[EN]

Uimhir 20 de 1977


[EN]

AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TIONSCAIL, 1933 GO 1974. [9 Samhain, 1977] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1971.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

[EN]

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Cáirde Tionnscail, 1933.

2.—Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an Acht Cáirde Tionnscail, 1933

[EN]

(a) trí “£200,000,000” a chur i gclásal (i) d'fhomhír (d) (a cuireadh isteach le hAcht 1971) in ionad “seachtó is cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1974), agus

[EN]

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur sa mhír sin (d) in ionad fhomhír (iii):

[EN]

“(iii) airgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht amhlaidh in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit an airgid iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht, agus beidh an choibhéis sin in ionannas an méid, in airgead reatha an Stáit, an airgid iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht, agus déanfar an comhshó de réir an ráta iomlaoide a bheidh i ngníomh tráth an idirbhirt;”.

[EN]

Leasú ar alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958.

3.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958, tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (10) (a cuireadh isteach le hAcht 1971) in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) na tagairtí do phríomhshuim atá i bhfo-alt (3) den alt seo glacfar gur tagairtí iad do choibhéis, in airgead reatha an Stáit, na príomhshuime iarbhír, agus is í an choibhéis sin méid, in airgead reatha an Stáit, na príomhshuime iarbhír arna ríomh de réir an ráta iomlaoide a bheidh i ngníomh tráth na ráthaíochta a thabhairt,”.

[EN]

Cumhacht Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú.

4.—Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, chun Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta a athrú le go mbeidh siad i gcomhréir leis na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1977.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1977, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1977, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1974, agus den Acht seo le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33.

An tAcht Cáirde Tionsdail, 1933

1933, Uimh. 25.

An tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1958

1958, Uimh. 10.

An tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1974

1974, Uimh. 20.