Uimhir 21 de 1946.
AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1946.
[An tiontó oifigiúil.]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearr-theideal agus comhluadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1946, a ghairm de na hAchta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, agus den Acht seo le chéile.
Mínithe.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn an abairt “Acht 1928” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928);
ciallaíonn an abairt “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (Uimh. 48 de 1936);
ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha (Cuid II)” an lá a ceapfar ina lá ceaptha chun críocha Coda II den Acht seo le hordú ón Aire faoi alt 3 den Acht seo;
ciallaíonn an focal “Roinn” roinn de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath a bunaítear le halt 5 den Acht seo;
ciallaíonn an abairt “Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath” Breitheamh arna bhuan-shannadh do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath;
ciallaíonn an focal “Breitheamh” Breitheamh den Chúirt Dúiche, ach ní fholaíonn sé Breitheamh sealadach;
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;
ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924);
ciallaíonn an abairt “Breitheamh sealadach” duine arna cheapadh faoi alt 51 d'Acht 1936 chun gníomhú mar Bhreitheamh.
An lá ceaptha chun críocha Coda II.
3.—Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá ceaptha chun críocha Coda II den Acht seo.
Athghairm.
4.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach, a mhéid a sonraítear sa tríú colún de Chuid I den Sceideal sin.
(2) Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, amhail ar an lá ceaptha (Cuid II) agus uaidh sin amach, a mhéid a sonraítear sa tríú colún de Chuid II den Sceideal sin.
CUID II.
Forala maidir leis na Breithiuin do Chathair Bhaile Atha Cliath.
Na ranna de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath.
5.—(1) D'fhonn go mba chaothúla a déanfaí gnó na Cúirte Dúiche i nDúthaigh Chathrach Bhaile Átha Cliath, beidh na Breithiúin do Chathair Bhaile Átha Cliath, ar an lá ceaptha (Cuid II), arna roinnt, de bhuaidh an fho-ailt seo, ina dtrí Ranna a ngairmfear de gach Roinn faoi leith acu an ainm a cheapfas an tAire dhi.
(2) Is é a bheas i ngach Roinn—
(a) Breitheamh, dá ngairmfear Ard-Bhreitheamh na Roinne sin,
(b) pé uimhir (más ann) de Bhreithiúin eile, dá ngairmfear Gnáth-Bhreithiúin na Roinne sin, a chinnfeas an tAire ó am go ham.
Forála maidir le hArd-Bhreithiúin.
6.—(1) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le hArd-Bhreitheamh Roinne—
(a) ainmneoidh an tAire é as na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath,
(b) ní haistreofar go dtí Roinn eile é mura dtoilí sé féin chuige,
(c) socróidh sé i dtaobh gnó na Roinne sin a roinnt idir Bhreithiúin ar leithligh na Roinne sin.
(2) Aon uair a bheas folúntas in oifig Ard-Bhreithimh Roinne (dá ngairmtear an Roinn sin sa bhfo-alt seo) nó a thárlós, ar chúis ar bith, ná beidh ar chumas Ard-Bhreithimh Roinne (dá ngairmtear an Roinn sin freisin sa bhfo-alt seo) gníomhú, féadfaidh an tAire—
(a) Ard-Bhreitheamh Roinne eile a ainmniú, le toiliú an Bhreithimh sin, chun gníomhú go sealadach mar Ard-Bhreitheamh don Roinn sin, i dteannta a Roinne féin nó
(b) duine de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath (is Gnáth-Bhreitheamh Roinne) a ainmniú chun gníomhú go sealadach mar Ard-Bhreitheamh don Roinn sin, ach gan luach saothair sa bhreis a fháil,
agus Breitheamh a hainmneofar amhlaidh, gníomhóidh sé dá réir sin.
(3) Ainmneoidh an tAire an Breitheamh is sinsearaí, díreach roimh an lá ceaptha (Cuid II), de na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath, chun bheith ina Ard-Bhreitheamh do cheann de na Ranna.
Forála maidir le Gnáth-Bhreithiúin Roinne.
7.—Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le Gnáth-Bhreitheamh Roinne—
(a) ainmneoidh an tAire é as na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath,
(b) féadfaidh an tAire é a aistriú ó am go ham ón Roinn sin aige go dtí Roinn eile.
Tuarastail na mBreithiún do Chathair Bhaile Atha Cliath.
8.—(1) Gheobhaidh Ard-Bhreitheamh Roinne tuarastal míle agus dhá chéad punt sa bhliain.
(2) Gheobhaidh gach Breitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath (seachas Ard-Bhreitheamh Roinne) tuarastal míle agus céad punt sa bhliain.
(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc na dtuarastal a luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo.
(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh ar an lá ceaptha (Cuid II).
Breithiúin bhreise Roinne a ainmniú.
9.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham Breitheamh, ná beidh buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe agus a bheas de thuras na huaire sannaithe go sealadach do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, a ainmniú chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne.
(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham Breitheamh sealadach, a bheas de thuras na huaire sannaithe go sealadach do Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, a ainmniú chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne.
(3) Breitheamh nó Breitheamh sealadach a hainmneofar faoin alt seo chun gníomhú mar Bhreitheamh breise Roinne, gníomhóidh sé amhlaidh go dtí go bhforceannfaidh an tAire a ainmniú.
Gnó a roinnt idir na Ranna.
10.—An gnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheas le déanamh i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, roinnfear é idir na Ranna ar leithligh i pé slí a ordós an tAire ó am go ham.
Na háiteanna, etc., ina mbeidh gnó Roinne le déanamh.
11.—(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, maidir le gach Roinn,—
(a) na háiteanna i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath a cheapadh ina mbeidh gnó na Roinne sin le déanamh,
(b) an saghas nó na saghsanna gnótha de chuid na Roinne sin a chinneadh a bheas le déanamh i ngach áit ar leithligh de na háiteanna a ceapfar amhlaidh.
(c) na laetha agus na huaireanta a chinneadh a déanfar gach saghas gnótha ar leithligh den tsórt sin sna háiteanna ar leithligh a ceapfar amhlaidh.
(2) Féadfaidh an tAire a údarú d'Ard-Bhreitheamh Roinne na cumhachta is infheidhmithe ag an Aire faoi mhíreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, maidir leis an Roinn sin, agus féadfaidh aon údarás den tsórt sin a fhorceannadh.
Forála i dtaobh gnótha ar feitheamh.
12.—(1) Gach gnó de chuid na Cúirte Dúiche i nDúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath a bheas tosnaithe roimh an lá ceaptha (Cuid II) agus ná beidh críochnaithe roimh an lá ceaptha (Cuid II) leanfar de agus críochnófar é amhail is ná beadh an tAcht seo arna rith.
(2) Chun críocha an ailt seo, is tuigthe gnó de chuid na Cúirte Dúiche a bheith arna thosnú lá eisithe na toghairme, an bharántais, na próise nó na doiciméide tionscnaimh eile ina thaobh.
Comhaltaí exofficio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche.
13.—Amhail ar an lá ceaptha (Cuid II) agus uaidh sin amach, is iad a bheas ina gcomhaltaí ex-officio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche, a bunaíodh le halt 71 Acht 1936, ná—
(a) pé duine (is Ard-Bhreitheamh Roinne) a ainmneos an tAire chuige sin de na Breithiúin, agus is é an duine sin a bheas ina chathaoirleach ar an gCoiste sin;
(b) pé duine a ainmneos an tAire chuige sin de Chléirigh Chúirte Dúiche Dhúthaigh Chathrach Bhaile Atha Cliath, agus is é an duine sin a bheas ina rúnaí don Choiste sin.
CUID III.
Forala Ilghneitheacha maidir leis an gCuirt Duiche.
Cáilíocht i gcóir ceapacháin mar Bhreitheamh.
14.—Abhcóide nó atúrnae a chleachtaigh a ghairm iarbhír ar feadh sé bliana ar a laghad, ní bheidh sé neamh-incheaptha mar Bhreitheamh de bhíthin amháin ná fuil sé de thuras na huaire ag cleachtadh a ghairme, má tá sé de thuras na huaire i seilbh oifige lenar ghabh ceangal reachta (tráth a cheaptha chuici) nár bhfoláir gach duine a ceapfaí chuici a bheith, an tráth sin nó roimhe sin,—
(a) ina atúrnae cleachtach, nó
(b) ina abhcóide cleachtach nó ina atúrnae cleachtach.
An aois scoir do Breithiúin.
15.—(1) Cúig bliana seascad is aois scoir do Bhreitheamh.
(2) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) den alt seo, is seachtó bliain is aois scoir do dhuine a bheas, díreach roimh an dáta feidhme, ina Bhreitheamh do Chathair Bhaile Atha Cliath nó ina Bhreitheamh a bheas buan-shannaithe don dúthaigh is ionann agus, nó ina bhfuil, contae-bhuirg Chorcaighe.
An líon uasta Breithiún.
16.—Ní raghaidh líon na mBreithiún thar ceathracha tráth ar bith.
Breithiúin a shannadh do dhúthaí.
17.—(1) (a) I gcás duine a cheapadh ina Bhreitheamh, ansin, faoi réir míre (b) den fho-alt seo, féadfaidh an Rialtas, más cuibhe leo, ar é a cheapadh amhlaidh, é a bhuan-shannadh do dhúthaigh áirithe.
(b) I gcás ina mbeidh, an tráth a ceapfar duine ina Bhreitheamh, ceathrar Breithiún ná fuil buanshannaithe do dhúthaí áirithe, déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuan-shannadh do dhúthaigh áirithe.
(c) I gcás Breitheamh a bheith buan-shannaithe, díreach roimh an dáta feidhme, do dhúthaigh áirithe, leanfaidh sé, chun críocha an ailt seo agus faoi réir fo-alt (3) agus (4) den alt seo, de bheith buanshannaithe don dúthaigh sin.
(2) I gcás ná déanfar Breitheamh a bhuan-shannadh do dhúthaigh áirithe ar é a cheapadh, féadfaidh an Rialtas é a bhuan-shannadh tráth ar bith do dhúthaigh áirithe.
(3) Breitheamh a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe, féadfaidh an tAire, ach go dtoileoidh an Breitheamh chuige, é a aistriú go dtí dúthaigh eile, agus ar é a aistriú amhlaidh tiocfaidh an Breitheamh sin chun bheith agus beidh sé buan-shannaithe don dúthaigh eile sin in ionad bheith buan-shannaithe don dúthaigh sin a céadluaitear.
(4) (a) I gcás Breitheamh a bheith buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe, féadfaidh an Rialtas, ar é dá iarraidh sin, an buan-shannadh sin a fhorceannadh más cuibhe leo.
(b) I gcás buan-shannadh Breithimh do dhúthaigh áirithe a fhorceannadh faoi mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith ina dhiaidh sin é a bhuanshannadh do dhúthaigh áirithe.
(5) Breitheamh ná beidh de thuras na huaire buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe, féadfaidh an tAire é a shannadh ó am go ham do dhúthaigh ar bith agus, faid a bheas sé sannaithe do dhúthaigh amhlaidh, beidh ag gach Breitheamh den tsórt sin, maidir leis an dúthaigh sin agus i gcomhréim leis an mBreitheamh a bheas buan-shannaithe don dúthaigh sin, gach príbhléid, cumhacht agus dualgas a bheas de thuras na huaire bronnta nó forchurtha le dlí ar an mBreitheamh a bheas buan-shannaithe don dúthaigh sin.
(6) Ní bhainfidh éinní san alt seo le Breithiúin shealadacha.
Gan tuilleadh Breithiún cúnta a cheapadh.
18.—Ní déanfar, ar an dáta feidhme ná dá éis, duine ar bith a cheapadh faoi alt 13 d'Acht 1928 ina Bhreitheamh cúnta.
Cearta pinsin Breithiún.
19.—(1) Más rud é—
(a) go scarfaidh Breitheamh, ar dheich mbliana seirbhíse nó níos mó a bheith slán aige, lena oifig le toiliú an Rialtais, agus
(b) ná beidh teideal ag an mBreitheamh sin, faoi na hAchta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1936, nó dá mbuaidh, chun pinsin i leith a sheirbhíse mar Bhreitheamh,
beidh teideal aige ar feadh a shaoil chun pinsin arna ríomh do réir na séú coda den tuarastal a bheas aige an tráth a searfas sé lena oifig amhlaidh maille leis an gceathrachadú cuid den tuarastal sin aige in aghaidh gach bliana iomláine seirbhíse de bhreis ar dheich mbliana den tsórt sin.
(2) Aon phinsean is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo nó aon dámhachtain faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1942, a deonadh de bhuaidh ailt 75 den Phríomh-Acht, arna bhuanú le fo-alt (3) d'alt 48 d'Acht 1936, is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas a mhuirear agus a íoc.
(3) Aon uair a cuirfear Breitheamh as oifig mar gheall ar éagumas, is tuigthe chun críocha pinsin é do scarúint lena oifig de dheascaibh buan-easláinte.
Sealbhaíocht oifige Breithiún.
20.—Beidh Breithiúin i seilbh oifige ar aon-tsealbhaíocht le Breithiúin na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte.
Fiosrú breithiúnach i dtaobh sláinte nó iompair Breithiún.
21.—Aon uair a iarrfas an tAire ar an bPríomh-Bhreitheamh Breitheamh a cheapadh—
(a) chun iniúchadh a dhéanamh i dtaobh staid sláinte Breithimh ó thaobh coirp nó meabhrach, nó
(b) chun fiosrú a dhéanamh i dtaobh iompair Bhreithimh (pé acu i gcomhlíonadh a oifige nó ar shlí eile é), i gcoitinne nó ar ócáid áirithe,
agus sin, i gceachtar cás, fara tagairt speisialta do pé nithe a luafar san iarratas, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, sé sin le rá—
(i) ceapfaidh an Príomh-Bhreitheamh Breitheamh den Chúirt Uachtarach nó, le toiliú Uachtaráin na hArd-Chúirte, Breitheamh den Ard-Chúirt chun an t-iniúchadh nó an fiosrú a dhéanamh;
(ii) féadfaidh an Breitheamh a ceapfar amhlaidh an t-iniúchadh nó an fiosrú a dhéanamh i pé slí is cuibhe leis, pé acu trí fhínnéithe a scrúdú nó ar shlí eile é, agus go sonrach féadfaidh aon imeachta a sheoladh in camera, agus chuige sin beidh aige gach cumhacht, ceart agus príbhléid a dílsítear i mBreitheamh den Ard-Chúirt i gcás aicsin;
(iii) ar an iniúchadh nó an fiosrú a bheith críochnaithe tuairisceoidh an Breitheamh sin a thoradh don Aire.
Socruithe sealadacha chun gnó a dhéanamh mar gheall ar bhás, etc., Breithimh a bheas buanshannaithe dodhúthaigh.
22.—Aon uair a thárlós Breitheamh (seachas Ard-Bhreitheamh Roinne) a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh áirithe d'fháil bháis, do scarúint lena oifig nó do bheith as láthair ón dúthaigh sin, féadfaidh an tAire aon Bhreitheamh eile (ach, i gcás Breithimh a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh, é do thoiliú chuige sin) nó aon Bhreitheamh sealadach a shannadh go sealadach don dúthaigh sin, agus aon Bhreitheamh nó aon Bhreitheamh sealadach a sannfar go sealadach amhlaidh, beidh cumhacht aige dlínse a fheidhmiú sa dúthaigh sin a céadluaitear go dtí go bhforceannfaidh an tAire a shannadh sealadach, agus d'ainneoin, i gcás gur Breitheamh é a bheas buan-shannaithe do dhúthaigh eile, é a bheith buanshannaithe amhlaidh.
Forfheidhmiú breithe ar achomharc ón gCúirt Dúiche.
23.—Nuair a bheas an Chúirt Chuarda tar éis achomharc ón gCúirt Dúiche maidir le héinní a chinneadh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é), ansin, mura mbeidh an Chúirt Chuarda tar éis an ionstraim a eisiúint is gá chun a breith a fhorfheidhmiú, eiseoidh an Chúirt Dúiche an ionstraim sin.
AN SCEIDEAL.
Achtachain a hAthghairmtear.
Cuid I.
Achtacháin a hathghairmtear amhail ó dháta an Achta seo a rith.
Uimh. agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
An chuing a ghabhas le halt 68; alt 72. | ||
Ailt 46 agus 49. |
Cuid II.
Achtacháin a hAthghairmtear amhail ar an lá ceaptha Cuid II) agus uaidh sin amach.
Uimh. agus Bliain | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
Alt 74, a mhéid a bhaineas sé leis na Breithiúin do Chathair Bhaile Atha Cliath; In alt 80 na focail “Bhaile Atha Cliath.” | ||
Fo-alt (3) d'alt 71. | ||
Alt 5. |