[EN]

Uimhir 17 de 1939.


[EN]

ACHT IASCAIGH, 1939.


ACHT CHUN NA nACHTANNA LASCAIGH, 1842 GO 1937, AGUS AN ACHTA IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE), 1934, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, CHUN A CHUR IN USACHT A CHRUTHÚ IASCAIGH LEITHLEACHA IN UISCÍ TAOIDE DO BHEITH ANN, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN IASCACH ÁIRITHE D'AISTRIÚ CHUN AN STÁIT, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE (AR A nÁIRMHÍTEAR DIÚITÉTHE CEADÚNAIS D'FHORCHUR AR CHEADÚNAISÍ IASCAIREACHTA ÁIRITHE) A BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [14adh Iúl, 1939.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

1.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh, 1939, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1939, do ghairm de sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934), agus den Acht so le chéile.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire go generálta no maidir le haon Chuid no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh do Choda deifriúla agus d'fhorálacha deifriúla den Acht so.

[EN]

Mínithe agus léiriú.

3.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “na hAchtanna Iascaigh” na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, ar n-a leasú leis an Acht so, agus an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934), ar n-a leasú leis an Acht so;

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

[EN]

cialluíonn an abairt “ráta iascaigh” ráta ar n-a bhualadh ag bord coimeádaithe agus ar n-a dhaingniú ag an Aire fé alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), ar n-a leasú leis an Acht Iascaigh, 1937 (Uimh. 35 de 1937), no le haon achtachán ina dhiaidh sin, no ráta ar n-a bhualadh ag an Aire fén alt san 13;

[EN]

foluíonn na focail “bradán” “breac” agus “iasc” fé seach cuid de bhradán, cuid de bhreac agus cuid d'iasc fé seach;

[EN]

cialluíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán” ceadúnas chun bradáin d'iascaireacht le slait agus ruaim;

[EN]

cialluíonn an abairt “ceadúnas slaite breac” ceadúnas chun bric d'iascaireacht le slait agus ruaim.

[EN]

(2) Aon tagairt atá san Acht so d'am déanta ráta iascaigh léireofar é—

[EN]

(a) i gcás bord coimeádaithe do bhualadh an ráta iascaigh sin agus an Aire dá dhaingniú fé alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), ar n-a leasú leis an Acht Iascaigh, 1937 (Uimh. 35 de 1937), no le haon achtachán ina dhiaidh sin, mar thagairt don lá do daingníodh an ráta iascaigh sin amhlaidh;

[EN]

(b) i gcás an Aire do bhualadh an ráta iascaigh sin fén alt san 13, mar thagairt don lá do buaileadh an ráta iascaigh sin amhlaidh.

[EN]

(3) Léireofar mar éinní amháin an tAcht so agus na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, agus an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934).

[EN]

Costaisí.

4.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

Athghairm.

5.—Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

CUID II.

Na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, do Leasu agus do Leathnu.

Ceadúnaisí Iascaireachta agus Diúité Ceadúnais ortha.

[EN]

An ainm ina dtabharfar amach ceadúnaisí iascaireachta nach ceadúnaisí slaite.

6.—Gach ceadúnas do bhéarfar amach fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so alos innill (nach slat agus ruaim) a húsáidtear chun iasc do ghabháil beidh ar a aghaidh, i gcás innill a húsáidtear in iascach leithleach, ainm an duine (dá ngairmtear an t-únaer san alt so) bheidh i dteideal de thurus na huaire an t-inneall san d'úsáid chun a thairbhe féin no, má iarrann an t-únaer amhlaidh tré fhógra i scríbhinn don bhord choimeádaithe le n-a mbainfidh, ainm an duine eile sin a luadhfaidh an t-únaer sa bhfógra san agus, i ngach cás eile, ainm agus seoladh an duine íocfaidh an diúité ceadúnais ar an inneall san.

[EN]

Ceadúnaisí slaite bradán do thabhairt amach i dtogh-roinn.

7.—Má hiarrtar ceadúnas slaite bradán ar bhord choimeádaithe cheanntair iascaigh bhéarfar an ceadúnas san amach—

[EN]

(a) i gcás an t-iarratasóir do bheith ina únaer no ina shealbhaire ar shlat-iascach bhradán sa cheanntar san, sa togh-roinn den cheanntar san ina mbeidh an t-iascach san suidhte,

[EN]

(b) in aon chás eile—

[EN]

(i) mara mbeidh ach aon togh-roinn fíor-uisce amháin sa cheanntar san, sa togh-roinn fíor-uisce sin, no

[EN]

(ii) má bhíonn dhá thogh-roinn fíor-uisce no níos mó sa cheanntar san, sa cheann san de sna ranna san iarrfaidh an t-iarratasóir.

[EN]

Pionós fé alt 21 den Fisheries (Ireland) Act, 1848.

8.—Má dheineann duine ar bith (seachas an tAire) aon inneall, ionstruim, líon, cora, no feiste ná fuil áirmhithe sa Sceideal a ghabhann leis an Fisheries (Ireland) Act, 1848, d'úsáid in aon cheanntar iascaigh gan fógra do thabhairt roimhré, do réir an chéad phrovíso ghabhann le halt 21 den Acht san, do bhord choimcádaithe an cheanntair sin agus gan an tsuim sin do lóisteáil leis an mbord coimeádaithe sin éileoid i leith an diúité cheadúnais a bheidh le ceapadh ina dhiaidh sin alos an innill, na hionstruime, an lín, na corann no na feiste sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná cúig púint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise nach lugha ná caoga punt in aghaidh gach lae d'úsáid an duine sin an t-inneall, an ionstruim, an líon, an cora, no an fheiste sin amhlaidh.

[EN]

Srianta maidir le bric d'iascaireacht le slait.

9.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis tosach feidhme an ailt seo, dearbhóidh bord coimeádaithe gach ceanntair iascaigh fé leith, le hordú, gur uiscí breac sceidealta chun crícheanna an ailt seo aon aibhne no locha áirithe, no aon choda dhíobh, sa cheanntar san is dóich leis an mbord san is ceart do bheith sceidealta mar uiscí breac, agus féadfaid, o am go ham ina dhiaidh sin, a dhearbhú le horduithe eile gur uiscí breac sceidealta chun na gcrícheanna san aon aibhne no locha áirithe eile, no aon choda dhíobh, sa cheanntar san is dóich leis an mbord san is ceart do bheith sceidealta freisin mar uiscí breac, agus aon aibhne no locha no aon choda dhíobh go ndéanfar ordú ina dtaobh fén bhfo-alt so beid ina n-uiscí breac sceidealta chun na gcrícheanna san faid a leanfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.

[EN]

(2) Féadfaidh bord coimeádaithe, tráth ar bith, aon ordú bheidh déanta acu fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do cheiliúradh.

[EN]

(3) Gach ordú déanfar fé cheachtar de sna fo-ailt deiridh sin roimhe seo beidh sé sa bhfuirm sin agus foillseofar é sa tslí sin ordóidh an tAire.

[EN]

(4) Beidh trí shaghas ceadúnas slaite breac ann, eadhon—

[EN]

(a) ceadúnaisí slaite breac (generálta),

[EN]

(b) ceadúnaisí slaite breac (bruach-únaer),

[EN]

(c) ceadúnaisí slaite breac (sóisear).

[EN]

(5) D'ainneoin éinní atá in alt 21 den Fisheries (Ireland) Act, 1848—

[EN]

(a) beidh diúité ceadúnais de chúig scillinge iníoctha ar cheadúnas slaite breac (generálta),

[EN]

(b) beidh diúité ceadúnais de shé pingne iníoctha ar cheadúnas slaite breac (bruach-únaer),

[EN]

(c) beidh diúité ceadúnais de shé pingne iníoctha ar cheadúnas slaite breac (sóisear).

[EN]

(6) Féadfaidh duine ar bith ceadúnas slaite breac (generálta) d'fháil agus beidh an ceadúnas san bailidhe ar fuaid an Stáit.

[EN]

(7) Einne chuirfidh ina luighe ar bhord choimeádaithe cheanntair iascaigh gur sealbhaire é ar aon talamh ar imeall aon choda d'uiscí breac sceidealta sa cheanntar san go bhfuil teideal aige chun cearta iascaireachta ionta, féadfaidh ceadúnas slaite breac (bruac-únaer) d'fháil agus ní bheidh an ceadúnas san bailidhe ach sa chuid sin de sna huiscí breac sceidealta san ina mbeidh na cearta iascaireachta san ar marthain.

[EN]

(8) Einne chuirfidh ina luighe ar bhord choimeádaithe cheanntair iascaigh é bheith fé bhun seacht mbliana déag d'aois de thurus na huaire féadfaidh ceadúnas slaite breac (sóisear) d'fháil ón mbord san, agus ní bheidh an ceadúnas san bailidhe ach sa cheanntar iascaigh sin.

[EN]

(9) Beidh feidhm ag ailt 28, 29, 30 agus 31 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, agus ag alt 17 den Fisheries (Ireland) Act, 1869 (fé réir na n-atharuithe sin ortha is gá, ag féachaint do sna forálacha san roimhe seo den alt so) maidir le ceadúnaisí slaite breac.

[EN]

(10) Ní dleathach do dhuine ar bith bric d'iascaireacht le slait agus ruaim in aon uiscí breac sceidealta bheidh i gceanntar iascaigh maran rud é—

[EN]

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (generálta) bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, no

[EN]

(b) gur sealbhaire an duine sin ar thalamh ar imeall na coda san de sna huiscí breac sceidealta san ina bhfuighfear ag iascaireacht é agus go mbeidh sé i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-únaer) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do thug bord coimeádaithe an cheanntair iascaigh sin amach agus a bheidh bailidhe don chuid sin, no

[EN]

(c) gur ball an duine sin de líntighe shealbhaire tailimh ar imeall na coda de sna huiscí breac sceidealta san ina bhfuighfear an duine sin ag iascaireacht agus go mbeidh an sealbhaire sin i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-únaer) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do thug bord coimeádaithe an cheanntair iascaigh sin amach agus a bheidh bailidhe don chuid sin, no

[EN]

(d) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (sóisear) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus do thug an bord coimeádaithe sin amach.

[EN]

(11) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'fho-alt (10) den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar punt do chur air.

[EN]

An diúité ceadúnais ar cheadúnaisí slaite bradán a bhéarfar amach an 1adh Iúl no dá éis sin do laigheadú.

10.—Má bheartuíonn aon bhord coimeádaithe ceanntair iascaigh le rún go bhféadfar, má ceannuítear ceadúnas slaite bradán sa cheanntar san an 1adh lá d'Iúl no dá éis sin, é thabhairt amach agus go mbeidh sé le fáil ar íoc diúité ceadúnais de phunt, beidh éifeacht ag an rún san ar feadh na bliana thosnóidh tar éis dáta an rúin sin do rith agus leanfaidh d'éifeacht do bheith aige go deireadh aon bhliana inar féidir a chur ar nea-mbrí.

[EN]

E bheith de cheart ag sealbhóir ceadúnais slaite bradán bric d'iascaireacht.

11.—Beidh sealbhóir ceadúnais slaite bradán a bhéarfar amach in aon cheanntar iascaigh áirithe i dteideal bric d'iascaireacht sa cheanntar san le slait agus ruaim i rith na tréimhse le n-a mbainfidh an ceadúnas slaite bradán san gan aon cheadúnas eile do bheith ar seilbh aige.

[EN]

Diúitéthe ceadúnais ar líonta áirithe d'atharú agus socrú i dtaobh iad d'íoc ina dtráthchoda.

12.—(1) Deintear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), do leasú tré sna rátaí diúitéthe ceadúnais seo leanas do chur isteach ann in ionad na ndiúitéthe uile agus fé seach a luaidhtear ag uimhreacha 3 agus 4 den Sceideal san, sé sin le rá:—

3. Líonta tarraing no saighne

...

...

£5

0

0

4. Líonta fionnraoi d'fhaid ar bith

...

£5

0

0

[EN]

agus léireofar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(2) Má deintear, ar dháta nach déanaí ná an chéad lá den tsaosúr oscailte chun iascaireacht do dhéanamh le hinnill seachas slat agus ruaim in aon bhliain in aon cheanntar iascaigh áirithe, ceadúnas d'iarraidh ar bhord choimeádaithe an cheanntair iascaigh sin chun iascaireacht do dhéanamh le líon tarraing no le saighin no le líon fionnraoi agus go dtairgfidh an t-iarratasóir, le linn an iarratais do dhéanamh, leath an diúité cheadúnais is iníoctha ar an gceadúnas san—

[EN]

(a) bhéarfaidh an bord coimeádaithe sin an ceadúnas san amach don iarratasóir ach san fé réir an choinníll (agus cúl-scríobhfar san ar an gceadúnas san) go n-íocfar iarmhéid an diúité cheadúnais sin ar dháta nach déanaí ná an deichiú lá fichead tar éis an chéad lae den tsaosúr oscailte sin,

[EN]

(b) mara ndeintear do réir an choinníll sin beidh an ceadúnas san gan feidhm an deichiú lá fichead san agus as san amach.

[EN]

Ceadúnaisí do gheallbhruideadh.

13.—(1) I gcás—

[EN]

(a) duine do chiontú i gcionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so, agus

[EN]

(b) an duine sin do bheith ina shealbhóir ar cheadúnas no ar cheadúnaisí chun bradán no breac d'iascaireacht,

[EN]

féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteanta aon phionóis eile, a ordú an ceadúnas no na ceadúnaisí sin do gheallbhruideadh.

[EN]

(2) Má horduítear ceadúnas do gheallbhruideadh fén alt so, scuirfidh an ceadúnas san leis sin de bheith i bhfeidhm.

[EN]

Bord Coimeádaithe.

[EN]

Ceart íocóirí ráta iascaigh chun vótáil i dtoghacháin.

14.—(1) I gcás—

[EN]

(a) duine is sealbhaire rátuithe ar iascach (gur lugha ná caoga punt a luacháil fé sna hAchtanna Luachála) i dtoghroinn áirithe d'íoc an ráta iascaigh ar an iascach san in aghaidh na bliana iascaigh deiridh roimh bhliain iascaigh ina gcomórfar toghachán do sna coimeádaithe don togh-roinn sin, agus

[EN]

(b) gur punt no níos mó méid an ráta iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(c) beidh an duine sin no atúrnae no gníomhaire bheidh ceaptha go cuibhe fé alt 3 no 4 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, i dteideal vótáil sa toghachán san agus an uimhir seo leanas de vótanna do bheith aige ann, sé sin le rá:—

[EN]

(i) más lugha ná trí púint méid an ráta iascaigh sin, aon vóta amháin,

[EN]

(ii) más lugha ná sé púint agus nach lugha ná trí púint an méid sin, dhá vóta,

[EN]

(iii) más lugha ná deich bpúint agus nach lugha ná sé púint an méid sin, trí vóta,

[EN]

(iv) maran lugha ná deich bpúint an méid sin, ceithre vóta;

[EN]

(d) is leor-fhianaise ar cheart an duine no an atúrnae no an ghníomhaire sin chun vótáil sa toghachán san admháil ar an dara leath den ráta iascaigh sin do thaisbeáint.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so deifir do cheart duine ar bith chun vótáil i dtoghachán coimeádaithe do réir méid an diúité cheadúnais a bheidh íoctha aige.

[EN]

Ceart sealbhóiri ceadúnais chun vótáil i dtoghacháin.

15.—(1) Ní bheidh duine ar bith i dteideal vótáil i dtoghachán do bhord choimeádaithe alos diúité cheadúnais ar inneall (seachas ceadúnas slaite bradán) a húsáidtear chun iasc do ghabháil in iascach leithleach ach amháin an duine go mbeidh a ainm ar an gceadúnas do tugadh amach alos an innill sin.

[EN]

(2) Má híoctar diúité ceadúnais ar inneall sheasmhach a húsáidtear chun iasc do ghabháil ní thabharfaidh san teideal don duine íocfaidh an diúité sin ná do dhuine ar bith eile chun vótáil i dtoghachán do bhord choimeádaithe d'aon togh-roinn seachas an togh-roinn ina mbeidh an t-inneall san.

[EN]

(3) Má bheirtear amach tar éis an 31adh lá d'Iúl in aon bhliain ceadúnas alos aon innill a húsáidtear chun iasc do ghabháil ní tabharfar áird ar an diúité ceadúnais do híocadh ar an gceadúnas san nuair a bheidh méid an diúité cheadúnais do híocadh á áireamh chun na gceart vótála i dtoghachán do choimeádaithe comórfar an bhliain sin do chinneadh.

[EN]

(4) An punt a híocfar alos ceadúnais slaite bradán do bhéarfar amach an 1adh lá d'Iúl no dá éis sin ní tabharfar áird air nuair a bheidh méid an diúité cheadúnais do híocadh á áireamh chun cearta vótála in aon toghachán do choimeádaithe do chinneadh.

[EN]

(5) An tsuim a híocfar alos ceadúnais slaite breac ní tabharfar áird uirthi nuair a bheidh méid an diúité cheadúnais do híocadh á áireamh chun cearta vótála in aon toghachán do choimeádaithe do chinneadh, seachas toghachán a comórfar fé fhorálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo.

[EN]

Ionadaíocht do bheith ag iascairí breac ar bhúird choimeádaithe.

16.—(1) Má thárlann in aon cheanntar iascaigh an uimhir de cheadúnaisí slaite breac do tugadh amach in aon bhliain ina gcomórfar toghachán do bhord choimeádaithe don cheanntar san do bheith có-ionann le caoga per cent. ar a laighead den uimhir de cheadúnaisí slaite bradán do tugadh amach sa cheanntar san i rith na bliana san agus ar ar híocadh an diúité ceadúnais de dhá phunt, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má bhíonn an uimhir de sna ceadúnaisí slaite breac san có-ionann le caoga per cent. ar a laighead gan bheith thar cúig seachtód per cent. den uimhir de sna ceadúnaisí slaite bradán san féadfaidh sealbhóirí na gceadúnas slaite breac san duine dá líon do thoghadh mar ionadaí chun suidhe ar an mbord coimeádaithe sin;

[EN]

(b) in aon chás eile féadfaidh na sealbhóirí sin beirt dá líon do thoghadh mar ionadaithe chun suidhe ar an mbord coimeádaithe sin.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le héinne toghfar fé fho-alt (1) den alt so in aon bhliain mar ionadaí chun suidhe ar bhord choimeádaithe cheanntair, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fé réir forálacha na nAchtanna Iascaigh agus an Achta so agus sa mhéid go mbainfidh na forálacha san leis an gcás suidhfidh an duine sin agus gníomhóidh mar choimeádaí ar an mbord san agus beidh sé ina dhuine bhreise ar an uimhir de choimeádaithe bheidh le toghadh don cheanntar san fé sna hAchtanna Iascaigh;

[EN]

(b) marab éag, eirghe as no teacht fé mhí-ábaltacht no fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó beidh an duine sin i seilbh oifige ar feadh tréimhse oifige na ngnáth-choimeádaithe toghfar don cheanntar san an bhliain a toghfar an duine sin;

[EN]

(c) más rud é, le linn a thréimhse oifige, go n-éagfaidh an duine sin no go n-eireoidh as oifig no go dtiocfaidh fé dhí-cháilíocht chun gníomhú mar choimeádaí, féadfaidh an bord san, ag an dara cruinniú no roimh an dara cruinniú tar éis an duine sin d'éag, d'eirghe as no no do theacht fé dhí-cháilíocht, duine eile, is sealbhóir cheadúnais slaite breac do thug an bord san amach, do chó-thoghadh ina ionad chun an fholúntais do thárla de dheascaibh an éaga, an eirghe as no an teacht fé dhí-cháilíocht san do líonadh ar feadh a mbeidh gan caitheamh de thréimhse oifige an bhúird sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin pé socruithe do dhéanamh is dóich leis is ceart maidir le toghacháin fé fho-alt (1) den alt so, agus comórfar gach toghachán den tsórt san do réir na rialachán san.

[EN]

(4) In aon toghachán fé fho-alt (1) den alt so beidh duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite breac i dteideal vóta amháin agus ní níos mó, pe'ca sealbhóir ar níos mó ná aon cheadúnas slaite breac amháin é no nach eadh.

[EN]

(5) San alt so ní fholóidh an abairt “ceadúnaisí slaite breac” ceadúnaisí slaite breac (sóisear).

[EN]

Fiosruithe i dtaobh bord coimeádaithe.

17.—(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más oiriúnach leis é, a ordú fiosrú do dhéanamh i dtaobh cólíonadh a ndualgas ag aon bhord coimeádaithe áirithe agus féadfaidh duine ar bith do cheapadh chun an fhiosruithe sin do dhéanamh.

[EN]

(2) Féadfaidh duine (dá ngairmtear duine údaruithe san alt so) a ceapfar fé fho-alt (1) den alt so chun fiosrú do dhéanamh fén alt so i dtaobh cólíonadh a ndualgas ag bord coimeádaithe gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fínnithe do ghairm chun teacht ina láthair ag an bhfiosrú san;

[EN]

(b) fínnithe thiocfaidh ina láthair ag an bhfiosrú san do cheistniú fé mhionn (agus údaruítear don duine sin leis seo daoine do chur fén mionn san);

[EN]

(c) a cheangal ar aon fhínnithe den tsórt san aon scríbhinní bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram do thabhairt i láthair is dóich leis an duine sin is gá do thabhairt i láthair chun críche an fhiosruithe sin.

[EN]

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair duine údaruithe bheidh ag déanamh fiosruithe chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

[EN]

(4) Má thárlann d'éinne—

[EN]

(a) gan teacht i láthair ar é do ghairm go cuibhe chun bheith i láthair mar fhínné as cóir duine údaruithe bheidh ag déanamh fiosruithe, no

[EN]

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an duine údaruithe sin air do réir dlí do thabhairt, no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an duine údaruithe sin air do réir dlí do thabhairt i láthair no d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an duine údaruithe sin air do fhreagairt, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

(5) Má ceaptar duine (nach oifigeach don Aire) chun fiosrú do dhéanamh fén alt so, íocfar leis an duine sin an luach saothair sin agus na liúntaisí sin i leith costaisí a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(6) Má deintear fiosrú fén alt so maidir le bord coimeádaithe, deimhneoidh an tAire méid na gcostaisí fé n-a ndeachaidh an tAire maidir leis an bhfiosrú san, agus déanfaidh an tAire an méid a deimhneofar amhlaidh do bhaint as ioncum an bhúird sin.

[EN]

(7) Déanfar aon tsuim a bhainfidh an tAire amach fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(8) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Comhacht chun búird choimeádaithe do scur.

18.—(1) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh—

[EN]

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrú do dhéanamh fén Acht so i dtaobh cólíonadh a ndualgaisí ag bord coimeádaithe, ná fuil dualgaisí an bhúird sin á gcólíonadh go cuibhe agus go héifeachtúil ag an mbord san, no

[EN]

(b) go bhfailleoidh bord coimeádaithe go toiliúil déanamh do réir aon orduithe, treora no rialacháin dleathaigh ón Aire, no go bhfailleoid déanamh do réir aon bhreithiúnais, orduithe no aithne o aon chúirt,

[EN]

féadfaidh an tAire, le hordú, an bord coimeádaithe sin do scur agus toghachán nua do bhaill den bhord san d'ordú (fén gcomhacht a bheirtear dó anso ina dhiaidh seo) no cistí, leabhair agus maoin eile agus comhachta, dualgaisí agus fiachaisí uile agus fé seach an bhúird sin d'aistriú chun aon chóluchta no duine is oiriúnach leis.

[EN]

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag scur búird choimeádaithe féadfaidh pé daoine agus pé méid daoine do cheapadh is dóich leis is ceart chun dualgaisí an bhúird choimeádaithe sin do chólíonadh agus féadfaidh o am go ham na daoine sin uile no aon chuid acu do chur as oifig agus daoine eile do cheapadh ina n-ionad agus féadfaidh sealbhaíocht oifige, dualgaisí agus luach saothair gach duine den tsórt san agus an urraíocht (más aon urraíocht é) bheidh le tabhairt ag gach duine den tsórt san do cheapadh.

[EN]

(3) Déanfar luach saothair gach duine ceapfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so chun dualgaisí búird choimeádaithe do chólíonadh d'íoc amach as ioncum an bhúird choimeádaithe sin mar chuid de sna costaisí a ghabhann le cólíonadh a ndualgaisí.

[EN]

(4) Má deintear duine bheidh ag fónamh sa Stát-Sheirbhís do cheapadh fé fho-alt (2) den alt so chun dualgaisí búird choimeádaithe do chólíonadh, aisíocfar as ioncum an bhúird choimeádaithe sin leis an Stát-Chiste, sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais, tuarastal an duine sin agus fós pé muirir a chinnfidh an tAire sin do bheith ceart alos aois-liúntais agus liúntaisí agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aois-liúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

(5) Más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, tráth ar bith tar éis bord coimeádaithe do scur fén alt so, a chur fé ndeár, le hordú, toghachán nua do bhaill den bhord san do chomóradh agus ar an toghachán nua san do bheith críochnuithe dílseoidh maoin, comhachta agus dualgaisí uile an bhúird choimeádaithe scurtha sa chólucht a toghfar amhlaidh, d'ainneoin an Aire d'aistriú an chéanna chun aon chóluchta, daoine no duine eile fén alt so.

[EN]

(6) Pe'ca déanfar no ná déanfar toghachán nua do bhaill de bhord choimeádaithe do chomóradh de bhun orduithe déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, comórfar an chéad toghachán eile ina dhiaidh sin do bhaill den bhord choimeádaithe sin an chéad ócáid eile gur ghá do réir dlí toghachán do sna baill sin do chomóradh dá mba ná scuirfí an bord san agus leis sin dílseoidh maoin, comhachta agus dualgaisí uile an bhúird choimeádaithe scurtha sa chólucht a toghfar amhlaidh.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dóich leis is gá chun lán-éifeacht do thabhairt d'aon ordú dhéanfa sé fén alt so.

[EN]

Di-cháiliú chun ballraíochta búird choimeádaithe.

19.—Má ciontuítear duine i gcionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ar dhuine do chiontú amhlaidh beidh sé dí-cháilithe go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin chun a thoghtha ina bhall de bhord choimeádaithe;

[EN]

(b) más ball toghtha de bhord choimeádaithe an duine sin scuirfe sé, ar a chiontú amhlaidh, de bheith ina bhall den bhord san;

[EN]

(c) má bhíonn an duine sin ar dháta an chiontuithe sin, no má thagann ina dhiaidh sin chun bheith, i seilbh mar shealbhaire rátuithe (ina aonar no in éineacht le daoine eile) ar iascach leithleach no iascach aon-chirt gur caoga punt no níos mó in aghaidh na bliana a luacháil fé sna hAchtanna Luachála, scuirfidh na cearta bronntar le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), agus leis an Acht so, de bheith infheidhmithe ag an duine sin go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin;

[EN]

(d) más gníomhaire an duine sin do dhuine eile bheidh cáilithe mar choimeádaí ex-officio fé alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú amhlaidh, scuirfidh as san amach de bheith cáilithe chun gníomhú ina ghníomhaire don duine eile sin, mar choimeádaí ex-officio, go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin;

[EN]

(e) beidh an duine sin dí-cháilithe as san amach chun é cheapadh ina ghníomhaire fé alt 4 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, go ceann seacht mblian o dháta an chiontuithe sin.

[EN]

Baill ex-officio de bhúird choimeádaithe.

20.—(1) Déanfar alt 6 (a bhaineann le coimeádaithe ex-officio) den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), do léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is go ndéanfaí—

[EN]

(a) na focail “rated occupier” do chur in ionad na bhfocal “owner, lessee or occupier”, agus

[EN]

(b) na focail “rated occupiers” do chur in ionad na bhfocal “owners, lessees or occupiers”.

[EN]

(2) Ní tuigthe duine do bheith ina bhall ex-officio de bhord choimeádaithe fé alt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ar n-a leasú le halt 7 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), faid a bheidh aon fhiachas dá mbeidh ar an duine sin, i leith ráta iascaigh is iníoctha aige leis an mbord san, gan glanadh ar feadh tréimhse is sia ná ceithre lá dhéag ó dháta an ráta iascaigh sin do theacht chun bheith iníoctha.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh bhord coimeádaithe.

21.—Ní bheidh deireadh le tréimhse oifige cléirigh bhúird choimeádaithe ná aon oifigigh ná seirbhísigh eile do bhord choimeádaithe de bhíthin amháin baill an bhúird sin d'eirghe as oifig no do chur as oifig.

Rátaí ar iascaigh

[EN]

Rátaí iascaigh do bhaint amach.

22.—Pé uair a theipfidh ar dhuine ar bith (dá ngairmtear an duine rátuithe san alt so) a bheidh fé ráta iascaigh i leith iascaigh áirithe leath an ráta iascaigh sin d'íoc fé cheann mí tar éis an lae gur gá, do réir fo-ailt (5) d'alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), an leath san d'íoc, féadfar an leath san do bhaint den duine rátuithe no (má sé is rogha leis an duine ag á mbeidh teideal dlí chun é bhailiú agus é bhaint amach) de dhuine ar bith do bhí i seilbh no ag úsáid an iascaigh sin tráth buailte an ráta iascaigh sin no aon tráth ina dhiaidh sin agus más tionónta don duine rátuithe an duine deiridh sin féadfa sé, mara bhforálann an connradh tionóntachta go n-íocfaidh an tionónta an ráta iascaigh, méid aon ráta iascaigh a bainfear de amhlaidh do bhaint as aon chíos is iníoctha leis an duine rátuithe.

Iascaigh do Chosaint.

[EN]

Gan feistí áirithe d'úsáid chun bradáin no bric do ghabháil.

23.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní úsáidfidh duine ar bith ná ní bheidh ina sheilbh ná fé n-a chúram, in aon loch, abhainn, ná inbhear ná ar bhruacha an chéanna ná in aice leo, chun aon bhradán no breac do ghabháil, aon tsaghas soluis ná teine ná aon otar, sleagh, strócáil, gaf ná aon ionstruim eile dá samhail.

[EN]

(2) Einne úsáidfidh no go mbeidh ina sheilbh no fé n-a chúram aon tsolus, teine no ionstruim contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

[EN]

(3) Gach duine ciontófar i gcionta fén alt so geallbhruidfe sé an solus no an teine do húsáideadh chun an chionta do dhéanamh inar ciontuíodh an duine sin agus fós na meáin no na habhair le n-a ndearnadh an solus no an teine sin agus aon ionstruim d'úsáid an duine sin chun an chionta san do dhéanamh.

[EN]

(4) Ní bhainfidh an toirmeasc atá san alt so le duine ar bith d'úsáid no do bheith i seilbh no i gcúram gafa a húsáidtear no bheidh le húsáid mar chabhair chun iascaireacht dleathach do dhéanamh le slait agus ruaim idir eirghe gréine agus uair a chluig tar éis luighe gréine, agus mar sin amháin, no a húsáidtear no bheidh le húsáid ag ceadúnaí aon chorann, bosca, no cléibh dhleathaigh chun iasc do thógaint as an gcéanna agus chuige sin amháin ná ní bhainfe sé le duine ar bith d'úsáid no do bheith i seilbh no i gcúram sleighe eascon a húsáidtear chun eascoin do ghabháil.

[EN]

Seilbh lín neadhleathaigh, etc., do shrianadh.

24.—(1) Ní bheidh ina sheilbh ná fé n-a chúram ag duine ar bith, in aon loch, abhainn ná inbhear no in aon chuid den chéanna ná ar bhruacha ná i ngar do bhruacha aon locha, abhann ná inbhir ná aon choda áirithe den chéanna, aon líon ná aon ionstruim no mealladh no baoite eile nach dleathach d'úsáid sa loch, san abhainn no san inbhear san no sa chuid áirithe sin den chéanna (do réir mar a bheidh) chun bradáin no bric no iasc eile do ghabháil.

[EN]

(2) Einne go mbeidh aon líon no aon ionstruim no mealladh no baoite eile ina sheilbh no fé n-a chúram contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCuirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag agus geallbhruidfidh an líon san no an ionstruim no an mealladh no an baoite eile sin.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go bhfuighfear aon líon i seilbh duine no go mbeidh aon líon fé n-a chúram i ngar don teorainn idir an chuid taoide agus an chuid fhíor-uisce d'aon abhainn no loch, agus

[EN]

(b) go gcúiseofar an duine sin, dá bhíthin sin, i gcionta fén alt so,

[EN]

beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú gur sealbhóir é ar cheadúnas chun an lín sin d'úsáid sna huiscí taoide sin agus gur sna huiscí taoide sin atá beartuithe an líon san d'úsáid.

[EN]

Aibhne do chosaint ar shailiú.

25.—(1) Ní déanfar, i ngiorracht tríocha slat do bhruach aon abhann ná locha ná aon chúrsa uisce nádúrtha no saordha, aon pholl, dabhachán, condúit, píb-líne ná gabhadán eile ina mbeidh aon abhar docharach no nimhiúil á choimeád nó á iompar no ina mbeidh beartuithe a leithéid do choimeád no d'iompar mara mbeidh socrú den tsórt a bheidh ceaduithe ag an Aire déanta chun aon fhliuchán docharach no nimhiúil, no aon tsrothlach no dréineáil o aon abhar docharach no nimhiúil, do chosc go héifeachtúil ar dhul uaidh isteach san abhainn no sa loch no sa chúrsa uisce sin.

[EN]

(2) Aon pholl, dabhachán, condúit, píb-líne no gabhadán eile atá fé láthair i ngiorracht tríocha slat do bhruach aon abhann no locha no aon chúrsa uisce nádúrtha no saordha agus atá déanta no á úsáid chun na críche luaidhtear thuas déanfar air no cuirfear leis, fé cheann sé mí tar éis tosach feidhme an ailt seo, na hatharuithe no na breiseanna chuirfidh cosc go héifeachtúil, agus chun sástachta an Aire, le haon fhliuchán docharach no nimhiúil, no aon tsrothlach no dréineáil o aon abhar docharach no nimhiúil, do dhul isteach san abhainn no sa loch no sa chúrsa uisce sin.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní toirmeasctar le ceachtar de sna fo-ailt sin thuas no má fhágann únaer no sealbhaire no úsáidaire aon phuill, dabhacháin, condúit, píb-líne no gabhadáin eile éinní gan déanamh a ceangailtear air le ceachtar den dá fho-alt san thuas do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon cionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é i leith na habhann, an locha no an chúrsa uisce chéanna, fineáil ná raghaidh thar fiche punt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san agus príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná dhá mhí dhéag.

[EN]

Nimh, etc., no pléascáin d'úsáid.

26.—Einne úsáidfidh aol, spiuirse no aon tsubstaint narcóideach, ghreannach no nimhiúil, no aon phléascán, chun iasc do dhíobháladh no do dhíthiú in aon abhainn, loch no inbhear, pé aca iascach puiblí no iascach príobháideach an céanna, no in aon chuid den fhairrge, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

[EN]

Cuid de Mhí Dheire Fómhair do bheith sa tsaosúr choiscthe.

27.—(1) Déanfar, maidir le gach abhainn agus ceanntar iascaigh, an tréimhse dar tosach an 13adh lá de Dheire Fómhair agus dar críoch an 31adh lá den mhí sin d'áireamh sa tsaosúr choiscthe i leith bradáin no bric d'iascaireacht le slait agus ruaim agus beidh sí ina cuid den tsaosúr san, ach beidh an fhoráil sin roimhe seo den fho-alt so gan dochar d'oibriú aon ionstruime reachtúla a bheidh déanta fé sna hAchtanna Iascaigh agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an ailt seo agus tré n-a n-áirmhítear sa tsaosúr choiscthe sin cuid is mó ná san den mhí sin Deire Fómhair.

[EN]

(2) Aon chomhacht atá ann anois fé aon Acht chun saosúr coiscthe d'atharú ní bheidh feidhm aici chun na tréimhse luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo do dhúnadh amach ná ní údaróidh í dhúnadh amach ón saosúr coiscthe maidir le haon abhainn no ceanntar iascaigh i leith bradáin no bric d'iascaireacht le slait agus ruaim.

[EN]

Sárú ar an tráth coiscthe seachtainiúil.

28.—(1) I gcás cionta fé alt 46 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, do dhéanamh maidir le haon iascach, ansan—

[EN]

(a) más duine do bhí i bhfostaíocht no fé urláimh únaera no sealbhaire an iascaigh sin do rinne an cionta san, no

[EN]

(b) más duine (seachas an t-únaer no an sealbhaire sin no duine i bhfostaíocht no fé urláimh an únaera no an tsealbhaire sin) do rinne an cionta san agus gur hurasuíodh a dhéanamh tré gan an t-únaer no an sealbhaire sin do ghlacadh réamhchúraim chun ná déanfaí an cionta,

[EN]

is tuigthe an t-únaer no an gníomhaire sin freisin do bheith ciontach sa chionta san agus dlighfear imeachta do bhunú ina choinnibh agus é do phionósú dá réir sin.

[EN]

(2) Mas rud é—

[EN]

(a) go ndéanfaidh duine i bhfostaíocht no fé stiúradh únaera no sealbhaire iascaigh cionta fé alt 46 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, i ndáil leis an iascach san, agus

[EN]

(b) go gcúiseofar an t-únaer no an sealbhaire sin sa chionta san de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo,

[EN]

is cosaint mhaith don únaer no don tsealbhaire sin a chruthú—

[EN]

(i) másé an cionta aon ghníomh áirithe d'fhágaint gan déanamh ba ghá do réir an ailt sin 46 do dhéanamh, go ndearna sé dícheall cuibhe chun a áirithiú go ndéanfaí an gníomh san agus nach aon orduithe ná faillí thoiliúil uaidh féin ba chúis le gan a dhéanamh,

[EN]

(ii) másé an cionta aon ghníomh do dhéanamh a toirmeasctar leis an alt san 46, go ndearna sé dícheall cuibhe chun an ghnímh sin do chosc agus gur gan toil ná ciúin-chead ná faillí thoiliúil uaidh-sean do rinneadh an gníomh san, agus

[EN]

(iii) i ngach cás, go ndearna sé, ar an gcionta do chur ina leith, gach eolas a bhí ar a chumas do thabhairt don duine do chuir ina leith é, i dtaobh an duine d'fhág aon ghníomh gan déanamh ba ghá do réir an ailt sin 46 do dhéanamh no do rinne aon ghníomh a toirmeasctar leis an ailt san 46 (do réir mar a bheidh).

Forálacha i dtaobh Coraí Iascaireachta agus Dambaí.

[EN]

Saor-bhearnaí do dhéanamh i gcoraí iascaireachta.

29.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, d'ainneoin aon bhreithe thug na Coimisinéirí Speisialta fé fhorálacha an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, no aon chúirt dlighinse inniúla sarar ritheadh an tAcht so, ná fuil saor-bhearna do réir ailt 9 den Acht san i gcorainn iascaireachta áirithe féadfaidh an tAire a thabhairt go seirbheálfar ar shealbhaire na corann iascaireachta san fógra á cheangal ar an sealbhaire sin saor-bhearna do dhéanamh sa chorainn iascaireachta san do réir an ailt sin 9 agus fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí ó dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san.

[EN]

(2) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) den alt so ar shealbaire corann iascaireachta féadfaidh an sealbhaire sin, fé cheann mí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Chuarda go mbeidh an chora iascaireachta san laistigh dá dhlighinse ordú do dhéanamh ag cur an fhógra san ar neamhní ar an bhforas go bhfuil saor-bhearna do réir ailt 9 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, sa chorainn iascaireachta san cheana agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) bhéarfaidh an sealbhaire sin fógra don Aire i dtaobh an iarratais;

[EN]

(b) beidh an sealbhaire sin agus an tAire i dteideal teacht i láthair nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht agus fianaise do thabhairt ar áird;

[EN]

(c) más deimhin leis an mBreitheamh san go bhfuil saorbhearna do réir an ailt sin 9 sa chorainn iascaireachta san cheana, cuirfe sé an fógra san ar neamhní agus ordóidh don Aire costaisí an tsealbhaire i dtaobh an iarratais d'íoc leis an sealbhaire sin, agus is tuigthe ansan nár seirbheáladh an fógra san;

[EN]

(d) maran deimhin leis an mBreitheamh san an méid sin diúltóidh sé don iarratas agus ordóidh don tsealbhaire sin costaisí an Aire i dtaobh an iarratais d'íoc leis an Aire agus féadfaidh freisin an fógra san do leasú tríd an am a luaidhtear sa bhfógra san chun é chólíonadh d'fhaidiú;

[EN]

(e) ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin ar an iarratas ná ní bheidh athchomharc ina coinnibh.

[EN]

(3) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) den alt so ar shealbhaire corann iascaireachta agus ná déanfaidh an sealbhaire sin do réir éilithe an fhógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná caoga punt agus nach mó ná céad punt do chur air,

[EN]

(b) pé aca bunuíodh imeachta i gcoinnibh an tsealbhaire sin fé mhír (a) den fho-alt so no nár bunuíodh féadfaidh an tAire féin, no féadfaidh tré n-a oifigigh no tré dhuine ar bith eile, dul isteach ar an gcorainn iascaireachta san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis an gcorainn iascaireachta san agus saor-bhearna do dhéanamh sa chorainn sin.

[EN]

(4) Má dheineann an tAire saor-bhearna i gcorainn iascaireachta fén alt so beidh sé i dteideal na costaisí fé n-a ndeacha sé chun na saor-bhearnan san do dhéanamh do bhaint de shealbhaire na corann iascaireachta san mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(5) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so aon chostaisí do bhaint amach beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

[EN]

(6) Má thagann aon damáiste iarmartach as an Aire do dhéanamh saor-bhearnan i gcorainn iascaireachta, beidh sealbhaire na corann iascaireachta san freagarthach sa damáiste sin.

[EN]

(7) Má deintear saor-bhearna i gcorainn iascaireachta fén alt so bainfidh rialacha 2, 3 agus 4 in alt 12 den Salmon Fisheries (Ireland) Act, 1863, leis an saor-bhearnain sin.

[EN]

(8) Ní léireofar éinní san alt so mar ní dheineann deifir d'alt 19 d'Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935).

[EN]

(9) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chorainn iascaireachta go ndearnadh ordú ina taobh fé alt 11 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

[EN]

(10) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Iasc do dhul tré dhambaí agus dambaí do dheisiú.

30.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire aon damba do rinneadh no do cuireadh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) in aon abhainn no trasna aon abhann a ghnáthuíonn bradáin do bheith déanta no á chothabháil i slí go bhfuil cuid no coda dhe ná tugann saor-chead gluaiseachta no imirce do bhradáin, do bhric agus d'iasc eile gach tráth den bhliain, féadfaidh an tAire fógra do chur dá sheirbheáil ar shealbhaire an damba san á cheangal ar an sealbhaire sin pé deisiú (le n-a n-áirmhítear atharuithe no breiseanna) a chífear don Aire is gá no is inmhianuithe, chun slí shaor gan chosc do bheith ag an iasc a ghnáthuíonn an abha san, do dhéanamh ar an damba san fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí o dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san.

[EN]

(2) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) den alt so ar shealbhaire damba a húsáidtear i ndáil le muileann no le monarchain agus go ndéanfaidh an sealbhaire sin, fe cheann mí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, a chur in úil don Aire i scríbhinn go gcuirfeadh sé as d'oibriú an mhuilinn no na monarchan san an fógra san do chólíonadh, cuirfidh an tAire fé ndeár go ndéanfaidh duine ceart oiriúnach fiosrúchán i dtaobh an chúrsa agus tuarasgabháil do thabhairt dó ina thaobh agus nuair do bhéarfar an tuarasgabháil beidh feidhm ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más léir ón tuarasgabháil go dtiocfadh den deisiú luaidhtear sa bhfógra san laigheadú ba mhó ná cúig per cent. do dhul ar an each-neart oibritheach do bhí le fáil ag an muileann no ag an monarchain sin go dtí dáta seirbheála an fhógra (ar n-a thomhas le linn leibhéal an uisce ag an damba san do bheith ar meán-leibhéal chíre an damba san), déanfaidh an tAire an fógra san do tharraing siar agus san do chur in úil don tsealbhaire sin;

[EN]

(b) más léir ón tuarasgabháil ná tiocfadh an laigheadú san den deisiú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) seirbheálfaidh an tAire cóip den tuarasgabháil sin ar an sealbhaire sin,

[EN]

(ii) féadfaidh an sealbhaire sin, fé cheann ceithre lá déag tar éis na cóipe sin do sheirbheáil air, ráiteas i scríbhinn do chur chun an Aire ag cur i gcoinnibh na tuarasgabhála agus ag luadh foras a agóide,

[EN]

(iii) má cuirtear agóid chun an Aire amhlaidh, ansan—

[EN]

(I) cuirfidh an tAire an scéal fé bhráid Uachtarán Fundúireacht na nInnealtóirí Síbhialta in Éirinn no fé bhráid dhuine éigin a cheapfaidh an tUachtarán san agus féadfaidh seisean, tar éis an scéil do scrúdú, aontú leis an tuarasgabháil no gan aontú léi, fé mar is oiriúnach leis,

[EN]

(II) mara n-aontuighidh an duine scrúdóidh an scéal leis an tuarasgabháil, tarraingeoidh an tAire an fógra san siar,

[EN]

(III) íocfar leis an duine scrúdóidh an scéal pé táille cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Air geadais agus, má aontuíonn an duine sin leis an tuarasgabháil, íocfaidh an sealbhaire sin suim is có-mhéid leis an táille sin leis an Aire agus féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla agus, nuair a híocfar leis an Aire amhlaidh í no bhainfidh an tAire amach amhlaidh í, déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire aon damba do rinneadh no do cuireadh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) in aon abhainn do bheith déanta no á chothabháil i slí, uisce do bheadh ar fáil chun saor-chead gluaiseachta agus imirce do bheith ag iasc de dhruim an damba san no thairis (mara mbeadh an damba do bheith déanta no á chothabháil), go mbíonn sé ag dul no ag éalódh tríd an damba san no thairis (ar shlí eile seachas tré n-a úsáid chun na críche chun a mbíonn sé á choinneáil ag an damba san) agus dá dheascaibh sin, ná bíonn sé ar fáil le haghaidh an tsaor-cheada ghluaiseachta agus imirce sin, féadfaidh an tAire fógra do chur dá sheirbheáil ar shealbhaire an damba san á cheangal air pé deisiú (le n-a n-áirmhítear athnuachaint agus ath-dhéanamh) a chífear don Aire is gá agus a luadhfar as bhfógra san do dhéanamh ar an damba san fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí o dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san.

[EN]

(4) Má seirbheáltar fógra fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt so ar shealbhaire damba agus ná déanfaidh an sealbhaire sin do réir éilithe an fhógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná caoga punt agus nach mó ná céad punt do chur air,

[EN]

(b) pe'ca bunuíodh imeachta i gcoinnibh an tsealbhaire sin fé mhír (a) den fho-alt so no nár bunuíodh féadfaidh an tAire féin, no féadfaidh tré n-a oifigigh no tré dhuine ar bith eile, dul isteach ar an damba san agus ar an talamh a bheidh teoranta leis an damba san agus an deisiú a luadhfar sa bhfógra san do dhéanamh ar an damba san.

[EN]

(5) Má dheineann an tAire aon deisiú ar dhamba fén alt so beidh sé i dteideal na costaisí fé n-a ndeacha sé chun an deisithe sin do dhéanamh do bhaint de shealbhaire an damba san, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(6) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so aon chostaisí do bhaint amach, beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

[EN]

(7) Ní bheidh an tAire freagarthach in aon damáiste iarmartach d'aon mhaoin no d'aon duine thiocfaidh as é do dhéanamh aon deisithe ar dhamba fén alt so.

[EN]

(8) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so fógra do sheirbheáil á cheangal deisiú do dhéanamh ar dhamba féadfaidh an tAire, sara seirbheálaidh an fógra san, an damba san do chur dá iniúchadh agus dá scrúdú, agus beidh aon oifigeach don Aire no duine ar bith eile cheapfaidh an tAire chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh i dteideal dul isteach chun na críche sin gach tráth réasúnta ar an damba san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis.

[EN]

(9) Na comhachta bheirtear don Aire leis an alt so is comhachta iad i dteanta agus ní comhachta iad in ionad comhachta an Aire fé alt 63 den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

[EN]

(10) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

(11) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo cialluíonn an focal “damba” aon damba, cora, bual-chomhla, falla, bancánacht no obair shaordha eile bheidh déanta no curtha in aon abhainn no i gceangal léi chun uisce do choinneáil no i dtaobh uisce do choinneáil i gcóir loingseoireachta, uisciúcháin, soláthair uisce, no uisce-chomhachta no chun aon chríche eile.

[EN]

Dambaí tréigthe agus dambaí díomhaoine d'atharú.

31.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire aon damba do rinneadh no do cuireadh in aon abhainn do bheith tréigthe no díomhaoin ar feadh cúig bliana ar a laighead nó é bheith an fhaid gan bheith á úsáid go héifeachtúil chun na críche chun a ndearnadh é agus go ndeineann sé go díreach no go nea-dhíreach saor-chead gluaiseachta agus imirce éisc do chosc no cabhrú le n-a chosc no saoráidí do thabhairt chun iasc do dhíthiú go nea-dhlíthiúil, féadfaidh an tAire fógra do chur dá sheirbheáil ar dhuine ar bith is dóich leis is únaer no sealbhaire ar an damba san á cheangal air go ndéanfadh sé ar an damba san, fé cheann na haimsire (nach giorra ná mí o dháta an fhógra san do sheirbheáil) a luadhfar sa bhfógra san, pé atharuithe (le n-a n-áirmhítear breiseanna agus aistriú iomlán no leathrannach) a chífear don Aire is gá chun saor-chead gluaiseachta agus imirce do bheith ag iasc no chun deireadh do chur leis na saoráidí chun iasc do dhíthiú go nea-dhlíthiúil (do réir mar a bheidh) agus a luadhfar sa bhfógra san.

[EN]

(2) Má seirbheáltar fógra fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus ná déanfar na hatharuithe luadhfar sa bhfógra san fé cheann na haimsire luadhfar chuige sin sa bhfógra san, féadfaidh an tAire féin, no féadfaidh tré n-a oifigigh no tré dhuine ar bith eile, dul isteach ar an damba le n-a mbainfidh an fógra san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis an damba san agus na hatharuithe sin do dhéanamh ar an damba san.

[EN]

(3) Má dheineann an tAire aon atharuithe ar dhamba fén alt so agus gur deimhin leis gur toisc faillí thoiliúil únaera no sealbhaire an damba san ba ghá na hatharuithe sin do dhéanamh, féadfaidh an tAire na costaisí fé n-a ndeacha sé chun na n-atharuithe sin do dhéanamh do bhaint den únaer no den tsealbhaire sin, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(4) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so méid aon chostaisí do bhaint amach, beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

[EN]

(5) Pé uair a bheidh an tAire i dteideal fén alt so fógra do sheirbheáil á cheangal atharuithe do dhéanamh ar dhamba féadfaidh an tAire, sara seirbheálaidh an fógra san, an damba san do chur dá iniúchadh agus dá scrúdú agus beidh aon oifigeach don Aire no duine ar bith eile cheapfaidh an tAire chun an iniúchta agus an scrúduithe sin do dhéanamh i dteideal dul isteach, chun na críche sin, gach tráth réasúnta ar an damba san agus ar aon talamh a bheidh teoranta leis.

[EN]

(6) Ní dhlighfidh an tAire aon mhuirir d'íoc i leith chothabháil aon damba atharóidh sé no cheanglóidh sé d'atharú fén alt so ná íoc as aon damáiste thiocfaidh d'aon mhaoin no d'aon duine as an atharú san ná as an atharú san do dhéanamh.

[EN]

(7) Pé uair a bheidh an tAire chun fógra do sheirbheáil no aon atharuithe do dhéanamh fén alt so maidir le haon damba tréigthe no díomhaoin do rinneadh no do cuireadh in abhainn chun no i dtaobh uisce i gcóir loingseoireachta do choinneáil, ragha sé i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála sara seirbheálaidh an fógra san no sara ndeinidh na hatharuithe sin.

[EN]

Na Fisheries (Ireland) Acts, 1842 and 1850, do leasú.

32.—Déanfar an abairt “mill or factory” i ngach áit ina bhfuil sí in alt 63 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, no in alt 39 den Fisheries (Ireland) Act, 1850, do léiriú mar ní a fholuíonn gach meaisín, foirgint, no obair eile dheineann no go ndeintear ina chóir uisce do thógaint no d'úsáid chun críche ar bith agus beidh éifeacht dá réir sin ag na hailt sin.

[EN]

Srian le coraí nua do thógáil i bhfíor-uisce.

33.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith (seachas Bord Soláthair an Leictreachais maidir le cora ar n-a tógáil chun eascona do ghabháil) aon chora ná inneall seasmhach eile do thógáil i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch chun iasc do ghabháil.

[EN]

(2) Má thógann duine ar bith cora no inneall seasmhach eile contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

[EN]

(3) Má tógtar aon chora no inneall seasmhach eile contrárdha don alt so féadfaidh an tAire an chora no an t-inneall seasmhach eile sin do chur dá dhí-láithriú agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire fén alt so beid ina bhfiacha bheidh dlite don Aire ag sealbhaire na corann no an innill sheasmhaigh eile sin agus féadfar iad do bhaint amach, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(4) Má bhíonn an tAire i dteideal fén alt so méid aon chostaisí do bhaint amach beidh deimhniú ar n-a shéalú le séala oifigiúil an Aire agus ag deimhniú méid na gcostaisí sin ina fhianaise prima facie ar mhéid na gcostaisí sin.

[EN]

(5) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choisceann an tAire ar ghaistí d'úsáid chun iasc do ghabháil chun críche síolraíochta saordha.

[EN]

(6) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le dorutha fada d'úsáid chun eascona do ghabháil agus chuige sin amháin ná le hinnill d'úsáid chun iasc seachas bradáin, bric, no eascona do ghabháil.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Srian le coraí áirithe d'úsáid i bhfíor-uisce.

34.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon chora ná inneall seasmhach eile d'úsáid i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch chun iasc do ghabháil mara raibh an chora no an t-inneall seashmach eile sin ann agus á úsáid go dleathach i rith saosúir iascaireachta oscailte bhliana amháin no níos mó de sna trí bliana díreach roimh dháta thosach feidhme an ailt seo.

[EN]

(2) Má rinneadh cliabh no bosca amháin, no níos mó, i gcora no i ndamba muilinn iascaireachta d'úsáid go dleathach i rith saosúir iascaireachta oscailte bhliana amháin no níos mó de sna trí bliana díreach roimh dháta thosach feidhme an ailt so is tuigthe chun cricheanna fo-ailt (1) den alt so gur go dleathach a húsáideadh an chora no an damba muilinn iascaireachta san i rith an tsaosúir iascaireachta oscailte sin.

[EN]

(3) Má úsáideann duine ar bith aon chora no inneall seasmhach eile contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga punt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san tar éis an duine sin do chiontú ann.

[EN]

(4) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a choisceann an tAire ar ghaistí d'úsáid chun iasc do ghabháil chun crícheanna síolraíochta saordha.

[EN]

(5) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le dorutha fada d'úsáid chun eascona do ghabháil agus chuige sin amháin, ná le hinnill d'úsáid chun iasc seachas bradáin, bric, no eascona do ghabháil.

Líonta d'Usáid i bhFíor-uisce agus in Uiscí Taoide.

[EN]

Srian le líonta d'úsáid i bhfíoruisce.

35.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon líon d'úsáid i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch chun iasc do ghabháil, maran rud é—

[EN]

(a) gur fé réim agus do réir fo-dhlithe bheidh déanta fén alt so a húsáidfear an líon san, no

[EN]

(b) gur sealbhóir ar dheimhniú dheonfaidh an tAire fén alt so an duine sin agus gur fé réim agus do réir an deimhnithe sin a húsáidfear an líon san, no

[EN]

(c) gur bradóg an líon san agus gur mar chabhair chun iascaireacht do dhéanamh go dleathach le slait agus ruaim, agus chuige sin amháin, a húsáidfear é, no

[EN]

(d) gur chun iasc do thógaint as gaistí i gcorainn, agus chuige sin amháin, a húsáidfear an líon san, no

[EN]

(e) gur chun eascona do ghabháil a bheidh an líon san déanta agus gur in iascach leithleach a húsáidfear é.

[EN]

(2) Má úsáideann duine ar bith aon líon contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le fo-dhlithe, a údarú go n-úsáidfí fé réir pé coinníollacha is ceart dar leis in aon líomatáiste áirithe i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn nó in aon loch, aon tsaghas no saghsanna lín a féadfar a úsáid go dleathach chun iasc seachas bradáin, bric no eascona do ghabháil fé sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937, agus bainfidh forálacha fo-alt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 28 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), ar n-a leasú le halt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936), leis na fo-dhlithe sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le deimhniú i scríbhinn más oiriúnach leis é agus fé réir pé coinníollacha luadhfa sé sa deimhniú, a údarú d'únaer iascaigh no, le toiliú an únaera san, d'aon duine a hainmneofar gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh laistigh de theoranta an iascaigh sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) líonta d'úsáid chun aon bhradáin no bric do ghabháil no chun tabhairt fé n-a ngabháil chun críche síolraíochta saordha agus chun blátháin no óg bradán, breac no eascon do ghabháil no chun tabhairt fé n-a ngabháil chun an iascaigh sin no aon iascach eile do stocáil;

[EN]

(b) líonta d'úsáid chun aon iasc d'aon tsaghas a luadhfar sa deimhniú do ghabháil no chun tabhairt fé n-a ngabháil chun crícheanna eolaíochta;

[EN]

(c) líonta d'úsáid chun iasc, seachas bradáin agus bric, do thógaint as aon chuid den iascach san ina mbeidh bradáin no bric no ina mbeidh sé beartuithe bradáin no bric do chur.

[EN]

(5) Má bhí duine i dteideal, agus má rinne sé, roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939, líon d'úsáid in iascach leithleach i bhfíor-uisce chun iasc do ghabháil, agus má thárlann, tré oibriú an ailt seo, go scuirfidh ceart an duine sin chun an lín sin d'úsáid, íocfaidh an tAire cúiteamh sa scur san le húnaer an lín sin agus, cheal có-aontuithe, déanfaidh eadrascánaí oifigiúil an cúiteamh san do cheapadh fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

(6) Má bhí duine (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so) i dteideal, agus má rinne sé, roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939, líon d'úsáid in iascach leithleach i bhfíor-uisce chun iasc do ghabháil agus má thárlann, tré oibriú an ailt seo, go scuirfidh ceart an fhostóra chun an lín sin d'úsáid, ansan, gach duine (dá ngairmtear an fostaí sa bhfo-alt so) a chruthóidh gach ní acu so leanas chun sástachta an Aire no an eadrascánaí bheidh ceaptha chun cúiteamh sa scur san do cheapadh fé fho-alt (5) den alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin gach saosúir de sna trí saosúir iascaireachta oscailte (dá ngairmtear na saosúir cheaptha sa bhfo-alt so) díreach roimh dháta an scurtha san, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag an bhfostóir ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an lín sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus

[EN]

(b) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint ar fad no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh,

[EN]

(c) gur leis amháin do bhain an fhostaíocht san aige, leis an líon san d'oibriú no do chosaint, agus

[EN]

(d) gur chuir an scur san deireadh le n-a fhostaíocht,

[EN]

beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, as é do chailliúint fostaíochta i rith an tsaosúir iascaireachta oscailte, cúiteamh a háirmheofar mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) in aghaidh gach saosúir de sna saosúir cheaptha, suim (dá ngairmtear an tsuim cheaptha sa bhfo-alt so) is có-mhéid le ceithre hoiread an mheán-mhéid sheachtainiúil do gheibheadh an duine sin as an bhfostaíocht san i rith an tríú saosúir de sna saosúir cheaptha, agus

[EN]

(ii) in aghaidh gach saosúir iascaireachta oscailte (más aon cheann é) roimh na saosúir cheaptha ina raibh gach coinníoll acu so leanas á chólíonadh maidir leis an bhfostaí, sé sin le rá:—

[EN]

(I) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin an tsaosúir sin, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag an bhfostóir ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an lín sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus

[EN]

(II) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh, agus

[EN]

(III) gur leis amháin do bhain an fhostaíocht san aige, leis an líon san d'oibriú no do chosaint,

[EN]

suim is có-mhéid leis an suim cheaptha,

ach ní raghaidh méid an chúitimh sin in aon chás thar trí oiread déag na suime ceaptha.

[EN]

Líonta do bheith ar seilbh ag duine i bhfíor-uisce no in aice leis.

36.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon líon, a bheidh déanta no gléasta i slí gur féidir é úsáid chun iasc do ghabháil, do bheith ar seilbh aige ná fé n-a chúram i gcuid an fhíor-uisce d'aon abhainn ná in aon loch ná i gcomharsanacht an chéanna ach amháin úsáid an lín sin i gcuid an fhíor-uisce den abhainn sin no sa loch san do bheith ina húsáid de shaghas no de shaghsanna dá n-eiscítear le fo-alt (1) den alt deiridh sin roimhe seo.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go bhfuighfear líon ar seilbh ag duine no go mbeidh líon fé n-a chúram i gcomharsanacht na teorann idir cuid an uisce taoide agus cuid an fhíor-uisce d'aon abhainn, agus

[EN]

(b) go ndéanfar, dá bhíthin sin, an duine sin do chúiseamh i gcionta fén alt so,

is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú gur sealbhóir é ar cheadúnas chun an líon san d'úsáid sna huiscí taoide sin agus gur sna huiscí taoide sin atá sé beartuithe an líon san d'úsáid.

[EN]

Srian le líonta d'úsáid in iascaigh phuiblí in uiscí taoide.

37.—(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon iascach puiblí, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a dhearbhú gurb í an tréimhse sin (nach giorra ná trí bliana agus nach sia ná deich mbliana) is ceart dar leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san is tréimhse cheaptha chun crícheanna an orduithe sin;

[EN]

(b) a ordú gan ceadúnaisí do thabhairt amach i leith aon tsaghas líonta chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san ach líonta de shaghas do húsáidtí go dlíthiúil i gcóir iascaireachta san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe;

[EN]

(c) maidir le líonta de gach saghas fé leith do húsáidtí go dlíthiúil chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe—

[EN]

(i) a shocrú cadé an uimhir mhaximum de cheadúnaisí i leith líonta den tsaghas san, a féadfar a thabhairt amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith gach bliana fé leith de sna blianta (seachas an bhliain deiridh) sa tréimhse cheaptha, agus féadfaidh uimhreacha deifriúla do shocrú amhlaidh i leith na mblian san uile no i leith aon bhliana no níos mó acu, ach ní bheidh an uimhir a socrófar amhlaidh níos mó ná céad per cent. ná níos lugha ná caoga per cent. den uimhir de cheadúnaisí, i leith líonta den tsaghas san, do tugadh amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe,

[EN]

(ii) a shocrú cadé an uimhir mhaximum de cheadú naisí, i leith líonta den tsaghas san, a féadfar a thabhairt amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana deiridh den tréimhse cheaptha agus i rith gach bliana thosnóidh tar éis na tréimhse ceaptha, agus féadfaidh uimhreacha deifriúla do shocrú i leith na mblian san uile no i leith aon bhliana no níos mó acu ach ní bheidh an uimhir a socrófar amhlaidh níos mó ná ochtó per cent. ná níos lugha ná caoga per cent. den uimhir de cheadúnaisí, i leith líonta den tsaghas san, do tugadh amach chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe,

[EN]

(iii) a ordú ná tabharfaí amach i gcóir aon bhliana áirithe, i leith líonta den tsórt san, níos mó ná an uimhir mhaximum de cheadúnaisí bheidh socair amhlaidh don bhliain sin,

[EN]

(iv) a ordú ná tabharfaí amach d'aon duine amháin áirithe níos mó ná ceadúnas amháin i leith lín den tsaghas san i gcóir aon bhliana áirithe;

[EN]

(d) lá do cheapadh roimh gach bliain fé leith chun bheith ina lá deiridh chun ceadúnaisí d'iarraidh i leith líonta chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san.

[EN]

(2) Má dheineann an tAire ordú fé fho-alt (1) den alt so i dtaobh aon iascaigh phuiblí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le ceadúnaisí do thabhairt amach i leith gach saghas lín (eadhon, líonta de shaghas ná toirmeascfar leis an ordú san ceadúnaisí do thabhairt amach ina leith) chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i gcóir gach bliana le n-a mbainfidh an t-ordú san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní tabharfar amach do dhuine ar bith aon cheadúnas, i leith lín den tsaghas san, chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san mara n-iarrtar an ceadúnas tráth nach déanaí ná an dáta (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an lá deiridh chun iarrataisí do dhéanamh) a ceapfar leis an ordú san ina lá deiridh chun ceadúnaisí d'iarraidh i leith líonta chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san;

[EN]

(b) ní bheidh duine ar bith i dteideal níos mó ná aon cheadúnas amháin d'iarraidh i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san agus má iarrann duine ar bith níos mó ná aon cheadúnas amháin den tsórt san deighleálfar leis an iarratas san mar iarratas ar cheadúnas amháin den tsórt san;

[EN]

(c) más có-ionann leis an uimhir mhaximum de cheadúnaisí den tsaghas san a luadhfar san ordú san don bhliain sin an uimhir d'iarrataisí ar cheadúnaisí, i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san, a déanfar go cuibhe ag daoine (dá ngairmtear daoine fábhruithe sa bhfo-alt so) (i) do bhí i seilbh cheadúnaisí i leith líonta den tsaghas san chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana caighdeánaighe agus do bhí ag gabháil d'iascaireacht fé sna ceadúnaisí sin sa bhliain chaighdeánaigh no (ii) do bhí ar fostú go buan agus go tráthrialta ag iascaireacht san iascach san i rith iomláin no beagnach iomláin gach saosúir de sna trí saosúir iascaireachta díreach roimh an lá deiridh chun iarrataisí do dhéanamh, ansan ní deonfar aon cheadúnas den tsórt san d'éinne ach do dhuine fábhruithe;

[EN]

(d) más mó ná an uimhir mhaximum san an uimhir d'iarrataisí ar cheadúnaisí déanfar go cuibhe ag daoine fábhruithe i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san—

[EN]

(i) ní deonfar aon cheadúnas den tsórt san d'éinne ach do dhuine fábhruithe;

[EN]

(ii) bhéarfar na ceadúnaisí sin amach imeasc na ndaoine fábhruithe sin do réir mar a cinnfear le crannchur;

[EN]

(e) más lugha ná an uimhir mhaximum san an uimhir d'iarrataisí ar cheadúnaisí déanfar go cuibhe ag daoine fábhruithe i leith an tsaghais sin lín chun iascaireacht do dhéanamh san iascach san i rith na bliana san—

[EN]

(i) bhéarfar ceadúnas i leith an tsaghais sin lín amach do gach duine fé leith de sna daoine fábhruithe sin,

[EN]

(ii) má chothromuíonn no má sháruíonn an uimhir de sna ceadúnaisí sin a bheidh ar láimh tar éis ceadúnaisí do thabhairt amach do dhaoine fábhruithe an uimhir d'iarrataisí déanfar go cuibhe ag daoine (dá ngairmtear daoine neamh-fhábhruithe sa bhfo-alt so) nach daoine fábhruithe, bhéarfar amach ceadúnas amháin den tsaghas san do gach duine fé leith de sna daoine neamhfhábhruithe sin,

[EN]

(iii) más lugha an uimhir de sna ceadúnaisí sin a bheidh ar láimh amhlaidh ná an uimhir d'iarrataisí déanfar go cuibhe ag daoine neamhfhábhruithe, bhéarfar na ceadúnaisí sin amach imeasc na ndaoine neamh-fhábhruithe sin do réir mar a cinnfear le crannchur.

[EN]

(3) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “iascach puiblí” cuid an uisce taoide d'aon abhainn ina bhfuil ceart iascaireachta ag an bpuiblíocht agus inbhear na habhann san agus an fhairrge laistigh de thrí mhíle o bhéal an inbhir sin no, i gcás teora fairrge an inbhir do bheith ceaptha, laistigh de theorainn fairrge an inbhir sin, ach ní fholuíonn sí coda uiscí taoide Abha na Sionainne ná a suainmheacháin lastuas de bhéal no de bhéil an chéanna;

[EN]

cialluíonn an abairt “an bhliain chaighdeánach”—

[EN]

(a) maidir le habhainn na hEirne agus le habhainn an Fhiaidh agus le n-a n-inbhir, an bhliain 1934;

[EN]

(b) maidir le haon iascach puiblí eile, an bhliain 1935.

[EN]

(4) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a dheineann deifir in aon tslí do chomhachta an Aire chun fo-dhlithe do dhéanamh fé sna hAchtanna Iascaigh.

[EN]

(5) Má ciontuítear duine i gcionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas d'fháil fén alt so.

Srian le Bradáin agus Bric do Dhíol, d'Easportáil no d'Iomportáil.

[EN]

Cosc ar bhradáin, etc., do gabhadh go nea-dhleathach do cheannach, do dhíol, etc.

38.—(1) Ní dhéanfaidh éinne aon bhradán ná breac do gabhadh go nea-dhleathach do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint cun a dhíolta, ná do choimeád chun a dhíolta, ná ní bheidh a leithéid ina sheilbh ná fé n-a urláimh.

[EN]

(2) Einne dhéanfaidh aon bhradán no breac do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta, no do choimeád chun a dhíolta no 'na mbeidh a leithéid ina sheilbh no fé n-a urláimh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin no bric den tsórt san do cheannuigh no do dhíol an duine sin, no do thaisbeáin no do choimeád sé chun a dhíolta no do fuarthas ina sheilbh no fé n-a urláimh.

[EN]

(3) In aon imeachta fén alt so i gcoinnibh duine, is ar an duine sin a bheidh a chruthú gur go dleathach do gabhadh an bradán no an breac le n-a mbaineann na himeachta san.

[EN]

(4) Gach duine ciontófar i gcionta fén alt so geallbhruidfe sé gach bradán no breac a gciontófar é amhlaidh ina thaobh.

[EN]

(5) Má deintear duine is cairréar coiteann do chúiseamh fén alt so in aon bhradán no breac do gabhadh go nea-dhleathach do bheith ina sheilbh no fé n-a urláimh is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin dá chruthú—

[EN]

(a) gur mar chairréar choiteann agus nach ar aon tslí eile do bhí an bradán no an breac san ina sheilbh no fé n-a urláimh, agus

[EN]

(b) nuair do ghlac sé an bradán no an breac san chun é iompar, gur thug an consighneoir dó deimhniú i scríbhinn fé n-a láimh gur go dleathach do gabhadh an bradán no an breac san.

[EN]

Cosc ar bhric do gabháil, do dhíol, etc., i Mí Eanair gus i gcuid de hí Feabhra.

39.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith aon bhreac do thógaint, do mharbhadh, do dhíthiú, do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta ná do bheith ina sheilbh aige i rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanar agus dar críoch an 14adh lá d'Fheabhra in aon bhliain.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith aon bhreac do thógaint, do mharbhadh, do dhíthiú, do cheannach, do dhíol, do thaisbeáint chun a dhíolta no má bhíonn sé ina sheilbh aige contrárdha don alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach lugha ná dhá phunt agus nach mó ná cúig púint fhichead do chur air, maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar dhá phunt in aghaidh gach bric a tógadh, a marbhadh, a díthíodh, a ceannuíodh, a díoladh, a taisbeánadh chun a dhíolta no fuarthas ina sheilbh amhlaidh.

[EN]

Alt 16 den Acht Iascaigh, 1925, do leasú.

40.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 (a bhaineann le bradáin agus bric do dhíol) den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), do leasú tré sna focail “i mbuidéil, i searraí, no i gcimeádáin eile dá samhail ná beidh ionta ach coda d'iasc no tortha éisc” do chur isteach tar éis an fhocail “stáin” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Cosc ar bhradáin nea-ghlana no nea-shaosúrtha no bradáin do gabhadh tráthanna áirithe d'easportáil.

41.—(1) Ní dhéanfaidh ná ní thriailfidh duine ar bith aon bhradán nea-ghlan no nea-shaosúrtha d'easportáil ná fós aon bhradán do gabhadh i rith an ama go dtoirmeasctar le dlí bradáin do ghabháil sa cheanntar inar gabhadh é.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh no thriailfidh aon bhradán d'easportáil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air in aghaidh gach bradáin a heasportálfar no a triailfear d'easportáil amhlaidh agus geallbhruidfear an bradán san.

[EN]

Cosc ar bhradáin, etc., d'easportáil gan ceadúnas.

42.—(1) Ní dhéanfaidh ná ní thriailfidh éinne (ach an tAire no Bord Soláthair an Leictreachais) aon bhradán no breac (seachas bradáin no bric a bheidh leasuithe agus ar díol i gcannaí stáin, i mbuidéil, i searraí no i gcoimeádáin eile dá samhail ná beidh ionta ach coda d'iasc no tortha éisc) d'easportáil chun a dhíolta mara mbeidh sé ceadúnuithe go cuibhe do réir an Achta so chun a leithéid d'easportáil amhlaidh no mara mbeidh sé ceadúnuithe go cuibhe fén Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), chun bradáin agus bric do dhíol agus ní dhéanfaidh duine ar bith aon bhradán ná breac den tsórt san d'easportáil amhlaidh as aon áit ach an áit go n-údaruítear dó leis an gceadúnas san bradáin agus bric (do réir mar a bheidh) d'easportáil as no do dhíol ann.

[EN]

(2) Gach duine (ach an tAire no Bord Soláthair an Leictreachais) a dhéanfaidh no a thriailfidh, tar éis dhá mhí o thosach feidhme an ailt seo, aon bhradán no breac d'easportáil chun a dhíolta contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air másé an chéad chionta aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

[EN]

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le sealbhóir ceadúnais slaite d'easportáil éisc do ghaibh sé féin go dleathach.

[EN]

Na hAchtanna Custum do bhaint le bradáin agus bric a heasportálfar go nea-dhlíthiúil.

43.—(1) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earraí ar bith a bheidh á n-easportáil no go mbeifear ag tabhairt fé n-a n-easportáil contrárdha do cheachtar den dá alt deiridh sin roimhe seo do choinneáil agus do ghabháil, agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earraí ar bith den tsórt san no 'na mbeidh amhras aige a leithéidí do bheith inti, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí gheobhfar fén Acht san do gheallbhruideadh agus do chur de láimh bainfid le gach carra gheobhfar fén alt so amhail is go mba fén Acht san a gheobhfaí í.

[EN]

(2) Na forálacha den dá alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh cosc ar earraí d'easportáil no ar thabhairt fé beidh éifeacht acu amhail is go mbeadh na forálacha san sa Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má dheineann no má thriaileann duine ar bith aon earra d'easportáil contrárdha do cheachtar de sna hailt sin no má bheireann sé aon earra no má bhíonn sé ag tabhairt aon earra go dtí aon ché, bóthar no áit eile chun í easportáil no chun tabhairt fé, no má chabhruíonn no má neartuíonn sé le n-a heasportáil no le tabhairt fé n-a heasportáil, dlighfear na pionóisí céanna agus an choinneáil chéanna do chur ar an duine sin agus na himeachta céanna do bhunú ina choinnibh a dlightear a chur ar dhuine no a bhunú ina choinnibh fé alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhlíthiúil.

[EN]

Ceadúnas chun bradáin, etc., d'easportáil chun a ndíolta.

44.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh bord coimeádaithe, fé alt 17 (a bhaineann le ceadúnaisí díolta bradán agus breac do thabhairt amach) den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), ceadúnas do thabhairt amach tré n-a gcléireach, do dhuine ar bith iarrfaidh é, chun bradáin agus bric d'easportáil, chun a ndíolta, as an áit no na háiteanna, i gceanntar an bhúird sin, a luadhfaidh an t-iarratasóir agus bainfidh fo-alt (2) den alt san 17 agus ailt 19, 20 agus 21 den Acht san le gach ceadúnas den tsórt san fé mar a bhaineann na hailt sin le ceadúnas do bheirtear amach fén alt san 17 chun bradáin agus bric do dhíol.

[EN]

(2) Einne dheineann mar ghnó bradáin no bric d'easportáil chun a ndíolta no bheidh chun an ghnótha san do ghabháil de láimh féadfa sé an deimhniú luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche sa Dúthaigh Chúirte ina mbíonn an gnó san ar siúl aige no ina mbeidh sé chun é bheith ar siúl aige agus, más deimhin leis an mBreitheamh gur duine ceart oiriúnach é an duine sin chun ceadúnas d'fháil agus do shealbhú do bhéarfaí amach de bhuadh an ailt seo chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta, deonfaidh don duine sin deimhniú i scríbhinn fé láimh an bhreithimh gur duine ceart oiriúnach an duine sin mar adubhradh.

[EN]

(3) Gach duine iarrfaidh ar chléireach bhúird choimeádaithe ceadúnas chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta taisbeánfaidh don chléireach deimhniú do deonadh fén alt so ina thaobh féin mí ar a mhéid roimhe sin, agus gan an deimhniú san do thaisbeáint roimh ré ní tabharfar amach an ceadúnas san.

[EN]

(4) Beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais do bhéarfar amach de bhuadh an ailt seo chun bradáin agus bric d'easportáil chun a ndíolta clár do choimeád, no do chur dá choimeád, sa bhfuirm orduithe, i ngach áitreabh fé leith a bheidh luaidhte sa cheadúnas san i dtaobh gach easportála bradán no breac as an áitreabh san chun a ndíolta agus, fé cheann trí huaire a chluig tar éis gach easportála den tsórt san, na mion-innste orduithe (agus ní bheidh ortha san an praghas do híocadh leis an sealbhóir sin ar aon bhradáin no bric d'easportáil sé) do chur sa chlár san i dtaobh na heasportála san agus i dtaobh an duine chun a ndearnadh í.

[EN]

(5) Féadfaidh duine ar bith dá n-údaróidh an tAire é no aon bhall den Ghárda Síochána gach clár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo do scrúdú aon uair le linn an áitreibh le n-a mbainfidh an clár do bheith ar oscailt chun gnó do dhéanamh ann agus, nuair a hiarrfar san, beidh sé de dhualgas ar shealbhóir an cheadúnais, agus ar gach duine bheidh ag coimeád an chláir sin, an clár san do thaisbeáint chun go scrúdóidh an duine no an ball san adubhradh é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfaidh an duine no an ball san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa chlár san no cad fé ndeár éinní áirithe do bheith fágtha amach as.

[EN]

(6) Má thárlann d'éinne is sealbhóir ar cheadúnas do tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric d'easportáil—

[EN]

(a) ná coimeádfa sé an clár is gá do réir an ailt seo do choimeád no ná tabharfaidh go gcoimeádfar é, no

[EN]

(b) ná cuirfe sé sa chlár san no ná tabharfaidh go gcuirfear ann, fé cheann na haimsire luaidhtear anso roimhe seo, aon iontráil áirithe is gá do réir an ailt seo do chur sa chlár san, no

[EN]

(c) ná taisbeánfa sé no ná tabharfaidh go dtaisbeánfar ar n-a iarraidh sin air, chun go scrúdódh duine ar bith é go mbeidh teideal aige fén alt so chun é scrúdú, aon chlár no scríbhinn no cóip de scríbhinn is gá dhó do réir an ailt seo a thaisbeáint amhlaidh no go gcuirfe sé cosc le duine ar bith le linn é bheith ag scrúdú aon chláir no scríbhinne no cóipe de scríbhinn agus teideal aige fén alt so chun a scrúduithe, no

[EN]

(d) go ndéanfa sé no go dtabharfaidh go ndéanfar, go toiliúil no tré fhaillí, aon iontráil a bheidh bréagach no míthreorach in aon phonc táchtach, do chur sa chlár san,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é no, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

[EN]

(7) Chun crícheanna an ailt seo—

[EN]

(a) folóidh scrúdú cláir no scríbhinne cóipeanna do dhéanamh den chéanna no sleachta do thógaint as, agus

[EN]

(b) is tuigthe go ndearnadh go cuibhe clár no scríbhinn eile d'éileamh ar shealbhóir an cheadúnais chun go scrúdófaí é má hiarradh san de bhréithre béil in áitreabh shealbhóra an cheadúnais ar éinne ar fostú aige, agus

[EN]

(c) más in áitreabh sealbhóra an cheadúnais do diúltuíodh no do faillíodh agus más duine ar fostú aige do dhiúltuigh no d'fhailligh clár no scríbhinn eile do thaisbeáint chun go scrúdófaí é is tuigthe gurb é sealbhóir an cheadúnais do rinne amhlaidh.

(8) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní dá dtagartar in alt 19 den Acht Iascaigh, 1925, mar a bheirtear feidhm dó leis an alt so, no san alt so, mar ní atá orduithe.

[EN]

Alt 22 den Acht Iascaigh, 1925, do leasú

45.—Déanfar alt 22 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), do léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is go gcuirfí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (1) den alt san, sé sin le rá:—

[EN]

“(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine is sealbhóir ar cheadúnas no ar athnuachaint cheadúnais, a tugadh amach fén Acht so chun bradáin agus bric do dhíol, go gcoimeádfadh sé no go gcuirfeadh dá choimeád, i ngach áitreabh fé leith a luadhfar sa cheadúnas san, clár sa bhfuirm orduithe de gach ceannach agus fáil bhradán no breac san áitreabh san no chun a dhíolta ann agus de gach díol, easportáil, as-lámhú agus aistriú bradán no breac san áitreabh san no as agus go gcuirfeadh sé sa chlár san, fé cheann sé huaire a chluig tar éis aon cheannaigh no fála den tsórt san agus fé cheann trí huaire a chluig tar éis aon díola, easportála, as-lámhuithe, no aistrithe den tsórt san, na mion-innste orduithe ar an gceannach, ar an bhfáil, ar an díol, ar an easportáil, ar an as-lámhú no ar an aistriú san (do réir mar a bheidh) agus ar an duine o n-ar ceannuíodh no o n-a bhfuarthas no le n-ar díoladh no chun ar heasportáladh no chun ar has-lámhuíodh an céanna no ar an áit chun ar haistríodh an céanna (fé mar is gá sa chás).”

[EN]

Srian le hiasc beo d'iomportáil.

46.—(1) Féadfaidh an tAire, pé uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a ordú le hordú (dá ngairmtear san alt so ordú srianta iomportála (iasc)) gan aon tsaghas earra luadhfar agus le n-a mbaineann an t-alt so d'iomportáil ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais do bhéarfar amach chuige sin fén alt so.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú bheidh déanta aige fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so) do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(3) Má dheineann no má thriaileann duine ar bith aon earra d'iomportáil agus a hiomportáil toirmiscthe le hordú srianta iomportála (iasc) beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

(4) Ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas do thabhairt amach don duine sin chun uimhir áirithe d'aon tsaghas earra d'iomportáil 'na mbeidh a iomportáil toirmiscthe le hordú srianta iomportála (iasc) agus féadfaidh pé coinníollacha is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa cheadúnas san do chur leis an gceadúnas san.

[EN]

(5) Baineann an t-alt so leis na hearraí seo leanas, sé sin le rá, iasc beo, no ainmhithe eile uisce, agus eochrach no óg éisc no ainmhithe eile uisce.

[EN]

(6) Earraí go dtoirmeascfar de bhuadh an ailt seo iad d'iomportáil is tuigthe iad do bheith ar n-a hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear sa chlár de thoirmiscithe agus de shrianta, maidir le hearraí do theacht isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san, ar n-a leasú no ar n-a leathnú le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmiscthe no srianta d'iomportáil.

Míon-Leasuithe ar na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937.

[EN]

Alt 87 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, do leasú.

47.—Léireofar alt 87 den Fisheries (Ireland) Act, 1842, agus beidh éifeacht aige amhail is go gcuirfí na focail “such twenty-four hours” in ionad na bhfocal “such twelve hours”.

[EN]

An abairt “water keeper” do chur in ionad na habairte “water bailiff” sna hAchtanna Iascaigh.

48.—Sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1937—

[EN]

(a) cuirfear na focail “water keeper” in ionad na bhfocal “water bailiff” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin;

[EN]

(b) cuirfear na focail “water keepers” in ionad na bhfocal “water bailiffs” i ngach áit ina bhfuil na focail deiridh sin;

[EN]

(c) cuirfear an focal “keeper” in ionad an fhocail “bailiff” i ngach áit ina bhfuil an focal deiridh sin.

[EN]

(d) cuirfear an focal “keepers” in ionad an fhocail “bailiffs” i ngach áit ina bhfuil an focal deiridh sin.

[EN]

Alt 11 den Oyster Cultivation(Ireland) Act,1884, do leasú.

49.—Léireofar alt 11 den Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884, agus beidh éifeacht aige amhail is go gcuirfí an focal “made” in ionad na bhfocal “confirmed by the Lord Lieutenant”.

Dualgaisí agus Comhachta Airithe do Leigint chun Oifigigh don Aire.

[EN]

Dualgaisí agus comhachta áirithe fé sna hAchtanna Iascaigh do leigint chun oifigigh don Aire.

50.—(1) Chun crícheanna na ndualgas agus na gcomhacht fé sna hAchtanna Iascaigh a bhí roimhe seo ag Cigirí Iascach na hÉireann no infheidhmithe acu agus atá anois ag an Aire no infheidhmithe aige féadfaidh an tAire o am go ham cólíonadh pé cuid de sna dualgaisí sin agus feidhmiu pé cuid de sna comhachta san is oiriúnach leis an Aire do dháiliú ar aon oifigeach no oifigigh don Aire.

[EN]

(2) Aon oifigeach don Aire (dá ngairmtear oifigeach údaruithe san alt so) ar a ndáileofar fén alt so mar dhualgas fiosrúchán puiblí do dhéanamh féadfaidh, agus é ag cólíonadh an dualgais sin, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fínnéithe do ghairm chun teacht ina láthair ag an bhfiosrúchán san,

[EN]

(b) fínnéithe thiocfaidh ina láthair ag an bhfioscrúchán san do cheistniú fé mhionn (agus údaruítear dó leis seo daoine do chur fé mhionn),

[EN]

(c) a cheangal ar aon fhínnéithe den tsórt san aon scríbhinní bheidh fé n-a gcomhacht no fé n-a gcúram do thaisbeáint is dóich leis an oifigeach san is gá a thaisbeáint chun crícheanna an fhiosrúcháin sin.

[EN]

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair oifigigh údaruithe bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí, chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

[EN]

(4) Má thárlann d'éinne—

[EN]

(a) gan teacht i láthair ar é do ghairm go cuibhe chun bheith i láthair mar fhínné os cóir oifigigh údaruithe bheidh ag déanamh fiosrúcháin phuiblí, no

[EN]

(b) ar bheith i láthair dó amhlaidh mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an t-oifigeach údaruithe sin air do réir dlí do thabhairt, no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thaisbeáint a cheanglóidh an t-oifigeach údaruithe sin air do réir dlí do thaisbeáint, no d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an t-oifigeach údaruithe sin air do fhreagairt,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

CUID III.

An tAcht Iascaigh (Uisci Taoide), 1934, do Leasu agus do Leathnu.

[EN]

“Acht 1934”.

51.—Sa Chuid seo den Acht so, cialluíonn an abairt “Acht 1934” an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934).

[EN]

Acht 1934 agus Cuid III den Acht so do chó-luadh.

52.—Féadfar na hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 agus 1939, do ghairm d'Acht 1934 agus den Chuid seo den Acht so le chéile.

[EN]

Acht 1934 do bhuanú.

53.—Leanfaidh Acht 1934 i bhfeidhm d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 18 den Acht san no i bhfo-alt (1) d'alt 4 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937 (Uimh. 34 de 1937), go dtí go socróidh an tOireachtas a mhalairt.

[EN]

Diúitéthe ceadúnais áitiúil speisialta d'íoc ina dtráthchoda

54.—(1) Má húdaruítear do bhord choimeádaithe le hordú ón Aire fé Acht 1934 ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint chun aon tsaghas áirithe innill, lín, ionstruime no feiste gabhála bradán no breac d'úsáid in uiscí taoide áirithe le n-a mbaineann an tAcht san agus a bheidh ina gceanntar iascaigh, féadfaidh an tAire le hordú, pé uair agus gach uair is oiriúnach leis é, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a dhearbhú gur tréimhsí eisiúna chun crícheanna an orduithe sin pé trí thréimhse i ngach bliain is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh san ordú san;

[EN]

(b) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint i rith na céad tréimhse eisiúna in aon bhliain áirithe chun inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san, chun bradáin no bric do ghabháil, d'úsáid sna huiscí taoide sin ar íoc ceana áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach, ach beidh san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar gach ceadúnas den tsórt san), go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina thrí tráthchoda có-ionanna, agus go n-íocfar gach tráthchuid acu san lá nach déanaí ná an dáta luadhfar san ordú san mar dháta chun a híoctha;

[EN]

(c) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint i rith na dara tréimhse eisiúna in aon bhliain áirithe chun inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san, chun bradáin no bric do ghabháil, d'úsáid sna huiscí taoide sin ar íoc ceana áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach, ach beidh san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar gach ceadúnas den tsórt san), go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina dhá thráthchuid chó-ionanna, agus go n-íocfar gach tráthchuid acu san lá nach déanaí ná an dáta luadhfar san ordú san mar dháta chun a híoctha;

[EN]

(d) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta d'eisiúint i rith na tríú tréimhse eisiúna in aon bhliain áirithe chun inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san, chun bradáin no bric do ghabháil, d'úsáid sna huiscí taoide sin ar íoc ceana áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach, ach beidh san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar gach ceadúnas den tsórt san), go n-íocfar iarmhéid an diúité sin lá nach déanaí ná an dáta luadhfar san ordú san mar dháta chun a íoctha.

[EN]

(2) Féadfaidh ordú fén alt so baint le saghsanna deifriúla inneall, líon, ionstruimí no feistí chun bradáin no bric do ghabháil, agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla bheith ann i dtaobh gach saghas innill, lín, ionstruime no feiste fé leith, chun bradáin no bric do ghabháil, le n-a mbainfidh an t-ordú.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-airmhítear an fo-alt so) do cheiliúradh no do leasú.

[EN]

(4) I gcás bord coimeádaithe d'eisiúint cheadúnais áitiúil speisialta i bhfeidhmiú na gcomhacht a bheidh tugtha don bhord san le hordú fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má bristear an coinníoll a bheidh cúlscríobhtha ar an gceadúnas san do réir an orduithe sin, scuirfidh an ceadúnas san de bheith i bhfeidhm láithreach ar an gcoinníoll san do bhriseadh, agus

[EN]

(b) nuair a híocfar do réir an choinníll sin aon trathchuid den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach no, i gcás ceadúnais áitiúil speisialta eiseofar i rith tríú tréimhse eisiúna fén ordú san, iarmhéid an diúité sin déanfaidh cléireach an bhúird sin, ar an gceadúnas san do thabhairt i láthair, deimhniú ar an íoc san do chúlscríobhadh air.

[EN]

(5) Na habairtí “ceadúnas áitiúil speisialta” agus “an diúité ceadúnais áitiúil speisialta oiriúnach” tá an bhrí chéanna leo san alt so atá leo in Acht 1934.

[EN]

(6) Aon ordú bheidh déanta ag an Aire fé alt 2 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937 (Uimh. 34 de 1937), agus a bheidh i bhfeidhm le linn tosach feidhme an ailt seo, is tuigthe gur fén alt so do rinneadh é agus féadfar dá réir sin a cheiliúradh no a leasú le hordú fén alt so, agus leanfa sé i bhfeidhm go dtí n-a cheiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

[EN]

Alt 13 d'Acht 1934 do leasú.

55.—I mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1934—

[EN]

(a) léireofar an tagairt do sna hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt do sna hAchtanna san ar n-a leasú le Cuid II den Acht so,

[EN]

(b) léireofar an tagairt do ghnáth-cheadúnas mar ní a fholuíonn tagairt do cheadúnas slaite breac.

[EN]

Alt 14 d'Acht 1934 do leasú.

56.—Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) d'alt 14 d'Acht 1934, déanfar, d'ainneoin fo-ailt (3) den alt san 14 no ailt 3 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937 (Uimh. 34 de 1937), an abairt “bliain iascaigh” do léiriú mar abairt a chialluíonn an bhliain iascaigh atá ann ar dháta an Achta so do rith agus gach bliain iascaigh ina dhiaidh sin.

CUID IV.

Fianaise ar Iascaigh Leithleacha do bheith in Uisci Taoide.

[EN]

Fianaise ar iascaigh leithleacha do bheithin uiscí taoide.

57.—(1) I gcás—

[EN]

(a) iascach in uiscí taoide no i gcuid d'uiscí taoide aon abhann no inbhir do bheith, ar feadh tréimhse nár ghiorra ná seasca bliain dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, á áireamh mar ionoighreacht ionrátuithe sa Liost Luachála do hullamhuítí de bhun na nAchtanna Luachála, agus

[EN]

(b) ordú do dhéanamh, fé fho-alt (1) d'alt 59 den Acht so (alt a bhaineann leis an idir-thréimhse maidir le hiascaigh leithleacha), ag ceapadh lae chun bheith ina lá cheaptha i leith an cheanntair iascaigh ina bhfuil uiscí taoide na habhann no an inbhir sin no na coda san d'uiscí taoide na habhann no an inbhir sin,

[EN]

ansan, marar cinneadh go breithiúnach roimh an 1adh lá d'Eanar, 1939, ag cúirt dlighinse inniúla ná raibh iascach leithleach no iascach aon-chirt in uiscí taoide na habhann no an inbhir sin no sa chuid sin d'uiscí taoide na habhann no an inbhir sin, is tuigthe, de bhuadh an fho-ailt seo agus chun gach críche agus amhail ón lá ceapfar amhlaidh, iascach leithleach no iascach aon-chirt do bheith in uiscí taoide na habhann no an inbhir sin no sa chuid sin d'uiscí taoide na habhann no an inbhir sin.

[EN]

(2) I gcás iascach in uiscí taoide no i gcuid d'uiscí taoide aon abhann no inbhir do bheith, ar feadh seascad bliain ar a laighead dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, á áireamh mar ionoighreacht ionrátuithe sa Liost Luachála do hullamhuítí de bhun na nAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar dhuine ar bith dá iarraidh sin agus ar íoc na táille bheidh ceaptha ag an Aire Airgeadais, deimhniú fé n-a láimh d'eisiúint don duine sin á dheimhniú go n-áirmhítí an t-iascach san amhlaidh, agus beidh aon deimhniú a heiseofar fén bhfo-alt so ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críche ar na nithe bheidh deimhnithe ann.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh na dtáillí uile is iníoctha fén alt so, sé sin le rá:—

[EN]

(a) is sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais o am go ham a baileofar agus a glacfar na táillí sin agus íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Chiste sin iad do réir orduithe an Aire sin;

[EN]

(b) ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, leis na táillí sin.

CUID V.

Iascaigh Airithe d'Aistriu chun an Aire agus Foralacha maidir le hIascaigh a hAistreofar amhlaidh.

Caibidil I.

Roimhráiteach.

[EN]

Mínithe chun crícheanna Coda V.

58.—(1) Sa Chuid seo den Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide)” iascach bradán, breac no eascon a seoltar in uiscí le corainn chuaillí no inneall seasmhach eile go mbeidh deimhniú eisithe ina thaobh fé alt 6 den Salmon Fisheries (Ireland) Act, 1863, agus fós gach ceart eile chun bradáin, bric no eascoin d'iascaireacht in áit no ar áit an iascaigh sin;

[EN]

cialluíonn an abairt “iascach corann (uiscí taoide)” iascach bradán, breac no eascon a seoltar in uiscí taoide le corainn iascaireachta (pé aca déanta de chlocha no d'abhair eile dhi) agus déanmhas na corann san agus fós gach ceart eile chun bradáin, bric no eascoin d'iascaireacht in áit no ar áit an iascaigh sin;

[EN]

cialluíonn an abairt “iascach corann (fíor-uisce)” iascach bradán, breac no eascon a seoltar i bhfíor-uisce le corainn iascaireachta (pé aca déanta de chlocha no d'abhair eile dhi) agus déanmhas na corann san agus an talamh ar a bhfuil an chora san tógtha agus fós gach ceart eile chun bradáin, bric no eascoin d'iascaireacht in áit no ar áit an iascaigh sin;

[EN]

cialluíonn an abairt “iascach muileann-damba” iascach a seoltar leis an méid sin de mhuileann-damba iascaireachta a húsáidtear chun iasc do ghabháil no chun a ghabháil d'urasú agus an méid sin de dhéanmhas an mhuileann-damba iascaireachta san a húsáidtear chuige sin, agus fós gach ceart eile chun bradáin, bric agus eascoin d'iascaireacht in áit no ar áit an iascaigh sin;

[EN]

cialluíonn an abairt “iascach ionaistrithe” aon iascach—

[EN]

(a) is iascach leithleach in uiscí taoide (seachas iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) no iascach corann (uiscí taoide) agus fós gach ceart chun bradáin, bric agus eascoin d'iascaireacht in áit no ar áit an iascaigh sin, no

[EN]

(b) is iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide), no

[EN]

(c) is iascach corann (uiscí taoide), no

[EN]

(d) is iascach corann (fíor-uisce), no

[EN]

(e) is iascach muileann-damba,

[EN]

ach ní fholuíonn sí—

[EN]

(i) aon iascach atá dílsithe san Aire, ná

[EN]

(ii) aon iascach atá dílsithe i mBord Soláthair an Leictreachais no a húdaruítear le dlí do Bhord Soláthair an Leictreachais a thógaint chúcha féin, ná

[EN]

(iii) aon iascach atá dílsithe i gCoimisiún Talmhan na hÉireann, ná

[EN]

(iv) aon iascach atá dílsithe i gCoimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn;

[EN]

cialluíonn an abairt “iascach dílsithe” iascach—

[EN]

(a) a bheidh dílsithe san Aire fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so, no

[EN]

(b) a bheidh aistrithe chun an Aire fé Chaibidil III den Chuid seo den Acht so.

[EN]

(2) I gcás an ceart chun iascaireacht do dhéanamh le slait agus ruaim no le haon mheán eile, i gcuid ar bith d'abhainn no de loch atá in aice le hiascach ionaistrithe is iascach corann (fíor-uisce) no iascach muileann-damba, do bheith ar an aon únaeracht leis an iascach ionaistrithe sin, is tuigthe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gur cuid den iascach ionaistrithe sin an ceart san agus fós, i gcás gur de bhuadh únaerachta grinnill agus ithreach na coda san den abhainn no den loch san atá an ceart san ar marthain, grinneall agus ithir na coda san den abhainn no den loch san.

Caibidil II.

Iascaigh Ionaistrithe d'Aistriú chun an Aire.

[EN]

Idir-thréimhse i leith iascach ionaistrithe.

59.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha i leith aon cheanntair iascaigh áirithe chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha”, maidir le ceanntar iascaigh, an lá ceapfar amhlaidh chun bheith ina lá cheaptha i leith an cheanntair sin.

[EN]

(2) Má deintear, fé fho-alt (1) den alt so, ordú ag ceapadh lae chun bheith ina lá cheaptha i leith ceanntair iascaigh, ansan, chun crícheanna na Coda so den Acht so, isé is idir-thréimhse do gach iascach ionaistrithe sa cheanntar san ná an tréimhse dar tosach an lá ceaptha i leith an cheanntair sin agus dar críoch an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha no, má deintear ordú i dtaobh an iascaigh sin fé fho-alt (3) no fo-alt (4) no fo-alt (5) den alt so, an lá ceapfar leis an ordú deiridh sin a luaidhtear mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin, agus nuair a húsáidtear an abairt “an idir-thréimhse” sa Chuid seo den Acht so maidir le haon iascach ionaistrithe léireofar í agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

[EN]

(3) Má thárlann, aon tráth tar éis bheith críochnuithe do bhreacachán suirbhéireachta aon iascaigh ionaistrithe áirithe ach ní níos túisce ná sé mhí tríochad tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith an iascaigh sin, go n-iarrfaidh únaer an iascaigh sin ordú fén bhfo-alt so ar an Aire sé mhí ar a laighead roimh an lá deiridh den tsaosúr ina mbeidh cosc ar iascaireacht le slait no ruaim san abhainn no sa chuid sin den abhainn ina mbeidh an t-iascach san no roimh an lá deiridh den tsaosúr ina mbeidh cosc ar iascaireacht le hinnill eile san abhainn sin no sa chuid sin di, pé lá acu san is túisce, beidh éifeacht ag an bhforáil seo leanas, sé sin le ra:—

[EN]

(a) fé réir forálacha an fho-ailt seo déanfaidh an tAire ordú i dtaobh an iascaigh sin ag ceapadh pé lá is dóich leis is ceart mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin, eadhon, lá is túisce ná an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san gan bheith níos túisce ná trí mhí tar éis dáta an iarratais sin,

[EN]

(b) féadfaidh an tAire diúltú don ordú san do dhéanamh másé a thuairim go bhfuil faillí tugtha ag an únaer san in éinní fén gCuid seo den Acht so,

[EN]

(c) má bhíonn an t-iascach san i seilbh dhuine ar bith fé léas ná raghaidh in éag roimh lá cinn deich mblian an chéad lae den idir-thréimhse sin no 'na mbeidh dhá bhliain ar a laighead dá ré gan caitheamh ar dháta an iarratais, ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú san mara dtoilighidh an duine sin le n-a dhéanamh.

[EN]

(4) Aon tráth tar éis bheith críochnuithe do bhreacachán suirbhéireachta iascaigh ionaistrithe ach ní níos túisce ná sé mhí tríochad tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith an iascaigh sin, féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, sé mhí ar a laighead roimh an lá deiridh den tsaosúr ina mbeidh cosc ar iascaireacht le slait no ruaim san abhainn no sa chuid den abhainn ina mbeidh an t-iascach san no roimh an lá deiridh chun iascaireachta le hinnill eile san abhainn sin no sa chuid sin di, pé lá acu san is túisce, ordú do dhéanamh i dtaobh an iascaigh sin ag ceapadh pé lá is dóich leis an Aire is ceart mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin (eadhon, lá is túisce ná an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san gan bheith níos túisce ná trí mhí tar éis an orduithe sin do dhéanamh).

[EN]

(5) Aon tráth tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith iascaigh ionaistrithe féadfaidh an tAire ordú do dhéanamh i dtaobh an iascaigh sin ag ceapadh pé lá is dóich leis is ceart mar lá ar a mbeidh deireadh leis an idir-thréimhse i leith an iascaigh sin (eadhon, lá is déanaí ná an lá díreach roimh lá cinn deich mblian an lae cheaptha i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san).

[EN]

(6) Gach ordú déanfar fén alt so foillseofar san Iris Oifigiúil é chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

[EN]

(7) Gach ordú déanfar fé fho-alt (1) i dtaobh aon cheanntair iascaigh áirithe seirbheálfar cóip de ar únaer gach iascaigh ionaistrithe sa cheanntar san.

[EN]

(8) Gach ordú déanfar i dtaobh iascaigh ionaistrithe fé fho-alt (3) no fo-alt (4) no fo-alt (5) den alt so seirbheálfar cóip de ar únaer an iascaigh sin.

[EN]

Ceart chun dul isteach go dtí iascaigh ionaistritheáirithe.

60.—(1) Aon tráth tar éis an lae cheaptha i leith ceanntair iascaigh beidh de cheart ag duine údaruithe ar bith dul isteach gan cosc aon tráth go dtí aon iascach ionaistrithe sa cheanntar san chun aon déanmhaisí bhaineann leis do scrúdú no chun féachaint ar an iascach san á oibriú no ar iasc á chur de láimh.

[EN]

(2) Má choisceann duine ar bith aon duine údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear don duine údaruithe sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Breacacháin shuirbhéireachta iascach ionaistrithe.

61.—(1) Aon tráth tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith iascaigh ionaistrithe, féadfaidh an tAire, do réir an ailt seo, an t-iascach san do chur dá shuirbhéireacht agus breacachán do chur dá ullamhú i dtaobh na nithe seo leanas maidir leis an iascach san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a shuidheamh;

[EN]

(b) a staid;

[EN]

(c) na coraí no na déanmhaisí eile go léir atá ann;

[EN]

(d) na tailte agus na háitreabhacha go léir a húsáidtear go dleathach i ndáil leis;

[EN]

(e) gach slí isteach chuige;

[EN]

(f) gach meán agus modh chun é oibriú;

[EN]

(g) an gléasra iascaireachta uile a húsáidtear i ndáil leis.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le suirbhéireacht agus breacachán iascaigh ionaistrithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ceapfaidh an tAire duine ceart oiriúnach (dá ngairmtear an t-innealltóir san alt so) chun an iascaigh sin do shuirbhéireacht agus, más iascach muileann-damba an t-iascach san, féadfar, mar chuid den tsuirbhéireacht san, suirbhéireacht do dhéanamh ar an damba go léir agus ar aon déanmhaisí bheidh le n-a ais, sa mhéid is gá san chun staid an damba do dhéanamh amach agus chun rith an uisce in aon abhainn, loch no cúrsa uisce bhaineann leis an damba san do thomhas;

[EN]

(b) ar an suirbhéireacht san do bheith críochnuithe ullamhóidh agus sighneoidh an t-innealltóir tuarasgabháil ar an suirbhéireacht san i bhfuirm pleananna (ar a n-áirmhítear gearrtha nuair is gá san) agus sceideal tuairisciúil agus cuirfidh an tuarasgabháil sin fé bhráid an Aire;

[EN]

(c) cuirfidh an tAire cóip den tuarasgabháil sin dá seirbheáil ar únaer agus ar shealbhaire an iascaigh sin;

[EN]

(d) féadfaidh an t-únaer no an sealbhaire sin, fé cheann ocht lá is dachad tar éis na cóipe sin do sheirbheáil, ráiteas i scríbhinn do chur chun an Aire ag cur i gcoinnibh na tuarasgabhála san agus ag luadh foras a agóide;

[EN]

(e) mara gcuirtear aon agóid chun an Aire fé cheann na n-ocht lá is dachad san no má cuirtear aon agóid den tsórt san chuige amhlaidh agus go dtarraingeofar siar í ina dhiaidh sin, cuirfidh an tAire ionstruim dá hullamhú i dtéarmaí na tuarasgabhála san agus cuirfidh a shéala oifigiúil dá ghreamú den ionstruim sin agus isí an ionstruim sin is breacachán suirbhéireachta ar an iascach san chun crícheanna na Coda so den Acht so;

[EN]

(f) má cuirtear agóid chun an Aire fé cheann na n-ocht lá is dachad san agus ná tarraingeofar siar ina dhiaidh sin í beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) féadfaidh an tAire, le toiliú neach déanta na hagóide, an tuarasgabháil sin do leasú agus sa chás san cuirfidh an tAire ionstruim dá hullamhú i dtéarmaí na tuarasgabhála san, ar n-a leasú amhlaidh, agus cuirfidh a shéala oifigiúil dá ghreamú den ionstruim sin agus isí an ionstruim sin is breacachán suirbhéireachta ar an iascach san chun crícheanna na Coda so den Acht so;

[EN]

(ii) mara leasuighidh an tAire an tuarasgabháil sin le toiliú neach déanta na hagóide—

[EN]

(I) cuirfidh an tAire an scéal fé bhráid Uachtaráin Institiúide Innealltóirí Síbhialta na hÉireann no fé bhráid dhuine éigin a cheapfaidh an tUachtarán san agus tar éis an scéil do scrúdú féadfaidh seisean, fé mar is oiriúnach leis, an tuarasgabháil sin do dhaingniú no do leasú, agus leis sin cuirfidh an tAire ionstruim dá hullamhú i dtéarmaí na tuarasgabhála san go pé leasuithe uirthi a déanfar uirthi fén gclás so agus cuirfidh an ionstruim sin dá séalú le n-a shéala oifigiúil, agus isí an ionstruim sin is breacachán suirbhéireachta ar an iascach san chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus

[EN]

(II) íocfar leis an duine scrúdóidh an scéal an táille cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus, i gcás an tuarasgabháil sin do dhaingniú ar fad no go furmhór, íocfaidh neach déanta na hagóide leis an Aire suim is cómhéid leis an táille sin, agus féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach, mar fhiacha gnáth-chonnartha, in aon chúirt dlighinse inniúla agus, nuair a híocfar leis an Aire í no nuair a bhainfidh an tAire amach í, déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(3) Má deintear aon atharú le toiliú an Aire, i rith na hidirthréimhse i leith aon iascaigh ionaistrithe, ar shuidheamh, ar thógáil no ar staid an iascaigh sin, tar éis na suirbhéireachta breacacháin ar an iascach san do dhéanamh, cuirfidh an tAire mion-innste i dtaobh an atharuithe sin dá n-iontráil sa tsuirbhéireacht bhreacacháin sin agus beidh éifeacht ag an suirbhéireacht bhreacacháin sin fé réir an atharuithe sin ar n-a iontráil amhlaidh.

[EN]

(4) Chun crícheanna an Achta so beidh suirbhéireacht bhreacacháin aon iascaigh ionaistrithe ina fhianaise dho-chlaoite in aon imeachta ar shuidheamh, ar thógáil agus ar staid an iascaigh sin.

[EN]

(5) An duine (dá ngairmtear an t-innealltóir sa bhfo-alt so) a cheapfaidh an tAire fén alt so chun iascach ionaistrithe do shuirbhéireacht fén alt so agus fós aon daoine bheidh ag gníomhú fé orduithe an innealltóra féadfaid, chun na suirbhéireachta san, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) dul isteach ar an iascach san agus ar aon talamh is gá do shuirbhéireacht no gur gá dul tríd chun críche na suirbhéireachta san;

[EN]

(b) aon tuir no aon fhásra eile do ghearradh no do chur dá ngearradh agus aon nithe eile (seachas foirgintí buana) chuirfeadh isteach ar an suirbhéireacht san do thógaint chun siúil no do chur da dtógaint chun siúil;

[EN]

(c) aon mharcanna, buan no sealadach, do thógáil no do dhéanamh a bheidh ag teastáil chun go bhféadfar an tsuirbhéireacht san do sheiceáil no do chur i gcompráid leis an láithreán ina dhiaidh sin;

[EN]

(d) a cheangal ar dhuine ar bith (eadhon, únaer no sealbhaire an iascaigh sin no fostaí don únaer no don tsealbhaire sin) aon fhaisnéis do thabhairt uaidh a theastóidh do réir réasúin, chun crícheanna na suirbhéireachta san, ón innealltóir no o sna daoine bheidh ag gníomhú amhlaidh fé n-a orduithe;

[EN]

(e) éinní eile is gá chun aon rud do dhéanamh no gheobhaidh le haon rud do dhéanamh go n-údaruíonn na forálacha san roimhe seo den fho-alt so don innealltóir, no do sna daoine sin a bheidh ag gníomhú amhlaidh fé n-a orduithe, é dhéanamh.

[EN]

(6) Má chuireann duine ar bith isteach ar dhuine bheidh ceaptha ag an Aire chun suirbhéireacht do dhéanamh fén alt so no ar aon daoine bheidh ag gníomhú fé orduithe an duine deiridh sin a luaidhtear agus eisean no iad-san ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear dó no dhóibh leis an alt so beidh an duine sin a céadluaidhtear ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(7) Má dhiúltuíonn duine ar bith (eadhon, únaer no sealbhaire iascaigh ionaistrithe no fostaí d'únaer no do shealbhaire den tsórt san) aon fhaisnéis do thabhairt do dhuine ar bith a bheidh ceaptha ag an Aire chun suirbhéireacht do dhéanamh fén alt so no do dhaoine ar bith a bheidh ag gníomhú fé orduithe an duine dheiridh sin a luaidhtear agus gur faisnéis í sin fhéadfadh seisean no iad-san a éileamh go dleathach fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) másé únaer no sealbhaire an iascaigh sin an duine sin a céad-luaidhtear, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so,

[EN]

(b) más fostaí do shealbhaire an iascaigh sin an duine sin a céad-luaidhtear, beidh an duine sin agus an sealbhaire sin, gach n-aon acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so.

[EN]

(8) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so, dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

[EN]

(9) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

(10) Íocfar le duine ar bith (nach oifigeach don Aire) a ceapfar chun suirbhéireacht do dhéanamh fén alt so no chur gníomhú fé ordú an duine bheidh ag déanamh aon tsuirbhéireachta den tsórt san an luach saothair, agus na liúntaisí le haghaidh costaisí, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

É bheith d'oblagáid ar shealbhairí iascach ionaistrithe cuntaisí do thabhairt don Aire.

62.—(1) Aon tráth tar éis tosach na hidir-thréimhse i leith iascaigh ionaistrithe féadfaidh an tAire fógra do sheirbheáil ar shealbhaire an iascaigh sin á cheangal ar an sealbhaire sin na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuntas do choimeád, sa bhfuirm a luadhfar sa bhfógra san, agus do thabhairt don Aire pé trátha agus in aghaidh pé tréimhsí san idir-thréimhse sin a luadhfar sa bhfógra san—

[EN]

(i) ar chostaisí oibrithe an iascaigh sin (agus págh, árachas agus costaisí margaíochta d'áireamh),

[EN]

(ii) ar an airgead go léir a gheobhfar as iasc a tógfar san iascach do dhíol,

[EN]

(iii) ar an airgead go léir a gheobhfar as cearta iascaireachta do chur ar cíos chun iascairí slaite agus chun daoine eile,

[EN]

(iv) ar aon nithe eile (más ann dóibh) a bhainfidh leis na cúrsaí luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus a ordóidh an tAire o am go ham;

[EN]

(b) aon mhínithe theastóidh ón Aire o am go ham do thabhairt don Aire i dtaobh éinní bheidh in aon chuntas den tsórt san.

[EN]

(2) Má seirbheáltar fógra fén alt so ar shealbhaire iascaigh ionaistrithe agus go dteipfidh ar an sealbhaire sin no go bhfailleoidh éilithe an fhógra san do chólíonadh beidh an sealbhaire sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Coda d'aibhne no de locha le hais iascach áirithe corann (fíoruisce) do thógaint.

63.—(1) Má bhíonn grinneall agus ithir aon choda d'abhainn no de loch le hais iascaigh ionaistrithe is iascach corann (fíor-uisce) gan bheith ar aon únaeracht leis an iascach san, ansan, má meastar gur gá san chun an iascaigh sin do chothabháil no d'oibriú, féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh i rith na hidirthréimhse ach ní níos déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na hidirthréimhse, a dhearbhú gur tuigthe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gur cuid den iascach san oiread agus a luadhfaidh an tAire san ordú san den ghrinneall agus den ithír sin ach gan dul thar caoga slat lastuas no laistíos den iascach san no caoga slat lastuas agus laistíos de agus, ar an ordú san do dhéanamh, is tuigthe gur cuid den iascach san an chuid sin de ghrinneall agus d'ithir na habhann no an locha san agus fós gach ceart iascaireachta sa chuid sin.

[EN]

(2) Má dheineann an tAire ordú fén alt so cuirfidh cóip den ordú san dá seirbheáil ar únaer ghrinnill agus ithreach na habhann no an locha le n-a mbainfidh an t-ordú san.

[EN]

Cearta iascaireachta slaite in iascaigh ionaistrithe d'fhorcoimeád.

64.—Féadfaidh únaer aon-chearta iascaireachta slaite in iascach ionaistrithe, aon tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh na hidir-thréimhse i leith an iascaigh sin, a iarraidh ar an Aire ordú (dá ngairmtear ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád) sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh i leith an iascaigh sin chun na n-aon-cheart iascaireachta slaite san iascach san d'fhorcoimeád dó agus sa chás san féadfaidh an tAire an t-ordú san do dhéanamh agus oibreoidh an t-ordú san agus beidh éifeacht aige chun na gceart iascaireachta slaite sin d'fhorcoimeád don únaer sin.

[EN]

(2) Má dheineann an tAire ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád), foillseoidh sé fógra san Iris Oifigiúil i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh.

[EN]

Orduithe dílsiúcháin.

65.—(1) Dhá mhí ar a laighead roimh dheireadh na hidirthréimhse i leith iascaigh ionaistrithe déanfaidh an tAire, mara mbeidh ordú fé fho-alt (2) den alt so déanta cheana aige i leith an iascaigh sin, ordú (dá ngairmtear gnáth-ordú dílsiúcháin sa Chuid seo den Acht so) ag dílsiú an iascaigh sin san Aire amhail ar an lá díreach tar éis na hidir-thréimhse sin agus ón lá san amach.

[EN]

(2) Le toiliú únaera iascaigh ionaistrithe le n-a mbainfidh an fo-alt so, agus pe'ca bheidh lá ceaptha socair no ná beidh maidir leis an gceanntar iascaigh ina mbeidh an t-iascach san, féadfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear ordú speisialta dílsiúcháin sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh ag dílsiú an iascaigh sin san Aire amhail ar lá luadhfar san ordú san agus ón lá san amach.

[EN]

Baineann an fo-alt so le gach iascach ionaistrithe ná dearna an té dob únaer air an 1adh lá d'Eanar, 1933, no comharba teidil an duine sin úsáid de gach bliain iascaigh idir an 1adh lá d'Eanar, 1933, adubhradh, agus an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1938.

[EN]

(3) Ordú déanfar fén alt so i dtaobh aon iascaigh ionaistrithe luadhfar ann gné agus achar agus suidheamh an iascaigh sin agus beidh mapa ag gabháil leis ina dtaisbeánfar achar agus suidheamh an iascaigh sin.

[EN]

(4) Ordú déanfar fén alt so i dtaobh iascaigh ionaistrithe oibreoidh sé chun aistriú do dhéanamh chun an Aire, amhail ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san, ar an iascach san i mbith-dhílse saor o eirí agus o gach estát agus leas san iascach san ach amháin, i gcás ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád) do bheith déanta i dtaobh an iascaigh sin, na cearta iascaireachta slaite forcoimeádfar leis an ordú san, agus beidh an t-ordú san a céad-luaidhtear ina fhianaise dho-chlaoite ar ghné agus achar an iascaigh sin fé mar a bheidh san luaidhte ann.

[EN]

(5) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so i dtaobh aon iascaigh cuirfidh fógra i dtaobh déanamh an orduithe sin dá fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus seirbheálfaidh cóip den fhógra san ar únaer an iascaigh sin.

[EN]

Clárú teidil an Aire chun iascach dílsithe.

66.—Má thagann aon iascach ionaistrithe áirithe chun bheith dílsithe san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis an dílsithe sin, an t-ordú dílsiúcháin a bheidh déanta i dtaobh an iascaigh sin do chur chun an údaráis chlárathachta fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, agus ar a fháil sin don údarás chlárathachta san cuirfid teideal an Aire chun únaeracht an iascaigh sin i mbith-dhílse dá chlárú fén Acht deiridh sin a luaidhtear.

[EN]

Cúiteamh as iascaigh ionaistrithe.

67.—(1) Íocfaidh an tAire cúiteamh as gach iascach ionaistrithe dílseofar san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chuige no go mbeidh estáit no leasa acu ann agus, cheal có-aontuithe, ceapfaidh eadrascánaí oifigiúil an cúiteamh san fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gcúiteamh do cheapadh fén alt so as iascach ionaistrithe dílseofar san Aire le hoibriú gnáth-orduithe dhílsiúcháin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féachfaidh an t-eadrascánaí go príomhdha—

[EN]

(i) má húsáideadh an t-iascach san i rith na hidirthréimhse, don bhrabús as an iascach san i rith na hidir-thréimhse,

[EN]

(ii) marar húsáideadh an t-iascach san i rith na hidirthréimhse, don bhrabús is dóich leis an eadrascánaí do gheobhfaí as an iascach san dá n-úsáidtí i rith na hidir-thréimhse é;

[EN]

(b) bhéarfaidh an t-eadrascánaí sin áird freisin (i dteanta áird do thabhairt ar fhianaise bhéarfaidh daoine eile uatha) ar aon fhianaise do bhéarfaidh únaer no sealbhaire an iascaigh sin uaidh—

[EN]

(i) ar bhrabús an iascaigh sin roimh thosach na hidirthréimhse, no

[EN]

(ii) ar choinníollacha nea-ghnáthacha meteoraíochta no coinníollacha eile do rinne deifir don mheánghabháil éisc i rith na hidir-thréimhse, no

[EN]

(iii) ar a mhéid do leigeadh don únaer no don tsealbhaire sealbh shíochánta bheith aige i rith na hidir-thréimhse, no

[EN]

(iv) aon chúrsaí bhí ann roimh an idir-thréimhse agus dob fhéidir do rinne deifir do chumas tuillimh an iascaigh i rith na hidir-thréimhse;

[EN]

(c) féadfaidh an t-eadarscánaí sin áird do thabhairt ar aon laigheadú luacha do chuaidh ar an iascach san i rith na hidir-thréimhse no ar na déanmhaisí no na foirgintí a húsáidtear i ndáil leis agus a bheidh tuairiscithe sa bhreacachán shuirbhéireachta ar an iascach san sa mhéid gur cúiseanna seachas gnáth-chaill agus caitheamh fé ndeár san.

[EN]

(3) Nuair a bheidh an cúiteamh as iascach ionaistrithe dílseofar san Aire le hoibriú orduithe speisialta dhílsiúcháin á mheas, áirmheofar luach an iascaigh sin amhail ar an dáta ar ar húsáideadh go déanach é.

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) iascach ionaistrithe dílseofar san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so do bheith ina aon-cheart chun bradáin do ghabháil in uiscí taoide uile aon abhann, agus

[EN]

(b) dílseánach an iascaigh sin do bheith, ar dháta a dhílsithe amhlaidh, ina dhílseánach ar na hiascaigh sna suainmheacháin agus sna locha uile ar chúrsa na habhann san, agus

[EN]

(c) teideal dleathach do bheith ag an dílseánach san de bhuadh an phrovíso ghabhann le halt 3 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863, chun aon líonta mála do shuidheamh i ngiorracht trí mhíle reachtúil do bhéal na habhann san,

[EN]

is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, an ceart chun na líon mála san do shuidheamh amhlaidh do bheith ina chuid den iascach san agus bhéarfar áird ar an gceart san nuair a bheidh cúiteamh as an iascach san á chinneadh fén alt so.

[EN]

(5) Bainfidh ailt 69 go 74 agus ailt 76 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh a bheidh le n'íoc ag an Aire fén alt so, agus chuige sin is tuigthe gurb é an tAire bunuitheoir an ghnóthais.

[EN]

(6) Ní breithneofar aon éileamh ar chúiteamh fén alt so as iascach ionaistrithe mara ndeintear é fé cheann ceithre mí fhichead tar éis an dáta ar a ndílseofar an t-iascach san san Aire.

[EN]

Cúiteamh d'fhostaithe ar iascaigh ionaistrithe

68.—(1) Pé uair a dílseofar iascach ionaistrithe san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ansan, gach duine chruthóidh gach ní acu so leanas chun sástachta an Aire no an eadrascánaí bheidh ceaptha chun cúiteamh as an iascach san do cheapadh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin gach saosúir de sna trí saosúir oscailte iascaireachta (dá ngairmtear na saosúir cheaptha sa bhfo-alt so) díreach roimh dháta an iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag sealbhaire an iascaigh ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an iascaigh sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus

[EN]

(b) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint ar fad no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh, agus

[EN]

(c) gur leis amháin a bhain an fhostaíocht san aige leis an iascach san d'oibriú no do chosaint, agus

[EN]

(d) gur chuir dílsiú an iascaigh sin deireadh le n-a fhostaíocht, agus

[EN]

(e) ná fuil a chothrom san d'obair eile le fáil aige i rith an tsaosúir iascaireachta,

[EN]

beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, as é do chailliúint fostaíochta i rith an tsaosúir iascaireachta oscailte, cúiteamh a háirmheofar mar leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) in aghaidh gach saosúir de sna saosúir cheaptha, suim (dá ngairmtear an tsuim cheaptha san alt so) is có-mhéid le ceithre hoiread an mheán-mhéide sheachtainiúil do gheibheadh an duine sin as an bhfostaíocht san i rith an tríú saosúir de sna saosúir cheaptha, agus

[EN]

(ii) in aghaidh gach saosúir iascaireachta oscailte (más aon cheann é) roimh na saosúir cheaptha ina raibh gach coinníoll acu so leanas á chólíonadh maidir leis an duine sin, sé sin le rá:—

[EN]

(I) go raibh sé, ar feadh iomláin no beagnach iomláin an tsaosúir sin, ar fostú go buan agus go tráthrialta ag an sealbhaire sin ag oibriú no ag cosaint, no i ndáil le hoibriú no cosaint, an iascaigh sin ar phágh shocair sheachtainiúil no ar phágh do réir luach na gabhála éisc, agus

[EN]

(II) an luach saothair do gheibheadh as an bhfostaíocht san, gur air do bhí a mhaireachtaint no cuid mhaith di agus é ar fostú amhlaidh, agus

[EN]

(III) gur leis amháin a bhain an fhostaíocht san aige leis an iascach san d'oibriú no do chosaint,

[EN]

suim is có-mhéid leis an suim cheaptha,

[EN]

ach ní raghaidh méid an chúitimh sin in aon chás thar trí oiread déag na suime ceaptha.

[EN]

(2) Pé uair a dílseofar iascach ionaistrithe san Aire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, ansan, gach duine a chruthóidh gach ní acu so leanas chun sástachta an Aire no an eadrascánaí bheidh ceaptha chun cúiteamh as an iascach san do cheapadh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) go raibh sé, ar feadh iomláin na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse cheaptha sa bhfo-alt so) de chúig bliana dar chríoch an lá díreach roimh dháta an iascaigh sin do dhílsiú amhlaidh, ar fostú go lán-aimsearach no beagnach go lán-aimsearach ag sealbhaire an iascaigh sin mar bhainisteoir no mar mhaor i ndáil le hoibriú an iascaigh sin agus go raibh sé ar fostú amhlaidh ar thuarastal shocair mhíosúil i dteanta no in éamais luach saothair breise do réir luach na gabhála éisc, agus

[EN]

(b) gur chuir dílsiú an iascaigh sin deireadh leis an bhfostaíocht san aige, agus

[EN]

(c) ná fuil a chothrom san d'obair eile le fáil aige,

[EN]

beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tAire leis, as é do chailliúint fostaíochta, cúiteamh is có-mhéid le pé suim acu so leanas is lugha, sé sin le rá:—

[EN]

(i) suim is có-mhéid leis an méid iomlán (dá ngairmtear a thuarastal bliantúil sa bhfo-alt so) do híocadh leis an duine sin i bhfuirm tuarastail mhíosúil shocair i rith na cúigiú bliana den tréimhse cheaptha maraon leis an gcúigiú cuid den mhéid (dá ngairmtear sa bhfo-alt so a luach saothair breise in aghaidh na tréimhse ceaptha) do híocadh leis mar luach saothair breise den tsórt san (má b'ann dó) i rith na tréimhse ceaptha;

[EN]

(ii) méid a háirmheofar mar leanas, eadhon, in aghaidh gach bliana den tréimhse cheaptha agus in aghaidh gach bliana iomláine roimhe sin (más aon cheann é) do thug sé ar fostú amhlaidh ar an gcuma gcéanna, suim is có-mhéid leis an dóú cuid déag dá thuarastal bliantúil maraon leis an seascadadh cuid dá luach saothair breise in aghaidh na tréimhse ceaptha (má b'ann dó).

[EN]

Luachála iascach ionaistrithe do chion-roinnt no na hiascaigh sin d'ath-luacháil.

69.—(1) Má bhíonn iascach ionaistrithe ina chuid d'iascach no de cheart iascaigh a bheidh luachálta mar aonad amháin fé sna hAchtanna Luachála agus go mbeidh lá ceaptha socair i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach ionaistrithe sin, déanfaidh an tAire, chó luath agus a bheidh caothúil, mion-innste i dtaobh an iascaigh ionaistrithe sin do thabhairt don údarás oiriúnach rátaíochta, agus a iarraidh go ndéanfaí (tré chion-roinnt no tré ath-luacháil) luachála ar leith ar an iascach ionaistrithe sin agus ar iarmhar an iascaigh a bheidh luachálta amhlaidh mar aonad amháin agus beidh éifeacht ag na luachála san amhail ar an dáta agus ón dáta ar a ndílseofar an t-iascach ionaistrithe sin san Aire.

[EN]

(2) Má bhíonn aon iascach ionaistrithe ina chuid de chó-thiomsú de chearta iascaireachta no go mbeidh sé ag gabháil no in aice le fearann oighreachta no le tailte príobháideacha no le tigh comhnaithe príobháideach agus má bhíonn sé ar únaeracht ag an duine gur leis an có-thiomsú san de chearta iascaireachta, no an fearann oighreachta no na tailte príobháideacha no an tigh comhnaithe príobháideach san agus go mbeidh lá ceaptha socair i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach ionaistrithe sin, féadfaidh an duine sin a iarraidh ar údarás oiriúnach rátaíochta an cheanntair sin ath-luacháil do dhéanamh ar an gcuid eile de sna cearta iascaireachta, no ar an bhfearann oighreachta no na tailte príobháideacha no an tigh comhnaithe príobháideach, ach ní bheidh éifeacht ag an ath-luacháil sin go dtí an dáta ar a ndílseofar an t-iascach ionaistrithe sin san Aire.

[EN]

Forálacha i dtaobh orduithe.

70.—Ní dhéanfa sé deifir do bhailíocht ná d'éifeacht aon orduithe dhéanfaidh an tAire fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so aon fhoráil d'fhágaint gan cólíonadh atá sa Chaibidil sin i dtaobh cóip den ordú san do sheirbheáil ar dhuine áirithe no i dtaobh an orduithe sin d'fhoillsiú no fógra i dtaobh a dhéanta d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

Caibidil III.

Iascaigh Airithe Stáit d'Aistriú chun an Aire.

[EN]

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe d'aistriú iascach chun an Aire.

71.—(1) Féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn, le hordú fé n-a séala, aistriú do dhéanamh chun an Aire, fé pé coinníollacha agus téarmaí ar a gcó-aontóidh na Coimisinéirí sin agus an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, ar estát agus leas uile na gCoimisinéirí sin in aon iascach no ceart iascaireachta bheidh ar seilbh ag na Coimisinéirí sin de thuras na huaire, agus fós ar aon talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce no ceart eile bheidh ar seilbh ag na Coimisinéirí sin agus a bheidh ag gabháil le haon iascach no ceart iascaireachta den tsórt san a haistreofar amhlaidh.

[EN]

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé san Aire, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile bhéarfaidh an t-ordú san le tuisgint do bheith á aistriú chun an Aire leis an ordú san.

[EN]

Coimisiún Talmhan na hÉireann d'aistriú iascach chun an Aire.

72.—(1) Féadfaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann, le hordú fé n-a séala, aistriú do dhéanamh chun an Aire, fé pé coinníollacha agus téarmaí ar a gcó-aontóidh an Coimisiún san agus an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, ar estát agus leas uile an Choimisiúin sin in aon iascach no ceart iascaireachta bheidh ar seilbh ag an gCoimisiún san de thurus na huaire, agus fós ar aon talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce no ceart eile bheidh ar seilbh amhlaidh ag an gCoimisiún san agus a bheidh ag gabháil le haon iascach no ceart iascaireachta den tsórt san a haistreofar amhlaidh.

[EN]

(2) Aon ordú déanfar fén alt so dílseoidh sé san Aire, gan aon leithliú eile, gach iascach agus ceart iascaireachta agus gach talamh, éasáid, cead slí, ceart uisce agus ceart eile bhéarfaidh an t-ordú san le tuisgint do bheith á aistriú chun an Aire leis an ordú san.

Caibidil IV.

An tAire do thógaint Tailte, etc., chun Iascaigh Dhílsithe do Bhainistí agus d'Oibriú agus do Chaomhaint.

[EN]

An tAire do thógaint tailimh, etc.

73.—(1) Féadfaidh an tAire, chun iascach dílsithe do bhainistí, d'oibriú, no do chaomhaint, gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon tailte no áitreabh (agus ortha san, más iascach muileann-damba an t-iascach san, an muileann-damba iascaireachta gur le cuid de seoltar an t-iascach san agus aon mhuileann no áitreabh eile bheidh i gceangal leis an damba san no i dtaobh leis chun soláthar uisce d'fháil) do thógaint (go héigeanta no tré chó-aontú);

[EN]

(b) aon éasáid, cead slí, no ceart eile ar bith ar aon tailte no áitreabh no i ndáil leo do thógaint (go héigeanta no tré chó-aontú);

[EN]

(c) aon éasáid, cead slí, no ceart eile ar bith ar aon tailte no áitreabh no i ndáil leo d'fhoirceannadh no do shrianadh no cur isteach air ar shlí eile (go héigeanta no tré chó-aontú).

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so a údarú don Aire go dtógfadh sé go héigeanta—

[EN]

(a) aon talamh a bheidh dílsithe sa Stát no aon cheart ar an talamh san no i ndáil leis;

[EN]

(b) aon áitreabh, clós, no gáirdín fálta, no aon talamh fálta timpeal ar thigh comhnuithe no aon cheart ar an áitreabh, an clós, an gáirdín no an talamh san no i ndáil leis.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so a údarú don Aire aon talamh a bheidh fé bhlianacht talamh-cheannaigh ná aon cheart ar an talamh san no i ndáil leis do thógaint (go héigeanta no tré chó-aontú) ach amháin le toiliú Choimisiún Talmhan na hÉireann.

[EN]

(4) Má bheartuíonn an tAire aon talamh no áitreabh a bheidh ar seilbh ag údarás áitiúil no ag aon chólucht corparuithe chun crícheanna aon bhóthair iarainn, trambhealaigh, duga, canála, no aon ghnóthais uisce, gáis, leictreachais no gnóthais phuiblí eile, do thógaint (go héigeanta no tré chó-aontú) no aon éasáid, cead slí no ceart eile ar bith, ar aon talamh no áitreabh den tsórt san no i ndáil leis do thógaint, d'fhoirceannadh, no do shrianadh, no cur isteach ar shlí eile air (go héigeanta no tré chó-aontú), raghaidh i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála sara ndeinidh amhlaidh.

[EN]

(5) Sara ndéanfar leithliú no sara ndéanfar amach an praghas no an cúiteamh agus fé réir fógra mí ar a laighead do sheirbheáil roimh ré i scríbhinn ar shealbhaire na dtailte no an áitreibh no ar únaer na héasáide no na maoine no an chirt eile le n-a mbainfidh, féadfaidh an tAire dul isteach agus seilbh do ghlacadh ar aon talamh no áitreabh, no aon cheart d'fheidhmiú, a húdaruítear don Aire, leis an alt so, a thógaint go héigeanta, no aon éasáid no aon mhaoin no ceart eile d'fhoirceannadh no do shrianadh no cur isteach air ar shlí eile go n-údaruítear don Aire leis an alt so é d'fhoirceannadh no do shrianadh no cur isteach air go héigeanta.

[EN]

(6) Pé uair a raghaidh an tAire isteach agus a ghlacfaidh seilbh ar aon talamh no fheidhmeoidh aon cheart (do réir mar a bheidh) fén alt so sara n-íocfar an praghas no an cúiteamh, íocfaidh an tAire le sealbhaire na dtailte no le húnaer na héasáide no an chirt eile le n-a mbainfidh (do réir mar a bheidh) ús ar mhéid an phraghais no an chúitimh sin ar bheith ceaptha dhó, do réir cheithre phunt per cent. per annum ón dáta do chuathas isteach agus do glacadh seilbh amhlaidh no do feidhmíodh an ceart san (do réir mar a bheidh) go dtí dáta an leithlithe ón sealbhaire sin no ón únaer sin chun an Aire.

[EN]

(7) Pé uair a thógfaidh an tAire aon talamh fén alt so a bheidh, ina aonar no i dteanta tailimh eile, fé bhlianacht cheannaigh no fé íocaíocht in ionad cíosa no fé shuim bhliantúil eile (nach suim ná beidh inti ach cíos fé chonnradh thionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, tiocfaidh an tAire chun bheith agus beidh sé, ón lá raghaidh an tAire isteach agus a ghlacfaidh seilbh ar an talamh a thógfaidh amhlaidh, freagarthach sa bhlianacht cheannaigh sin, san íocaíocht san in ionad cíosa no sa tsuim bhliantúil eile sin (nach suim ná beidh inti ach cíos fé chonnradh thionóntachta) no sa chuid sin di a chion-roinnfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an talamh san d'íoc le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé is dá ndéanfadh dílseánach an tailimh sin an talamh san d'aistriú chun an Aire ar an dáta san.

[EN]

(8) Féadfar fógra fén alt so do sheirbheáil ar dhuine ar bith tríd an bhfógra san do chur tríd an bpost cláruithe agus é dírithe chun an duine sin ag a ghnáth-sheoladh no ag an seoladh is déanaí is eol do bheith aige no, i gcás fógra do shealbhaire aon tailte no áitreibh, ag na tailte no ag an áitreabh san.

[EN]

(9) Féadfar fógra fén alt so do shealbhaire aon tailimh no áitreibh do dhíriú chun an tsealbhaire sin fén tuairisc “an sealbhaire” gan a ainm do luadh.

[EN]

Cúiteamh maidir le talamh, etc., d'íoc agus do dhéanamh amach.

74.—(1) Íocfaidh an tAire cúiteamh—

[EN]

(a) as tailte agus áitreabhacha a thógfaidh an tAire go héigeanta fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an chéanna no estáit no leasanna acu ann, agus

[EN]

(b) as éasáidí, ceadanna slí, agus cearta eile thógfaidh an tAire fén gCaibidil sin no i ndáil leo, le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun na dtailte agus na n-áitreabh, no estáit no leasanna acu sna tailte agus sna háitreabhacha, gur ortha no i ndáil leo a tógfar na ceartanna san amhlaidh,

[EN]

agus, cheal có-aontuithe, ceapfar an cúiteamh san fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

(2) Íocfaidh an tAire cúiteamh as aon éasáid, cead slí no ceart eile ar aon talamh no áitreabh no i ndáil leis d'fhoirceannadh no do shrianadh no as aon chur isteach eile do dhéanamh air fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, le húnaer na héasáide, an cheada slí no an chirt eile sin agus, cheal có-aontuithe, ceapfar an cúiteamh san fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, amhail is go mba phraghas tailimh a tógfaí go héigeanta an cúiteamh san.

[EN]

(3) Bainfidh ailt 69 go 83 den Land Clauses Consolidation Act, 1845, le cúiteamh ar bith is iníoctha ag an Aire fén alt so agus le maoin, corpardha no nea-chorpardha, a thógfaidh an tAire fén Acht so do leithliú chun an Aire agus, chuige sin, is tuigthe gurb é an tAire bunuitheoir an ghnóthais.

[EN]

(4) Ní déanfar aon éileamh ar chúiteamh fén alt so as aon talamh no ceart a tógfar go héigeanta no as aon cheart a foirceannfar no srianfar no go gcuirfear isteach air ar shlí eile do bhreithniú mara ndeintear an t-éileamh san fé cheann ceithre mí fichead tar éis dáta na tógála no an fhoirceannta no an tsrianta no an churtha isteach san.

Caibidil V.

Iascaigh Dhílsithe do Bhainistí, d'Oibriú agus do Chur de Láimh.

An tAire d'Oibriú Iascach Dílsithe.

[EN]

An tAire d'oibriú iascach dílsithe.

75.—Féadfaidh an tAire o am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach dílsithe no aon chuid d'iascach dhílsithe d'oibriú.

[EN]

Comhachta an Aire agus é ag oibriú iascaigh dhílsithe.

76.—(1) Féadfaidh an tAire, chun iascach dílsithe d'oibriú, gach ní is dóich leis is gá do dhéanamh chun an iascaigh sin do sheoladh mar ghnóthas tráchtála agus a fhéadfadh sé a dhéanamh dá mba phearsa phríobháideach é agus gurbh é únaer an iascaigh sin é agus, gan dochar do gheneráltacht na forála san roimhe seo, féadfaidh gach ní no aon ní no nithe acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) iasc do cheannach agus do dhíol in áit ar bith;

[EN]

(b) aon earra do cheannach no do dhéanamh is gá chun iasc do ghabháil, do stóráil, d'iompar, do chóireáil, do cheannach no do dhíol;

[EN]

(c) aon ghnó do sheoladh a chabhróidh no gheobhaidh le hoibriú an iascaigh sin;

[EN]

(d) connartha do dhéanamh;

[EN]

(e) pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis d'fhostú;

[EN]

(f) ceadúnaisí iascaireachta do cheannach.

[EN]

(2) Ní bhainfidh forálacha ailt 16 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), leis an Aire.

[EN]

(3) Is le toiliú an Aire Airgeadais a cinnfear luach saothair gach duine bheidh ar fostú i ndáil leis an Aire d'oibriú aon iascaigh dhílsithe.

[EN]

(4) Ní bhainfidh Achtanna Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le duine ar bith fhostóidh no cheapfaidh an tAire fén alt so.

[EN]

Talamh agus gnó do dhíol.

77.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon talamh a thógfa sé chuige féin fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, agus fós dea-thoil agus stoc trádála agus sócmhainní eile gnótha ar bith (eadhon, gnó chabhruíonn no ghabhann le hiascach dílsithe d'oibriú) bheidh á sheoladh aige fén gCaibidil sin do dhíol ar an bpraghas is dóich leis is ceart.

[EN]

(2) Aon airgead do gheobhfar de bharr díola fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Forálacha airgeadais.

78.—An t-airgead uile do gheobhaidh an tAire i ndáil le hiascach dílsithe d'oibriú no le haon ghnó bheidh á sheoladh aige fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Cuntaisí, iniúchadh agus tuarasgabháil ar imeachta.

79.—(1) Cuirfidh an tAire dá choimeád, maidir le gach iascach dílsithe bheidh á oibriú aige, sreath de chuntaisí sa bhfuirm, agus in aghaidh na dtréimhsí agus ina mbeidh na mion-innste, ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(2) Na cuntaisí bheidh le coimeád ag an Aire do réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo cuirfear iad, i ndeireadh gach tréimhse cuntasaíochta, chun an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste agus déanfaidh seisean na cuntaisí d'iniúchadh agus do dheimhniú agus tuarasgabháil do thabhairt ortha.

[EN]

(3) Ar iniúchadh fé fhorálacha an ailt seo do bheith críochnuithe, bhéarfaidh an tAire go leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas cóip de thuarasgabháil an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste ar na cuntaisí mar a bheidh glactha aige leo agus fós tuarasgabháil ghenerálta ón Aire ar a imeachta fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so maidir le hoibriú iascach dílsithe.

Iascaigh Dhílsithe do Chur ar Léas.

[EN]

Iascaigh dhílsithe do chur ar léas.

80.—(1) Másé tuairim an Aire gurb é leas na puiblíochta iascach dílsithe no cuid d'iascach dílsithe do dheonadh tré léas do dhuine ar bith féadfaidh an tAire, do réir an ailt seo, an t-iascach san no an chuid sin de do chur chun an duine sin ar léas ar feadh pé téarma, nach sia ná fiche bliain, is ceart dar leis an Aire.

[EN]

(2) Gach léas a déanfar fén alt so déanfar é ar an gcoinníoll go n-íocfar leis an Aire, i bhfuirm fíneála no roimh-íoca eile no i bhfuirm chíosa no sa dá fhuirm sin, pé airgead is dóich leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais le chéile is ceart agus ar a gcó-aontóid leis an duine dá dtabharfar an léas san, agus an t-airgead uile do gheobhaidh an tAire mar sin déanfa sé é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(3) Gach léas a déanfar fén alt so beidh ag gabháil leis agus beidh ann na cumhnantaí, na coinníollacha agus na có-aontuithe is dóich leis an Aire is ceart no is inmhianuithe agus ar a gcó-aontóidh sé leis an duine dá ndeonfar an léas san.

[EN]

Léasaithe do thabhairt tuairisceán uatha.

81.—(1) An duine ag á mbeidh teideal de thurus na huaire chun an leasa bheidh ag an léasaí fé léas a deonfar fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so, bhéarfaidh don Aire, sa bhfuirm ordóidh an tAire agus fé cheann ocht lá fichead tar éis an Aire dá iarraidh sin air, pé faisnéis iarrfaidh an tAire i dtaobh an iascaigh le n-a mbaineann an léas san agus i dtaobh oibriú an iascaigh sin.

[EN]

(2) Má iarann an tAire ar dhuine ar bith fén alt so aon fhaisnéis do thabhairt dó agus ná déanfaidh an duine sin no go ndiúltóidh an fhaisnéis sin do thabhairt uaidh no go dtabharfaidh faisnéis uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach no go bhfailleoidh ar shlí eile an t-alt so do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air agus, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpunt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Tuarasgabhála ón Aire i dtaobh léasanna.

82.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis gach 30adh lá de Mheitheamh agus gach 31adh lá de Mhí na Nodlag, tar éis an Achta so do rith, leagfaidh an tAire ar bhord gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ina mbeidh mion-innste ar gach léas, le haghaidh téarma is sia ná dhá bhliain, do rinneadh fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so i rith an sé mhí dar críoch an 30adh lá san de Mheitheamh agus an 31adh lá san de Mhí na Nodlag fé seach.

[EN]

(2) An tréimhse dar tosach dáta an Achta so do rith agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, gur tréimhse í de shé mhí dar críoch an 31adh lá san de Mhí na Nodlag, 1939.

[EN]

Rátaí iascaigh ar iascaigh a bheidh curtha ar léas.

83.—(1) Pé uair a dheonfaidh an tAire léas ar iascach fén gCuid seo den Acht so féadfaidh, más oiriúnach leis é, a thabhairt go gcuirfear sa léas san cumhnant ón Aire sa chéill seo leanas, eadhon, más mó ná an méid ceaptha an méid íocfaidh an léasaí mar ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana iascaigh a thuitfidh sa téarma deonfar leis an léas san, go n-íocfaidh an tAire leis an léasaí suim is có-mhéid leis an mbreis.

[EN]

(2) Sa bhfo-alt so cialluíonn an abairt “an méid ceaptha”, i leith iascaigh le n-a mbainfidh léas fén gCuid seo den Acht so, suim na méideanna so leanas:—

[EN]

(a) an méid (dá ngairmtear an riail-mhéid anso ina dhiaidh seo) is iníoctha ag an sealbhaire mar ráta iascaigh no ag an Aire in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh na bliana iascaigh a bheidh ag rith ar dháta deonta an léasa san no, mara mbeidh an ráta iascaigh in aghaidh na bliana iascaigh sin i leith an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san gearrtha roimh an dáta san, in aghaidh na bliana iascaigh díreach roimhe sin, agus

[EN]

(b) an fichiú cuid den riail-mhéid.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) bord coimeádaithe d'fháil bhreithiúnais chúirte inniúla i gcoinnibh léasaí iascaigh, le n-a mbainfidh léas fén gCuid seo den Acht so, mar gheall ar aon ráta iascaigh a bheidh dlite i leith an iascaigh sin, agus

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire gan aon earraí do bheith ag an léasaí sin a fhéadfaí a thógaint i bhfeidhmiúchán fé aon phróiseas ón gcúirt sin,

[EN]

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, suim d'íoc leis an mbord coimeádaithe sin nach mó ná méid an ráta iascaigh sin agus aon chostaisí agus caiteachaisí fé n-a ndeachaidh an bord coimeádaithe sin maidir leis an mbreithiúnas san d'fháil agus le tabhairt fé n-a fhoirfheidhmiú,

[EN]

(ii) beidh aon tsuim a híocfar amhlaidh ina fiacha bheidh dlite don Aire ag an léasaí sin agus féadfar í bhaint amach, mar fhiacha gnáth-chonnartha, i gcúirt dlighinse inniúla.

[EN]

Neamh-úsáid Iascach Dílsithe.

[EN]

Neamh-úsáid iascach dílsithe.

84.—(1) Má thoilíonn an tAire Airgeadais chuige féadfaidh an tAire o am go ham staonadh o aon iascach dílsithe áirithe d'úsáid ná beidh de thurus na huaire ina abhar do léas fén gCaibidil seo den Chuid seo den Acht so.

[EN]

(2) Má bheartuíonn an tAire staonadh o aon iascach dílsithe áirithe d'úsáid, bhéarfaidh fógra don bhord choimeádaithe a mbeidh an t-iascach san ina gceanntar iascaigh go bhfuil sé ar intinn staonadh ón iascach san d'úsáid agus leis sin, mara ndeinidh agus go dtí go ndéanfaidh an tAire an t-iascach san do chur ar léas no an t-iascach san d'oibriú, beidh an t-iascach san ina iascach neamh-úsáidthe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

Forálacha i dtaobh iascach neamh-úsáidthe.

85.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh aon iascaigh neamh-úsáidthe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más iascach corann (uiscí taoide) no iascach corann (fíoruisce) an t-iascach san—

[EN]

(i) féadfaidh an tAire an chora is cuid den iascach san do dhí-láithriú agus ina dhiaidh sin ní bheidh sé freagarthach in aon nithe thárlóidh de bhíthin atharuithe do theacht i rith no i leibhéal an uisce pé duine dá dtárlóid, ach má thagann de dhíláithriú na corann san aon bhac do chur ar imirce éisc leigheasfaidh an tAire an dochar san,

[EN]

(ii) mara ndí-láithrítear an chora leanfaidh an tAire de bheith freagarthach ina cothabháil ina leithéid sin de staid ná cuirfe sí bac ar imirce éisc ná ná beidh sí ina trúig le haon damáiste no cailliúint uisce thar mar ba ghnáth faid a bhí sí á húsáid chun crícheanna an iascaigh;

[EN]

(b) más iascach muileann-damba an t-iascach san—

[EN]

(i) féadfaidh an tAire aon déanmhais a bheidh ag gabháil le húsáid an iascaigh do dhí-láithriú no do thógaint chun siúil ach nuair a bheidh san á dhéanamh aige fágfaidh an muileann-damba ina leithéid sin de staid ná déanfar dochar don tsoláthar uisce chun an mhuilinn agus ná méadófar costas cothabhála an mhuileann-damba,

[EN]

(ii) mara ndí-láithrítear na déanmhais a bheidh ag gabháil le húsáid an iascaigh leanfaidh an tAire de bheith freagarthach ina gcothabháil ina leithéid sin de staid ná cuirfid bac ar imirce éisc ná ná beid ina dtrúig le haon damáiste no cailliúint uisce thar mar ba ghnáth faid a bhíodar á n-úsáid chun crícheanna an iascaigh;

[EN]

(c) más iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) an t-iascach san tógfaidh an tAire chun siúil gach cuaille no déanmhas eile is dainséar do loingseoireacht no do líonta dleathacha d'úsáid fé cheartanna dlí chomónta.

[EN]

Iascaigh neamhúsáidthe d'ath-thógáil no d'athfheistiú.

86.—(1) I gcás iascach dílsithe is iascach corann (uiscí taoide) no iascach corann (fíor-uisce) no iascach muileann-damba do theacht chun bheith ina iascach neamh-úsáidthe agus an tAire do bheith tar éis an déanmhais do dhí-láithriú le n-a gcoimeádtaí an t-iascach san ar siúl féadfaidh an tAire, fé cheann cúig mblian tar éis an dáta tháinig an t-iascach san chun bheith ina iascach neamh-úsáidthe, ach ní níos déanaí, ath-thógáil do dhéanamh air sa tsuidheamh céanna i gcóir iascaireachta san áit chéanna agus na tuisí céanna ann agus, i gcás iascaigh corann (uiscí taoide) no iascaigh corann (fíor-uisce), an socrú céanna ann i gcóir saorbhearnan (más aon cheann é) a taisbeánfar i suirbhéireacht bhreacacháin an iascaigh.

[EN]

(2) I gcás iascach dílsithe is iascach innill sheasmhaigh (uiscí taoide) do theacht chun bheith ina iascach neamh-úsáidthe féadfaidh an tAire, tráth ar bith, é d'ath-thógáil no é d'ath-fheistiú do réir an deimhnithe bheidh tugtha amach ina thaobh fé fhorálacha an Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.

Caibidil VI.

Forálacha Foirlíontacha.

[EN]

Ceart chun dul isteach go hiascaigh dhílsithe.

87.—(1) Beidh ceart ag aon duine údaruithe chun dul isteach gan cosc aon uair go dtí aon iascach dílsithe agus beidh sé i dteideal, fé réir forálacha an Achta so, dul isteach le báid no le feithiclí ar aon chúrsa uisce no talamh chun an iascaigh d'oibriú, agus féadfaidh aon bhac, nádúrtha no eile, bheidh ina bhealach do thógaint chun siúil (ach toiliú an Aire Tionnscail agus Tráchtála d'fháil chuige i gcás na hurthrágha).

[EN]

(2) Má bhacann duine ar bith aon duine údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear don duine údaruithe sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.

[EN]

(4) I gcás an ghnáth-shlí isteach chun iascaigh ionaistrithe bheidh dílsithe san Aire do bheith, roimh an dílsiú san, ag dul tré aon áitreabh, clós, gáirdín no talamh fálta timpeal ar thigh chomhnaithe no comhgarach dó, ní bheidh an ceart chun dul isteach gan cosc a bheirtear le fo-alt (1) den alt so infheidhmithe tríd an áitreabh, an clós, an gáirdín no an talamh san ach amháin i gcás an céanna do bheith deighilte ón iascach san agus é bheith, roimh an dílsiú san, á úsáid i ndáil leis an iascach san amháin.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Ceartanna iascaireachta slaite d'fheidhmiú.

88.—(1) I gcás iascach ionaistrithe in aon uisce bheidh ag rith tré thalamh a bheidh thimpeal ar thigh chomhnaithe no comhgarach dó do theacht chun bheith dílsithe san Aire agus gan na cearta iascaireachta slaite san uisce sin do bheith forcoimeádtha fé ordú um chearta iascaireachta slaite (forcoimeád) beidh duine ar bith bheidh i dteideal go dleathach iascaireacht a dhéanamh le slait agus ruaim ar an uisce sin agus fós a sheirbhísigh no a fhreastalaithe tuarastail i dteideal dul fan bruacha an uisce sin chun críche na hiascaireachta san no chun dul chun na hiascaireachta san no filleadh uaithi, ach ní chun aon chríche eile.

[EN]

(2) Ní thabharfaidh an t-alt so teideal do dhuine ar bith chun dul isteach in aon chlós no gáirdín fálta ná in aon fhoirgintí.

[EN]

Freagarthacht an Aire i ndamáiste tré chur-fé-uisce.

89.—Ní luighfidh aon éileamh i gcoinnibh an Aire de dheascaibh tailte do chur fé uisce ná de dheascaibh damáiste iarmartaigh eile thiocfaidh d'aon déanmhas (ar a n-áirmhítear cora agus muileann-damba do bhí ar dháta an dílsithe ina chuid d'iascach no in iascach do dílsíodh san Aire fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so) do leanúint de bheith ann marar chuir an tAire le haoirde an déanmhais sin no marar dhún sé na hoscailtí no na bearnain ann oiread nárbh fhéidir go dleathach iad do dhúnadh ar an dáta san.

[EN]

Forálacha i dtaobh iascach muileann-damba.

90.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon iascach muileann-damba dílseofar san Aire fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so, agus maidir leis an muileann-damba iascaireachta gur le cuid de deintear an t-iascach san, sé sin le rá:—

[EN]

(a) faid ná déanfaidh an tAire aon atharú, seachas deisiúchán éislinní ócáideacha sna coda san de dhéanmhas an damba san a bheidh riachtanach chun an iascaigh sin do dhéanamh, ní bheidh sé freagarthach in aon chuid de chostas cothabhála an mhuileann-damba;

[EN]

(b) beidh ceart ag aon duine údaruithe chun dul isteach gan cosc chun an iascaigh sin agus bainfidh an ceart san, más gá é, leis an muileann, leis an tigh comhachta, no leis an áitreabh eile bheidh in aice no i gceangal leis an muileann-damba san, ach má thairgeann únaer no sealbhaire an mhuilinn, an tighe chomhachta no an áitreibh sin saoráidí don Aire chun dul isteach ar shlí réasúnta eile glacfaidh an tAire leis na saoráidí sin in ionad an chirt sin chun dul isteach a céad-luaidhtear agus déanfaidh na hoibreacha is gá chun na saoráidí sin do dhéanamh éifeachtúil;

[EN]

(c) pé fallaí, fálta no déanmhais eile is dóich leis is gá chun an iascaigh sin do chosaint ar threaspás féadfaidh an tAire iad do chur dá dtógáil i pé suidheamh is mian leis, ach má bhacann aon fhallaí, fálta no déanmhais eile den tsórt san slí-isteach an únaera no an tsealbhaire chun an mhuileann-damba san cuirfidh an tAire ar fáil don únaer no don tsealbhaire sin na meáin is gá chun dul tríotha no thársta;

[EN]

(d) i gcás an mhuilinn, an tighe chomhachta no an áitreibh go mbeidh an muileann-damba san ceaptha chun freastal air do theacht chun bheith folamh no gan an t-uisce bheidh á choimeád ag an muileann-damba san do bheith á úsáid a thuilleadh chun crícheanna comhachta, i bpáirt no go hiomlán, leanfaidh an tAire, dá ainneoin sin, de bheith i dteideal an iascaigh sin d'úsáid agus bainfidh forálacha ailt 31 den Acht so (alt a bhaineann le dambaí tréigthe agus dambaí díomhaoine d'úsáid) leis an gcás.

[EN]

(2) Má bhacann duine ar bith aon duine údaruithe agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bheirtear don duine údaruithe sin leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine go n-údarás ón Aire chun na gcomhacht a bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so d'fheidhmiú.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire cionta fén alt so do chúiseamh.

[EN]

Srian le comhachta an Aire.

91.—Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a údarú don Aire—

[EN]

(a) go ndéanfadh no go dtógfadh ar thailte taoide (do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 (Uimh. 12 de 1933), gan toiliú an Aire Tionnscail agus Tráchtála no ar shlí eile seachas do réir téarmaí agus coinníollacha an toilithe sin, aon obair no déanmhas, seachas inneall seasmhach chun bradáin no bric no eascoin do ghabháil, do bhí ann go dlíthiúil no go raibh deimhniú ann ina thaobh bliain an Achta so do rith;

[EN]

(b) go dtógfadh aon fhoirgintí no déanmhais do chuirfeadh isteach ar thaithneamhachtaí áite comhnaithe no tailte áineasa duine dob únaer no sealbhaire iascaigh a dílseofar san Aire fé Chaibidil II den Chuid seo den Acht so, no go n-oibreodh sé an t-iascach san i slí a chuirfeadh isteach ar na taithneamhachtaí sin.

[EN]

Ceadúnaisí iascaireeachta in iascaigh dhílsithe bheidh á n-oibriú ag an Aire.

92.—Má bhíonn aon iascach dílsithe á oibriú ag an Aire fén gCuid seo den Acht so, is in ainm an Aire a tógfar amach aon cheadúnas d'inneall iascaireachta bheidh á úsáid san iascach san.

[EN]

An tAire do vótáil i dtoghacháin choimeádaithe.

93.—(1) Beidh comhacht ag an Aire mar shealbhóir ceadúnais vótáil i dtoghacháin choimeádaithe tré leas-vótálaí ar n-a cheapadh fé n-a láimh agus déanfar comhacht vótála an leasvótálaí sin d'áireamh ar leithligh i leith gach ceadúnais iascaigh fé leith a bheidh ar seilbh ag an Aire.

[EN]

(2) Ní gá stampa do bheith ar aon ionstruim le n-a gceapfar leas-vótálaí fén alt so.

[EN]

An tAire d'ainmniú coimeádaithe ex-officio.

94.—(1) Má thárlann, ar an dáta bhuailfidh bord coimeádaithe an rátá iascaigh d'aon bhliain iascaigh áirithe, go mbeidh luacháil chaoga punt ar a laighead ar aon iascach dílsithe bheidh i gceanntar iascaigh an bhúird sin féadfaidh an tAire duine amháin d'ainmniú mar ionadaí dhó chun bheith ina bhall ex officio den bhord san i leith an iascaigh sin go dtí go mbuailfidh an bord san an chéad ráta iascaigh eile.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) go ndéanfar dhá iascach dhílsithe no níos mó in aon cheanntar iascaigh amháin do dhílsiú san Aire an t-aon lá amháin, agus

[EN]

(b) go mbeidh na hiascaigh sin ar únaeracht no ar seilbh ag an aon duine amháin díreach roimh iad do dhílsiú amhlaidh,

[EN]

ansan is tuigthe, chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so, gur aon iascach amháin na hiascaigh sin agus gurb é is luach dó luach na n-iascach san le chéile.

[EN]

(3) I gcás aon iascach dílsithe do bheith curtha ar léas no do bheith ina iascach neamh-úsáidthe de thurus na huaire is tuigthe, chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) den alt so, gur náid is luach don iascach san.

[EN]

(4) Má bhíonn an tAire i dteideal, fé fho-alt (1) den alt so, baill ex-officio de dhá bhord choimeádaithe no níos mó d'ainmniú féadfa sé an t-éinne amháin d'ainmniú chun bheith ina bhall ex-officio de gach bord fé leith acu san.

[EN]

(5) Má bhíonn an tAire i dteideal, fé fho-alt (1) den alt so, dhá bhall ex-officio no níos mó de bhord choimeádaithe d'ainmniú féadfa sé gan ach duine amháin d'ainmniú agus, sa chás san, beidh ag an duine amháin sin agus beidh infheidhmithe aige, ag cruinnithe den bhord san, oiread vótanna agus a bheidh de bhaill ex-officio den bhord san a bheidh an tAire i dteideal de thurus na huaire d'ainmniú.

[EN]

(6) Duine ainmneoidh an tAire fén alt so chun bheith ina bhall ex-officio de bhord choimeádaithe beidh aige agus beidh infheidhmithe aige, mar bhall den tsórt san, gach ceart a bheirtear le halt 6 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, agus leis an Acht so do dhuine is ball ex-officio de bhord choimeádaithe.

[EN]

Iocaíochtaí ón Aire in ionad ráta iascaigh.

95.—(1) Ní bheidh aon ráta iascaigh iníoctha ag an Aire ar aon iascach dílsithe.

[EN]

(2) Ar an gcéad lá íocaíochta tar éis an dáta dílsiúcháin agus ón dáta san amach agus fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, suim leath-bhliantúil d'íoc, in ionad ráta iascaigh, i leith gach iascaigh dhílsithe fé leith in aon bhliain iascaigh le bord coimeádaithe an cheanntair iascaigh ina mbeidh an t-iascach san, suim is có-mhéid le leath an ráta iascaigh don bhliain iascaigh reatha do réir na luachála, fé dhlí na mbocht, a bheidh ann lá buailte an ráta iascaigh.

[EN]

(3) I gcás iascach dílsithe do bheith ina iascach neamhúsáidthe de thurus na huaire ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin tar éis tosach na céad bhliana iascaigh i ndiaidh an dáta a bhéarfaidh an tAire fógra don bhord choimeádaithe a mbeidh an t-iascach san ina gceanntar iascaigh go bhfuil sé chun staonadh ón iascach san d'úsáid.

[EN]

(4) Má scuireann an tAire d'iascach dílsithe d'oibriú agus go n-oibreoidh ina dhiaidh sin arís é féadfar íocaíocht in ionad ráta iascaigh do dhéanamh an chéad lá íocaíochta agus ón gcéad lá íocaíochta tar éis an dáta ar a n-oibreofar an t-iascach san arís.

[EN]

(5) Má chuireann an tAire iascach dílsithe ar léas fén gCuid so den Acht so ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh duine ar bith fé oblagáid ráta iascaigh d'íoc i leith an iascaigh sin.

[EN]

(6) Chun crícheanna an ailt seo is lá íocaíochta gach dáta acu so leanas i ngach bliain—

[EN]

(a) an 1adh lá d'Abrán;

[EN]

(b) an 1adh lá de Mheán Fhómhair.

CUID VI.

Foralacha Ilghneitheacha.

[EN]

Comhacht don Aire chun iascaigh do thógaint ar léas chun crícheanna taighdthe.

96.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach do thógaint ar léas chun crícheanna aon scéime taighdthe i dtaobh saol-stairc agus nós bradán no aon iasc fíor-uisce agus i dtaobh na gcoinníollacha eacnamaíochta bhaineann le hiascaigh d'fhorbairt o thaobh na tráchtála.

[EN]

(2) Na forálacha de Chaibidil V de Chuid V den Acht so bhaineann le hiascaigh d'oibriú bainfid le haon iascach a thógfaidh an tAire ar léas fén alt so.

[EN]

(3) Má bhíonn iascach is iascach ionaistrithe, do réir bhrí Coda V den Acht so, tógtha ar léas fén alt so de thurus na huaire, bainfidh forálacha Coda V den Acht so leis an iascach san d'ainneoin an léasa san.

[EN]

Scríbhinní do sheirbheáil.

97.—(1) I gcás inar gá no inar ceaduithe do réir na nAchtanna Iascaigh no an Achta so (le n-a n-áirmhítear fo-alt (2) den alt so) aon scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith díreofar an scríbhinn sin chun an duine sin agus seirbheálfar air í i slí éigin acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré n-a seachadadh don duine sin;

[EN]

(b) tré n-a fágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin;

[EN]

(c) tré n-a cur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag á ghnáth-áit chomhnaithe.

[EN]

Chun crícheanna an fho-ailt seo is tuigthe gurb í a n-oifig chláruithe is gnáth-áit chomhnaithe do chuideachtain a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gurb í a bpríomh-oifig no a bpríomh-áit ghnótha sa Stát is gnáth-áit chomhnaithe do gach cólucht corparuithe agus do gach cólucht neamh-ionchorparuithe.

[EN]

(2) I gcás inar gá no inar ceaduithe do réir na nAchtanna Iascaigh no an Achta so aon scríbhinn do sheirbheáil ar únaer iascaigh agus nach féidir teacht ar an únaer sin sa Stát no nach féidir ainm no seoladh an únaera san d'fháil amach tré fhiosrú réasúnta, is tuigthe an scríbhinn sin do sheirbheáil go cuibhe ar an únaer sin má seirbheáltar í ar shealbhaire an iascaigh sin.

Imeachta Dlí.

[EN]

Fuirm chiontuithe.

98.—Má chiontuíonn an Chúirt Dúithche duine i gcionta i gcoinnibh na nAchtanna Iascaigh no an Achta so, is sa bhfuirm a bheidh údaruithe de thurus na huaire le Rialacha na Cúirte Dúithche a bheidh an ciontú.

[EN]

Fuirm chaitheamhamach.

99.—Má dheineann an Chúirt Dúithche aon imeachta mar gheall ar chionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so do chaitheamh amach, is sa bhfoirm a bheidh údaruithe de thurus na huaire le Rialacha na Cúirte Dúithche a bheidh an caitheamh-amach.

[EN]

Athchomhairc i gcoinnibh na Cúirte Dúithche.

100.—(1) Má dheineann an Chúirt Dúithche aon imeachta mar gheall ar chionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so do chaitheamh amach, pe'ca do réir chearta na cúise no gan dochar do chearta na cúise é, féadfaidh an cúisitheoir athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe um chaitheamh-amach chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur ina Chuaird a bheidh an Tigh Cúirte ina ndearnadh an t-ordú san.

[EN]

(2) Más rud é, de bhuadh aon achtacháin (le n-a n-áirmhítear fo-alt (1) den alt so), go luighfidh ceart athchomhairc i gcoinnibh orduithe ón gCúirt Dúithche in aon imeachta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so chun Breithimh den Chúirt Chuarda, féadfaidh an Breitheamh san, ar éisteacht an athchomhaire sin, an t-ordú san d'atharú no do dhaingniú no d'iompódh agus ní bheidh dul thar breith an Bhreithimh sin ar an athchomharc san ná ní féadfar athchomharc do dhéanamh ina coinnibh.

[EN]

An tslí ina bhféadfar ciontaí do thriail.

101.—(1) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile, féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar bhall den Ghárda Síochána no ar aon oifigeach no fostaí do bhord coimeádaithe no ar éinne eile do dhéanamh gearáin de bhréithre béil no eile, aon chionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so d'éisteacht agus breith do thabhairt air ar shlí achmair.

[EN]

(2) Féadfar cionta fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so do thabhairt os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche agus féadfaidh seisean é d'éisteacht agus deighleáil leis is cuma cá gcomhnuíonn an duine adeirtear do rinne an cionta san no cá ndeirtear do rinneadh an cionta san.

[EN]

Cruthú ar fhodhlithe, etc.

102.—(1) Scríbhinn a bhéarfaidh le tuisgint í bheith ina cóip d'aon ionstruim i scríbhinn ar n-a déanamh no ar n-a tabhairt amach fé sna hAchtanna Iascaigh no fén Acht so, má bhíonn sí deimhnithe ag oifigeach don Aire bheith ina cóip dhílis den ionstruim sin beidh sí, in aon imeachta fé sna hAchtanna Iascaigh sin no fén Acht so, ina fianaise prima facie ar an ionstruim sin agus ní gá sighniú an duine dheimhneoidh an scríbhinn sin amhlaidh do chruthú ná a chruthú gur oifigeach don Aire é.

[EN]

(2) Ní déanfar éinní atá san alt so do léiriú mar ní theorannuíonn no dhocharuíonn oibriú ailt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925).

SCEIDEAL.

ACHTACHÁIN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

5 & 6 Vic., c. 106.

An Fisheries (Ireland) Act, 1842.

In Alt 78 na focail “if any person shall, between sunset and sunrise, have or use any light or fire of any kind, or any spear, gaff, stroke-haul, or other such instrument with intent to take salmon or other fish in or on the banks of any lake or river, or”; Ailt 80, 101 agus 102.

13 & 14 Vic., c. 88.

An Fisheries (Ireland) Act, 1850.

Ailt 40, 50, 51, 52 agus 53.

26 Vic., c. 10.

An Salmon Acts (Amendment) Act, 1863.

An tAcht iomlán.

33 & 34 Vic., c. 33.

An Salmon Acts (Amendment) Act, 1870.

An tAcht iomlán.

40 & 41 Vic., c. 65.

An Fisheries (Dynamite) Act, 1877.

An tAcht iomlán.

47 & 48 Vic., c. 48.

An Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884.

Alt 8; alt 9; in alt 10 na focail “that has been confirmed by the Lord Lieutenant”; in alt 15 na focail “and that same has been confirmed by the Lord Lieutenant”.

Uimh. 6 de 1924.

An tAcht Iascaigh, 1924.

Ailt 5 agus 6.

Uimh. 32 de 1925.

An tAcht Iascaigh, 1925.

Ailt 26 agus 35; fo-alt (1) d'Alt 37.

Uimh. 24 de 1934.

An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934.

Fo-alt (3) d'Alt 14.

Uimh. 33 de 1935.

An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1935.

An tAcht iomlán.

Uimh. 34 de 1937.

An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937.

An tAcht iomlán.