Uimhir 10 de 1979
ACHT AN REIFRINN [LEASÚ], 1979
[An tiontú oifigiúil]
Reifrinn bhunreachta i ndáil leis an mBille um an Séú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1978, agus leis an mBille um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Árdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979.
1.—I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1978, agus i reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Árdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979—
(a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) dan Acht Toghcháin, 1963.
(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,
(c) gach cárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—
(i) luafaidh sé gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafaidh sé an uimhir ná an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),
(ii) beidh an ráiteas ann dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus
(iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige ag an seoladh a bheidh ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,
(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 i ndáil le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,
(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighean a stáisiúin vótaíochta:
Ar choinníoll nach mbeidh aon reifreann ó bhail dlí mar gheall ar aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighean aon stáisiúin vótaíochta,
(f) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942, a bheith á feidhmiú, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—
“(5) (a) Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus a fhiafraí den vótalaí ‘Cé acu a thoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.
(b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin déanfaidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas—
(i) léifidh sé amach don vótálaí an ráiteas sin ar an togra is ábhar don reifreann atá leagtha amach i mír 1 den Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1979,
(ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh—vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a leasú?’,
agus
(iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”
FOSCRÍBHINN
1. Féadfaidh tú vótáil sna Reifrinn ar dhá thogra:—
AN PÁIPÉAR BALLÓIDE BÁN
Is é atá beartaithe leis an mBille um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1978, nach mbeidh uchtáil, atá de réir dlíthe a d'achtaigh an tOireachtas, neamhbhailí d'aon toisc nach breitheamh nó cúirt ach duine nó dream a bhí sonraithe chun na críche leis na dlíthe sin a rinne nó a thug an t-ordú nó an t-údarú cuí. Baineann an Bille le huchtálacha atá déanta chomh maith leo sin a dhéanfar. Is é a chuspóir a chinntiú nach mbeidh baol ann go ndearbhófar gur neamhbhailí orduithe uchtála arna ndéanamh ag an mBord Uchtála toisc nach cúirt a rinne iad.
AN PÁIPÉAR BALLÓIDE UAINE
Is é atá beartaithe leis an mBille um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Árdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979, go dtoghfaidh ollscoileanna agus forais eile ardoideachais a shonrófar le dlí cibé líon comhaltaí de Sheanad Éireann, nach mó ná 6, a shonrófar le dlí. Bheadh an líon sin arna thoghadh amhlaidh in ionad lín chomhionainn de na comhaltaí a thoghann Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath faoi láthair (3 chomhalta an ceann). Beartaítear freisin leis an mBille nach dtoirmiscfear le haon ní in Airteagal 18 den Bhunreacht na hOllscoileanna sin a lánscor de réir dlí.
2. MÁ THOILÍONN TÚ leis an togra sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar.
3. MURA dTOILÍONN TÚ leis an togra sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar.
4. Is féidir cóipeanna de na Billí a iniúchadh saor in aisce, agus is féidir iad a cheannach ar dhá phingin go leith an ceann, in aon Phost-Oifig.
Dáilcheantair.
2.—(1) Chun vótaíocht a thógáil i reifreann dá dtagraítear in alt 1 den Acht seo—
(a) measfar gur dáilcheantar gach contae agus gach contaebhuirg sa Stát agus tógfar ar leithligh an vótaíocht i ngach dáilcheantar den sórt sin, agus
(b) déanfaidh gach vótálaí sa vótaíocht a vóta a thaifeadadh sa dáilcheantar a mbeadh teideal aige vótáil ann in olltoghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann dá mba dháilcheantar do thoghchán den sórt sin gach contae agus gach contae-bhuirg sa Stát.
agus forléireofar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1979, ionann is dá mba dháilcheantar gach contae agus gach contae-bhuirg sa Stát, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na hAchtanna sin modhnaithe mar is gá.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—
(a) ní bheidh éifeacht le mír (c) ná le mír (e) d'alt 11 d'Acht an Reifrinn, 1942, i ndáil le vótaíocht i reifreann dá dtagraítear san alt sin 1, agus
(b) beidh éifeacht le hAcht an Reifrinn, 1942, i ndáil le vótaíocht i reifreann dá dtagraítear san alt sin 1 ionann is dá ndéanfaí “aon dáilcheantar” a chur in ionad “aon dáilcheantar acu sin” i mír (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963) agus “gach dáilcheantar” a chur in ionad “gach dáilcheanntar fé leith acu san” i mír (f) den alt sin 11.
Foirmeacha páipéar ballóide.
3.—Leasaítear leis seo an tAcht Toghcháin, 1963—
(a) maidir le reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil), 1978, trí
“UCHTÁIL—ADOPTION”,
a chur isteach i dtosach éadan fhoirm an pháipéir bhallóide atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1972),
agus
(b) maidir le reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Seachtú Leasú ar an mBunreacht (Forais Árdoideachais do Thoghadh Comhaltaí de Sheanad Éireann), 1979, trí
“IONADAÍOCHT SEANAID—SEANAD REPRESENTATION”
a chur isteach i dtosach éadan fhoirm sin an pháipéir bhallóide.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1979, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1979, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1973, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1973, mar aon ní amháin.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1973 |