Uimhir 19 de 1965.
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1965
[An tiontú oifigiúil.]
[20 Iúil, 1965.]
Toghcháin áitiúla 1965 a chur siar.
1.—(1) Na toghcháin áitiúla a dhéanfaí, mura n-achtófaí an fo-alt seo, sa bhliain 1965, déanfar iad sa bhliain 1966, agus beidh téarmaí oifige comhaltaí d'údaráis áitiúla a bheidh ag rith i dtosach feidhme an Achta seo arna bhfadú dá réir sin.
(2) D'ainneoin cur siar a dhéanamh le fo-alt (1) den alt seo ar na toghcháin a shonraítear ann—
(a) fanfaidh na blianta chun toghcháin áitiúla ina dhiaidh sin a dhéanamh gan athrú agus déanfar toghcháin áitiúla dá réir sin sa bhliain 1970 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin, agus
(b) áireofar mar thoghcháin chinn cúig bliana na toghcháin a shonraítear san fho-alt agus na toghcháin áitiúla a dhéanfar sa bhliain 1970.
Coistí gairmoideachais.
2.—(1) Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 9 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, a leasú trí “is túisce a chomórfar i ndiaidh na dtoghchán áitiúil” a chur in ionad “a comórfar idir an 23adh lá de Mheitheamh agus an 15adh lá d'Iúl” i mír (b).
(2) D'ainneoin cur siar a dhéanamh de dhroim fho-alt (1) d'alt 1 den Acht seo ar na toghcháin do chomhaltaí de choistí gairmoideachais a dhéanfaí, dá mba nár achtaíodh an fo-alt sin, sa bhliain 1965, áireofar mar chruinnithe cinn cúig bliana na cruinnithe de na coistí sin a bheidh ann sa bhliain 1966 agus 1970 faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, arna leasú le halt 81 den Acht Toghcháin, 1963.
Coistí freastal scoile.
3.—(1) San alt seo ciallaíonn “an príomhalt” alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926, arna leasú le míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (5) d'alt 81 den Acht Toghcháin, 1963.
(2) Na ceapacháin chomhaltaí do choistí freastal scoile a dhéanfaí, dá mba nár achtaíodh an fo-alt seo, faoi fho-alt (3) den phríomhalt sa bhliain 1965, déanfar iad sa bhliain 1966.
(3) D'ainneoin cur siar a dhéanamh le fo-alt (2) den alt seo ar na ceapacháin a shonraítear ann, déanfar sa bhliain 1970 na ceapacháin chomhaltaí do choistí freastal scoile faoi fho-alt (3) den phríomhalt is túisce i ndiaidh na gceapachán a shonraítear amhlaidh, agus áireofar mar cheapacháin cinn cúig bliana na ceapacháin sin agus na ceapacháin a shonraítear amhlaidh.
(4) (a) Déantar leis seo fo-alt (3) den phríomhalt a leasú trí “go dtí go dtiocfaidh a gcomharbaí i seilbh” a chur in ionad “go ceann trí mblian ón am a ordóidh an tAire fén alt seo i gcóir tosach a dtéarma”.
(b) Déantar leis seo fo-alt (4) den phríomhalt a leasú trí “tréimhse oifige” a chur in ionad “tréimhse trí mblian” sa dá áit a bhfuil na focail deiridh sin.
Iontaobhaithe Uisce-bhealaigh Locha Coirib.
4.—Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 7, fo-alt (2) d'alt 8 agus fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht Uisce-bhealaigh Locha Coirib, 1945, a leasú trí “an toghcháin do chomhaltaí na Comhairle sin” a chur in ionad “an 22ú lá de Mheitheamh” i ngach ceann de na fo-ailt sin.
Údaráis chuain.
5.—Féadfaidh an t-Aire Iompair agus Cumhachta—
(a) maidir le fo-alt (8) d'alt 7, fo-alt (10) d'alt 10, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 14, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 20, fo-alt (3) d'alt 31, fo-alt (1) d'alt 32 agus fo-alt (1) d'alt 33 agus alt 27 den Acht Cuanta, 1946—le rialacháin, lá eile a chur in ionad an dara Déardaoin i mí Dheireadh Fómhair dá dtagraítear sna fo-ailt sin agus san alt sin,
(b) maidir le fo-alt (3) d'alt 8 den Acht sin—le rialacháin, lá eile a chur in ionad an 7ú lá d'Iúil dá dtagraítear san fho-alt sin,
(c) maidir le fo-alt (1) agus fo-ailt (3) go (9) d'alt 10 den Acht sin—le rialacháin, tréimhse eile a chur in ionad na tréimhse dá dtagraítear sna fo-ailt sin,
(d) maidir le fo-alt (2) d'alt 10 agus mír (b) d'alt 11 den Acht sin—le rialacháin, tréimhse eile a chur in ionad na tréimhse dá dtagraítear san fho-alt sin agus sa mhír sin.
Forálacha maidir le cruinnithe áirithe.
6.—(1) D'ainneoin an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1927, a bheith aisghairthe, déanfar na cruinnithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d'alt 8, i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 9 agus i bhfo-alt (2) d'alt 10 den Acht sin faoi thagairt don tréimhse ón 23ú lá de Mheitheamh go dtí an lú lá d'Iúil i mbliain a thionól sa bhliain 1965, agus, chun críocha an fho-ailt seo, measfar an tAcht sin (lena n-áirítear, go háirithe, fo-alt (2) d'alt 8, fo-alt (3) d'alt 9, fo-alt (3) d'alt 10 agus alt 11) a bheith gan aisghairm.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le buirg Dhún Laoghaire amhail mar atá éifeacht aige maidir le buirgí eile, ar choinníoll, áfach, go ndéanfar aon tagairt do mhéara a fhorléiriú mar thagairt don chathaoirleach.
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.
7.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1965, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 agus 1965, a ghairm de Chuid I, II, VI agus VIII den Acht Toghcháin, 1963, agus den Acht seo le chéile, agus déanfar iad a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
(3) Measfar an tAcht seo a theacht i ngníomh an 10ú lá de Mheitheamh, 1965, agus aon ní a rinneadh an lá sin nó dá éis agus roimh an Acht seo a rith agus in oirchill a rite beidh sé bailí dá réir sin.