As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[EN]

Uimhir 33 de 1950.


[EN]

AN tACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT GAIRM-OIDEACHAIS, 1930 GO 1947. [27ú Nollaig, 1950.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

[EN]

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht agus ar an Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin.

2.—(1) Cuirfear na trí fo-ailt seo a leanas in alt 43 den Phríomh-Acht in ionad fo-alt (1) agus (2)—

[EN]

“(1) I ngach bliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1951, nó dáta dá éis sin, íocfaidh an t-údarás rátúcháin do líomatáiste gairm-oideachais leis an gcoiste gairm-oideachais don líomatáiste sin pé suim (dá ngairmtear an ranníoc áitiúil bliantúil san Acht seo) a éileos an coiste sin faoin gCuid seo den Acht seo i leith na bliana sin.

[EN]

(2) Ní bheidh méid an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha le coiste gairm-oideachais i leith aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe níos lú ná suim (dá ngairmtear an dliteanas bliantúil íosta sa Chuid seo den Acht seo) is comhionann,—

[EN]

(a) más comhairle chontae-bhuirge nó cheantair uirbigh sceidealta an t-údarás rátúcháin, le méid ráta trí pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin, nó

[EN]

(b) más comhairle chontae, seachas contae Chorcaighe, an t-údarás rátúcháin, le méid ráta pingin agus trí feoirlingí sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin, nó

[EN]

(c) más í comhairle chontae Chorcaighe an t-údarás rátúcháin, le méid ráta dhá phingin sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin.

[EN]

(2A) Ní bheidh méid an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha ag an údarás rátúcháin le coiste gairm-oideachais a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe i leith bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1951, nó dáta dá éis sin, níos mó ná suim (dá ngairmtear an dliteanas bliantúil uasta san Acht seo) is comhionann le ráta den uimhir phingneacha sa phunt a sonraítear ag an uimhir thagartha sin i gcolún (3) den Sceideal sin, más í an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1951, an bhliain sin, nó i gcolún (4) den Sceideal sin, más bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin an bhliain sin, ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin.”

[EN]

(2) Cuirfear isteach sa Phríomh-Acht, mar Thríú Sceideal leis, na sonraí atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(3) Measfar fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá de Shamhain, 1950, agus beidh éifeacht acu amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

[EN]

Leasú ar alt 44 den Phríomh-Acht.

3.—(1) Cuirfear an fo-alt nua seo a leanas isteach in alt 44 den Phríomh-Acht—

[EN]

“(1A) Más rud é go ndéanfaidh an scéim bhliantúil a ullmhós coiste gairm-oideachais i leith aon bhliana airgeadais áitiúla (arb í an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1952, nó aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, í) soláthar i gcóir ranníoca áitiúil bhliantúil is mó ná an ranníoc áitiúil bliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin (dá ngairmtear an bhliain roimhe sin sa bhfo-alt seo) de mhéid is mó ná méid ráta pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomátáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, ansin, mura mbeidh an méid a bheas luaite sa scéim sin níos mó, i gcás inar comhairle chontae-bhuirge nó cheantair uirbigh sceidealta an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta naoi bpingne sa phunt, nó níos mó, i gcás inar comhairle chontae an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta seacht bpingne sa phunt, ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, déanfaidh an coiste sin, nuair a bheid ag cur na scéime bliantúla faoi bhráid an Aire, cóip di a thabhairt freisin don údarás rátúcháin.”

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1951.

[EN]

Leasú ar alt 46 den Phríomh-Acht.

4.—(1) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in alt 46 den Phríomh-Acht in ionad fo-ailt (1)—

[EN]

“(1) Nuair a bheas breithniú déanta ag an Aire ar scéim bhliantúil i leith bliana airgeadais áitiúla (arb í an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1952, nó aon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, í) a chuir coiste gairm-oideachais faoina bhráid—

[EN]

(a) eiseoidh sé chun an choiste sin deimhniú sa bhfoirm ordaithe á údarú don choiste sin éileamh a dhéanamh ar an údarás rátúcháin do líomatáiste gairm-oideachais an choiste sin ag éileamh ranníoca áitiúil bhliantúil i leith na bliana airgeadais áitiúla sin de pé méid is cuí leis an Aire a shonrú sa deimhniú sin, ag féachaint do na meastacháin chaiteachas agus fáltas atá sa scéim sin agus do na forála ina dhiaidh seo den fho-alt seo,

[EN]

(b) ní bheidh an méid a sonrófar sa deimhniú níos lú ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith na bliana airgeadais áitiúla sin ná níos mó ná dliteanas bliantúil uasta an údaráis rátúcháin sin i leith na bliana airgeadais áitiúla sin,

[EN]

(c) más rud é nach bhfuil méid an ranníoca áitiúil bhliantúil atá luaite sa scéim níos mó ná méid an ranníoca áitiúil bhliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin (dá ngairmtear an bhliain roimhe sin sa bhfo-alt seo) de mhéid is mó ná méid ráta pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, nó, más rud é go bhfuil, nach bhfuil sé níos mó, i gcás inar comhairle chontae-bhuirge nó cheantair uirbigh sceidealta an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta naoi bpingne sa phunt, nó níos mó, i gcás inar comhairle chontae an t-údarás rátúcháin, ná méid ráta seacht bpingne sa phunt, ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin, ní bheidh an méid a sonrófar sa deimhniú níos mó ná pé méid den dá mhéid seo a leanas is mó—

[EN]

(i) méid an ranníoca áitiúil bhliantúil atá luaite sa scéim sin,

[EN]

(ii) méid an ranníoca áitiúil bhliantúil i leith na bliana roimhe sin,

[EN]

(d) in aon chás nach mbaineann mír (c) den fho-alt seo leis, ní bheidh an méid a bheas le sonrú sa deimhniú níos mó ná an ranníoc áitiúil bliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana roimhe sin de mhéid is mó ná méid ráta pingne sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin mura rud é go ndéanfaidh an t-údarás rátúcháin, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig i ndiaidh an scéim a chur faoi bhráid an Aire, rún a rith ag ceadú an mhéid bhreise sin agus cóip den rún a chur go dtí an tAire agus, d'ainneoin an rúin sin (má ritear é), ní bheidh sé níos mó ná an ranníoc áitiúil bliantúil d'éiligh an coiste sin i leith na bliana roimhe sin de mhéid is mó ná méid ráta dhá phingin sa phunt ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana roimhe sin.”

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1951.

[EN]

Leasú ar alt 6 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947.

5.—I mír (a) d'fho-alt (4) d'alt 6 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 (Uimh. 1 de 1947), cuirfear an focal “míle” in ionad na bhfocal “trí mhíle”.

[EN]

Athghairm.

6.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm, a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin agus amhail ar na dátaí faoi seach a sonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin agus ó na dátaí sin amach.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

7.—(1) Féadfar an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1950, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, a ghairm de na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1947, agus den Acht seo le chéile.


[EN]

AN CHEAD SCEIDEAL.

Sonrai ata le cur isteach san Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.

Alt. 2.


“AN TRIU SCEIDEAL.

Dliteanas Bliantuil Uasta Udaras Ratuchain i leith Rannioc Áitiúla Bliantula don Bhliain Airgeadais Áitiúil dar tosach an 1u Aibrean, 1951, agus do Bhlianta Airgeadais Áitiúla ina dhiaidh sin.

Uimh. Thag.

An Coiste Gairm-Oideachais

An ráta (pingneacha sa phunt) ar dá réir atá dliteanas bliantúil uasta údarás rátúcháin le ríomh

An bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú Aibreán, 1951

An bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an 1ú Aibreán, 1952, agus gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin

(1)

(2)

(3)

(4)

Pingne

Pingne

1

Coiste Gairm-Oideachais Chathair Chorcaighe     ...     ...     ...     ...     ...

10

11

2

Coiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Átha Cliath     ...     ...     ...     ...

10

12

3

Coiste Gairm-Oideachais Chathair Luimnigh     ...     ...     ...     ...     ...

10

11

4

Coiste Gairm-Oideachais Chathair Phortláirge     ...     ...     ...     ...     ...

10

10

5

Coiste Gairm-Oideachais Bhaile Bhrí Chualann     ...     ...     ...     ...

9

9

6

Coiste Gairm-Oideachais Bhaile Dhroichcad Átha     ...     ...     ...     ...

10

11

7

Coiste Gairm-Oideachais Bhuirg Dhún Laoghaire     ...     ...     ...     ...

9

9

8

Coiste Gairm-Oideachais Bhaile na Gaillimhe     ...     ...     ...     ...

10

10

9

Coiste Gairm-Oideachais Bhaile Shligigh

10

11

10

Coiste Gairm-Oideachais Bhaile Thráighlí

10

12

11

Coiste Gairm-Oideachais Bhaile Loch Garman     ...     ...     ...     ...     ...

10

10

12

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Cheatharlach     ...     ...     ...     ...     ...

8

8

13

Coiste Gairm-Oideachais Chontae an Chabháin     ...     ...     ...     ...

8

8

14

Coiste Gairm-Oideachais Chontae an Chláir     ...     ...     ...     ...     ...

8

9

15

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Chorcaighe     ...     ...     ...     ...     ...

8

10

16

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Dhún na nGall     ...     ...     ...     ...

8

12

17

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Bhaile Átha Cliath     ...     ...     ...     ...

8

9

18

Coiste Gairm-Oideachais Chontae na Gaillimhe     ...     ...     ...     ...

8

11

19

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Chiarraighe     ...     ...     ...     ...     ...

8

10

20

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Chill Dara     ...     ...     ...     ...     ...

8

8

21

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Chill Choinnigh     ...     ...     ...     ...

7

7

22

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Laoighse     ...     ...     ...     ...

8

10

23

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Liathdroma     ...     ...     ...     ...     ...

8

12

24

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Luimnigh     ...     ...     ...     ...     ...

8

9

25

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Longphoirt     ...     ...     ...     ...     ...

8

12

26

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Lughbhaidh     ...     ...     ...     ...     ...

8

9

27

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Mhuigheo     ...     ...     ...     ...

8

11

28

Coiste Gairm-Oideachais Chontae na Midhe     ...     ...     ...     ...     ...

7

7

29

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Mhuineacháin     ...     ...     ...     ...

8

9

30

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Ua bhFailghe     ...     ...     ...     ...

8

9

31

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Roscomáin     ...     ...     ...     ...     ...

8

8

32

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Shligigh

8

12

33

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Thiobrad Árann (An Trian Thuaidh)

8

11

34

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Thiobrad Árann (An Trian Theas)     ...

8

9

35

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Phortláirge     ...     ...     ...     ...     ...

8

8

36

Coiste Gairm-Oideachais Chontae na hIarmhidhe     ...     ...     ...     ...

8

10

37

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Loch Garman     ...     ...     ...     ...     ...

8

8

38

Coiste Gairm-Oideachais Chontae Chill Mantan     ...     ...     ...     ...     ...

8

8

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 6.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimh. 29 de 1930

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.

Fo-ailt (1) agus (2) d'Alt 43.

An 1ú lá de Shamhain, 1950.

Fo-alt (1) d'Alt 46.

An 1ú lá d'Aibreán, 1951.

An Tríú Sceideal.

An 1ú lá de Shamhain, 1950.

Uimh. 50 de 1936

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha (Leasú), 1936.

Alt 3

An 1ú lá de Shamhain, 1950.

Uimh. 9 de 1944

An tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944.

Alt 4

An 1ú lá de Shamhain, 1950.

Uimh. 1 de 1947

An tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947.

Alt 2

An 1ú lá de Shamhain, 1950.

[GA]

harp.jpg


Number 33 of 1950.


[GA]

VOCATIONAL EDUCATION (AMENDMENT) ACT, 1950.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Principal Act.

2.

Amendment of section 43 of, and the Third Schedule to, the Principle Act.

3.

Amendment of section 44 of the Principal Act.

4.

Amendment of section 46 of the Principal Act.

5.

Amendment of section 6 of the Vocational Education (Amendment) Act, 1947.

6.

Repeals.

7.

Short title and collective citation.

FIRST SCHEDULE.

Particulars to be Inserted in the Vocational Education Act, 1930.

SECOND SCHEDULE.

Enactments Repealed.


Acts Referred to

Vocational Education Act, 1930

No. 29 of 1930

Vocational Education (Amendment) Act, 1947

No. 1 of 1947

harp.jpg


Number 33 of 1950.


VOCATIONAL EDUCATION (AMENDMENT) ACT, 1950.


AN ACT TO AMEND THE VOCATIONAL EDUCATION ACTS, 1930 TO 1947. [27th December, 1950.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Principal Act.

1.—In this Act, the expression “the Principal Act” means the Vocational Education Act, 1930 (No. 29 of 1930), as amended by subsequent enactments.

[GA]

Amendment of section 43 of, and the Third Schedule to, the Principal Act.

2.—(1) The following three subsections shall be inserted in section 43 of the Principal Act in lieu of subsections (1) and (2)—

[GA]

“(1) There shall be paid, in every local financial year commencing on or after the 1st day of April, 1951, by the rating authority for a vocational education area to the vocational education committee for such area such sum (in this Act referred to as the annual local contribution) as may be demanded by such committee under this Part of this Act in respect of such year.

[GA]

(2) The amount of the annual local contribution payable to a vocational education committee in respect of any particular local financial year shall not be less than a sum (in this Part of this Act referred to as the minimum annual liability) equal,—

[GA]

(a) where the rating authority is the council of a county borough or of a scheduled urban district, to the amount of a rate of three pence in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the immediately preceding local financial year, or

[GA]

(b) where the rating authority is the council of a county, other than the county of Cork, to the amount of a rate of one penny three farthings in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the immediately preceding local financial year, or

[GA]

(c) where the rating authority is the council of the county of Cork, to the amount of a rate of two pence in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the immediately preceding local financial year.

[GA]

(2A) The amount of the annual local contribution payable by the rating authority to a vocational education committee mentioned in column (2) of the Third Schedule to this Act at a particular reference number in respect of a local financial year commencing on or after the 1st day of April, 1951, shall not exceed a sum (in this Act referred to as the maximum annual liability) equal to a rate of the number of pence in the pound specified at that reference number in, if such year is the local financial year commencing on the 1st day of April, 1951, column (3) of the said Schedule or, if such year is a subsequent local financial year, column (4) of the said Schedule on the rateable value of the area of charge at the commencement of the immediately preceding local financial year.”

[GA]

(2) There shall be inserted in the Principal Act, as the Third Schedule thereto, the particulars set out in the First Schedule to this Act.

[GA]

(3) Subsections (1) and (2) of this section shall be deemed to have come into operation on, and shall have effect as on and from, the 1st day of November, 1950.

[GA]

Amendment of section 44 of the Principal Act.

3.—(1) The following new subsection shall be inserted in section 44 of the Principal Act—

[GA]

“(1A) Where the annual scheme prepared by a vocational education committee in respect of any local financial year (being the local financial year commencing on the 1st day of April, 1952, or any subsequent local financial year) provides for an annual local contribution of an amount greater than the annual local contribution demanded by such committee in respect of the immediately preceding local financial year (in this subsection referred to as the previous year) by more than the amount of a rate of one penny in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the previous year, then, unless the amount mentioned in such scheme does not exceed the amount of a rate of, in case the rating authority is the council of a county borough or a scheduled urban district, nine pence in the pound or, in case the rating authority is the council of a county, seven pence in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the previous year, such committee, when submitting the annual scheme to the Minister, shall also furnish a copy thereof to the rating authority.”

[GA]

(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of April, 1951.

[GA]

Amendment of section 46 of the Principal Act.

4.—(1) The following subsection shall be inserted in section 46 of the Principal Act in lieu of subsection (1)—

[GA]

“(1) When the Minister has considered an annual scheme in respect of a local financial year (being the local financial year commencing on the 1st day of April, 1952, or any subsequent local financial year) submitted by a vocational education committee—

[GA]

(a) he shall issue to such committee a certificate in the prescribed form authorising such committee to demand from the rating authority for the vocational education area of such committee an annual local contribution in respect of such local financial year of such amount as the Minister thinks proper to specify in such certificate having regard to the estimates of expenses and receipts contained in such scheme and to the subsequent provisions of this subsection,

[GA]

(b) the amount to be specified in the certificate shall not be less than the minimum annual liability of such rating authority in respect of such local financial year, nor exceed the maximum annual liability of such a rating authority in respect of such local financial year,

[GA]

(c) in case the amount of the annual local contribution mentioned in the scheme does not exceed the amount of the annual local contribution demanded by such committee in respect of the immediately preceding local financial year (in this subsection referred to as the previous year) by more than the amount of a rate of one penny in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the previous year, or, if it does, does not exceed the amount of a rate of, where the rating authority is the council of a county borough or of a scheduled urban district, nine pence in the pound or, where the rating authority is the council of a county, seven pence in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the previous year, the amount to be specified in the certificate shall not exceed whichever of the two following amounts is the greater—

[GA]

(i) the amount of the annual local contribution mentioned in such scheme,

[GA]

(ii) the amount of the annual local contribution in respect of the previous year,

[GA]

(d) in any case to which paragraph (c) of this subsection is not applicable, the amount to be specified in the certificate shall not exceed the annual local contribution demanded by such committee in respect of the previous year by more than the amount of a rate of one penny in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the previous year unless not later than the 31st day of December next following the submission of the scheme the rating authority has passed a resolution approving of such excess and has sent a copy of the resolution to the Minister and, notwithstanding such resolution (if passed), shall not exceed the annual local contribution demanded by such committee in respect of the previous year by more than the amount of a rate of two pence in the pound on the rateable value of the area of charge at the commencement of the previous year.”

[GA]

(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of April, 1951.

[GA]

Amendment of section 6 of the Vocational Education (Amendment) Act, 1947.

5.—In paragraph (a) of subsection (4) of section 6 of the Vocational Education (Amendment) Act, 1947 (No. 1 of 1947), the words “one mile” shall be substituted for the words “three miles”.

[GA]

Repeals.

6.—The enactments mentioned in column (2) of the Second Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in column (3) of the said Schedule and as on and from the respective dates specified in column (4) of the said Schedule.

[GA]

Short title and collective citation.

7.—(1) This Act may be cited as the Vocational Education (Amendment) Act, 1950.

[GA]

(2) The Vocational Education Acts, 1930 to 1947, and this Act may be cited together as the Vocational Education Acts, 1930 to 1950


[GA][GA]

FIRST SCHEDULE.

Particulars to be Inserted in the Vocational Education Act, 1930.

Section 2.


“THIRD SCHEDULE.

Maximum Annual Liability of Rating Authorities in Respect of Annual Local Contributions for Local Financial Year Commencing on the 1st April, 1951, and subsequent Local Financial Years.

Rate (pence in the pound) by reference to which the maximum annual liability of rating authorities is to be calculated

Ref. No.

Vocational Education Committee

Local financial year commencing on 1st April, 1951

Local financial year commencing on 1st April, 1952, and every subsequent local financial year

(1)

(2)

(3)

(4)

Pence

Pence

1

The City of Cork Vocational Education Committee

10

11

2

The City of Dublin Vocational Education Committee

10

12

3

The City of Limerick Vocational Education Committee

10

11

4

The City of Waterford Vocational Education Committee

10

10

5

The Town of Bray Vocational Education Committee

9

9

6

The Town of Drogheda Vocational Education Committee

10

11

7

The Borough of Dun Laoghaire Vocational Education Committee

9

9

8

The Town of Galway Vocational Education Committee

10

10

9

The Town of Sligo Vocational Education Committee

10

11

10

The Town of Tralee Vocational Education Committee

10

12

11

The Town of Wexford Vocational Education Committee

10

10

12

The County of Carlow Vocational Education Committee

8

8

13

The County of Cavan Vocational Education Committee

8

8

14

The County of Clare Vocational Education Committee

8

9

15

The County of Cork Vocational Education Committee

8

10

16

The County of Donegal Vocational Education Committee

8

12

17

The County of Dublin Vocational Education Committee

8

9

18

The County of Galway Vocational Education Committee

8

11

19

The County of Kerry Vocational Education Committee

8

10

20

The County of Kildare Vocational Education Committee

8

8

21

The County of Kilkenny Vocational Education Committee

7

7

22

The County of Laoighis Vocational Education Committee

8

10

23

The County of Leitrim Vocational Education Committee

8

12

24

The County of Limerick Vocational Education Committee

8

9

25

The County of Longford Vocational Education Committee

8

12

26

The County of Louth Vocational Education Committee

8

9

27

The County of Mayo Vocational Education Committee

8

11

28

The County of Meath Vocational Education Committee

7

7

29

The County of Monaghan Vocational Education Committee

8

9

30

The County of Offaly Vocational Education Committee

8

9

31

The County of Roscommon Vocational Education Committee

8

8

32

The County of Sligo Vocational Education Committee

8

12

33

The County of Tipperary (North Riding) Vocational Education Committee

8

11

34

The County of Tipperary (South Riding) Vocational Education Committee

8

9

35

The County of Waterford Vocational Education Committee

8

8

36

The County of Westmeath Vocational Education Committee

8

10

37

The County of Wexford Vocational Education Committee

8

8

38

The County of Wicklow Vocational Education Committee

8

8

[GA][GA]

SECOND SCHEDULE.

Enactments Repealed.

Section 6.

Number and Year

Short Title

Extent of Repeal

Date of Repeal

(1)

(2)

(3)

(4)

No. 29 of 1930

Vocational Education Act, 1930.

Subsections (1) and (2) of Section 43.

1st day of November, 1950.

Subsection (1) of Section 46.

1st day of April, 1951.

Third Schedule

1st day of November, 1950.

No. 50 of 1936

Vocational Education (Amendment) Act, 1936.

Section 3

1st day of November, 1950.

No. 9 of 1944

Vocational Education (Amendment) Act, 1944.

Section 4

1st day of November, 1950.

No. 1 of 1947

Vocational Education (Amendment) Act, 1947.

Section 2

1st day of November, 1950.