[EN]

Uimhir 28 de 1930.


[EN]

ACHT TOGHACHÁIN (LUCHT CEANNAÍOCHTA BHAILE ÁTHA CLIATH), 1930.


ACHT CHUN SOCRÚ AGUS RIALÁIL DO DHÉANAMH MAIDIR LEIS NA CLÁIR DE THOGHTHÓIRÍ CEANNAÍOCHTA I gCATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH D'ULLAMHÚ AGUS DO CHOINNEÁIL AR SIÚL DO RÉIR AN ACHTA RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930, AGUS CHUN SOCRÚ AGUS RIALÁIL DO DHÉANAMH MAIDIR LE STIÚRA TOGHACHÁN BALL CEANNAÍOCHTA CHOMHAIRLE CHATHRACH BHAILE ÁTHA CLIATH DO RÉIR AN ACHTA SAN. [17adh Iúl, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

[EN]

Mínithe agus léiriú.

1.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

[EN]

cialluíonn an abairt “Bárdas na Cathrach” Tiarna Méara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

[EN]

cialluíonn an abairt “Comhairle na Cathrach” an chomhairle bunuítear fén ainm sin leis an Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930);

[EN]

cialluíonn an abairt “baill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach” na baill sin de Chomhairle na Cathrach gur gá, do réir dlí, go dtoghfaí iad ag na daoine bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an gclár de thoghthóirí ceannaíochta;

[EN]

cialluíonn an abairt “gnáth-bhaill de Chomhairle na Cathrach” na baill sin de Chomhairle na Cathrach nách baill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach;

[EN]

cialluíonn an abairt “toghachán Cathrach” toghachán cinn trí mblian do bhaill de Chomhairle na Cathrach;

[EN]

cialluíonn an abairt “toghachán fén Acht so” toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach;

[EN]

cialluíonn an abairt “ainm trádála” ainm (seachas a ainm féin) fé n-a ndeineann duine aon ghnó, no déantóireacht no fé n-a gcleachtann aon ghairm, ceárd no slí bheatha eile cheannaíochta no tionnscail;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

[EN]

(2) Chun crícheanna uile an chéad toghacháin a comórfar fén Acht so agus chun na gcrícheanna uile bhaineann leis an gclár de thoghthóirí d'ullamhú i gcóir an toghacháin sin tuigfear bailecheanntar Phembróc, bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh, agus an líomatáiste dá dtagartar san Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), mar thuath-líomatáiste chó-cheangailte do bheith laistigh den Chathair agus ina gcuid di, agus laistigh de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus ina gcuid di, agus léireofar tagairtí san Acht so don Chathair agus don chontae-bhuirg sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(3) Go dtí an lá is lá ceaptha chun crícheanna an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), beidh ag Baile-Chléireach na Cathrach agus feidhmeoidh agus cólíonfaidh comhachta, feidhmeanna, agus dualgaisí uile Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath fén Acht so, agus léireofar tagairtí san Acht so do Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(4) Pé uair is Domhnach no lá saoire baine lá ar ar gá, do réir an Achta so, éinní do dhéanamh is ar an gcéad lá ina dhiaidh sin nách Domhnach ná lá saoire bainc a déanfar an ní sin.

[EN]

An clár de thoghthóirí ceannaíochta.

2.—(1) An clár de thoghthóirí ceannaíochta gur gá do réir ailt 34 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), é d'ullamhú agus do choinneail ar siúl is fén Acht so agus dá réir a hullamhófar agus a coinneofar ar siúl é.

[EN]

(2) Fé réir forálacha an ailt sin 34 agus gan dochar dóibh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na daoine ag a mbeidh teideal fén alt san chun a gcláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más duine is sealbhaire rátuithe ar áitreabh agus gur fé ainm páirtnéireachta no trádála, pe'ca ina aonar é no i bpáirtnéireacht le duine no le daoine eile, a bheidh gnó á dhéanamh ag an duine sin san áitreabh san, ní bheidh éinne in aon chor ach amháin an duine sin i dteideal a chláruithe fén alt san 34 sa chlár san maidir leis an áitreabh san;

[EN]

(b) más fé ainm trádála bheidh sealbhaire rátuithe áitreibh iontrálta sna leabhair rátaí, agus má bhíonn sé i dteideal a chláruithe sa chlár san maidir leis an áitreabh san, is fén ainm trádála san a déanfar an sealbhaire rátuithe sin do chlárú amhlaidh;

[EN]

(c) más páirtnéireacht is sealbhaire rátuithe ar áitreabh agus gur fén ainm páirtnéireachta bheidh sé iontrálta sna Ieabhair rátaí, agus má bhíonn sé i dteideal a chláruithe sa chlár san maidir leis an áitreabh san, is fén ainm páirtnéireachta san a déanfar an sealbhaire rátuithe sin do chlárú amhlaidh;

[EN]

(d) ní tuigfear duine is sealbhaire rátuithe ar áitreabh do bheith ag déanamh gnótha san áitreabh san as aontsiocair é bheith ar fostú san áitreabh san ag duine dheineann gnó ann ná é bheith ina stiúrthóir no ina bhainisteoir do chuideachtain a dheineann gnó ann;

[EN]

(e) má bhíonn sealbhaire rátuithe áitreibh iontrálta sna leabhair rátaí fé ainm páirtnéireachta no fé ainm trádála, ní tuigfear gur chun gnótha do dhéanamh san áitreabh san atá an sealbhaire rátuithe sin i seilbh an áitreibh sin mara ndeintear gnó ann fén ainm páirtnéireachta no fén ainm trádála san.

[EN]

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “áitreabh” ionoighreachta no tionóntachán ar n-a luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála agus léireofar tagairtí do ghnó do dhéanamh mar thagairtí a fholuíonn aon ghnó, no déantóireacht do dhéanamh, no aon ghairm, ceárd no slí bheatha eile cheannaíochta no tionnscail do chleachta.

[EN]

Líomatáiste clárathachta agus oifigeach clárathachta.

3.—Chun crícheanna an Achta so beidh an Chathair ina haon líomatáiste clárathachta amháin, agus isé Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath a bheidh mar oifigeach clárathachta don líomatáiste chlárathachta san.

[EN]

Clár d'ullamhú.

4.—(1) Pé uair is gá do réir dlí toghachán cathrach do chomóra beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta clár de thoghthóirí ceannaíochta d'ullamhú do réir an Achta so chun crícheanna an toghacháin sin.

[EN]

(2) Is do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so a hullamhófar gach clár de thoghthóirí ceannaíochta.

[EN]

(3) Beidh sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar fén Acht so chun crícheanna an chéad toghacháin chathrach ainmneacha gach duine, páirtnéireachta, comhlachais neamhionchorparuithe, agus cóluchta chorparáidigh a bheidh, an lá tar éis an Achta so do rith, i dteideal do réir dlí chun a gcláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta.

[EN]

(4) Beidh sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar fén Acht so chun crícheanna aon toghacháin chathrach tar éis an chéad toghacháin chathrach ainmneacha gach duine, páirtnéireachta, comhlachais neamh-ionchorparuithe agus cóluchta chorparáidigh a bheidh, ar an 15adh lá de Mhí na Samhna díreach roimh an toghachán san, i dteideal do réir dlí chun a gcláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta.

[EN]

An clár do chríochnú.

5.—(1) Déanfar an clár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar chun cricheanna an chéad toghacháin chathrach do chríochnú ar an lá a hordófar chuige sin no roimh an lá san.

[EN]

(2) Déanfar gach clár de thoghthóirí ceannaíochta a hullamhófar chun crícheanna aon toghacháin chathrach tar éis an chéad toghacháin chathrach do chríochnú ar an 1adh lá de Mheitheamh díreach roimh an toghachán san no roimh an lá san.

[EN]

Athchomharc gcoinnibh rialuithe an oifigigh chlárathachta.

6.—(1) Luighfidh athchomhare chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ag a mbeidh dlighinse sa Chathair i gcoinnibh aon rialuithe dhéanfaidh an t-oifigeach clárathachta fén Acht so i dtaobh aon éilimh no agóide, agus ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin ar aon athchomharc den tsórt san agus ní féadfar athchomharc ina coinnibh in aon Chúirt eile.

[EN]

(2) Isé an t-oifigeach clárathachta dhéanfaidh, agus is i bhfuirm cáis aithriste dhéanfa sé, gach athchomharc a déanfar fén alt so agus beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta, sa chás a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, an cás san d'aithris sa tslí a luaidhtear sa Sceideal san.

[EN]

(3) Rialálfar le rialacha Cúirte an nós-imeachta agus an cleachta sa Chúirt Chuarda maidir le hathchomhaire fén alt so.

[EN]

(4) Déanfaidh an clárathóir contae don Chathair fógra i dtaobh breithe Breithimh den Chúirt Chuarda ar athchomharc fen alt so do chur chun an oifigigh chlárathachta agus déanfaidh an t-oifigeach clárathachta sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta pé atharuithe bheidh riachtanach chun na breithe sin do chur in éifeacht.

[EN]

(5) Ní dhéanfa sé dochar do cheart vótála aon duine go mbeidh a ainm de thurus na huaire ar chlár de thoghthóirí ceannaíochta aon athchomharc do bheith ar feitheamh fén alt so, agus aon vóta bhéarfar do réir an chirt sin beidh sé chó maith díreach is dá mba ná beadh aon athchomhare den tsórt san ar feitheamh, agus ní dhéanfaidh an bhreith a tabharfar ina dhiaidh sin ar an athchomhare san deifir don vóta san,

[EN]

Toghacháin do stiúra.

7.—(1) Is do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a comórfar agus a stiúrfar gach toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach.

[EN]

(2) Beidh gach duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe agus cólucht corparáideach a bheidh cláruithe sa chlár a hullamhófar fén Acht so d'aon toghachán den tsórt san i dteideal, agus ní bheidh éinne eile i dteideal, vótála sa toghachán san.

[EN]

Ceann comhrimh.

8.—(1) Isé Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath a bheidh ina cheann chomhrimh ar gach toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach

[EN]

(2) Féadfaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath, le scríbhinn fé n-a láimh, duine oiriúnach do cheapa chun bheith ina leas-cheann chomhrimh d'aon toghachán áirithe do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach agus féadfaidh an duine sin do cheapa amhlaidh mar leas-cheann chomhrimh den tsórt san chun crícheanna uile an toghacháin sin no chun aon cheann no cinn de sna crícheanna san.

[EN]

(3) Beidh ag leas-cheann comhrimh a ceapfar fén alt so, maidir leis na crícheanna chun a gceapfar amhlaidh é, gach comhacht, dualgas agus fiachas de chuid an chinn chomhrimh fén Acht so.

[EN]

Iarrthóir d'fháil bháis.

9.—(1) Nuair a beifear ag comhreamh na vótanna do tugadh i dtoghachán fén Acht so, gabhfar thar na roghanna uile do cuireadh ar breaca d'iarrthóir 'na bhfaghaidh an ceann comhrimh scéala a bháis tar éis na huaire agus an lae is déanaí chun iarrthóirí do tharrac siar agus roimh dheire na vótaíochta, agus ina ionad san áireofar na céad roghanna infheadhma eile.

[EN]

(2) Gach iarrthóir go dtuairisceofar gur toghadh é i dtoghachán fén Acht so agus do gheobhaidh bás roimh thosach a théarma oifige, pe'ca roimh an toghachán no le n-a linn no ina dhiaidh do gheobhaidh bás amhlaidh, tuigfear (gan dochar do chomhacht cúirte no bínse eile dlighinse inniúla a dhearbhú a thogha do bheith gan brí) gur toghadh go cuibhe amhlaidh é agus gur fhág sé a shuidheachán díreach tar éis tosach a théarma oifige.

[EN]

Rún do chimeád.

10.—(1) Déanfaidh an ceann comhrimh agus gach oifigeach agus cléireach go mbeidh baint acu le páipéirí ballóide do thabairt amach, d'fháil, no do chomhreamh i dtoghachán fén Acht so agus gach iarrthóir a bheidh i láthair agus na páipéirí sin á dtabhairt amach, á bhfáil, no á gcomhreamh, rún do chimeád agus cabhrú chun rúin do chimeád ar an vótáil sa toghachán san agus, roimh chríochnú an toghacháin, ní thabharfaid uatha, ach amháin chun críche éigin le n-a mbeidh údarás dlí, aon eolas ar ce'ca vótáil aon toghthóir sa toghachán san no nár vótáil, ná ar an marc oifigiuil, agus ní thabharfaid d'éinne aon uair aon eolas, do fuarthas le linn no i gcúrsaí na tabhartha-amach, na fála, no an chomhrimh sin, ar ce'ca iarrthóir le n-ar vótáil aon toghthóir ná ar ce'ca vótáil aon toghthóir no nár vótáil ná ar an uimhir ar chúl aon pháipéir bhallóide do cuireadh chun aon toghthóra.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinne cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar aon toghthóir i dtoghachán fén Acht so d'fháil no do mharcáil aon pháipéir bhallóide leis no do chur an pháipéir sin thar n-ais.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh éinne go díreach ná go nea-dhíreach a thabhairt ar aon toghthóir i dtoghachán fén Acht so aon pháipeur ballóide leis do thaisbeaint, tar éis a mharcála dho, i slí go nochtfaí don duine sin no d'éinne eile ainm an iarrthóra ’nar mharcáil sé a vóta leis ar aon pháipeur ballóide den tsórt san.

[EN]

(4) Gach éinne ghníomhóidh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear é chur fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.

[EN]

Nea-chólíona rialacha no fuirmeacha.

11.—Ní dearbhófar aon togha iarrthóra i dtoghachán fén Acht so do bheith gan brí de bhíthin nea-chólíona na rialacha atá in aon Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná de bhíthin aon dearmhaid in úsáid na bhfuirm a hordófar fén Acht so agus dá bhíthin sin amháin, má chítear don bhínse 'na mbeidh an cheist os a chóir gur stiúradh an toghachán do réir na bprinsiobal atá curtha síos i gcorp an Achta so, agus ná dearna an nea-chólíona no an dearmhad san deifir do thora an toghacháin.

[EN]

Achuingí toghacháin, agus cleachtanna cuirpthe agus nea-dhleathacha.

12.—(1) Bainfidh Cuid IV. den Municipal Corporations Act, 1882, agus an Municipal Elections (Corrupt and Illegal Practices) Act, 1884, mar a leasuítear no mar a cuirtear i mbaint iad fé seach tré Achtanna ina dhiaidh sin, le toghacháin fén Acht so, agus chun crícheanna na bainte sin beidh éifeacht ag an forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tuigfear gur toghachán cathrach do réir bhrí na nAcht san toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach;

[EN]

(b) léireofar tagairtí don High Court sna hAchtanna san agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don Ard-Chúirt Bhreithiúnais i Saorstát Éireann;

[EN]

(c) léireofar tagairtí don Director of Public Prosecutions sna hAchtanna san agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann;

[EN]

(d) tuigfear toghacháin do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach do bheith ar cheann de sna toghacháin atá luaidhte sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Municipal Elections (Corrupt and Illegal Practices) Act, 1884, adubhradh.

[EN]

(2) In aon imeachta chun toghachán fén Acht so no tuairisciú an toghacháin sin do chur in amhrus ní ceanglófar ar éinne do vótáil sa toghachán san a rá cé leis gur vótáil sé sa toghachán san.

[EN]

Lucht conganta d'fhostú.

13.—Chun a chomhachta agus a dhualgaisí fén Acht so d'fheidhmiú féadfaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath pé lucht conganta, cléirigh, teachtairí agus daoine eile agus pé méid acu is oiriúnach leis d'fhostú agus beidh luach saothair na ndaoine sin, sa mhéid go gceaduítear san fén Acht so, mar chuid de sna costaisí fé n-a ragha sé chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Costaisí fé n-a raghaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath.

14.—(1) Gach costas go ndeimhneofar fén alt so gur le ceart do chuaidh Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear Bainisteoir na Cathrach san alt so) fé chun an Achta so do chur i bhfeidhm íocfaidh Bárdas na Cathrach le Bainisteoir na Cathrach é as an gciste cathardha.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí—

[EN]

(a) scála de chostaisí bheidh inéilithe ag Bainisteoir na Cathrach ar son a chomhachta agus a dhualgaisí mar oifigeach chlárathachta fén Acht so d'fheidhmiú, agus

[EN]

(b) scála de chostaisí bheidh inéilithe ag Bainisteoir na Cathrach ar son a chomhachta agus a dhualgaisí mar cheann chomhrimh fén Acht so d'fheidhmiú,

[EN]

do leaga amach agus iad d'atharú o am go ham.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le hordú, rialacháin do dhéanamh ina socrófar i dtaobh—

[EN]

(a) Bainisteoir na Cathrach d'ullamhú agus do chruthú a chuntaisí ar na costaisí fé n-a ndeaghaidh sé chun an Achta so do chur i bhfeidhm;

[EN]

(b) na cuntaisí sin d'iniúcha agus na hítimí ionta do lomháil agus do nea-lomháil;

[EN]

(c) an méid is iníoctha le Bainisteoir na Cathrach ar aon chuntas den tsórt san do dheimhniú agus Bárdas na Cathrach d'íoc an mhéide sin le Bainisteoir na Cathrach;

(d) Bárdas na Cathrach d'íoc roimh-íocanna le Bainisteoir na Cathrach chun costaisí fé n-a ndeaghaidh sé no fé n-a raghaidh sé agus é ag cur an Achta so i bhfeidhm do ghlana.

[EN]

Comhachta leasbhainisteora na cathrach.

15.—Pé uair a ceapfar duine ar bith go dleathach chun bheith ina fhear ionaid do Bhainisteoir Chathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath agus, de bhua a cheaptha amhlaidh, go mbeidh comhachta uile Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath ag an duine sin agus go mbeidh air feidhmeanna agus dualgaisí uile Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath d'fheidhmiú agus do chólíona, ansan, faid fhanfaidh an duine sin ina fhear ionaid amhlaidh, beidh aige gach comhacht agus feidhmeoidh agus gníomhóidh gach feidhm agus dualgas de chuid Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath fén Acht so.

[EN]

Ciontaí i dtaobh clárathachta.

16.—(1) Gach éinne dhéanfaidh dearbhú bréagach chun críche éilimh ar chlárú fé sna rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, pe'ca dho féin no do dhuine éigin eile dhéanfaidh an duine sin an t-éileamh san, agus pe'ca ráiteas bréagach no fágaint ruda tháchtaigh ar lár a dhéanfaidh dearbhú bréagach de, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

[EN]

(2) Gach éinne dhéanfaidh d'aon ghnó díthiú, mille, scriosa amach no aistriú ar aon fhógra, liost, cóip de chlár no scríbhinn eile do dhein an t-oifigeach clárathachta, do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a chur ar fáil chun a iniúchta no do phostáil suas no d'fhoillsiú ar aon tslí eile, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

[EN]

Ciontaí i dtaobh toghachán.

17.—Gach éinne—

[EN]

(a) a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, bosca ballóide soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid ann do thógaint amach as cimeád an chinn chomhrimh sa toghachán san no as cimeád éinne 'nar fhág an ceann comhrimh sin an bosca ballóide sin go dleathach fé n-a chúram no ina chimeád, no

[EN]

(b) a dhítheoidh, a mhillfidh no dhíobhálfaidh go mailíseach bosca ballóide ar bith a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid ann, no

[EN]

(c) a dhítheoidh, a stracfaidh, no agha-loitfidh go mailíseach páipeur ballóide ar bith a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no do bhéarfar amach no a húsáidfear ann, no

[EN]

(d) a dhéanfaidh samhail bhréagach den mharc oifigiuil a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid no a húsáidfear ann, no

[EN]

(e) a thógfaidh, a dhítheoidh, no loitfidh instruimid ar bith a soláthrófar no bheidh in úsáid no a húsáidfear chun an marc oifigiuil do stampáil ar pháipéirí ballóide i dtoghachán fén Acht so, no dhéanfaidh no go mbeidh ina seilbh aon aithris ar instruimid ar bith den tsórt san no aon tsamhail bhréagach di, no

[EN]

(f) a dhéanfaidh samhail fhallsa d'aon pháipeur ainmniúcháin do thoghachán no maidir le toghachán fén Acht so no dhéanfaidh a leithéid d'agha-lot go calaoiseach no do dhíthiú go calaoiseach no sheachadfaidh páipeur ainmniúcháin don cheann chomhrimh in aon toghachán den tsórt san agus a fhios aige gur samhail fhallsa é, no

[EN]

(g) a dhéanfaidh samhail fhallsa no bhréagach d'aon pháipeur ballóide i dtoghachán no maidir le toghachán fén Acht so no dhéanfaidh samhail fhallsa no bhréagach den mharc oifigiuil ar aon pháipeur ballóide den tsórt san, no

[EN]

(h) a dhéanfaidh gan údarás cuibhe páipeur ballóide do thoghachán no maidir le toghachán fén Acht so do thabhairt d'éinne, no

[EN]

(i) a dhéanfaidh gan údarás cuibhe bosca ballóide ar bith a soláthrófar do thoghachán fén Acht so no bheidh in úsáid ann d'oscailt no baint leis ar aon tslí eile,

[EN]

beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná bliain do chur air no, ar a chiontú ar díotáil, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná dhá bhliain no pian-tseirbhís ar feadh tréimhse ar bith nách giorra ná trí bliana ná nách sia ná cúig bliana.

[EN]

Rialacháin.

18.—Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le rialacháin a dhéanfa sé fén alt so, éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Gearr-theideal.

19.—Féadfar an tAcht Toghacháin (Lucht Ceannaíochta Bhaile Átha Cliath), 1930, do ghairm den Acht so.

[EN]

CEAD SCEIDEAL.

Toghthoiri do Chlaru.

Mínithe.

1. Sa Sceideal so—

cialluíonn an abairt “toghachán Cathrach” toghachán do bhaill de Chomhairle na Cathrach;

cialluíonn an abairt “an chéad toghachán Cathrach” an chéad toghachán Cathrach a comórfar tar éis an Achta so do rith;

cialluíonn an focal “clár” clár de thoghthóirí ceannaíochta ar n-a ullamhú fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an chéad chlár” an chéad chlár a hullamhófar tar éis an Achta so do rith;

léireofar tagairtí d'oifig an oifigigh chlárathachta mar thagairtí don chuid sin d'oifigí Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath a bheidh curtha in áirithe aige sin de thurus na huaire chun gnó an oifigigh chlárathachta fén Acht so do dhéanamh inti;

cialluíonn an abairt “am gnótha” maidir le hoifig an oifigigh chlárathachta am ar bith ina mbeidh an oifig sin ar oscailt chun gnótha do dhéanamh inti.

Ord na n-ainmneacha sa chlár.

2. (1) Cuirfear gach clár le chéile ina aon iomlán amháin gan roinnt agus déanfar na hainmneacha in aon chlár den tsórt san do chur in ord aibítre ann, fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar daoine den aon-tsloinne do shocrú leo féin in ord aibítre a gcéad ainmneacha agus, más gá é, in ord aibítre a ndara ainmneacha agus a n-ainmneacha eile; agus

(b) déanfar páirtnéireachtaí den aon ainm thosaigh amháin do shocrú leo féin in ord aibítre a n-ainmneacha eile; agus

(c) déanfar páirtnéireachtaí go leitir léi féin, no go n-ainm nách sloinne, i dtosach a n-ainmneacha do chur san ord aibítre is oiriúnach don chéad tsloinne agus, más gá é, don dara sloinne agus do sna sloinnte eile ina n-ainmneacha; agus

(d) maidir le páirtnéireachtaí, comhlachais neamh-ionchorparuithe, agus cóluchtaí corparáideacha gus an alt i dtosach a n-ainmneacha, gabhfar thar an alt san chun n-ionad sa chlár do réir na haibítre do shocrú.

(2) Má deintear earráid ar bith i socrú na n-ainmneacha sa chlár no má bhíonn teip ar bith ann maidir le hainm do chur ina ionad cheart do réir na haibítre ní bheidh an clár, ná fós clárú na hainme do mí-shuidheadh amhlaidh, nea-dhleathach dá dheascaibh.

Fuirm an chláir.

3. (1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach clár agus na nithe seo leanas ann i dtaobh gach duine bheidh cláruithe ann agus fós pé nithe eile a hordófar, sé sin le rá:—

(a) ainm agus seola an duine sin ina n-iomláine; agus

(b) ce'ca duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe, no cólucht corparáideach an duine sin; agus

(c) an t-áitreabh no na háitreibh uile agus fé seach gur ina thaobh no ina dtaobh a bheidh an duine sin cláruithe; agus

(d) luach an áitreibh no luacha fé seach na n-áitreabh uile agus fé seach, do réir bhrí ailt 35 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), gur ina thaobh no ina dtaobh a bheidh an duine sin cláruithe; agus

(e) an méid vótanna chun a mbeidh teideal ag an duine sin.

(2) Chun crícheanna na rialach so, isé bheidh mar sheola ag duine bheidh cláruithe sa chlár i dtaobh aon áitreibh amháin ná seola puist an áitreibh sin agus isé bheidh mar sheola ag duine bheidh cláruithe amhlaidh i dtaobh dhá áitreabh no níos mó ná seola puist pé áitreabh acu san a chuirfidh an duine sin in úil don oifigeach chlárathachta no, mara ndeintear san, seola puist pé áitreabh acu is dó leis an oifigeach clárathachta is caothúla.

Fiosrú o thigh go tigh.

4. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta, pé uair is gá dho, do réir an Achta so, clár (seachas an chéad chlár) d'ullamhú, a chur fé ndeár fiosrú o thigh go tigh no leorfhiosrú eile do dhéanamh d'fhonn go bhfaigheadh sé amach cé hiad na daoine dheabhruíonn bheith i dteideal a gcláruithe sa chlár san agus fós na mion-innste is gá, do réir an Achta so no fé, do chur síos sa chlár san i dtaobh gach duine acu san.

Oblagáid ar an sealbhaire eolas do thabhairt uaidh.

5. (1) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta, le fógra sa bhfuirm orduithe, ar n-a chur tríd an bpost no ar aon tslí eile, a cheangal ar éinne i seilbh áitreibh sa Chathair eolas ar bith ina sheilbh a theastóidh ón oifigeach clárathachta chun na gcrícheanna bhaineann le hullamhú cláir ar bith do thabhairt uaidh sa bhfuirm orduithe agus beidh sé de dhualgas ar an duine sin an t-eolas san do thabhairt uaidh dá réir sin.

(2) Gach duine go dteipfidh air eolas ar bith do thabhairt uaidh a cheanglóidh an t-oifigeach clárathachta air do thabhairt uaidh fén riail seo no do bhéarfaidh uaidh eolas ar bith den tsórt san agus é bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén riail seo agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Fógra um éilithe i gcóir an chéad chláir.

6. (1) Chun na gcrícheanna bhaineann leis an gcéad chlár d'ullamhú, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta fógra sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú san am orduithe agus do chimeád foillsithe ar feadh na tréimhse orduithe á rá go bhfuil an clár san á ullamhú agus ag tabhairt cuire do dhaoine adeir go bhfuilid i dteideal a gcláruithe sa chlár san fógra i dtaobh an éilimh sin do chur chun an oifigigh chlárathachta ar dháta áirithe no roimhe sin agus á rá cadé an fhuirm nách foláir do bheith ar an éileamh san agus cadiad na mion-innste nách foláir do luadh ann.

(2) Isé dáta luadhfar sa bhfógra san a foillseofar fén riail seo mar lá gur air no roimhe a cuirfear éilithe chun an oifigigh chlárathachta ná pé dáta a hordófar chuige sin.

(3) Ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta san am orduithe, agus eimeádfaidh foillsithe ar feadh na tréimhse orduithe, liost (dá ngairmtear sa Sceideal so liost d'éilitheoirí agus fós an chéad liost den tsórt san) de sna daoine uile go ndéanfar éilithe ar a gclárú do chur chuige do réir an fhógra fhoillseoidh sé fén riail seo agus laistigh den aimsir a ceapfar sa bhfógra san.

Liostaí de thoghthóirí d'fhoillsiú.

7. (1) Ar no roimh an 29adh lá d'Eanar roimh gach toghachán Cathrach seachas an chéad toghachán Cathrach, ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost (dá ngairmtear liost de thoghthóirí sa Sceideal so) de sna daoine uile a dheabhróidh do bheith i dteideal a gcláruithe sa chlár a hullamhófar fén Acht so don toghachán san agus cimeádfaidh an liost san foillsithe go dtí an chéad 27adh lá d'Fheabhra ina dhiaidh sin.

(2) Beidh i ngach liost de thoghthóirí, i dtaobh gach duine go mbeidh a ainm ann, mion-innste den tsórt chéanna is gá, do réir an Achta so no fé, do bheith sa chlár san i dtaobh daoine bheidh cláruithe ann.

(3) Pé uair fhoillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost de thoghthóirí déanfa sé san am gcéanna agus i gcóir na tréimhse céanna fógra d'fhoillsiú ina luadhfar an tslí ina bhféadfar agus an aimsir gur laistigh di féadfar éilimh agus agóidí i dtaobh an liosta san de thoghthóirí do dhéanamh fé sna rialacha so.

(4) Pé uair fhoillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost de thoghthóirí déanfa sé, ar feadh na tréimhse gur gá do réir na rialach so an liost san de thoghthóirí do chimeád foillsithe, cóip den liost san de thoghthóirí do chimeád ina oifig agus a cheadú d'éinne an liost san de thoghthóirí d'iniúcha in aisce san oifig sin aon uair le linn ama ghnótha agus bhéarfaidh do dhuine ar bith, ar íoc na táille orduithe, cóip den liost san do thoghthóirí no d'aon chuid no coda dhe iarrfaidh an duine sin.

Eilithe maidir le liostaí de thoghthóirí.

8. (1) Duine ar bith adéarfaidh go bhfuil sé i dteideal a chláruithe i gclár (lasmuich den chéad chlár) agus ná beidh a ainm sa liost de thoghthóirí foillseofar maidir leis an gclár san, féadfaidh, ar no roimh an gcéad 26adh lá d'Fheabhra tar éis foillsiú an liosta san de thoghthóirí do thosnú, éileamh ar a chlárú sa chlár san, agus é sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann, do chur chun an oifigigh chlárathachta.

(2) Ar no roimh an gcéad 12adh lá de Mhárta tar éis liost de thoghthóirí d'fhoillsiú, ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost (dá ngairmtear liost d'éilitheoirí sa Sceideal so), sa bhfuirm orduithe, d'ainmneacha na ndaoine uile do rinne go cuibhe do réir na fo-rialach san roimhe seo éileamh ar a gclárú.

(3) Déanfar gach liost d'éilitheoirí do chimeád foillsithe go dtí an chéad 27adh lá de Mhárta tar éis a fhoillsiú do thosnú.

Agóidí i gcoinnibh liostaí de thoghthóirí.

9. (1) Duine ar bith adéarfaidh go bhfuil aon ráiteas atá i liost de thoghthóirí ina thaobh féin no i dtaobh éinne eile mí-cheart no neamh-iomlán no go bhfuil duine ar bith (agus é féin d'áireamh) ’na bhfuil a ainm i liost de thoghthóirí gan bheith i dteideal a chláruithe sa chlár gur maidir leis a hullamhuiodh an liost san de thoghthóirí, féadfaidh agóid i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí, agus í sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe inti, do chur chun an oifigigh chlárathachta ar no roimh an gcéad 19adh lá d'Fheabhra tar éis foillsiú an liosta san de thoghthóirí do thosnú.

(2) Ar no roimh an gcéad 5adh lá de Mhárta tar éis liost de thoghthóirí d'fhoillsiú ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost sa bhfuirm orduithe de sna hagóidí uile, i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí, a cuirfear chuige go cuibhe fén bhfo-riail sin roimhe seo, agus déanfaidh an liost san do chimeád foillsithe go dtí an chéad 27adh lá de Mhárta tar éis a chéad fhoillsithe.

Agóidí i gcoinnibh liostaí d'éilitheoirí.

10. (1) Duine ar bith adéarfaidh, i dtaobh éinne eile 'na mbeidh a ainm i liost d'éilitheoirí, go bhfuil sé gan bheith i dteideal a chláruithe sa chlár le n-a mbaineann an liost san, féadfaidh agóid i gcoinnibh an liosta san, agus í sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe inti, do chur chun an oifigigh chlárathachta, i gcás an chéad liosta d'éilitheoirí, ar no roimh an lá orduithe agus, i gcás gach liosta d'éilitheoirí ina dhiaidh sin, ar no roimh an gcéad 26adh lá de Mhárta tar éis céad fhoillsiú an liosta san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis gach lá is lá deiridh chun agóidí i gcoinnibh liosta d'éilitheoirí do chur chun an oifigigh chlárathachta, ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost sa bhfuirm orduithe de sna hagóidí uile, i gcoinnibh an liosta san d'éilitheoirí, a cuirfear chuige go cuibhe fén bhforiail sin roimhe seo agus déanfaidh an liost san d'agóidí do chimeád foillsithe go ceann ceithre lá déag tar éis a fhoillsiú do thosnú.

Fógra do dhaoine go gcuirfear agóid ina gcoinnibh.

11. Ní bhreithneoidh an t-oifigeach clárathachta agóid ar bith (seachas agóid ón oifigeach clárathachta féin) i gcoinnibh liosta de thoghthóirí ná i gcionnibh liosta d'éilitheoirí mara ndeinidh neach déanta na hagóide sin cóip den agóid sin do chur tríd an bpost cláruithe, chun an té le n-a mbaineann an agóid sin, laistigh den aimsir a ceapfar chun na hagóide sin do dhéanamh.

Agóidí ón oifigeach clárathachta.

12. (1) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta féin uair ar bith agóid do dhéanamh i gcoinnibh duine ar bith, 'na mbeidh a ainm i liost de thoghthóirí no i liost d'éilitheoirí, do chlárú agus, mara mbeidh an téarma chuige istigh agus é ag déanamh na hagóide sin, cuirfe sé an agóid sin sa liost d'agóidí i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí no an liosta san d'éilitheoirí (pe'ca aca é) a foillseofar fé sna rialacha so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an t-oifigeach clárathachta agóid fén riail seo cuirfidh an t-oifigeach clárathachta fógra i dtaobh na hagóide sin, tríd an bpost no ar aon tslí eile, chun an té le n-a mbaineann an agóid sin.

(3) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta pé fiosrú is dó leis is gá do dhéanamh i dtaobh ainme no ráitis ar bith i liost de thoghthóirí no i liost d'éilitheoirí.

Eilithe agus agóidí do bhreithniú agus rialú ina dtaobh.

13. (1) Chó luath agus is féidir é tar éis an lae bheidh orduithe mar lá deiridh chun agóidí i gcoinnibh an chéad liosta d'éilitheoirí do chur chun an oifigigh chlárathachta, breithneoidh an t-oifigeach clárathachta gach éileamh, ar chlárú sa chéad chlár, a cuirfear chuige do réir na rialacha so agus gach agóid a cuirfear chuige do réir na rialacha so no a dhéanfa sé féin fé sna rialacha so i gcoinnibh an chéad liosta d'éilitheoirí agus rialóidh i dtaobh gach éilimh no agóide acu san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an chéad 26adh lá de Mhárta tar éis liost de thoghthóirí d'fhoillsiú breithneoidh an t-oifigeach clárathachta gach éileamh agus agóid a cuirfear chuige do réir na rialacha so i dtaobh an liosta san de thoghthóirí agus gach agóid a cuirfear chuige do réir na rialacha so i gcoinnibh an liosta d'éilitheoirí bhaineann leis an liost san de thoghthóirí agus gach agóid a dhéanfa sé féin i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí no an liosta san d'éilitheoirí, agus rialóidh i dtaobh gach éilimh no agóide acu san agus déanfaidh pé ceartú (más ann do) sa liost san de thoghthóirí do chífear do bheith riachtanach de dhruim an rialuithe sin.

(3) Nuair a bheidh sé ag breithniú éilimh no agóide agus ag rialú i dtaobh éilimh no agóide bhaineann le duine gur chun aon ghnó, gairm, trádáil, déantóireacht no slí bheatha eile cheannaíochta no tionnscail do dhéanamh no do chleachta inti bheidh sé no adéarfa sé no go n-abrófar ina thaobh go bhfuil sé i seilbh coda d'áitreabh, breithneoidh an t-oifigeach clárathachta cadé an cion, de luacháil an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála, is ionchurtha le cothrom i leith na coda dhe bheidh ar seilbh ag an duine sin chun na críche sin agus, nuair is gá é, rialóidh i dtaobh na ceana san.

(4) Sara rialóidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éilimh no agóide ar bith, bhéarfaidh, más dó leis agus pé uair is dó leis gur gá no gur fearr san, don té do rinne an t-éileamh san no an agóid sin (marab agóid í do rinne an t-oifigeach clárathachta féin) agus, i gcás agóide (agus agóid do rinne an t-oifigeach clárathachta féin d'áireamh), don té le n-a mbaineann an agóid sin caoi ar éisteacht d'fháil i dtaobh an éilimh no na hagóide sin (pe'ca aca é) agus éistfidh agus breithneoidh pé ní bheidh le rá ag aon duine den tsórt san leis.

(5) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta pé fiosrú is dó leis is ceart do dhéanamh i dtaobh éilimh no agóide ar bith a cuirfear chuige fé sna rialacha so agus a bhaineann leis an gcéad chlár no le haon liost de thoghthóirí.

Athchomhairc i gcoinnibh rialuithe an oifigigh chlárathachta.

14. (1) Pé uair a rialóidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éilimh no agóide déanfaidh, laistigh de thrí lá tar éis an rialuithe do dhéanamh, más rialú bhaineann leis an gcéad chlár é no, más aon rialú eile é, laistigh de sheacht lá tar éis a dhéanta, fógra sa bhfuirm orduithe i dtaobh an rialuithe sin do thabhairt don té do rinne an t-éileamh san no an agóid sin (marab agóid í do rinne an t-oifigeach clárathachta féin) agus más rialú i bhfabhar agóide é (ar a n-áirítear agóid do rinne an t-oifigeach clárathachta féin), bhéarfaidh an fógra san don té le n-a mbaineann an agóid sin.

(2) Duine gur mian leis athchomharc i gcoinnibh rialuithe do rinne an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éilimh no agóide, bhéarfaidh don oifigeach chlárathachta, laistigh de chúig lá tar éis an fhógra san i dtaobh an rialuithe sin d'fháil do, fógra (dá ngairmtear fógra athchomhairc sa riail seo) sa bhfuirm orduithe á cheangal ar an oifigeach clárathachta cás d'aithris chun barúil na Cúirte Cuarda d'fháil ar an rialú san agus ag luadh na nithe gur gá barúil na Cúirte sin d'fháil ortha.

(3) Duine ar bith do bhéarfaidh don oifigeach chlárathachta fógra athchomhaire fén riail seo i gcoinnibh rialuithe i dtaobh agóide, déanfaidh san am gcéanna cóip den fhógra san do thabhairt don té do rinne an agóid sin no le n-a mbaineann an agóid sin (pe'ca aca is gá sa chás).

(4) Pé uair do gheobhaidh an t-oifigeach clárathachta fógra athchomhairc fén riail seo déanfaidh, chó luath is bheidh san caothúil, cás d'aithris agus do chur chun an chlárathóra chontae don Chathair chun barúil na Cúirte Cuarda d'fháil air agus na dátáin a bhaineann leis an scéal curtha síos ann fé mar a bheid cruthuithe chun a shástachta agus na nithe gur mian barúil na Cúirte sin d'fháil ortha luaidhte ann do réir an fhógra athchomhairc sin.

(5) Nuair a bheidh an t-oifigeach clárathachta ag cur cáis aithriste fén riail seo chun an chlárathóra chontae don Chathair cuirfidh chun an chlárathóra san i dteanta an cháis sin na bunscríbhinní go léir a bhaineann leis an scéal no cóipeanna dhíobh (pe'ca aca is gá sa chás).

An clár do chríochnú agus d'fhoillsiú.

15. (1) Ar no roimh an lá orduithe déanfaidh an t-oifigeach clárathachta an chéad chlár d'ullamhú agus do chríochnú as an gcéad liost d'éilitheoirí, as na hagóidí do cuireadh chuige i gcoinnibh an liosta san do réir na rialacha so, as na hagóidí do rinne sé féin i gcoinnibh an liosta san fé sna rialacha so, agus as na rialuithe do rinne sé i dtaobh na n-éilithe sa liost san agus na n-agóidí sin, agus foillseoidh an clár san.

(2) Ar no roimh an 1adh lá de Mheitheamh roimh thoghachán Chathrach (seachas an chéad toghachán Cathrach) críochnóidh an t-oifigeach clárathachta obair cheartuithe an liosta de thoghthóirí do hullamhuíodh i gcóir an chláir don toghachán san agus déanfa sé clár don toghachán san den liost san agus foillseoidh an clár san.

Foillsiú an chláir.

16. (1) Déanfar clár d'fhoillsiú chun crícheanna na rialacha so tré fhógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá go bhfuil cóip den chlár san le feiscint chun a iniúchta le linn ama ghnótha in oifig an oifigigh chlárathachta agus tré n-a leithéid chéanna d'fhógra do chur in áirde lasmuich, ar dhoras na hoifige sin no comhgarach do.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach clárathachta cóip de gach clár a foillseofar fé sna rialacha so do chur chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí díreach tar éis a fhoillsithe agus déanfaidh ina dhiaidh sin achmaireacht ar a mbeidh sa chlár san do chur chun an Aire sin i pé tráthanna agus i pé fuirm agus pé mion-innste inti ordóidh an tAire.

(3) Cimeádfadh an t-oifigeach clárathachta ina oifig ar feadh na tréimhse orduithe cóip den chlár a bheidh de thurus na huaire ar an gclár is déanaí do foillsíodh fén Acht so agus i rith na tréimhse sin ceadóidh d'éinne an chóip sin d'iniúcha in aisce san oifig sin le linn ama ghnótha agus bhéarfaidh do dhuine ar bith, ar íoc na táille orduithe, cóip den chlár san no d'aon chuid no coda dhe iarrfaidh an duine sin.

Foillsiú scríbhinní.

17. (1) Nuair a ceangailtear ar an oifigeach clárathachta leis na rialacha so scríbhinn ar bith d'fhoillsiú agus gan aon fhoráil áirithe do bheith leagtha amach i dtaobh na slí ina bhfoillseofar í, foillseoidh sé an scríbhinn tré chóipeanna dhi do chur ar fáil ina oifig chun a n-iniúchta agus, más oiriúnach leis é, in aon tslí eile is dó leis do bheadh go maith chun na scríbhinne do thabhairt fé shúil na ndaoine le n-a mbaineann.

(2) Má deintear faillí ar bith i scríbhinn d'fhoillsiú do réir na rialacha so ní bheidh an scríbhinn nea-dhleathach dá dheascaibh sin, ach ní shaorfaidh an fhoráil seo an t-oifigeach clárathachta o phionós ar bith a ghabhann leis an bhfaillí sin.

Fuirmeacha éilimh agus agóide.

18. Bhéarfaidh an t-oifigeach clárathachta fuirmeacha éilimh agus fuirmeacha agóide in aisce do dhuine ar bith iarrfaidh air iad.

An tslí chun fógraí, etc., do chur isteach.

19. (1) Aon fhógra, éileamh, agóid, no scríbhinn eile éilíonn no údaruíonn na rialacha so do thabhairt don oifigeach chlárathachta no do chur chuige féadfar a thabhairt do no a chur chuige tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha fé sheola an oifigigh chlárathachta ina oifig.

(2) Aon fhógra no scríbhinn eile go n-éilítear ar an oifigeach clárathachta no go n-údaruítear do, leis na rialacha so, é do chur chun éinne no do thabhairt d'éinne, féadfar a chur chun an duine sin no a thabhairt do tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha fé sheola an duine sin san áit chomhnaithe no san áit ghnótha is déanaí is eol don oifigeach chlárathachta do bheith aige.

DARA SCEIDEAL.

Toghachain do Stiura.

Mínithe.

1. Sa Sceideal so—

cialluíonn an focal “toghachán” toghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach;

cialluíonn an focal “clár” an clár de thoghthóirí ceannaíochta ar n-a ullamhú fén Acht so don toghachán gur ina thaobh a húsáidtear an focal;

léireofar tagairtí d'oifig an chinn chomhrimh mar thagairtí don chuid sin d'oifigí Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath a bheidh curtha in áirithe aige sin de thurus na huaire chun gnó an chinn chomhrimh fén Acht so do dhéanamh inti;

cialluíonn an abairt “am ghnótha” maidir le hoifig an chinn chomhrimh am ar bith ina mbeidh an oifig sin ar oscailt chun gnótha do dhéanamh inti;

cialluíonn an abairt “an Chathair” contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “bínse toghacháin” cúirt no bínse eile chun deighleail le hachuingheacha ag gearán mar gheall ar thuairisciú nea-chuibhe no ar thogha nea-chuibhe i dtoghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach.

Tráthanna do ghníomhartha áirithe.

2. I ngach toghachán—

(a) isé is lá toghacháin ann ná an lá is lá toghacháin chun gnáth-bhaill de Chomhairle na Cathrach do thogha;

(b) ní bheidh am foillsithe fógra an toghacháin níos déanaí ná ocht lá déag glan roimh lá an toghacháin;

(c) isiad uair agus lá is déanaí chun páipéirí ainmniúcháin do ghlaca ná a trí a chlog tráthnóna an lae a bheidh dhá lá déag glan roimh lá an toghacháin;

(d) isiad uair agus lá is déanaí d'iarrthóirí chun tarrac siar ná a trí a chlog tráthnóna an lae bheidh deich lá glan roimh lá an toghacháin;

(e) isé lá ar a ndéanfar amach an cuntas ar na daoine do hainmníodh ná an lá bheidh naoi lá glan roimh lá an toghacháin;

(f) isé am ar a dtabharfar páipéirí ballóide amach ná pé uair agus lá, tar éis an chuntais ar na daoine do hainmníodh do dhéanamh amach, a cheapfaidh an ceann comhrimh chuige sin, ach ní bheidh sé níos déanaí ná an lá bheidh cúig lá glan roimh lá an toghacháin;

(g) is ar a naoi a chlog tráthnóna lae an toghacháin a cuirfear deire leis an vótaíocht.

Fógra i dtaobh an toghacháin.

3. Déanfaidh an ceann comhrimh, laistigh den am a ceaptar leis na rialacha so, fógra sa bhfuirm orduithe i dtaobh an toghacháin d'ullamhú, do shighniú, agus d'fhoillsiú.

Iarrthóirí d'ainmniú.

4. (1) Is i scríbhinn sa bhfuirm orduithe (dá ngairmtear páipeur ainmniúcháin san Acht so), no i bhfuirm sa chéill chéanna, a hainmneofar gach iarrthóir i dtoghachán agus is le deich bpáipéirí ainmniúcháin ar a laighead a hainmneofar amhlaidh é agus gach páipeur fé leith acu sighnithe ag duine fé leith mar ainmnitheoir agus gan aon dá cheann acu sighnithe ag an duine céanna.

(2) Cuirfear síos i ngach páipeur ainmniúcháin sloinne an iarrthóra maraon le n-a ainmneacha eile in iomlán agus fós a áit chomhnaithe agus a thuairisc.

(3) Ní shighneoidh duine ar bith páipeur ainmniúcháin mar ainmnitheoir gan é do bheith cláruithe sa chlár do hullamhuíodh don toghachán le n-a mbaineann an páipeur ainmniúcháin sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le daoine bheidh ag sighniú mar ainmnitheoirí do chur a láimhe le páipéirí ainmniúcháin, sé sin le rá:—

(a) páipeur ainmniúcháin a bheidh le sighniú ag duine bheidh cláruithe sa chlár ina ainm féin, is ina ainm féin a shighneoidh an duine sin é, agus luadhfar áit ghnótha agus tuairisc an duine sin ann;

(b) páipeur ainmniúcháin a bheidh le sighniú ag duine a bheidh cláruithe sa chlár fé ainm thrádála, is fén ainm thrádála san a shighneoidh an duine sin é, agus luadhfar ann an phríomh-oifig no an phríomh-áit ina ndeintear gnó sa Chathair fén ainm thrádála san;

(c) páipeur ainmniúcháin a dheabhróidh bheith sighnithe fé ainm thrádála, tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é do shighnigh amhlaidh é ná an duine bheidh cláruithe sa chlár fén ainm sin;

(d) páipeur ainmniúcháin a bheidh le sighniú ag páirtnéireacht no ag comhlachas neamh-ionchorparuithe, sighneofar é, in ainm na páirtnéireachta no an chomhlachais sin, ag duine éigin go n-údarás chun sighnithe fén ainm sin, agus luadhfar ann an phríomhoifig no an phríomh-áit ghnótha bheidh ag an bpáirtnéireacht no ag an gcomhlachas san sa Chathair;

(e) páipeur ainmniúcháin a dheabhróidh bheith sighnithe in ainm pháirtnéireachta no in ainm chomhlachais neamhionchorparuithe, tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb é do shighnigh amhlaidh é ná duine go n-údarás chun sighnithe fén ainm sin;

(f) páipeur ainmniúcháin a bheidh le sighniú ag cólucht corparáideach, sighneofar amhlaidh é tré shéala an chóluchta san do chur ar an bpáipeur san sa tslí a héilítear maraon le lámha na ndaoine do chur leis a héilítear le bunreacht, le hairtiogail chomhlachais, no le rialacháin eile an chóluchta san, agus luadhfar ann an phríomh-oifig no an phríomh-áit ghnótha bheidh ag an gcólucht san sa Chathair;

(g) páipeur ainmniúcháin a dheabhróidh bheith séaluithe le séala cóluchta chorparáidigh agus go mbeidh na lámha curtha leis, tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur séaluíodh amhlaidh é sa tslí a héilítear agus gur cuireadh leis lámha na ndaoine a héilítear le bunreacht, le hairtiogail chomhlachais, no le rialacháin eile an chóluchta san;

(h) luadhfar i ngach páipeur ainmniúcháin an uimhir sa chlár a bheidh ag an té chuirfidh a lámh leis an bpáipeur san mar ainmnitheoir.

(5) Cuirfidh an ceann comhrimh fuirmeacha páipéirí ainmniúcháin ar fáil agus bhéarfaidh in aisce do dhuine ar bith a bheidh iontrálta sa chlár pé méid réasúnta d'fhuirmeacha páipéirí ainmniúcháin iarrfaidh an duine sin.

Páipéirí ainmniúcháin do sheachada agus a ndleathacht.

5. (1) Seachadfar gach páipeur ainmniúcháin i bpearsain, ag an iarrthóir no ag an ainmnitheoir a bheidh ainmnithe ann, don cheann chomhrimh ina oifig uair ar bith le linn ama ghnótha aon lá roimh an uair agus an lá is déanaí chun páipéirí ainmniúcháin do ghlaca agus páipeur ainmniúcháin ar bith ná seachadfar amhlaidh beidh sé nea-dhleathach.

(2) Cuirfidh an ceann comhrimh ar gach páipeur ainmniúcháin an t-am do seachadadh an páipeur san do agus fós uimhreoidh páipéirí ainmniúcháin gach iarrthóra fé leith san ord ina seachadfar do iad.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis páipeur ainmniúcháin do sheachada dho scrúdóidh an ceann comhrimh an páipeur san agus bhéarfaidh breith ar ce'ca tá sé sa bhfuirm cheart, agus líonta, sighnithe, agus críochnuithe go cuibhe do réir an Achta so no ná fuil agus ar ce'ca tá sé dleathach no nea-dhleathach.

(4) Ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh go bhfuil páipeur ainmniúcháin sa bhfuirm cheart agus líonta, sighnithe, agus críochnuithe go cuibhe do réir an Achta so agus go bhfuil sé dleathach.

(5) Pé uair do bhéarfaidh an ceann comhrimh de bhreith ar pháipeur ainmniúcháin go bhfuil sé nea-dhleathach scríobhfaidh agus sighneoidh ar an bpáipeur san nóta ar an mbreith sin agus foras na breithe sin.

(6) Na deich gcinn de pháipéirí dleathacha ainmniúcháin d'iarrthóir ar bith is túisce seachadfar go cuibhe don cheann chomhrimh do réir na rialach so, isiad is páipéirí ainmniúcháin don iarrthóir sin, agus beidh gach páipeur ainmniúcháin eile don iarrthóir sin gan feidhm gan éifeacht.

(7) Nuair a bheidh deich gcinn de pháipéirí dleathacha ainmniúcháin d'iarrthóir ar bith seachadtha go cuibhe don cheann chomhrimh cuirfidh an ceann comhrimh fógra i scríbhinn i dtaobh seachada na bpáipeur san chun an iarrthóra san tríd an bpost no ar aon tslí eile chó luath agus is féidir é agus, pé cás é, ar dháta nách déanaí ná an lá chun an chuntais ar na daoine do hainmníodh do dhéanamh amach.

Cuntas ar na daoine do hainmníodh.

6. Ar no roimh an lá chun an chuntais ar na daoine do hainmníodh do dhéanamh amach ullamhóidh an ceann comhrimh cuntas sa bhfuirm orduithe agus ainmneacha, áiteanna comhnaithe, agus tuairisc na n-iarrthóirí ann do hainmníodh go dleathach agus nár tharraig siar o bheith ina n-iarrthóirí agus greamóidh sé cóip den chuntas san amuich ar phrímh-gheata no ar phríomh-dhoras na foirginte ina mbeidh a oifig suidhte.

Iarrthóir do tharrac siar.

7. Uair ar bith sara n-ainmnítear é no dá éis sin, ach ní níos déanaí ná an uair agus an lá is déanaí d'iarrthóirí chun tarrac siar, féadfaidh iarrthóir ar bith tarrac siar o bheith ina iarrthóir.

Ainmniú i gcóir gnáth-thoghacháin agus toghacháin cheannaíochta.

8. Má gheibheann an ceann comhrimh, i gceann na haimsire chun páipéirí ainmniúcháin do ghlaca fé sna rialacha so, go ndearnadh iarrthóir ar bith do hainmníodh go cuibhe fé sna rialacha so d'ainmniú go cuibhe ina theanta san mar iarrthóir chun a thoghtha mar ghnáth-bhall de Chomhairle na Cathrach do thogha-líomatáiste bhuirge ar bith agus nár tharraig sé siar o bheith ina iarrthóir i gceachtar den dá thoghachán, déanfaidh an ceann comhrimh láithreach fógra i scríbhinn do chur chun an iarrthóra san, tríd an bpost no ar aon tslí eile, ag cur na n-ainmniúchán san in úil do agus á éileamh air tarrac siar o bheith ina iarrthóir i dtoghachán acu san agus mara dtarraiceoidh an t-iarrthóir sin siar go dleathach o bheith ina iarrthóir i dtoghachán acu san roimh dheire na haimsire in ar féidir do dhuine fé sna rialacha so tarrac siar o bheith ina iarrthóir, tuigfear chun gach críche, i gceann na haimsire sin, gur tharraig sé siar o bheith ina iarrthóir chun a thoghtha fén Acht so.

Na cásanna ina dtógfar no ná tógfar vótaíocht.

9. (1) Má bhíonn an méid iarrthóirí a hainmneofar go dleathach agus ná tarraiceoidh siar go dleathach o bheith ina n-iarrthóirí níos mó ná an méid ball a bheidh le togha, tógfar vótaíocht do réir an Achta so.

(2) Má bhíonn an méid iarrthóirí a hainmneofar go dleathach agus ná tarraiceoidh siar go dleathach o bheith ina n-iarrthóirí có-ionann leis an méid ball a bheidh le togha, déanfaidh an ceann comhrimh, an lá tar éis an lae is déanaí d'iarrthóirí chun tarrac siar, fógra d'fhoillsiú sa bhfuirm orduithe á rá ná tógfar vótaíocht ar bith agus go ndearbhófar na hiarrthóirí sin do bheith toghtha agus fós cuirfidh cóip den fhógra san, tríd an bpost no ar shlí eile, chun gach iarrthóra acu san.

(3) Má bhíonn an méid iarrthóirí a hainmneofar go dleathach agus ná tarraiceoidh siar go dleathach o bheith ina n-iarrthóirí níos lugha ná an méid ball a bheidh le togha, tuigfear gur hainmníodh go dleathach chun a n-ath-thogtha na baill a bheidh ag dul as oifig agus dob aoirde in ord a ndearbhuithe sa toghachán deiridh no, mara raibh aon vótaíocht sa toghachán san, a thoghfaidh an ceann comhrimh amach le crannchur, pé baill acu san agus pé méid acu a dhéanfaidh suas méid iomlán na mball a bheidh le togha agus, chun crícheanna na fo-rialach san roimhe seo den riail seo, tuigfear gur iarrthóirí iad san do hainmníodh go dleathach agus nár tharraig siar o bheith ina n-iarrthóirí, agus beidh feidhm ag an bhfo-riail sin dá réir sin.

An nós-imeachta leanfar mara mbeidh aon iarrthóirí ann.

10. Mara n-ainmnítear iarrthóir ar bith go dleathach no má dheineann na hiarrthóirí uile a hainmneofar go dleathach tarrac siar go dleathach o bheith ina n-iarrthóirí, tuigfear na baill a bheidh ag dul as oifig do bheith ath-thoghtha agus ar an lá tar éis an lae is déanaí d'iarrthóirí chun tarrac siar foillseoidh an ceann comhrimh fógra ná beidh vótaíocht ar bith ann agus go ndearbhófar na baill do bhí ag dul as oifig do bheith toghtha agus fós cuirfidh cóip den fhógra san, tríd an bpost no ar shlí eile, chun gach baill acu san do bhí ag dul as oifig.

Iarrthóir d'fháil bháis.

11. (1) Más rud é, roimh an uair agus an lá is déanaí d'iarrthóirí chun tarrac siar, go bhfuighidh an ceann comhrimh fógra i dtaobh iarrthóir do hainmníodh go dleathach do bheith tar éis bháis (pe'ca roimh a ainmniú é no dá éis sin) tuigfear chun crícheanna na rialacha so gur tharraig an t-iarrthóir sin siar go dleathach o bheith ina iarrthóir.

(2) Má bhíonn an méid iarrthóirí a hainmneofar go dleathach agus ná tarraiceoidh siar o bheith ina n-iarrthóirí níos mó ná an méid ball a bheidh le togha agus go bhfuighidh an ceann comhrimh, sara dtosnuítear ar na páipéirí ballóide do thabhairt amach, fógra go bhfuil iarrthóir no iarrthóirí acu san tar éis bháis agus, má bhíonn an méid de sna hiarrthóirí sin a bheidh ina mbeathaidh có-ionann leis an méid ball a bheidh lé togha no níos lugha ná san, déanfaidh an ceann comhrimh an vótaíocht do chur ar ceal láithreach, agus beidh feidhm ag na rialacha sa Sceideal so bhaineann leis an méid iarrthóirí bheidh ann do bheith có-ionann leis an méid ball a bheidh le togha no níos lugha ná san (pe'ca aca is gá sa chás) ach déanfar an lá tar éis an fhógra san d'fháii don cheann chomhrimh do chur in ionad an lae tar éis an lae is déanaí d'iarrthóirí chun tarrac siar.

Ceart ag toghthóirí páipéirí ballóide d'fháil.

12. (1) An lá bheidh ceaptha chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, cuirfidh an ceann comhrimh tríd an bpost chun gach duine go mbeidh a ainm ar an gclár, go dtí an seola bheidh luaidhte ar an gclár san, an méid páipéirí ballóide bheidh an duine sin i dteideal d'fháil, maraon le fuirm dhearbhú céannachta.

(2) Gach duine bheidh i dteideal vótála i dtoghachán is sa tslí seo leanas agus ní hin aon tslí eile bheidh sé i dteideal vótála sa toghachán san, sé sin le rá, tré pháipéirí ballóide cuirfear chuige fé sna rialacha so do mharcáil agus tríd na páipéirí ballóide sin maraon leis an bhfuirm dhearbhú céannachta cuireadh chuige ina dteanta, agus an dearbhú san déanta agus críochnuithe go cuibhe aige, do chur thar n-ais chun an chinn chomhrimh tríd an bpost cláruithe roimh-íoctha no tríd an ngnáth-phost roimhíoctha no tré n-a seachada don cheann chomhrimh ina oifig le linn ama ghnótha.

Modh líonta na bpáipéirí ballóide.

13. (1) Ní foláir do thoghthóir, agus é ag tabhairt a vóta, an figiuir 1 do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainm an iarrthóra le n-a mbeidh sé ag vótáil agus féadfa sé ina theanta san na figiuirí 2 agus 3, no 2, 3 agus 4 agus mar sin de do chur ar a pháipeur ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ordú a rogha.

(2) Aon pháipeur ballóide—

(a) ná beidh an marc oifigiuil air; no

(b) ná beidh an figiuir 1 ina aonar, ag taisbeaint céad-rogha d'iarrthóir éigin, curtha air; no

(c) ar a mbeidh an figiuir 1 ina aonar, ag taisbeaint céadrogha, os coinne ainm níos mó ná aon iarrthóir amháin; no

(d) ar a mbeidh an figiuir 1 ina aonar, ag taisbeaint céadrogha, maraon le huimhir éigin eile os coinne ainm an aon iarrthóra amháin; no

(e) ar a mbeidh scríobhtha no marcálta éinní, ach an uimhir ar an gcúl, tré n-ar féidir an vótálaí d'aithint

beidh sé nea-dhleathach agus ní comhreofar é.

Fuirm na bpáipéirí ballóide.

14. (1) Beidh gach toghthóir i dteideal oiread páipéirí ballóide d'fháil agus is có-ionann leis an méid vótanna go mbeidh sé ráite sa chlár teideal do bheith aige chucha, ach má theipeann ar thoghthóir ar bith an méid sin páipéirí ballóide d'fháil no páipéirí ballóide ar bith d'fháil no má gheibheann toghthóir ar bith níos mó ná an méid sin páipéirí ballóide ní bheidh an toghachán nea-dhleathach dá dheascaibh sin.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach páipeur ballóide agus—

(a) beidh liost de sna hiarrthóirí ann agus iad tuairiscithe tré n-a n-ainmneacha, tré n-a seolta, agus tré n-a dtuairiscí mar a bheid san curtha síos ina bpáipéirí ainmniúcháin agus iad in ord aibítre in aon cholún leanúnach amháin do réir a sloinnte agus, i gcás cóionnanas sloinnte, do réir a n-ainmneacha eile; agus

(b) beidh uimhir clóbhuailte ar a chúl; agus

(c) beidh có-dhuille ceangailte dhe agus an uimhir sin clóbhuailte ar a aghaidh; agus

(d) le linn a thabhartha amach marcálfar é ar a dhá thaobh le marc oifigiuil stampálta no pollta.

(3) Clóbhuailfear sloinne gach iarrthóra ar na páipéirí ballóide i litreacha móra agus clóbhuailfear a n-ainmneacha eile agus a seolta agus a dtuairiscí i litreacha beaga ach, pé uair a bheidh sloinnte beirt no níos mó iarrthóirí mar a chéile, clóbhuailfear i litreacha móra (i dteanta a sloinnte) ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin agus oiread de sheola no de thuairisc gach iarrthóra acu san no dá sheola agus dá thuairisc agus a chuirfidh an t-iarrthóir sin in aithne go héifeachtúil dar leis an gceann comhrimh.

Dearbhú céannachta.

15. (1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach dearbhú céannachta agus beidh treoracha don vótálaí sa bhfuirm sin (ar aghaidh no ar chúl na fuirme).

(2) Cuirfidh an vótálaí a lámh le gach dearbhú céannachta agus (maran cólucht corparáideach an vótálaí) déanfar san i bhfianaise fhínné chuirfidh a lámh féin leis an dearbhú san, leis, agus a chuirfidh a sheola agus a thuairisc air.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le vótálaithe do chur a lámha le dearbhuithe céannachta, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn an vótálaí cláruithe sa chlár fé ainm thrádála sighneoidh an vótálaí sin an dearbhú fén ainm thrádála san agus cuirfe sé a ainm féin ina diaidh;

(b) más páirtnéireacht an vótálaí, sighneoidh duine de sna páirtnéirí an dearbhú fé ainm na páirtnéireachta agus cuirfe sé a ainm féin, agus an focal “páirtnéir,” ina diaidh;

(c) más comhlachas neamh-ionchorparuithe an vótálaí, sighneoidh duine éigin go n-údarás chun sighnithe fé ainm an chomhlachais an dearbhú fén ainm sin agus cuirfidh an duine sin a ainm féin ina diaidh maraon le ráiteas ar an údarás fé n-a sighníonn sé fé ainm an chomhlachais sin;

(d) más cólucht corparáideach an vótálaí sighneofar an dearbhú tré shéala an chóluchta san do chur air sa tslí a héilítear maraon le lámha na ndaoine do chur leis a héilítear le bunreacht, le hairtiogail chomhlachais, no le rialacháin eile an chóluchta san;

(e) go dtí go gcruthófar a mhalairt tuigfear gur sighníodh do réir na rialacha so dearbhú céannachta a dheabhróidh bheith sighnithe do réir na fo-rialach so.

Páipéirí ballóide do thabhairt amach.

16. San am a bheidh ceaptha ag an gceann comhrimh chun páipéirí ballóide do thabhairt amach, bhéarfaidh an ceann comhrimh amach agus cuirfidh chun gach duine bheidh cláruithe sa chlár an méid páipéirí ballóide chun a mbeidh teideal ag an duine sin maraon le fuirm dhearbhú céannachta agus pé scríbhinní eile luaidhtear sna rialacha so.

Iarrthóirí do bheith i láthair.

17. Beidh gach iarrthóir i dtoghachán i dteideal bheith i láthair agus páipéirí ballóide i gcóir an toghacháin sin á dtabhairt amach agus ar a iarraidh sin air d'aon iarrthóir den tsórt san cuirfidh an ceann comhrimh in úil don iarrthóir sin an t-am agus an áit ina dtabharfar na páipéirí ballóide sin amach.

Cé bheidh i láthair agus páipéirí ballóide á dtabhairt amach.

18. Ní bheidh éinne i láthair agus páipéirí ballóide á dtabhairt amach ach an ceann comhrimh agus a chongantóirí, pé daoine de sna hiarrthóirí a thogróidh bheith i láthair, agus pé duine eile (más ann do) dá gceadóidh an ceann comhrimh bheith i láthair amhlaidh.

An modh chun páipéirí ballóide do thabhairt amach.

19. Bhéarfidh an ceann comhrimh páipéirí ballóide amach do gach toghthóir tré sna nithe seo leanas do dhéanamh no a chur fé ndeár iad do dhéanamh ar an ord so leanas, sé sin le rá:—

(a) glaofar amach uimhir, ainm, agus tuairisc an toghthóra agus an méid páipéirí ballóide chun a mbeidh teideal aige, fé mar a bheid curtha síos sa chlár;

(b) marcálfar uimhir sin an toghthóra ar chó-dhuillí uile agus fé seach an méid páipéirí ballóide chun a mbeidh teideal aige;

(c) cuirfear marc ar an gclár, os coinne uimhir an toghthóra air, chun a thaisbeaint gur tugadh amach páipéirí ballóide don toghthóir sin ach ní nochtfar cadé an páipeur ballóide áirithe aon cheann acu;

(d) marcálfar gach páipeur ballóide acu san ar a dhá thaobh leis an marc oifigiuil;

(e) marcálfar ar fhuirm dhearbhú céannachta agus ar chlúdach pháipéir bhallóide na huimhreacha uile bheidh ar chúl na bpáipéirí ballóide sin fé seach;

(f) cuirfear i gclúdach (dá ngairmtear an forchlúdach anso feasta) a bheidh sa bhfuirm orduithe agus a bheidh fé sheola an toghthóra fé mar a bheidh an seola san curtha síos sa chlár na scríbhinní seo a leanas, sé sin le rá:—

(i) an páipeur ballóide sin; agus

(ii) an fhuirm dhearbhú céannachta san; agus

(iii) clúdach (dá ngairmtear an clúdach clúdacháin anso feasta) sa bhfuirm orduithe agus é fé sheola an chinn chomhrimh; agus

(iv) clúdach is lugha ná san (dá ngairmtear clúdach an pháipéir bhallóide anso feasta) sa bhfuirm orduithe agus é marcálta, mar a horduítear anso roimhe seo, leis na huimhreacha uile bheidh ar chúl na bpáipéirí ballóide sin, fé seach;

(g) dúnfar an forchlúdach go héifeachtúil.

(2) Nuair a bheidh na forálacha san roimhe seo den riail seo cólíonta maidir le gach toghthóir baileofar, comhreofar agus postálfar na forchlúdaigh dhúnta uile.

Páipéirí ballóide do phostáil.

20. Postálfaidh an ceann comhrimh na forchlúdaigh dhúnta san tré n-a seachada d'árd-oifig an phuist sa Chathair, no do pé oifig eile ar a socrófar leis an gceann-mháistir puist, agus tríd an bpostas ar gach clúdach den tsórt san do roimh-íoc ar pé slí socrófar leis an gceann-mháistir puist sin agus déanfaidh an máistir puist san oifig ina seachadfar na forchlúdaigh dhúnta san fuirm admhála thíolacfaidh an ceann comhrimh agus ina mbeidh an méid clúdach do seachadadh amhlaidh luaidhte do stampáil leis an dát-stampa post-oifige agus cuirfe sé na clúdaigh sin ar aghaidh láithreach tríd an bpost chun a seachadtha do sna daoine go mbeidh a seolta ortha.

An clár agus na có-dhuillí do chimeád.

21. Chó luath agus is féidir é tar éis tabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe agus i bhfianaise na n-iarrthóirí a bheidh i láthair (más ann dóibh) déanfaidh an ceann comhrimh pacáidí ar leithligh den chóip mharcálta den chlár agus de chó-dhuillí na bpáipéirí ballóide, agus séalófar na pacáidí sin le n-a shéala féin agus le séalaí pé daoine de sna hiarrthóirí thogróidh a séalaí do chur ortha.

Bosca ballóide ball ceannaíochta.

22. Cuirfidh an ceann comhrimh ar fáil eiread boscaí ballóide agus is gá, agus “bosca ballóide ball ceannaíochta” marcálta ortha, chun na clúdaigh chlúdacháin do chur isteach ionta nuair a chuirfidh na vótálaithe thar n-ais iad, agus ar thabhairt-amach na bpáipéirí ballóide do bheith críochnuithe taisbeánfaidh an ceann comhrimh gach bosca ballóide acu san, ar oscailt, do sna hiarrthóirí (más ann dóibh) a bheidh i láthair, agus séalóidh sé gach bosca ballóide acu san le n-a shéala agus déanfaidh socrú chun gach bosca ballóide acu do chimeád slán sábhálta.

Cad déanfar leis na clúdaigh chlúdacháin ar iad d'fháil.

23. Déanfaidh an ceann comhrimh gach clúdach clúdacháin do gheobha sé roimh dheire na vótaíochta do chur isteach, gan oscailt. i gceann de sna boscaí ballóide ball ceannaíochta fé mar agus nuair do gheobha sé é agus déanfa sé gach clúdach clúdacháin do gheobha sé tar éis deire na vótaíochta do chur isteach, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala agus déanfa sé fós gach forchlúdach a cuirfear thar n-ais chuige mar rud nár seachadadh do chur isteach, gan oscailt, i bpacáiste ar leithligh fé shéala.

Fógra i dtaobh comhreamh na vótanna.

24. Trí lá ar a laighead roimh dheire na vótaíochta cuirfidh an ceann comhrimh tríd an bpost chun gach iarrthóra, ag a sheola mar a bheidh sé curtha síos ina pháipéirí ainmniúcháin, fógra i scríbhinn i dtaobh an ama agus na háite ina n-osclóidh sé na boscaí ballóide agus ina gcomhreoidh sé na vótanna.

Boscaí ballóide d'oscailt.

25. Chó luath is bheidh caoi aige air tar éis deire na vótaíochta osclóidh an ceann comhrimh na boscaí ballóide agus comhreoidh sé na vótanna.

Cé bheidh i láthair agus na vótanna á gcomhreamh.

26. Ní bheidh éinne i láthair agus na boscaí ballóide á n-oscailt no na vótanna á gcomhreamh ach an ceann comhrimh agus a chongantóirí, pé daoine de sna hiarrthóirí thogróidh bheith i láthair, agus pé daoine eile (más ann dóibh) dá gceadóidh an ceann comhrimh bheith i láthair amhlaidh.

An nós-imeachta leanfar ar oscailt na mboscaí ballóide.

27. Nuair a beifear tar éis na boscaí ballóide d'oscailt déanfaidh an ceann comhrimh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na clúdaigh chlúdacháin uile do thógaint amach as na boscaí ballóide go léir agus iad do chomhreamh agus a líon do nótáil;

(b) gach ceann fé leith de sna clúdaigh chlúdacháin sin d'oscailt, an dearbhú céannachta ann do scrúdú agus na huimhreacha ar an dearbhú san do chur i gcómheas leis na huimhreacha ar chlúdach an pháipéir bhallóide sa chlúdach chlúdacháin sin;

(c) más mar a chéile na huimhreacha san agus go bhfuighfear an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe, cuirfe sé an dearbhú céannachta agus clúdach an pháipéir bhallóide i dhá gcimeádán ar leithligh;

(d) maran deimhin leis an dearbhú céannachta do bheith críochnuithe agus déanta go cuibhe cuirfe sé “diúltuíodh don vóta” i gcúl-scríbhinn ar an dearbhú céannachta agus ceanglóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide dhe gan an clúdach san d'oscailt no, mara mbeidh aon chlúdach den tsórt san ann, ceanglóidh sé an páipeur no na páipéirí ballóide dhe;

(e) má fhaghann sé nách mar a chéile an uimhir ar an dearbhú céannachta agus an uimhir ar chlúdach an pháipéir bhallóide, no mara mbeidh aon uimhir ar an gclúdach, osclóidh sé an clúdach, agus más mar a chéile an uimhir ar gach páipeur ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta agus nách mó a mbeidh de pháipéirí ballóide ann ná a mbeidh d'uimhreacha ar an dearbhú san, cuirfe sé an páipeur ballóide sa chimeádán speisialta do chuir sé ar fáil i gcóir páipéirí ballóide;

(f) maran mar a chéile an uimhir ar aon pháipeur ballóide áirithe agus uimhir éigin ar an dearbhú céannachta, no más mó a mbeidh de pháipéirí ballóide ann ná a mbeidh d'uimhreacha ar an dearbhú san, cuirfe sé na páipéirí ballóide thar n-ais ina gclúdach, más ann do, ceanglóidh sé an clúdach no na páipéirí ballóide sin (pe'ca aca é) den dearbhú chéannachta, agus cuirfe sé “diúltuíodh don vóta” i gcúl-scríbhinn ar an dearbhú céannachta;

(g) má dheabhruíonn sé ná fuil dearbhú céannachta i dteanta clúdach an pháipéir bhallóide, osclóidh sé clúdach an pháipéir bhallóide, agus má fachtar an dearbhú céannachta do bheith ann deighleálfa sé leis an dearbhú agus leis an gclúdach páipéir bhallóide sin do réir na bhforálacha san roimhe seo den riail seo;

(h) marcálfa sé leis an bhfocal “diúltuithe” gach dearbhú céannachta ná beidh aon pháipeur ballóide ina theanta, agus gach páipeur ballóide ná beidh dearbhú céannachta ina theanta.

Páipéirí ballóide agus dearbhú ná beidh sna clúdaigh chearta.

28. Más in éineacht do gheobhfar páipeur no páipéirí ballóide agus dearbhú céannachta agus gur mar a chéile na huimhreacha ortha, ní diúltófar do sna páipéirí ballóide sin mara mbeidh de chúis leis sin do dhéanamh ach go raibh na páipéirí ballóide agus an dearbhú céannachta san no aon cheann acu gan bheith sna clúdaigh chearta no sa chlúdach cheart no go raibh aon chlúdach den tsórt san gan bheith daingnithe.

Díúltú do dhearbhuithe céannachta.

29. Taisbeánfaidh an ceann comhrimh do sna hiarrthóirí bheidh i láthair aon dearbhú céannachta 'na mbeidh sé chun diúltú dho ar an scór nár críochnuíodh agus ná dearnadh sa cheart é agus má chuireann aon iarrthóir acu san i gcoinnibh na breithe sin uaidh cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn na focail “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe.”

Dearbhuithe dá ndiúltófar do chimeád ar deighilt.

30. Déanfaidh an ceann comhrimh na dearbhuithe céannachta uile dá ndiúltófar, maraon leis na clúdaigh no leis na páipéirí ballóide, pe'ca aca é, a bheidh ceangailte dhíobh, do chimeád ar deighilt o scríbhinní eile.

Clúdaigh pháipéirí ballóide d'oscailt.

31. Nuair a beifear tar éis na clúdaigh chlúdacháin uile sna boscaí ballóide uile agus fé seach d'oscailt agus a bheidh deighleálta fé sna rialacha san roimhe seo le n-a mbeidh ionta, osclóidh an ceann comhrimh gach clúdach páipéir bhallóide ná beidh oscailte agus cuirfe sé na huimhreacha ar an gclúdach i gcó-mheas leis na huimhreacha uile agus fé seach ar na páipéirí ballóide sa chlúdach san agus más mar a chéile an uimhir ar gach páipeur ballóide agus uimhir ar an gclúdach agus nách mó a mbeidh de pháipéirí ballóide ann ná a mbeidh d'uimhreacha ar an gclúdach, cuirfe sé na páipéirí ballóide isteach sa chimeádán speisialta do chuir sé ar fáil i gcóir páipéirí ballóide, ach maran mar a chéile an uimhir ar aon pháipeur ballóide áirithe, no na huimhreacha ar dhá pháipeur bhallóide no níos mó, agus uimhir ar bith ar an gclúdach marcálfa sé “diúltuithe” ar na páipéirí ballóide go léir agus ceanglóidh sé den chlúdach iad.

Dearbhuithe, páipéirí ballóide, etc., do chimeád.

32. Chó luath agus bheidh an ceann comhrimh tar éis na bpáipéirí ballóide do chur isteach sa chimeádán speisialta san cuirfe sé isteach i bpacáidí ar leithligh fé shéala (1) na dearbhuithe céannachta do bhí i dteanta aon pháipéirí ballóide le n-ar glacadh go cuibhe, (2) aon dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh, agus (3) aon pháipéirí ballóide dar diúltuíodh, agus, sa dá chás deiridh sin, raghaidh leo na clúdaigh (más ann dóibh) a bheidh ceangailte dhíobh.

Comhreamh na vótanna.

33. Nuair a bheidh na rialacha san roimhe seo cólíonta ag an gceann comhrimh meascfa sé go maith ar a chéile na páipéirí ballóide bheidh sa chimeádán speisialta san agus ansan tógfa sé na páipéirí ballóide sin amach as an gcimeádán speisialta san, comhreoidh sé iad agus déanfa sé a líon do nótáil agus ansan comhreoidh sé, do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na vótanna do breacadh ar na páipéirí ballóide sin.

Diúltú do pháipéirí ballóide a bheidh neadhleathach.

34. Cuirfidh an ceann comhrimh “diúltuithe” i gcúl-scríbhinn ar aon pháipeur ballóide dá ndiúltóidh sé mar pháipeur neadhleathach agus má chuireann aon iarrthóir i gcoinnibh na breithe sin uaidh le n-ar dhiúltuigh sé don pháipeur bhallóide cuirfe sé leis an gcúl-scríbhinn sin “cuireadh i gcoinnibh an diúltuithe.”

Leanúnacht imeachta fén Sceideal so.

35. Sa mhéid gur féidir é déanfaidh an ceann comhrimh na himeachta fén Sceideal so tar éis oscailt na mboscaí ballóide agus fós comhreamh na vótanna do chimeád ar siúl gan sos ach féadfa sé aon uair na himeachta no an comhreamh san do chur ar fiunraoi go ceann pé tréimhse is ceart, dar leis, chun bia do thógaint no i gcóir na hoíche no ar aon réasún eile is leor, dar leis, agus pé uair a chuirfe sé na himeachta san no an comhreamh san ar fiunraoi amhlaidh déanfa sé gach ní is ceart chun na páipéirí ballóide, na clúdaigh, na vótanna, agus na scríbhinní eile bhaineann leis an toghachán do chur ar láimh shábhála.

Dearbhú sicréideachta.

36. Déanfaidh an ceann comhrimh agus gach éinne dá chongantóirí thógfaidh páirt in aon cheann de sna himeachta fén Sceideal so no i gcomhreamh na vótanna agus gach iarrthóir a bheidh i láthair le linn aon imeachta dhíobh san no le linn an chomhrimh sin geallúint sa bhfuirm orduithe do shighniú, sara dtógfaid páirt amhlaidh no sara mbeid i láthair amhlaidh, go gcimeádfaid rún ar an vótáil.

Deimhniú ar thora na vótaíochta.

37. Chó luath agus bheidh comhreamh na vótanna críochnuithe ullamhóidh agus sighneoidh an ceann comhrimh, sa bhfuirm orduithe, deimhniú ina luadhfar ainmneacha na n-iarrthóirí do toghadh, an t-ord ar ar toghadh iad, líon iomlán na vótanna do tugadh do gach iarrthóir fé leith (pe'ca toghadh é no nár toghadh), gach aistriú vótanna do rinneadh fén Acht so agus an líon iomlán de vótanna do bhí i leith gach iarrthóra fé leith i ndeire an chomhrimh ina ndearnadh gach aistriú fé leith den tsórt san, agus pé nithe eile a hordófar, agus greamóidh cóip den deimhniú san amuich ar phrímh-gheata no ar phríomh-dhoras na foirginte in ar comhríodh na vótanna agus, laistigh de thrí lá, cuirfidh cóip dheimhnithe den deimhniú san chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Fógra i dtaobh tora an toghacháin.

38. Chó luath agus is féidir é tar éis comhreamh na vótanna do bheith críochnuithe no, marar tógadh vótaíocht ar bith, ar a dó dhéag a chlog, neoin, an lá tar éis lae an toghacháin, ullamhóidh agus sighneoidh an ceann comhrimh fógra sa bhfuirm orduithe i dtaobh tora an toghacháin agus dearbhóidh leis an bhfógra san gur toghadh no go dtuigtear gur hath-thoghadh, mar bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach, na daoine do toghadh amhlaidh, no do tuigeadh do hath-thoghadh amhlaidh, ag an vótaíocht no de bhua a n-ainmnithe no ar shlí eile fé sna rialacha so, agus greamóidh cóip den fhógra san amuich ar phrímh-gheata no ar phríomh-dhoras na foirginte ina mbeidh a oifig suidhte agus cuirfidh cóip den fhógra san chun gach n-aon de sna daoine go ndearbhófar leis gur toghadh iad no go dtuigtear leis gur hath-thoghadh iad agus, laistigh de thrí lá, cuirfidh cóip dheimhnithe den fhógra san chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus cuirfidh fé ndeár cóip den fhógra san do phostáil anáirde sa tseomra ina gcomórtar cruinnithe de Chomhairle na Cathrach.

Páipéirí ballóide do chimeád.

39. Ar chríochnú chomhreamh na vótanna cuirfidh an ceann comhrimh isteach i bpacáidí ar leithligh fé shéala na páipéirí ballóide comhrithe agus na páipéirí ballóide dar diúltuíodh mar pháipéirí nea-dhleathacha.

An ceann comhrimh do choinneail scríbhinní.

40. Coinneoidh an ceann comhrimh go ceann sé mí o dheire na vótaíochta na pacáidí uile agus fé seach a bheidh fé shéala agus ina mbeidh an chóip mharcálta den chlár, có-dhuillí na bpáipéirí ballóide, na clúdaigh chlúdacháin do fuarthas tar éis deire na vótaíochta, na forchlúdaigh do cuireadh thar n-ais mar nithe nár seachadadh, na dearbhuithe céannachta le n-ar glacadh, na dearbhuithe céannachta dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide dar diúltuíodh, na páipéirí ballóide comhrithe, agus na páipéirí ballóide nea-dhleathacha, agus i gcionn na tréimhse sin de shé mhí dítheoidh sé na pacáidí séaluithe sin go léir mara mbeidh a mhalairt orduithe ag binse toghacháin.

Pacáidí séaluithe d'iniúcha.

41. Ní leigfear d'éinne iniúcha do dhéanamh ar aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin a choinneoidh an ceann comhrimh ná ar éinní dá mbeidh ionta ach amháin fé ordú bhinse thoghacháin agus dá réir sin.

Údarás chun pacáidí séaluithe d'iniúcha.

42. Féadfaidh binse toghacháin a údarú d'éinne iniúcha do dhéanamh ar a mbeidh in aon cheann de sna pacáidí séaluithe sin ar ar gá do réir chirt san do dhéanamh ach ar dhéanamh an iniúchta san bhéarfar aire ná déanfar an tslí in ar vótáil aon toghthóir áirithe d'fháil amach do dtí go mbeidh cruthuithe chun sástachta binse thoghacháin gur vótáil an toghthóir sin agus go mbeidh dearbhuithe ag an mbinse sin a vóta do bheith neadhleathach.

Orduithe binse thoghacháin do chólíona.

43. Cólíonfaidh an ceann comhrimh gach ordú dhéanfaidh binse toghacháin i dtaobh iniúcha agus taisbeaint na bpacáidí séaluithe sin agus i dtaobh cad déanfar leo.

Tabhairt-iláthair ag an gceann comhrimh do bheith ina fianaise dhochlaoite.

44. Má orduíonn binse toghacháin don cheann chomhrimh aon scríbhinn no pacáid scríbhinní ina sheilbh a bhaineann le toghachán áirithe do thabhairt i láthair agus má dheineann an ceann comhrimh an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin do thabhairt i láthair do réir an orduithe sin beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianaise dho-chlaoite go mbaineann an scríbhinn no an phacáid scríbhinní sin leis an toghachán áirithe sin, agus an chúl-scríbhinn a bheidh curtha ag an gceann comhrimh do réir an Sceidil seo ar aon scríbhinn no pacáid scríbhinní den tsórt san beidh sí ina fianaise dho-chlaoite air gurb é ní an scríbhinn no an phacáid sin ná an ní adeirtear sa chúl-scríbhinn sin.

Fianaise ar vótáil.

45. Má dheineann an ceann comhrimh páipeur ballóide do thabhairt i láthair a dheabhróidh gur húsáideadh é i dtoghachán agus có-dhuille ar a mbeidh marcálta an uimhir chlóbhuailte chéanna agus ar a mbeidh uimhir marcálta i scríbhinn, beidh an tabhairt-i-láthair sin ina fianaise prima facie gurb éinne amháin an té do vótáil leis an bpáipeur ballóide sin agus an té gur mar a chéile a uimhir ar an gclár a bhaineann leis an toghachán san agus an uimhir a bheidh marcálta ar an gcó-dhuille sin amhlaidh.

An ceann comhrimh do chur cúl-scríbhinne ar phacáidí.

46. Pé uair is gá don cheann chomhrimh, do réir an Sceidil seo, aon scríbhinní do chur i bpacáid ar leithligh fé shéala cuirfe sé i gcúl-scríbhinn ar an bpacáid sin ráiteas ar líon agus ar chineál na scríbhinní sin agus ar an toghachán le n-a mbainid.

Fógraí d'fhoillsiú.

47. Nuair a ceangailtear ar an gceann comhrimh leis na rialacha so fógra no scríbhinn eile d'fhoillsiú agus gan aon fhoráil áirithe do bheith leagtha amach i dtaobh na slí ina bhfoillseofar é, foillseoidh an ceann comhrimh an fógra no an scríbhinn eile sin tré chóip de do ghreamú amuich ar phrímh-gheata no ar phríomhdhoras na foirginte ina mbeidh a oifig suidhte.

TRIU SCEIDEAL.

Comhreamh na Votanna.

1. (1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide measctha do réir na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, déanfaidh an ceann comhrimh, tar éis diúltú d'aon chuid acu bheidh nea-dleathach, a chur fé ndeár go ndéanfar beartanna de sna páipéirí ballóide do réir na bpríomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir.

(2) Déanfaidh an ceann comhrimh ansan an méid páipéirí bheidh i ngach beart do chomhreamh, agus cuirfe sé i leith gach iarrthóra oiread vótanna agus bheidh ann de pháipéirí dleathacha ar ar breacadh príomh-rogha don iarrthóir sin, agus déanfa sé amach uimhir lán-iomlán na bpáipéirí dleathacha go léir.

2. Déanfaidh an ceann comhrimh ansan uimhir lán-iomlán na bpáipéirí dleathacha go léir do roinnt ar uimhir a bheidh aon thar uimhir na bhfolúntaisí bheidh le líona. An uimhir a bheidh aon thar tora na roinne sin, gan aon iarmhar briste do bhac, isí sin uimhir vótanna is leor chun iarrthóir do thogha. An “quota” tugtar ar an uimhir seo anso.

3. Más ionann agus an quota, no más mó ná an quota, an méid vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndoire aon chomhrimh, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

4. (1) Más mó ná an quota an méid vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndeire aon chomhrimh aistreofar an barrachas do réir forálacha na rialach so chun an iarrthóra leanúnaigh no na n-iarrthóirí leanúnacha a taisbeántar ar na páipéirí ballóide i mbeart no i bhfo-bheart an iarrthóra thoghtha, do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha.

(2) (a) Más bun-vótanna amháin na vótanna do cuireadh i leith iarrthóra thoghtha scrúdóidh an ceann comhrimh gach páipeur i mbeart an iarrthóra thoghtha 'na mbeidh a bharrachas len’ aistriú agus déanfa sé fo-bheartanna de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha.

(b) Más bun-vótanna agus vótanna aistrithe, no más vótanna aistrithe amháin, na vótanna do cuireadh i leith iarrthóra thoghtha, scrúdóidh an ceann comhrimh na páipéirí bheidh sa bhfo-bheart is déanaí do fuair an t-iarrthóir toghtha agus, de sna páipéirí ionaistrithe bheidh ann, déanfaidh sé tuille fo-bheartanna do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha.

(c) I gceachtar de sna cásanna dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) den fho-riail seo déanfaidh an ceann comhrimh fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe, agus déanfa sé amach an méid páipéirí bheidh i ngach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe, agus sa bhfo-bheart de pháipéirí neamh-ionaistrithe.

(3) Más ionann an barrachas agus lán-uimhir na bpáipéirí sna fo-bheartanna de pháipéirí ionaistrithe, no más mó ná san é, aistreoidh an ceann comhrimh gach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe:

Ach nuair is mó an barrachas ná an lán-uimhir sin déanfar fobheart d'oiread páipéirí neamh-ionaistrithe agus bheidh có-ionann leis an deifríocht idir an lán-uimhir sin agus an barrachas agus cuirfear i leataoibh na páipéirí bheidh sa bhfo-bheart san agus ní bacfar iad a thuille agus chun crícheanna Riail 9 gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh agus déanfar fo-bheart den fhuigheall de pháipéirí neamh-ionaistrithe, leis, agus cuirfear iad le páipéirí an iarrthóra tuigfear do bheith toghtha.

(4) (a) Más lugha an barrachas ná lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe, aistreoidh an ceann comhrimh, as gach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe, chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe, aistreoidh sé an uimhir sin de pháipéirí 'na mbeidh idir í agus an méid páipéirí bheidh sa bhfo-bheart an cothrom céanna bheidh idir an barrachas agus lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe.

(b) Tré uimhir pháipéirí an fho-bhirt d'iomadú fé uimhir an bharrachais agus an tora do roinnt ar lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe iseadh déanfar amach cé méid páipeur a bheidh len' aistriú as gach fo-bheart. Déanfar nóta de sna hiarmhair, má bhíd ann, i ngach tora roinne déanfar amach i dtaobh gach iarrthóra.

(c) Má thagann as a leithéidí sin d'iarmhair do bheith ann gur lugha ná an barrachas an méid páipéirí bheidh len’ aistriú, tógfar do réir ord a méide, ón gceann is mó anuas, oiread de sna hiarmhair seo agus is gá chun an lán-uimhir de pháipéirí bheidh len' aistriú do dhéanamh có-ionann leis an mbarrachas, agus áireofar ina n-aon iad agus geobhfar thar an gcuid eile de sna hiarmhair.

Más có-mhéid dhá iarmhar no breis tuigfear an t-iarmhar san eireoidh as an bhfo-bheart is mó, tuigfear é do bheith ar an iarmhar is mó, agus más có-mhéid na fo-bheartanna san, bhéarfar tosaíocht don iarrthóir is mó fuair bun-vótanna. I gcás uimhreacha na mbun-vótanna san do bheith có-mhéid, féachfar cé méid vóta ar fad do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin, sa chéad chomhreamh ina raibh uimhir neamh-ionann de vótanna aca, agus an t-iarmhar do cuireadh i leith an iarrthóra ba líonmhaire vóta sa chomhreamh san tuigfear é do bheith ar an iarmhar is mó. I gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca iarmhar a tuigfear do bheith ar an iarmhar is mó.

(d) Isiad páipéirí áirithe bheidh len’ aistriú as gach fo-bheart ná na cinn is déanaí do cuireadh sa bhfo-bheart agus déanfar gach páipeur a haistreofar amhlaidh do mharcáil, do stampáil no do pholla ar chuma thaisbeánfaidh uimhir an chomhrimh ina ndearnadh an t-aistriú.

(5) Déanfar barrachas eireoidh i ndeire comhrimh ar bith d'aistriú roimh bharrachas eireoidh i gcomhreamh ina dhiaidh sin: Ach—

(a) ní fhágann san gur gá don cheann chomhrimh barrachas iarrthóra thoghtha d'aistriú nuair is lugha an barrachas san, maraon le haon bharrachas eile neamh-aistrithe, ná an deifríocht idir na vótanna do cuireadh i leith an dá iarrthóir leanúnacha is ísle;

(b) barrachas a bheidh chó mór leis an deifríocht no níos mó ná an deifríocht a bheidh idir na vótanna do cuireadh i leith an dá iarrthóir is ísle aistreofar é roimh aon bharrachas is lugha ná an deifríocht san;

(c) má bhíonn dhá bharrachas ann no breis, agus gach ceann aca níos lugha ná an deifríocht a bheidh idir na vótanna do cuireadh i leith an dá iarrthóir is ísle, isé an barrachas is mó dhíobh is túisce a haistreofar agus san gan féachaint don chomhreamh as ar eirigh sé.

(6) Nuair eireoidh dhá bharrachas no breis as an aon chomhreamh amháin is leis an gceann is mó dhíobh is túlsce deighleálfar agus deighleálfar leis na cinn eile de réir ord a méide.

(7) Más ionann barrachas do gach duine de bheirt iarrthóirí no breis agus san ag eirghe as an aon chomhreamh amháin féachfar cé méid bun-vóta fuair gach iarrthóir fé leith, agus is le barrachas an iarrthóra is líonmhaire bun-vóta ina leith is túisce deighleálfar.

I gcás ionannas idir na bun-vótanna san, féachfar cé méid vóta ar fad do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra, agus is le barrachas an iarrthóra is líonmhaire vóta sa chomhreamh san is túisce deighleálfar.

I gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca barrachas díobh is túisce le n-a ndeighleálfa sé.

5. (1) Má ráiníonn aon uair gan barrachas do bheith ag aon iarrthóir in aon chor (no, fén Riail seo roimhe seo, gan gá do bheith le barrachas a bheidh ann d'aistriú agus é d'fhanúint gan aistriú) agus go mbeidh folúntas no folúntaisí gan líona, déanfaidh an ceann comhrimh an t-iarrthóir is lugha líon vótanna do chur as agus páipéirí uile an iarrthóra san do scrúdú, agus fobheartanna do dhéanamh de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha d'iarrthóirí leanúnacha, agus gach fo-bheart d'aistriú chun an iarrthóra dar breacadh an rogha san, agus fo-bheart fé leith do dhéanamh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe. Cuirfear na páipéirí neamhionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí 'na bhfuiltear réidh ar fad leo agus chun crícheanna an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh.

(2) I gcás iomlán vótanna na beirte iarrthóirí no breis is ísle, mar aon le haon bharrachas neamh-aistrithe, do bheith fé bhun an méid vótanna do cuireadh i leith an chéad iarrthóra eile is aoirde, féadfaidh an ceann comhrimh, d'aon iarracht amháin, na hiarrthóirí sin do chur as agus a vótanna d'aistriú do réir na rialach so.

(3) Nuair nach foláir fén riail seo iarrthóir do chur as, agus a bheidh beirt iarrthóirí no breis có-líonmhar vótanna agus iad ar deire, féachfar cé méid bun-vóta do cuireadh i leith gach iarrthóra dhíobh san, agus cuirfear as an t-iarrthóir is lugha líon bun-vótanna, agus i gcás ionannas bun-vótanna eatorra, féachfar cé méid vóta ar fad do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra agus cuirfear as an t-iarrthóir ba lugha líon vótanna sa chomhreamh san, agus, i gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca dhíobh a cuirfear as.

6. (1) Pé uair a déanfar aon aistriú fé aon riail díobh san roimhe seo, déanfar gach fo-bheart de pháipéirí do haistríodh do chur ar bharr an bhirt, má bhíonn ann, de pháipéirí a bheidh ag an iarrthóir go ndearnadh an t-aistriú chuige, agus cuirfear i leith an iarrthóra san oiread vótanna agus do haistríodh chuige de pháipéirí.

(2) Má bhíonn barrachas ag iarrthóir tar éis aon aistrithe, deighleálfar leis an mbarrachas san do réir agus fé réim na bhforálacha atá i riail 4 sara gcuirfear aon iarrthóir eile as.

7. (1) Nuair is có-líonmhar na hiarrthóirí leanúnacha agus na folúntaisí fhanfaidh gan líona, tuigfear ansan na hiarrthóirí leanúnacha do bheith toghtha.

(2) Nuair ná beidh ach aon fholúntas amháin gan líona, agus a bheidh vótanna aon iarrthóra leanúnaigh amháin éigin níos líonmhaire ná iomlán vótanna uile na n-iarrthóirí leanúnacha eile, maraon le haon bharrachas neamh-aistrithe, tuigfear ansan an t-iarrthóir sin do bheith toghtha.

(3) Nuair is féidir na folúntaisí deiridh do líona fén riail seo, ní gá aon aistriú eile vótanna do dhéanamh.

8. (1) I ndeire aon chomhrimh féadfaidh aon iarrthóir no a ghníomhaire a iarraidh ar an gceann comhrimh gach ceann no aon cheann de sna páipéirí le n-ar deighleáladh le linn an chomhrimh sin d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh agus déanfaidh an ceann comhrimh dá réir sin na páipéirí do luadhadh leis d'athscrúdú agus d'ath-chomhreamh láithreach gan aon atharú do dhéanamh ar chóiriú na bpáipéirí sna beartanna éagsamhla, ach amháin i gcás a leithéid sin d'atharú do bheith riachtanach de dheascaibh aon earráide do nochtadh san ath-chomhreamh. Féadfaidh an ceann comhrimh, leis, más maith leis é, páipéirí d'ath-chomhreamh aon uair amháin no níos minicí in aon chás ná beidh sé sásta i dtaobh aon chomhreamh áirithe do bheith déanta go cruinn: Ach ní chuirfidh éinní anso d'oblagáid ar an gceann comhrimh an t-aon bheart amháin páipéirí d'ath-chomhreamh níos mó ná aon uair amháin.

(2) I gcás achuinghe toghacháin beidh ar chomhacht de chomhachta na Cúirte no an bhinse eile a ordú go ndéanfar na páipéirí ballóide go léir no aon chuid aca d'ath-chomhreamh, agus tora an toghacháin do dhéanamh amach do réir na rialacha so.

(3) In aon ath-chomhreamh den tsórt san, geobhaidh gach páipeur an cúrsa céanna do ghaibh sé sa chéad chomhreamh vótanna ach amháin go ndéanfar an gnó fé réim pé atharuithe is gá do dhéanamh de dheascaibh aon orduithe bheidh déanta ag an gCúirt no ag an mbinse eile.

9. (1) Má eiríonn aon cheist i dtaobh aon iarrthóir do chur as fé riail 5 no i dtaobh aon aistriú vótanna, ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh, pe'ca é féin no a ghníomhartha adéarfaidh an bhreith sin, mara ndéanfaidh aon iarrthóir no a ghníomhaire agóid i scríbhinn agus foras na hagóide ráite inti do thabhairt don cheann chomhrimh roimh fhógairt tora na vótaíochta, agus sa chás san féadfar breith an chinn chomhrimh do chlaochló de dheascaibh achuinghe toghacháin.

(2) Má claochluítear amhlaidh aon bhreith dá dtabharfaidh an ceann comhrimh beidh gan bhrí an t-aistriú bheidh i gceist agus gach oibriú do lean é agus féadfaidh an chúirt no an binse eile a ordú cadé an t-aistriú bheidh le déanamh in ionad an aistrithe sin i gceist, agus féadfa sí a chur fé ndeár go ndéanfar na hoibrithe bheidh le déanamh i ndiaidh an aistrithe, agus go ndéanfar amach tora an toghacháin do réir na rialacha so.

10. Sna rialacha so—

(1) Cialluíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfear bheith toghtha agus ná beidh curtha as.

(2) Cialluíonn an focal “príomh-rogha” an figiuir “1” ina aonar; cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiuir “2” ina aonar i ndiaidh an fhigiúra “1,” agus cialluíonn an abairt “treas rogha” an figiuir “3” ina aonar i ndiaidh na bhfigiuirí “1” agus “2” os coinne ainm aon iarrthóra, agus mar sin de.

(3) Cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha ina dhiaidh sin do breacadh ar ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach, gan áird do thabhairt ar an gcéad rogha eile, do réir úird, ar an bpáipeur ballóide d'iarrthóirí tuigfear cheana do bheith toghtha no curtha as.

(4) Cialluíonn an abairt “páipeur ionaistrithe” páipeur ballóide ar a mbeidh, tar éis príomh-rogha, dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha ar ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach.

(5) Cialluíonn an abairt “páipeur neamh-ionaistrithe” páipeur ballóide ná beidh aon dara rogha ná rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach:

Ach tuigfear páipeur do bheith iompuithe ina pháipeur neamhionaistrithe—

(a) pé uair a bheidh ainmneacha beirt iarrthóirí no breis (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nách eadh) marcálta leis an aon uimhir amháin agus gurb iad is túisce arís san ordú roghnachta; no

(b) pé uair a bheidh ainm an iarrthóra is túisce arís san ordú roghnachta (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nách eadh) marcálta—

(i) le huimhir ná leanfaidh go có-leantach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipeur ballóide; no

(ii) le dhá uimhir no breis; no

(c) pé uair a bheidh sé gan brí de dheascaibh dabhta.

(6) Cialluíonn an focal “bun-vóta,” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas o pháipeur bhallóide ar ar breacadh príomhrogha don iarrthóir sin.

(7) Cialluíonn an abairt “vóta aistrithe,” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas o pháipeur bhallóide ar ar breacadh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin don iarrthóir sin.

(8) Cialluíonn an focal “barrachas” an méid thar an quota bheidh líon na vótanna go léir, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, a cuirfear i leith aon iarrthóra.

(9) Cialluíonn an focal “comhreamh”—

(a) gach ní is gá do dhéanamh i gcomhreamh na bpríomhroghna bheidh breactha d'iarrthóirí; no

(b) gach ní is gá do dhéanamh chun barrachas iarrthóra thoghtha d'aistriú; no

(c) gach ní is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra bheidh curtha as d'aistriú.

(10) Cialluíonn an abairt “tuigfear . . . do bheith toghtha” go dtuigfear . . . do bheith toghtha chun críche an chomhrimh vótanna, ach gan dochar d'fhógairt tora na vótaíochta.

(11) Cialluíonn an abairt “cinnfidh . . . le crannchur” cinne do réir na treorach so leanas:—Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbaineann an gnó do scríobh ar bhlúiríocha cosúla páipéir, agus na blúiríocha san d'fhille i dtreo ná haithneofar thar a chéile iad agus iad do mheasca agus do tharrac gan eagar gan ordú, agus ansan déanfar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí bheidh le cur as do chur as ar an ordú san ina dtarraiceofar a n-ainmneacha agus, i gcásanna barrachaisí, déanfar na barrachaisí d'aistriú ar an ordú san ina dtarraiceofar na hainmneacha,