[EN]

Uimhir 2 de 1968


[EN]

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BUN CRANNCHA), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 10 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946, I nDÁIL LE CEANTAR UIRBEACH BHUN CRANNCHA. [13 Márta, 1968.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

An Príomh-alt.

1946, Uimh. 24.

1954, Uimh. 8.

1955, Uimh. 9.

1960, Uimh. 38.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-alt” alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, arna leasú le halt 7 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954, le halt 50 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, agus le halt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960.

[EN]

Leasú ar an bPríomh-alt.

2.—Leasaítear an Príomh-alt leis seo mar a leanas:

[EN]

(a) i bhfo-alt (6A) cuirfear “na hocht mbliana airgeadais áitiúla comhleanúnacha” in ionad “na tríocha bliain airgeadais áitiúil chomhleanúnach” agus scriosfar míreanna (ix) go (xxx),

[EN]

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (6A):

[EN]

“(6B) I bhfo-alt (6) den alt seo déanfar na focail ‘ráta de phingin sa phunt i ngach líomatáiste’ a fhorléiriú, i gcás inarb é an líomatáiste uirbeach arb é ceantar uirbeach Bhun Cranncha an líomatáiste a bheidh i gceist, maidir le gach bliain airgeadais áitiúil tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1968 (nach í an chéad bhliain airgeadais áitiúil í ina mbeidh éifeacht ag athbhreithniú ginearálta ar luachálacha inrátaithe i gContae Dhún na nGall ná bliain airgeadais áitiúil níos déanaí), mar ní a thagraíonn do ráta seacht ndeichiú de phingin amháin sa phunt sa líomatáiste uirbeach sin.”

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

3.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Bun Cranncha), 1968, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960, agus den Acht seo.