[EN]

Uimhir 10 de 1935.


[EN]

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1935.


ACHT CHUN CÓ-DHÉANAMH COMHAIRLE CATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH DO LEASÚ TRÉ DHEIREADH DO CHUR LEIS AN IONADAÍOCHT SPEISIALTA ATÁ AG LUCHT CEANNAÍOCHTA UIRTHE AGUS CHUN LEASUITHE DÁ DHRUIM SIN DO DHÉANAMH AR AN DLÍ. [29adh Márta, 1935.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930);

[EN]

cialluíonn an abairt “seana-bhall ceannaíochta” duine is ball ceannaíochta de Chomhairle na Cathrach díreach roimh an Acht so do rith;

[EN]

gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus le n-a gcuirtear brí áirithe sa Phríomh-Acht agus chun crícheanna an Phríomh-Achta tá an brí sin leo a cuirtear leo amhlaidh.

[EN]

Deireadh le baill cheannaíochta do bheith ar Chomhairle na Cathrach.

2.—Leasuítear an Príomh-Acht leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 31 agus achtuítear leis seo ina ionad go mbeidh Comhairle na Cathrach có-dhéanta de chúig baill déag ar fhichid 'na dtoghfar gach duine acu (fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis na seana-bhaill cheannaíochta) do réir an Phríomh-Achta ag na daoine bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár de thoghthóirí rialtais áitiúla;

[EN]

(b) beidh gach ball de Chomhairle na Cathrach ina ghnáthbhall chun crícheanna an Phríomh-Achta agus léireofar dá réir sin gach tagairt sa Phríomh-Acht do ghnáthbhaill de Chomhairle na Cathrach no do sna baill sin do thogha;

[EN]

(c) athghairmtear leis seo na coda so leanas den Phríomh-Acht, sé sin le rá, fo-ailt (2) agus (3) d'alt 32, ailt 34 agus 35, agus fo-alt (2) d'alt 36.

[EN]

Cosaint do sheana-bhaill cheannaíochta.

3.—(1) Ar an Acht so do rith tiocfaidh na seana-bhaill cheannaíochta chun bheith agus beid ina ngnáth-bhaill de Chomhairle na Cathrach agus, chun crícheanna an Phríomh-Achta mar a leasuítear leis an Acht so é, tuigfear gurb iad na daoine bhí cláruithe de thurus na huaire sa chlár de thoghthóirí rialtais áitiúla do thogh iad agus fanfaid ina mbaill de Chomhairle na Cathrach dá réir sin.

[EN]

(2) An seana-bhall ceannaíochta is seanóir díreach roimh an Acht so do rith coimeádfaidh a theideal agus a chéim mar sheanóir fé is ná rithfí an tAcht so.

[EN]

Acht Toghacháin (Lucht Ceannaíochta Bhaile Atha Cliath), 1930, d'athghairm.

4.—Athghairmtear leis seo an tAcht Toghacháin (Lucht Ceannaíochta Bhaile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 28 de 1930).

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

5.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1935, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 agus 1935, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.