Uimhir 19 de 1955.
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL (LEASÚ), 1955.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 (Uimh. 26 de 1946);
tá le “údarás áitiúil” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1946.
Réim maidir le daoine eile a thabhairt do Chuid VI d'Acht 1946.
2.—(1) I gCuid VI d'Acht 1946 folóidh “oibrí” aon duine arb é atá ann—
(a) seirbhíseach d'údarás áitiúil,
(b) seirbhíseach do choiste gairm-oideachais,
(c) seirbhíseach do choiste talmhaíochta,
(d) cigire sláinte,
(e) altra ar fostú ag údarás ospidéil mheabhair-ghalar do réir bhrí an Achta Chóireála Mheabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945),
(f) oifigeach d'údarás cúnaimh phoiblí a mbaineann a dhualgais go formhór le cúnamh teaghlaigh do réir bhrí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939).
(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú brí “oibrí” i gCuid VI d'Acht 1946 a leathnú ionas go bhfolóidh sé aon aicme shonraithe oifigigh d'údarás áitiúil agus féadfaidh, le hordú, aon ordú den tsórt sin a chúlghairm.
Orduithe a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.
3.—Gach ordú a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gach dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail (Leasú), 1955, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Caidrimh Thionscail, 1946 agus 1955, a ghairm d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile.