As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 21 de 1955.


[EN]

AN tACHT IOMPAIR (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHODHNÚ AILT 9 DEN ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933, MAIDIR LE hIOMPAR BAINNE AGUS CRUITHNEACHTAN AGUS, I gCÁS ÉIGEANDÁLA, EARRAÍ EILE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ IARNRÓID A BHEAS SCORTHA GO SEALADACH. [15 Samhain, 1955.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An tAire.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

[EN]

Iompar bainne agus cruithneachtan.

2.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “uachtarlann” áitreabh atá cláraithe i gClár na nUachtarlann, a coimeádtar faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924);

[EN]

ciallaíonn “stáisiún deighilte uachtair” áitreabh atá cláraithe i gClár na Stáisiún ina nDeighiltear Uachtar, a coimeádtar faoin Acht sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933) (a chuireas srian le hiompar marsantais ag daoine neamhcheadúnaithe) maidir le haon cheann nó cinn díobh seo a leanas—

[EN]

(a) iompar bainne go dtí uachtarlann nó stáisiún deighilte uachtair,

[EN]

(b) iompar bainne dheighilte ó uachtarlann nó stáisiún deighilte nachtair,

[EN]

(c) iompar coimeádán bainne go dtí nachtarlann nó stáisiún deighilte uachtair, nó uaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an alt sin 9, ar feadh tréimhse sonraithe, maidir le hiompar cruithneachtan ag duine a bheas údaraithe do réir dlí chun gníomhú i rith saosúir áirithe mar ghníomhaire do cheadúnaí muilinn atá ceadúnaithe faoi alt 21 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933), i gcás an chruithneacht a bheith ceannaithe don cheadúnaí ag an ngníomhaire agus í a bheith á hiompar i bhfeithicil is leis an ngníomhaire.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoi fho-alt (3) a chúlghairm.

[EN]

Soláthairtí riachtanacha a choimeád ar fáil.

3.—(1) Féadfaidh an Rialtas, má chítear dóibh gur gá sin ar mhaithe le slándáil an phobail nó le caomhnadh an Stáit, nó chun soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach do shaol an phobail a choimeád ar fáil, a fhoráil le hordú nach mbeidh feidhm, ar feadh tréimhse sonraithe, ag alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (a chuireas srian le hiompar marsantais ag daoine neamhcheadúnaithe) maidir le hiompar earra a bheas sonraithe san ordú.

[EN]

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.

[EN]

Seirbhísí traenach a bheas scortha go sealadach.

4.—I gcás seirbhís traenach ar aon líne iarnróid a bheith scortha go sealadach faoin Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (R. & O. R., Uimh. 354 de 1944), agus gan aon bhreith maidir leis an líne a bheith tugtha ag an mBinse Iompair, roimh an Acht seo a rith, faoi alt 55 den Acht Iompair, 1950 (Uimh. 12 de 1950), ní bheidh oblagáid ar Chóras Iompair Éireann an tseirbhís d'athbhunú—

[EN]

(a) go dtí go dtabharfaidh an Binse Iompair breith ar iarratas ar ordú díolúine maidir leis an líne, faoin alt sin, a déanfar tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an tAcht seo a rith nó laistigh de pé tréimhse bhreise, nach sia ná dhá bhliain, a fhorálfas an tAire le hordú, nó

[EN]

(b) mura ndéantar aon iarratas den tsórt sin, go dtí go mbeidh an tréimhse sin nó an tréimhse bhreise sin caite.

[EN]

Gearrtheideal.

5.—Féadfar an tAcht Iompair (Forála Ilghnéitheacha), 1955, a ghairm den Acht seo.

[GA]

harp.jpg


Number 21 of 1955.


[GA]

TRANSPORT (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1955.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

The Minister.

2.

Carriage of milk and of wheat.

3.

Maintenance of essential supplies.

4.

Train services temporarily discontinued.

5.

Short title.


Acts Referred to

Dairy Produce Act, 1924

No. 58 of 1924

Road Transport Act, 1933

No. 8 of 1933

Agricultural Produce (Cereals) Act, 1933

No. 7 of 1933

Transport Act, 1950

No. 12 of 1950

harp.jpg


Number 21 of 1955.


TRANSPORT (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1955.


AN ACT TO MODIFY SECTION 9 OF THE ROAD TRANSPORT ACT, 1933, IN RELATION TO THE CARRIAGE OF MILK AND WHEAT AND, IN AN EMERGENCY, OF OTHER COMMODITIES AND TO MAKE PROVISION IN RELATION TO RAILWAY SERVICES TEMPORARILY DISCONTINUED. [15th November, 1955.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

The Minister.

1.—In this Act “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce.

[GA]

Carriage of milk and of wheat.

2.—(1) In this section—

[GA]

creamery” means premises registered in the Register of Creameries kept under the Dairy Produce Act, 1924 (No. 58 of 1924);

[GA]

cream separating station” means premises registered in the Register of Cream Separating Stations kept under that Act.

[GA]

(2) Section 9 of the Road Transport Act, 1933 (No. 8 of 1933), (which restricts the carriage of merchandise by unlicensed persons) shall not apply to any one or more of the following—

[GA]

(a) the carriage of milk to a creamery or a cream separating station,

[GA]

(b) the carriage of separated milk from a creamery or cream separating station,

[GA]

(c) the carriage of milk containers to or from a creamery or cream separating station.

[GA]

(3) The Minister may by order provide that, during a specified period, the said section 9 shall not apply to the carriage of wheat by a person authorised by law to act during a particular season as the agent of the licensee of a mill licensed under section 21 of the Agricultural Produce (Cereals) Act, 1933 (No. 7 of 1933), where the wheat was purchased by the agent for the licensee and is carried in a vehicle owned by the agent.

[GA]

(4) The Minister may by order revoke an order under subsection (3).

[GA]

Maintenance of essential supplies.

3.—(1) The Government, if it appears to them to be necessary to do so in the interests of the public safety or the preservation of the State, or for maintaining supplies and services essential to the life of the community, may by order provide that, during a specified period, section 9 of the Road Transport Act, 1933 (which restricts the carriage of merchandise by unlicensed persons), shall not apply to the carriage of a commodity specified in the order.

[GA]

(2) The Government may by order revoke an order under subsection (1).

[GA]

Train services temporarily discontinued.

4.—Where a service of trains on any railway line was temporarily discontinued under the Emergency Powers (Córas Iompair Éireann) (Reduction of Railway Services) Order, 1944 (S. R. & O., No. 354 of 1944), and no determination in relation to the line has been made by the Transport Tribunal before the passing of this Act under section 55 of the Transport Act, 1950 (No. 12 of 1950), Córas Iompair Éireann shall not be under an obligation to restore the service before—

[GA]

(a) the determination by the Transport Tribunal of an application for an exemption order in relation to the line under that section made not later than three years after the passing of this Act or within such additional period, not exceeding two years, as the Minister may by order provide, or

[GA]

(b) if no such application is made, the expiry of that period or additional period.

[GA]

Short title.

5.—This Act may be cited as the Transport (Miscellaneous Provisions) Act, 1955.