Uimhir 12 de 1964.
ACHT NA bPAITINNÍ, 1964
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar Acht na bPaitinní, 1964, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Leiriú.
2.—San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927;
ciallaíonn “iarratasóir”, maidir le hiarratas, an duine a dhéan faidh an t-iarratas, agus folaíonn sé duine a mbeidh ordachán tugtha ina fhabhar faoi alt 22 den Acht seo, agus ionadaí pearsanta iarratasóra éagtha;
folaíonn “earra” aon substaint nó ábhair, agus aon ghléasra, inneallra nó gaireas, cibé acu atá sé daingnithe ar thalamh nó nach bhfuil;
folaíonn “sannaí” ionadaí pearsanta sannaí éagtha, agus folaíonn tagairtí do shannaí duine ar bith tagairtí do shannaí a ionadaí phearsanta nó a shannaí;
ciallaíonn “oibriú go trádálach” monarú an earra nó seoladh an phróisis a thuairiscítear agus a éilítear i sonraíocht le haghaidh paitinne i mbunachas nó in eagraíocht chinnte shubstaintiúil nó trí mheán an chéana, agus sin ar scála atá leordhóthanach agus réasúnach sna himthosca go léir;
ciallaíonn “an Ceannasaí” an Ceannasaí Paitinní, Dearthaí agus Trádmharcanna a cheapfar faoin Acht seo;
tá le “iarratas coinbhinsiúin” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (3) d'alt 6 den Acht seo;
tá le “tír choinbhinsiúin” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (1) d'alt 93 den Acht seo;
ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;
ciallaíonn “dáta comhdaithe”, maidir le haon doiciméad a chomhdófar faoin Acht seo, an dáta a chomhdófar an doiciméad nó, má mheastar de bhua aon fhorála den Acht seo nó de rialacha faoin Acht seo gur ar aon dáta eile a comhdaíodh é, ciallaíonn sé an dáta a mheastar a comhdaíodh é;
ciallaíonn “ceadúnas eisiatach” ceadúnas ó phaitinní a thugann don cheadúnaí, nó don cheadúnaí agus do dhaoine a bheidh údaraithe aige, agus gach uile dhuine eile (lena n-áirítear an paitinní) a eisiamh, aon cheart maidir leis an aireagán, agus forléireofar “ceadúnaí eisiatach” dá réir sin;
ciallaíonn “aireagán” aon ealaín, próiseas, inneall, monarú nó comhshuíomh ábhair, atá nua agus úsáideach, nó aon fheabhsú, atá nua agus úsáideach, ar aon ealaín, próiseas, inneall, monarú nó comhshuíomh ábhair, agus folaíonn sé aireagán líomhnaithe agus freisin aon mhodh nó próiseas nua tástála is infheidhme chun monarú a fheabhsú nó a rialú;
ciallaíonn “an tIrisleabhar” an iris a eiseoidh an Ceannasaí de bhun alt 81 den Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “an Oifig” Oifig na bPaitinní a bunaíodh le hAcht 1927 agus a choimeádtar ar bun le halt 77 den Acht seo;
ciallaíonn “paitinn” litreacha paitinne le haghaidh aireagáin;
ciallaíonn “paitinn bhreisithe” paitinn a dheonófar de réir alt 28 den Acht seo;
ciallaíonn “paitinní” an duine nó na daoine a bheidh taifeadta de thuras na huaire ar chlár na bpaitinní mar dheontaí nó dílseánach na paitinne;
ciallaíonn an briathar “forordú”, maidir le himeachtaí os comhair na Cúirte, forordú le rialacha cúirte, agus, in aon chás eile, forordú le rialacha faoin Acht seo;
tá le “dáta tosaíochta” an bhrí a thugtar dó le halt 10 den Acht seo;
ciallaíonn an briathar “foilsiú” cur ar fál don phobal leis an bhfocal scríofa nó de bhriathar béil nó trí úsáid phoiblí, nó ar aon dóigh eile.
Orduithe agus rialacha.
3.—(1) I gcás ina dtugtar cumhacht le haon fhoráil den Acht seo chun orduithe nó rialacha a dhéanamh, féadfar na horduithe nó na rialacha sin a dhéanamh maidir le gach ceann nó maidir le haon cheann nó cinn de na nithe lena mbaineann an fhoráil; agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh le haon orduithe nó rialacha den sórt sin maidir le cineálacha éagsúla cásanna lena mbaineann na horduithe nó na rialacha.
(2) Gach ordú nó riail a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an riail a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó na rialach, beidh an t-ordú nó an riail ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin riail sin.
(3) Gach ordú no riail a dhéanfar faoin Acht seo fógrófar é faoi dhó san Irisleabhar.
Caiteachais.
4.—Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Forálacha idirlinne agus aisghairm.
5.—(1) Beidh éifeacht chun críocha an Achta seo ag na forálacha idirlinne atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(2) Faoi réir na bhforálacha idirlinne sin, déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
CUID II.
Iarratas, Imscrúdú, Freasúra, etc.
Daoine a bheidh i dteideal paitinn a iarraidh.
6.—(1) Féadfaidh duine ar bith paitinn a iarraidh más duine é atá á éileamh—
(a) gurb é fíorcheapadóir agus céadcheapadóir an aireagáin lena mbaineann an t-iarratas é, nó
(b) go ndearna fíorcheapadóir agus céadcheapadóir an aireagáin lena mbaineann an t-iarratas an ceart chun an t-iarratas a dhéanamh a shannadh dó,
agus féadfaidh sé an t-iarratas a dhéanamh ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile.
(2) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh duine paitinn a iarraidh más duine é a rinne iarratas i dtír choinbhinsiúin ar chosaint don aireagán lena mbaineann an t-iarratas ar an bpaitinn nó duine ar shann an duine sin dó an ceart chun an t-iarratas ar an bpaitinn a dhéanamh.
(3) Déanfar iarratas ar phaitinn faoi fho-alt (2) den alt seo (dá ngairtear iarratas coinbhinsiúin san Acht seo) i rith cibé tréimhse (nach lú ná dhá mhí dhéag) a fhorordófar agus a thosóidh ar dháta an iarratais iomchuí ar chosaint nó, i gcás níos mó ná aon iarratais amháin, ar dháta an chéad iarratais den sórt sin.
(4) Féadfaidh an t-ionadaí pearsanta do dhuine a bhí, díreach roimh éag dó, i dteideal iarratas ar phaitinn a dhéanamh, an t-iarratas sin a dhéanamh.
Iarratas ar phaitinn.
7.—(1) Is san fhoirm fhorordaithe a dhéanfar iarratas ar phaitinn agus comhdófar san Oifig é ar an modh forordaithe.
(2) Más de bhua cheart iarrtha paitinne a shannadh a dhéanfar an t-iarratas (nach iarratas coinbhinsiúin), tabharfar i dteannta an iarratais, nó laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe tar éis chomhdú an iarratais, dearbhú arna shíniú ag an duine a éilíonn gurb é an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir é, nó ag ionadaí pearsanta an duine sin, á rá go n-aontaíonn sé leis an iarratas a dhéanamh.
(3) Inseofar in iarratas (seachas iarratas coinbhinsiúin) go bhfuil an t-iarratasóir i seilbh an aireagáin, agus ainmneofar ann an duine atá á éileamh gurb é an fíorcheapadóir agus an céadcheapadóir é, agus i gcás nach é an duine a bheidh á éileamh sin an t-iarratasóir, nó nach duine de na hiarratasóirí é, beidh san iarratas dearbhú go gcreideann an t-iarratasóir gurb é an duine sin an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir.
(4) Sonróidh iarratas coinbhinsiúin an dáta a rinneadh, agus an tír choinbhinsiúin ina ndearnadh, an t-iarratas ar chosaint don aireagán lena mbaineann an t-iarratas coinbhinsiúin, nó an chéad iarratas ar chosaint, agus déarfaidh sé nach ndearna an t-iarratasóir, ná aon duine óna ngabhann sé teideal, aon iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin i leith an aireagáin sin roimh an dáta sin.
(5) I gcás ina ndearnadh iarratais ar chosaint i dtír choinbhinsiúin amháin nó níos mó, i leith dhá aireagán nó níos mó atá gaolmhar nó a bhfuil ceann acu ina mhodhnú ar cheann eile, féadfar, faoi réir forálacha alt 9 den Acht seo, iarratas coinbhinsiúin amháin a dhéanamh maidir leis na haireagáin sin tráth ar bith, laistigh den tréimhse a bheidh forordaithe faoi fho-alt (3) d'alt 6 den Acht seo, dar tosach an dáta a rinneadh an chéad cheann de na hiarratais sin ar chosaint:
Ar choinníoll gurb ionann an táille is iníoctha ar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh agus an táille ab iníoctha dá ndéanfaí iarratais ar leithligh maidir le gach ceann faoi leith de na haireagáin sin, agus i gcás aon iarratais den sórt sin beidh feidhm ar leithligh maidir leis na hiarratais ar chosaint i leith gach ceann de na haireagáin sin ag ceanglais an fho-ailt deiridh sin roimhe seo.
(6) Gan dochar d'fhorálacha fho-alt (4) den alt seo, tabharfar cibé eolas a fhorordófar i ngach iarratas ar phaitinn.
Sonraíochtaí iomlána agus sonraíochtaí sealadacha.
8.—(1) Beidh sonraíocht iomlán nó sonraíocht shealadach ag gabháil le gach iarratas ar phaitinn (seachas iarratas coinbhinsiúin); agus beidh sonraíocht iomlán ag gabháil le gach iarratas coinbhinsiúin.
(2) I gcás ina mbeidh sonraíocht shealadach ag gabháil le hiarratas ar phaitinn, comhdófar sonraíocht iomlán laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta comhdaithe an iarratais, agus mura gcomhdófar an tsonraíocht iomlán amhlaidh measfar an t-iarratas a bheith tréigthe:
Ar choinníoll go bhféadfar an tsonraíocht iomlán a chomhdú tráth ar bith tar éis dhá mhí dhéag ach laistigh de chúig mhí dhéag ón dáta a dúradh má iarrtar sin ar an gCeannasaí agus go n-íocfar an táille fhorordaithe ar an dáta nó roimh an dáta, a chomhdófar an tsonraíocht.
(3) I gcás ina ndearnadh dhá iarratas nó níos mó maraon le sonraíochtaí sealadacha a chomhdú maidir le haireagáin atá gaolmhar nó a bhfuil ceann acu ina mhodhnú ar cheann eile, féadfar, faoi réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, sonraíocht iomlán amháin a chomhdú de bhun na n-iarratas sin, nó, má comhdaíodh níos mó ná sonraíocht iomlán amháin, féadfar, le cead ón gCeannasaí, dul ar aghaidh léi maidir leis na hiarratais sin.
(4) Má bhíonn sonraíocht a airbheartaíonn a bheith ina sonraíocht iomlán ag gabháil le hiarratas ar phaitinn (nach iarratas coinbhinsiúin), féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an t-iarratasóir é tráth ar bith sula nglacfar leis an tsonraíocht, a ordú go ndéileálfar léi chun críocha an Achta seo mar shonraíocht shealadach, agus dul ar aghaidh leis an iarratas dá réir sin.
(5) I gcás ina ndearnadh sonraíocht iomlán a chomhdú de bhun iarratais ar phaitinn a raibh sonraíocht shealadach ag gabháil leis, nó sonraíocht a áireofar de bhua ordacháin faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo mar shonraíocht shealadach, féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an t-iarratasóir é tráth ar bith sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán, an tsonraíocht shealadach a chealú agus an t-iarratas a iardhátú go dtí dáta comhdaithe na sonraíochta iomlaine.
(6) I gcás ina ndéanfar sonraíocht iomlán a chomhdú de bhun iarratais ar phaitinn, tabharfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tréimhse fhorordaithe, cibé fianaise a fhorordófar—
(a) maidir le toradh aon imscrúdaithe a rinneadh chun a fháil amach an ndearnadh an t-aireagán, sa mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú roimh dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine i sonraíocht a comhdaíodh in aon cheann de na hoifigí paitinne sin lasmuigh den Stát a bheidh forordaithe, nó
(b) maidir le haon cheann de na hoifigí paitinne sin lasmuigh den Stát a bheidh forordaithe a bheith tar éis glacadh le hiarratas ar phaitinn don aireagán réamhráite.
Na nithe a bheidh i sonraíocht.
9.—(1) Tabharfar tuairisc ar an aireagán i ngach sonraíocht, cibé acu sonraíocht iomlán nó sonraíocht shealadach í, agus tosóidh an tsonraíocht le teideal a luafaidh an t-ábhar lena mbaineann an t-aireagán.
(2) Faoi réir aon rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, féadfar, agus déanfar má cheanglaíonn an Ceannasaí amhlaidh, líníochtaí a sholáthar chun críocha aon sonraíochta, cibé acu sonraíocht iomlán nó sonraíocht shealadach í, agus measfar, mura n-ordóidh an Ceannasaí a mhalairt, gur cuid den tsonraíocht aon líníochtaí a sholáthrófar amhlaidh, agus forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo do shonraíocht.
(3) I gcás gach sonraíochta iomláine—
(a) tabharfar tuairisc mhionchruinn inti ar an aireagán agus ar an modh ar a mbeidh sé le gníomhú,
(b) nochtfar an modh is fearr is eol don iarratasóir chun an t-aireagán a ghníomhú agus a bhfuil sé i dteideal cosaint a éileamh ina leith, agus
(c) críochnófar é le héileamh nó le héilimh ag míniú réim an aireagáin a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith.
(4) Ní foláir an t-éileamh nó na héilimh i sonraíocht iomlán a bheith ag baint le haireagán amháin, a bheith soiléir achomair, agus a bheith bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta sa tsonraíocht.
(5) Féadfaidh rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a cheangal go ndéanfar, i cibé cásanna a fhorordófar leis na rialacha, dearbhú maidir le ceapadóireacht an aireagáin a thabhairt, i cibé foirm a fhorordófar amhlaidh, i dteannta na sonraíochta iomláine nó laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar amhlaidh tar éis chomhdú na sonraíochta sin.
(6) Faoi réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo, féadfar, i sonraíocht iomlán a chomhdófar i ndiaidh sonraíochta sealadaí, nó a chomhdófar i dteannta iarratais choinbhinsiúin, éilimh a dhéanamh maidir le forbairtí nó breisithe ar an aireagán a tuairiscíodh sa tsonraíocht shealadach nó, cibé acu é, ar an aireagán a ndearnadh an t-iarratas ar chosaint ina leith i dtír choinbhinsiúin, is é sin, forbairtí nó breisithe a mbeadh teideal ag an iarratasóir, faoi fhorálacha alt 6 den Acht seo, iarratas ar leithligh a dhéanamh ar phaitinn ina leith.
(7) I gcás ina ndéanfar éileamh i leith substainte nua i sonraíocht iomlán, forléireofar an t-éileamh mar éileamh nach mbaineann leis an tsubstaint sin nuair a fhaightear sa nádúr í.
Dátaí tosaíochta maidir le sonraíochtai.
10.—(1) (a) Beidh éifeacht ag gach éileamh i sonraíocht iomlán ón dáta dá bhforáiltear leis an alt seo maidir leis an éileamh sin, agus san Acht seo is tagairt don dáta sin tagairt do dháta tosaíochta, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.
(b) Ní bheidh paitinn ó bhail de bhíthin amháin gur foilsíodh nó gur úsáideadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear sin in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, ar dháta tosaíochta an éilimh sin nó dá éis sin, nó trí phaitinn eile a dheonú ar shonraíocht ag éileamh an aireagáin chéanna in éileamh den dáta tosaíochta céanna nó de dháta tosaíochta níos déanaí.
(2) I gcás ina gcomhdófar an tsonraíocht iomlán de bhun iarratais amháin lena ngabhann sonraíocht shealadach nó sonraíocht a áirítear de bhua ordacháin faoi fho-alt (4) d'alt 8 den Acht seo mar shonraíocht shealadach, agus go mbeidh an t-éileamh bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta sa tsonraíocht sin, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin dáta comhdaithe an iarratais.
(3) I gcás ina gcomhdófar an tsonraíocht iomlán, nó ina rachfar ar aghaidh léi, de bhun dhá iarratas nó níos mó lena ngabhann sonraíochtaí den sórt a luaitear san fho-alt deiridh roimhe seo, agus go mbeidh an t-éileamh bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta i gceann de na sonraíochtaí sin, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin dáta comhdaithe an iarratais lena ngabhann an tsonraíocht sin.
(4) I gcás ina gcomhdófar an tsonraíocht iomlán de bhun iarratais choinbhinsiúin, agus go mbeidh an t-éileamh bunaithe go cothrom ar an ábhar a bheidh nochta san iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin, nó, má tá an t-iarratas coinbhinsiúin bunaithe ar níos mó ná aon iarratas amháin den sórt sin ar chosaint, i gceann de na hiarratais sin, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin dáta an iarratais iomchuí ar chosaint.
(5) Más rud é, faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, go mbeadh dhá dháta tosaíochta nó níos mó, murach an fhoráil seo, ag aon éileamh i sonraíocht iomlán, is é is dáta tosaíochta don éileamh sin an dáta is luaithe de na dátaí sin.
(6) In aon chás nach mbaineann fo-ailt (2) go (5) den alt seo leis, is é is dáta tosaíochta d'éileamh dáta comhdaithe na sonraíochta iomláine.
(7) Is é is dáta tosaíochta d'aon ní a nochtadh sa chuid thuairisciúil de shonraíocht ná an dáta a nochtadh an ní sin i gcéaduair de bhun an iarratais ar phaitinn ar cuid de an tsonraíocht nó (i gcás iarratais choinbhinsiúin) a nochtadh é i gcéaduair san iarratas iomchuí ar chosaint i dtír choinbhinsiúin.
Iarratas a scrúdú.
11.—(1) Nuair a bheidh an tsonraíocht iomlán comhdhaithe i leith iarratais ar phaitinn, cuirfidh an Ceannasaí an t-iarratas agus an tsonraíocht nó na sonraíochtaí faoi bhráid oifigigh don Cheannasaí (dá ngairtear scrúdaitheoir san Acht seo) lena scrúdú i dteannta aon eolais a tugadh faoi fho-alt (6) d'alt 7 den Acht seo agus aon fhianaise a tugadh faoi fho-alt (6) d'alt 8 den Acht seo.
(2) Má thuairiscíonn an scrúdaitheoir nach gcomhlíonann an t-iarratas nó aon sonraíocht a comhdaíodh dá bhun ceanglais an Achta seo nó ceanglais aon rialacha a rinne an tAire faoin Acht seo, nó go bhfuil foras dleathach agóide ann in aghaidh paitinn a dheonú de bhun an iarratais, féadfaidh an Ceannasaí—
(a) diúltú dul ar aghaidh leis an iarratas, nó
(b) a cheangal go leasófar an t-iarratas nó aon sonraíocht den sórt a dúradh sula rachaidh sé ar aghaidh leis an iarratas.
(3) Tráth ar bith tar éis iarratas a chomhdhú faoin Acht seo agus sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán, féadfaidh an Ceannasaí, ar an iarratasóir á iarraidh sin agus ar an táille fhorordaithe a bheith íoctha, a ordú an t-iarratas a iardhátú go dtí cibé dáta a shonrófar san iarraidh:
Ar choinníoll,
(a) nach ndéanfar aon iarratas a iardhátú faoin bhfo-alt seo go dtí dáta is déanaí ná sé mhí ó dháta a dhéanta iarbhír, nó ón dáta a measfaí é a dhéanamh murach an fo-alt seo, agus
(b) nach ndéanfar iarratas coinbhinsiúin a iardhátú faoin bhfo-alt seo go dtí dáta is déanaí ná an dáta deiridh ar a bhféadfaí, faoi na forálacha roimhe seo den Acht seo, an t-iarratas a dhéanamh.
(4) I gcás iarratas nó sonraíocht a comhdaíodh faoin Acht seo a leasú sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán, féadfaidh an Ceannasaí a ordú an t-iarratas nó an tsonraíocht a iardhátú go dtí dáta a leasaithe nó, má cuireadh ar ais é go dtí an t-iarratasóir, go dtí dáta a athchomhdaithe.
(5) Féadfaidh foráil a bheith i rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo á áirithiú más rud é, tráth ar bith tar éis iarratas nó sonraíocht a bheith comhdaithe faoin Acht seo agus sula mbeidh glactha leis an tsonraíocht iomlán, go gcomhdófar iarratas nó sonraíocht úr maidir le haon chuid d'ábhar an iarratais nó na sonraíochta a chéadluaitear, go bhféadfaidh an Ceannasaí a ordú an t-iarratas nó an tsonraíocht úr a réamhdhátú go dtí dáta nach luaithe ná dáta comhdaithe an iarratais nó na sonraíochta a chéadluaitear.
(6) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoi fho-alt (2) nó fo-alt (4) den alt seo.
Cuardach do réamhaíocht trí fhoilsiú cheana.
12.—(1) Faoi réir forálacha an ailt deiridh roimhe seo den Acht seo, déanfaidh scrúdaitheoir a gcuirfear iarratas ar phaitinn faoina bhráid faoin Acht seo imscrúdú chun a fháil amach an ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú roimh dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra in aon sonraíocht a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn a rinneadh sa Stát.
(2) Ina theannta sin, déanfaidh an scrúdaitheoir cibé imscrúdú a ordóidh an Ceannasaí chun a fháil amach an ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú sa Stát roimh dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra in aon doiciméad eile.
(3) Ina theannta sin, breithneoidh an scrúdaitheoir aon eolas a thabharfar de bhun fho-alt (6) d'alt 7 den Acht seo agus aon fhianaise a thabharfar de bhun fho-alt (6) d'alt 8 den Acht seo.
(4) Má fheictear don Cheannasaí go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú mar a thuairiscítear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo, nó mura deimhin leis ón eolas agus ón bhfianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, nach ndearnadh an t-aireagán a éilítear amhlaidh a fhoilsiú roimh dháta na sonraíochta iomláine in aon sonraíocht a comhdaíodh in oifig a bheidh forordaithe faoi mhír (a) d'fho-alt (6) d'alt (8) den Acht seo, féadfaidh sé diúltú glacadh leis an tsonraíocht iomlán mura rud é—
(a) go suífidh an t-iarratasóir chun sástacht an Cheannasaí nach bhfuil dáta tosaíochta an éilimh ina shonraíocht iomlán níos déanaí ná an dáta a foilsíodh aon doiciméad iomchuí nó aon sonraíocht fhorordaithe, cibé acu é,
(b) go soláthróidh an t-iarratasóir tuilleadh fianaise chun sástacht an Cheannasaí de bhun fho-alt (6) d'alt 8 den Acht seo, nó
(c) go ndéanfaidh an t-iarratasóir a shonraíocht iomlán a leasú chun sástacht an Cheannasaí.
(5) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Tuilleadh cuardaigh do réamhaíocht.
13.—(1) I dteannta an imscrúdaithe a cheanglaítear leis an alt deiridh roimhe seo, déanfaidh an scrúdaitheoir imscrúdú chun a fháil amach an bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, á éileamh in aon sonraíocht eile, nó ar áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil d'aon sonraíocht eile, a foilsíodh ar dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra nó tar éis an dáta sin, is é sin, ar sonraíocht í a comhdaíodh—
(a) de bhun iarratais ar phaitinn a rinneadh sa Stát agus a dátaíodh roimh an dáta sin, nó
(b) de bhun iarratais choinbhinsiúin a bunaíodh ar iarratas ar chosaint a rinneadh i dtír choinbhinsiúin roimh an dáta sin.
(2) Má fheictear don Cheannasaí go bhfuil an t-aireagán a dúradh á éileamh in aon sonraíocht eile den sórt a dúradh, nó ar áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil di, féadfaidh sé, faoi réir forálacha an ailt seo, a ordú go gcuirfear tagairt don tsonraíocht eile sin isteach i bhfoirm fógra don phobal i sonraíocht iomlán an iarratasóra mura rud é, laistigh de cibé tréimhse a fhorodófar—
(a) go suífidh an t-iarratasóir chun sástacht an Cheannasaí nach bhfuil dáta tosaíochta a éilimh níos déanaí ná dáta tosaíochta an éilimh nó an ábhair a nochtadh sa chuid thuairisciúil den tsonraíocht eile sin, nó
(b) go leasófar an tsonraíocht iomlán chun sástacht an Cheannasaí.
(3) Más rud é, de dhroim imscrúdú faoi alt 12 den Acht seo nó ar dhóigh eile, go bhfeicfear don Cheannasaí—
(a) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh i sonraíocht iomlán an iarratasóra, a éileamh in aon sonraíocht den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin, nó a áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil di, agus
(b) gur foilsíodh an tsonraíocht eile ar dháta tosaíochta éileamh an iarratasóra nó tar éis an dáta sin,
ansin, mura suífear chun sástacht an Cheannasaí faoin alt sin nach déanaí dáta tosaíochta éileamh an iarratasóra ná dáta tosaíochta an éilimh iomchuí sa tsonraíocht eile sin, nó san ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil di, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le sonraíocht a foilsíodh ar dháta comhdaithe shonraíocht iomlán an iarratasóra nó tar éis an dáta sin.
(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon ordacháin a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Tagairt i gcás baol a bheith ann go sárófaí éileamh ar phaitinn.
14.—(1) Más rud é, de dhroim na n-imscrúduithe a cheanglaítear a dhéanamh leis na forálacha roimhe seo den Acht seo nó de dhroim imeachtaí faoi alt 19 nó faoi alt 35 den Acht seo, go bhfeicfear don Cheannasaí nach féidir aireagán a ndearnadh iarratas ar phaitinn ina leith a ghníomhú gan baol substainteach go sárófar éileamh aon phaitinne eile, féadfaidh sé a ordú go gcuirfear tagairt don phaitinn eile sin isteach i sonraíocht iomlán an iarratasóra i bhfoirm fógra don phobal mura rud é, laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe—
(a) go suífidh an t-iarratasóir chun sástacht an Cheannasaí go bhfuil forais réasúnacha ann le bailíocht éileamh sin na paitinne eile a chonspóid, nó
(b) go leasófar an tsonraíocht iomlán chun sástacht an Cheannasaí.
(2) Más rud é, tar éis tagairt do phaitinn eile a bheith curtha isteach i sonraíocht iomlán de bhun ordacháin faoin bhfo-alt roimhe seo—
(a) go gcúlghairfear an phaitinn eile sin nó go scoirfidh sí ar dhóigh eile de bheith i bhfeidhm,
(b) go leasófar sonraíocht na paitinne eile sin tríd an t-éileamh iomchuí a scriosadh, nó
(c) go bhfionnfar, in imeachtaí os comhair na Cúirte nó an Cheannasaí, go bhfuil éileamh iomchuí na paitinne eile sin neamhbhailí nó nach bhfuil sé á shárú trí aon oibriú ar aireagán an iarratasóra,
féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas ón iarratasóir, an tagairt don phaitinn eile sin a scriosadh.
(3) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh nó ordacháin a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Iarratas a dhiúltú i gcásanna áirithe.
15.—(1) Má fheictear don Cheannasaí i gcás aon iarratais ar phaitinn—
(a) go bhfuil á éileamh ann mar aireagán aon ní is follasach a bheith contrártha do dhlíthe nádúrtha atá seanbhunaithe,
(b) go mbeadh úsáid an aireagáin a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith contrártha don ord poiblí nó don mhoráltacht phoiblí, nó
(c) go bhfuil á éileamh ann mar aireagán substaint is féidir a úsáid mar bhia nó mar chógas leighis agus arb éard é meascán de chomhábhair aitheanta agus gan ann ach comhiomlán airíona aitheanta na gcomhábhar, nó go bhfuil á éileamh ann mar aireagán próiseas a tháirgeann substaint den sórt sin gan ach meascadh a dhéanamh,
féadfaidh sé an t-iarratas a dhiúltú.
(2) Má fheictear don Cheannasaí go bhféadfaí aon aireagán a ndéanfar iarratas ar phaitinn ina leith a úsáid ar aon mhodh contrártha don dlí, féadfaidh sé cibé séanadh maidir le húsáid an aireagáin amhlaidh, nó cibé tagairt eile dá neamhdhleathacht, is dóigh leis is cuí, a chur isteach sa tsonraíocht iomlán.
(3) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Forálacha forlíontacha maidir le cuardaigh, etc.
16.—(1) Féadfar cumhachtaí an Cheannasaí faoi alt 13 nó faoi alt 14 den Acht seo a fheidhmiú sula nglacfar leis an tsonraíocht iomlán nó ina dhiaidh sin, nó sula ndeonófar paitinn don iarratasóir nó ina dhiaidh sin, agus dá réir sin forléireofar tagairtí sna hailt sin don iarratasóir mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don phaitinní.
(2) I gcás ina leasófar sonraíocht iomlán faoi na forálacha roimhe seo den Acht seo sula mbeidh glactha leis, déanfar an tsonraíocht leasaithe a scrúdú agus a imscrúdú ar an modh céanna leis an tsonraíocht bhunaidh.
(3) Ní mheasfar an scrúdú agus na himscrúduithe a cheanglaítear a dhéanamh leis na forálacha roimhe seo den Acht seo a bheith ina mbarántú ar bailíocht aon phaitinne, agus ní bheidh an tAire ná an Ceannasaí ná aon oifigeach don Aire nó don Cheannasaí faoi dhliteanas as siocair ná i dtaobh aon scrúdaithe nó imscrúdaithe den sórt sin ná aon tuarascála ná imeachtaí eile dá dhroim sin.
An tréimhse chun iarratas a chur in ordú le haghaidh a ghlactha.
17.—(1) Beidh iarratas ar phaitinn ar neamhní mura rud é, laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar agus a thosóidh ar dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadófar faoi na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo nó faoi rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo, gur chomhlíon an t-iarratasóir na ceanglais uile a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó faoi, cibé acu i ndáil leis an tsonraíocht iomlán nó ar dhóigh eile i ndáil leis an iarratas é, agus má cuireadh an t-iarratas nó aon sonraíocht nó, i gcás iarratais choinbhinsiúin, aon doiciméad a comhdaíodh mar chuid den iarratas, ar ais chun an iarratasóra ón gCeannasaí i gcúrsa na n-imeachtaí, ní mheasfar na ceanglais sin a bheith comhlíonta ag an iarratasóir mura mbeidh ná go dtí go mbeidh an t-iarratas athchomhdaithe aige.
(2) Déanfar an tréimhse a cheadaítear le fo-alt (1) den alt seo a fhadú go dtí cibé tréimhse (a chríochnóidh tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a rachadh an tréimhse a cheadaítear faoin bhfo-alt sin nó an tréimhse sin arna fhadú faoi fho-alt (3) den alt seo nó faoi rialacha arna ndéanamh faoin Acht seo, in éag murach sin) a shonrófar i bhfógra ón iarratasóir don Cheannasaí, má thugtar an fógra agus go n-íocfar an táille fhorordaithe roimh dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh.
(3) Más rud é, ar dhul in éag don tréimhse a cheadófar faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, go mbeidh achomharc ar feitheamh faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo maidir leis an iarratas (nó, i gcás iarratais ar phaitinn bhreisithe, i leith an iarratais sin nó i leith an iarratais ar an bpaitinn don phríomhaireagán) nó nach mbeidh an tráth ina bhféadfaí achomharc den sórt sin a dhéanamh (ar leithligh ó aon fhadú todhchaí trátha faoi na forálacha sin) dulta in éag, ansin—
(a) má bhíonn achomharc den sórt sin ar feitheamh, nó má dhéantar é laistigh den tráth a dúradh nó roimh dhul in éag d'aon fhadú ar an tráth sin a deonaíodh (i gcás a fadaithe don chéad uair) de thoradh iarratais a rinneadh laistigh den tráth sin nó (i gcás a fadaithe ina dhiaidh sin) de thoradh iarratais a rinneadh roimh dhul in éag don fhadú deiridh roimhe sin, déanfar an tréimhse a dúradh a fhadú go dtí cibé dáta a chinnfidh an Chúirt,
(b) mura mbíonn aon achomharc den sórt sin ar feitheamh, nó mura ndéantar amhlaidh é, mairfidh an tréimhse sin go dtí deireadh an trátha a dúradh, nó má deonaíodh aon fhadú ar an tráth sin mar a dúradh, go dtí go mbeidh an fadú nó an fadú deiridh a deonaíodh amhlaidh dulta in éag.
Sonraíocht iomlán a ghlacadh agus a fhoilsiú.
18.—(1) Faoi réir forálacha an fho-ailt deiridh roimhe seo, féadfaidh an Ceannasaí glacadh leis an tsonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn tráth ar bith tar éis don iarratasóir na ceanglais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin a chomhlíonadh, agus, mura mbeidh glactha léi amhlaidh laistigh den tréimhse a cheadaítear faoin alt sin chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, glacfar léi a luaithe is féidir ina dhiaidh sin:
Ar choinníoll go bhféadfaidh an t-iarratasóir fógra a thabhairt don Cheannasaí á iarraidh air glacadh an iarratais a chur siar go dtí cibé dáta, nach déanaí ná cúig mhí dhéag ó dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine, a shonrófar san fhógra; agus má thugtar an fógra sin agus, i gcás ina n-iarrfar san fhógra é a chur siar go dtí dáta is déanaí ná dhá mhí dhéag ón dáta a dúradh, go n-íocfar an táille fhorordaithe, féadfaidh an Ceannasaí glacadh an iarratais a chur siar dá réir sin.
(2) Ar shonraíocht iomlán a bheith glactha aige, tabharfaidh an Ceannasaí fógra don iarratasóir, agus fógróidh sé san Irisleabhar go bhfuil glactha leis an tsonraíocht agus an dáta a bheidh an t-iarratas agus an tsonraíocht nó na sonraíochtaí a comhdaíodh dá bhun ar oscailt le haghaidh iniúchadh ag an bpobal.
(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo do dháta foilsithe sonraíochta iomláine a fhorléiriú mar thagairt don dáta a fógraíodh mar a dúradh.
(4) Tar éis dáta foilsithe sonraíochta iomláine agus go dtí go séalófar paitinn ina leith, beidh ag an iarratasóir na pribhléidí agus na cearta céanna a bheadh aige dá mba rud é gur séalaíodh paitinn don aireagán ar dháta foilsithe na sonraíochta iomláine:
Ar choinníoll nach mbeidh iarratasóir i dteideal aon imeachtaí mar gheall ar shárú a thionscnamh go dtí go mbeidh an phaitinn séalaithe.
Cur in aghaidh paitinn a dheonú.
19.—(1) Tráth ar bith laistigh de thrí mhí ó dháta foilsithe sonraíochta iomláine faoin Acht seo, féadfaidh aon duine leasmhar fógra a thabhairt don Cheannasaí go bhfuil sé i bhfreasúra le deonú na paitinne ar aon fhoras acu seo a leanas—
(a) go bhfuair an t-iarratasóir ar an bpaitinn, nó an duine a dtuairiscítear san iarratas gurb é an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir é, an t-aireagán nó aon chuid de uaidh féin nó ó duine arb eisean a ionadaí pearsanta,
(b) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú sa Stát, roimh dháta tosaíochta an éilimh—
(i) in aon sonraíocht a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn a rinneadh sa Stát,
(ii) in aon doiciméad eile,
(c) go bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, á éileamh i sonraíocht eile, nó ar áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil de shonraíocht eile, a foilsíodh ar dháta tosaíochta éileamh an iarratasóra nó ina dhiaidh sin agus a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn sa Stát, agus go bhfuil dáta tosaíochta an éilimh iomchuí, nó an ábhair a nochtadh sa chuid thuairisciúil den tsonraíocht eile, níos luaithe ná dáta tosaíochta éileamh an iarratasóra,
(d) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a úsáid sa Stát roimh dháta tosaíochta an éilimh sin,
(e) go bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, follasghnéitheach agus gur léir nach bhfuil aon bheart ceapthach ag baint leis ag féachaint d'aon ábhar a foilsíodh ar an modh a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo, d'aon ábhar a éilítear nó a nochtar ar an modh a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo, nó do rud a úsáideadh sa Stát roimh dháta tosaíochta éileamh an iarratasóra,
(f) nach aireagán de réir bhrí an Achta seo ábhar aon éilimh sa tsonraíocht iomlán,
(g) nach dtugann an tsonraíocht iomlán tuairisc leordhóthanach chothrom ar an aireagán nó ar an modh ar a bhfuil sé le gníomhú,
(h) i gcás iarratais choinbhinsiúin, nach ndearnadh an t-iarratas laistigh den tréimhse a bheidh forordaithe faoi fho-alt (3) d'alt 6 den Acht seo ó dháta an chéad iarratais ar chosaint don aireagán a rinne an t-iarratasóir nó duine óna ngabhann sé teideal i dtír choinbhinsiúin,
ach ní fhéadfaidh ar aon fhoras eile.
(2) I gcás ina dtabharfar aon fhógra den sórt sin, tabharfaidh an Ceannasaí fógra i dtaobh an fhreasúra don iarratasóir, agus tabharfaidh sé caoi don iarratasóir agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.
(3) Chun críocha mhír (d) nó mhír (e) d'fho-alt (1) den alt seo, ní chuirfear aon úsáid shicréideach san áireamh.
(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Paitinn a dhiúltú gan freasúra léi.
20.—(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis an tsonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn a bheith glactha agus roimh phaitinn a bheith deonta ina leith, go dtiocfaidh sé faoi iúl an Cheannasaí, ar dhóigh seachas de dhroim imeachtaí i bhfreasúra leis an deonú faoin alt deiridh roimhe sin, go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a fhoilsiú sa Stát roimh dháta tosaíochta an éilimh—
(a) in aon sonraíocht a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn sa Stát, nó
(b) in aon doiciméad eile,
féadfaidh an Ceannasaí diúltú an phaitinn a dheonú mura ndéanfar, laistigh de cibé tráth a bheidh forordaithe, an tsonraíocht iomlán a leasú chun a shástachta.
(2) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
An ceapadóir a lua sa cháil sin i bpaitinn.
21.—(1) Más deimhin leis an gCeannasaí, i gcás iarraidh nó éileamh a dhéanamh de réir forálacha an ailt seo—
(a) gurb é an duine a rinne an t-iarraidh nó an t-éileamh nó ar ina leith a rinneadh é, is ceapadóir aireagáin a ndearnadh iarratas ar phaitinn ina leith, nó is ceapadóir ar chuid shubstainteach den aireagán sin, agus
(b) gur go díreach de chionn gurb é an ceapadóir é atá an t-iarratas ar an bpaitinn á dhéanamh,
cuirfidh an Ceannasaí faoi deara, faoi réir forálacha an ailt seo, go luafar gurb é an ceapadóir é in aon phaitinn a dheonófar de bhun an iarratais, sa tsonraíocht iomlán, agus i gclár na bpaitinní:
Ar choinníoll nach dtabharfaidh sé aon chearta, ná nach mbainfidh sé ó aon chearta, faoin bpaitinn, aon duine a bheith luaite mar cheapadóir faoin alt seo.
(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é cumadóir iarbhír aireagáin nó coda d'aireagán an ceapadóir, d'ainneoin aon duine eile a bheith á áireamh chun aon chríche de chríocha eile an Achta seo mar fhíorcheapadóir agus céadcheapadóir, agus ní mheasfar gur ceapadóir aireagáin nó coda d'aireagán é duine ar bith de bhíthin amháin gurbh é a d'allmhairigh isteach sa Stát é.
(3) Féadfaidh an t-iarratasóir ar an bpaitinn, nó (i gcás nach é an duine a líomhnaítear gurb é an ceapadóir é an t-iarratasóir nó nach duine de na hiarratasóirí é) féadfaidh an t-iarratasóir agus an duine sin, a iarraidh ar an modh forordaithe go ndéanfar aon duine áirithe a lua mar a dúradh.
(4) Má theastaíonn ó aon duine (seachas duine a ndearnadh iarraidh ina leith faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo maidir leis an iarratas a bheidh i gceist) go luafaí é mar a dúradh, féadfaidh sé iarratas chuige sin a dhéanamh ar an modh forordaithe.
(5) Ní foláir iarraidh nó éileamh faoi na forálacha roimhe seo den alt seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis dáta foilsithe na sonraíochta iomláine, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise (nach faide ná mí) a cheadóidh an Ceannasaí, ar iarratas á iarraidh sin a dhéanamh chuige roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí sin, agus ar an táille fhorordaithe a íoc.
(6) Ní ghéillfear d'aon iarraidh ná éileamh faoi na forálacha roimhe seo den alt seo má fheictear don Cheannasaí go bhfuil an t-iarraidh nó an t-éileamh bunaithe ar fhíorais a bhéarfadh, dá gcruthófaí i gcás freasúra faoi fhorálacha mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 den Acht seo ag an duine ar ina leith nó ar aige atá an t-iarraidh nó an t-éileamh á dhéanamh, go mbeadh teideal aige chun faoisimh faoin alt sin.
(7) Faoi réir forálacha an fho-ailt deiridh roimhe seo, i gcás ina ndéanfar eileamh faoi fho-alt (4) den alt seo, tabharfaidh an Ceannasaí fógra i dtaobh an éilimh do gach iarratasóir ar an bpaitinn (nach é an t-éilitheoir é) agus do gach duine eile ar dóigh leis an gCeannasaí go bhfuil leas aige ann, agus sula gcinnfidh sé aon iarraidh nó éileamh faoi fho-alt (3) nó faoi fho-alt (4) den alt seo, tabharfaidh an Ceannasaí, má cheanglaítear sin air, éisteacht don duine ar ina leith a bheidh, nó ag a mbeidh, an t-iarraidh nó an t-éileamh á dhéanamh agus, i gcás éilimh faoin bhfo-alt sin (4) d'aon duine ar tugadh fógra i dtaobh an éilimh dó mar a dúradh.
(8) I gcás ina ndearnadh aon duine áirithe a lua mar cheapadóir de bhun an ailt seo, féadfaidh aon duine eile a líomhnóidh nár chóir é a bheith luaite amhlaidh deimhniú sa chéill sin a iarraidh tráth ar bith ar an gCeannasaí, agus féadfaidh an Ceannasaí, tar éis éisteacht a thabhairt, má cheanglaítear sin air, d'aon duine ar dóigh leis go bhfuil leas aige ann, deimhniú den sórt sin a eisiúint agus, má dhéanann sé é sin, ceartóidh sé an tsonraíocht agus an clár dá réir sin.
(9) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Iarratasóirí a mhalartú, etc.
22.—(1) Más deimhin leis an gCeannasaí, i gcás éilimh a rinneadh ar an modh forordaithe tráth ar bith sular deonaíodh paitinn, go mbeadh an t-éilitheoir, de bhua aon sannta nó comhaontaithe a rinne an t-iarratasóir nó duine de na hiarratasóirí ar an bpaitinn, nó trí oibriú dlí, i dteideal na paitinne dá ndeonófaí í an tráth sin, nó i dteideal leas an iarratasóra sa phaitinn, nó i dteideal scaire neamhroinnte den phaitinn nó den leas sin, féadfaidh an Ceannasaí, faoi réir forálacha an ailt seo, a ordú go rachaidh an t-iarratas ar aghaidh in ainm an éilitheora nó in ainmneacha an éilitheora agus an iarratasóra nó an chomhiarratasóra nó na gcomhiarratasóirí eile, de réir mar is gá sa chás.
(2) Ní thabharfar aon ordachán mar a dúradh de bhua aon sannta nó comhaontaithe a rinne comhiarratasóir amháin de bheirt chomhiarratasóir nó níos mó ar phaitinn, ach amháin le toiliú an chomhiarratasóra nó na gcomhiarratasóirí eile.
(3) Ní thabharfar aon ordachán mar a dúradh de bhua aon sannta nó comhaontaithe chun sochar aireagáin a shannadh mura rud é—
(a) go mbeidh an t-aireagán curtha ar aitheantas ann trí thagairt d'uimhir an iarratais ar an bpaitinn,
(b) go dtabharfar ar aird don Cheannasaí admháil ón duine a rinne an sannadh nó an comhaontú go mbaineann an sannadh nó an comhaontú leis an aireagán ar ina leith a rinneadh an t-iarratas sin, nó
(c) go ndearnadh cearta an éilitheora i leith an aireagáin a bhunú go críochnaitheach le breith ó aon chúirt nó le cinneadh ag an gCeannasaí faoi na forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo.
(4) I gcás comhiarratasóir amháin de bheirt chomhiarratasóir nó níos mó ar phaitinn d'fháil bháis aon uair roimh dheonú na paitinne, féadfaidh an Ceannasaí, arna iarraidh sin air don mharthanóir nó do na marthanóirí, agus le toiliú ó ionadaí pearsanta an duine éagtha, a ordú go rachaidh an t-iarratas ar aghaidh in ainm an mharthanóra nó na marthanóirí amháin.
(5) Má éiríonn aon díospóid idir comhiarratasóirí ar phaitinn i dtaobh é a bheith ceart, nó i dtaobh na slí inar cheart, dul ar aghaidh leis an iarratas, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ar an modh forordaithe ó aon cheann de na páirtithe, agus tar éis caoi éisteachta a thabhairt do gach páirtí lena mbaineann, cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt chun go bhféadfaidh an t-iarratas dul ar aghaidh in ainm páirtí nó páirtithe airithe acu, agus ina ainm nó ina n-ainm sin amháin, nó chun an modh ina rachfar ar aghaidh leis a rialú nó chun an dá chríoch sin, de réir mar is gá sa chás.
(6) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
CUID III
Paitinn a Dheonú, a Aisiriú, a Aisghairm agus a Ghéilleadh, etc.
Paitinn a dheonú agus a shéalú.
23.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le freasúra, agus faoi réir aon chumhachta eile de chuid an Cheannasaí chun an deonú a dhiúltú, má dhéantar an t-iarraidh forordaithe laistigh den tráth a cheadaítear faoin alt seo, deonófar paitinn arna séalú le séala oifigiúil an Cheannasaí don iarratasóir nó do na hiarratasóirí laistigh den tráth sin nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin; agus taifeadfar i gclár na bpaitinní an dáta a séalaíodh an phaitinn.
(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo maidir le paitinní breisithe, déanfar iarraidh faoin alt seo ag iarraidh séalú ar phaitinn tráth nach déanaí na críoch ceithre mhí ó dháta foilsithe na sonraíochta iomláine:
Ar choinníoll—
(a) más rud é, ag deireadh na gceithre mhí sin, go mbeidh aon imeacht maidir leis an iarratas ar an bpaitinn ar feitheamh in aon chúirt nó os comhair an Cheannasaí, go bhféadfar an t-iarraidh a dhéanamh laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis an imeacht sin a chinneadh go críochnaitheach:
(b) más rud é go bhfuair an t-iarratasóir nó duine de na hiarratasóirí bás roimh dheireadh an trátha ina bhféadfaí faoi fhorálacha an fho-ailt seo an t-iarratas a dhéanamh murach sin, féadfar an t-iarraidh sin a dhéanamh tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an bháis nó cibé tráth is déanaí ná sin a cheadóidh an Ceannasaí.
(3) Féadfaidh an Ceannasaí an tréimhse ina bhféadfar, faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, a iarraidh go séalófaí paitinn a fhadú a am go ham go dtí cibé tréimhse is faide ná sin a shonrófar in iarratas chuige á iarraidh sin, má dhéantar an t-iarratas, agus má íoctar an táille fhorordaithe, laistigh den tréimhse fhadaithe sin:
Ar choinníoll nach ndéanfar an tréimhse chéadluaite a fhadú faoin bhfo-alt seo níos mó ná sé mhí nó cibé tréimhse is giorra ná sin a bheidh forordaithe.
(4) Chun críocha an ailt seo, measfar imeacht a bheith ar feitheamh fad a bheidh an tráth le haghaidh aon achomhairc inti (ar leithligh ó aon fhadú todhchaí ar an tráth sin) gan chaitheamh, agus measfar imeacht a bheith cinnte go críochnaitheach nuair a bheidh an tráth le haghaidh aon achomhairc inti (ar leithligh ó aon fhadú den sórt sin) caite gan an t-achomharc a bheith déanta.
Leasú ar phaitinn a deonaíodh d'iarratasóir éagtha.
24.—Más rud é, tráth ar bith tar éis paitinn a shéalú de bhun iarratais faoin Acht seo, gur deimhin leis an gCeannasaí go raibh an duine dar deonaíodh an phaitinn tar éis bháis, nó (i gcás comhlachta chorpraithe) go raibh scortha aige de bheith ar marthain, sular séalaíodh an phaitinn, féadfaidh sé an phaitinn a leasú trí ainm an duine ar chóir an phaitinn a dheonú dó a chur in ionad ainm an duine sin; agus beidh éifeacht ag an bpaitinn, agus measfar go raibh éifeacht aige riamh, dá réir sin.
Eifeacht agus foirm paitinne.
25.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, oibreoidh gach paitinn a dheonófar faoin Acht seo, agus a shéalófar le séala oifigiúil an Cheannasaí, agus beidh éifeacht aici, agus beidh sé sainráite go n-oibreoidh sí agus go mbeidh éifeacht aici—
(a) chun go dtabharfaidh sí don duine dá ndeonófar an céanna, dá sheiceadóirí, dá riarthóirí agus dá shannaithe (a ngairtear an deontaí díobh i dteannta a chéile san fho-alt seo) an ceart, an chumhacht agus an t-údarás iomlán, aonrach agus eisiatach, uaidh féin nó trína ghníomhairí nó a cheadúnaithe, gach tráth fad a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm, chun an t-aireagán a ndeonófar an phaitinn ina leith a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol sa Stát;
(b) chun an t-aon cheart a thabhairt don deontaí an brabús agus an buntáiste iomlán a theachtadh agus a shealbhú a fhaibhreoidh ó am go ham de bhíthin an aireagáin sin ar feadh cibé tréimhse a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm;
(c) chun gach uile dhuine sa Stát a chosc, fad a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm, ón aireagán sin nó aon chuid de a úsáid nó a chur i gcleachtadh, nó ó aithris a dhéanamh ar dhóigh ar bith ar an gcéanna, nó óna chur in iúl nó a chur i gcéill ar dhóigh ar bith gurb iad féin ceapadóirí an aireagáin sin nó ceapadóirí an aireagáin sin maille le haon bhreisiú nó laghdú air, gan toiliú, ceadúnas nó comhaontú ón deontaí i scríbhinn faoina láimh agus faoina shéala;
(d) chun a thabhairt go mbeidh gach duine a dhéanfaidh ar dhóigh ar bith sa Stát, fad a fhanfaidh an phaitinn i bhfeidhm, aon cheart, cumhacht, nó údarás a shárú a mbeidh sé sainráite sa phaitinn é a bheith á thabhairt leis an bpaitinn don deontaí, nó a dhéanfaidh aon ghníomh, ní nó rud a mbeidh sé sainráite sa phaitinn é a bheith toirmiscthe leis an bpaitinn, freagrach de réir dlí don deontaí sa sárú sin nó i ndéanamh an ghnímh, an ní nó an ruda sin.
(2) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach paitinn agus ní dheonófar í ach d'aon aireagán amháin, ach féadfaidh níos mó ná éileamh amháin a bheith sa tsonraíocht; agus ní bheidh aon duine inniúil i gcaingean ná in imeacht eile ar aon agóid a dhéanamh in aghaidh paitinne ar an bhforas gur deonaíodh í do níos mó ná aon aireagán amháin.
Dáta agus téarma paitinne.
26.—(1) Déanfar gach paitinn a dhátú faoi dháta comhdaithe na sonraíochta iomláine.
Ar choinníoll nach dtionscnófar aon imeacht mar gheall ar shárú a rinneadh roimh dháta foilsithe na sonraíochta iomláine.
(2) Taifeadfar dáta gach paitinne i gclár na bpaitinní.
(3) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, is é is téarma do gach paitinn sé bliana déag ó dháta na paitinne.
(4) Scoirfidh paitinn d'éifeacht a bheith aici, d'ainneoin aon ní sa phaitinn nó san Acht seo, ar dheireadh a theacht leis an tréimhse a bheidh forordaithe chun aon táille athnuachana a íoc, mura n-íoctar an táille sin laistigh den tréimhse fhorordaithe nó laistigh den tréimhse sin arna fadú faoin alt seo.
(5) Déanfar an tréimhse a bheidh forordaithe le haghaidh íoc aon táille athnuachana a fhadú go dtí cibé tréimhse, nach mbeidh thar sé mhí níos faide ná an tréimhse fhorordaithe, a shonrófar in iarraidh a dhéanfar chun an Cheannasaí má dhéantar an t-iarraidh agus go n-íocfar an táille athnuachana agus an táille bhreise fhorordaithe roimh dheireadh na tréimhse a shonrófar amhlaidh.
Téarma paitinne a fhadú.
27.—(1) Féadfaidh paitinní, tar éis a fhógairt ar an modh a fhoráiltear le rialacha cúirte go bhfuil ar intinn aige é sin a dhéanamh, achainí a thíolacadh don Chúirt nó don Cheannasaí á impí go bhfadófar a phaitinn téarma eile.
(2) Déanfar achainí faoin alt seo a thíolacadh sé mhí ar a laghad roimh an tráth a bheidh ceaptha don phaitinn a dhul in éag:
Ar choinníoll go bhféadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, cibé acu é, fadú a dhéanamh, de rogha na Cúirte nó an Cheannasaí, ar an tréimhse ina bhféadfar achainí faoin alt seo a thíolacadh.
(3) Féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Chúirt nó don Cheannasaí, cibé acu é, i dtaobh agóid in aghaidh an fhadaithe.
(4) Ar aon achainní faoin alt seo a éisteacht, déanfar páirtithe san imeacht den phaitinní agus d'aon duine a bheidh tar éis fógra agóide a thabhairt, agus, más don Chúirt a thíolacfar an achainí, beidh an Ceannasaí i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil, agus má ordaíonn an Chúirt amhlaidh láithreoidh sé.
(5) Nuair a bheidh cinneadh á thabhairt ag an gCúirt nó ag an gCeannasaí, tabharfaidh sí, nó sé, aird ar nádúr agus ar thuillteanais an aireagáin ó thaobh an phobail, ar na brabúis a rinne an paitinní, sa cháil sin dó, agus ar imthosca uile an cháis.
(6) Má fheictear don Chúirt nó don Cheannasaí nach bhfuair an paitinní luach saothair leordhóthanach as a phaitinn, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, cibé acu é, le hordú, téarma na paitinne a fhadú téarma breise nach mó ná cúig bliana nó, i gcásanna eisceachtúla, deich mbliana, nó féadfaidh a ordú go ndeonófar paitinn nua go ceann cibé téarma a shonrófar san ordú agus ina mbeidh aon srian, coinníollacha, agus forálacha is cuí leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí, cibé acu é.
(7) Féadfaidh an Ceannasaí, ag aon chéim de na himeachtaí a bheidh os a chomhair faoin alt seo, an achainí a tharchur chun na Cúirte agus air sin measfar an achainí a bheith tíolactha don Chúirt ag paitinní an aireagáin dá dtagraíonn sí faoi fho-alt (1) den alt seo.
(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Paitinní breisithe.
28.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndéanfar iarratas ar phaitinn i leith aon fheabhsaithe nó modhnaithe ar aireagán (dá ngairtear an príomh-aireagán san Acht seo) agus ina theannta sin go n-iarrfaidh an t-iarratasóir paitinn don aireagán sin nó go mbeidh sé tar éis í a iarraidh, nó gurb é an paitinní ina leith é, féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an t-iarratasóir é, an phaitinn don fheabhsú nó don mhodhnú a dheonú mar phaitinn bhreisithe.
(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, má bhíonn aireagán, ar feabhsú nó modhnú ar aireagán eile é, ina ábhar do phaitinn neamhspleách agus gurb é an paitinní i leith na paitinne an paitinní i leith na paitinne don phríomh-aireagán freisin, féadfaidh an Ceannasaí, má iarrann an paitinní é, an phaitinn don fheabhsú nó don mhodhnú a chúlghairm le hordú agus paitinn bhreisithe ina leith a dheonú don phaitinní agus an dáta céanna uirthi a bhí ar an bpaitinn a cúlghairfear amhlaidh.
(3) Ní dheonófar paitinn mar phaitinn bhreisithe murarbh ionann dáta comhdaithe na sonraíochta iomláine agus dáta comhdaithe na sonraíochta iomláine i leith an phríomh-aireagáin nó murar dhéanaí é ná an dáta sin.
(4) Ní shéalófar paitinn bhreisithe sula séalófar an phaitinn don phríomh-aireagán; agus más rud é go dtiocfaidh an tréimhse ina bhféadfaí, murach an fhoráil seo, a iarraidh go séalófaí paitinn bhreisithe faoi alt 23 den Acht seo chun críche roimh an tréimhse ina bhféadfaí a iarraidh amhlaidh go séalófaí an phaitinn i leith an phríomh-aireagáin, féadfar a iarraidh go séalófaí an phaitinn bhreisithe tráth ar bith laistigh den tréimhse sin is déanaí a luaitear.
(5) Deonófar paitinn bhreisithe le haghaidh téarma is ionann agus téarma na paitinne don phríomh-aireagán, nó cibé méid de a bheidh gan chaitheamh, agus fanfaidh sí i bhfeidhm ar feadh an téarma sin nó go dtí dáta roimhe sin ar a scoirfidh an phaitinn don phríomh-aireagán, agus ní fhanfaidh níos faide ná sin:
Ar choinníoll—
(a) má dhéantar téarma na paitinne don phríomh-aireagán a fhadú faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo, go bhféadfar téarma na paitinne breisithe a fhadú freisin dá réir sin; agus
(b) má chúlghairtear faoin Acht seo an phaitinn don phríomhaireagán, go bhféadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, cibé acu é, a ordú go dtiocfaidh an phaitinn bhreisithe chun bheith ina paitinn neamhspleách go ceann a mbeidh fágtha de théarma na paitinne don phríomhaireagán, agus air sin go bhfanfaidh an phaitinn i bhfeidhm mar phaitinn neamhspleách dá réir sin.
(6) Ní bheidh aon táillí athnuachana iníoctha i leith paitinne breisithe; ach má thagann aon phaitinn den sórt sin chun bheith ina paitinn neamhspleách de bhua ordú faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, beidh na táillí céanna iníoctha ina dhiaidh sin, ar na dataí céanna, ionann is dá mba mar phaitinn neamhspleách a deonaíodh an phaitinn i gcéaduair.
(7) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Paitinní a chuaigh ó éifeacht a aisiriú.
29.—(1) I gcás ina mbeidh scortha d'éifeacht a bheith ag paitinn mar gheall ar fhaillí in aon táille athnuachana a íoc laistigh den tréimhse fhorordaithe, nó laistigh den tréimhse sin arna fadú faoi alt 26 den Acht seo, agus gur deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige laistigh de thrí bliana ón dáta a scoir an phaitinn d'éifeacht a bheith aici, gurbh fhaillí neamhbheartaithe í agus nár bhain aon mhoill mhíchuí leis an iarratas a dhéanamh nó a thabhairt ar aghaidh, déanfaidh sé, le hordú, an phaitinn, agus aon phaitinn bhreisithe a shonrófar san iarratas agus a mbeidh scortha d'éifeacht a bheith aici ar scor don phaitinn sin, a aisiriú.
(2) Féadfaidh an duine arbh é an paitinní é, nó féadfaidh a ionadaí pearsanta, iarratas faoin alt seo a dhéanamh; agus i gcás an phaitinn a bheith ar teachtadh ag beirt nó níos mó i gcomh pháirt, féadfaidh duine amháin nó níos mó acu, gan dul i bpáirt leis na daoine eile, an t-iarratas a dhéanamh, le cead ón gCeannasaí.
(3) Beidh in iarratas faoin alt seo ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a fhorordófar) a leagfar amach ann go hiomlán na himthosca a bhain leis an bhfaillí sa táille athnuachana a íoc; agus féadfaidh an Ceannasaí cibé fianaise bhreise is dóigh leis is gá a iarraidh ar an iarratasóir.
(4) Más rud é, tar éis dó an t-iarratasóir a éisteacht (má iarrann an t-iarratasóir é sin nó más cuí leis an gCeannasaí é), gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil cás prima facie déanta amach le haghaidh ordú faoin alt seo, fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar; agus laistigh den tréimhse fhorordaithe féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis ar cheachtar foras nó ar an dá fhoras acu seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) nárbh fhaillí neamhbheartaithe an fhaillí sa táille athnuachana a íoc; nó
(b) gur bhain moill mhíchuí le déanamh an iarratais.
(5) Má thugtar fógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé caoi do féin agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.
(6) Mura dtabharfar aon fhógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh nó más rud é, i gcás freasúra, gur i bhfabhar an iarratasóra a thabharfaidh an Ceannasaí an cinneadh, ansin, ar aon táille athnuachana neamhíoctha maraon le cibé táille bhreise a fhorordófar a bheith íoctha, déanfaidh an Ceannasaí an t-ordú de réir an iarratais.
(7) Maidir le hordú faoin alt seo chun paitinn a aisiriú—
(a) féadfar é a dhéanamh faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCeannasaí, lena n-áirítear go háirithe coinníoll á cheangal go gclárófar i gclár na bpaitinní aon ní nár comhlíonadh ina leith na forálacha den Acht seo a bhaineann le taifid sa chlár sin; agus
(b) beidh sé faoi réir cibé foráil a bheidh forordaithe mar chosaint ar dhaoine a mbeadh tosaithe acu ar leas a bhaint as an aireagán paitinnithe idir an dáta a scoir an phaitinn d'éifeacht a bheith aici agus dáta an iarratais faoin alt seo;
agus más rud é nach gcomhlíonfaidh an paitinní aon choinníoll d'ordú faoin alt seo, féadfaidh an Ceannasaí, tar éis caoi a thabhairt don phaitinní ar éisteacht a fháil, an t-ordú a chúlghairm agus cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt de dhroim an chulghairthe.
(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Iarratais ar phaitinní a chuaigh ó éifeacht a aistriú.
30.—(1) I gcás nár séalaíodh paitinn de bhíthin amháin nach ndearnadh an t-iarraidh forordaithe laistigh den tráth a cheadaítear chuige sin le halt 23 den Acht seo, nó faoi, ansin, más deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ó iarratasóir paitinne laistigh de shé mhí tar éis deireadh an trátha sin, gur go neamhbheartaithe a tharla an fhaillí san iarraidh sin a dhéanamh, féadfaidh sé a ordú an phaitinn a shéalú d'ainneoin nach ndearnadh an t-iarraidh forordaithe mar a dúradh.
(2) Beidh in iarratas faoin alt seo ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a fhorordófar) a leagfar amach ann go hiomlán na himthosca a bhain leis an bhfaillí san iarraidh forordaithe a dhéanamh; agus féadfaidh an Ceannasaí cibé fianaise bhreise is dóigh leis is gá a iarraidh ar an iarratasóir.
(3) Más rud é, tar éis dó an t-iarratasóir a éisteacht (má iarrann an t-iarratasóir é sin nó más cuí leis an gCeannasaí é), gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil cás prima facie déanta amach le haghaidh ordú faoin alt seo, fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar; agus laistigh den tréimhse fhorordaithe féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis ar an bhforas nach go neamhbheartaithe a rinneadh faillí san iarraidh forordaithe a dhéanamh.
(4) Má thugtar fógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé caoi dó féin agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.
(5) Mura dtabharfar aon fhógra freasúra laistigh den tréimhse a dúradh nó más rud é, i gcás freasúra, gur i bhfabhar an iarratasóra a thabharfaidh an Ceannasaí an cinneadh, ansin, ar íoc na táille a bheidh forordaithe maidir le hiarraidh an tséalaithe maraon le cibé táille bhreise a bheidh forordaithe, déanfaidh an Ceannasaí an t-ordú de réir an iarratais.
(6) Beidh ordú faoin alt seo chun paitinn a shéalú faoi réir cibé foráil a bheidh forordaithe mar chosaint ar dhaoine a mbeadh tosaithe acu ar leas a bhaint as an aireagán idir an dáta a chríoch naigh an tráth a cheadaítear le halt 23 den Acht seo, nó faoi, chun an t-iarraidh forordaithe a dhéanamh agus dáta an iarratais faoin alt seo.
(7) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Leasú ar shonraíocht le cead an Cheannasaí.
31.—(1) Faoi réir forálacha alt 33 den Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas faoin alt seo ó phaitinní, nó ó iarratasóir ar phaitinn tráth ar bith tar éis bheith glactha leis an tsonraíocht iomlán, a cheadú go leasófar an tsonraíocht iomlán faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an gCeannasaí:
Ar choinníoll nach gceadóidh an Ceannasaí sonraíocht a leasú faoin alt seo ar iarratas a dhéanfar le linn aon chaingean os comhair na Cúirte mar gheall ar shárú na paitinne, nó aon imeacht os comhair na Cúirte maidir le cúlghairm na paitinne, a bheith ar feitheamh.
(2) I ngach iarratas ar chead chun sonraíocht a leasú faoin alt seo luafar cad é an cineál leasaithe atá beartaithe agus tabharfar sonraí iomlána ar na cúiseanna a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.
(3) Fógrófar ar an modh forordaithe aon iarratas ar chead chun sonraíocht a leasú faoin alt seo, agus cad é an cineál leasaithe atá bheartaithe:
Ar choinníoll go bhféadfaidh an Ceannasaí más cuí leis é, i gcás an t-iarratas a dhéanamh roimh fhoilsiú na sonraíochta iomláine, fograíocht faoin bhfo-alt seo a ligean thar ceal nó a ordú go gcuirfear an fhógraíocht siar go dtí go bhfoilseofar an tsonraíocht iomlán.
(4) Laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis iarratas a fhógairt faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis; agus má thugtar fógra den sórt sin laistigh den tréimhse a dúradh, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don duine a rinne an t-iarratas faoin alt seo agus tabharfaidh sé caoi don duine sin agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.
(5) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon leasú ar shonraíocht a dhéanfar in imeachtaí i bhfreasúra le deonú paitinne nó de bhun aon fhorála den Acht seo a údaraíonn don Cheannasaí a ordú go gcuirfear isteach tagairt do shonraíocht nó paitinn eile, nó diúltú paitinn a dheonú, nó paitinn a chúlghairm, mura leasófar an tsonraíocht chun a shástachta.
Leasú ar shonraíocht le cead na Cúirte.
32.—(1) In aon chaingean mar gheall ar shárú paitinne nó in aon imeacht os comhair na Cúirte chun paitinn a chúlghairm, féadfaidh an Chúirt, faoi réir forálacha an chéad ailt eile ina dhiaidh seo, a cheadú, le hordú, don phaitinní a shonraíocht iomlán a leasú ar cibé modh, agus faoi réir cibé téarmaí maidir le costais, fógráin nó eile, is cuí leis an gCúirt; agus más rud é, in aon imeachtaí den sórt sin maidir le cúlghairm, go gcinnfidh an Chúirt go bhfuil an phaitinn neamhbhailí, féadfaidh an Chúirt a cheadú go leasófar an tsonraíocht faoin alt seo in ionad an phaitinn a chúlghairm.
(2) I gcás ina ndéanfar iarratas chun na Cúirte ar ordú faoin alt seo, tabharfaidh an t-iarratasóir fógra don Cheannasaí i dtaobh an iarratais, agus beidh an Ceannasaí i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil, agus má ordaíonn an Chúirt amhlaidh láithreoidh sé.
Forálacha forlíontacha maidir le leasú sonraíochta.
33.—(1) Nuair a bheidh glactha le sonraíocht iomlán, ní dhéanfar aon leasú uirthi ach amháin ar mhodh séanta, ceartaithe nó mínithe, agus ní cheadófar aon leasú uirthi a bhéarfadh go mbeadh sa tsonraíocht arna leasú éileamh nó tuairisc ar ábhar nár nochtadh a shubstaint sa tsonraíocht roimh an leasú, nó nach mbeadh aon éileamh sa tsonraíocht arna leasú ag teacht go hiomlán faoi réim éilimh a bhí sa tsonraíocht roimh an leasú.
(2) Más rud é, tar éis dáta foilsithe sonraíochta iomláine, go ndéanfaidh an Ceannasaí nó an Chúirt, faoin Acht seo, ceadú nó formheas ar aon leasú ar an tsonraíocht, ní thabharfar faoi cheist, ach amháin ar fhoras calaoise, ceart an phaitinní nó an iarratasóra chun an leasú a dhéanamh; agus measfar i ngach cúirt agus chun gach críche gur cuid den tsonraíocht an leasú:
Ar choinníoll go bhféadfar, i bhforléiriú na sonraíochta arna leasú, tagairt a dhéanamh don tsonraíocht mar a foilsíodh i gcéaduair í.
(3) Más rud é, tar éis dáta foilsithe sonraíochta iomláine, go ndéanfar aon leasú ar an tsonraíocht a cheadú nó a fhormheas mar a dúradh, fógrófar san Irisleabhar go ndearnadh an tsonraíocht a leasú.
Cúlghairm paitinne ag an gCúirt.
34.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfaidh an Chúirt paitinn a chúlghairm, ar achainí ón Ard-Aighne nó ó aon duine a bheidh údaraithe aige, nó ó aon duine leasmhar, ar aon fhoras acu seo a leanas, is é sin le rá—
(a) go ndearnadh an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, a éileamh i sonraíocht eile, nó a áireamh in ábhar a nochtadh sa chuid thuairisciúil de shonraíocht eile, a foilsíodh ar dháta tosaíochta an éilimh nó ina dhiaidh sin agus a comhdaíodh de bhun iarratais ar phaitinn sa Stát, agus go bhfuil dáta tosaíochta an éilimh iomchuí nó an ábhair a nochtadh sa chuid thuairisciúil den tsonraíocht eile níos luaithe ná dáta tosaíochta an éilimh;
(b) gur deonaíodh an phaitinn ar iarratas ó dhuine nach raibh i dteideal faoi fhorálacha an Achta seo í a iarraidh;
(c) go bhfuarthas an phaitinn contrártha do chearta an achainígh nó aon duine a bhfuil sé ag éileamh faoi nó tríd;
(d) nach aireagán de réir bhrí an Achta seo ábhar aon éilimh sa tsonraíocht iomlán;
(e) nach bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilitear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, ina aireagán nua ag féachaint dá raibh foilsithe roimh dháta tosaíochta an éilimh;
(f) go bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, follasghnéitheach agus nach bhfuil aon bheart ceapthach ag baint leis ag féachaint d'aon ábhar a éilíodh nó a nochtadh ar an modh a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo, nó d'aon ábhar a foilsíodh ar an modh a shonraítear i mír (e) den fho-alt seo;
(g) nach bhfuil an t-aireagán, a mhéid a éilítear in aon éileamh sa tsonraíocht iomlán, ina aireagán úsáideach;
(h) nach dtugann an tsonraíocht iomlán tuairisc leordhóthanach chothrom ar an aireagán ná ar an modh ar a bhfuil sé le gníomhú, nó nach nochtann sé ar modh ab fhearr ab eol d'iarratasóir na paitinne chun an t-aireagan a ghníomhú agus a raibh sé i dteideal cosaint a éileamh ina leith;
(i) nach bhfuil réim aon éilimh sa tsonraíocht iomlán mínithe go leordhóthanach agus go soiléir nó nach bhfuil aon éileamh sa tsonraíocht iomlán bunaithe go cothrom ar an ábhar a nochtadh sa tsonraíocht;
(j) gur le hinmheabhrú nó uiríoll a bhí bréagach a fuarthas an phaitinn;
(k) go bhfuil úsáid nó feidhmiú, príomha nó beartaithe, an aireagáin contrártha don ord poiblí ná don mhóráltacht phoiblí.
(2) Gan dochar d'fhóralacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt paitinn a chúlghairm ar achainí ó aon Aire Stáit más deimhin leis an gCúirt gur loic an paitinní, gan chúis réasúnach, déanamh de réir iarraidh an Aire an t-aireagán paitinnithe a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol le haghaidh seirbhís an Stáit ar théarmaí réasúnacha.
(3) Gach foras ar a bhféadfar paitinn a chúlghairm beidh sé ar fáil mar fhoras cosanta in aon imeacht mar gheall ar shárú na paitinne.
Cúlghairm paitinne ag an gCeannasaí.
35.—(1) Aon uair laistigh de dhá mhí dhéag tar éis paitinn a shéalú, féadfaidh aon duine leasmhar nach raibh i bhfreasúra le deonú na paitinne ordú a iarraidh ar an gCeannasaí chun an phaitinn a chúlghairm ar aon fhoras nó forais ar a bhféadfaí bheith i bhfreasúra le deonú na paitinne:
Ar choinníoll, nuair a bheidh caingean mar gheall ar shárú paitinne, nó imeachtaí chun í a chúlghairm, ar feitheamh i gCúirt ar bith, nach ndéanfar iarratas chun an Cheannasaí faoin alt seo ach amháin le cead na cúirte.
(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoin alt seo cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don phaitinní agus tabharfaidh sé don iarratasóir agus don phaitinní caoi ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.
(3) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an gCeannasaí gur suíodh aon fhoras acu sin a dúradh, féadfaidh sé, le hordú, a ordú go gcúlghairfear an phaitinn go neamhchoinníollach nó mura rud é go ndéanfar, laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú, an tsonraíocht iomlán a leasú chun a shástachta:
Ar choinníoll nach ndéanfaidh an Ceannasaí ordú chun paitinn a chúlghairm go neamhchoinníollach faoin alt seo mura mbeidh na himthosca de shórt a bhéarfadh go mbeadh sé ceart aige an phaitinn a dhiúltú in imeachtaí faoi alt 19 den Acht seo.
(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Paitinn a ghéilleadh.
36.—(1) Féadfaidh paitinní a thairiscint tráth ar bith, trí fhógra a thabhairt don Cheannasaí, a phaitinn a ghéilleadh.
(2) I gcás tairiscint den sórt sin a dhéanamh fógróidh an Ceannasaí an tairiscint ar an modh forordaithe; agus féadfaidh aon duine leasmhar, laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis na fógraíochta sin, fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis an ngéilleadh.
(3) Má dhéantar aon fhógra freasúra den sórt sin a thabhairt go cuí, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don phaitinní.
(4) Más deimhin leis an gCeannasaí, tar éis éisteacht a thabhairt don phaitinní agus d'aon fhreasúróir, má theastaíonn uathu éisteacht a fháil, go bhféadfar go cuí an phaitinn a ghéilleadh, féadfaidh sé glacadh leis an tairiscint agus, le hordú, an phaitinn a chúlghairm.
(5) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
CUID IV.
Formhuiniú Saorálach agus Éigeantach, Réamhaíocht, agus Forálacha maidir le Cearta in Aireagáin.
“Ceadúnais de cheart” a fhormhuiniú ar phaitinn.
37.—(1) Aon uair tar éis paitinn a shéalú, féadfaidh an paitinní a iarraidh ar an gCeannasaí go bhformhuineofaí ar an bpaitinn na focail “ceadúnais de cheart”; agus i gcás ina ndéanfar iarratas den sórt sin cuirfidh an Ceannasaí an t-iarratas in iúl d'aon duine a bheidh taifeadta ar an gclár mar dhuine a bhfuil teideal aige chun leasa sa phaitinn, agus más deimhin leis, tar éis caoi a thabhairt d'aon duine den sórt sin ar éisteacht a fháil, nach bhfuil an paitinní coiscthe le conradh ó cheadúnais a dheonú faoin bpaitinn, cuirfidh sé faoi deara go bhformhuineofar an phaitinn dá réir sin.
(2) I gcás ina bhformhuineofar paitinn faoin alt seo—
(a) beidh aon duine, tráth ar bith dá éis sin, i dteideal de cheart chun ceadúnais faoin bpaitinn ar cibé téarmaí a shocróidh an Ceannasaí, cheal comhaontaithe, ar iarratas ón bpaitinní nó ón duine a mbeidh an ceadúnas ag teastáil uaidh;
(b) féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas ó shealbhóir aon cheadúnais a deonaíodh faoin bpaitinn roimh an bhformhuiniú, a ordú go malartófar an ceadúnas ar cheadúnas a bheidh le deonú de bhua an fhormhuinithe ar théarmaí a shocrófar mar a dúradh;
(c) más rud é, in imeachtaí mar gheall ar phaitinn a shárú (ar dhóigh seachas trí earraí a allmhuiriú) go ngeallfaidh an cosantóir ceadúnas a thógáil ar théarmaí a bheidh le socrú ag an gCeannasaí mar a dúradh, ní dheonófar aon urghaire ina choinne, agus ní bheidh an méid (más ann) is inghnóthaithe ina choinne mar dhamáistí níos mó ná dúbailt an mhéid ab iníoctha aige mar cheadúnaí dá ndeonófaí ceadúnas den sórt sin roimh an sárú ba luaithe a rinneadh;
(d) is iad na táillí athnuachana is iníoctha i leith na paitinne tar éis dáta an fhormhuinithe leath na dtáillí athnuachana ab iníoctha dá mba nár formhuiníodh an phaitinn amhlaidh.
(3) Nuair a bheidh téarmaí aon cheadúnais den sórt sin á socrú aige—
(a) féachfaidh an Ceannasaí leis an aireagán a chur á úsáid sa Stát chomh fairsing agus is féidir i gcomhréir le buntáiste réasúnach a bheith le fáil ag an bpaitinní as a chearta paitinne,
(b) féachfaidh an Ceannasaí leis an mbuntáiste is mó is féidir a áirithiú don phaitinní i gcomhréir leis an aireagán a bheith á oibriú ag an gceadúnaí ar bhrabús réasúnach sa Stát,
(c) féachfaidh an Ceannasaí le comhionannas buntáiste a áirithiú i imeasc na gceadúnaithe ar leithligh, agus chuige sin féadfaidh sé, ar chúis chuí a shuíomh, laghdú a dhéanamh ar na ríchíosanna nó ar na híocaíochtaí eile a fhaibhreoidh don phaitinní faoi aon cheadúnas a deonaíodh roimhe sin,
(d) féadfaidh an Ceannasaí na téarmaí a chumadh ar dhóigh go gcoiscfear ar an gceadúnaí aon earraí a allmhairiú isteach sa Stát a mbeadh a n-allmhairiú, dá mba dhaoine seachas an paitinní nó iad siúd a bheidh ag éileamh faoi a dhéanfadh é, ina shárú ar an bpaitinn, agus sa chás sin measfar an paitinní agus na ceadúnaithe uile faoin bpaitinn a bheith tar éis cúnant frithpháirteach a dhéanamh in aghaidh an allmhairithe sin.
(4) Beidh ag an gceadúnaí, faoi aon cheadúnas a dheonófar de bhua paitinn a fhormhuiniú faoin alt seo (mura rud é, i gcás ceadúnais a socraítear a théarmaí trí chomhaontú, go bhforálann an ceadúnas a mhalairt go sainráite), teideal chun a iarraidh ar an bpaitinní imeachtaí a thionscnamh chun aon sárú ar an bpaitinn a chosc; agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an paitinní déanamh amhlaidh laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha air amhlaidh, féadfaidh an ceadúnaí imeachtaí mar gheall ar an sárú a thionscnamh ina ainm féin ionann is dá mba é an paitinní é, agus cosantóir a dhéanamh den phaitinní;
Ar choinníoll nach mbeidh paitinní a ndéanfar cosantóir de amhlaidh faoi dhliteanas i leith aon chostas mura dtaifeadfaidh sé láithreas agus go nglacfaidh sé páirt sna himeachtaí.
(5) Beidh in iarratas chun paitinn a fhormhuiniú faoin alt seo ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a fhorordófar) nach bhfuil an paitinní coiscthe le conradh ó cheadúnais a dheonú faoin bpaitinn; agus féadfaidh an Ceannasaí cibé fianaise bhreise is dóigh leis is gá a lorg ar an iarratasóir.
(6) Aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun paitinn bhreisithe a fhormhuiniú, áireofar é mar iarratas chun an phaitinn don phríomh-aireagan a fhormhuiniú freisin, agus aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun paitinn a bhfuil paitinn bhreisithe i bhfeidhm ina leith a fhormhuiniú áireofar é mar iarratas chun an phaitinn bhreisithe a fhormhuiniú freisin; agus i gcás ina ndeonófar paitinn bhreisithe i leith paitinne a bheidh formhuinithe cheana féin faoin alt seo, formhuineofar an phaitinn bhreisithe amhlaidh freisin.
(7) Gach uile fhormhuiniú a dhéanfar faoin alt seo ar phaitinní, taifeadfar é i gclár na bpaitinní agus foilseofar é san Irisleabhar agus ar cibé modh eile a mheasfaidh an Ceannasaí is inmhianaithe chun an formhuiniú a thabhairt faoi iúl mhonaróirí.
(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Formhuiniú a chealú.
38.—(1) Aon uair tar éis paitinn a bheith formhuinithe faoin alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an paitinní a iarraidh ar an gCeannasaí an formhuiniú a chealú; agus má dhéantar iarratas den sórt sin agus go n-íocfar iarmhéid na dtáillí athnuachana go léir ab iníoctha dá mba nár formhuiníodh an phaitinn, féadfaidh an Ceannasaí, más deimhin leis nach bhfuil aon cheadúnas ar marthain faoin bpaitinn nó go dtoilíonn gach ceadúnaí faoin bpaitinn leis an iarratas, an formhuiniú a chealú dá réir sin.
(2) Laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis paitinn a bheith formhuinithe mar a dúradh, féadfaidh duine ar bith a bheidh á éileamh go bhfuil an paitinní, agus go raibh sé tráth an fhormhuinithe, coiscthe le conradh, a bhfuil leas ag an éilitheoir ann ó cheadúnais a dheonú faoin bpaitinn, a iarraidh ar an gCeannasaí an formhuiniú a chealú.
(3) Más deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas arna dhéanamh faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, go bhfuil agus go raibh cosc mar a dúradh ar an bpaitinní, cealóidh sé an formhuiniú; agus air sin dlífidh an paitinní suim a íoc, laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar, is ionann agus iarmhéid na dtáillí athnuachana uile a bheadh iníoctha dá mba nár formhuiníodh an phaitinn, agus mura n-íocfar an tsuim sin laistigh den tréimhse sin scoirfidh an phaitinn d'éifeacht a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.
(4) I gcás ina gcealófar formhuiniú paitinne faoin alt seo, beidh cearta agus dliteanais an phaitinní ina dhiaidh sin mar a bheidís dá mba rud é nach ndearnadh an formhuiniú.
(5) Déanfaidh an Ceannasaí aon iarratas a chuirfear chuige faoin alt seo a fhógairt ar an modh forordaithe; agus, laistigh den tréimhse fhorordaithe tar éis na fógartha sin—
(a) i gcás iarratais faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh aon duine leasmhar, agus
(b) i gcás iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an paitinní,
fógra a thabhairt don Cheannasaí i dtaobh freasúra leis an gcealú.
(6) I gcás ina dtabharfar aon fhógra freasúra den sórt sin, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir, agus tabharfaidh sé don iarratasóir agus don fhreasúróir caoi ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.
(7) Aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun formhuiniú paitinne breisithe a chealú, áireofar é mar iarratas chun formhuiniú na paitinne don phríomh-aireagán a chealú freisin, agus aon iarratas a dhéanfar faoin alt seo chun formhuiniú paitinne a bhfuil paitinn bhreisithe i bhfeidhm ina leith a chealú, áireofar é mar iarratas chun formhuiniú na paitinne breisithe a chealú freisin.
(8) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Formhuiniú éigeantach nó ceadúnas éigeantach.
39.—(1) Aon uair tar éis ceithre bliana a bheith caite ó dháta an iarratais ar phaitinn, nó trí bliana ó dháta séalaithe na paitinne, cibé acu sin is déanaí, féadfaidh aon duine leasmhar iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí ar cheadúnas faoin bpaitinn nó chun na focail “ceadúnais de cheart” a fhormhuiniú ar an bpaitinn ar an bhforas go ndearnadh mí-úsáid de na cearta monaplachta faoin bpaitinn.
(2) Is iad seo a leanas na forais, a meastar gur mí-úsáid ar chearta monaplachta iad, ar a bhféadfar iarratas a dhéanamh ar ordú faoin alt seo, is é sin le rá:
(a) nach bhfuil an t-aireagán paitinnithe, is féidir a oibriú go trádálach sa Stát, á oibriú go trádálach ann nó á oibriú amhlaidh go feadh lán an mhéid is féidir go réasúnach;
(b) nach bhfuil éileamh ar an earra paitinnithe sa Stát á fhreastal ar théarmaí réasúnacha, nó go bhfuil sé á fhreastal go feadh méid substainteach trí allmhairiú;
(c) go bhfuil oibriú trádálach an aireagáin sa Stát á chosc nó á bhac mar gheall ar an earra paitinnithe a bheith á allmhairiú;
(d) mar gheall ar dhiúltú ón bpaitinní ceadúnas nó ceadúnais a dheonú ar théarmaí réasúnacha—
(i) nach bhfuil soláthar á dhéanamh do mhargadh le haghaidh onnmhairiú an earra phaitinnithe arna mhonarú sa Stát; nó
(ii) go bhfuil oibriú nó oibriú éifeachtach aon aireagáin phaitinnithe eile sa Stát a fhónann go substaintiúil don ealaín á chosc nó á bhac; nó
(iii) go bhfuil dochar míchothrom á dhéanamh do bhunú nó d'fhorbairt gníomhaíochtaí tráchtála nó tionscail sa Stát;
(e) mar gheall ar choinníollacha atá curtha ag an bpaitinní le deonú ceadúnas faoin bpaitinn nó le ceannach, fruiliú nó úsáid an earra nó an phróisis phaitinnithe, go bhfuil dochar míchothrom á dhéanamh do mhonarú, d'úsáid nó do dhíol ábhar nach bhfuil á gcosaint ag an bpaitinn, nó do bhunú nó d'fhorbairt gníomhaíochtaí tráchtála nó tionscail sa Stát;
(f) go ndearnadh coinníoll atá, de bhua alt 54 den Acht seo, ar neamhní a chur isteach i gconradh a rinneadh tar éis tosach feidhme an Achta seo maidir le haon earra nó próiseas atá á chosaint ag an bpaitinn a dhíol nó a ligean ar léas nó maidir le ceadúnas chun é a úsáid nó a oibriú:
Ar choinníoll, chun a chinneadh an ndearnadh aon mhí-úsáid de na cearta monaplachta faoi phaitinn, go nglacfar leis go ndeonaítear paitinní d'aireagáin nua ní amháin chun an cheapadóireacht a spreagadh ach chun a áirithiú go ndéanfar, a mhéid is féidir sin, aireagáin nua a oibriú go trádálach sa Stát gan moill mhíchuí.
(3) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, féadfaidh an Ceannasaí, más deimhin leis gur suíodh aon cheann de na forais a dúradh, ordú a dhéanamh de réir an iarratais; agus más ordú chun ceadúnas a dheonú é, féadfaidh sé a cheangal go ndeonófar an ceadúnas ar cibé téarmaí is cuí leis an gCeannasaí:
Ar choinníoll—
(a) i gcás an t-iarratas a dhéanamh ar an bhforas nach bhfuil an t-aireagán paitinnithe á oibriú go trádálach sa Stát nó nach bhfuil sé á oibriú go feadh lán an mhéid is féidir go réasúnach agus gur dóigh leis an gCeannasaí go bhfuil an t-am atá caite ó séalaíodh an phaitinn neamhdhóthanach, ar chúis ar bith, chun go bhféadfaí é a oibriú amhlaidh, go bhféadfaidh sé, le hordú, an t-iarratas a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is dóigh leis a thabharfaidh dóthain ama chun an t-aireagán a oibriú amhlaidh;
(b) nach ndéanfar ordú faoin alt seo chun paitinn a fhormhuiniú ar an bhforas nach bhfuil soláthar á dhéanamh do mhargadh le haghaidh onnmhairiú an earra phaitinnithe, agus go mbeidh in aon cheadúnas a dheonófar faoin alt seo ar an bhforas sin cibé forálacha a fheicfear don Cheannasaí a bheith fóirsteanach chun srian a chur leis na tíortha ina bhféadfaidh an ceadúnaí an earra paitinnithe a dhíol nó a úsáid;
(c) nach ndéanfar aon ordú faoin alt seo i leith paitinne ar an bhforas go bhfuil oibriú nó oibriú éifeachtach aireagáin phaitinnithe eile sa Stát á chosc nó á bhac, mura deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil an paitinní i leith an aireagáin eile sin ábalta agus toilteanach ceadúnas i leith an aireagáin eile sin a dheonú don phaitinní agus dá cheadúnaithe ar théarmaí réasúnacha;
(d) go mbeidh aon cheadúnas a dheonófar neamh-eisiatach agus neamh-inaistrithe;
(e) go bhféadfar téarmaí aon cheadúnais a dheonófar a chumadh ar dhóigh go gcoiscfear ar an gceadúnaí aon earraí a allmhairiú isteach sa Stát a mbeadh a n-allmhairiú, dá mba dhaoine seachas an paitinní nó iad siúd a bheidh ag éileamh faoi a dhéanfadh é, ina shárú ar an bpaitinn, agus sa chás sin measfar an paitinní agus na ceadúnaithe uile faoin bpaitinn a bheith tar éis cúnant frithpháirteach a dhéanamh in aghaidh an allmhairithe sin.
(4) Nuair a bheidh an Ceannasaí á chinneadh an ndéanfaidh sé ordú de bhun aon iarratais den sórt sin, cuirfidh sé san áireamh na nithe seo a leanas, is é sin le rá:—
(a) nádúr an aireagáin, an t-am atá caite ó séalaíodh an phaitinn agus na bearta atá déanta cheana féin ag an bpaitinní nó ag aon cheadúnaí chun lán-úsáid a bhaint as an aireagán;
(b) ábaltacht aon duine dá ndeonófaí ceadúnas faoin ordú ar an aireagán a oibriú chun tairbhe an phobail; agus
(c) na fiontair ina rachadh an duine sin ag soláthar caipitil agus ag oibriú an aireagáin, má dheonaítear an t-iarratas;
ach ní bheidh de cheangal air nithe a chur san áireamh a tharla tar éis an t-iarratais a dhéanamh.
(5) Féadfaidh duine ar bith iarratas a dhéanamh faoin alt seo d'ainneoin é a bheith cheana féin ina shealbhóir ar cheadúnas faoin bpaitinn; agus ní bheidh urbhac ar aon duine aon ní dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a líomhnú mar gheall ar aon admháil a rinne sé, cibé acu i gceadúnas den sórt sin nó ar dhóigh eile é, nó mar gheall ar cheadúnas den sórt sin a bheith glactha aige.
(6) San alt seo folaíonn “earra paitinnithe” aon earra a dhéantar le próiseas paitinnithe.
Forálacha maidir le ceadúnais.
40.—(1) Más deimhin leis an gCeannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige faoin alt deiridh roimhe seo den Acht so, go bhfuil dochar míchothrom á dhéanamh do mhonarú, úsáid nó díol earraí nach bhfuil cosanta ag an bpaitinn mar gheall ar choinníollacha a chuir an paitinní le deonú ceadúnas faoin bpaitinn, nó le ceannach, fruiliú nó úsáid an earra nó an phróisis phaitinnithe, féadfaidh sé, faoi réir forálacha an ailt sin, a ordú ceadúnais faoin bpaitinn a dheonú do cibé custaiméirí de chuid an iarratasóra is cuí leis chomh maith le hiad a dheonú don iarratasóir.
(2) Má dhéantar iarratas faoin alt deiridh roimhe seo ó dhuine is sealbhóir ar cheadúnas faoin bpaitinn, féadfaidh an Ceannasaí, má dhéanann sé ordú chun ceadúnas a dheonú don iarratasóir, a ordú go gcealófar an ceadúnas atá ar marthain, nó féadfaidh sé, más cuí leis é, in ionad a ordú go ndeonófar ceadúnas don iarratasóir, a ordú go leasófar an ceadúnas atá ar marthain.
(3) Más rud é ar iarratas faoin alt deiridh roimhe seo go n-ordóidh an Ceannasaí ceadúnas a dheonú, féadfaidh sé a ordú go n-oibreoidh an ceadúnas—
(a) chun aon cheart a bhaint den phaitinní a bheadh aige mar phaitinní chun an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol nó chun ceadúnais faoin bpaitinn a dheonú;
(b) chun na ceadúnais uile atá ar marthain maidir leis an aireagán a chúlghairm.
(4) Bainfidh fo-alt (4) d'alt 37 den Acht seo le ceadúnas a deonaíodh de bhun ordú faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo faoi mar a bhaineann sé le ceadúnas a deonaíodh de bhun an ailt sin 37.
Formhuiniú etc., ar iarratas ó Aire Stáit.
41.—(1) Aon uair tar éis ceithre bliana a bheith caite ó dháta an iarratais ar phaitinn, nó trí bliana ó dháta séalaithe paitinne, cibé acu sin is déanaí, féadfaidh aon Aire Stáit iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí ar aon fhoras nó forais dá sonraítear in alt 39 den Acht seo chun na focail “ceadúnais de cheart” a fhormhuiniú ar an bpaitinn nó chun ceadúnas faoin bpaitinn a dheonú d'aon duine a shonrófar san iarratas; agus féadfaidh an Ceannasaí, más deimhin leis gur suíodh aon fhoras acu sin, ordú a dhéanamh de réir an iarratais.
(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (6) d'alt 39 den Acht seo agus ag alt 40 den Acht seo, a mhéid is infheidhme iad, maidir le hiarratas agus le hordú faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, faoi mar atá feidhm acu maidir le hiarratas agus le hordú faoin alt sin 39.
Aireagáin a bhaineann le bia nó le cógais leighis.
42.—(1) Gan dochar do na forálacha roimhe seo den Acht seo, má bhíonn paitinn i bhfeidhm—
(a) maidir le substaint is féidir a úsáid mar bhia nó mar chógas leighis nó i dtáirgeadh bia nó cógais leighis; nó
(b) maidir le próiseas chun substaint mar a dúradh a tháirgeadh; nó
(c) maidir le haon aireagán is féidir a úsáid mar chóir liachta nó mháinliachta nó mar chóir shlánaithe eile, nó mar chuid den chéanna,
déanfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ó aon duine leasmhar, a ordú ceadúnas faoin bpaitinn a dheonú don iarratasóir ar cibé téarmaí is cuí leis, mura dóigh leis, ag féachaint dá mhéid is inmhianaithe go dtabharfaí spreagadh do cheapadóirí agus d'fhás agus d'fhorbairt an tionscail agus do cibé nithe eile is iomchuí leis, go bhfuil réasúin mhaithe ann chun an t-iarratas a dhiúltú.
(2) Nuair a bheidh téarmaí ceadúnais faoin alt seo á socrú ag an gCeannasaí, féachfaidh sé lena áirithiú go mbeidh bia, leigheasanna agus córacha liachta agus máinliachta agus córacha slánaithe eile ar fáil ag an bpobal ar na praghsanna is ísle i gcomhréir le tairbhe réasúnach a bheith le fáil ag na paitinnithe as a gcearta paitinne.
(3) Tabharfaidh ceadúnas a dheonófar faoin alt seo teideal don cheadúnaí an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol mar bhia nó mar chógas leighis, nó chun bia nó cógas leighis a tháirgeadh, nó mar chóir liachta nó mháinliachta nó cóir shlánaithe eile, nó mar chuid den chéanna ach ní chun aon chríocha eile.
Paitinn a chúlghairm tar éis ceadúnas a dheonú.
43.—(1) I gcás ordú a bheith déanta chun ceadúnas faoi phaitinn a dheonú de bhun iarratais faoi alt 39 den Acht seo, féadfaidh aon duine leasmhar, uair ar bith tar éis dhá bhliain a bheith caite ó dháta an ordaithe sin, a iarraidh ar an gCeannasaí an phaitinn a chúlghairm ar aon fhoras dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 39; agus más rud é, i gcás aon iarratais den sórt sin, gur deimhin leis an gCeannasaí—
(a) gur suíodh aon fhoras acu sin; agus,
(b) nach bhféadfaí na críocha chun ar féidir ordú a dhéanamh de bhun iarratais faoin alt sin 39 a ghnóthú trí aon ordú a dhéanamh den sórt a údaraítear a dhéanamh de bhun iarratais den sórt sin,
féadfaidh sé a ordú an phaitinn a chúlghairm.
(2) Féadfar ordú ag cúlghairm paitinne faoin alt seo a dhéanamh ar dhóigh go mbeidh éifeacht leis gan choinníoll, nó i gcás nach gcomhlíonfar, laistigh de cibé tréimhse réasúnach a shonrófar san ordú, cibé coinníollacha a fhorchuirfidh an t-ordú d'fhonn na críocha a dúradh a ghnóthú, agus féadfaidh an Ceannasaí, ar chúis réasúnach a shuíomh in aon chás, aon tréimhse a shonrófar amhlaidh a fhadú le hordú ina dhiaidh sin.
An nós imeachta i gcás iarratas faoi alt 39 go 43.
44.—(1) Sonrófar i ngach iarratas faoi ailt 39 go 43 den Acht seo cad é an cineál ordaithe atá á iarraidh ag an iarratasóir agus beidh ráiteas ann (a bheidh le fíorú ar cibé modh a bheidh forordaithe) ina luafar cad é an cineál leasa (más ann), atá ag an iarratasóir agus cad iad na fíorais is foras don iarratas.
(2) Más deimhin leis an gCeannasaí, ar aon iarratas den sórt sin a bhreithniú, gur tugadh cás prima facie le hordú a dhéanamh, ordóidh sé don iarratasóir cóipeanna den iarratas a sheirbheáil ar an bpaitinní agus ar aon daoine eile ar léir ó chlár na bpaitinní go bhfuil leas acu sa phaitinn ar ina leith a dhéantar an t-iarratas, agus fógróidh sé an t-iarratas san Irisleabhar.
(3) Féadfaidh an paitinní nó aon duine eile ar mian leis dul i bhfreasúra leis an iarratas fógra freasúra a thabhairt don Cheannasaí laistigh de cibé tréimhse a bheidh forordaithe nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Ceannasaí de thoradh iarratais (arna dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse forordaithe nó ina dhiaidh sin).
(4) In aon fhógra freasúra den sórt sin beidh ráiteas (a bheidh le fíorú ar cibé modh a bheidh forordaithe) ina leagfar amach forais an fhreasúra leis an iarratas.
(5) Má thugtar go cuí aon fhógra freasúra den sórt sin, cuirfidh an Ceannasaí é sin in iúl don iarratasóir, agus, faoi réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo maidir le headráin, tabharfaidh sé caoi don iarratasóir agus don fhreasúróir ar éisteacht a fháil sula gcinnfidh sé an cás.
Achomharc agus imeachtaí a chur faoi bhraid eadránaí.
45.—(1) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon ordú a dhéanfaidh an Ceannasaí de bhun iarratais faoi ailt 39 go 43 den Acht seo.
(2) I gcás aon achomhairc faoin alt seo, beidh an tArd-Aighne, nó cibé abhcóide eile a cheapfaidh sé, i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil.
(3) I gcás ina mbeifear i bhfreasúra le haon iarratas den sórt sin de réir an ailt deiridh roimhe seo, agus—
(a) go dtoileoidh na páirtithe; nó
(b) gur gá sna himeachtaí scrúdú fada a dhéanamh ar dhoiciméid nó aon imscrúdú eolaíoch nó áitiúil nach féidir, i dtuairim an Cheannasaí, a dhéanamh go caothúil os a chomhair féin,
féadfaidh an Ceannasaí, tráth ar bith, a ordú go ndéanfar na himeachtaí uile, nó aon cheist nó saincheist fíorais a éireoidh iontu, a chur faoi bhráid eadránaí ar a gcomhaontóidh na páirtithe nó, cheal comhaontaithe, a cheapfaidh an Ceannasaí.
(4) I gcás ina gcuirfear na himeachtaí uile faoi bhráid eadránaí mar a dúradh, ní bheidh feidhm ag alt 35 den Acht Eadrána, 1954 (a bhaineann le sonrú cásanna ag eadránaithe chun breith na hArd-Chúirte a fháil orthu) maidir leis an eadráin; ach, mura rud é go gcomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt sula ndéanfar dámhachtain an eadránaí, féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh na dámhachtana.
(5) I gcás ina gcuirfear ceist nó saincheist fíorais faoi bhráid eadránaí mar a dúradh, tuairisceoidh an t-eadránaí a chinntí don Cheannasaí.
Forálacha forlíontacha maidir le ceadúnais.
46.—(1) Gan dochar d'aon mhodh eile chun é a chur i bhfeidhm, beidh éifeacht ag aon ordú faoin Acht seo chun ceadúnas a dheonú ionann is dá mba ghníomhas é, arna fhorghníomhú ag an bpaitinní agus ag gach páirtí eile is gá, a dheonaíonn ceadúnais de réir an ordaithe.
(2) Féadfar ordú a dhéanamh ar iarratas faoi ailt 39 go 41 den Acht seo chun na focail “ceadúnais de cheart” a fhormhuniú ar phaitinn d'ainneoin aon chonartha a chuirfeadh cosc le formhuiniú na paitinne ar iarratas ón bpaitinní faoi alt 37 den Acht seo; agus beidh ag aon ordú den sórt sin an éifeacht chéanna chun gach críche a bheadh ag formhuiniú arna dhéanamh de bhun iarratais faoin alt sin 37.
(3) Ní dhéanfar aon ordú de bhun aon iarratais faoi ailt 39 go 43 den Acht seo a bheadh ag neamhréiteach le haon chonradh, coinbhinsiún, comhshocraíocht nó gealltanas a bhaineann leis an Stát agus le haon tír choinbhinsiúin.
Foilsiú roimh ré.
47.—(1) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, ní mheasfar réamhaíocht a bheith déanta i leith aireagáin a éilítear i sonraíocht iomlán de bhíthin amháin gur foilsíodh an t-aireagán roimh dháta tosaíochta an éilimh iomchuí sa tsonraíocht, má chruthaíonn an paitinní nó iarratasóir na paitinne—
(a) gur uaidh féin nó (i gcás nach é féin an fiórcheapadóir agus an chéadcheapadóir) ó aon duine óna ngabhann sé teideal a fuarthas an t-ábhar a foilsíodh, agus gur foilsíodh é gan a thoiliú nó gan toiliú aon duine den sórt sin; agus
(b) go ndearnadh an t-iarratas ar phaitinn nó (i gcás iarratais choinbhinsiúin) an t-iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin tráth nach mó ná sé mhí i ndiaidh dáta an fhoilsithe sin:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo má bhí an t-aireagán á oibriú go trádálach sa Stát roimh dháta tosaíochta an éilimh, ar dhóigh seachas chun triail réasúnach a dhéanamh air, ag an bpaitinní nó ag iarratasóir na paitinne nó ag aon duine óna ngabhann sé teideal, nó ag aon duine eile le toiliú an phaitinní nó iarratasóir na paitinne nó le toiliú aon duine óna ngabhann sé teideal.
(2) I gcás ina gcomhdófar sonraíocht iomlán de bhun iarratais ar phaitinn ó dhuine arb é an fíorcheapadóir agus an chéadcheapadóir é nó ó dhuine a ghabhann teideal uaidh, ní mheasfar go ndearnadh réamhaíocht ar aireagán a éilítear sa tsonraíocht sin de bhíthin amháin aon iarratas eile ar phaitinn i leith an aireagáin chéanna a bheith déanta, contrártha do chearta an duine sin, ná de bhíthin amháin go ndearnadh, tar éis dáta comhdaithe an iarratais eile sin, an t-aireagán a úsáid nó a fhoilsiú, gan toiliú an duine sin, ag an iarratasóir i leith an iarratais eile sin, nó ag aon duine eile de dhroim aon eolas i dtaobh an aireagáin sin a bheith nochta ag an iarratasóir sin, má rinneadh an t-iarratas céadluaite tráth nach mó ná sé mhí tar éis aon úsáide nó foilsithe den sórt sin.
(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí glacadh le sonraíocht iomlán nó paitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear paitinn ná ní chuirfear ó bhail í de bhíthin amháin gur bhain aon imthosca leis an gcás nach ionann, de bhua an ailt seo, agus réamhaíocht i leith an aireagáin a éilítear sa tsonraíocht.
Páirtiú, taispeáint nó oibriú roimh ré.
48.—(1) Ní mheasfar réamhaíocht a bheith déanta i leith aireagáin de bhíthin amháin go ndearnadh an t-aireagán a éilítear i sonraíocht iomlán a pháirtiú le hAire Stáit no le haon duine a bhí údaraithe ag Aire Stáit chun an t-aireagán nó a fhiúntas a imscrúdú.
(2) Ní mheasfar réamhaíocht a bheith déanta i leith aireagáin mar gheall ar an aireagán a thaispeáint ag taispeántas idir náisiúnta, a ndeimhneoidh an tAire gur taispeántas idirnáisiúnta é ná mar gheall ar aon tuairisc ar an aireagán a fhoilsiú i rith na tréimhse a bheidh an taispeántas ar siúl, ná mar gheall ar an aireagán a úsáid chun críche an taispeántais san áit ina mbeidh an taispeántas ar siúl, ná mar gheall ar an aireagán a úsáid i rith na tréimhse a bheidh an taispeántas ar siúl ag aon duine in áit eile, gan ionpháirteacht nó toiliú an cheapadóra:
Ar choinníoll—
(a) go dtabharfaidh an taispeántóir, sula dtaispeánfaidh sé an t-aireagán, nó a cheadóidh sé an foilsiú sin, an fógra forordaithe don Cheannasaí go bhfuil ar intinn aige é sin a dhéanamh; agus
(b) go ndéanfar an t-iarratas ar phaitinn roimh dháta oscailte an taispeántais nó laistigh de shé mhí ina dhiaidh sin.
(3) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí glacadh le sonraíocht iomlán nó paitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear paitinn ná ní chuirfear ó bhail í, de bhíthin amháin gur bhain aon imthosca leis an gcás nach ionann, de bhua an ailt seo, agus réamhaíocht i leith an aireagáin a éilítear sa tsonraíocht.
Abhar a úsáid agus a fhoilsiú tar éis sonraíochta sealadaí nó iarratais choigríche.
49.—(1) I gcás ina gcomhdófar sonraíocht iomlán nó ina rachfar ar aghaidh léi de bhun iarratais lenar ghabh sonraíocht shealadach nó sonraíocht a áirítear, de bhua ordacháin faoi fho-alt (4) d'alt 8 den Acht seo, mar shonraíocht shealadach, ansin, d'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí an phaitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear an phaitinn ná ní chuirfear ó bhail í de bhíthin amháin go ndearnadh aon ábhar a tuairiscíodh sa tsonraíocht shealadach nó sa tsonraíocht a áirítear mar a dúradh ina sonraíocht shealadach a úsáid nó a fhoilsiú tráth ar bith i ndiaidh dáta comhdaithe na sonraíochta sin.
(2) I gcás ina gcomhdófar sonraíocht iomlán de bhun iarratais choinbhinsiúin, ansin, d'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhiúltóidh an Ceannasaí an phaitinn a dheonú, agus ní chúlghairfear an phaitinn ná ní chuirfear ó bhail í de bhíthin amháin go ndearnadh aon ábhar a nochtadh in aon iarratas ar chosaint i dtír choinbhinsiúin agus ar a mbeidh an t-iarratas coinbhinsiúin bunaithe, a úsáid nó a fhoilsiú tráth ar bith i ndiaidh dáta an iarratais sin ar chosaint.
An dáta tosaíochta i gcás aireagán a fháil.
50.—I gcás ina ndéanfar iarratas ar phaitinn d'aireagán a éilíodh i sonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun aon iarratais eile den sórt sin, ansin, más rud é—
(a) gur dhiúltaigh an Ceannasaí paitinn a dheonú de bhun an iarratais eile sin ar an bhforas a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 den Acht seo; nó
(b) go ndearna an chúirt nó an Ceannasaí cúlghairm ar phaitinn a deonaíodh de bhun an iarratais eile sin ar an bhforas a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 nó i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo; nó
(c) go ndearnadh an tsonraíocht iomlán a comhdaíodh de bhun an iarratais eile sin a leasú, in imeachtaí faoi alt 19, alt 34 nó alt 35 den Acht seo, tríd an éileamh maidir leis an aireagán sin a eisiamh de dhroim an Ceannasaí nó an Chúirt a chinneadh go bhfuair an t-iarratasóir nó an paitinní an t-aireagán ó aon duine eile,
féadfaidh an Ceannasaí a ordú go measfar, chun críocha na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le dáta tosaíochta na n-éileamh i sonraíochtaí iomlána, go ndearnadh an t-iarratas céadluaite agus aon sonraíocht a comhdaíodh dá bhun a chomhdú ar an dáta a comhdaíodh nó a measadh a comhdaíodh an doiciméad comhréire sna himeachtaí i gcás an iarratais eile sin.
Comhúinéireacht paitinní.
51.—(1) Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go ndeonófar paitinn do bheirt nó níos mó, beidh teideal ag gach duine acu sin, mura mbeidh comhaontú dá mhalairt i bhfeidhm, chun scair chomhionann neamhroinnte sa phaitinn.
(2) Faoi réir forálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, má chláraítear beirt nó níos mó mar dheontaí nó dílseánach paitinne, ansin, mura mbeidh comhaontú dá mhalairt i bhfeidhm, beidh teideal ag gach duine acu sin, leis féin nó trína ghníomhairí, chun an t-aireagán paitinnithe a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol chun tairbhe dó féin gan cuntas a thabhairt ann don duine nó do na daoine eile.
(3) Faoi réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, agus aon chomhaontaithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ní dheonófar ceadúnas faoi phaitinn, agus ní shannfar scair i bpaitinn, ach amháin le toiliú na ndaoine go léir, seachas an ceadúnóir nó an sannóir, a bheidh cláraithe mar dheontaí nó dílseánach na paitinne.
(4) Nuair a dhéanfaidh duine amháin de bheirt nó níos mó, a bheidh cláraithe mar dheontaí nó dílseánach paitinne, earra a dhíol, beidh teideal ag an gceannaitheoir, agus ag aon duine a bheidh ag éileamh tríd, chun déileáil leis an earra ionann is dá mba phaitinní aonair a dhíol an earra.
(5) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm ag na rialacha dlí a bhaineann le húinéireacht agus cineachadh maoine pearsanta i gcoitinne maidir le paitinní faoi mar atá feidhm acu maidir le hábhair eile i gcaingean; agus ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo difear do chearta nó oibleagáidí frithpháirteacha iontaobhaithe, nó ionadaithe pearsanta, duine mhairbh, nó dá gcearta nó dá n-oibleagáidí sa cháil sin dóibh.
Cumhacht an Cheannasaí chun ordacháin a thabhairt do chomhúinéirí.
52.—(1) I gcás ina mbeidh beirt nó níos mó cláraithe mar dheontaí nó dílseánach paitinne, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ar an modh forordaithe ó aon duine acu sin, cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt de réir an iarratais maidir leis an bpaitinn, nó aon leas inti, a dhíol nó a ligean ar léas, maidir le ceadúnais faoin bpaitinn a dheonú, nó maidir le haon cheart ina leith faoin alt deiridh sin roimhe seo a fheidhmiú.
(2) Má fhaillíonn aon duine a bheidh cláraithe mar dheontaí nó dílseánach na paitinne aon ionstraim a fhorghníomhú nó aon ní eile a dhéanamh is gá chun aon ordachán a tugadh faoin alt seo a chomhlíonadh laistigh de cheithre lá dhéag tar éis d'aon duine de na daoine eile atá cláraithe amhlaidh a iarraidh air i scríbhinn é sin a dhéanamh, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas a dhéanamh chuige ar an modh forordaithe ó aon duine eile den sórt sin, ordacháin a thabhairt á chumhachtú d'aon duine an ionstraim sin a fhorghníomhú nó an ní sin a dhéanamh in ainm agus thar ceann an duine a rinne an fhaillí.
(3) Sula dtabharfaidh sé ordacháin de bhun iarratais faoin alt seo, tabharfaidh an Ceannasaí caoi chun éisteacht a fháil—
(a) i gcás iarratais faoi fho-alt (1) den alt seo, don duine nó do na daoine eile a cláraíodh mar dheontaí nó dílseánach na paitinne;
(b) i gcás iarratais faoi fho-alt (2) den alt seo, don duine a rinne an fhaillí.
(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh nó ordacháin a thabharfaidh Ceannasaí faoin alt seo.
(5) Ní thabharfar aon ordachán faoin alt seo ar dhóigh a dhéanfadh difear do chearta nó oibleagáidí frithpháirteacha iontaobhaithe, nó ionadaithe pearsanta, duine mhairbh, nó dá gcearta nó dá n-oibleagáidí sa cháil sin dóibh.
Díospóidí maidir le haireagáin a rinne fostaithe.
53.—(1) Má éiríonn díospóid idir fostóir agus duine atá, nó a bhí, san am iomchuí, ina fhostaí aige, maidir le cearta na bpáirtithe i leith aireagáin a rinne an fostaí ina aonar nó i gcomhar le fostaithe eile, nó i leith aon phaitinne a deonaíodh nó a bheidh le deonú ina leith, féadfaidh an Ceannasaí, ar iarratas san fhoirm fhorordaithe a dhéanamh chuige ó cheachtar de na páirtithe, agus tar éis caoi a thabhairt do gach páirtí acu ar éisteacht a fháil, an t-ábhar faoi dhíospóid a chinneadh, agus féadfaidh sé cibé orduithe is fóirsteanach leis a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt dá chinneadh.
Ar choinníoll, má fheictear don Cheannasaí, i gcás aon iarratais faoin alt seo, go mbaineann leis an ábhar faoi dhíospóid ceisteanna ar mó ba chuí iad a chinneadh ag an gCúirt, go bhféadfaidh sé diúltú déileáil leis.
(2) In imeachtaí os comhair na Cúirte idir fostóir agus duine atá, nó a bhí, san am iomchuí, ina fhostaí aige, nó i gcás iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt nó an Ceannasaí, mura rud é gur deimhin léi, nó leis, go bhfuil teideal ag ceachtar de na páirtithe, agus go bhfuil an pairtí eile eisiata ó theideal, chun sochar aireagáin a rinne an fostaí, a fhoráil, le hordú, go gcionroinnfear eatarthu sochar an aireagáin, agus aon phaitinne a deonaíodh nó a dheonófar ina leith, ar cibé modh is cóir leis an gCúirt nó leis an gCeannasaí.
(3) An cinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo, beidh leis, amhail idir na páirtithe agus daoine a bheidh ag éileamh fúthu, an éifeacht chéanna a bheadh le cinneadh ag an gCúirt.
(4) Féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí faoin alt seo.
Neamhniú coinníollacha áirithe a ghabhann le hearraí paitinnithe a dhíol, etc.
54.—(1) Ní dleathach, in aon chonradh maidir le haon earra nó próiseas a bheidh cosanta ag paitinn a dhíol nó a ligean ar léas, ná maidir le ceadúnas chun é a úsáid nó a oibriú, coinníoll a chur isteach a bhéarfaidh, go díreach nó go neamhdhíreach—
(a) go ndéanfar an ceannaitheoir, an léasaí nó an ceadúnaí a chosc nó a shrianadh ó úsáid a dhéanamh d'aon earra nó d'aon chineál earraí, paitinnithe nó gan bheith paitinnithe, nó d'aon phróiseas paitinnithe, a sholáthraítear nó atá ar úinéireacht ag duine ar bith seachas an díoltóir, an léasóir, nó an ceadúnóir nó a ainmnithigh, nó—
(b) go gceanglófar ar an gceannaitheoir, ar an léasaí, nó ar an gceadúnaí aon earra nó aon chineál earraí nach bhfuil cosanta ag an bpaitinn a fháil ón díoltóir, ón léasóir, ón gceadúnóir nó óna ainmnithigh;
agus beidh aon choinníoll den sórt sin ar neamhní:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é—
(i) go gcruthóidh an díoltóir, an léasóir, nó an ceadúnóir go raibh sé de rogha ag an gceannaitheoir, ag an léasaí, nó ag an gceadúnaí an tráth a rinneadh an conradh, an earra a cheannach nó léas nó ceadúnas a fháil ar théarmaí réasúnacha, gan coinníollacha den sórt a dúradh; agus
(ii) go dtugann an conradh teideal don cheannaitheoir, don léasaí nó don cheadúnaí é féin a fhuascailt óna dhliteanas chun aon choinníoll den sórt sin a chomhlíonadh má thugann sé don pháirtí eile fógra trí mhí i scríbhinn agus go n-íocfaidh sé mar chúiteamh san fhuascailt sin, i gcás earra a cheannach, cibé suim, nó i gcás léasa nó ceadúnais, cibé cíos nó ríchíos ar feadh a mbeidh fágtha de théarma an chonartha, a shocróidh eadránaí a bheidh ceaptha ag an Aire.
(2) In aon chaingean, iarratas, nó imeachtaí faoin Acht seo, ní bheidh urbhac ar aon duine fuascailt a iarraidh nó a fháil de bhíthin aon admhála a rinne sé maidir le réasúnacht na dtéarmaí a tairgeadh dó faoi mhír (i) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt roimhe seo.
(3) Féadfaidh ceachtar páirtí, ar fhógra trí mhí i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile, aon chonradh maidir le haon earra paitinnithe nó aon phróiseas paitinnithe a ligean ar léas, nó maidir le ceadúnas chun é a úsáid nó a oibriú, a fhoirceannadh tráth ar bith tar éis an phaitinn nó na paitinní go léir lenar cosnaíodh an earra nó an próiseas an tráth a rinneadh an conradh, a scor de bheith i bhfeidhm, agus d'ainneoin aon ní contrártha dó sin sa chonradh sin nó in aon chonradh eile.
(4) Má chuireann an paitinní isteach i gconradh aon choinníoll atá ar neamhní de bhua an ailt seo, beidh sin ar fáil mar chosaint ar chaingean mar gheall ar shárú na paitinne lena mbaineann an conradh a thionscnófar le linn an conradh sin a bheith i bhfeidhm.
(5) Ní bheidh aon ní san alt seo ina ní—
(a) a dhéanfaidh difear d'aon choinníoll i gconradh trína dtoirmisctear ar dhuine aon earraí a dhíol seachas earraí duine áirithe; nó
(b) a fhorléireofar mar ní a dhéanann bailí aon chonradh a bheadh neamhbhailí murach an t-alt seo; nó
(c) a dhéanfaidh difear d'aon cheart chun conradh nó coinníoll i gconradh a fhoirceannadh má tá sin infheidhmithe ar leithligh ón alt seo; nó
(d) a dhéanfaidh difear d'aon choinníoll i gconradh le haghaidh léasa ar earra paitinnithe, nó ceadúnais chun a úsáidte, trína bhforcoimeádann an léasóir nó an ceadúnóir dó féin, nó dá ainmnithigh, an ceart chun cibé codanna nua den earra paitinnithe a sholáthar a bheidh riachtanach chun é a dheisiú nó a choimeád i ndeisriocht.
CUID V.
Imeachtaí mar gheall ar Phaitinní a Shárú.
Srianta le gnóthú damáistí mar gheall ar phaitinní a shárú.
55.—(1) In imeachtaí mar gheall ar phaitinn a shárú, ní dhámhfar damáistí in aghaidh cosantóra a chruthóidh nach raibh a fhios aige, agus nach raibh aon chúis réasúnach aige chun a cheapadh, ar dháta an tsáraithe, go raibh an phaitinn ar marthain; agus ní mheasfar go raibh a fhios ag duine nó go raibh cúis réasúnach aige chun a cheapadh mar a dúradh de bhíthin amháin gur cuireadh chun feidhme ar earra an focal “paitinn”, “paitinnithe”, nó aon fhocal nó focail á chur in iúl nó á thabhairt le tuiscint go bhfuarthas paitinn sa Stát don earra, mura raibh uimhir na paitinne ag gabháil leis an bhfocal nó leis na focail sin.
(2) In aon imeacht mar gheall ar phaitinn a shárú, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, diúltú aon damáistí a dhámhachtain i leith aon sáraithe a rinneadh tar éis faillí in aon táille athnuachana a íoc laistigh den tréimhse fhorordaithe agus roimh aon fhadú ar an tréimhse sin.
(3) I gcás ina ndearnadh leasú i modh séanta, ceartaithe nó mínithe ar shonraíocht a cheadú faoin Acht seo tar éis an tsonraíocht a fhoilsiú, ní dhámhfar aon damáistí in aon imeachtaí i leith úsáid an aireagáin roimh an dáta ar ar cinneadh an leasú a cheadú, mura deimhin leis an gCúirt gur de mheon macánta agus le hoilteacht agus eolas réasúnach a cumadh an tsonraíocht mar a foilsíodh í i gcéaduair.
(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do chumhacht na Cúirte chun urghaire a dheonú in aon imeachtaí mar gheall ar phaitinn a shárú.
Ordú ar chuntas i gcaingean mar gheall ar shárú.
56.—I gcaingean mar gheall ar phaitinn a shárú, beidh an gearánaí i dteideal, más rogha leis é, cuntais ar bhrabúis in ionad damáistí.
Frithéileamh ar chúlghairm i gcaingean mar gheall ar shárú.
57.—Féadfaidh cosantóir i gcaingean mar gheall ar phaitinn a shárú, gan achainí a thíolacadh, iarratas a dhéanamh de réir rialacha cúirte i modh frithéilimh sa chaingean chun an phaitinn a chúlghairm.
Faoiseamh i gcás sárú ar shonraíocht a bhfuil cuid di bailí.
58.—(1) Más rud é, in imeachtaí mar gheall ar phaitinn a shárú, go gcinnfear gurb éileamh bailí aon éileamh sa tsonraíocht, a líomnaítear go ndearnadh sárú ina leith, ach gurb éileamh neamhbhailí aon éileamh eile inti, féadfaidh an Chúirt faoiseamh a dheonú i leith aon éilimh bhailí a sáraíodh:
Ar choinníoll nach ndeonóidh an Chúirt faoiseamh mar dhamáistí nó costais ach amháin sna himthosca a luaitear sa chéad fho-alt eile ina dhiaidh seo.
(2) Má chruthaíonn an gearánaí gur de mheon macánta agus le hoilteacht agus eolas réasúnach a cumadh an t-éileamh neamhbhailí, deonóidh an Chúirt faoiseamh i leith aon éilimh bhailí a sáraíodh, faoi réir rogha na Cúirte maidir le costais agus maidir leis an dáta ónar cheart damáistí a ríomh.
(3) Mar choinníoll a bhainfidh le faoiseamh faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an tsonraíocht a leasú chun a sástachta ar iarratas a dhéanamh chun na críche sin faoi alt 32 den Acht seo, agus féadfar iarratas den sórt sin a dhéanamh dá réir sin, cibé acu a cinneadh nó nár cinneadh na saincheisteanna eile go léir sna himeachtaí.
Imeachtaí mar gheall ar shárú ag ceadúnaí eisiatach.
59.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh ag sealbhóir ceadúnais eisiataigh faoi phaitinn an ceart céanna a bheidh ag an bpaitinní chun imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar shárú ar an bpaitinn i ndiaidh dáta an cheadúnais, agus nuair a bheidh an Chúirt ag dámhachtain damáistí nó ag deonú aon fhaoisimh eile in aon imeachtaí den sórt sin, cuirfidh sí san áireamh aon chaillteanas a bhain, nó is dócha a bhainfeadh, don cheadúnaí eisiatach sa cháil sin dó nó, de réir mar a bheidh, na brabúis a tuilleadh tríd an sárú, sa mhéid gur sárú é ar chearta an cheadúnaí eisiataigh sa cháil sin dó.
(2) In aon imeachtaí a thionscnóidh sealbhóir ceadúnais eisiataigh de bhua an ailt seo, cuirfear an paitinní isteach mar chosantóir breise mura bhfuil sé uamtha mar ghearánaí sna himeachtaí.
Ar choinníoll nach mbeidh paitinní a chuirfear isteach amhlaidh mar chosantóir breise faoi dhliteanas i leith aon chostas mura dtaifeadfaidh sé láithreas agus go nglacfaidh sé páirt sna himeachtaí.
Deimhniú gur conspóideadh bailíocht sonraíochta.
60.—(1) Má tharlaíonn in aon imeachtaí os comhair na Cúirte go ndéanfar bailíocht aon éilimh i sonraíocht a chonspóid, agus go gcinnfidh an Chúirt go bhfuil an t-éileamh sin bailí, féadfaidh an Chúirt a dheimhniú gur conspóideadh bailíocht an éilimh sin sna himeachtaí sin.
(2) I gcás inar deonaíodh aon deimhniú den sórt sin, ansin, más rud é, in aon imeachtaí ina dhiaidh sin os comhair na Cúirte mar gheall ar an bpaitinn a shárú nó chun an phaitinn a chúlghairm, go ndearnadh nó gur tugadh ordú nó breithiúnas críochnaitheach i bhfabhar an pháirtí a raibh a sheasamh ar bhailíocht na paitinne, beidh an páirtí sin, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, i dteideal a chostas amhail idir aturnae agus cliant, a mhéid a bhaineann leis an éileamh ar ina leith a deonaíodh an deimhniú:
Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le costais aon achomhairc in aon imeachtaí den sórt a dúradh.
Leigheas ar bhagairt gan bhonn go dtionscnófar imeaohtaí mar gheall ar shárú.
61.—(1) Má dhéanann duine ar bith (cibé acu atá nó nach bhfuil teideal nó leas aige maidir le paitinn nó iarratas ar phaitinn) le ciorcláin nó fógraí nó eile, imeachtaí mar gheall ar shárú paitinne a bhagairt ar aon duine eile, féadfaidh aon duine a bheidh éagóraithe dá chionn sin caingean a thionscnamh ina aghaidh ag iarraidh aon fhaoisimh den sórt a luaitear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo.
(2) Mura rud é, in aon chaingean a thionscnófar de bhua an ailt seo go gcruthóidh an cosantóir go bhfuil na gníomhartha ar ina leith a bagraíodh imeachtaí, nó go mbeidís, dá ndéantaí iad, ina sárú ar phaitinn nó ar chearta a thig as sonraíocht iomlán a fhoilsiú i leith éilimh sa tsonraíocht nach suífidh an gearánaí a bheith ina éileamh neamhbhailí, beidh an gearánaí i dteideal an fhaoisimh seo a leanas, is é sin le rá—
(a) dearbhú á rá nach bhfuil na bagairtí infhíréanaithe;
(b) urghaire in aghaidh leanúint de na bagairtí; agus
(c) cibé damáistí, más ann, a bhain dó dá ndeasca.
(3) Chun amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo nach bagairt imeachtaí de reir bhrí an ailt seo a chur in iúl go bhfuil paitinn ar marthain agus gan dul thairis sin.
Cumhacht na Cúirte chun dearbhú a dhéanamh maidir le neamhshárú.
62.—(1) Féadfaidh an Chúirt a dhearbhú nach bhfuil, nó nach mbeadh, úsáid aon phróisis ag aon duine, nó déanamh nó úsáid nó díol aon earra ag aon duine, ina shárú ar éileamh paitinne, in imeachtaí idir an duine sin agus an paitinní nó sealbhóir ceadúnais eisiataigh faoin bpaitinn, d'ainneoin nach ndearna an paitinní nó an ceadúnaí aon ráiteas contrártha dó sin, má shuitear—
(a) go bhfuil an gearánaí tar éis a iarraidh i scríbhinn ar an bpaitinní nó ar an gceadúnaí admháil i scríbhinn a thabhairt dó i gcomhéifeacht leis an dearbhú a éilítear, agus gur thug sé dó i scríbhinn sonraí iomlána an phróisis nó an earra atá i gceist; agus
(b) gur dhiúltaigh nó gur fhailligh an paitinní nó an ceadúnaí admháil den sórt sin a thabhairt.
(2) Is é an gearánaí a íocfaidh costais na bpáirtithe uile in imeachtaí ag iarraidh dearbhú a thionscnófar de bhua an ailt seo, mura rud é gur cuí leis an gCúirt, ar chúiseanna speisialta, a mhalairt a ordú.
(3) Ní dhéanfar bailíocht éilimh i sonraíocht paitinne a thabhairt faoi cheist in imeachtaí ag iarraidh dearbhú a thionscnófar de bhua an ailt seo, agus dá réir sin ní mheasfar gurb intuigthe as dearbhú den sórt sin a dhéanamh nó a dhiúltú i gcás paitinne gur paitinn bhailí í.
(4) Féadfar imeachtaí ag iarraidh dearbhú a thionscnamh de bhua an ailt seo tráth ar bith tar éis dáta foilsithe na sonraíochta iomláine de bhun iarratais ar phaitinn, agus forléireofar dá réir sin tagairt san alt seo don phaitinní.
CUID VI.
Clár na bPaitinní.
Clár na bpaitinní.
63.—(1) Leanfar de chlár paitinní a choimeád san Oifig, ina dtaifeadfar sonraí i dtaobh paitinní atá i bhfeidhm, i dtaobh sannadh agus tarchur paitinní agus i dtaobh ceadúnas faoi phaitinní, agus fógra i dtaobh na n-ábhar go léir a cheanglaítear leis an Acht seo, nó faoi, a thaifeadadh sa chlár, agus i dtaobh cibé ábhar eile, a bhaineann le bailíocht nó dílseánacht paitinní, is cuí leis an gCeannasaí.
(2) Faoi réir forálacha an Achta seo agus aon rialacha a dhéanfaidh an tAire beidh clár na bpaitinní ar oscailt gach tráth caothúil lena scrúdú ag an bpobal; agus déanfar cóipeanna deimhnithe, arna séalú le séala an Cheannasaí, d'aon taifead sa chlár a thabhairt d'aon duine a éileoidh iad ar an táille fhorordaithe a íoc.
(3) Beidh clár na bpaitinní ina fhianaise prima facie ar aon ábhair a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó faoi, iad a thaifeadadh ann.
(4) Ní dhéanfar aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais, cibé acu sainráite, intuigthe nó inchiallaithe dó, a thaifeadadh i gclár na bpaitinní, agus ní bheidh an Ceannasaí faoi éifeacht aon fhógra den sórt sin.
Sannadh, etc., a chlárú.
64.—(1) I gcás duine a theacht, trí shannadh nó tarchur, trí oibriú dlí nó ar aon mhodh aistrithe eile, chun bheith i dteideal paitinne nó scaire i bpaitinn, nó a theacht chun bheith i dteideal aon leasa eile i bpaitinn, mar mhorgáistí, mar cheadúnaí nó eile, déanfaidh sé iarratas chun an Cheannasaí ar an modh forordaithe á iarraidh a theideal mar dhílseánach nó comhdhílseánach nó, de réir mar a bheidh, fógra i dtaobh a leasa, a chlárú i gclár na bpaitinní.
(2) Gan dochar d'fhorálacha an fho-ailt roimhe seo, i gcás aon duine a theacht i dteideal paitinne nó scaire i bpaitinn trí shannadh, nó a theacht i dteideal aon leasa eile i bpaitinn de bhua morgáiste, ceadúnais nó ionstraime eile, féadfaidh an sannóir, an morgáisteoir, an ceadúnóir nó páirtí eile san ionstraim sin, cibé acu é, iarratas a dhéanamh ar an modh forordaithe chun teideal an duine sin a chlárú.
(3) Nuair a dhéanfar iarratas faoin alt seo chun teideal aon duine a chlárú, déanfaidh an Ceannasaí, ar an teideal a chruthú chun a shástachta—
(a) i gcás an duine sin a bheith i dteideal paitinne nó scaire i bpaitinn, é a chlárú i gclár na bpaitinní mar dhílseánach nó comhdhílseánach na paitinne, agus sonraí na hionstraime nó an teagmhais óna ngabhann sé teideal a thaifeadadh sa chlár sin; nó
(b) i gcás an duine sin a bheith i dteideal aon leasa eile sa phaitinn, fógra i dtaobh a leasa, maraon le sonraí na hionstraime (más ann) a bhunaigh é, a thaifeadadh sa chlár sin.
(4) Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le comhúinéireacht paitinní, agus freisin faoi réir aon chearta a dílsíodh d'aon duine eile agus a mbeidh fógra ina dtaobh taifeadta i gclár na bpaitinní, beidh sé de chumhacht ag an duine nó ag na daoine a cláraíodh mar dheontaí nó dílseánach paitinne an phaitinn a shannadh, ceadúnais a dheonú fúithi, nó déileáil léi ar dhóigh eile, agus admhálacha éifeachtúla a thabhairt ar aon chomaoin mar gheall ar aon sannadh, ceadúnas nó déileáil den sórt sin:
Ar choinníoll go bhféadfar aon chothromais i leith na paitinne a chur i bhfeidhm ar an modh céanna ina ndéanfaí sin i leith aon mhaoine pearsanta eile.
(5) Féadfaidh rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a cheangal go ndéanfar cóipeanna de cibé gníomhais, ceadúnais agus doiciméad eile a bheidh forordaithe a sholáthar don Cheannasaí lena gcomhdú san Oifig.
(6) Ach amháin chun críocha iarratais chun an clár a cheartú faoi na forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, ní dhéanfar doiciméad nach ndearnadh aon taifead ina leith i gclár na bpaitinní faoi fho-alt (3) den alt seo a ghlacadh in aon chúirt mar fhianaise ar theideal aon duine chun paitinne nó chun scaire nó leasa i bpaitinn mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.
Cumhacht na Cúirte chun an clár a leasú.
65.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfaidh an Chúirt, i gcás iarratais ar an modh forordaithe ó aon duine arb éagóir leis aon taifead áirithe a bheith gan cur sa chlár nó a bheith fágtha as nó aon taifead a bheith curtha sa chlár gan cúis leordhóthanach, nó aon taifead a bheith á fhágáil go mícheart ar an gclár, nó aon earráid nó locht a bheith in aon taifead sa chlár, cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun an taifead sin a dhéanamh, a scriosadh nó a athrú.
(2) Féadfaidh an Chúirt, in aon imeacht faoin alt seo, aon cheist a chinneadh is gá nó is fóirsteanach a chinneadh i ndáil le ceartú an chláir.
(3) Tabharfar an fógra forordaithe i dtaobh aon iarratais faoin alt seo don Cheannasaí, agus beidh de cheart aige láithriú agus éisteacht a fháil air, agus láithreoidh sé má ordaíonn an Chúirt amhlaidh. Mura rud é go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, féadfaidh an Ceannasaí, in ionad láithriú agus éisteacht a fháil, ráiteas i scríbhinn faoina láimh a chur faoi bhráid na Cúirte, ag tabhairt sonraí i dtaobh na n-imeachtaí os a chomhair i ndáil leis an ábhar a bheidh i saincheist nó i dtaobh na bhforas a bhí le haon chinneadh a thug sé agus a bhain leis an gcéanna nó i dtaobh chleachtas na hOifige i gcásanna dá shamhail, nó i dtaobh aon ábhar eile a bhfuil baint acu leis na saincheisteanna agus atá ar eolas aige mar Cheannasaí, de réir mar is cuí leis, agus measfar gur cuid den fhianaise san imeacht an ráiteas sin.
(4) I gcás calaoise i gclárú nó i dtarchur paitinne, féadfaidh an Ceannasaí féin iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi fhorálacha an ailt seo.
(5) In aon ordú ón gCúirt chun an clár a cheartú, ordófar fógra i dtaobh an cheartaithe a sheirbheáil ar an gCeannasaí ar an modh forordaithe, agus ar an bhfógra sin a fháil dó ceartóidh an Ceannasaí an clár dá réir.
(6) Féadfar, de rogha an iarratasóra, aon iarratas faoin alt seo (seachas iarratas ón gCeannasaí) a dhéanamh chun an Cheannasaí ar an gcéad ásc, agus sa chás sin beidh ag an gCeannasaí cumhachtaí uile na Cúirte faoin alt seo, ach féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an Cheannasaí.
Cumhacht chun earráidí cléireachais, etc., a cheartú.
66.—(1) Féadfaidh an Ceannasaí, de réir forálacha an ailt seo, ceartú a dhéanamh ar aon earráid chléireachais in aon phaitinn, in aon iarratas ar phaitinn, nó in aon doiciméad a comhdaíodh de bhun iarratais den sórt sin, nó, gan dochar d'fho-alt (6) den alt deiridh roimhe seo, ar aon earráid i gclár na bpaitinní.
(2) Féadfar ceartú a dhéanamh de bhun an ailt seo má iarrann aon duine leasmhar é sin i scríbhinn lena ngabhfaidh an táille fhorordaithe, nó gan iarraidh den sórt sin.
(3) I gcás ina mbeartóidh an Ceannasaí aon cheartú den sórt a dúradh a dhéanamh ar dhóigh seachas de bhun iarraidh faoin alt seo, tabharfaidh sé fógra go bhfuil sin beartaithe aige don phaitinní nó d'iarratasóir na paitinne, cibé acu é, agus d'aon duine eile a bhfeicfear dó baint a bheith aige leis, agus tabharfaidh sé caoi dóibh éisteacht a fháil sula ndéanfaidh sé an ceartú.
Deimhniú an Cheannasaí agus cóipeanna séalaithe de dhoiciméid san Oifig a bheith ina bhfianaise.
67.—(1) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith faoi láimh an Cheannasaí maidir le haon taifead, ábhar, nó ní a údaraítear dó a dhéanamh leis an Acht seo, nó le haon rialacha ginearálta faoin Acht seo, beidh sé ina fhianaise prima facie go ndearnadh an taifead, agus ar a bhfuil sa taifead, nó ar an ábhar nó an ní a bheith déanta nó fágtha gan déanamh.
(2) Aon chóipeanna nó sleachta clóite nó scríofa, a airbheartóidh a bheith deimhnithe ag an gCeannasaí nó ag oifigeach don Cheannasaí agus a bheith séalaithe le séala an Cheannasaí, ar cóipeanna iad de phaitinní, de shonraíochtaí agus de dhoiciméid nó leabhair eile san Oifig, agus de chláir a choimeádtar san Oifig, nó ar sleachta iad as an gcéanna, glacfar i bhfianaise iad i ngach cúirt agus i ngach imeacht dhlíthiúil gan a thuilleadh cruthúnais ná gan na scríbhinní bunaidh a thabhairt ar aird.
Eolas a iarrfar maidir le paitinn nó iarratas ar phaitinn.
68.—Déanfaidh an Ceannasaí, má iarrann aon duine air é ar an modh forordaithe agus go n-íocfaidh sé an táille fhorordaithe, cibé eolas a shonrófar san iarraidh a thabhairt don duine a iarrfaidh é maidir le haon phaitinn nó iarratas ar phaitinn, arb eolas é i dtaobh aon ábhair den sórt a fhorordófar.
Srian le sonraíochtaí, etc., a fhoilsiú.
69.—Ní dhéanfaidh an Ceannasaí aon iarratas ar phaitinn, ná aon sonraíocht a comhdaíodh dá bhun, a fhoilsiú, ná ní bheidh siad ar oscailt lena scrúdú ag an bpobal, ach amháin le toiliú an iarratasóra, aon tráth roimh an dáta a fhógrófar san Irisleabhar de bhun fho-alt (2) d'alt 18 den Acht seo:
Ar choinníoll go bhféadfaidh an tAire tráth a fhorordú ina ndéanfar aon sonraíocht iomlán a comhdaíodh san Oifig de bhun iarratais ar phaitinn a fhágáil ar oscailt lena scrúdú ag an bpobal.
Cailleadh nó díothú paitinní.
70.—Má chailltear nó má dhíothaítear paitinn, nó má thugtar cuntas chun sástacht an Cheannasaí ina neamhthabhairt ar aird, féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith dúblach di a shéalú.
CUID VII.
Imeachtaí os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte.
Feidhmiú cumhachta lánroghnaí ag an gCeannasaí.
71.—I gcás ina dtugtar aon chumhacht lánroghnach don Cheannasaí leis an Acht seo nó faoi, ní fheidhmeoidh sé an chumhacht sin i gcodarsna leis an iarratasóir ar phaitinn nó ar leasú sonraíochta ná i gcodarsna le dílseánach cláraithe paitinne gan (má iarrann an t-iarratasóir nó an dílseánach cláraithe é sin air laistigh den tréimhse fhorordaithe) caoi a thabhairt don iarratasóir nó don dílseánach cláraithe ar éisteacht a fháil.
Costais agus urrús i leith costas.
72.—(1) Féadfaidh an Ceannasaí, in aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo, cibé costais is réasúnach leis a dhámhachtain, le hordú, d'aon pháirtí, agus a ordú conas a bheidh, agus cé hiad na páirtithe ag a mbeidh, na costais le híoc; agus féadfar riail Chúirte a dhéanamh d'aon ordú den sórt sin.
(2) Más rud é, i gcás aon pháirtí a thabharfaidh fógra i dtaobh aon fhreasúra faoin Acht seo nó a dhéanfaidh iarratas chun an Cheannasaí á iarraidh paitinn a chúlghairm nó ceadúnas faoi phaitinn a dheonú nó díospóid maidir le haireagán a chinneadh faoi alt 53 den Acht seo, nó a thabharfaidh fógra achomharc in aghaidh aon chinneadh ag an gCeannasaí faoin Acht seo, nach bhfuil cónaí ar an bpáirtí sin ná gnó á sheoladh aige sa Stát, féadfaidh an Ceannasaí nó, i gcás achomhairc, an Chúirt, a cheangal air urrús a thabhairt i leith costais na n-imeachtaí nó an achomhairc, agus mura dtugtar an t-urrús sin féadfar a áireamh gur tréigeadh an freasúra, an t-iarratas nó an t-achomharc.
Fianaise os comhair an Cheannasaí.
73.—(1) In aon imeacht faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile os comhair an Cheannasaí, is trí dhearbhú reachtúil a thabharfar an fhianaise mura n-ordaítear a mhalairt; ach in aon chás inar dóigh leis an gCeannasaí gur ceart déanamh amhlaidh, féadfaidh an Ceannasaí fianaise ó bhéal a ghlacadh in ionad nó i dteannta fianaise trí dhearbhú.
(2) I gcás achomhairc, féadfar aon dearbhú reachtúil den sórt sin a úsáid in ionad fianaise trí mhionnscríbhinn, ach má úsáidtear amhlaidh é bainfidh teagmhais agus iarmairtí uile fianaise trí mhionnscríbhinn leis.
(3) Féadfaidh an Ceannasaí, chun críocha a fheidhmeanna, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—
(a) finnéithe a thoghairm chun freastal os a chomhair,
(b) na finnéithe a bheidh ag freastal os a chomhair a cheistiú faoi mhionn (agus tugtar údarás dó leis seo daoine a chur faoi mhionn) nó cead a thabhairt iad a cheistiú faoi mhionn,
(c) a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird dó.
(4) Síneoidh an Ceannasaí an toghairm.
(5) Beidh teideal ag finné os comhair an Cheannasaí chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mba fhinné os comhair na Cúirte é.
(6) Más rud é—
(a) go mainneoidh duine ar bith freastal a dhéanamh tar éis é a thoghairm go cuí mar fhinné os comhair an Cheannasaí, nó
(b) go ndiultóidh duine ar bith, ar bheith i láthair dó mar fhinné, mionn a ghlacadh a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméad faoina chumhacht nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Ceannasaí air go dlíthiúil a fhreagairt, nó
(c) go ndéanfaidh duine ar bith aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt dlí le cumhacht chimithe i gcás díspeagadh cúirte an Ceannasaí, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,
féadfaidh an Ceannasaí cion an duine sin a dheimhniú faoina shéala oifigiúil don Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt, tar éis cibé fiosrúchán is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh na Cúirte.
Éisteacht ag an gCúirt le measúnóir.
74.—(1) I gcaingean nó imeacht mar gheall ar phaitinn a shárú nó chun í a chúlghairm, nó in imeacht eile faoin Acht seo, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, agus déanfaidh sí, arna iarraidh sin do na páirtithe uile sna himeachtaí, fios a chur ar mheasúnóir saincháilithe chun cuidiú léi, agus an cás a thriail go hiomlán nó go páirteach lena chabhair, agus sa chás sin triailfear an chaingean gan giúiré mura rud é go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.
(2) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach, más cuí léi é, in aon imeacht os a comhair, fios a chur ar mheasúnóir chun cuidiú léi mar a dúradh.
(3) Is í an Chúirt nó an Chúirt Uachtarach, cibé acu é, a chinnfidh cad é an luach saothair, más aon luach saothair é, a bheidh le híoc le measúnóir faoin alt seo, agus íocfar é mar chuid de na caiteachais a bhaineann le comhalladh an Achta seo.
Achomhairc in aghaidh cinneadh a thabharfaidh an Ceannasaí.
75.—(1) Is chun na Cúirte a dhéanfar aon achomharc in aghaidh an Cheannasaí faoin Acht seo agus is ag breitheamh amháin den Chúirt a éistfear é, agus déanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte socrú ó am go ham chun a áirithiú gurb é an breitheamh céanna, chomh fada agus is féidir sin, a éistfidh gach achomharc faoin alt seo.
(2) Éistfear go príobháideach aon achomharc den sórt sin a bhainfidh le sonraíocht paitinne nár cuireadh ar fáil lena scrúdú ag an bpobal.
(3) In aon achomharc den sórt sin beidh an Ceannasaí i dteideal láithriú nó ionadaí a bheith aige ag feidhmiú ar a shon chun tacú lena chinneadh, agus láithreoidh sé má ordaíonn an Chúirt amhlaidh.
(4) In aon achomharc den sórt sin féadfaidh an Chúirt aon chumhacht a fheidhmiú a d'fhéadfadh an Ceannasaí a fheidhmiú sna himeachtaí óna mbeidh an t-achomharc á dhéanamh.
(5) Féadfaidh foráil a bheith i rialacha le haghaidh stiúradh imeachtaí faoin alt seo chun comhairleoirí eolaíochta a cheapadh le cuidiú leis an gCúirt, agus chun feidhmeanna na gcomhairleoirí sin a rialú. Déanfar luach saothair comhairleora eolaíochta a cheapfar de réir na rialacha sin a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(6) Ach amháin le cead na Cúirte, ní ghéillfear d'aon achomharc in aghaidh ordú nó cinneadh a thug an Ceannasaí murar tugadh fógra ina thaobh don Chúirt laistigh de mhí ó dháta an ordaithe nó an chinnte a mbeidh an t-achomharc á dhéanamh ina aghaidh, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise nach faide ná trí mhí a cheadóidh an Ceannasaí (ar iarraidh a fháil roimh dheireadh na tréimhse míosa sin).
(7) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí in aghaidh cinneadh a thug an Chúirt ar achomharc chuici faoin Acht seo (seachas achomharc faoi alt 11, 12, 13, 14, 19, 20, 21, 22, 28, 30 nó 31 den Acht seo).
Costais an Cheannasaí in imeachtaí Cúirte.
76.—In aon imeachtaí os comhair na Cúirte faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile ní dhámhfar costais don Cheannasaí ná ní ordófar dó costais a íoc.
CUID VIII.
An Oifig agus an Ceannasaí.
Oifig na bPaitinní.
77.—(1) Chun críocha an Achta seo agus chun cibé críocha eile a ceapadh nó a cheapfar di ó am go ham ag an Oireachtas, leanfaidh oifig de bheith ann chun paitinní, dearthaí agus trádmharcanna a chlárú a dtabharfar Oifig na bPaitinní uirthi, agus déanfar tagairtí in aon achtachán don Oifig Chláraitheachta Maoine Tionnscail agus Tráchtála a bunaíodh faoi Acht 1927 a fhorléiriú mar thagairtí don Oifig.
(2) Beidh an Oifig faoi rialú réimdhíreach an Cheannasaí agus gníomhóidh seisean faoi mhaoirseacht agus stiúradh ginearálta an Aire.
Ceannasaí na bPaitinní, na nDearthaí agus na dTrádmharcanna.
78.—(1) Leanfaidh Oifig an Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála ar marthain mar chorparáid aonair le comharbas suthain agus séala oifigiúil (agus tabharfar aird bhreithiúnach ar loirg an tséala sin agus glacfar i bhfianaise iad) agus gairfear Ceannasaí na bPaitinní, na nDearthaí agus na dTrádmharcanna de, agus féadfaidh an Ceannasaí agairt a dhéanamh agus beidh sé inagartha faoin ainm sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán don Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála a ceapadh faoi Acht 1927 a fhorléiriú mar thagairtí don Cheannasaí.
(2) (a) Ceapfaidh an Rialtas, de réir mar is gá, duine oiriúnach chun oifig an Cheannasaí, agus beidh an duine sin i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse, agus ar cibé téarmaí, a cheapfaidh an Rialtas.
(b) Chun críocha an Achta seo measfar an duine a bhí i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo mar Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála a bheith arna cheapadh chun oifig an Cheannasaí faoin alt seo ar na téarmaí céanna agus ar an luach saothair céanna ar ar shealbhaigh sé an oifig chéadluaite.
(3) Gach duine a cheapfar chun bheith ina Cheannasaí faoin Acht seo gheobhaidh sé cibé luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais.
(4) Faoi réir sláinte mhaith a bheith aige tráth a cheaptha, agus d'ainneoin é a cheapadh gan deimhniú ó Choimisinéirí na Státseirbhíse, measfar, má cheaptar é go buan, an Ceannasaí a bheith ar fostú i Státseirbhís bhuan an Stáit agus féadfar cibé aoisliúntas nó liúntas eile nó aisce a dheonú dó féin ar é a scor, nó dá ionadaí pearsanta dlíthiúil ar é d'fháil bháis, a d'fhéadfaí a dheonú faoi na hAchtanna Aoisliúntas a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire dá mbeadh sé i státseirbhís bhuan an Stáit.
(5) Aon ní nó rud a ordaítear a dhéanamh ag an gCeannasaí nó leis, féadfaidh aon oifigeach a bheidh údaraithe ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh leis.
(6) Aon uair a bheidh an Ceannasaí éagumasach go sealadach ar a dhualgais a fhreastal, nó a bheidh a oifig folamh, féadfaidh an tAire duine oiriúnach a cheapadh chun dualgais an Cheannasaí a chomhlíonadh le linn an éagumais nó an fholúntais sin, agus beidh ag gach duine a cheapfar amhlaidh, ar feadh a cheapacháin, cumhachtaí uile an Cheannasaí faoin Acht seo agus mar a chinnfear ar dhóigh eile le dlí, agus gheobhaidh sé cibé luach saothair, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais.
Oifigigh an Cheannasaí a cheapadh.
79.—(1) Is é an tAire a cheapfaidh oifigigh an Cheannasaí agus beidh cibé líon oifigeach ann a mheasfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a bheith riachtanach chun críocha an Achta seo agus le haghaidh cibé feidhmeanna eile a chuirfear de chúram ar an gCeannasaí, agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar cibé téarmaí, agus íocfar luach saothair leo de réir cibé rátaí agus ar cibé modh, a cheadóidh an tAire Airgeadais.
(2) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas tuarastail nó luach saothair an Cheannasaí agus a chuid oifigeach agus cibé caiteachais eile a bhainfidh leis an Acht seo a chur in éifeacht agus a cheadóidh an tAire Airgeadais.
(3) Daoine a bhí i seilbh oifige díreach roimh thosach feidhme an Achta seo mar oifigigh don Cheannasaí Maoine Tionnscail agus Tráchtála, measfar chun críocha an Achta seo iad a bheith arna gceapadh ina n-oifigigh don Cheannasaí faoin Acht seo ar na téarmaí céanna agus ar an luach saothair céanna ar ar shealbhaigh siad na hoifigí céadluaite sin.
Táillí.
1879, c.58.
80.—(1) Muirearóidh an Ceannasaí, agus íocfar, i leith nithe a bhaineann le paitinní a dheonú faoin Acht seo, nó i leith nithe eile a gcinnfear le dlí iad a theacht faoi réim dhualgas an Cheannasaí, cibé táillí a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.
(2) Déanfar na táillí uile a mhuirearóidh an Ceannasaí faoin alt seo a bhailiú, agus tabharfar cuntas iontu, ar cibé dóigh a fhorordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.
(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin alt seo.
An tIrisleabhar Oifigiúil.
81.—(1) Eiseoidh an Ceannasaí go tréimhsiúil irisleabhar (dá ngairtear an tIrisleabhar san Acht seo) ina bhfoilseoidh sé na nithe uile a n-ordaítear dó leis an Acht seo nó ar dhóigh eile le dlí, iad a fhoilsiú, agus freisin cibé nithe agus eolas is dóigh leis a bheith úsáideach nó tábhachtach maidir le haireagáin phaitinnithe agus le nithe eile a mbeidh sé freagrach iontu faoin Acht seo nó ar dhóigh eile le dlí.
(2) Féadfaidh an Ceannasaí tuarascálacha a eisiúint go tréimhsiúil san Irisleabhar nó mar fhorlíonadh air nó mar fhoilseachán ar leithligh—
(a) ar chásanna maidir le paitinní, dearthaí, trádmharcanna nó cóipcheart a cinneadh sa Stát, agus
(b) ar cibé cásanna maidir le paitinní, dearthaí, trádmharcanna nó cóipcheart a cinneadh lasmuigh den Stát agus ag dóigh leis an gCeannasaí iad a bheith úsáideach nó tábhachtach.
(3) Féadfaidh an Ceannasaí treoirleabhair, coimrí ar shonraíochtaí, catalóga agus oibreacha eile maidir le haireagáin, paitinní, dearthaí agus trádmharcanna a ullmhú agus a fhoilsiú.
(4) Déanfaidh an Ceannasaí socrú chun cóipeanna a dhíol de na doiciméid uile a n-ordaítear nó a n-údaraítear dó leis an alt seo, nó ar dhóigh eile le dlí, iad a eisiúint nó a fhoilsiú, agus freisin de na sonraíochtaí iomlána uile (maraon le haon líníochtaí a ghabhann leo) i leith paitinní a bheidh i bhfeidhm faoin Acht seo.
Tuarascálacha a bheith faoi phribhléid.
82.—Ach amháin mar a fhorordóidh an tAire, ní fhoilseofar tuarascálacha ó scrúdaitheoirí agus ó oifigigh eile faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a mbeidh an Ceannasaí freagrach ina riaradh ná ní bheidh siad ar fáil lena scrúdú ag an bpobal agus ní dhlífear iad a thabhairt ar aird ná a scrúdú in aon imeacht dhlíthiúil mura ndeimhneoidh an chúirt nó an t-oifigeach ag a mbeidh cumhacht chun follasú a ordú san imeacht dhlíthiúil sin go bhfuil sé inmhianaithe ar mhaithe leis an gceartas go dtabharfaí ar aird nó go scrúdófaí iad amhlaidh agus gur chóir é sin a cheadú.
Féadfaidh an Ceannasaí dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne.
83.—In aon chás a mbeidh amhras nó deacracht ann maidir le riaradh aon fhorálacha den Acht seo nó d'aon Acht eile a mbeidh sé freagrach ina riaradh, féadfaidh an Ceannasaí ordacháin i dtaobh an cháis a iarraidh ar an Ard-Aighne.
Tuarascáil bhliantúil.
84.—Cuirfidh an Ceannasaí faoi deara, roimh an 1ú lá de Mhéan Fómhair gach bliain, go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas tuarascáil maidir leis an gcomhalladh a rinne sé, nó a rinneadh faoi, ar an Acht seo, nó ar aon Acht eile a mbeidh sé freagrach ina riaradh, i rith na bliana dar chríoch an 31ú lá de Mhárta roimhe sin, agus cuirfidh sé sa tuarascáil sin le haghaidh na bliana lena mbaineann sí na rialacha ginearálta uile a rinneadh sa bhliain sin faoi na hAchtanna sin nó chun críocha na nAchtanna sin, maraon le cuntas ar na táillí, na tuarastail agus na liúntais agus an t-airgead eile go léir a fuarthas agus a íocadh faoi na hAchtanna sin.
Uaire gnó agus laethanta eisiata.
85.—(1) I rialacha a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo féadfar a shonrú cad é an t-am a mheasfar an Oifig a bheith dúnta aon lá ar an bpobal chun críocha gnó faoin Acht seo a dhéanamh nó cibé gnó eile is feidhm de chuid an Cheannasaí nó na hOifige de réir dlí nó chun aon chineál gnó den sórt sin a dhéanamh, agus féadfar laethanta a shonrú a bheidh ina laethanta eisiata chun aon chríocha den sórt sin.
(2) Aon ghnó a dhéanfar faoin Acht seo aon lá tar éis an ama a shonrófar mar a dúradh nó lá is lá eisiata, maidir le gnó den chineál sin, measfar é a bheith arna dhéanamh an chéad lá ina dhiaidh sin nach lá eisiata; agus má théann an tréimhse chun aon ní a dhéanamh faoin Acht seo in éag ar lá eisiata, fadófar an tréimhse sin go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin nach lá eisiata.
CUID IX.
Ilghnéitheach.
Gníomhairí paitinne.
1851, c. 93.
86.—(1) Faoi réir cibé eisceachtaí a fhorordófar, nó de réir mar a ordóidh an Ceannasaí in aon chás áirithe, aon uair a bheidh gníomh le déanamh faoin Acht seo ag aon duine nó le haon duine i ndáil le paitinn nó le haon nós imeachta maidir le paitinn nó maidir le paitinn a fháil, féadfar, faoi réim agus de réir rialacha a dhéanfar faoin alt seo, an gníomh a dhéanamh ag gníomhaire (dá ngairtear gníomhaire paitinne san Acht seo) don duine sin, a bheidh údaraithe go cuí ar an modh forordaithe, nó féadfar é a dhéanamh leis an ngníomhaire sin.
(2) Leanfar de chlár dá ngairfear clár na ngníomhairí paitinne a choimeád san Oifig, agus ní dhéanfaidh duine a bheidh ag gníomhú ar mhaithe le brabach, ina aonar ná i gcomhpháirtíocht le haon duine eile, cleachtadh mar ghníomhaire paitinne ná é a thabhairt, ná a cheadú é a thabhairt, de thuairisc ná le fios ina thaobh féin gur gníomhaire paitinne é, mura bhfuil sé cláraithe mar ghníomhaire paitinne i gclár na ngníomhairí paitinne nó, cibé acu é, mura bhfuil sé féin agus a chomhpháirtithe uile cláraithe amhlaidh; agus ní dhéanfaidh cuideachta a bheidh ag gníomhú ar mhaithe le brabach cleachtadh mar a dúradh ná é a thabhairt, ná a cheadú é a thabhairt, de thuairisc ná le fios ina taobh féin gur den sórt a dúradh í, mura mbeidh gach stiúrthóir de chuid na cuideachta agus, i gcás bainisteoir nach stiúrthóir a bheith ag an gcuideachta, an bainisteoir sin, cláraithe mar a dúradh.
Ar choinníoll, más dóigh leis an Aire in aon imthosca gur ceart é sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé a údarú d'aon duine is dóigh leis a bheith oiriúnach gníomhú mar ghníomhaire paitinne, i gcás áirithe nó tráth áirithe.
Ar choinníoll fairis sin nach cion faoin ailt seo é má leanann an t-ionadaí pearsanta dlíthiúil do ghníomhaire paitinne éagtha de ghnó nó cleachtas an ghníomhaire paitinne éagtha sin a sheoladh ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana ó bhás an ghníomhaire paitinne, nó ar feadh cibé tréimhse breise (más ann) a cheadóidh an Chúirt, agus go bhfuil sé féin cláraithe mar ghníomhaire paitinne nó go bhfuil gníomhaire paitinne cláraithe, nó duine a bheidh údaraithe faoin alt seo chun gníomhú mar ghníomhaire paitinne, ar fostú aige chun an gnó nó an cleachtas a bhainistí thar a cheann.
(3) Duine ar bith—
(a) a chónaíonn sa Stát,
(b) a bhfuil áit ghnó aige sa Stát,
(c) a bhfuil na cáilíochtaí oideachasúla agus gairmiúla forordaithe aige, agus
(d) a chomhlíonann na coinníollacha forordaithe,
beidh sé i dteideal a chláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne, agus beidh comhpháirtíocht i dteideal amhlaidh má bhíonn gach comhpháirtí sa ghnólacht cláraithe de réir forálacha an ailt seo, agus déanfar duine nó gnólacht a bheidh i dteideal amhlaidh a chlárú amhlaidh ar é sin a iarraidh san fhoirm agus ar an modh a bheidh forordaithe agus ar an táille fhorordaithe a íoc.
(4) Aon duine a sháróidh forálacha an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion, agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná fiche punt más é an chéad chion aige é, agus más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin aige é, nach mó ná céad punt.
(5) D'ainneoin fho-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions Act (Ireland), 1851, féadfar imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a thosú tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.
(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thoirmisceann ar aturnaetha páirt a ghlacadh in imeachtaí faoin Acht seo mar a ghlacadh aturnaetha roimhe seo i ndáil le paitinn nó le haon nós imeachta maidir le paitinn nó maidir le paitinn a fháil.
(7) Ní bheidh gníomhaire paitinne ciontach i gcion faoi alt 58 den Acht Aturnaethe, 1954 (a thoirmisceann ar dhaoine nach bhfuil cáilithe go dlíthiúil ionstraimí áirithe a ullmhú ar luaíocht) de bhíthin amháin gur ullmhaigh sé gníomhas ag sannadh an chirt chun paitinn a iarraidh, gníomhas lena sanntar ón ngníomhaire paitinne paitinn a deonaíodh dó nó aon doiciméad eile (nach gníomhas) chun a úsáidte in imeachtaí faoin Acht seo os comhair an Cheannasaí nó na Cúirte.
(8) Aon duine (dá ngairtear gníomhaire san fho-alt seo) a bheidh údaraithe go cuí ag duine ar bith faoi fho-alt (1) den alt seo chun gníomhú mar ghníomhaire dó, féadfaidh sé (faoi réir aon fhorála contrártha dó sin in aon chomhaontú idir an gníomhaire agus an duine sin) scor de ghníomhú mar ghníomhaire don duine sin, ar fhógra a thabhairt don Cheannasaí agus don duine sin.
(9) Leanfar de chlár dá ngairfear clár na gcléireach a choimeád san Oifig agus féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh chun an clár a bhainistí, agus féadfaidh sé leis na rialacha sin a fhorordú cad iad na cáilíochtaí agus na coinníollacha is gá chun bheith inchláraithe sa chlár sin agus cad iad na táillí a bheidh le híoc as clárú ann.
(10) Aon duine a bheidh cláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne agus—
(a) a scoirfidh de bheith inchláraithe amhlaidh, nó
(b) a iarrfaidh é a bhaint den chlár,
féadfaidh an Ceannasaí é a bhaint de chlár na ngníomhairí paitinne, ach ní bhainfear aon duine den chlár sin amhlaidh (ach amháin ar iarratas uaidh féin) gan caoi a thabhairt dó ar éisteacht a fháil.
(11) (a) I gcás ina bhfaighidh an Ceannasaí, tar éis dó fiosrúchán a dhéanamh go cuí (lena n-áirítear an Ceannasaí d'éisteacht uiríolla, más ann, ón duine féin, go bhfuil duine atá cláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne ciontach in iompar is cúis aithise don duine sin ó thaobh a ghairme, féadfaidh an Ceannasaí, más cuí leis é, a chinneadh gur cóir ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne.
(b) Ar chinneadh a dhéanamh dó faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Ceannasaí fógra i scríbhinn ina luafar an cinneadh a rinneadh, dáta an chinnte sin agus an fáth a bhí leis, a chur láithreach tríd an bpost chun an duine lena mbainfidh an cinneadh, go dtí a sheoladh mar a bheidh sin luaite i gclár na ngníomhairí paitinne.
(c) Aon duine lena mbainfidh cinneadh ón gCeannasaí faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag dar tosach dáta an chinnte, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, ar fhógra a thabhairt don Cheannasaí ar an modh forordaithe, chun an cinneadh a chur ar ceal, agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh—
(i) féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—
(I) an cinneadh a chur ar ceal, nó
(II) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne,
(ii) má dheimhníonn an Ceannasaí don Chúirt tráth ar bith go ndearna an duine sin moill mhíchuí ag dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Chúirt, mura léir di cúis mhaith lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh den chlár,
(iii) féadfaidh an Chúirt, faoi réir alt 76 den Acht seo, a ordú conas a bheidh costais an iarratais le híoc.
(d) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gCeannasaí faoin bhfo-alt seo iarratas chun na Cúirte, laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag dar tosach dáta an chinnte, á iarraidh an cinneadh a chur ar ceal, féadfaidh an Ceannasaí iarratas ex parte a dhéanamh chun na Cúirte á iarraidh an cinneadh a dhaingniú, agus, má dhéanann an Ceannasaí iarratas den sórt sin, déanfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht agus mura léir di cúis mhaith lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Cheannasaí ainm an duine sin a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne.
(e) Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte ar iarratas faoin bhfo-alt seo, ach amháin go bhféadfaidh an Ceannasaí nó an duine lena mbainfidh, le cead na Cúirte, achomharc in aghaidh na breithe a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.
(f) Ar ainm duine a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Ceannasaí fógra i scríbhinn go bhfuil a ainm scriosta de a chur láithreach tríd an bpost chun an duine sin, go dtí a sheoladh mar a bheidh sin luaite i gclár na ngníomhairí paitinne.
(g) Féadfar duine a mbeifear tar éis a ainm a scriosadh de chlár na ngníomhairí paitinne faoin bhfo-alt seo a chur ar ais aon tráth ar an gclár ar ordú speisialta ón gCeannasaí, ach ní fhéadfar ar aon dóigh eile, agus nuair a chuirfear duine ar ais amhlaidh ar an gclár, féadfaidh an Ceannasaí cibé coinníollacha is cuí leis (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é sin an chéad uair aige á chlárú) a chur ag gabháil leis an gcur ar ais.
(12) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh chun clár na ngníomhairí paitinne a bhainistí, agus féadfaidh sé leis na rialacha sin aon ní nó rud a fhorordú a dtagraítear dó san alt seo mar ní nó rud atá forordaithe, agus féadfaidh sé go háirithe na cáilíochtaí oideachasúla agus gairmiúla, agus na coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le náisiúntacht nó saoránacht) is gá chun bheith inchláraithe sa chlár sin, a fhorordú amhlaidh, agus fós na táillí uasta a fhéadfaidh aon duine a bheidh cláraithe i gclár na ngníomhairí paitinne a bhaint amach de bharr cibé seirbhísí, i ndáil le paitinní a fháil, a shonrófar sna rialacha sin.
(13) Féadfar le rialacha faoin alt seo a údarú don Cheannasaí diúltú aon duine a aithint mar ghníomhaire i leith aon ghnó faoin Acht seo, ar duine é a raibh a ainm ar taifeadadh i gclár na ngníomhairí paitinne faoin Acht seo agus ar baineadh de é.
(14) Féadfar le rialacha faoin alt seo a údarú don Cheannasaí diúltú cuideachta nó gnólacht a aithint mar ghníomhaire i leith aon ghnó faoin Acht seo, má tá aon stiúrthóir nó bainisteoir nó aon chomhpháirtí (cibé acu é) ina dhuine a bhféadfadh an Ceannasaí diúltú é a aithint mar ghníomhaire.
Clár a fhalsú, etc.
87.—Má dhéanann aon duine, nó má chuireann sé faoi deara go ndéanfar, taifead bréagach in aon chlár a choimeádtar faoin Acht seo, nó scríbhinn a airbheartóidh go bréagach gur cóip í de thaifead in aon chlár den sórt sin, nó má dhéanann sé, nó má chuireann sé faoi deara go ndéanfar, aon scríbhinn den sórt sin a thabhairt ar aird nó a thairiscint i bhfianaise, agus a fhios aige an taifead nó an scríbhinn a bheith bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Cearta paitinne a éileamh gan údarás.
88.—Má chuireann aon duine i gcéill go bréagach gurb earra paitinnithe aon earra a bheidh á dhíol aige, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air; agus chun críocha na forála seo aon duine a dhíolfaidh earra a mbeidh an focal “paitinn” nó “paitinnithe,” nó aon fhocal eile á rá nó a thabhairt le tuiscint gurb earra paitinnithe é, stampáilte, greanta nó múnlaithe air nó curtha air ar dhóigh eile, measfar é a bheith á chur i gcéill gurb earra paitinnithe é.
Inmheabhrú bréagach go mbaineann áit ghnó go hoifigiúil leis an Oifig.
89.—Má úsáideann duine ar bith ar a áit ghnó, nó ar aon doiciméad a eiseoidh sé, nó ar dhóigh eile, aon fhocail á inmheabhrú go bhfuil baint oifigiúil ag a áit ghnó leis an Oifig, nó gurb í an Oifig í, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
Aireagáin a bhaineann le córacha cogaidh nó le muinisin chogaidh.
90.—(1) Féadfaidh ceapadóir aon fheabhsaithe ar chóracha cogaidh nó muinisin chogaidh sochar uile an aireagáin agus aon phaitinne a fuarthas nó atá le fáil don aireagán a shannadh (ar chomaoin luachmhar nó dá éagmais) don Aire Cosanta thar ceann an Stáit.
(2) Déanfaidh an sannadh sochar an aireagáin agus na paitinne a dhílsiú go héifeachtúil don Aire Cosanta thar ceann an Stáit, agus gach cúnant agus comhaontú a bheidh ann chun an t-aireagán a choimeád faoi rún agus i gcomhair nithe eile beidh siad bailí agus éifeachtúil (d'ainneoin aon easpa comaoine luachmhaire), agus féadfaidh an tAire Cosanta iad a chur i bhfeidhm dá réir sin.
(3) I gcás ina mbeifear tar éis aon sannadh mar a dúradh a dhéanamh, féadfaidh an tAire Cosanta, aon uair roimh fhoilsiú na sonraíochta iomláine, a dheimhniú don Cheannasaí nach foláir, ar mhaithe leis an tseirbhís phoiblí, sonraí an aireagáin agus an mhodha ina bhfuil sé le gníomhú a choimeád faoi rún.
(4) Má dheimhníonn an tAire Cosanta amhlaidh, ansin, in ionad an t-iarratas agus na sonraíochtaí, maraon leis na líníochtaí (más ann) agus le haon leasú ar an tsonraíocht iomlán, agus aon chóipeanna de na doiciméid agus de na líníochtaí sin a fhágáil san oifig sa ghnáthshlí, seachadfar iad don Cheannasaí i bpaicéad a bheidh séalaithe le húdarás ón Aire Cosanta.
(5) Coimeádfaidh an Ceannasaí an paicéad a dúradh faoi shéala, agus ní osclófar é ach le húdarás faoi ordú ón Aire Cosanta nó ón Ard-Aighne, go dtí deireadh an téarma a bheidh paitinn don aireagán i bhfeidhm.
(6) Déanfar an paicéad séalaithe a dúradh a sheachadadh, aon uair le linn an phaitinn a bheith i bhfeidhm, d'aon duine a mbeidh údarás aige ón Aire Cosanta í a ghlacadh, agus má thugtar ar ais don Cheannasaí é, coimeádfaidh seisean faoi shéala é arís.
(7) Ar bheith caite do théarma na paitinne, seachadfar an paicéad séalaithe don Aire Cosanta.
(8) Má dheimhníonn an tAire Cosanta mar a dúradh tar éis iarratas ar phaitinn a fhágáil san Oifig, ach roimh fhoilsiú na sonraíochta iomláine, déanfar láithreach an t-iarratas agus na sonraíochtaí, maraon leis na liníochtaí (más ann), a chur i bpaicéad a shéalófar le húdarás an Cheannasaí, agus beidh an paicéad faoi réir na bhfórálacha sin roimhe seo maidir le paicéad a bheidh séalaithe le húdarás ón Aire Cosanta.
(9) Ní fhéadfar aon imeacht a thionscnamh, trí achainí ná eile, chun paitinn a chúlghairm a deonaíodh d'aireagán a mbeidh an tAire Cosanta tar éis deimhniú mar a dúradh a thabhairt ina leith.
(10) Ní dhéanfar ar dhóigh ar bith aon chóip d'aon sonraíocht ná d'aon doiciméad eile ná d'aon líníochtaí, is gá de réir an ailt seo a chur i bpaicéad séalaithe, a fhoilsiú ná a chur ar fáil lena scrúdú ag an bpobal, ach, amach ó chás ina n-ordaítear a mhalairt san alt seo, bainfidh forálacha an Achta seo le haon aireagán agus paitinn den sórt a dúradh.
(11) Féadfaidh an tAire Cosanta tráth ar bith sochar an ailt seo a tharscaoileadh i leith aon aireagáin áirithe agus air sin déanfar na sonraíochtaí, na doiciméid agus na líníochtaí maidir leis an aireagán sin a choimeád sa ghnáthshlí, agus déileálfar leo sa ghnáthshlí, uaidh sin amach.
(12) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta, rialacha a dhéanamh faoin alt seo chun a áirithiú go gcoimeádfar rún maidir le paitinní lena mbaineann an t-alt seo, agus féadfar, leis na rialacha sin, modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil dá bhfuil san Acht seo maidir lena bhfeidhm i gcás paitinní den sórt a dúradh sa mhéid go ndealróidh sé gur gá sin chun na críche a dúradh.
Aireagán nó paitinn a shannadh d'Aire Stáit.
91.—(1) Gan dochar d'fhorálacha an ailt deiridh roimhe seo, féadfaidh aon cheapadóir nó paitinní (ar chomaoin luachmhar nó dá héagmais) sannadh a dhéanamh chun Aire Stáit thar ceann an Stáit, agus féadfaidh an tAire sin an sannadh a ghlacadh thar ceann an Stáit, ar shochar iomlán, nó ar aon scair nó léas i sochar aon aireagáin agus aon phaitinne a fuarthas nó atá le fáil don aireagán sin, agus má ghlacann Aire Stáit aon sannadh den sórt sin, féadfaidh an tAire sin (de réir mar a bheidh) gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, nó páirt a ghlacadh ina dhéanamh, thar ceann an Stáit, is é sin le rá:—
(a) an t-aireagán sin a fhorbairt agus a fhoirbhiú,
(b) cuideachta chorpraithe nó comhlachas neamhchorpraithe daoine a fhoirmiú nó a thionscnamh chun an t-aireagán sin a fhorbairt agus a fhoirbhiú,
(c) sannadh a ghlacadh ar aon phaitinn, nó ar scair nó leas in aon phaitinn, a fuarthas roimhe sin nó a gheobhfar ina dhiaidh sin don aireagán sin,
(d) aon phaitinn den sórt sin a dhíol nó a ligean ar léas, nó ceadúnais a dheonú faoi aon phaitinn den sórt sin, ar cibé téarmaí is cuí leis, le ceadú an Aire Airgeadais,
(e) cuideachta chorpraithe nó comhlachas neamhchorpraithe daoine a fhoirmiú nó a thionscnamh chun aon phaitinn den sórt sin a oibriú go trádálach,
(f) gach ní a dhéanamh is gá chun aon phaitinn den sórt sin a chothabháil nó a chaomhnú nó a bheidh ar dhóigh eile ag fo-ghabháil lena húinéireacht.
(2) Déanfaidh gach Aire Stáit, roimh an lú lá d'Aibreán gach bliain, tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ar gach cás (más aon chás é) inar fheidhmigh sé an bhliain díreach roimhe sin na cumhachtaí uile agus faoi seach a thugtar le míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) den alt seo, agus freisin, más fóirsteanach leis é agus sa mhéid is fóirsteanach leis é ar mhaithe le leas an phobail, na cumhachtaí uile agus faoi seach a thugtar le míreanna (a) (b), (c) agus (f) den fho-alt sin.
(3) Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na costais uile faoina rachaidh Aire Stáit faoin alt seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Úsáid aireagán paitinnithe chun seirbhíse an Stáit.
92.—(1) Is ionann, chun gach intinne, an éifeacht a bheidh ag paitinn amhail in aghaidh Stáit agus amhail in aghaidh saoránaigh:
Ar choinníoll go bhféadfaidh aon Aire Stáit, uaidh féin nó trí cibé gníomhairí nó conraitheoirí dó nó cibé daoine eile a údaróidh sé i scríbhinn tráth ar bith tar éis an phaitinn a iarraidh, an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol chun seirbhíse an Stáit ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, roimh é a úsáid nó ina dhiaidh sin, le haontú an Aire Airgeadais, ag an Aire sin agus ag an iarratasóir nó ag an dílseánach, nó, cheal comhaontaithe, a shocrófar ar an modh a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, agus ní oibreoidh téarmaí aon chomhaontaithe nó ceadúnais a chuirfear i gcrích idir an t-iarratasóir nó an dílseánach agus aon duine seachas Aire Stáit chun déanamh, úsáid, feidhmiú nó díol an aireagáin chun seirbhíse an Stáit a chosc nó a rialú:
Ar choinníoll fairis sin, i gcás aireagáin is ábhar d'aon phaitinn nó d'aon iarratas ar phaitinn a bheith, roimh dháta tosaíochta an éilimh iomchuí sa tsonraíocht iomlán, taifeadta go cuí i ndoiciméad ag aon Aire den sórt sin, nó tástáilte go cuí aige nó thar a cheann (gan an t-aireagán sin a bheith curtha in iúl go díreach ná go hindíreach ag an iarratasóir nó an dílseánach) go bhféadfaidh aon Aire Stáit, nó cibé gníomhairí nó conraitheoirí dó nó cibé daoine eile a bheidh údaraithe i scríbhinn aige, an t-aireagán a taifeadadh nó a tástáladh amhlaidh a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol chun seirbhíse an Stáit saor ó aon ríchíos nó íocaíocht eile le haghaidh an iarratasóra nó an dílseánaigh, d'ainneoin an t-iarratas nó an phaitinn a bheith ar marthain, agus más rud é, i dtuairim an Aire sin, gur dochar do leas an phobail é an doiciméad ar ar taifeadadh an t-aireagán nó fianaise ar a thástáil a nochtadh don iarratasóir nó don dílseánach, cibé acu é, go bhféadfar é sin a nochtadh faoi rún d'abhcóide thar ceann an iarratasóra nó an dílseánaigh nó d'aon saineolaí neamhspleách ar a gcomhaontófar go frithpháirteach.
(2) I gcás ina ndéanfaidh Aire Stáit, nó ina ndéanfar le húdarás uaidh, aon úsáid d'aireagán faoin alt seo, ansin, mura bhfeictear don Aire sin go mbeadh sé contrártha do leas an phobail é sin a dhéanamh, cuirfidh an tAire in iúl don iarratasóir nó don dílseánach é a luaithe is féidir tar éis tosú ar an úsáid, agus tabharfaidh sé dó cibé eolas a theastóidh uaidh ó am go ham maidir le réim na húsáide.
(3) I gcás aon díospóide maidir le, nó i ndáil le, haireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú nó a dhíol, faoin alt seo, nó i dtaobh na dtéarmaí chuige sin, nó maidir le marthain nó réim aon taifid nó trialach mar a dúradh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Cúirte lena chinneadh, agus beidh sé de chumhacht ag an gCúirt an t-ábhar uile, nó aon cheist nó saincheist fíorais a éireoidh as, a tharchur lena thriail os comhair eadránaí ar cibé coinníollacha a ordóidh sí. Beidh an chúirt nó an t-eadranaí, nuair a bheidh na téarmaí á socrú mar a dúradh, i dteideal aon sochar nó cúiteamh a chur san áireamh a bheidh faighte ag an iarratasóir nó ag an dílseánach nó ag aon duine eile a bhfuil leas aige san iarratas nó sa phaitinn go díreach nó go hindíreach ón Stát nó ó aon Aire nó ó aon Roinn Rialtais i leith an iarratais nó na paitinne sin.
(4) In aon imeachtaí faoin alt seo a mbeidh Aire Stáit ina pháirtí iontu, féadfaidh an tAire sin—
(a) má tá an paitinní ina pháirtí sna himeachtaí, iarratas a dhéanamh chun an phaitinn a chúlghairm ar aon fhoras ar a bhféadfaí paitinn a chúlghairm faoi alt 34 den Acht seo;
(b) in aon chás, bailíocht na paitinne a chur faoi shaincheist gan iarratas a dhéanamh chun í a chúlghairm.
(5) Folóidh an ceart chun aireagán a úsáid chun seirbhíse an Stáit faoi fhorálacha an ailt seo an chumhacht chun aon earraí a dhíol a rinneadh de bhun an chirt sin agus nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh le haghaidh seirbhís an Stáit.
(6) Beidh cumhacht ag ceannaitheoir aon earraí a díoladh i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, agus ag aon duine a bheidh ag éileamh tríd, chun déileáil leis na hearraí sin ionann is dá mba de bhun paitinne a bhí ar teachtadh thar ceann an Stáit a rinneadh iad.
(7) I rith aon tréimhse a bheidh ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (8) den alt seo i bhfeidhm, folóidh an chumhacht is infheidhmithe maidir le haireagán ag Aire Stáit, nó ag duine a bheidh údaraithe ag Aire Stáit faoi fho-alt (1) den alt seo, cumhacht chun an t-aireagán a dhéanamh, a úsáid, a fheidhmiú agus a dhíol chun aon chríche is dóigh leis an Aire sin a bheith riachtanach nó fóirsteanach—
(a) chun soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach do bheatha an phobail;
(b) chun a áirithiú go gcuirfear ar fáil leordhóthain soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach do dhea-bhail an phobail;
(c) chun cur le táirgiúlacht an tionscail, na tráchtála agus na talmhaíochta;
(d) chun onnmhairí a chothú agus a stiúradh agus allmhairí nó allmhairí d'aon chineálacha, ó gach tír nó ó aon tír, a laghdú, agus chun comhardú na trádála a cheartú;
(e) i gcoitinne chun a áirithiú go mbeidh acmhainn iomlán an phobail ar fáil chun a húsáidte, agus go n-úsáidfear í, mar is fearr a fhónfaidh do leasanna an phobail;
(f) chun cabhrú le fóirithint ar chruatan, agus le soláthairtí agus seirbhísí riachtanacha a athchur ar fáil agus a dháileadh, in aon tíortha coigríche atá i ngéarchall de dheasca cogaidh; nó
(g) chun slándáil an phobail agus caomhnú an Stáit a áirithiú;
agus forléireofar aon tagairt san alt seo do sheirbhísí an Stáit mar thagairt a fholaíonn tagairt do na cuspóirí a dúradh.
(8) (a) Aon uair is dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail, toisc imthosca eisceachtúla a bheith ann, go mbeadh na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (7) den alt seo ar fáil, féadfaidh siad, le hordú, a dhearbhú go mbeidh na cumhachtaí a dúradh ar fáil.
(b) Aon uair a bheidh ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm agus gur dóigh leis an Rialtas nach ann a thuilleadh do na himthosca eisceachtúla dá dtagraítear sa mhír sin (a), déanfaidh siad, le hordú, an t-ordú faoin mír sin (a) a chúlghairm.
(9) San alt seo ciallaíonn “seirbhís an Stáit” seirbhís a soláthraítear airgead di as airgead a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste nó a airleactar as, nó as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas nó údarás áitiúil.
Orduithe Rialtais maidir le tíortha coinbhinisiúin.
93.—(1) Féadfaidh an Rialtas, d'fhonn aon chonradh, coinbhinsiún, comhshocraíocht nó gealltanas le Rialtas tíre coigríche maidir le cosaint aireagán a chomhlíonadh, dearbhú a dhéanamh, le hordú, gur tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo aon tír a shonrófar san ordú, agus beidh an tír sin ina tír choinbhinsiúin chun críocha an Achta seo fad a fhanfaidh an t-ordú i bhfeidhm maidir leis an tír sin:
Ar choinníoll go bhféadfar dearbhú a dhéanamh mar a dúradh chun críocha forálacha uile nó aon chuid d'fhorálacha an Achta seo, agus i gcás tíre nach mbeidh dearbhú i bhfeidhm ina leith ach chun críocha cuid d'fhorálacha an Achta seo, go measfar gur tír choinbhinsiúin í chun críocha na bhforálacha sin amháin.
(2) Gan dochar d'fhorálacha alt 96 den Acht seo féadfaidh an tAire, chun críocha iarratas coinbhinsiúin, rialacha a dhéanamh—
(a) ag forordú teorainneacha áirithe ama chun aon ní a dhéanamh a cheanglaítear leis an Acht seo a dhéanamh i ndáil le hiarratais den sórt sin;
(b) chun an nós imeachta a rialú a bheidh le comhlíonadh i ndáil leis an hiarratais sin a dhéanamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
(4) San alt seo folaíonn “tír choigríche” aon chríoch a measann aon stát (ar stát é atá ina pháirtí in aon chomhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an Stát ina pháirtí ann chun aireagáin a chosaint go frithpháirteach) é féin a bheith freagrach ina chaidreamh coigríche.
Forálacha forlíontacha maidir le hiarratais choinbhinsiúin.
94.—(1) I gcás ina mbeidh iarratas déanta ag duine ag iarraidh cosanta d'aireagán trí iarratas atá—
(a) de réir téarmaí conartha atá ar marthain idir aon dá thír choinbhinsiúin nó níos mó, in ionannas le hiarratas arna dhéanamh go cuí in aon cheann de na tíortha coinbhinsiúin sin, nó
(b) de réir dlí aon tíre coinbhinsiúin, in ionannas le hiarratas arna dhéanamh go cuí sa tír choinbhinsiúin sin,
measfar chun críocha an Achta seo iarratas a bheith arna dhéanamh aige sa tír choinbhinsiúin sin.
(2) Chun críocha an Achta seo, measfar ábhar a bheith nochta in iarratas ag iarraidh cosanta i dtír choinbhinsiúin má éilíodh nó má nochtadh é (ar dhóigh seachas i modh séanta nó admhála ar ealaín tosaíochta) san iarratas sin nó i ndoiciméid a chuir an t-iarratasóir isteach mar thacaíocht, agus i gcomhthráth, leis an iarratas sin; ach ní thabharfar aird ar aon nochtadh a rinne aon doiciméad den sórt sin mura gcomhdaítear cóip den doiciméad san Oifig leis an iarratas coinbhinsiúin nó laistigh de cibé tréimhse a fhorordófar tar éis an t-iarratas sin a chomhdú.
Forálacha speisialta maidir le hárthaí, aerárthaí agus feithiclí talún.
95.—(1) Más rud é, i gcás árthach nó aerárthach a cláraíodh i stát coigríche nó feithicil talún is le duine a bhfuil gnáthchónaí air i stát coigríche, nach dtiocfaidh an t-árthach nó an fheithicil sin isteach sa Stát ach go sealadach nó de thionóisc, ní mheasfar na cearta a thugtar le paitinn d'aireagán a bheith sáraithe tríd an aireagán a úsáid—
(a) i gcabhail an árthaigh nó ina innealra, ina thácla, ina ghaireas nó i ngabhálais eile dá chuid, chomh fada is nach n-úsáidtear an t-aireagán ach ar bord an árthaigh agus le haghaidh a dhearbh-riachtanas; nó
(b) i ndéanamh nó in oibriú an aerárthaigh nó na feithicle talún nó a gabhálas,
cibé acu é.
(2) Ní bheidh réim ag an alt seo maidir le hárthaí, aerárthaí ná feithiclí talún de chuid aon stáit choigríche nach dtugann a dhlíthe cearta comhréire maidir le haireagáin a úsáid in árthaí, aerárthaí agus feithiclí talún de chuid an Stáit le linn iad a bheith sa stát coigríche sin.
Cumhacht an Aire chun rialacha a dhéanamh.
96.—Féadfaidh an tAire cibé rialacha ginearálta is fóirsteanach leis a dhéanamh (ach amháin maidir le haon ábhar arb iomchuí é a fhoráil le rialacha cúirte) agus cibé nithe is fóirsteanach leis a dhéanamh, faoi réir forálacha an Achta seo—
(a) chun foirm na n-iarratas ar phaitinní agus aon sonraíochtaí, líníochtaí nó doiciméad eile a chomhdófar san Oifig a fhorordú, agus chun a cheangal go soláthrófar cóipeanna d'aon doiciméid den sórt sin;
(b) chun rialú a dhéanamh ar an nós imeachta is inleanta i ndáil le haon iarratas nó iarraidh ar an gCeannasaí nó i ndáil le haon imeacht os comhair an Cheannasaí, agus chun a údarú go gceartófaí neamhrialtachtaí maidir le nós imeachta;
(c) chun rialú a dhéanamh ar fhoilsiú agus díol sonraíochtaí paitinne, treoirleabhar do shonraíochtaí paitinne agus coimrí orthu, agus an Irisleabhar agus doiciméad eile a gceanglaítear ar an gCeannasaí nó a n-údaraítear dó leis an Acht seo iad a fhoilsiú, agus chun rialú a dhéanamh ar na hábhair a bheidh san Irisleabhar agus sna doiciméid eile sin;
(d) chun rialú a dhéanamh ar thíolacadh cóipeanna d'fhoilseacháin faoin Acht seo do phaitinnithe agus d'údaráis phoiblí, do chomhlachtaí, agus d'institiúidí amuigh agus i mbaile;
(e) chun rialú a dhéanamh ar choimeád chlár na bpaitinní atá le coimeád de bhun an Achta seo;
(f) chun aon ní nó rud a fhorordú a dtagraítear dó san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú;
(g) chun aon ní a dhéanamh a n-údaraítear nó a gceanglaítear leis an Acht seo é a dhéanamh, nó a dtagraítear dó san Acht seo mar ní atá á dhéanamh nó a bheidh le déanamh, le rialacha ginearálta faoin Acht seo;
(h) go ginearálta chun gnó na hOifige, agus gach ní a chuirtear leis an Acht seo faoi stiúradh nó urláimh an Cheannasaí, nó an Aire, a rialú.
Cumhacht an Aire chun a dhualgais faoin Acht seo a tharmligean.
97.—Gach ní a cheanglaítear nó a údaraítear faoin Acht seo a dhéanamh ag an Aire nó leis nó os a chomhair, féadfaidh Rúnaí na Roinne Tionscail agus Tráchtála nó aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire é a dhéanamh nó féadfar é a dhéanamh leis nó os a chomhair.
Fógraí, etc., a sheirbheáil tríd an bpost.
98.—Aon fhógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear é a thabhairt leis an Acht seo nó faoi, agus aon iarratas nó doiciméad eile a gceanglaítear nó a n-údaraítear amhlaidh é a dhéanamh nó a chomhdú, féadfar é a thabhairt, a dhéanamh nó a chomhdú tríd an bpost.
Cosaint d'earraí a forghéilleadh faoi dhlíthe a bhaineann le custaim nó mál.
99.—Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart an Stáit, nó do cheart aon duine a ghabhann teideal go díreach nó go hindíreach ón Stát, chun aon earraí a forghéilleadh faoi na dlíthe a bhaineann le custaim nó mál a dhíol nó a úsáid.
AN CHÉAD SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
Uimhir 16 de 1927. | Alt 3 (sa mhéid go mbaineann sé le paitinní); ailt 5 go 63; ailt 124 agus 125 (sa mhéid go mbaineann siad le paitinní); alt 126; ailt 127 go 135 (sa mhéid go mbaineann siad le paitinní); alt 136; ailt 137 agus 138 (sa mhéid go mbaineann siad le paitinní); ailt 139 agus 140; alt 141 (sa mhéid go mbaineann sé le paitinní); alt 142; alt 143 (sa mhéid go mbaineann sé le paitinní); alt 144; ailt 145 go 150 (sa mhéid go mbaineann siad le paitinní); alt 151; ailt 152 agus 153 (sa mhéid go mbaineann siad le paitinní). | |
An tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1929. | Ailt 2 go 7. | |
An tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú) 1957. | Ailt 2 go 4; alt 7 (sa mhéid go mbaineann sé le paitinní). | |
An tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1958. | Alt 4 (sa mhéid go mbaineann sé le paitinní). |
AN DARA SCEIDEAL.
Forálacha Idirlinne.
1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo, aon ordú, rialachán, riail, paitinn, ceanglas, deimhniú, fógra, cinneadh, ordachán, údarú, toiliú, iarratas, iarraidh nó ní, a rinneadh, a deonaíodh, a eisíodh nó a tugadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo, má bhí sé i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo, agus sa mhéid go bhféadfaí é a dhéanamh, a dheonú, a eisiúint nó a thabhairt faoin Acht seo, fanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba faoin achtachán comhréire san Acht seo a rinneadh, a deonaíodh, a eisíodh nó a tugadh é.
2. Beidh feidhm ag alt 10 den Acht seo maidir le sonraíocht iomlán a comhdaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo amhail mar atá feidhm aige maidir le sonraíocht iomlán a chomhdófar tar éis tosach feidhme an Achta seo.
3. D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2) d'alt 8 den Acht seo, ní chomhdófar sonraíocht iomlán de bhun iarratais ar measadh, de bhua alt 16 d'Acht 1927, gur tréigeadh é, tráth ar bith roimh thosach feidhme an Achta seo.
4. I gcás ina ndearnadh sonraíocht iomlán (seachas sonraíocht a bhaineann le haireagán dá dtagraítear in alt 55 d'Acht 1927) a chomhdú roimh thosach feidhme an Achta seo ach nár glacadh léi, ansin, maidir le nithe a d'éirigh sular glacadh leis an tsonraíocht iomlán nó sular diúltaíodh glacadh léi, ní bheidh feidhm ag forálacha an Achta seo, ach leanfaidh forálacha Acht 1927 d'fheidhm a bheith acu d'ainneoin aisghairm na bhforálacha sin den Acht sin:
Ar choinníoll go mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo in aon chás den sórt sin nach ndéanfar fianaise faoi alt 19 d'Acht sin 1927 a thabhairt laistigh de thrí mhí tar éis tosach feidhme an Achta seo.
5. Ní bheidh feidhm ag na forálacha d'ailt 19, 34 agus 35 den Acht seo a bhaineann leis na forais ar a bhféadfar dul i bhfreasúra le paitinn a dheonú, nó paitinn a chúlghairm, in aon chás inar glacadh leis an tsonraíocht iomlán roimh thosach feidhme an Achta seo, ach leanfaidh na forálacha d'Acht 1927 a bhaineann leis na nithe sin d'fheidhm a bheith acu in aon chás den sórt sin d'ainneoin aisghairm na bhforálacha sin den Acht sin.
6. I gcás sonraíocht a comhdaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo a bheith curtha ar fáil lena scrúdú ag an bpobal, leanfaidh sí de bheith ar fáil lena scrúdú ag an bpobal d'ainneoin aon ní in alt 69 den Acht seo.
7. I gcás ina mbeidh beirt nó níos mó cláraithe mar dheontaí nó dílseánach i leith paitinne a deonaíodh nó a iarradh roimh thosach feidhme an Achta seo, ní bheidh srian le ceart gach duine acu sin chun an t-iomlán nó cuid dá leas sa phaitinn a shannadh de bhíthin forálacha alt 51 den Acht seo agus dá mbíthin sin amháin.
8. Ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (3) d'alt 26 den Acht seo le haon phaitinn a deonaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo.
9. Beidh éifeacht ag alt 29 den Acht seo, maidir le paitinn a scoir d'éifeacht a bheith aici roimh thosach feidhme an Achta seo, amhail is dá gcuirfí tagairt d'alt 33 d'Acht 1927 in ionad na tagartha d'alt 26 den Acht seo.
10. Má bhíonn an tréimhse a cheadaítear faoi alt 25 d'Acht 1927 chun paitinn a shéalú dulta in éag roimh thosach feidhme an Achta seo agus nach mbeidh an phaitinn séalaithe, beidh éifeacht ag alt 30 den Acht seo maidir leis an iarratas ar an bpaitinn amhail is dá gcuirfí tagairt d'alt 25 d'Acht 1927 in ionad na tagartha d'alt 23 den Acht seo.
11. Maidir le haon imeachtaí a bheidh ar feitheamh i dtosach feidhme an Achta seo, ní bheidh feidhm ag forálacha ailt 32 agus 58 den Acht seo, ach leanfaidh forálacha ailt 38 agus 50 d'Acht 1927 d'fheidhm a bheith acu d'ainneoin aisghairm na n-alt sin den Acht sin.
12. Déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú mar dhoiciméad a thagraíonn don achtachán comhréire san Acht seo.
13. Ní bhainfidh forálacha alt 75 den Acht seo le haon achomharc in aghaidh cinneadh a thug an Ceannasaí faoi aon fhoráil d'Acht 1927, agus a bheidh ar feitheamh i dtosach feidhme an Achta seo, ach leanfaidh an fhoráil d'Acht 1927 d'fheidhm a bheith aici maidir leis an achomharc d'ainneoin aisghairm na forála sin den Acht sin.