As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 11 de 1934.


[EN]

ACHT NA mBANNAÍ TALMHAN, 1934.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE DO DHÉANAMH CHUN BANNAÍ TALMHAN DO BHUNÚ AGUS DO THABHAIRT AMACH CHUN AIRGID CHEANNAIGH D'ÍOC AGUS ROIMH-IOCANNA DO DHÉANAMH FÉ SNA hACHTANNA TALAMH-CHEANNAIGH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN ÚIS D'ÍOC AR NA BANNAÍ TALMHAN SAN AGUS IAD SAN D'FHUASCAILT AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS SIN. [23adh Márta, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923), agus, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, léireofar í mar abairt a thagrann don Acht san fé mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin.

[EN]

Airgead ceannaigh d'íoc i mbannaí talmhan.

2.—(1) Déanfar an t-airgead ceannaigh go léir (seachas airgead ceannaigh is gá, do réir Achta na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933), d'íoc tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht san agus seachas airgead ceannaigh a roimh-íocfar ar shlí eile seachas tré bhannaí talmhan ar n-a dtabhairt amach fé Acht do ritheadh roimh an Acht so), a bheidh iníoctha ag Coimisiún na Talmhan tar éis an Achta so do rith le díoltóirí, d'íoc tré bhannaí talmhan, ar n-a mbunú fén Acht so agus is có-ionann in ainm-mhéid leis an airgead ceannaigh sin, do thabhairt amach fén Acht so.

[EN]

(2) I gcás airgid cheannaigh do bheith iníoctha, fén alt so, tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach, déanfaidh an díoltóir dá dtabharfar amach iad, déanfaidh, i gcúrsaí idir é féin agus Coimisiún na Talmhan, na bannaí talmhan san do ghlacadh mar chothrom an mhéide chó-réire d'airgead ceannaigh, agus éinne ag á mbeidh comhacht chun díola fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, féadfaidh, cé nách únaer amuich is amach é, connradh ceannaigh déanach do dhéanamh bíodh gur i mbannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so a bheidh an t-airgead ceannaigh le n'íoc, fén alt so agus nách in airgead.

[EN]

(3) Bainfidh alt 3 den Phríomh-Acht, mar atá san leasuithe le halt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 (Uimh. 25 de 1925), le gach éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh (mar a mínítear san san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh) nuair is i mbannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so bheidh an t-airgead ceannaigh sin iníoctha, fén alt so, fé mar a bhaineann sé leis na héilithe luaidhtear san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh, ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí do bhannaí talmhan, san alt san 3 mar atá san leasuithe amhlaidh, do léiriú agus go mbeidh éifeacht acu mar thagairtí do bhannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt. amach fén Acht so.

[EN]

Roimh-íocanna do dhéanamh i mbannaí talmhan.

3.—(1) Gach roimh-íoc (seachas roimh-íocanna is gá, do réir Achta na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933), do dhéanamh tré bhannaí nua talmhan do thabhairt amach fén Acht san) a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan chun crícheanna an Phríomh-Achta, tar éis an Achta so do rith, is tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach fén Acht so a déanfar é.

[EN]

(2) Na forálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh a bhaineann le Coimisiún na Talmhan do dhéanamh roimh-íocanna chun crícheanna an Phríomh-Achta, agus le hús ar na roimhíocanna san d'íoc agus le colann na roimh-íocanna san d'aisíoc tré bhlianachtaí ceannaigh no ar shlí eile, agus leis an íocaíocht agus an aisíocaíocht san d'urrú, bainfid le roimh-íocanna déanfar fén alt so tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach díreach fé mar a bhainid le roimh-íocanna do rinne Coimisiún na Talmhan chun crícheanna an Phríomh-Achta roimh an Acht so do rith.

[EN]

Bannaí talmhan do bhunú le hordú.

4.—(1) D'fhonn soláthair do chur ar fáil chun roimh-íocanna do dhéanamh agus chun airgid cheannaigh d'íoc is gá do réir an Achta so do dhéanamh no d'íoc tré bhannaí talmhan do thabhairt amach fén Acht so, féadfaidh an tAire Airgid, o am go ham do réir mar is gá ach fé réir forálacha an Achta so, féadfaidh, le hordú, sreath bannaí talmhan do bhunú de pé méid iomlán agus de pé ainm-luachanna (nách lugha in aon chás ná púnt) agus ar a mbeidh ús do réir pé ráta (nách lugha ná trí per cent. agus nách mó ná ceathair per cent. per annum) agus a bheidh fé réir pé coinníollacha maidir le clárú no le hinscríobhadh is dóich leis an Aire sin is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

[EN]

(2) Ordófar le gach ordú déanfar fén alt so ná tabharfar amach bannaí talmhan den tsreath bunófar leis an ordú san ach chun roimh-íocanna do dhéanamh agus chun airgid cheannaigh d'íoc go gcó-aontófar ar a méideanna no go gceapfar a méideanna i rith tréimhse áirithe.

[EN]

(3) Nuair a bheidh an ráta úis a bheidh ar aon tsreath de bhannaí talmhan á cheapadh ag an Aire Airgid fén alt so, féachfaidh do sna praghsanna ar a mbeidh an Iasacht Náisiúnta is déanaí bheidh tugtha amach agus bannaí talmhan a bheith tugtha amach roimhe sin fén Acht so no fé Acht na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933), á luadh ar Bhúrsa Bhaile Atha Cliath, d'fhonn an ráta úis a ceapfar amhlaidh do bheith (laistigh de sna teoranta forchuirtear leis an alt so) de mhéid a chuirfidh in áirithe margadh-phraghas bannaí talmhan den tsreath san do bheith ar par no in aice par ar feadh ama réasúnta tar éis an tsreatha san do bhunú.

[EN]

(4) I gcás gurb ionann an ráta úis is iníoctha ar shreath de bhannaí talmhan a bunófar le hordú fén alt so agus an ráta úis is iníoctha ar shreath de bhannaí talmhan a bheidh bunuithe le hordú roimhe sin fén alt so, féadfar, leis an ordú ag bunú an tsreatha san de bhannaí talmhan a céad-luaidhtear, an céanna do chó-dhlúthú leis an sreath san roimhe sin de bhannaí talmhan.

[EN]

(5) Ceapfar le gach ordú déanfar fén alt so na suimeanna cuirfear i leathtaoibh i gCiste na mBannaí Talmhan i ndeireadh gach leath-bhliana dar críoch an 1adh lá de Bhealtaine agus an 1adh lá de Mhí na Samhna chun fuascailte do dhéanamh ar an sreath de bhannaí talmhan a bunófar leis an ordú san, agus ceapfar leis fós ráta an úis agus an chiste fhiach-laigheaduithe íocfaidh Coimisiún na Talmhan le Ciste na mBannaí Talmhan ar na suimeanna uile a roimh-íocfar agus a híocfar tré bhannaí talmhan den tsreath san do thabhairt amach agus ná beidh deimhnithe ag an Aire Airgid do bheith aisíoctha.

[EN]

(6) Ceapfar le gach ordú déanfar fén alt so, no socrófar ann go gceapfaidh an tAire Airgid, ráta na mblianachtaí ceannaigh agus na suimeanna bliantúla eile is iníoctha chun aisíoca do dhéanamh in airgead ceannaigh a bheidh íoctha agus i roimhíocanna bheidh déanta tré bhannaí talmhan den tsreath a bunófar leis an ordú san do thabhairt amach.

[EN]

(7) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

Bannaí talmhan a bunófar fén Acht so do thabhairt amach.

5.—(1) Chun roimh-íoca do dhéanamh no chun aon airgid cheannaigh d'íoc is gá do réir an Achta so do dhéanamh no d'íoc tré bhannaí talmhan do thabhairt amach fén Acht so bhéarfar amach, fé mar agus nuair is gá san, an méid sin den tsreath de bhannaí talmhan, ar n-a mbunú fén Acht so agus a bheidh ionchurtha chun na críche sin, a bheidh ag teastáil.

[EN]

(2) Chun méid na mbannaí talmhan a bhéarfar amach fén alt so in aon chás áirithe d'áireamh, déanfar an t-airgead ceannaigh go léir agus gach íocaíocht a bheidh le n'íoc as airgead ceannaigh d'áireamh go dtí an méid púnt slán is giorra don toradh chruinn.

[EN]

Teoranta le bannaí talmhan do bhunú agus do thabhairt amach fén Acht so.

6.—(1) Ní raghaidh méid iomlán na mbannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so thar deich milleoin púnt.

[EN]

(2) D'ainneoin éinní atá in alt ar bith eile den Acht so, isé ús a bheidh ar bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so chun roimh-íoca do dhéanamh no chun aon airgid cheannaigh d'íoc go gcó-aontófar i dtaobh a mhéide no go gceapfar a mhéid an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1935, no roimhe sin ná ús do réir ceathair per cent. per annum ar ainm-luach na mbannaí talmhan san.

[EN]

An t-ús a bheidh ar bhannaí talmhan agus fuascailt bhannaí talmhan.

7.—(1) Beidh ar bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so ús do réir pé ráta luadhfar in ordú a mbunuithe agus beidh an t-ús san iníoctha ina thráth-choda cóionannacha leath-bhliantúla pé tráthanna gach bliain a cheapfaidh an tAire Airgid san ordú san no le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so.

[EN]

(2) Beidh bannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so ionfhuascailte ar par maraon le híoc gach riaráiste úis, agus déanfaidh an tAire Airgid, tríd an ordú ag bunú na mbannaí talmhan no tré rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, socrú chun iad d'fhuascailt tré tharraicí tréimhsiúla.

[EN]

(3) Déanfaidh an tAire Airgid, tríd an ordú ag bunú na mbannaí talmhan no tré rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, socrú chun fuascailte do dhéanamh láithreach ar bhannaí talmhan, ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so, a haistreofar le hordú ón gCoimisinéir Breithiúntais i bhfuascailt blianachtaí talamh-cheannaigh is muirear ar thailte bheidh tógtha ag Coimisiún na Talmhan chúcha fén bPríomh-Acht.

[EN]

(4) Aon uair tar éis deich mbliana fichead do bheith caithte o am an Achta so do rith, féadfar gach banna talmhan no aon bhanna talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus ná beidh fuascailte roimhe sin d'fhuascailt ar par pé tráth no tráthanna ordóidh, agus le tarraicí no ar shlí eile fé mar ordóidh, an tAire Airgid.

[EN]

(5) Is amach as Ciste na mBannaí Talmhan a híocfar an t-ús ar bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus na suimeanna bheidh ag teastáil chun na mbannaí talmhan san d'fhuascailt fén alt so agus, maran leor an Ciste sin chun na críche sin, beidh a muirear agus a n-íoc san ar an bPrímh-Chiste agus ar a thoradh fáis mar chéad-mhuirear ar an gcéanna i ndiaidh na muirearacha do bunuíodh roimh an Acht so do rith.

[EN]

(6) Déanfar an t-airgead go léir a híocfar amach as an bPrímh-Chiste le Ciste na mBannaí Talmhan fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'áireamh mar roimh-íoc sealadach le Ciste na mBannaí Talmhan agus, fé réir forálacha ailt 27 den Acht Talmhan, 1933 (Uimh. 38 de 1933), déanfar suas é as an gCiste Urraíochta.

[EN]

Forálacha bhaineann leis an gciste costaisí d'oiriúnú.

8.—Chun ailt 5 den Phríomh-Acht do chur i mbaint le cásanna ina ndéanfar an t-airgead ceannaigh do roimh-íoc tré bhannaí talmhan ar n-a mbunú fén Acht so do thabhairt amach, déanfar gach tagairt san alt san 5 do Bhannaí Talmhan 4½ per cent. do léiriú mar thagairt do bhannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach fén Acht so agus, chun crícheanna na bainte sin, beidh éifeacht ag an alt san 5 dá réir sin.

[EN]

Cuntaisí Chiste na mBannaí Talmhan.

9.—Déanfaidh an tAire Airgid, sna cuntaisí choimeádfaidh ar na gnóthaí alos Ciste na mBannaí Talmhan, dealú idir ghnóthaí alos bannaí talmhan do tugadh amach fé aon Acht do ritheadh roimh an Acht so do rith agus alos roimh-íocanna agus íocaíocht do híocadh tré sna bannaí talmhan san do thabhairt amach, ar thaobh, agus gnóthaí alos bannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus alos roimh-íocanna agus íocaíocht a híocfar tré sna bannaí talmhan san do thabhairt amach, ar an taobh eile, agus déanfaidh an tAire sin dealú fós sna cuntaisí sin idir ghnóthaí alos gach sreatha fé leith de bhannaí talmhan a bunófar agus a bhéarfar amach fén Acht so agus alos roimh-íocanna agus íocaíocht a híocfar tré bhannaí talmhan de gach sreath fé leith den tsórt san do thabhairt amach.

[EN]

Rialacháin.

10.—Féadfaidh an tAire Airgid rialacháin do dhéanamh chun forálacha an Achta so do chur in éifeacht agus féadfaidh leis na rialacháin sin aon fhoráil a bhaineann le hairgead talamhcheannaigh agus atá in Acht ar bith do ritheadh roimh an Acht so do rith d'oiriúnú chun crícheanna an Achta so.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú, agus luadh.

11.—(1) Féadfar Acht na mBannaí Talmhan, 1934, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é do luadh i dteanta na nAchtanna san.

[GA]

harp.jpg


Number 11 of 1934.


[GA]

LAND BOND ACT, 1934.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

The Principal Act.

2.

Payment of purchase money in land bonds.

3.

Making of advances in land bonds.

4.

Creation of land bonds by order.

5.

Issue of land bonds created under this Act.

6.

Limitations on the creation and issue of land bonds under this Act.

7.

Interest on and redemption of land bonds.

8.

Adaptation of provisions relating to the costs fund.

9.

Accounts of the Land Bond Fund.

10.

Regulations.

11.

Short title, construction, and citation.


Acts Referred to

Land Act, 1923

No. 42 of 1923

Land Bond Act, 1933

No. 33 of 1933

Land Bond Act, 1925

No. 25 of 1925

Land Act, 1933

No. 38 of 1933

harp.jpg


Number 11 of 1934.


LAND BOND ACT, 1934.


AN ACT TO MAKE FURTHER PROVISION FOR THE CREATION AND ISSUE OF LAND BONDS FOR THE PURPOSE OF THE PAYMENT OF PURCHASE MONEYS AND THE MAKING OF ADVANCES UNDER THE LAND PURCHASE ACTS AND TO PROVIDE FOR THE PAYMENT OF INTEREST ON AND THE REDEMPTION OF SUCH LAND BONDS AND FOR OTHER MATTERS CONNECTED THEREWITH. [23rd March, 1934.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

The Principal Act.

1.—In this Act the expression “the Principal Act” means the Land Act, 1923 (No. 42 of 1923), and, save where the context otherwise requires, shall be construed as referring to that Act as amended or extended by any subsequent Act.

[GA]

Payment of purchase money in land bonds.

2.—(1) All purchase money (except purchase money which is required by the Land Bond Act, 1933 (No. 33 of 1933), to be paid by means of an issue of new land bonds under that Act and except purchase money which is advanced otherwise than by means of land bonds issued under an Act passed before this Act) payable by the Land Commission after the passing of this Act to vendors shall be paid by means of an issue under this Act of land bonds created under this Act equal in nominal amount to such purchase money.

[GA]

(2) Where purchase money is, under this section, payable by means of an issue of land bonds created under this Act, such land bonds shall, as between the vendor to whom they are issued and the Land Commission, be accepted by such vendor as the equivalent of the corresponding amount of purchase money, and any person having power to sell under the Land Purchase Acts may, although he is not an absolute owner, enter into a subsequent purchase agreement notwithstanding that the purchase money is, under this section, to be paid in land bonds created and issued under this Act instead of cash.

[GA]

(3) Section 3 of the Principal Act as amended by section 4 of the Land Bond Act, 1925 (No. 25 of 1925), shall apply to all claims against the purchase money (as defined in the said section 3 as so amended) when such purchase money is, under this section, payable in land bonds created and issued under this Act in like manner as it applies to the claims mentioned in the said section 3 as so amended, but subject to the modification that references in the said section 3 as so amended to land bonds shall be construed and have effect as references to land bonds created and issued under this Act.

[GA]

Making of advances in land bonds.

3.—(1) All advances (except advances which are required by the Land Bond Act, 1933 (No. 33 of 1933), to be made by means of an issue of new land bonds under that Act) made for the purposes of the Principal Act by the Land Commission after the passing of this Act shall be made by means of an issue under this Act of land bonds created under this Act.

[GA]

(2) The provisions of the Land Purchase Acts relating to the making of advances by the Land Commission for the purposes of the Principal Act, the payment of interest on and the repayment of the capital of such advances by means of purchase annuities or otherwise, and the guarantee of such payment and repayment shall apply to advances made under this section by means of an issue of land bonds created under this Act in like manner in all respects as they apply to advances made by the Land Commission for the purposes of the Principal Act before the passing of this Act.

[GA]

Creation of land bonds by order.

4.—(1) In order to provide for the making of advances and the payment of purchase moneys which are required by this Act to be made or paid by means of an issue under this Act of land bonds, the Minister for Finance may, from time to time as occasion requires but subject to the provisions of this Act, by order create a series of land bonds of such total amount and such denominations (not less in any case than one pound) and bearing interest at such rate (not less than three nor more than four per cent. per annum) and subject to such conditions in relation to registration or inscription as the said Minister shall think proper and shall specify in such order.

[GA]

(2) Every order made under this section shall restrict the issue of land bonds of the series created by such order to the purpose of making advances and paying purchase moneys the amounts of which are agreed or fixed during a specified period.

[GA]

(3) When fixing under this section the rate of interest to be borne by any series of land bonds, the Minister for Finance shall have regard to the prices at which the latest issue of National Loan and previous issues of land bonds under this Act or the Land Bond Act, 1933 (No. 33 of 1933), are quoted on the Dublin Stock Exchange, to the intent that the rate of interest so fixed may (within the limits imposed by this section) be such as to secure that the market price of land bonds of the said series shall, for a reasonable time after the creation of the said series, be at or near par.

[GA]

(4) Where the rate of interest payable on a series of land bonds created by an order under this section is the same as the rate of interest payable on a series of land bonds created by a previous order under this section, such first-mentioned series of land bonds may, by the order creating the same, be consolidated with such previous series of land bonds.

[GA]

(5) Every order made under this section shall fix the sums to be set aside in the Land Bond Fund at the close of every half-year ending on the 1st day of May and the 1st day of November for the redemption of the series of land bonds created by such order, and shall also fix the rate of interest and sinking fund to be paid by the Land Commission to the Land Bond Fund on all sums advanced and paid by the issue of land bonds of the said series and not certified by the Minister for Finance to have been repaid.

[GA]

(6) Every order made under this section shall fix or make provision for the fixing by the Minister for Finance of the rate of the purchase annuities and other annual sums payable for the repayment of purchase money paid or advances made by means of an issue of land bonds of the series created by such order.

[GA]

(7) Every order made under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made.

[GA]

Issue of land bonds created under this Act.

5.—(1) For the purpose of making an advance or paying any purchase money which is required by this Act to be made or paid by means of an issue under this Act of land bonds, there shall be issued as and when required such amount as may be requisite of the series of land bonds created under this Act which is applicable to that purpose.

[GA]

(2) For the purpose of the calculation of the amount of land bonds to be issued under this section in any particular case, all purchase money and all payments to be made out of purchase money shall be calculated to the nearest pound.

[GA]

Limitations on the creation and issue of land bonds under this Act.

6.—(1) The total amount of land bonds created and issued under this Act shall not exceed ten million pounds.

[GA]

(2) Notwithstanding anything contained in any other section of this Act, land bonds created and issued under this Act for the purpose of making an advance or paying any purchase money the amount of which is agreed or fixed on or before the 31st day of December, 1935, shall bear interest at the rate of four per cent. per annum on the nominal amount thereof.

[GA]

Interest on and redemption of land bonds.

7.—(1) Land bonds created and issued under this Act shall bear interest at such rate as shall be specified in the order by which they are created and such interest shall be payable by equal half-yearly instalments at such times in each year as may be fixed by the Minister for Finance either in the said order or by regulations made by him under this Act.

[GA]

(2) Land bonds created and issued under this Act shall be redeemable at par together with payment of all arrears of interest, and the Minister for Finance shall, either by the order creating the land bonds or by regulations made by him under this Act, make arrangements for such redemption by means of periodical drawings.

[GA]

(3) The Minister for Finance shall, either by the order creating the land bonds or by regulations made by him under this Act, provide for the immediate redemption of land bonds created and issued under this Act which are transferred by order of the Judicial Commissioner in redemption of land purchase annuities charged on lands acquired by the Land Commission under the Principal Act.

[GA]

(4) At any time after the expiration of thirty years from the passing of this Act, all or any land bonds created and issued under this Act and not previously redeemed may be redeemed at par at such time or times and either by drawings or otherwise as the Minister for Finance may direct.

[GA]

(5) The interest on land bonds created and issued under this Act and the sums required for the redemption of such land bonds under this section shall be paid out of the Land Bond Fund and, if that Fund shall be insufficient for that purpose, shall be charged upon and paid out of the Central Fund and the growing produce thereof as a first charge thereon after the charges created before the passing of this Act.

[GA]

(6) All money paid out of the Central Fund to the Land Bond Fund under the next preceding sub-section of this section shall be treated as a temporary advance to the Land Bond Fund and shall, subject to the provisions of section 27 of the Land Act, 1933 (No. 38 of 1933), be made good out of the Guarantee Fund.

[GA]

Adaptation of provisions relating to the costs fund.

8.—For the purposes of the application of section 5 of the Principal Act to cases in which the purchase money is advanced by means of an issue of land bonds created under this Act, all references in the said section 5 to 4½ per cent. Land Bonds shall be construed as references to land bonds created and issued under this Act, and the said section 5 shall, for the purposes of such application, have effect accordingly.

[GA]

Accounts of the Land Bond Fund.

9.—The Minister for Finance shall, in the accounts kept by him of transactions in respect of the Land Bond Fund, distinguish between transactions in respect, on the one hand, of land bonds issued under any Act passed before this Act and advances and payments made by the issue of such land bonds and, on the other hand, of land bonds created and issued under this Act and advances and payments made by the issue of such land bonds, and the said Minister shall further distinguish in the said accounts between transactions in respect of each series of land bonds created and issued under this Act and advances and payments made by the issue of land bonds of each such series.

[GA]

Regulations.

10.—The Minister for Finance may make regulations for carrying the provisions of this Act into effect and may by such regulations adapt for the purposes of this Act any provision relating to land purchase finance contained in any Act passed before this Act.

[GA]

Short title, construction, and citation.

11.—(1) This Act may be cited as the Land Bond Act, 1934.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Land Purchase Acts and may be cited with those Acts.