[EN]

Uimhir 19 de 1957.


[EN]

AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1953. [18 Iúil, 1957.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1957, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Arm-Phinsean, 1923 go 1957, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 (Uimh. 12 de 1927);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 (Uimh. 24 de 1932);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1937” an tAcht Arm-Phinsean, 1937 (Uimh. 15 de 1937);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Arm-Phinsean, 1941 (Uimh. 2 de 1941);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943 (Uimh. 14 de 1943);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Arm-Phinsean, 1946 (Uimh. 3 de 1946);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1949” an tAcht Arm-Phinsean, 1949 (Uimh. 19 de 1949);

[EN]

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953 (Uimh. 23 de 1953);

[EN]

ciallaíonn “na hAchta” na hAchta Arm-Phinsean, 1923 go 1953, ach ní fholaíonn sé an tAcht seo;

[EN]

ciallaíonn “an tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924” an tréimhse dár thosach an lú lá d'Aibreán, 1922, agus dár chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1924;

[EN]

ciallaíonn “pinsean míchumais” pinsean créachta nó míthreora faoi na hAchta, agus folaíonn sé aon phínsean breise faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 agus pinsean pósta;

[EN]

ciallaíonn “pinsean Óglaigh na hÉireann” páigh scoir nó pinsean faoi aon scéim a rinneadh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é) faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 go 1949, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán forléireofar iad mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

CUID II.

Méaduithe ar Phinsin, Liúntais agus Aiscí faoi na hAchta.

[EN]

An tsuim iomchuí.

3.—(1) Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn “an tsuim iomchuí” maidir le pinsean—

[EN]

(a) mura mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, cúig déag faoin gcéad de mhéid an phinsin,

[EN]

(b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £15 sa bhliain,

[EN]

(c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, dó dhéag faoin gcéad de mhéid an phinsin,

[EN]

(d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £18 sa bhliain,

[EN]

(e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £300 sa bhliain méid an phinsin, naoi faoin gcéad de mhéid an phinsin,

[EN]

(f) más mó ná £300 sa bhliain ach nach mó ná £450 sa bhliain méid an phinsin, £27 sa bhliain.

[EN]

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, is é méid a bheas i bpinsean ná méid an phinsin iomláin, pé acu atá an pinsean i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach nó nach bhfuil sé i gcúrsa a íoctha ar chor ar bith.

[EN]

(3) San alt seo ní fholaíonn “pinsean” pinsean breise faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 ná pinsean pósta.

[EN]

Méadú ar phinsin chréachta agus ar aiscí faoi alt 1 d'Acht 1923.

4.—(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis agus roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, is é méid a bheas ann, in ionad méide arna ríomh do réir fo-ailt (2) d'alt 14 d'Acht 1953, pé méid acu seo a leanas is lú—

[EN]

(a) an méid is iníoctha leis an oifigeach sin faoi fho-alt (2) d'alt sin 14, móide an tsuim iomchuí,

[EN]

(b) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchta dá mba ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é, agus dá mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas leis an bhfo-alt seo.

[EN]

TAIBLE I

[EN]

Oifigeach dob oifigeach pósta do réir bhrí Rialachán Óglaigh na hÉireann do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin

(1)

(2)

faoin gcéad

 

100

48 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

90

43 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

80

39 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

70

34 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

60

29 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

50

24 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

40

19 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

30

14 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

20

10 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

[EN]

TAIBLE II

[EN]

Oifigeach nárbh oifigeach pósta do réir bhrí Rialachán Óglaigh na hÉireann do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin

(1)

(2)

faoin gcéad

 

100

55 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

90

50 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

80

44 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

70

39 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

60

33 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

50

28 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

40

22 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

30

17 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

20

11 faoin gcéad den pháigh bhliantúil ar dháta a urscaoilte.

[EN]

(3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(4) Déantar leis seo alt 1 d'Acht 1923 a leasú trí “£175” a chur in ionad “£100” agus “£105” a chur in ionad “£60,” i bhfo-alt (3), agus is dá réir sin a bheas éifeacht ag alt 3 d'Acht 1923 (a mhéid a bhaineas sé le haisce a dheonadh).

[EN]

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 3 d'Acht 1923.

5.—(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim oifigigh sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim shaighdiúra sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1923.

6.—(1) Sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1923 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe oifigeach éagtha áirithe) —

[EN]

(a) i mír 1, cuirfear “£151” in ionad “£90” agus “£188” in ionad “£120”,

[EN]

(b) i mír 2 agus i mír 3, cuirfear “£41 10s.” in ionad “£36” agus “£69” in ionad “£60”,

[EN]

(c) i mír 4, cuirfear “£60” in ionad “£35”, agus

[EN]

(d) i mír 5, cuirfear “£1 14s. 6d.” in ionad “£1 10s”.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo alt 4 den Acht Arm-Phinsean (Méadú), 1949 (Uimh. 28 de 1949).

[EN]

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1923.

7.—Sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1923 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe saighdiúirí éagtha áirithe) —

[EN]

(a) i mír 1, cuirfear “£1 10s. 3d.” in ionad “£1 6s. 3d.” agus “£78 10s.” in ionad “£45 10s. 0d.”,

[EN]

(b) i mír 2, cuirfear “8s. 9d.”, “6s.” agus “14s. 9d.” in ionad “5s.”, “3s. 6d.” agus “8s. 6d.”, faoi seach,

[EN]

(c) i mír 3, cuirfear “£60” in ionad “£35”, agus

[EN]

(d) i mír 4, cuirfear “£1 6s.” in ionad “£1 2s. 6d.”.

[EN]

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 9 d'Acht 1927.

8.—(1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a gabhas leis an Acht seo ag uimhiar thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 10 d'Acht 1927.

9.—(1) Déanfar méid pinsin mhítheora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, a chinneadh do réir na bhfórál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seibhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán 1922-Meán Fómhair, 1924, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás.

[EN]

(3) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

Méadú ar phinsin chréachta agus aiscí faoi alt 11 d'Acht 1927.

10.—(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 11 d'Acht 1927 trí “céad agus seachtó cúig puint” a chur in ionad “céad punt” agus “céad agus cúig puint” a chur in ionad “trí fichid punt.”

[EN]

Méadú ar phinsin chréachta agus aiscí airithe faoi alt 12 d'Acht 1927.

11.—(1) Déanfar méid pinsin chréachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, a chinneadh do réir na bhforál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse seachas tréimhse na héigeandála, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás.

[EN]

(3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na Achta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 12 d'Acht 1927—

[EN]

(i) trí “céad agus dá fhichead punt” a chur in ionad “ceithre fichid punt” agus “ocht bpuint agus cúig scillinge déag” a chur in ionad “ráta cúig bpunt” i mír (a),

[EN]

(ii) trí “seachtó punt” a chur in ionad “dachad punt” agus “ceithre puint seacht scillinge agus sé pingne” a chur in ionad “ráta dhá phunt agus deich scillinge” i mír (b).

[EN]

(5) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1949 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Coda II (a shonraíos méid an phinsin chréachta is iníoctha le saighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí an 30ú lá d'Iúil. 1949, nó dá éis):

[EN]

“CUID II.

[EN]

Pinsin Chréachta—Saighdiúirí.

An Grád Míchumais

Ráta an Phinsin sa tseachtain

faoin gcéad

£

s.

 d.

100

3

8

0

90

3

3

6

80

2

16

6

70

2

9

9

60

2

3

6

50

1

16

3

40

1

9

0

30

1

1

9

20

 

14

6

[EN]

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 13 d'Acht 1927.

12.—(1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh go mb'oifigeach é, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis agus roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, is é méid a bheas ann, in ionad méide arna ríomh dá réir fo-ailt (2) d'alt 23 d'Acht 1953, pé méid acu seo a leanas is lú—

[EN]

(a) an méid is iníoctha leis an oifigeach sin faoi fho-alt (2) den alt sin 23, móide an tsuim iomchuí,

[EN]

(b) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchta dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo.

[EN]

(3) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do duine ar cinneadh go mba shaighdiúir é, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(4) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás.

[EN]

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

13.—Sa Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí)—

[EN]

(a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£151” agus “£188” in ionad “£135” agus “£ 120”, faoi seach,

[EN]

(b) i míreanna 2 agus 3 de Chuid I, cuirfear “£41 10s.” agus “£69” in ionad “£24” agus “£40”, faoi seach,

[EN]

(c) i mír 4 de Chuid I, cuirfear “£60” in ionad “£35”,

[EN]

(d) i mír 1 de Chuid II, cuirfear “£1 10s. 3d.” agus “£78 10s.” in ionad “£ 1 6s. 3d.” agus “£45 10s.”,

[EN]

(e) i mír 2 de Chuid II, cuirfear “8s. 9d.”, “6s.” agus “14s. 9d.” in ionad “5s.”, “3s. 6d.” agus “8s. 6d.”, faoi seach, agus

[EN]

(f) i mír 3 de Chuid II, cuirfear “£60” in ionad “£35”.

[EN]

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

14.—(1) Cuirfear na Coda seo a leanas in ionad Coda I agus Coda II den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí):

[EN]

“Liúntais do Chleithiúnaithe.

[EN]

CUID I.

[EN]

Oifigigh.

1. Baintreach dhara lefteanaint, lefteanaint nó chaptaein     ...     ...     ...

£103 10s. sa bhliain le linn baintreachais.

 Baintreach mhaoir, lefteanantchornail nó cheannfoirt     ...     ...

£151 sa bhliain le linn baintreachais.

 Baintreach chornail nó oifigigh ar chéim níos airde     ...     ...     ...

 £188 sa bhliain le linn baintreachais.

2. Baintreach oifigigh (aon chéim)

£188 d'aisce ar an gcéad athphósadh.

3. Leanaí atá, i gcás chlann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus, i gcás clann iníon, gan pósadh agus faoi bhun 21 bliain d'aois     ...     ...

(a) le beo na máthar, £31 sa bhliain do gach leanbh.

(b) tar éis báis na máthar £57 10s. sa bhliain do gach leanbh.

4. Leanaí os cionn 11 bhliain d'aois agus faoi bhun 18 mbliana d'aois     ...

Aisíoc na suime a cruthófar a caitheadh iarbhír, go riachtanach agus go cuí, ar tháill oideachais ach gan dul thar £60 in aon bhliain chaileandair i leith aon linbh áirithe. Is liúntas é seo i dteannta an liúntais a luaitear i mír 3.

[EN]

CUID II.

[EN]

Saighdiútrí.

1. Baintreach     ...     ...     ...     ...

21s. 6d. sa tseachtain le linn baintreachais.

2. Baintreach     ...     ...     ...     ...

£86 d'aisce ar an gcéad athphósadh.

3. Leanaí atá, i gcás clann mhac, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus, i gcás clann iníon, gan pósadh agus faoi bhun 18 mbliana d'aois     ...     ...     ...

(a) le beo na máthar, 8s. sa tseachtain do gach leanbh.

(b) tar éis báis na máthar, 16s. sa tseachtain do gach leanbh.

4. Leanaí os cionn 11 bhliain d'aois agus faoi bhun 18 mbliana d'aois  ...     ...

Aisíoc na suime a cruthófar a caitheadh iarbhír, go riachtanach agus go cuí, ar tháillí oideachais ach gan dul thar £60 in aon bhliain chaileandair i leith aon linbh áirithe. Is liúntas é seo i dteannta an liúntais a luaitear i mír 3.”

[EN]

(2) Measfar gur tagairt do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid I agus do mhíreanna 1 agus 3 den Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo an tagairt in alt 25 d'Acht 1953 do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid I agus do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927.

[EN]

(3) Déanfar Cuid III den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943) d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£90” agus “£180” i mír 6 in ionad “£78” agus “£112 10s.”, faoi seach.

[EN]

(4) Déanfar Cuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943) d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£45” agus “£180” i mír 6 in ionad “£39” agus “£112 10s.”, faoi seach.

[EN]

Méadú ar phinsin chréachta, mhíthreora agus phósta agus ar aiscí faoi alt 10 d'Acht 1932.

15.—(1) Aon phinsean créachta nó pinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1932 trí “céad agus tríocha punt” a chur in ionad “cúig puint sheachtód”.

[EN]

(3) Aon phinsean pósta a deonadh faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (5) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha.

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932.

16.—Sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 (a shonraíos liúntais agus aiscí d'aicmí áirithe daoine) -

[EN]

(a) i mír l i gCuid I, cuirfear “£116” agus “£150” in ionad “£101 5s. 0d.” agus “£90”, faoi seach,

[EN]

(b) i míreanna 2 agus 3 i gCuid I, cuirfear “£31” agus “£52” in ionad “£27” agus “£45”, faoi seach,

[EN]

(c) i mír 5 i gCuid II, cuirfear “26s.” in ionad “22s. 6d.”.

[EN]

Leasú ar alt 19 d'Acht 1937.

17.—Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1937 (a dhéanas foráil le haghaidh aiscí do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha d'eagrais áirithe) trí “de chéad agus ochtó punt” a chur in ionad “de chéad agus dhá phunt déag agus deich scillinge”, i bhfo-alt (3).

[EN]

Méadú ar phinsin faoi alt 26 d'Acht 1937.

18.—(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir punt dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain, is do réir punt agus sé scillinge sa tseachtain a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain, is do réir punt agus ceithre scillinge déag agus sé pingne sa tseachtain a bheas sé iníoctha.

[EN]

Méadú ar phinsin faoi ailt 28 agus 29 d'Acht 1937.

19.—Beidh éifeacht ag alt 28 agus ag alt 29 d'Acht 1937 (a dhéanas foráil le haghaidh pinsean do shean-chomhaltaí de na fórsaí agus do chomhaltaí d'eagrais áirithe i leith créacht nó galar a forthromaíodh de bharr seirbhíse) amhail is dá gcuirtí an Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad an Sceidil a ghabhas leis an Acht sin.

[EN]

Méadú ar liúntais chleithiúnaithe faoi alt 37 d'Acht 1937.

20.—I bhfo-alt (2) agus i mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 37 d'Acht 1937 (a dhéanas foráil le haghaidh liúntas do ghaolta áirithe chomhaltaí éagtha d'eagrais áirithe) cuirfear na focail “seasca a naoi puint” in ionad na bhfocal “seasca punt”.

[EN]

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1941.

21.—(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir punt dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain, is do réir punt agus sé scillinge sa tseachtain a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain is do réir punt agus ceithre scillinge déag agus sé pingne sa tseachtain a bheas sé iníoctha.

[EN]

Méadú ar phinsin faoi alt 4 d'Acht 1943.

22.—Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil a ghabhas le halt 4 d'Acht 1943 (a leathnaíos forála áirithe d'Acht 1927 ionas go mbainid le comhaltaí Sheirbhíse Altranais an Airm):

[EN]

“AN SCEIDEAL.

[EN]

Scála Pinsean Míthreora agus Pinsean Créachta do Chomhaltaí Sheirbhíse Altranais an Airm.

An Grád Míchumais

Scála an phinsin

 

 

£

s.

d.

100

faoin gcéad

178

0

0

90

     ,,      ,,  

166

10

0

80

     ,,      ,,  

148

0

0

70

     ,,      ,,  

130

10

0

60

     ,,      ,,  

114

0

0

50

     ,,      ,,  

95

0

0

40

     ,,      ,,  

76

0

0

30

     ,,      ,,  

57

0

0

20

     ,,      ,,  

38

0

0

[EN]

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1943.

23.—(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir punt agus dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain, is do réir punt agus sé scillinge sa tseachtain a bheas sé iníoctha.

[EN]

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain, is do réir punt ceithre scillinge déag agus sé pingne sa tseachtain a bheas sé iníoctha.

[EN]

Méadú ar phinsin faoi alt 12 d'Acht 1946.

24.—Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1946 (a dhéanas foráil le haghaidh pinsean i leith eitinne a forthromaíodh de bharr seirbhíse i rith na tréimhse éigeandála) amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht sin:

[EN]

“AN DARA SCEIDEAL.

[EN]

Rátaí Pinsean faoi Alt 12 den Acht seo.

An Grád Míchumais

Pinsin

(1)

(2)

100

 faoin gcéad

£168

 sa bhliain

90

    ,,     ,,  

£151

   ,,   ,,  

80

    ,,     ,,  

£135

   ,,   ,,  

[EN]

Leasú ar alt 16 d'Acht 1953.

25.—Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1953 (a dhéanas foráil le haghaidh méaduithe ar phinsin bhreise faoi ailt 2 agus 3 d'Acht 1923) trí “cúig tríochad faoin gcéad” a chur in ionad “cúig fichead faoin gcéad.”

[EN]

Leasú ar alt 24 d'Acht 1953.

26.—Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1953 (a dhéanas foráil le haghaidh méaduithe ar phinsin phósta faoi ailt 9 go 13 d'Acht 1927 agus faoi alt 5 d'Acht 1946) trí “cúig tríochad faoin gcéad” a chur in ionad “cúig fichead faoin gcéad”.

[EN]

Srian le pinsean a mhéadú.

27.—Más rud é—

[EN]

(a) go bhfuil pinsean míchumais á fháil ag duine, agus

[EN]

(b) go bhfuil pinsean Óglaigh na hÉireann á fháil freisin ag an duine sin, agus

[EN]

(c) gur £450 sa bhliain nó faoina bhun sin comhshuim—

[EN]

(i) an phinsin mhíchumais, agus

[EN]

(ii) glan-mhéid an phinsin Óglaigh na hÉireann,

[EN]

agus go mba mhó ná £477 sa bhliain an chomhshuim sin, dá méadaítí an pinsean míchumais faoi na forála sin roimhe seo den Acht seo,

[EN]

ansin, ní déanfar an pinsean míchumais a mhéadú ach de mhéid a bhéarfas comhshuim an phinsin mhíchumais agus glan-mhéid an phinsin Óglaigh na hÉireann suas go dtí £477 sa bhliain.

[EN]

Gan feidhm a bheith ag na forála sin roimhe seo den Chuid seo.

28.—Ní bheidh feidhm ag na forála sin roimhe seo den Chuid seo maidir le haon phinsean míchumais is iníoctha le duine a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, ar mó ná £450 sa bhliain a mhéid leis féin nó ar é a chomhshuimiú le pinsean Óglaigh na hÉireann.

[EN]

Pinsin mhíchumais áirithe a mhéadú.

29.—I gcás duine a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, agus atá ag fáil pinsin mhíchumais ar mó ná £450 sa bhliain a mhéid leis féin nó ar é a chomhshuimiú le haon phinsean Óglaigh na hÉireann is iníoctha leis an duine sin, ansin, méadófar an pinsean míchumais go dtí pé méid acu seo a leanas is lú—

[EN]

(a) méid an phinsin mhíchumais ar é a mhéadú 6 faoin gcéad,

[EN]

(b) méid an phinsin mhíchumais dob iníoctha leis an duine sin dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo.

[EN]

Tosach feidhme na Coda seo.

30.—Measfar go dtáinig an Chuid seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus beidh éifeacht ón dáta sin ag an méadú ar phinsin (lena n-áirítear pinsin bhreise agus pinsin phósta) agus ar liúntais agus ar aiscí dá bhforáltar leis an gCuid seo.

CUID III.

Na hAchta a Leasú.

[EN]

Leasú ar Acht 1923.

31.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1923 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad ailt 9:

Údarás chun pinsin etc., a dheonadh.

“9.—Is é an tAire an t-údarás maidir le gach pinsean, liúntas agus aisce a dheonadh faoin Acht seo.”

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo alt 46 d'Acht 1953.

[EN]

Athrú ar scálaí pinsean créachta i gcás oifigigh a hurscaoilfear tar éis an tAcht seo a rith.

32.—I gcás oifigigh a hurscaoilfear as na fórsaí ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis agus é i dteideal, ar é d'urscaoileadh amhlaidh, pinsean créachta d'fháil faoi Acht 1923, beidh feidhm ag an Acht sin maidir leis amhail is dá gcuirtí na scálaí pinsean atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo in ionad na scálaí pinsean atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin.

[EN]

Forála maidir le daoine cáilithe agus le liúntais speisialta d'íoc.

33.—(1) Más duine cáilithe chun críocha ailt 7 d'Acht 1943 duine toisc—

[EN]

(a) gur duine é ba chomhalta d'eagras lena mbaineann Cuid II d'Acht 1932, agus

[EN]

(b) gur deonadh bonn dó i leith comhlachais leanúnaigh i rith na tréimhse trí mhí dar chríoch an 11ú lá d'Iúil, 1921, agus gur deimhin leis an Aire gur go cuí a dámhadh é,

[EN]

agus go scoirfidh an tAire de bheith deimhnitheach de gur go cuí a dámhadh an bonn, ansin scoirfidh an duine sin de bheith ina dhuine cáilithe chun críocha ailt sin 7 d'Acht 1943 agus, má bhíonn liúntas speisialta á íoc leis, féadfaidh an tAire a íoc a stop.

[EN]

(2) Má scoireann duine, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, de bheith ina dhuine cáilithe chun críocha ailt 7 d'Acht 1943 agus go dtiocfaidh an tAire dá éis sin chun bheith deimhnitheach de gur go cuí a dámhadh don duine sin an bonn dá dtagartar i mír (b) den fho-alt sin (1), tiocfaidh an duine sin chun bheith ina dhuine cáilithe chun na gcríoch sin agus oibreoidh alt 7 d'Acht 1943 arís chun go bhféadfar liúntas speisialta a dheonadh dhó amhail ó pé dáta, nach luaithe ná an dáta a ndearnadh íoc an liúntais a stop faoi fho-alt (1) den alt seo, a chinnfeas an tAire.

[EN]

(3) Measfar go dtáinig an t-alt seo i ngníomh ar dháta Achta 1946 a rith.

[EN]

Athbhreithniú iarratas dar diúltaíodh faoi alt 4 d'Acht 1953.

34.—Má diúltaíodh nó má diúltaítear, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, d'iarratas ar liúntas faoi mhír (c) nó mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1953 de bhrí nach ceart, dar leis an Aire Airgeadais, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, an t-iarratasóir d'áireamh mar chleithiúnaí ar an duine éagtha ar ina leith a rinneadh an t-iarratas, féadfaidh an tAire ó am go ham an t-iarratas d'athbhreithniú ar an iarratasóir á iarraidh sin agus oibreoidh an t-alt sin 4 d'Acht 1953 maidir le gach iarraidh den tsórt sin amhail is dá mb'é an t-iarratas bunaidh é.

[EN]

Leasú ar Chuid II d'Acht 1953.

35.—(1) I gcás—

[EN]

(a) a ndearna gaol do dhuine éagtha lena mbaineann Cuid II d'Acht 1953 (dá ngairmtear an duine éagtha sin san alt seo) iarratas go cuí ar liúntas faoin gCuid sin den Acht sin, agus

[EN]

(b) go n-éagfaidh an t-iarratasóir sara mbeidh breith tugtha ar an iarratas, agus

[EN]

(c) go mbeidh an t-am chun an t-iarratas sin a dhéanamh caite,

[EN]

ansin, d'ainneoin ailt 6 d'Acht 1953, féadfar, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis bháis an iarratasóra éagtha nó dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith, pé acu is déanaí, glacadh le hiarratas ó ghaol eile leis an duine éagtha sin (is gaol dá dtagartar in alt 4 den Acht sin) á iarraidh go ndeonfaí liúntas faoin gCuid sin II.

[EN]

(2) Aon liúntas faoi Chuid II d'Acht 1953 a deonfar de bhun iarratais a déanfar de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, tosnóidh sé, d'ainneoin ailt 7 den Acht sin, ar pé dáta a chinnfeas an tAire, ach ní bheidh an dáta sin níos luaithe ná dáta Achta 1953 a rith.

[EN]

Leasú ar alt 41 d'Acht 1953.

36.—Maidir leis an tagairt i bhfo-mhír (iv) de mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 41 d'Acht 1953 d'iarratas a déanfaí lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta sin a rith forléireofar í mar thagairt d'iarratas arna dhéanamh lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta seo a rith.

[EN]

Aiscí do ghaolta le daoine éagtha áirithe.

37.—(1) Má gheibheann duine a bhí ag fáil pinsin nó liúntais (lena n-áirítear liúntas speisialta) faoi na hAchta bás tar éis an dámhachtain deiridh d'fhorceannadh agus sara ndearnadh dámhachtain nua agus go ndéanfaí dámhachtain nua mura mbeadh bás an duine sin, ansin, féadfaidh an tAire aisce d'íoc i leith an duine sin is comhionann le méid an phinsin nó an liúntais a bheadh, ar bhás an duine sin, faibhrithe chun bheith dlite de bhun na dámhachtana nua.

[EN]

(2) I gcás ina bhféadfar aisce i leith aon duine áirithe d'íoc faoi fho-alt (1) den alt seo, íocfar an aisce sin (má deontar í)—

[EN]

(a) mura bhfága an duine sin ach gaol amháin, leis an ngaol sin,

[EN]

(b) má fhágann an duine sin beirt ghaolta nó níos mó, leis an duine sin nó leis na daoine sin, agus na daoine nó an duine eile d'eisiamh, de na gaolta sin a cheapfas an tAire, agus má feidhmítear an chumhacht sin i bhfábhar níos mó ná duine acu, i pé scaireanna a cheapfas an tAire.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, is gaol do dhuine éagtha gach duine acu seo a leanas, agus ní gaol dó aon duine eile—

[EN]

(a) a bhaintreach,

[EN]

(b) a mhac,

[EN]

(c) a iníon,

[EN]

(d) a mháthair,

[EN]

(e) a athair,

[EN]

(f) a dheartháir,

[EN]

(g) a dheirfiúr.

[EN]

(4) Athghairmtear leis seo alt 12 d'Acht 1949 agus alt 44 d'Acht 1953.

[EN]

(5) Measfar go dtáinig na fo-ailt roimhe seo den alt seo i ngníomh an lú lá de Shamhain, 1955, agus beidh éifeacht acu ar an lá sin agus ón lá sin amach.

[EN]

E bheith d'oblagáid nithe áirithe a tharlós a chur in iúl don Aire.

38.—(1) Má tharlaíonn, i gcás aon duine atá ag fáil liúntais speisialta agus a pósadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, go bhfaighidh céile an duine sin nó leanbh leis an duine sin bás, ansin, déanfaidh an duine sin nó bhéarfaidh go ndéanfar, laistigh de mhí tar éis sin a tharlachtaint, é a chur in iúl i scríbhinn don Aire.

[EN]

(2) Má mhainníonn duine fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

(3) Má mhainníonn duine fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh agus, dá dheasca sin, go mbeifear tar éis airgead nach raibh teideal aige chuige d'íoc leis mar liúntas speisialta, dlífidh an duine sin nó, má bhíonn sé tar éis bháis, dlífidh a ionadaí pearsanta an t-airgead sin d'aisíoc leis an Aire nuair a héileofar sin.

[EN]

(4) Má mhainníonn duine fo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, beidh méid aon airgid a híocadh leis mar liúntas speisialta i leith a chéile nó a linbh, pé acu é, in aghaidh tréimhse tar éis don chéile nó don leanbh sin bás d'fháil ina fhiach a bheas dlite ón duine sin don Aire agus féadfaidh an tAire é d'aisghabháil mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla nó trína asbhaint as aon airgead is iníoctha faoi na hAchta nó dá mbuaidh leis an duine sin nó ina leith.

[EN]

(5) d'ainneoin aon ní in alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar cion faoin alt seo a chúiseamh laistigh de shé mhí tar éis an dáta a chuir an tAire eolas ar fhianaise a bhéarfadh bonn don chúiseamh agus is deimhniú críochnaitheach chun críocha an ailt seo a bheas i ndeimhniú faoi láimh an Aire ag deimhniú an dáta a chuir sé eolas ar fhianaise a bhéarfadh bonn don chúiseamh sin.

[EN]

(6) San alt seo tá le “leanbh” an bhrí atá leis in alt 7 d'Acht 1943.

[EN]

(7) Athghairmtear leis seo alt 43 d'Acht 1953.

[EN]

Leasuithe ilghnéitheacha ar na hAchta.

39.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Seachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú mar taispeántar sa tríú colún den Sceideal sin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Rátaí méadaithe—

(a) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigigh a hurscaoileadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924,

(b) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim oifigeach,

(c) na bpinsean míthreora a deonadh faoi alt 9 d'Acht 1927 d'oifigigh,

(d) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 11 d'Acht 1927 d'oifigigh,

(e) na bpinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 d'oifigigh a hurscaoileadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924,

(f) na bpinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim oifigeach.

Uimh. Thag.

Ráta an phinsin in aghaidh na bliana faoi láthair

Ráta méadaithe an phinsin in aghaidh na bliana

(1)

(2)

(3)

1

£260

£283

10s.

2

£250

£272

10s.

3

£240

£261

10s.

4

£230

£250

10s.

5

£220

£240

6

£210

£229

7

£196

£214

8

£182

£200

9

£170

£188

10

£160

£178

11

£150

£168

12

£135

£151

13

£120

£135

14

£105

£120

15

£90

£103

10s.

16

£75

£86

10s.

17

£60

£69

 

AN DARA SCEIDEAL.

Rátaí méadaithe—

(a) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúirí,

(b) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim shaighdiúirí,

(c) na bpinsean míthreora a deonadh faoi alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúirí,

(d) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúirí i leith míchumais de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála,

(e) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúirí,

(f) na bpinsean créachta a deonadh faoi alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, i leith míchúmais de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála,

(g) na bpinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924,

(h) na bpinsean míthreora a deonadh faoi alt 13 d'Acht 1927 do dhaoine a meastar a bheith ar chéim shaighdiúirí.

Uimh. Thag.

Ráta an phinsin in aghaidh na seachtaine faoi láthair

Ráta méadaithe an phinsin in aghaidh na seachtaine

(1)

(2)

(3)

 

£

s.

 d.

£

s.

d.

1

3

1

2

3

8

0

2

2

19

0

3

6

0

3

2

16

8

3

3

6

4

2

13

6

3

0

0

5

2

10

5

2

16

6

6

2

7

3

2

13

0

7

2

4

0

2

9

9

8

2

0

11

2

6

9

9

1

17

9

2

3

6

10

1

14

8

1

19

9

11

1

11

6

1

16

3

12

1

8

3

1

12

6

13

1

5

2

1

9

0

14

1

2

0

1

5

3

15

 

18

11

1

1

9

16

 

15

9

 

18

0

17

 

12

6

 

14

6

AN TRIU SCEIDEAL.

Rátaí Méadaithe na bPinsean a deonadh d'Oifigigh faoi Ailt 10 agus 12 d'Acht, 1927.

1. (1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924, is é méid a bheas ann, in ionad méide arna ríomh do réir fo-mhíre (1) de mhír 1 den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953, pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid is iníoctha leis an oifigeach sin faoi fho-mhír (1) den mhír sin 1, móide an tsuim iomchuí;

(b) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchta dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo.

(2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála, is é méid a bheas ann, in ionad méide arna ríomh do réir fo-mhíre (2) de mhír 1 den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953, pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi fho-mhír (2) den mhír sin 1, móide an tsuim iomchuí;

(b) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchta dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo.

2. Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, is é méid a bheas ann, in ionad méide arna ríomh do réir míre 2 den Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953, pé méid acu seo a leanas is lú—

(a) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoin mír sin 2, móide an tsuim iomchuí,

(b) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchta dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo.

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Scála athscrúdaithe na bpinsean a deonadh—

(a) faoi alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúirí ar a raibh míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse i rith na tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924,

(b) faoi alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh míchumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse (seachas seirbhís i rith tréimhse na héigeandála),

(c) faoi alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúirí a hurscaoileadh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis.

An Chéim tráth an Urscaoilte as na Fórsaí

Grúpa

Ráta pinsin in aghaidh na seachtaine do réir an ghráid mhíchumais

100%

95%

90%

85%

80%

75%

70%

65%

60%

55%

50%

45%

40%

35%

30%

25%

20%

 

 

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Saighdiúir Singil

...

...

I

44

9

42

9

40

6

38

3

36

0

33

9

31

3

29

3

27

0

24

9

22

6

20

3

18

0

15

9

13

6

11

3

9

0

Ceannaire

...

...

...

II

50

9

48

6

46

3

44

0

41

6

38

9

36

3

33

9

31

0

28

6

26

0

23

3

20

9

18

0

15

6

13

0

10

3

Sáirsint

Ceathrú-Sháirsint

Complachta

...

...

III

57

0

64

3

51

9

49

0

46

6

44

0

41

0

38

3

35

3

32

3

29

3

26

3

23

6

20

6

17

6

14

9

11

9

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Sáirsint Complachta

Ceathrú-Sháirsint

Cathláin

...

...

IV

63

9

60

9

57

6

54

3

51

6

48

6

45

9

42

9

39

6

36

3

32

9

29

6

26

3

23

0

19

9

16

6

13

3

Maor-Sháirsint

...

...

...

V

68

0

66

0

63

6

60

0

56

6

53

0

49

9

46

9

43

6

39

9

36

3

32

6

29

0

25

3

21

9

18

0

14

6

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Méadú ar na Pinsin Chréachta agus Mhíthreora a Deonadh faoi alt 10 d'Acht 1932.

Uimh. Thag.

Ráta an Phinsin in aghaidh na Bliana faoi láthair

Ráta an Phinsin Phósta in aghaidh na Seachtaine faoi láthair

Ráta Méadaithe an Phinsin in aghaidh na Bliana

Ráta Méadaithe an Phinsin Phósta in aghaidh na Seachtaine

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

 

£

s.

d.

s.

d.

£

s.

d.

s.

d.

1

210

0

0

14

1

229

0

0

15

3

2

199

10

0

13

3

217

10

0

14

3

3

189

0

0

12

6

207

0

0

13

6

4

178

10

0

11

11

196

10

0

12

9

5

170

0

0

11

3

188

0

0

12

0

6

162

10

0

10

5

180

10

0

11

3

7

155

0

0

9

8

173

0

0

10

6

8

146

5

0

9

1

164

0

0

9

9

9

135

0

0

8

5

151

0

0

9

0

10

123

15

0

7

7

139

0

0

8

3

11

112

10

0

6

11

127

10

0

7

6

12

101

5

0

6

3

116

10

0

6

9

13

90

0

0

5

8

103

10

0

6

0

14

78

15

0

4

10

90

10

0

5

3

15

67

10

0

4

1

77

10

0

4

6

16

56

5

0

3

5

64

10

0

3

9

17

45

0

0

2

10

52

0

0

3

0

AN SEU SCEIDEAL.

Rátaí Athscrúdaithe na bPinsean faoi Chuid VI d'Acht 1937.

An Grád Míchumais

An Pinsean

(1)

(2)

Faoin gcéad

In aghaidh na bliana

100

£168

90

£151

80

£135

70

£120

60

£103

10s.

50

£86

10s.

40

£69

30

£52

20

£34

10s.

AN SEACHTU SCEIDEAL

Leasuithe Ilghnéitheacha ar na hAchta.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

An leasú

Uimh. 26 de 1923.

An tAcht Arm-Phinsean, 1923

I bhfo-alt (3) d'alt 1 agus i bhfo-alt (1) d'alt 5, scriosfar “le toil an Aire Airgid”.

Uimh. 12 de 1927.

An tAcht Arm-Phinsean, 1927.

I bhfo-alt (6) d'alt 5, i bhfo-alt (4) d'alt 11, scriosfar “le toil an Aire Airgid “agus, i mír (a) agus i mír (b) d'fho-alt (4) d'alt 12, i mír (i) d'fho-alt (1) agus i mír (i) d'fho-alt (2) d'alt 14 agus i bhfo-alt (3) d'alt 25, scriosfar “le toiliú an Aire Airgid”.

Uimh. 24 de 1932.

An tAcht Arm-Phinsean, 1932.

I bhfo-alt (6) d'alt 6, scriosfar “le toiliú an Aire Airgid”.

In alt 7 scriosfar “le haontú an Aire Airgid”.

I mír (b) d'fho-alt (1) agus i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (5) d'alt 10. scriosfar “le toiliú an Aire Airgid”

Uimh. 15 de 1937.

An tAcht Arm-Phinsean, 1937.

I bhfo-alt (2) d'alt 19 scriosfar, “le toiliú an Aire Airgid”.

I bhfo-alt (1) d'alt 37, scriosfar “agus leis an Aire Airgid”.

I bhfo-alt (1) d'alt 40, scriosfar “le toiliú an Aire Airgid”, gach áit ina bhfuil na focail sin.

I bhfo-alt (1) d'alt 41, scriosfar “le toiliú an Aire Airgid”.

Uimh. 2 de 1941.

An tAcht Arm-Phinsean, 1941.

I bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) d'alt 13, scriosfar “le toiliú an Aire Airgeadais”.

Uimh. 23 de 1953.

An tAcht Arm-Phinsean, 1953.

I bhfo-alt (1) d'alt 52 agus i bhfo-alt (1) d'alt 53, scriosfar “agus leis an Aire Airgeadais”.