[EN]

Uimhir 16 de 1953.


[EN]

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH LÍONTÓIREACHT BHREAC I LOCHA ÁIRITHE, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE SAOR-BHEARNAÍ I gCORAÍ IASCAIGH, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN UISCÍ A CHAOMHAINT AR THRUAILLIÚ AGUS DO THABHAIRT RÉIME, MAIDIR LE LÍOMATÁISTE AN FHEABHAIL, DO MHÍR 1 (b) DEN CHÉAD SCEIDEAL A GHABHAS LEIS AN ACHT IASCAIGH, 1925. [23ú Meitheamh, 1953].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

[EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “ an tAire ” an tAire Talmhaíochta.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

[EN]

Usáid líonta tarrainge i gcásanna airithe.

2.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfar iarratas chun an Aire ar chead chun líonta tarrainge d'úsáid chun bric a ghabháil i loch sonraithe a bhfuil a achar os cionn tríocha míle cearnach, agus

[EN]

(b) go dtabharfaidh an t-iarratasóir don Aire toiliú i scríbhinn ó únaer gach cirt eisiaigh iascaigh ar an loch, agus

[EN]

(c) go gcruthóidh an t-iarratasóir chun sástachta an Aire go raibh, taobh istigh d'fhiche bliain roimh an lú lá d'Eanáir, 1948, líonta á n-úsáid ó cheart ar an loch chun bric a ghabháil ag daoine den phobal a bhí ag brath ar an líontóireacht sin mar shlí mharthana,

[EN]

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, fo-dhlithe a dhéanamh á cheadú líonta tarrainge d'úsáid chun bric a ghabháil amhlaidh, faoi réir pé coinníollacha is cuí leis.

[EN]

(2) I gcás fo-dhlithe faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le huiscí atá dílsithe i mBord Soláthair an Leictreachais, ní forléireofar aon ní in aon achtachán mar ní a thoirmisceas ar an mBord cead a thabhairt chun líonta tarrainge d'úsáid sna huiscí sin do réir na bhfo-dhlithe.

[EN]

(3) Ní bhainfidh ailt 35 agus 36 den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939), le líonta lena mbaineann fo-dhlithe faoin alt seo de thuras na huaire.

[EN]

(4) Beidh feidhm maidir le gach fo-dhlí faoin alt seo ag fo-ailt (2) go (5) d'alt 28 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), arna leasú le halt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936), agus le halt 7 den Acht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1949 (Uimh. 27 de 1949).

[EN]

Cora iascaigh d'oibriú gan saor-bhearna.

3.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú cora iascaigh shonraithe leis an Aire nó le Bord Soláthair an Leictreachais d'oibriú gan saor-bhearna, faoi réir pé coinníollacha, i dtaobh leorlíon de na héisc a thagas isteach sa chora a ligean suas in aghaidh an tsrutha, is cuí leis d'fhorchur chun leorstoic de na héisc sin a chothabháil, agus féadfaidh, le hordú, aon ordú a rinne sé faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(2) Sara ndéanfaidh sé ordú faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara fógra, ina mbeidh dréacht den ordú beartaithe, go bhfuil sin ar intinn aige d'fhoilsiú agus a scaipeadh sa cheantar lena mbainfidh an t-ordú agus breithneoidh aon agóidí i gcoinne an orduithe sin a déanfar leis laistigh de mhí tar éis an fógra d'fhoilsiú.

[EN]

(3) Chun críche an ailt seo measfar gur cora iascaigh aon áis chun iasc a ghabháil, nó chun go mb'fhusaide iasc a ghabháil, a bhaineas le hoibreacha udroleictreacha a rinne Bord Soláthair an Leictreachais.

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag ordú faoin alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin sna hAchta Iascaigh, 1842 go 1949.

[EN]

(5) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

(6) Foilseofar fógra i dtaobh déanamh gach orduithe faoin alt seo a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó i nuachtáin a léitear sa cheantar lena mbaineann an t-ordú, agus taiscfear cóip den ordú leis an gCláraitheoir Contae do gach contae, agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach dúiche, a mbaineann an t-ordú leis nó le haon chuid de agus i ngach stáisiún Garda Shíochána sa cheantar lena mbaineann sé.

[EN]

Fiosrúcháin phoiblí.

4.—(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh a oiriúnaí a bheadh sé ordú nó fo-dhlí áirithe a dhéanamh faoin Acht seo.

[EN]

(2) Beidh feidhm maidir le fiosrúchán a déanfar faoin alt seo ag na forála de na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, a bhaineas le fiosrúcháin phoiblí.

[EN]

Uiscí a chaomhaint ar chruailliú.

5.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “ ábhar díobhálach ” aon phléascán nó aon tsubstaint ar dóigh, ar í a theacht nó a scaoileadh isteach in uiscí ar bith, go ndéanfadh sí na huiscí sin nimhiúil nó díobhálach d'éisc, do leapacha sceite nó do bhia aon éisc;

[EN]

ciallaíonn “ uiscí ” aon abha, loch, sruthchúrsa nó inbhear nó aon chuid de chósta na farraige.

[EN]

(2) Duine ar bith—

[EN]

(a) a úsáidfeas in aon uiscí aon ábhar díobhálach chun iasc a ghabháil, a dhíthiú nó a dhíobháladh, nó

[EN]

(b) a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige, ar bhruach aon uiscí nó ina n-aice, aon ábhar díobhálach le hintinn é d'úsáid chun iasc a ghabháil, a dhíthiú nó a dhíobháladh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) Duine ar bith—

[EN]

(a) a bháithfeas aon líon nó cnáib in uiscí ar bith, nó

[EN]

(b) a chaithfeas nó a dhoirtfeas aon ábhar díobhálach isteach in aon uiscí nó a cheadós nó a chuirfeas faoi deara aon ábhar díobhálach do thitim isteach in aon uiscí,

[EN]

beidh sé, mura faoi réim agus do réir cheadúnais ón Aire faoin alt seo a rinneadh an gníomh sin, ciontach i gcion.

[EN]

(4) Aon duine a bheas ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead nó, de roghain na cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile a chur air.

[EN]

(5) Ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an tsubstaint (is é sin, ábhar díobhálach a fuarthas ina sheilbh nó faoina urláimh nó líon nó cnáib a fuarthas in abhainn nó i loch), ar ina leith a rinneadh an cion, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála nó (i gcás ceadúnais atá le deonadh d'údarás sláintíochta i leith scéime séarachais) leis an Aire Rialtais Áitiúil, ceadúnais a dheonadh chun críocha an ailt seo, coinníollacha a chur le haon cheadúnas agus, tar éis dul i gcomhairle amhlaidh, aon cheadúnas a chúlghairm.

[EN]

(7) Athghairmtear leis seo alt 36 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, agus alt 7 den Acht Iascaigh, 1924 (Uimh. 6 de 1924).

[EN]

Forléiriú ailt 12 den Acht Iascaigh, 1925, maidir le Líomatáiste an Fheabhail.

6.—Folóidh an abairt “ ceantar eile ” i mír 1 (b) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925) (a fhorálas go mbeidh ráta laghdaithe dleachta ceadúnais ar shlat bhradáin amháin i gcás duine ag a bhfuil ceadúnas den tsórt céanna i gcóir ceantair eile) Líomatáiste an Fheabhail, mar mínítear sin in Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952), agus forléireofar alt 12 den Acht Iascaigh, 1925, dá réir sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

7.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1953, a ghairm de na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, agus den Acht seo le chéile.