As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 16 de 1954.
ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1954.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1954, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1952, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1954, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1954, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1954, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1932” Acht na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932);
ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948);
ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950);
ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 (Uimh. 16 de 1952);
ciallaíonn “údarás tithe”—
(a) i gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,
(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin, agus
(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin;
ciallaíonn “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, arna leasú leis an Acht seo;
ciallaíonn “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, arna leasú leis an Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.
Rialacháin.
3.—(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neambní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.
Caiteachais.
4.—Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Athghairm.
5.—Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
CUID II.
Forala Airgeadais.
Ailt áirithe do leanúint i bhfeidhm.
6.—(1) Déanfar an tagairt don lú lá d'Aibreán, 1954, atá (de bhuaidh ailt 6 d'Acht 1952) i bhfo-alt (1) d'alt 16, i bhfo-alt (2) d'alt 19 agus i bhfo-alt (1) d'alt 20 d'Acht 1948, agus i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1950, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956.
(2) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1954, atá i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 agus i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1952, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956.
(3) Déanfar an tagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1954, atá (de bhuaidh fo-alt (1) agus (2) d'alt 13 d'Acht 1952) i mír (j) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1932, d'fhorléiriú mar thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1956.
(4) Beidh éifeacht ag an alt seo agus measfar éifeacht a bheith aige amhail ar an 1ú lá d'Aibreán, 1954, agus ón lá sin amach.
Leasú ar alt 16 d'Acht 1948 agus ar alt 6 d'Acht 1950.
7.—Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1948 agus alt 6 d'Acht 1950 trí “mar ghnáth-áit chónaithe” a chur isteach i ndiaidh “ar áitiú” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin sa dá alt sin agus i ndiadh “go n-áiteofar é” san áit a bhfuil na focail deiridh sin san alt sin 6.
Leasú ar alt 19 (1) d'Acht 1948.
8.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1948 trí “(lena n-áirítear údarás áitiúil a thógfas teach nó tithe chun críche seachas chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe)” a chur isteach i ndiaidh “duine a thógfas teach nó tithe”.
Leasú ar alt 9 (1) d'Acht 1952.
9.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1952, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, trí “nach raghaidh” a chur in ionad “is comhionann” agus trí “thar” a chur in ionad “le” i ngach áit a bhfuil an focal deiridh sin.
Leasú ar alt 10 (1) d'Acht 1952.
10.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1952, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, trí “nach raghaidh” a chur in ionad “is comhionann” agus trí “thar” a chur in ionad “le” i ngach áit a bhfuil an focal deiridh sin sa bhfo-alt sin.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1952 maidir le tigh i gcontae-bhuirg, i mbuirg Dhún Laoghaire, i gcontae Bhaile Atha Cliath nó i dtoghranna ceantair Naomh Muire, Bhaile an Easpaig, Bhaile Mhachain agus Dhubhghlaise i gContae Chorcaighe amhail is dá mba—
(a) tagairtí do £260 na tagairtí i míreanna (i) agus (ii) do £208,
(b) tagairtí do £377 na tagairtí i míreanna (ii) agus (iii) do £312,
(c) tagairtí do £442 na tagairtí i míreanna (iii) agus (iv) do £365, agus
(d) tagairt do £520 an tagairt i mír (iv) do £416.
Leasú ar alt 11 d'Acht 1952.
11.—Leasaítear leis seo alt 11 d'Acht 1952, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith—
(a) trí “(pé acu laistigh nó lasmuigh de límistéir feidhme an údaráis dó)” a chur isteach i ndiaidh “tí”, agus
(b) trí “nach raghaidh thar” a chur in ionad “is comhionann le”.
Deontas i leith oibreacha a déanfar ar thigh.
12.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach raghaidh thar pé suim acu seo a leanas is lú a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a dhéanfas oibreacha deisiúcháin nó oibreacha feabhsúcháin ar thigh:—
(a) £80 i leith gach teaghais ar leithligh is cuid den tigh tar éis na hoibreacha sin a dhéanamh,
(b) trian de chostas na n-oibreacha, gan áireamh a dhéanamh ar chostas aon mhaisiúcháin ná ar chostas aon oibreacha a n-íoctar deontas ina leith faoi alt 7 d'Acht 1952.
(2) Ní féadfar deontas a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo ach amháin—
(I) más rud é—
(a) (i) go bhfuil an teach atá le deisiú nó le feabhsú á áitiú, nó oiriúnach chun a áitithe, ag daoine den lucht oibre nó ag sclábhaithé talmh-aíochta do réir bhrí Acht na Sclábhaithe agus go bhfuil deímhnithe ag an údarás tithe (nó, i gcás achomhairc, ag an Aire) é a bheith oiriúnach le deisiú nó le feabhsú, agus
(ii) gur deimhin leis an Aire go bhfuil an teach nó gur dócha go mbeidh sé, mar gheall ar lochta déanmhais nó sláintíochta, contúirteach nó díobhálach don tsláinte nó gur gá na hoibreacha beartaithe chun é a dhéanamh níos oiriúnaí chun daoine do chónaí ann, nó
(b) gur ceanglaíodh na hoibreacha a dhéanamh le fógra a seirbhéaladh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi alt 19 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931), agus
(II) más rud é go ndearnadh na hoibreacha go sásúil éifeachtúil agus go bhfuil an teach oiriúnach ar gach slí chun daoine do chónaí ann.
(3) I gcás ina dtabharfar deontas do dhuine faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás tithe deontas a thabhairt don duine sin de mhéid nach mó ná an deontas a tugadh faoin bhfo-alt sin.
(4) Má dhiúltaíonn údarás tithe deimhniú a thabhairt chun críocha an ailt seo á dheimhniú teach a bheith oiriúnach le deisiú nó le feabhsú, féadfaidh an duine lena mbainfidh achomharc a dhéanamh chun an Aire agus más deimhin leis an Aire, tar éis an t-achomharc a bhreithniú, an teach a bheith oiriúnach amhlaidh, féadfaidh sé deimhniú dá réir a thabhairt.
(5) Chun críocha an ailt seo, beidh ag údarás tithe na cumhachta céanna chun iasacht d'fháil atá ag an údarás sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre nó Acht na Sclábhaithe.
(6) Má híoctar deontas faoin alt seo i leith aon oibreacha, ní híocfar aon deontas i leith na n-oibreacha sin faoi aon alt eile d'Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1954.
(7) I gcás ina dtabharfar deontas faoin alt seo i leith oibreacha a déanfar ar thigh, ní déanfar luacháil an tionóntáin arb é an teach é, nó ar cuid de an teach, a mhéadú, i gcás aon luacháil nó athscrúdú luachála air a theacht i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis na hoibreacha a chríochnú, mar gheall ar aon mhéadú ar luach an tionóntáin sin de dhroim na n-oibreacha.
(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
(9) San alt seo—
folaíonn “lochta sláintíochta” easnamh aerspáis nó aeriúcháin, dorchadas, taise, easpa soláthair uisce nó cóiríochta sláintíochta atá leordhóthanach agus so-rochtana nó easpa áiseanna eile, agus pábháil nó siltean clósanna nó pasáistí a bheith neamhdhóthanach;
ciallaíonn “lochta déanmhais” meath ballaí, dín nó adhmaid déanmhais, nó lochta eile dá samhail sin.
(10) Tar éis an tAcht seo a rith, ní tabharfar deontais, seachas deontais ar cinneadh roimh an Acht seo a rith iad a thabhairt, faoi alt 5 d'Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937 (Uimh. 42 de 1937), ná faoin alt sin arna leathnú le fo-alt (1) d'alt 33 d'Acht 1952 ná faoi alt 8 d'Acht 1950.
Deontas i gcás tí a soláthrófar lena ligean.
13.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir rialachán a déanfar faoin alt seo, deontas nach mó ná an tsuim iomchuí a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a thabhairt, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do dhuine a sholáthrós teach lena ligean, más rud é—
(a) go gcomhlíonfaidh an teach na rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1932, arna leasú le halt 14 d'Acht 1950,
(b) gur tosnaíodh ar thógáil an tí an 1ú lá d'Aibreán, 1954, nó dá éis, agus go gcríochnófar é an lú lá d'Aibreán, 1956, nó roimhe sin, agus
(c) go ngeallfaidh an duine sin don Aire nach ndéanfaidh sé, ach amháin do réir rialachán a déanfar faoin alt seo, an teach a dhíol go ceann cúig bliana déag ó dháta na geallúna agus go ligfidh sé an teach faoi réir pé coinníollacha a sonrófar sna rialacháin sin.
(2) Déantar leis seo fo-ailt (1) agus (2) d'alt 44 d'Acht 1948, arna leasú le halt 15 d'Acht 1950, a leasú tuilleadh trí “nó ina dtabharfar deontas faoi alt 13 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954, i leith tí a tógadh i rith na tréimhse dá dtagartar san alt sin” a chur isteach, i ngach fo-alt acu, i ndiaidh “chun teach a thógáil”.
(3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 45 d'Acht 1948, arna leasú le halt 18 d'Acht 1952, a leasú tuilleadh trí “nó faoi alt 12 nó 13 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954” a chur isteach i ndiaidh “Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952”.
(4) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo i leith tí a dtabharfar nó ar tugadh deontas ina leith faoi aon achtachán eile.
(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.
Cumhacht chun deontas breise a thabhairt.
14.—(1) Féadfaidh an tAire deontas a thabhairt i leith teach d'athfhoirgniú faoi alt 16 d'Acht 1948 d'ainneoin deontas i leith tógáil nó athfhoirgniú an tí a bheith tugtha cheana féin faoi aon achtachán—
(a) i gcás ina bhfuil an t-athfhoirgniú riachtanach mar gheall ar dhamáiste ó thóiteán, gaoth, báisteach, tuile nó ní eile nach raibh neart ag an iarratasóir air, nó
(b) murab aon ní acu sin faoi deara an t-athfhoirgniú a bheith riachtanach—
(i) i gcás cúig bliana déag ar a laghad a bheith caite ón dáta a críochnaíodh tógáil an tí nó an t-athfhoirgniú ar tugadh an deontas sin ina leith, nó
(ii) i gcás níos lú ná cúig bliana déag ach deich mbliana ar a laghad a bheith caite amhlaidh, más cuíd d'athfhoirgniú an tí díon slinne nó tíleacha a chur in ionad an tsean-dín.
(2) Leasaítear leis seo alt 25 d'Acht 1952 trí na focail “nó faoi alt 12, alt 13 nó alt 14 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954” a chur isteach i ndiaidh “alt 7 den Acht seo”.
CUID III.
Rialú Áitreabh Áirithe.
Alt 8 d'Acht 1948 do leanúint i bhfeidhm.
15.—Leanfaidh alt 8 d'Acht 1948 (a thoirmisceas tithe inchónaithe áirithe a scartáil nó iad d'úsáid ach amháin mar theach cónaithe) i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1956.
CUID IV
Tithe don Lucht Oibre.
Teaghais a measfar iad a bheith curtha ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre.
16.—Aon teaghais atá dílsithe in údarás tithe nó i gcoimisinéirí baile agus a úsáidid sin chun críocha Acht Tithe an Lucht Oibre agus a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, ina dteaghais nár chuir an t-údarás nó na coimisinéirí ar fáil faoi na hAchta sin, measfar gur teaghais iad a cuireadh ar fáil amhlaidh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí in aon achtachán (lena n-áírítear, go háirithe, alt 3 den Acht um Thiarnaí Tí agus Tionóntaithe, 1931 (Uimh. 55 de 1931), agus alt 3 den Acht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), do theaghais nó d'fhoirgintí a cuireadh ar fáil faoi Achta Tithe an Lucht Oibre, nó faoi aon Acht acu sin.
CUID V.
Iostain Saothraithe.
Achta na Sclábhaithe do leanúint i bhfeidhm.
17.—Leanfaidh Achta na Sclábhaithe i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1960.
Leasú ar alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906.
18.—(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906—
(a) trí “two hundred and fifty pounds” a chur in ionad “sixty pounds” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin san alt, agus
(b) trí “six hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds” i mír (8).
(2) I gcás aon fheidhm a thabhairt de bhuaidh ailt 50 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 52 de 1931), d'alt 11 den Labourers (Ireland) Act, 1906, beidh feidhm ag an alt sin 11 faoi réir na leasuithe a déantar le fo-alt (1) den alt seo.
Leasú ar alt 17 (2) (d) (iii) d'Acht na Sclábhaithe, 1936.
19.—Leasaítear leis seo fo-mhír (iii) de mhír (d) d'fho-alt 2 d'alt 17 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936), trí “tré réad-thiomnadh nó” a chur isteach roimh “tré oibriú dlí”.
Teaghais a measfar iad a bheith curtha ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe.
20.—Aon teaghais atá dílsithe in údarás tithe agus a úsáidid chun críocha Acht na Sclábhaithe agus a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, ina dteaghais nár chuir an t-údarás ar fáil faoi na hAchta sin, measfar gur teaghais iad a cuireadh ar fáil amhlaidh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí in aon achtachán (lena n-áirítear, go háirithe, alt 3 den Acht um Thiarnaí Tí agus Tionótainthe, 1931 (Uimh. 55 de 1931), agus alt 3 den Acht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), do theaghais nó d'fhoirgintí a cuireadh ar fáil faoi Achta na Sclábhaithe nó faoi aon Acht acu sin.
CUID VI.
Teaghais Bheaga D'Fhail.
Díol ag Coimisiúin Talún na hÉireann i gcás feidhm a bheith ag ionstraim faoin Small Dwellings Acquisition Act, 1899.
21.—I gcás—
(a) ina dtairgfidh Coimisiún Talún na hÉireann talamh lena dhíol faoi aon chumhacht reachtúil chuige sin atá dílsithe iontu, agus
(b) ina mbeidh ionstraim faoi mhír (e) d'alt 2 den Small Dwellings Acquisition Act, 1899, i bhfeidhm de thuras na huaire maidir leis an talamh,
díolfar an talamh faoi réir na hionstraime agus faoi réir na bhforál iomchuí de na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1954, i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais ar gá do réir dlí, lasmuigh den alt seo, an talamh a dhíol faoina réir.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Athghairm.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
Ailt 9, 10, 19 agus 31. | ||
Alt 23. |
AN DARA SCEIDEAL.
Na Deontais A Bhearfas an tAire.
An méid seomraí sa tigh | Mura bhfuil séarachas agus uisce píopaí ar fáil | Má tá séarachas agus uisce píopaí ar fáil |
£ | £ | |
3 | 125 | 175 |
4 | 175 | 225 |
5 nó níos mó | 225 | 275 |
Number 16 of 1954.
HOUSING (AMENDMENT) ACT, 1954.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Preliminary and General.
Section | |
Financial Provisions.
Amendment of section 16 of Act of 1948 and section 6 of Act of 1950. | |
Control of Certain Premises.
Housing of the Working Classes.
Dwellings to be deemed to be provided under Housing of the Working Classes Acts. |
Labourers Cottages.
Amendment of section 17 (2) (d) (iii) of Labourers Act, 1936. | |
Acquisition of Small Dwellings.
Sale by Irish Land Commission where instrument under Small Dwellings Acquisition Act, 1899, applies. |
Acts Referred to | |
No. 19 of 1932 | |
No. 1 of 1948 | |
No. 25 of 1950 | |
No. 16 of 1952 | |
No. 50 of 1931 | |
No. 42 of 1937 | |
No. 55 of 1931 | |
No. 4 of 1946 | |
No. 52 of 1931 | |
No. 24 of 1936 |
Number 16 of 1954.
HOUSING (AMENDMENT) ACT, 1954.
PART I.
Preliminary and General.
Short title, construction and collective citation.
1.—(1) This Act may be cited as the Housing (Amendment) Act, 1954.
(2) This Act in so far as it amends the Housing of the Working Classes Acts, 1890 to 1952, the Labourers Acts, 1883 to 1952, the Small Dwellings Acquisition Acts, 1899 to 1952, and the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1952, shall be read and construed as one therewith respectively and may be cited together therewith as the Housing of the Working Classes Acts, 1890 to 1954, the Labourers Acts, 1883 to 1954, the Small Dwellings Acquisition Acts, 1899 to 1954, and the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1954.
Definitions.
2.—In this Act—
“the Act of 1932” means the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Act, 1932 (No. 19 of 1932);
“the Act of 1948” means the Housing (Amendment) Act, 1948 (No. 1 of 1948);
“the Act of 1950” means the Housing (Amendment) Act, 1950 (No. 25 of 1950);
“the Act of 1952” means the Housing (Amendment) Act, 1952 (No. 16 of 1952);
“housing authority” means in the case of—
(a) a county health district, the council of the county in which such county health district is situate,
(b) a county or other borough, the corporation of such county or other borough, and
(c) an urban district, the council of such urban district;
“the Housing of the Working Classes Acts” means the Housing of the Working Classes Acts, 1890 to 1952, as amended by this Act;
“the Labourers Acts” means the Labourers Acts, 1883 to 1952, as amended by this Act;
“the Minister” means the Minister for Local Government.
Regulations.
3.—(1) Every regulation made by the Minister under this Act shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made and, if a resolution annulling the regulation is passed by either such House within the next subsequent twenty-one days on which that House has sat after the regulation is laid before it, the regulation shall be annulled accordingly but without prejudice to anything previously done thereunder.
(2) No regulation which includes provision in respect of a payment to be made by the Minister shall be made by the Minister under this Act without the consent to that provision of the Minister for Finance.
Expenses.
4.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Repeals.
5.—Each enactment mentioned in the First Schedule to this Act is hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.
PART II.
Financial Provisions.
Continuance of certain sections.
6.—(1) The reference to the 1st day of April, 1954, contained (by virtue of section 6 of the Act of 1952) in subsection (1) of section 16, subsection (2) of section 19 and subsection (1) of section 20 of the Act of 1948 and subsection (1) of section 6 of the Act of 1950 shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1956.
(2) The reference to the 1st day of April, 1954, in paragraph (b) of subsection (1) of section 7 and paragraph (a) of subsection (1) of section 24 of the Act of 1952 shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1956.
(3) The reference to the 1st day of April, 1954, contained (by virtue of subsections (1) and (2) of section 13 of the Act of 1952) in paragraph (j) of subsection (1) of section 5 of the Act of 1932 shall be construed as a reference to the 1st day of April, 1956.
(4) This section shall have and be deemed to have had effect as on and from the 1st day of April, 1954.
Amendment of section 16 of Act of 1948 and section 6 of Act of 1950.
7.—Section 16 of the Act of 1948 and section 6 of the Act of 1950 are hereby amended by the insertion of “as normal place of residence” after “occupied” wherever the latter word occurs in those sections.
Amendment of section 19 (1) of Act of 1948.
8.— Subsection (1) of section 19 of the Act of 1948 is hereby amended by the insertion after “person erecting one or more than one house” of “(including a local authority erecting one or more than one house otherwise than for the purposes of the Housing of the Working Classes Acts or the Labourers Acts)”.
Amendment of section 9 (1) of Act of 1952.
9.—Subsection (1) of section 9 of the Act of 1952 is hereby amended, with effect as from the passing of that Act, by the substitution of “not exceeding” for “equal to”.
Amendment of section 10 (1) of Act of 1952.
10.—(1) Subsection (1) of section 10 of the Act of 1952 is hereby amended, with effect as from the passing of that Act, by the substitution of “not exceeding” for “equal to”.
(2) Subsection (1) of section 10 of the Act of 1952 shall have effect in relation to a house situate in a county borough, the borough of Dún Laoghaire, the county of Dublin or the district electoral divisions of St. Mary's, Bishopstown, Blackrock and Douglas in the county of Cork as if—
(a) the references to £208 in paragraphs (i) and (ii) were references to £260,
(b) the references to £312 in paragraphs (ii) and (iii) were references to £377,
(c) the references to £365 in paragraphs (iii) and (iv) were references to £442, and
(d) the reference to £416 in paragraph (iv) were a references to £520.
Amendment of section 11 of Act of 1952.
11.—Section 11 of the Act of 1952 is hereby amended, with effect as from the passing of that Act—
(a) by the insertion after “house” of “(whether situate within or outside the functional area of the authority)”, and
(b) by the substitution of “not exceeding” for “equal to”.
Grant in respect of works executed on house.
12.—(1) The Minister may, with the consent of the Minister for Finance and subject to regulations made under this section, make, out of moneys provided by the Oireachtas, to a person executing repair works or improvement works on a house a grant not exceeding whichever of the following amounts is the smaller:—
(a) £80 for each separate dwelling forming part of the house after the execution of the works,
(b) one-third of the cost of the works, excluding the cost of any decoration and the cost of any works in respect of which a grant is paid under section 7 of the Act of 1952.
(2) A grant may be made under subsection (1) of this section only if—
(I) either—
(a) (i) the house to be repaired or improved is occupied by or is suitable for occupation by persons of the working classes or agricultural labourers within the meaning of the Labourers Acts and is certified by the housing authority (or, in the case of an appeal, by the Minister) to be suitable for repair or improvement, and
(ii) the Minister is satisfied that the house by reason of structural or sanitary defects is, or is likely to become, dangerous or injurious to health or that the proposed works are necessary for the purpose of rendering it more suitable for human habitation, or
(b) the execution of the works has been required by a notice served (whether before or after the passing of this Act) under section 19 of the Housing (Miscellaneous Provisions) Act, 1931 (No. 50 of 1931), and
(II) the works have been carried out in a satisfactory and efficient manner and the house is in all respects fit for human habitation.
(3) Where a grant is made to a person under subsection (1) of this section, the housing authority may make to that person a grant of an amount not exceeding the grant made under that subsection.
(4) Where a housing authority refuse to certify for the purposes of this section that a house is suitable for repair or improvement, the person concerned may appeal to the Minister and if the Minister, after consideration of the appeal, is satisfied that the house is so suitable, he may certify accordingly.
(5) For the purposes of this section a housing authority shall have the like powers of borrowing as are conferred on such authority for the purposes of the Housing of the Working Classes Acts or the Labourers Acts.
(6) Where a grant is paid under this section in respect of any works, no grant shall be paid in respect of those works under any other section of the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1954.
(7) Where a grant is made under this section in respect of works executed on a house, the valuation of the tenement consisting of or including the house shall not, on any valuation or revision of the valuation thereof coming into force within seven years after the completion of the works, be increased on account of any increase in the value of such tenement arising from the works.
(8) The Minister may make regulations for the purposes of this section.
(9) In this section—
“sanitary defects” includes lack of air space or of ventilation, darkness, dampness, absence of adequate and readily accessible water supply or sanitary accommodation or of other conveniences and inadequate paving or drainage of courts, yards or passages;
“structural defects” means decay of walls, roof or structural woodwork, or other similar defects.
(10) After the passing of this Act, grants, other than grants allocated before such passing, shall not be made under section 5 of the Housing and Labourers Act, 1937 (No. 42 of 1937), under that section as extended by subsection (1) of section 33 of the Act of 1952 or under section 8 of the Act of 1950.
Grant in case of house provided for letting.
13.—(1) The Minister may, with the consent of the Minister for Finance and subject to regulations made under this section, make, out of moneys provided by the Oireachtas, to a person providing a house for letting, a grant not exceeding the appropriate sum specified in the Second Schedule to this Act if—
(a) the house complies with the rules set out in the First Schedule to the Act of 1932 as amended by section 14 of the Act of 1950,
(b) the erection of the house commenced on or after the 1st day of April, 1954, and is completed on or before the 1st day of April, 1956, and
(c) such person undertakes with the Minister that, save in accordance with regulations made under this section, he will not sell the house within a period of fifteen years from the date of the undertaking and that he will let the house subject to such conditions as may be specified in the said regulations.
(2) Subsections (1) and (2) of section 44 of the Act of 1948, as amended by section 15 of the Act of 1950, are each hereby further amended by the insertion of “or a grant is made under section 13 of the Housing (Amendment) Act, 1954, in respect of a house erected during the period referred to in that section” after “to a person or public utility society”.
(3) Subsection (2) of section 45 of the Act of 1948, as amended by section 18 of the Act of 1952, is hereby further amended by the insertion of “or under section 12 or 13 of the Housing (Amendment) Act, 1954”, after “the Housing (Financial and Miscellaneous Provisions) Acts, 1932 to 1952”.
(4) The Minister shall not make a grant under this section in respect of a house for which a grant is or was made under any other enactment.
(5) The Minister may make regulations for the purposes of this section.
Power to make further grant.
14.—(1) The Minister may make a grant in respect of the reconstruction of a house under section 16 of the Act of 1948 notwithstanding that a grant for the erection or reconstruction of the house has previously been made under any enactment—
(a) where the reconstruction is necessary because of damage caused by fire, wind, rain, flooding or other cause outside the applicant's control, or
(b) the reconstruction being not so necessary—
(i) where at least fifteen years have elapsed since the date of the completion of the erection of the house or of the reconstruction in respect of which such grant was made, or
(ii) less than fifteen years and at least ten years having so elapsed, where the reconstruction of the house includes the replacement of roofing by roofing of slates or tiles.
(2) Section 25 of the Act of 1952 is hereby amended by the insertion of “or section 12, section 13 or section 14 of the Housing (Amendment) Act, 1954” after “section 7 of this Act”.
PART III.
Control of Certain Premises.
Continuance of section 8 of the Act of 1948.
15.—Section 8 of the Act of 1948 (which prohibits the demolition or use, otherwise than as a dwelling-house, of certain habitable houses) shall continue in force until the 31st day of December, 1956.
PART IV.
Housing of the Working Classes.
Dwellings to be deemed to be provided under Housing of the Working Classes Acts.
16.—Dwellings which are vested in a housing authority or the commissioners of a town, which are used by them for the purposes of the Housing of the Working Classes Acts and which, apart from this section, would be dwellings not provided by the authority or commissioners under those Acts shall be deemed to be dwellings so provided, and references in any enactment (including, in particular, section 3 of the Landlord and Tenant Act, 1931 (No. 55 of 1931), and section 3 of the Rent Restrictions Act, 1946 (No. 4 of 1946)) to dwellings or buildings provided under the Housing of the Working Classes Acts, or under any of those Acts, shall be construed accordingly.
PART V.
Labourers Cottages.
Continuance of Labourers Acts.
17.—The Labourers Acts shall continue in force until the 31st day of December, 1960.
Amendment of section 11 of Labourers (Ireland) Act, 1906.
18.—(1) Section 11 of the Labourers (Ireland) Act, 1906, is hereby amended—
(a) by the substitution of “two hundred and fifty pounds” for “sixty pounds” wherever the latter words occur in the section, and
(b) by the substitution in paragraph (8) of “six hundred pounds” for “one hundred pounds”.
(2) In any application by virtue of section 50 of the Housing (Miscellaneous Provisions) Act, 1931 (No. 52 of 1931), of section 11 of the Labourers (Ireland) Act, 1906, the said section 11 shall apply subject to the amendments effected by subsection (1) of this section.
Amendment of section 17 (2) (d) (iii) of Labourers Act, 1936.
19.—Subparagraph (iii) of paragraph (d) of subsection (2) of section 17 of the Labourers Act, 1936 (No. 24 of 1936), is hereby amended by the insertion of “by devise or” before “by operation of law”.
Dwellings to be deemed to be provided under Labourers Acts.
20.—Dwellings which are vested in a housing authority, which are used by them for the purposes of the Labourers Acts and which, apart from this section, would be dwellings not provided by the authority under those Acts shall be deemed to be dwellings so provided, and references in any enactment (including, in particular, section 3 of the Landlord and Tenant Act, 1931 (No. 55 of 1931), and section 3 of the Rent Restrictions Act, 1946 (No. 4 of 1946)) to dwellings or buildings provided under the Labourers Acts, or under any of those Acts, shall be construed accordingly.
PART VI.
Acquisition of Small Dwellings.
Sale by Irish Land Commission where instrument under Small Dwellings Acquisition Act, 1899, applies.
21.—Where—
(a) land is offered for sale by the Irish Land Commission under any statutory power in that behalf vested in them, and
(b) an instrument under paragraph (e) of section 2 of the Small Dwellings Acquisition Act, 1899, is for the time being in force in relation to the land,
the land shall be sold subject to the instrument and to the relevant provisions of the Small Dwellings Acquisition Acts, 1899 to 1954, in addition to any charge, incumbrance or liability subject to which the land is, apart from this section, required by law to be sold.
FIRST SCHEDULE.
Repeals.
Number and Year | Short Title | Extent of Repeal |
No. 25 of 1950. | Sections 9, 10, 19 and 31. | |
No. 16 of 1952. |
SECOND SCHEDULE.
Grants to be made by the Minister.
Number of rooms in house. | Where sewerage and piped water supply are not available. | Where sewerage and piped water supply are available. |
£ | £ | |
3 | 125 | 175 |
4 | 175 | 225 |
5 or more | 225 | 275 |