As Ann Déscrolláil
Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.
Uimhir 22 de 1976
AN tACHT AOISLIÚNTAS AGUS PINSEAN, 1976
[An tiontú oifigiúil]
[6 Iúil 1976]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “státseirbhíseach” duine ag a bhfuil post sa Státseirbhís;
ciallaíonn “an Státseirbhís” Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit;
ciallaíonn “státseirbhíseach bunaithe” státseirbhíseach a íoctar as airgead arna vótáil ag an Oireachtas agus a bhfuil deimhniú ina leith eisithe faoi alt 26 d'Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, nó duine a íoctar amhlaidh agus a meastar, de bhun alt 27 den Acht sin, deimhniú den sórt sin a bheith aige nó atá, de bhun alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924, arna cheapadh ina phríomh-oifigeach ar Roinn Stáit;
ciallaíonn “an tAire” Aire na Seirbhíse Poiblí;
ciallaíonn “aisce théarfa” aisce is iníoctha le státseirbhíseach bunaithe a scoireann den Státseirbhís nó a chuirtear as an Státseirbhís,
(a) mar gheall ar dheireadh a bheith curtha lena oifig, nó
(b) le gur fusa feabhas a chur ar eagrú na roinne nó an chomhlachta lena mbaineann sé trínar féidir tuilleadh éifeachta nó tuilleadh tís a bhaint amach;
ciallaíonn “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh” iad seo a leanas, is é sin, Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1975, na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1975, na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1975, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975, na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975, agus aon achtachán ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin uile nó aon cheann díobh;
tá le “reacht” agus “ionstraim reachtúil” an bhrí chéanna atá leo, faoi seach, in alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937;
ciallaíonn “luach aistrithe” íocaíocht i leith aistriú sochar aoisliúntas agus sin arna ríomh ar mhodh a shonróidh an tAire.
Scéimeanna aoisliúntas maidir le státseirbhísigh agus daoine áirithe eile.
1854, c. 99.
2.—(1) Féadfaidh an tAire scéim nó scéimeanna a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir téarmaí an chéanna chun pinsin, aiscí (lena n-áirítear aiscí téarfa agus sochair dhíobhála) agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás, nó i cibé imthosca eile a shonrófar ansin, do dhaoine lena mbaineann an t-alt seo nó ina leith.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, i gcás scéim faoin alt seo—
(a) féadfaidh gur scéim ranníocach nó scéim neamhranníocach a bheidh inti,
(b) féadfaidh sí a shocrú go n-íocfaidh nó go bhfaighidh an tAire luachanna aistrithe i ndáil le daoine lena mbaineann an t-alt seo,
(c) féadfaidh sí a shocrú go ndéanfar ranníocaí a íocadh de bhun scéim den sórt sin a íoc trína dtabhairt ar ais, le hús nó gan ús,
(d) féadfaidh éifeacht a bheith léi ó dháta is luaithe ná dáta na scéime ach nach luaithe—
(i) i gcás socrú a bheith sa scéim le pinsin a íoc le baintreacha agus le leanaí daoine éagtha ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo agus a d'éag nó a scoir roimh an 23ú lá d'Iúil, 1968, agus
(A) atá nó a bhí ag fáil pinsin a meastar de bhua alt 9 den Acht seo gur faoi alt 2 den Acht seo a deonaíodh é, nó
(B) a raibh ar dháta a mbáis seirbhís acu a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear sa scéim,
ná an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969,
(ii) i gcás an scéim do dhéanamh socrú den sórt sin i leith daoine éagtha ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo, agus—
(A) a ghlac de rogha, i rith na tréimhse dar thosach an 23ú lá d'Iúil a dúradh agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1968, dul isteach sa scéim nó nár fheidhmigh rogha an lá sin gan dul isteach sa scéim,
(B) a d'fheidhmigh, i rith na tréimhse a luaitear i gclásal (A) den fhomhír seo, an rogha a luaitear amhlaidh agus a ghlac de rogha, d'ainneoin gur fheidhmigh siad an rogha, i rith na tréimhse dar thosach an lú lá d'Eanáir, 1969, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1971, dul isteach sa scéim,
(C) a d'fheidhmigh, i rith na tréimhse a luaitear sa chlásal sin (A), an rogha a luaitear amhlaidh, agus ar tharla ina dhiaidh sin agus i rith na tréimhse dar thosach an 23ú lá d'Iúil a dúradh agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1971, gur éag siad nó gur scoir siad den Státseirbhís nó gur scoir siad ar shlí eile de bheith ina ndaoine a mbaineann an t-alt seo leo, agus a ghlac de rogha dul isteach sa scéim, nó a ndearnadh rogha den sórt sin ina leith nó i ndáil leo de bhun na scéime, i rith na tréimhse a dúradh dar thosach an 23ú lá d'Iúil a dúradh agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1971,
ná an 23ú lá d'Iúil a dúradh,
(iii) i gcás an scéim do dhéanamh socrú den sórt sin i leith daoine éagtha ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo agus a tháinig chun bheith ina ndaoine den sórt sin agus a d'éag nó a scoir ar shlí eile de bheith ina ndaoine den sórt sin an lú lá d'Eanáir, 1969, nó dá éis, ná an lú lá d'Eanáir a dúradh,
(iv) i gcás an scéim do dhéanamh socruithe seachas na socruithe a luaitear sna fomhíreanna sin roimhe seo den mhír seo, ná an lú lá d'Eanáir, 1970,
(e) féadfaidh feidhm a bheith aici i ndáil le pinsin, liúntais nó aiscí a íocadh nó ab iníoctha le daoine nó i leith daoine ar dhaoine iad a mbaineann an t-alt seo leo agus a d'éag nó a scoir de bheith ina ndaoine a mbaineann an t-alt seo leo roimh thosach feidhme na scéime.
(f) féadfaidh sí a cheangal nó a údarú pinsin, liúntais nó aiscí a íoc le daoine nó i leith daoine a luaitear i mír (e) den fho-alt seo,
(g) féadfaidh sí a údarú aon suim, nach mó ná méid a bheidh sonraithe sa scéim agus a bheidh dlite i leith aon sochair faoin scéim, a íoc gan probháid a thabhairt ar aird ná teideal ionadaí phearsanta duine éagtha a chruthú ar aon slí eile,
(h) féadfaidh sí a fhoráil, i ndáil le ceapacháin a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith chun Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, nach mbainfidh fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944, le sealbhóir na hoifige sin ná le duine áirithe i seilbh na hoifige sin.
(3) Baineann an t-alt seo le haon duine—
(a) arb amhlaidh dó an 23ú lá d'Iúil, 1968, nó dá éis,
(i) gur státseirbhíseach bunaithe é,
(ii) gur comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais é de réir brí alt 2 den Acht um Fhoireann Thithe an Oireachtais, 1959,
(iii) go sealbhaíonn sé oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus gur státseirbhíseach bunaithe é tráth ar bith sular ceapadh chun na hoifige sin é,
(iv) gur Coimisinéir de Choimisiún Talún na hÉireann é a ceapadh de bhun alt 4 den Acht Dlí Thalmhan (Coimisiún), 1923,
(v) gur oifigeach nó seirbhíseach é a ceapadh de bhun alt 13 den National Gallery of Ireland Act, 1854,
(vi) gur duine é a ceapdh de bhun alt 2 (1) den Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960, le bheith ina eadránaí maoine,
(b) arb amhlaidh dó roimh an 23ú lá d'Iúil a dúradh,
(i) go bhfuair sé bás agus, tráth a bháis, gur státseirbhíseach bunaithe é nó gur shealbhaigh sé oifig nó ceapachán dá dtagraítear i bhfomhír (ii), (iii), (iv), (v) nó (vi) de mhír (a) den alt seo,
(ii) gur duine é ba státseirbhíseach bunaithe tráth agus a raibh scortha den Státseirbhís aige, nó a shealbhaigh tráth oifig nó ceapachán dá dtagraítear amhlaidh agus a raibh scortha aige den oifig nó den cheapachán, agus, i gceachtar cás, a fuair bás lá ar bith is lá i ndiaidh dáta a scoir,
(iii) gur dhuine é ba státseirbhíseach bunaithe tráth agus a raibh scortha den Státseirbhís aige, nó a shealbhaigh tráth oifig nó ceapachán dá dtagraítear amhlaidh agus a raibh scortha aige den oifig nó den cheapachán, agus a bhí, i gceachtar cás, an lú lá d'Eanáir, 1970, ag fáil pinsin nó liúntais i leith seirbhíse sa Státseirbhís, san oifig nó sa cheapachán,
(c) gur duine é d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe i rialacháin a beidh déanta ag an Aire.
(4) Féadfar scéimeanna éagsúla a dhéanamh faoin alt seo i ndáil le haicmí éagsúla daoine lena mbaineann an t-alt seo.
(5) Suim a bheidh le híoc ag an Aire de bhun foráil a bheidh ar áireamh i scéim faoin alt seo de bhua mhír (g) d'fho-alt (2) den alt seo féadfar í a íoc le daoine nó a dháileadh ar dhaoine ar dealraitheach don Aire teideal tairbhiúil a bheith acu chun eastát an duine éagtha lena mbaineann, nó í a íoc le duine amháin nó níos mó nó a dháileadh ar níos mó ná duine amháin de na daoine sin, nó i gcás gur neamhdhlisteanach don duine éagtha lena mbaineann nó dá leanaí (is cás nach mbaineann alt 9 den Acht Dlisteanais, 1931, leis), í a íoc le cibé daoine nó a dháileadh ar cibé daoine is cuí leis an Aire, agus beidh an tAire urscaoilte ó gach dliteanas maidir le haon íocaíocht nó dáileadh den sórt sin.
(6) I gcás pinsean a bheith laghdaithe go hiomlán, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, de bhua aon achtacháin (seachas an tAcht seo), ansin chun críocha an ailt seo measfar an pinsean a bheith faighte ag an duine a gheobhadh é murach an laghdú.
(7) I gcás inar dealraitheach don Aire go bhfuil foráil in aon reacht nó ionstraim reachtúil ar neamhréir le haon fhoráil de scéim faoin alt seo nó go bhfuil sí tagtha chun bheith neamhriachtanach nó gur gá í a oiriúnú, a mhodhnú nó a leasú ar shlí eile de dhroim aon fhorála de scéim faoin alt seo, féadfaidh sé, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, le scéim faoin alt seo an fhoráil a aisghairm nó a leasú.
(8) Ní dhéanfaidh an tAire, ach amháin le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh, scéim faoin alt seo a aisghairfidh nó a leasóidh foráil atá sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó in aon ionstraim reachtúil a rinneadh faoi na hAchtanna sin.
(9) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le scéim a déanfar de bhun fho-alt (7) den alt seo amhail ar agus ó lá nach luaithe ná an 23ú lá d'Iúil, 1968.
(10) I gcás aon fhoráil a leasú le scéim faoin alt seo ní dhochróidh sin aon chumhacht an fhoráil sin a leasú a thugtar ar shlí seachas leis an alt seo.
(11) Faoi réir fho-alt (8) den alt seo, féadfaidh an tAire tráth ar bith scéim a dhéanamh do leasú nó do chúlghairm scéim faoin alt seo.
(12) Tiocfaidh fo-alt (7) den alt seo i ngníomh ar dháta thosach feidhme alt 11 den Acht seo.
Féadfaidh an tAire forálacha láithreacha áirithe aoisliúntas státseirbhíse a leasú.
3.—(1) Féadfaidh an tAire, a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus laistigh den tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch dáta thosach feidhme alt 11 den Acht seo, a fhoráil le rialachán go scoirfidh nó go leasófar ar shlí eile aon achtachán dá luaitear sa dara colún den Sceideal sin (achtacháin a bhaineann le haoisliúntais daoine lena mbaineann alt 2 den Acht seo) mar aon le haon ionstraim reachtúil, a mhéid atá sí déanta, nó a mheastar í a bheith déanta, faoi aon achtachán dá luaitear sa tríú colún sin.
(2) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go scoirfidh nó go leasófar ar shlí eile aon fhoráil in aon reacht nó in aon ionstraim reachtúil i gcás inar dealraitheach dó go bhfuil an fhoráil ar neamhréir le haon fhoráil i rialacháin faoin alt seo, nó go bhfuil sí tagtha chun bheith neamhriachtanach nó gur gá í a oiriúnú, a mhodhnú nó a leasú ar shlí eile de dhroim aon fhorála den sórt sin.
(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire le rialacháin an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le go dtabharfar aon reacht ina iomláine, nó aon achtachán in aon reacht, faoi raon feidhme fho-alt (1) den alt seo.
(4) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo—
(a) á fhoráil go scoirfidh nó go leasófar ar shlí eile aon fhoráil sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh nó in aon ionstraim reachtúil faoi na hAchtanna sin,
(b) ag tabhairt aon reacht a áirítear sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh, ina iomláine, nó aon achtachán in aon reacht den sórt sin, faoi raon feidhme fho-alt (1) den alt seo,
ach amháin le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh.
(5) I gcás ina mbeartóidh an tAire rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go gceadóidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.
(6) I gcás aon fhoráil a leasú le rialacháin faoin alt seo ní dhochróidh sin aon chumhacht an fhoráil sin a leasú a thugtar ar shlí seachas leis an alt seo.
(7) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le rialacháin faoin alt seo amhail ar agus ó lá nach luaithe ná an 1ú lá d'Eanáir, 1970.
Feidhmeanna aoisliúntas a tharmligean.
4.—Féadfaidh an tAire, a mhéid is cuí leis agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, aon chumhacht a thugtar dó le scéim faoi alt 2 den Acht seo chun aon phinsean, aisce nó liúntas eile a dheonú, aon luach aistrithe a íoc nó a ghlacadh, nó aon ranníoc nó íocaíocht eile a thabhairt nó a ghlacadh a tharmligean chun aon Aire Stáit eile, nó chun aon duine a ndearbhaítear le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire gur duine é lena mbaineann an t-alt seo, agus i gcás suim a thuairiscítear amhlaidh a bheith le híoc, de bhun tarmligin faoin alt seo, ag Aire Stáit den sórt sin nó ag duine eile den sórt sin ar an modh a thuairiscítear i mír (g) d'alt 2 (2) den Acht seo, beidh feidhm ag alt 2 (5) den Acht seo maidir leis an íocaíocht ach sin faoi réir an mhodhnaithe gurb é an tAire Stáit sin nó an duine eile sin a chinnfidh amhlaidh na daoine a ndéanfar an tsuim a íoc leo nó a dháileadh orthu, in ionad an tAire á gcinneadh de réir an ailt sin.
Leasú ar alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944.
5.—Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1):
“; ar choinníoll nach mbeidh duine a shealbhaíonn oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dteideal rogha a dhéanamh faoin bhfo-alt seo más duine é nach mbeidh feidhm maidir leis, de bhua scéim faoi alt 2 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ag fo-alt (1) den alt seo”
agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.
TABLA |
2.—(1) I gcás duine ag fónamh i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís do cheapadh ina Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, beidh an duine sin, má ghlacann de roghain é, i dteideal go gcuirfí i mbaint leis forála na nAcht Aoisliúntas, 1834 go 1942, mar bhí na hAchta san ionchurtha i mbaint leis agus é ag fónamh amhlaidh sa Stát-Sheirbhís, in ionad forál fó-ailt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, agus is tuigthe chun críoch a mbainte leis amhlaidh a sheirbhís mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste do bheith ina seirbhís i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís agus í bheith ionáirithe i dteanta a sheirbhíse iarbhír i bhfeadhmannas bunaithe sa Stát-Sheirbhís; ar choinníoll nach mbeidh duine a shealbhaíonn oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dteideal rogha a dhéanamh faoin bhfo-alt seo más duine é nach mbeidh feidhm maidir leis, de bhua scéim faoi alt 2 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ag fo-alt (1) den alt seo. |
6.—Forléireofar an tagairt in alt 26 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963, do na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, mar thagairt do na hAchtanna sin arna leasú le haon rialacháin faoi alt 3 den Acht seo.
Caiteachais.
7.—(1) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire é, na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo.
(2) Aon ranníoc nó íocaíocht eile a bheidh le híoc ag an Aire de bhun scéim faoi alt 2 den Acht seo íocfaidh an tAire an céanna,
(a) i gcás inar íocaíocht le duine a shealbhaigh oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an íocaíocht, as an bPríomh-Chiste, nó
(b) in aon chás eile, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(3) Déanfar aon ranníoc nó íocaíocht eile a ghlacfaidh an tAire de bhua an Achta seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste de réir treoracha ón Aire Airgeadais.
Rialacháin agus scéimeanna i gcoitinne.
8.—(1) Déanfar gach rialachán nó scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas rialachán faoi alt 3 (3), a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó na scéime, beidh an rialachán nó an scéim, de réir mar a bheidh, ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin scéim.
(2) Féadfaidh aon rialacháin nó scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a fhoráil gurb é an tAire a chinnfidh ceisteanna a éireoidh faoi na rialacháin nó faoin scéim nó de bhua na rialacháin nó an scéim a dhéanamh agus féadfaidh siad a fhoráil gur cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire ar aon cheisteanna den sórt sin.
(3) Féadfaidh aon scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a fhoráil go ndéanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo), nó in aon reacht áirithe den sórt sin a bheidh sonraithe sa scéim, do na hAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a fhorléiriú mar thagairt, nó mar thagairt a fholaíonn tagairt, de réir mar a bheidh, don scéim, agus i gcás aon fhoráil den sórt sin a bheith i scéim den sórt sin, forléireofar an t-achtachán lena mbaineann an fhoráil agus beidh éifeacht leis de réir na forála.
Cosaint.
1887, c. 67.
9.—(1) Ní dhéanfaidh aisghairm nó leasú aon achtacháin arna dhéanamh leis an Acht seo nó faoin Acht seo difear—
(a) d'aon phinsean, liúntas nó aisce a deonaíodh do dhuine nó i leith duine faoi aon reacht (seachas an tAcht seo),
(b) d'aon chomhaontú, cinneadh, géilleadh, roghnú nó ainmniú a rinneadh, d'aon fhógra nó ceadú a tugadh ná d'aon ranníoc a íocadh faoi aon achtachán den sórt sin,
(c) d'aon ní eile a deonaíodh, a rinneadh, a tugadh nó a íocadh faoi aon achtachán den sórt sin,
agus leanfar den phinsean nó den liúntas sin a íoc ionann is dá mba nár aisghaireadh nó nár leasaíodh an t-achtachán amhlaidh agus, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, measfar an pinsean, an liúntas nó an aisce, nó an ní a luaitear i mír (b) nó (c) den fho-alt seo, a bheith deonaithe, déanta, tugtha nó íoctha faoin bhforáil chomhréireach de scéim a rinneadh faoi alt 2 den Acht seo.
(2) Déanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo), nó in aon doiciméad (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt), do phinsean faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, nó do phinsean a deonaíodh faoi na hAchtanna sin, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do phinsean faoi scéim faoi alt 2 den Acht seo nó do phinsean a deonaíodh, nó a mheastar faoin Acht seo a deonaíodh, faoi scéim den sórt sin, de réir mar is iomchuí.
(3) Déanfar aon tagairt in aon reacht (seachas an tAcht seo) nó in aon doiciméad—
(a) d'aon achtachán a aisghairtear, go hiomlán nó go páirteach, leis an Acht seo,
(b) do chnuasach dhá achtachán den sórt sin nó níos mó ar achtacháin den sórt sin é nó a bhfuil aon achtachán den sórt sin ann,
(c) do chnuasach dhá fhoráil nó níos mó atá in dhá achtachán den sórt sin nó níos mó agus ar achtacháin den sórt sin é nó a bhfuil aon achtachán den sórt sin ann,
a fhorléiriú, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, mar thagairt, nó mar thagairt a fholaíonn tagairt, don scéim chomhréireach faoin Acht seo, nó don fhoráil chomhréireach de scéim den sórt sin, de réir mar is iomchuí.
(4) Ní bheidh feidhm ag alt 8 den Superannuation Act, 1887, maidir le haon phinsean, aisce nó liúntas arna dheonú faoi scéim faoi alt 2 den Acht seo.
Féadfar suim eile a chur in ionad na suime a shonraítear in alt 8 den Superannuation Act, 1887.
10.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú suim eile a chur in ionad na suime a shonraítear in alt 8 den Superannuation Act, 1887, arna leasú le halt 35 den Acht Airgeadais, 1956, agus le halt 9 den Acht seo, agus i gcás ina ndéanfar ordú faoin alt seo, ansin fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm forléireofar an t-alt sin 8, arna leasú amhlaidh, agus beidh éifeacht leis, ionann is dá mba thagairt don tsuim a shonraítear san ordú an tagairt san alt sin do chúig chéad punt.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.
(3) I gcás ina mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Aisghairm.
11.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
12.—(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976, a ghairm den Acht seo.
(2) (a) Tiocfaidh ailt 9 (4) agus 10 den Acht seo i ngníomh cibe lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Aire.
(b) Tiocfaidh alt 11 den Acht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar amhlaidh.
AN CHEAD SCEIDEAL
Na hAchtacháin Dá dTagraítear in Alt 3 (1)
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | An méid lena mbaineann alt 3 (1) |
4 & 5 Will. 4, c. 24. | Superannuation Act, 1834. | Ailt 12 agus 28. |
22 Vict. c. 26. | Superannuation Act, 1859. | Ailt 2, 6, 10 agus 17. |
50 & 51 Vict. c. 67. | Superannuation Act, 1887. | Ailt 3 agus 8. |
9 Edw. 7, c. 10. | Superannuation Act, 1909. | Ailt 1, 2 (1) agus 6 (1). |
4 & 5 Geo. 5, c. 86. | Superannuation Act, 1914. | Alt 4 (1). |
9 & 10 Geo. 5, c. 67. | Superannuation (Prison Officers) Act, 1919. | Alt 1 (1) |
Alt 21 (1). | ||
Alt 2 (4). | ||
An tAcht Rialtais Áitiúil (Aois-liúntas), 1956. | Ailt 11 (1), 34 (1) agus 67 (1). | |
An tAcht Aoisliúntas agus Pin-sean, 1963. | Alt 4, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 5, agus alt 8. |
AN DARA SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
4 & 5 Will. 4, c. 24. | Superannuation Act, 1834. | Ailt 12, 21, 28 agus 30. |
22 Vict. c. 26. | Superannuation Act, 1859. | An tAcht iomlán. |
34 & 35 Vict. c. 36. | Pensions (Commutation) Act, 1871. | Alt 3 (2). |
50 & 51 Vict. c. 67. | Superannuation Act, 1887. | Ailt 2 agus 3, ailt 5 go 7 agus alt 10. |
55 & 56 Vict. c. 40. | Superannuation Act, 1892. | An tAcht iomlán. |
9 Edw. 7, c. 10. | Superannuation Act, 1909. | An tAcht iomlán, ach amháin alt 5. |
4 & 5 Geo. 5, c. 86. | Superannuation Act, 1914. | Ailt 1 agus 2. |
9 & 10 Geo. 5, c. 67 | Superannuation (Prison Officers) Act, 1919. | An tAcht iomlán. |
In alt 31 (4) na focail “, agus féadfidh an tAire a shocrú gur cistí puiblí na cistí sin chun crícheanna an Super-annuation Act, 1892”. | ||
Ailt 21, 22 agus 24. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Alt 27. | ||
An tAcht Aoisliúntas agus Pin-sean, 1963. | Alt 4, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 5, ailt 6, 7 agus 8, míreanna (a) agus (b) d'alt 23 (1), agus ailt 25 agus 27. | |
Alt 1. |
Number 22 of 1976
SUPERANNUATION AND PENSIONS ACT, 1976
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Acts Referred to | |
1956, No. 45. | |
1924, No. 16. | |
1975, No. 28. | |
1937, No. 38. | |
1944, No. 19. | |
1959, No. 38. | |
1923, No. 27. | |
National Gallery of Ireland Act, 1854 | 1854, c. 99. |
1960, No. 45. | |
1931, No. 13. | |
1963, No. 24. | |
Superannuation Act, 1887 | 1887, c. 67. |
1956, No. 22. |
Number 22 of 1976
SUPERANNUATION AND PENSIONS ACT, 1976
Definitions.
1.—In this Act—
“civil servant” means a person holding a position in the Civil Service;
“the Civil Service” means the Civil Service of the Government and the Civil Service of the State;
“established civil servant” means a civil servant who is paid out of moneys voted by the Oireachtas and in respect of whom a certificate has been issued under section 26 of the Civil Service Commissioners Act, 1956, or a person who is so paid and who either, pursuant to section 27 of that Act, is deemed to possess such a certificate or, pursuant to section 2 of the Ministers and Secretaries Act, 1924, is appointed the principal officer of a Department of State;
“the Minister” means the Minister for the Public Service;
“severance gratuity” means a gratuity payable to an established civil servant who retires or is removed from the Civil Service,
(a) in consequence of the abolition of his office, or
(b) for the purpose of facilitating improvements in the organisation of the department or body to which he belongs by which greater efficiency or economy can be effected;
“the Social Welfare Acts” means the following, namely, the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1975, the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1975, the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1975, the Social Welfare (Children's Allowances) Acts, 1944 to 1975, the Social Welfare Acts, 1952 to 1975, the Social Welfare (Supplementary Welfare Allowances) Act, 1975, and any enactment which amends or extends all or any of those Acts;
“statute” and “statutory instrument” have the same meaning as they have, respectively, in section 3 of the Interpretation Act, 1937;
“transfer value” means a payment in respect of the transfer of superannuation benefits and calculated in a manner specified by the Minister.
Superannuation schemes as regards civil servants and certain other persons.
2.—(1) The Minister may make and carry out in accordance with its terms a scheme or schemes for the granting of pensions, gratuities (including severance gratuities and injury benefits) and other allowances on retirement or death, or in such other circumstances as may be specified therein, to or in respect of persons to whom this section applies.
(2) Without prejudice to the generality of subsection (1) of this section, a scheme under this section may—
(a) be contributory or non-contributory,
(b) provide for the payment or receipt by the Minister of transfer values in relation to persons to whom this section applies,
(c) provide for the payment by way of a return of contributions paid pursuant to such a scheme, with or without interest,
(d) have effect from a date which is earlier than the date of the scheme but which is not earlier than—
(i) in case the scheme provides for the payment of pensions to the widows and children of deceased persons who, having been persons to whom this section applies, died or retired before the 23rd day of July, 1968, and who either,
(A) are or have been in receipt of a pension deemed by virtue of section 9 of this Act to have been granted under section 2 of this Act, or
(B) at the date of their death had service complying with conditions specified in the scheme,
the 1st day of October, 1969,
(ii) in case the scheme makes such provision in respect of deceased persons who, having been persons to whom this section applies, and—
(A) who during the period beginning on the said 23rd day of July and ending on the 31st day of December, 1968, either elected to join the scheme or did not exercise an option not to join the scheme,
(B) who during the period mentioned in clause (A) of this subparagraph exercised the option so mentioned and who, notwithstanding the exercise by them of the option, during the period beginning on the 1st day of January, 1969, and ending on the 31st day of December, 1971, elected to join the scheme,
(C) who during the period mentioned in the said clause (A) exercised the option so mentioned, and subsequently and during the period beginning on the said 23rd day of July and ending on the 31st day of December, 1971, either died or retired from the Civil Service or otherwise ceased to be persons to whom this section applies, and who elected to join the scheme, or in respect of or in relation to whom pursuant to the scheme such an election was made, during the said period beginning on the said 23rd day of July and ending on the 31st day of December, 1971,
the said 23rd day of July,
(iii) in case the scheme makes such provision in respect of deceased persons who were persons to whom this section applies and who both became such persons and died or otherwise ceased to be such persons on or after the 1st day of January, 1969, the said 1st day of January,
(iv) in case the scheme makes provisions other than provisions mentioned in the foregoing subparagraphs of this paragraph, the 1st day of January, 1970,
(e) apply in relation to pensions, allowances or gratuities paid or payable to or in respect of persons who, having been persons to whom this section applies, have died or ceased to be persons to whom this section applies before the commencement of the scheme,
(f) require or authorise the payment of pensions, allowances or gratuities to or in respect of persons mentioned in paragraph (e) of this subsection,
(g) authorise the payment, without the production of probate or otherwise proving the title of the personal representative of a deceased person, of any sum, not exceeding an amount specified in the scheme, which is due in respect of any benefit under the scheme,
(h) in relation to appointments made after the passing of this Act to the office of Comptroller and Auditor General, provide that subsection (1) of section 2 of the Comptroller and Auditor General (Amendment) Act, 1944, shall not apply to the holder of or to a particular person holding that office.
(3) This section applies to any person who—
(a) on or after the 23rd day of July, 1968,
(i) is an established civil servant,
(ii) is a member of the staff of the Houses of the Oireachtas within the meaning of section 2 of the Staff of the Houses of the Oireachtas Act, 1959,
(iii) holds the office of Comptroller and Auditor General and who at any time before being appointed to that office was an established civil servant,
(iv) is a Commissioner of the Irish Land Commission appointed pursuant to section 4 of the Land Law (Commission) Act, 1923,
(v) is an officer or servant appointed pursuant to section 13 of the National Gallery of Ireland Act, 1854,
(vi) is a person appointed pursuant to section 2 (1) of the Property Values (Arbitrations and Appeals) Act, 1960, to be a property arbitrator,
(b) before the said 23rd day of July,
(i) died and who at the time of his death either was an established civil servant or held an office or appointment referred to in subparagraph (ii), (iii), (iv), (v) or (vi) of paragraph (a) of this section,
(ii) was a person who, having been an established civil servant, had retired from the Civil Service, or, having been the holder of an office or appointment so referred to, had retired from the office or appointment, and who, in either case, died on any day which is subsequent to the date of his retirement,
(iii) was a person who, having been an established civil servant, had retired from the Civil Service, or, having been the holder of an office or appointment so referred to, had retired from the office or appointment, and who, in either case, was on the 1st day of January, 1970, in receipt of a pension or allowance in respect of service in the Civil Service, office or appointment,
(c) is a person of a class or description specified in regulations made by the Minister.
(4) Different schemes may be made under this section in relation to different classes of persons to whom this section applies.
(5) A sum to be paid by the Minister pursuant to a provision which is included in a scheme under this section by virtue of paragraph (g) of subsection (2) of this section may be paid or distributed to or among persons appearing to the Minister to be beneficially entitled to the estate of the deceased person concerned, or to or among any one or more of those persons, or in the case of the illegitimacy of the deceased person concerned or his children (being a case to which section 9 of the Legitimacy Act, 1931, does not apply), to or among such persons as the Minister may think fit, and the Minister shall be discharged from all liability in respect of any such payment or distribution.
(6) Where a pension is abated in full, whether before or after the passing of this Act, by virtue of any enactment (other than this Act), then for the purposes of this section the pension shall be deemed to have been received by the person by whom, but for the abatement, it would have been received.
(7) Where it appears to the Minister that a provision in any statute or statutory instrument is inconsistent with, or has become unnecessary or requires to be adapted, modified or otherwise amended in consequence of, any provision of a scheme under this section, subject to subsection (8) of this section, he may by a scheme under this section repeal or amend the provision.
(8) A scheme under this section which repeals or amends a provision contained either in the Social Welfare Acts, or in any statutory instrument made under those Acts, shall be made by the Minister only with the consent of the Minister for Social Welfare.
(9) A scheme made pursuant to subsection (7) of this section may have retrospective effect as on and from a day which is not earlier than the 23rd day of July, 1968.
(10) The amendment of any provision by a scheme under this section shall not prejudice any power to amend that provision conferred otherwise than by this section.
(11) Subject to subsection (8) of this section, the Minister may at any time make a scheme amending or revoking a scheme under this section.
(12) Subsection (7) of this section shall come into operation on the commencement of section 11 of this Act.
Minister may amend certain existing civil service superannuation provisions.
3.—(1) The Minister may, to the extent specified in the third column of the First Schedule to this Act and within the period beginning on the passing of this Act and ending on the commencement of section 11 of this Act, by regulation provide for the cesser of or otherwise amend any enactment mentioned in the second column of that Schedule (which enactments relate to the superannuation of persons to whom section 2 of this Act applies) together with any statutory instrument, in so far as it is made, or is deemed to have been made, under any enactment mentioned in the said third column.
(2) Subject to subsection (4) of this section, the Minister may by regulations provide for the cesser of or otherwise amend any provision in any statute or statutory instrument where it appears to him that the provision is inconsistent with, or has become unnecessary or requires to be adapted, modified or otherwise amended in consequence of, any provision of regulations under this section.
(3) Subject to subsection (4) of this section, the Minister may by regulations amend the First Schedule to this Act so as to extend the application of subsection (1) of this section either to the whole of, or to any enactment contained in, any statute.
(4) Regulations under this section which—
(a) provide for the cesser or other amendment of any provision of, or of any statutory instrument made under, the Social Welfare Acts,
(b) extend the application of subsection (1) of this section to the whole of, or to any enactment contained in, any statute comprised in the Social Welfare Acts,
shall be made by the Minister only with the consent of the Minister for Social Welfare.
(5) Where regulations under subsection (3) of this section are proposed to be made by the Minister, a draft of the regulations shall be laid before each House of the Oireachtas and the regulations shall not be made until a resolution approving of the draft has been approved by each such House.
(6) The amendment of any provision by regulations under this section shall not prejudice any power to amend that provision conferred otherwise than by this section.
(7) Regulations under this section may have retrospective effect as on and from any day which is not earlier than the 1st day of January, 1970.
Delegation of superannuation functions.
4.—The Minister may, to such extent and subject to such conditions as he thinks fit, delegate to any other Minister of State, or to any person who is by regulations made by the Minister and for the time being in force declared to be a person to whom this section applies, any power conferred on him by a scheme under section 2 of this Act to grant any pension, gratuity or other allowance, to pay or receive any transfer value, or to make or receive any contribution or other payment, and in case such a Minister of State or other person, pursuant to a delegation under this section, is to make a payment in the manner described in paragraph (g) of section 2 (2) of this Act of a sum so described, section 2 (5) of this Act shall apply as regards the payment but subject to the modification that the persons to or among whom the sum is paid or distributed shall, in lieu of being determined in accordance with that section by the Minister, be so determined by that Minister of State or other person.
Amendment of section 2 of Comptroller and Auditor General (Amendment) Act, 1944.
5.—Section 2 of the Comptroller and Auditor General (Amendment) Act, 1944, is hereby amended by the addition of the following proviso to subsection (1):
“; provided that a person who holds the office of Comptroller and Auditor General shall not be entitled to make an election under this subsection if he is a person to whom, by virtue of a scheme under section 2 of the Superannuation and Pensions Act, 1976, and which is for the time being in force, subsection (1) of this section is not to apply”
and the said subsection (1), as so amended, is set out in the following Table.
TABLE
2.—(1) Where a person who is serving in an established capacity in the Civil Service is appointed Comptroller and Auditor General, he shall, if he so elects, be entitled to have applied to him the provisions of the Superannuation Acts, 1834 to 1942, as those Acts were applicable to him while so serving in the Civil Service, in lieu of the provisions of subsection (2) of section 2 of the Principal Act and his service as Comptroller and Auditor General shall, for the purposes of such application, be deemed to be service in an established capacity in the Civil Service and to be reckonable with his actual service in an established capacity in the Civil Service; provided that a person who holds the office of Comptroller and Auditor General shall not be entitled to make an election under this subsection if he is a person to whom, by virtue of a scheme under section 2 of the Superannuation and Pensions Act, 1976, and which is for the time being in force, subsection (1) of this section is not to apply.
Amendment of section 26 of Superannuation and Pensions Act, 1963.
6.—The reference in section 26 of the Superannuation and Pensions Act, 1963, to the Superannuation Acts, 1834 to 1963, shall be construed as a reference to those Acts as amended by any regulations under section 3 of this Act.
Expenses.
7.—(1) The expenses incurred in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
(2) Any contribution or other payment which falls to be paid by the Minister pursuant to a scheme under section 2 of this Act shall be paid by the Minister out of,
(a) in case the payment is to a person who held the office of Comptroller and Auditor General, the Central Fund, or
(b) in any other case, moneys provided by the Oireachtas.
(3) Any contribution or other payment which by virtue of this Act is received by the Minister shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer in accordance with directions of the Minister for Finance.
Regulations and schemes generally.
8.—(1) Every regulation or scheme made by the Minister under this Act, other than a regulation under section 3 (3), shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made and, if a resolution annulling the regulation or scheme is passed by either such House within the next twenty-one days on which that House has sat after the regulation or scheme is laid before it, the regulation or scheme, as the case may be, shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
(2) Any regulations or scheme made by the Minister under this Act may provide for the determination by the Minister of questions arising under, or by virtue of the making of, the regulations or scheme and may provide that the decision of the Minister on any such questions shall be final.
(3) Any scheme made by the Minister under this Act may provide that any reference in any statute (other than this Act), or in any particular such statute specified in the scheme, to the Superannuation Acts for the time being in force shall be construed as, or as including, as the case may be, a reference to the scheme, and in case any such provision is included in such a scheme, the enactment to which the provision relates shall be construed and shall have effect in accordance with the provision.
Savers.
9.—(1) The repeal or amendment of any enactment by or under this Act shall not affect—
(a) any pension, allowance or gratuity granted to or in respect of a person under any statute (other than this Act),
(b) any agreement, determination, decision, surrender, election or nomination made, notice or approval given or contribution paid under any such enactment,
(c) any other thing granted, made, given, paid or done under any such enactment
and such pension or allowance shall continue to be paid as if the enactment had not been so repealed or amended and, where the context so admits, the pension, allowance or gratuity, or the thing mentioned in paragraph (b) or (c) of this subsection, shall be deemed to have been granted, made, given, paid or done under the corresponding provision of a scheme made under section 2 of this Act.
(2) Any reference in any statute (other than this Act), or in any document (unless the context otherwise requires), to a pension under, or to a pension granted under, the Superannuation Acts, 1834 to 1963, shall be construed as including a reference to a pension under, or to a pension granted, or deemed under this Act to have been granted, under, a scheme made under section 2 of this Act, as may be appropriate.
(3) Any reference in any statute (other than this Act) or document to—
(a) any enactment repealed, whether in whole or in part, by this Act,
(b) a group of two or more such statutes which is comprised of such enactments or which contains any such enactment,
(c) a group of two or more provisions contained in two or more such statutes and which is comprised of such enactments or contains any such enactment,
shall, where the context so admits, be construed as, or as including, a reference to the corresponding scheme under this Act, or to the corresponding provision of such a scheme, as may be appropriate.
(4) Section 8 of the Superannuation Act, 1887, shall not apply in relation to any pension, gratuity or allowance granted under a scheme under section 2 of this Act.
Different amount may be substituted for amount specified in section 8 of Superannuation Act, 1887.
10.—(1) The Minister may by order substitute a different amount for the amount specified in section 8 of the Superannuation Act, 1887, as amended by section 35 of the Finance Act, 1956, and section 9 of this Act, and in case an order is made under this section, then for so long as the order is in force the said section 8, as so amended, shall be construed and have effect as if the reference therein to five hundred pounds were a reference to the amount specified in the order.
(2) The Minister may by order amend or revoke an order under this section (including an order under this subsection).
(3) Where an order under this section is proposed to be made, a draft of the order shall be laid before both Houses of the Oireachtas and the order shall not be made until a resolution approving of the order has been passed by each such House.
Repeals.
11.—The enactments mentioned in the Second Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.
Short title and commencement.
12.—(1) This Act may be cited as the Superannuation and Pensions Act, 1976.
(2) (a) Sections 9 (4) and 10 of this Act shall come into operation on such day as shall be fixed therefor by order of the Minister.
(b) Section 11 of this Act shall come into operation on such day as shall be so fixed.
FIRST SCHEDULE
Enactments referred to in section 3 (1)
Section 3 (1).
Session and Chapter or Number and Year | Short Title | Extent to which Section 3 (1) applies |
4 & 5 Will. 4, c. 24. | Superannuation Act, 1834. | Sections 12 and 28. |
22 Vict. c. 26. | Superannuation Act, 1859. | Sections 2, 6, 10 and 17. |
50 & 51 Vict. c. 67. | Superannuation Act, 1887. | Sections 3 and 8. |
9 Edw. 7, c. 10. | Superannuation Act, 1909. | Sections 1, 2 (1) and 6 (1). |
4 & 5 Geo. 5, c. 86. | Superannuation Act, 1914. | Section 4 (1). |
9 & 10 Geo. 5, c. 67. | Superannuation (Prison Officers) Act, 1919. | Section 1 (1). |
No. 39 of 1936. | Section 21 (1). | |
No. 14 of 1954. | Section 2 (4). | |
No. 10 of 1956. | Sections 11 (1), 34 (1) and 67 (1). | |
No. 24 of 1963. | Section 4, subsections (1) and (2) of section 5, and section 8. |
SECOND SCHEDULE
Enactments Repealed
Session and Chapter or Number and Year | Short Title | Extent of Repeal |
4 & 5 Will. 4, c. 24. | Superannuation Act, 1834. | Sections 12, 21, 28 and 30. |
22 Vict. c. 26. | Superannuation Act, 1859. | The whole Act. |
34 & 35 Vict. c. 36. | Pensions (Commutation) Act, 1871. | Section 3 (2). |
50 & 51 Vict. c. 67. | Superannuation Act, 1887. | Sections 2 and 3, sections 5 to 7 and section 10. |
55 & 56 Vict. c. 40. | Superannuation Act, 1892. | The whole Act. |
9 Edw. 7, c. 10. | Superannuation Act, 1909. | The whole Act, other than section 5. |
4 & 5 Geo. 5, c. 86. | Superannuation Act, 1914. | Sections 1 and 2. |
9 and 10 Geo. 5, c. 67. | Superannuation (Prison Officers) Act, 1919. | The whole Act. |
No. 32 of 1927. | In section 31 (4) the words “, and the Minister may determine the said funds to be public funds for the purposes of the Superannuation Act, 1892”. | |
No. 39 of 1936. | Sections 21, 22 and 24. | |
No. 38 of 1956. | The whole Act. | |
No. 38 of 1959. | ||
No. 24 of 1963. | Section 4, subsections (1) and (2) of section 5, sections 6, 7 and 8, paragraphs (a) and (b) of section 23 (1), and sections 25 and 27. | |
No. 13 of 1965. |