[EN]

Uimhir 20 de 1972


[EN]

AN tACHT PRAGHSANNA (LEASÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA PRAGHSANNA, 1958 AGUS 1965. [24 Iúil, 1972] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1958, Uimh. 4.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “ an Príomh-Acht ” an tAcht Praghsanna, 1958;

[EN]

ciallaíonn “ na hAchtanna ” na hAchtanna Praghsanna, 1958 agus 1965.

[EN]

(2) Forléireofar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

Feidhm na nAchtanna maidir le hearraí agus seirbhísí áirithe a bhí eisiata roimhe seo.

1937, Uimh. 30.

1937, Uimh. 32.

1942, Uimh. 8.

2.—(1) Beidh feidhm ag na hAchtanna—

[EN]

(a) maidir le gníomhaíochtaí a dhéanann gnóthais iarnróid agus gnóthais ród-iompair, agus

[EN]

(b) maidir le praghsanna earraí a ndéantar nó a bhféadfaí na praghsanna orthu a rialú, a rialáil nó a shonrú faoi aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin, nó i gcomhlíonadh aon chumhachta, dualgais nó feidhme reachtúla, agus

[EN]

(c) maidir le táillí i leith seirbhísí a ndéantar nó a bhféadfaí na táillí ina leith a rialú, a rialáil nó a shonrú faoi aon achtachán eile nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi sin, nó i gcomhlíonadh aon chumhachta, dualgais nó feidhme reachtúla, agus

[EN]

(d) maidir le táillí i leith seirbhísí ar seirbhísí gairmiúla go hiomlán nó go páirteach iad agus luach saothair faoi chonradh seirbhíse ar obair is obair ghairmiúil go hiomlán nó go páirteach, agus

[EN]

(e) maidir le táillí ar sheirbhísí a rinneadh i ndáil le hárachas,

[EN]

agus, dá réir sin, i mír (a) d'alt 5 den Phríomh-Acht, scriosfar “ d'iarnród, de bhóthar,”, agus aisghairtear leis seo míreanna (b), (c) agus (g) agus na focail “ nó árachas ” i mír (h) den alt sin 5.

[EN]

(2) (a) Cumhacht—

[EN]

(i) faoi aon achtachán, seachas na hAchtanna, nó faoi aon ionstraim faoi achtachán den sórt sin, nó

[EN]

(ii) a thiocfaidh de bhun cumhachta, dualgais nó feidhme reachtúla,

[EN]

chun praghas earra nó an táille ar sheirbhís a rialú, a rialáil nó a shonrú atá dílsithe do dhuine seachas an tAire Stáit a bhfuil aon chumhacht den sórt sin faoi na hAchtanna maidir leis an earra nó leis an tseirbhís dílsithe dó ní fheidhmeofar í gan toiliú an Aire sin.

[EN]

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cumhacht atá dílsithe don Rialtas ná maidir le haon chumhacht chun táillí a rialú, a rialáil nó a shonrú ar cumhacht í is infheidhme le hionstraim reachtúil arna déanamh—

[EN]

(i) faoi na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963,

[EN]

(ii) faoi Acht Toghacháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937,

[EN]

(iii) faoi Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937,

[EN]

[EN]

(iv) faoi Acht an Reifrinn, 1942.

[EN]

Fiosrú i dtaobh méaduithe áirithe ar phraghsanna agus iad a rialú.

1965, Uimh. 23.

3.—Leasaítear an Príomh-Acht leis seo tríd an alt seo a leanas a chur isteach i gCuid IIIA i ndiaidh alt 22E (a cuireadh isteach leis an Acht Praghsanna (Leasú), 1965):

[EN]

“ 22F. (1) (a) Féadfaidh an tAire fiosrú a dhéanamh i dtaobh na suimeanna ar mó na praghsanna ar a ndíoltar aon earra sonraithe i gcúrsa gnó ag daoine atá ag gabháil do thrádáil nó do thráchtáil, ar allmhaireoirí, monaróirí, dáileoirí, mórdhíoltóirí nó miondíoltóirí an earra sin nó ar aon aicme shonraithe eile de na daoine sin iad, ná na praghsanna ar a gceannaíonn na daoine sin an t-earra sin agus féadfaidh sé le hordú uasmhéid na suimeanna sin a shocrú, agus féadfar suimeanna éagsúla a shocrú maidir le haicmí éagsúla de na daoine sin.

[EN]

(b) Féadfar suimeanna dá dtagraítear i mír (a) a shonrú in ordú faoin bhfo-alt seo i cibé slí (lena n-áirítear forálacha a leagan amach lena bhféadfar iad a fhionnadh) agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire le hordú an tsuim uasta a shocrú is féidir a chur leis na praghsanna ar earraí nó leis na táillí ar sheirbhísí de dhroim aon chánach ar na hearraí nó ar na seirbhísí sin ag daoine is inchuntais chun na gCoimisinéirí Ioncaim sa cháin sin agus féadfaidh an tAire suimeanna éagsúla den sórt sin a shocrú d'earraí nó do sheirbhísí éagsúla nó d'aicmí éagsúla daoine den sórt sin nó dóibh araon, nó féadfaidh sé suimeanna éagsúla den sórt sin a shocrú i leith cainníochtaí éagsúla, arna dtomhas de réir luacha, d'earra nó d'earraí nó do sheirbhís nó do sheirbhísí a dhíol nó a rinne an duine sin.

[EN]

(b) Féadfar suimeanna a shonrú in ordú faoin alt seo ar cibé modh (lena n-áirítear forálacha a leagan amach lena bhféadfar iad a fhionnadh) agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire.”.

[EN]

Feidhm na nAchtanna maidir le hús agus le muirir eile faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh agus diola creidmheasa.

4.—(1) Beidh feidhm ag na hAchtanna maidir le hús a muirearaíodh agus le haon táillí eile a gearradh faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh nó comhaontuithe díola creidmheasa i ndáil le hearraí a ligean nó a dhíol faoi na comhaontuithe sin agus measfar, chun críocha na nAchtanna sin, gur seirbhís aon ligean nó díol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú díola creidmheasa agus measfar, chun na gcríocha sin, maidir le húinéir earraí agus duine eile do dhéanamh comhaontaithe fruilcheannaigh nó comhaontaithe díola creidmheasa, gur seirbhís í á déanamh ag an úinéir don duine eile.

[EN]

(2) San alt seo tá le “ comhaontú fruilcheannaigh ” agus “ comhaontú díola creidmheasa ” na bríonna céanna atá leo san Acht Fruilcheannaigh, 1960, agus le “ comhaontú fost-cheannaigh ” agus “ comhaontú díola-ar-cairde ” san Acht Fost-Cheannaigh, 1946.

[EN]

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

5.—(1) Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht trí “ nó le haicme áirithe daoine ” a chur isteach i mír (c) i ndiaidh “ sa Stát ”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “ nó ag déanamh aon seirbhíse ” a chur in ionad “ a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ”,

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “ an praghas mionreaca a bheidh á éileamh aige ar an earra sin a thaispeáint ar shlí shonraithe ”:

[EN]

“ (a) an praghas mionreaca (a luafar mar aon suim amháin agus a n-áireofar leis aon mhuirear a dhéanfaidh an duine d'aon cháin is iníoctha i leith an earra) a mhuirearóidh sé ar an earra sin, nó,

[EN]

(b) an táille (a luafar mar aon suim amháin agus a n-áireofar léi aon mhuirear a dhéanfaidh an duine d'aon cháin is iníoctha i leith na seirbhíse) a mhuirearóidh sé don tseirbhís sin,

[EN]

de réir mar a bheidh, a thaispeáint ar shlí shonraithe ”, agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach :

[EN]

 “ (2) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú—

[EN]

(i) a cheangal, i gcás, chun earra a dhíol nó i ndáil le hearra a dhíol, ar mionreic ag duine, go luafaidh an duine nó seirbhíseach nó gníomhaire an duine praghas mionreaca an earra ó bhéal nó go luafar é ar an earra nó ar aon choimeádán nó fillteán ina bhfuil an t-earra pacáilte nó ar thicéad nó ar lipéad atá greamaithe den earra nó den choimeádán nó den fhillteán sin nó i gcatalóg nó i bhfógrán nó i ndoiciméad eile (seachas sonrasc), go ndéanfar an praghas a luafar amhlaidh a lua mar aon suim amháin lena n-áirítear aon mhuirear a bheidh déanta ag an duine d'aon cháin is iníoctha i leith an earra, agus

[EN]

(ii) a cheangal, i gcás, chun seirbhís a dhéanamh nó i ndáil lena déanamh ag duine, go luafaidh an duine nó seirbhíseach nó gníomhaire an duine an táille don tseirbhís ó bhéal nó go luafar í in aon chatalóg nó fógrán nó i bhfógra nó i ndoiciméad eile (seachas sonrasc), go ndéanfar an táille a luafar amhlaidh a lua mar aon suim amháin lena n-áirítear aon mhuirear a bheidh déanta ag an duine d'aon cháin is iníoctha i leith na seirbhíse.

[EN]

(b) (i) I gcás gan ráiteas (seachas ráiteas ó bhéal) lena mbaineann ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a bheith de réir forálacha an ordaithe, measfar, chun críocha alt 22 den Acht seo, forálacha an ordaithe a bheith sáraithe ag an duine a bheidh ag díol ar mionreic an earra lena mbaineann an ráiteas nó, de réir mar a bheidh, ag déanamh na seirbhíse lena mbaineann an ráiteas.

[EN]

(ii) I gcás gan ráiteas ó bhéal lena mbaineann ordú faoin mír sin (a) a bheith de réir forálacha an ordaithe, measfar, chun críocha an ailt sin 22, forálacha an ordaithe a bheith sáraithe ag an duine a rinne an ráiteas.”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht trí odq/>nó seirbhís a thabhairt ar tháille is mó ná an táille a thaispeánfar ar aon liosta den sórt sin,” a chur isteach i mír (b) i ndiaidh “ a thaispeáint ”.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 22A (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Praghsanna (Leasú), 1965) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) :

[EN]

“ (b) a cheangal ar dhaoine atá ag gabháil d'earraí a dhíol, do sheirbhísí a thabhairt nó d'obair nó próiseas a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse) aon mhéadú a bheartaíonn siad a dhéanamh ar na praghsanna ar a ndíolann siad na hearraí nó ar na táillí a bhaineann siad amach ar na seirbhísí a thabhairt nó ar an obair nó ar an bpróiseas a dhéanamh, de réir mar a bheidh, a chur in iúl don Aire agus a cheangal go dtabharfar an fógra don Aire tráth nach déanaí ná cibé tráth, roimh theacht in éifeacht don mhéadú, a bheidh sonraithe san ordú,”.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo alt 22C (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Praghsanna (Leasú), 1965) den Phríomh-Acht trí “ nó le haicme áirithe daoine,” a chur isteach i mír (c) i ndiaidh “ sa Stát ”.

[EN]

(6) Leasaítear leis seo alt 23 (1) den Phríomh-Acht trí “ agus pé daoine agus pé méid daoine eile is oiriúnach leis ” a chur isteach i ndiaidh “ is oiriúnach leis ”.

[EN]

Feidhmeanna faoi na hAchtanna a aistriú.

6.—(1) Féadfaidh an Rialtas le hordú, aon uair is cuí leo é, aon chumhacht, dualgas nó feidhm a aistriú ó aon Aire Stáit a bhfuil Roinn Stáit de chúram air go dtí aon Aire eile Stáit a bhfuil Roinn Stáit de chúram air, is cumhacht, dualgas nó feidhm—

[EN]

(a) a bhaineann le haon earra sonraithe, seirbhís sonraithe (lena n-áirítear seirbhís ar seirbhís ghairmiúil go hiomlán nó go páirteach í), obair shonraithe nó próiseas sonraithe, agus

[EN]

(b) atá dílsithe don Aire Stáit chéadluaite leis na hAchtanna nó fúthu nó leis na hAchtanna nó faoi na hAchtanna agus le hordú nó faoi ordú faoin alt seo.

[EN]

(2) Féadfar le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo gach oiriúnú a dhéanamh ar achtacháin agus ar dhoiciméid is dóigh leis an Rialtas a bheith iarmartach ar aon rud a rinne siad faoin bhfo-alt sin (1).

[EN]

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(4) Aon uair a dhéanfar cumhacht, dualgas nó feidhm a aistriú le hordú faoin alt seo chun Aire a bhfuil Roinn Stáit de chúram air measfar an riarachán agus an gnó i ndáil le feidhmiú, comh líonadh nó forghníomhú na cumhachta, an dualgais nó na feidhme sin a bheith leithroinnte ar an Roinn Stáit sin agus féadfaidh an t-ordú gach aistriú oifigeach agus maoine, agus gach ní eile, a dhéanamh a ghabhfaidh leis an leithroinnt riaracháin agus gnó sin nó a leanfaidh as.

[EN]

Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna a híscaoileadh.

7.—(1) Díscaoiltear leis seo Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail is—

[EN]

(a) dá gcuirfí na míreanna seo a leanas in ionad míreanna 1 agus 2 :

[EN]

“ 1. (1) I gcás duine is comhalta de Choiste Comhairlitheach do theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas, scoirfidh sé, ar é do theacht i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin, de bheith ina chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin.

[EN]

(2) Duine atá de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta de Choiste Comhairlitheach.

[EN]

2. Duine is comhalta de Choiste Comhairlitheach beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta agus scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin más rud é—

[EN]

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

[EN]

(b) go gcuirfidh cúirt dlínse inniúla pianbhreith príosúnachta nó pianseirbhíse air, nó

[EN]

(c) go scoirfidh sé de ghnáthohónaí a bheith air sa Stát.”,

[EN]

(b) dá scriosfaí “ ó dhaoine is comhaltaí den Phainéal tráth an cheapacháin ” as mír 3,

[EN]

(c) dá gcuirfí “ duine ” in ionad “ comhalta den Phainéal ” i mír 4 (2) (c),

[EN]

(d) dá scriosfaí mír 5 (2) (b),

[EN]

(e) dá scriosfaí “ is comhalta den Phainéal de thuras na huaire ” as mír 6, agus

[EN]

(f) dá scriosfaí “ den Phainéal ” as mír 8 (b).

[EN]

Pionóis faoin bPríomh-Acht a mhéadú.

8.—Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 26 den Phríomh-Acht:

[EN]

“ Gach duine a dhéanfaidh cion nó a measfar cion a bheith déanta aige faoi aon alt den Acht seo dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air (agus, ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion ach gan sin do dhul thar £100 san iomlán) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó

[EN]

(b) ar é a chiontú ar dhíotáil, fíneáil nach mó ná £500 a chur air (agus, ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.”.

[EN]

Ré feidhme orduithe um praghsanna a chobhsú.

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 22A (a cuireadh isteach leis an Acht Praghsanna (Leasú), 1965) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4) :

[EN]

“ (3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú a rinne an Rialtas faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.”.

[EN]

(2) Más rud é, tráth an Achta seo a rith, go mbeidh ordú i bhfeidhm a rinne an Rialtas faoin alt sin 22A (nach ordú a bhfuil sé sainráite go bhfanfaidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse is giorra ná sé mhí), leanfaidh an t-ordú, faoi réir aon leasaithe air le hordú faoi fho-alt (3) (a chuirtear isteach leis an alt seo) den alt sin, de bheith i bhfeidhm go dtí cibe tráth a chúlghairfear é le hordú faoin bhfo-alt sin (3).

[EN]

Cionta maidir le coistí comhairlitheacha.

10.—Beidh éifeacht ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht amhail is dá gcuirfí an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (4) de mhír 12 :

[EN]

“ (4) Aon duine—

[EN]

(a) a mhainneoidh teacht i láthair ar é a thoghairm go cuí os comhair Coiste Chomhairlithigh, nó

[EN]

(b) a dhiúltóidh, ar bheith i láthair mar fhinné, mionn a ghlacadh a cheanglófar air go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglófar air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach sin air go dlíthiúil a fhreagairt, nó

[EN]

(c) a dhéanfaidh aon ní a bheadh, dá mba chúirt bhreithiúnais le cumhacht chimithe i leith díspeagadh cúirte an Coiste Comhairlitheach sin, ina dhíspeagadh ar an gcúirt sin,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion agus beidh feidhm maidir leis an gcion ag ailt 26 go 28 den Acht seo amhail is dá mba chion é faoi alt den Acht seo.”.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

11.—(1) Féadfar an tAcht Praghsanna (Leasú), 1972, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.