 is hereby changed from “(1A)” to “(1B)”.

[GA]

(2) Paragraphs (h) and (k) of subsection (2) of section 16 and subsections (2), (3) and (4) of section 25 of the Principal Act are hereby repealed.

[GA]

Short title, construction and collective citation.

8.—(1) This Act may be cited as the Broadcasting Authority (Amendment) Act, 1966.

[GA]

(2) The Broadcasting Authority Acts, 1960 and 1964, and this Act shall be construed together as one Act and may be cited together as the Broadcasting Authority Acts, 1960 to 1966.