Uimhir 13 de 1968
AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1968
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1965;
ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959.
(2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1965, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon Acht amháin.
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.
2.—Aisghairtear leis seo an méid d'alt 2 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 2 d'Acht 1965, a fhorálann nach mó ná sé mhilliún punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógáil, agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná ocht milliún punt comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.
3.—Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1965, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná sé mhilliún punt comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht.
Airleacain don Chuideachta ón Aire Airgeadais.
4.—Aisghairtear leis seo alt 4 d Acht 1965, agus ina ionad sin achtaítear leis seo nach mó ná seacht milliún punt comhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963, agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961.
Gearrtheideal agus comhlua.
5.—Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1968, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1968, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1965, agus den Acht seo le chéile.