As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 28 de 1950.


[EN]

AN tACHT SRIANTA CÍOSA (BUANÚ AGUS LEASÚ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA SRIANTA CÍOSA, 1946, I nGNÍOMH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE, LE LINN É A BHEITH I nGNÍOMH, I gCÓIR BREISEANNA DLEATHACHA AR AON DUL LEIS NA BREISEANNA DLEATHACHA FAOI ALT 11, FO-ALT (2), MÍR (g) AGUS FAOI ALT 17, FO-ALT (2), MÍR (e), DEN ACHT SIN, ARNA MHODHNÚ LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (LEASÚ), 1949. [20ú Nollaig, 1950.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Acht 1946 a bhuanú.

1.—Leanfaidh an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1952.

[EN]

Breis dleathach i gcás an tiarna talún do dhéanamh deisiúcháin áirithe.

2.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an tiarna talún, i rith an tréimhse dá bhlian 1950 agus 1951, nó 1951 agus 1952, méid a chaitheamh is mó ná dhá dtrian de chíos bunúsach áitribh rialaithe ag cur an áitribh i ndeisriocht réasúnach, is breis dleathach ar chíos bunúsach an áitribh suim a ríomhtar do réir an scála atá leagtha amach sa sceideal a ghabhas leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1949 (Uimh. 24 de 1949).

[EN]

(2) Dá réir sin, déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1946 (Uimh. 4 de 1946), a leasú trí “nó 1950 agus 1951, nó 1951 agus 1952,”a chur isteach i mír (g) d'fho-alt (2) d'alt 11, agus i mír (e) d'fho-alt (2) d'alt 17 go díreach i ndiaidh “1949 agus 1950.”

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3.—(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Buanú agus Leasú), 1950, a ghairm don Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Srianta Cíosa, 1946 go 1950, a ghair de na hAchta Srianta Cíosa, 1946 agus 1949, agus den Acht s le chéile.

[EN]

(3) Déanfar na hAchta Srianta Cíosa, 1946 agus 1949, agus an tAcht seo, d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[GA]

harp.jpg


Number 28 of 1950.


[GA]

RENT RESTRICTIONS (CONTINUANCE AND AMENDMENT) ACT, 1950.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Continuance of Act of 1946.

2.

Lawful addition for certain repairs by landlord.

3.

Short title, collective citation and construction.


Acts Referred to

Rent Restrictions Act, 1946

No. 4 of 1946

Rent Restrictions (Amendment) Act, 1949

No. 24 of 1949

harp.jpg


Number 28 of 1950.


RENT RESTRICTIONS (CONTINUANCE AND AMENDMENT) ACT, 1950.


AN ACT TO CONTINUE IN OPERATION THE RENT RESTRICTIONS ACT, 1946, AND TO PROVIDE, DURING ITS CONTINUANCE, FOR LAWFUL ADDITIONS ANALOGOUS TO THOSE UNDER SECTION 11, SUBSECTION (2), PARAGRAPH (g), AND UNDER SECTION 17, SUBSECTION (2), PARAGRAPH (e), OF THAT ACT, AS MODIFIED BY THE RENT RESTRICTIONS (AMENDMENT) ACT, 1949. [20th December, 1950.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Continuance of Act of 1946.

1.—The Rent Restrictions Act, 1946 (No. 4 of 1946), shall continue in operation until the 31st day of December, 1952.

[GA]

Lawful addition for certain repairs by landlord.

2.—(1) Where the landlord, during a period comprising the two years 1950 and 1951, or 1951 and 1952, expends an amount in excess of two-thirds of the basic rent of controlled premises on putting the premises into a reasonable state of repair, a sum calculated in accordance with the scale set out in the schedule to the Rent Restrictions (Amendment) Act, 1949 (No. 24 of 1949), shall be a lawful addition to the basic rent of the premises.

[GA]

(2) Accordingly, the Rent Restrictions Act, 1946 (No. 4 of 1946), is hereby amended by the insertion, in paragraph (g) of subsection (2) of section 11 and in paragraph (e) of subsection (2) of section 17, of “or 1950 and 1951, or 1951 and 1952” immediately after “1949 and 1950”.

[GA]

Short title, collective citation and construction.

3.—(1) This Act may be cited as the Rent Restrictions (Continuance and Amendment) Act, 1950.

[GA]

(2) The Rent Restrictions Acts, 1946 and 1949, and this Act may be cited together as the Rent Restrictions Acts, 1946 to 1950.

[GA]

(3) The Rent Restrictions Acts, 1946 and 1949, and this Act shall be construed together as one Act.