Uimhir 22 de 1935.
ACHT BAINNE AGUS DÉIRITHE, 1935.
[14adh Meitheamh, 1935.]
CUID I
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht Bainne agus Déirithe, 1935, do ghairm den Acht so.
Tosach feidhme an Achta.
2.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá no laetheanta ceapfar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí go generálta no maidir le haon chríoch no foráil áirithe agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh chun crícheanna deifriúla agus i gcóir forálacha deifriúla den Acht so.
“Bainne.”
3.—(1) San Acht so (ach amháin i gCuid IV de) cialluíonn an focal “bainne” aon abhar bídh is fíor-bhainne no bainne bearrtha na bainne deighilte no uachtar no bláthach.
(2) I gCuid IV den Acht so cialluíonn an focal “bainne” fíor-bhainne.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “fíor-bhainne” bainne nár baineadh aon cheann dá chó-abhair as ar shlí seachas de bharr aon oibrithe ghlantóireachta (ar a n-áirmhítear pasteuráil no seascadh) fé n-ar cuireadh an bainne sin.
Tuigfear bainne díolfar, etc., do dhíol, etc., chun daoine dá chaitheamh i bhfuirm bainne.
4.—Má díoltar bainne no má bhíonn bainne á thaisbeáint no á choimeád chun a dhíolta, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, é do dhíol, no é do bheith á thaisbeáint no á choimeád chun a dhíolta chun daoine dá chaitheamh i bhfuirm bainne agus sa bhfuirm sin amháin.
Léiriú ar thagairtí do bhainne do dhíol.
5.—Déanfar tagairtí sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht so do bhainne do dhíol do léiriú mar thagairtí do bhainne do dhíol chun daoine dá chaitheamh i bhfuirm bainne agus sa bhfuirm sin amháin, agus déanfar tagairtí sna forálacha san ina dhiaidh seo do dhíoltóir bhainne do léiriú dá réir sin.
Mínithe.
6.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;
foluíonn an abairt “soláthróir bainne” duine is díoltóir bainne pe'ca ina mhór-choda no ina mhion-choda é;
foluíonn an abairt “déirí” (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so) aon fheirm, tigh feirme, bó-theach, stór bainne, siopa bainne, no áit eile as a dtugtar bainne amach ar díol no chun a dhíolta, no ina gcoimeádtar no ina n-úsáidtear bainne chun díolta, agus, i gcás soláthróra bhainne ná bíonn aon áitreabh ar seilbh aige chun bainne do dhíol, foluíonn sí an áit ina gcoimeádann an soláthróir sin na hárthaighe úsáideann sé chun bainne do dhíol;
foluíonn an abairt “reachtaire bainne” (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so) duine is sealbhóir déirí, no aon tsoláthróir bainne;
foluíonn an focal “scrúdú” scrúduithe agus tástála ceimiceacha agus bactéarlaíochta agus prótosólaíochta agus aon scrúdú no tástáil eile deintear ar bhainne chun galruithe, truaillithe, eisíodhaine, no aon lochta eile ina chóshuidheamh do bhrath;
cialluíonn an abairt “ceanntar sláintíochta” ceanntar sláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931;
cialluíonn an abairt “an t-údarás sláintíochta” maidir le ceanntar sláintíochta an t-údarás sláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, don cheanntar sláintíochta san;
cialluíonn an abairt “máinliaigh beithíoch oifigiúil” maidir le húdarás sláintíochta oifigeach sláintíochta ar n-a cheapadh ag an údarás sláintíochta san fé alt 11 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a leasuítear san le halt 22 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925);
cialluíonn an focal “cigire” duine ar bith go n-údarás i scríbhinn ón Aire (go generálta no chun críche speisialta) chun gach ceann no aon cheann de sna comhachta d'fheidhmiú agus chun gach ceann no aon cheann de sna dualgaisí do chólíonadh a bronntar no cuirtear ar chigire fén Acht so;
cialluíonn an focal “ainmhithe” ba no gabhair;
nuair a húsáidtear an focal “orduithe” maidir leis an gCúirt Dúithche cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so ag an Aire Dlí agus Cirt agus i ngach cás eile cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so ag an Aire.
Déirithe áirithe agus reachtairí áirithe bainne do dhúnadh amach.
7.—I gcás—
(a) ina ndeintear bainne is farisbarr agus do táirgeadh ar fheirm do dhíol uaireanta le daoine chun a chaithte ag na daoine sin no ag á líonta tighe, agus
(b) ná díolann sealbhóir na feirme sin san aon lá amháin níos mó ná galún den bhainne sin, agus
(c) nách cuid de ghnáth-ghnó an tsealbhóra san bainne do dhíol,
ansan, chun crícheanna an Achta so, tuigfear nách déirí an fheirm sin agus tuigfear nách reachtaire bainne an sealbhóir sin agus, chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le reachtairí áirithe bainne do dhúnadh amach go sealadach o Chuid II agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le déirithe áirithe agus reachtairí áirithe bainne do dhúnadh amach go sealadach o Chuid III, tuigfear nár díoladh an bainne sin leis na daoine sin.
“An dochtúir oifigiúil.”
8.—(1) Cialluíonn an abairt “an dochtúir oifigiúil”—
(a) nuair a húsáidtear í maidir le ceanntar sláintíochta is contae-bhuirg, an príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte don chontae-bhuirg sin no an duine bheidh de thurus na huaire ag gníomhú mar phríomh-dhochtúir oifigiúil sláinte den tsórt san, agus
(b) nuair a húsáidtear í maidir le haon cheanntar sláintíochta eile, an dochtúir oifigiúil sláinte contae ghníomhuíonn don cheanntar san, no an duine bheidh de thurus na huaire ag gníomhú mar dhochtúir oifigiúil sláinte contae den tsórt san.
(2) I gcás ceanntair íclainne is cuid de cheanntar sláintíochta ná beidh aon dochtúir oifigiúil do réir bhrí an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo den alt so ag gníomhú dho de thurus na huaire beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, faid ná beidh aon dochtúir oifigiúil den tsórt san ann isé dhéanfaidh na comhachta agus na dualgaisí do bheadh infheidhmhithe agus ionchólíonta, fén Acht so ag an dochtúir oifigiúil sin, dá mbeadh a leithéid ann, d'fheidhmiú agus do chólíonadh laistigh den cheanntar íclainne sin agus maidir leis ná dochtúir oifigiúil sláinte an cheanntair íclainne sin.
Tuigfear bainne do dhíol i gcásanna áirithe.
9.—(1) Má coinnítear bainne i ndéirí no i gcoimeád no i seilbh aon reachtaire bainne, tuigfear chun crícheanna an Achta so, mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, é do bheith á choinneáil chun é do dhíol.
(2) Gach duine thairgfidh no thaisbeánfaidh bainne chun a dhíolta, no lomhálfaidh bainne do dhíol no do thairiscint no do thaisbeáint chun a dhíolta tuigfear chun crícheanna an Achta so gur dhíol sé an bainne sin.
Nithe ilghnéitheacha do léiriú.
10.—(1) Tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl ag reachtaire bainne i ngach áitreabh úsáideann sé chun crícheanna a ghnótha mar reachtaire bhainne.
(2) I gcás gan duine 'na mbíonn gnó reachtaire bhainne ar siúl aige i gceanntar sláintíochta do shealbhú aon áitreibh sa cheanntar sláintíochta san chun crícheanna an ghnótha san, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur áitreabh sa cheanntar san gach feithicil úsáideann an duine sin chun crícheanna an ghnótha san.
(3) Má foráltar le téarmaí connartha sheirbhíse go mbeidh bainne le tabhairt in aisce ag an bhfostóir don fhostaí tuigfear chun crícheanna an Achta so nár dhíol an fostóir leis an bhfostaí bainne do thug an fostóir don fhostaí fén gconnradh san.
Údaráis sláintíochta do chur an Achta i bhfeidhm.
11.—(1) Beidh sé de dhualgas ar an údarás sláintíochta forálacha an Achta so agus forálacha gach orduithe agus rialacháin a déanfar fé do chur i bhfeidhm agus na comhachta dílsítear ionta leis an Acht so no dílseofar ionta leis an ordú no an rialachán san d'fheidhmiú.
(2) Má theipeann ar údarás áitiúil aon cheann dá ndualgaisí fén Acht so do chólíonadh féadfaidh an tAire pé ordú do dhéanamh is dóich leis is gá no is ceart chun a chur fhiachaint ar an údarás san a ndualgaisí do chólíonadh agus féadfar, gan dochar d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an Aire le halt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), aon ordú den tsórt san do chur i bhfeidhm ar agra an Aire tré mhandamus.
Údaráis sláintíochta do cheapadh oifigeach.
12.—Féadfaidh údarás sláintíochta ar bith, le toiliú an Aire agus fé réir forálacha aon achtacháin a bhaineann leis an údarás san do cheapadh oifigeach pé oifigigh agus pé méid oifigeach do cheapadh is dóich leis an údarás san is gá chun na bhfeidhmeanna, na gcomhacht agus na ndualgas a bronntar no forchuirtear leis an Acht so d'fheidhmiú, agus íocfar le gach oifigeach a ceapfar amhlaidh pé luach saothair a chinnfidh an t-údarás sláintíochta le toilliú an Aire.
Ceart chun dul isteach in áitreabh.
13.—(1) Beidh gach oifigeach d'údarás sláintíochta agus gach cigire i dteideal dul isteach gach tráth réasúnta in aon áitreabh chun forálacha an Achta so agus forálacha, aon ordú agus rialachán a déanfar fé do chur i bhfeidhm.
(2) Má dheineann duine ar bith aon oifigeach d'údarás sláintíochta no aon chigire do chose no do bhac agus é ag feidhmiú na comhachta bronntar ar an oifigeach san no ar an gcigire sin leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.
(3) Ní dhéanfaidh éinní san alt so a údarú do dhuine ar bith, ach amháin le cead an údaráis áitiúla fé sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe (Éirinn), 1894 go 1934, dul isteach in aon bhó-theach no áit eile ina mbeidh ainmhí ar a mbeidh aon ghalar le n-a mbaineann na hAchtanna san á choimeád agus san suidhte in áit go ndearbhuítear fé sna hAchtanna san an galar san do bheith ann.
Fiosrúcháin phuiblí.
14.—(1) Pé uair a bronntar comhacht ar an Aire leis an Acht so chun aon ordú no rialachán do dhéanamh no chun éinní eile do dhéanamh féadfaidh an tAire roimh an gcomhacht san d'fheidhmiú fiosrú puiblí do dhéanamh i dtaobh an ní is abhar d'fheidhmiú san na comhachta san.
(2) Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán puiblí déanfar fén alt so fé mar atá feidhm ag an Airtiogal san maidir leis na fiosrúcháin phuiblí luaidhtear ann.
Rialacháin ghenerálta.
15.—(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda bhaineann leis an gCúirt Dúithche agus dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe agus ná húdaruítear leis an Acht so a ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt;
(b) ag ordú éinní a húdaruítear don Aire le haon alt den Acht so a ordú le rialacháin ar n-a ndeanamh fén alt san.
(3) Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so maidir le táillí beidh sé fé réir cheadú an Aire Airgid.
Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.
16.—Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis an rialacháin sin do dhéanamh agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.
Airgead.
17.—(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire Stáit fén Acht so.
(2) Déanfar na costaisí fé n-a raghaidh údarás sláintíochta fén Acht so do chruinniú agus d'íoc sa tslí ina ndeintear na costaisí fé n-a dtéigheann an t-údarás sláintíochta san fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do chruinniú agus d'íoc, agus i gcás an bhúird sláinte do cheanntair sláinte contae déanfar iad do mhuirearú go cothrom ar iomlán an cheanntair sláinte contae sin.
(3) Gach costas fé n-a raghaidh oifigeach d'údarás sláintíochta do réir réasúin maidir le haon chúiseamh i gcionta fén Acht so déanfaidh an t-údarás sláintíochta don cheanntar sláintíochta ina ndearnadh an cionta san iad d'aisíoc leis.
Cosaint d'Achtanna eile bhaineann le bainne agus le déirithe.
18.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'aon achtachán eile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh bainne agus déirithe.
Athghairm.
19.—Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
CUID II.
Reachtairi Bainne agus Deirithe do chlaru.
Reachtairí áirithe bainne do dhúnadh amach go sealadach o Chuid II.
20.—(1) Duine—
(a) a dhíolann bainne le daoine is dílseánaigh chláruithe, do réir bhrí na nAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1934, ar áitreibh atá cláruithe fé sna hAchtanna san agus is sealbhóirí ar cheadúnaisí ainme speisialta ar n-a ndeonadh fé Chuid IV den Acht so, agus
(b) ná díolann bainne le daoine ar bith eile,
tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gan gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Talmhaíochta, Ordú do dhéanamh tráth ar bith á dhearbhú go scuirfidh fo-alt (1) den alt so de bheith i bhfeidhm ar dháta áirithe agus dá éis sin agus leis sin scuirfidh an fo-alt san (1) de bheith i bhfeidhm ar an dáta san agus dá éis sin.
(3) Duine dhíolann bainne chun a chaithte san áitreabh ina ndíoltar é agus san áit sin amháin tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gan gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige.
Cláir de reachtairí bainne.
21.—Cuirfidh gach údarás sláintíochta fé ndeár go gcoimeádfar, sa bhfuirm orduithe, clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de reachtairí bainne agus clárofár i ngach clár den tsort san na nithe is gá do réir an Achta so a chlárú ann agus pé nithe eile bheidh orduithe.
Reachtairí bainne do chlárú.
22.—(1) Féadfaidh duine ar bith a bheidh ar aigne gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige i gceanntar sláintíochta údaráis sláintíochta a iarraidh ar an údarás san é do chlárú sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag an údarás san.
(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach iarratas chun údaráis sláintíochta fén alt so agus luadhfar ann seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh ina mbeidh an t-iarratasóir ar aigne gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige i gceanntar sláintíochta an údaráis sin agus gur ina thaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh é do chlárú sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag an údarás san agus pé mion-innste eile (más ann dóibh) a bheidh orduithe.
(3) Ar iarratas d'fháil fén alt so agus dá réir déanfaidh an t-údarás sláintíochta, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, a chur fé ndéar go gclárófar sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád acu—
(a) ainm agus seoladh an iarratasóra, agus
(b) mion-innste ar na háitreibh uile agus fé seach a bheidh luaidhte san iarratas san agus gur ina dtaobh a bheidh an t-iarratasóir á iarraidh é do chlárú sa chlár san.
Diúltú do reachtairí bainne do chlárú.
23.—(1) Má hiarrtar ar údarás sláintíochta clárú do dhéanamh sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag an údarás san, féadfaidh an t-údarás san, más deimhin leo nách duine ceart oiriúnach an t-iarratasóir chun gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige no nách áitreabh oiriúnach an t-áitreabh gur ina thaobh a bheidh sé á iarraidh é chlárú, féadfaid le hordú (dá ngairmtear ordú diúltach sa Chuid seo den Acht so)—
(a) diúltú do chlárú do dhéanamh ar an iarratasóir agus ar an áitreabh gur ina thaobh a bheidh clárú á iarraidh ag an iarratasóir, no
(b) más alos áitreabh iomdha bheidh clárú á iarraidh ag an iarratasóir, an t-iarratasóir do chlárú alos coda de sna háitreibh sin ach díultú don iarratasóir do chlárú alos na coda eile de sna háitreibh sin.
(2) Luadhfar i ngach ordú diúltach na forais ar a ndearnadh an t-ordú.
(3) Má dheineann údarás sláintíochta ordú diúltach maidir le hiarratas beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) seirbheálfaidh an t-údarás sláintíochta cóip den ordú san ar an iarratasóir;
(b) cuirfidh an t-údarás sláintíochta cóip den ordú san chun an Aire;
(c) féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de lá is fiche tar éis na cóipe sin do sheirbheáil air, athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun an Aire i gcoinnibh an orduithe dhiúltaigh sin;
(d) i gcás an athchomhairc sin do dhéanamh go cuibhe, déanfaidh an tAire, tar éis do an cúrsa do bhreithniú, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, ordú ag daingniú an orduithe dhiúltaigh sin no ordú á ordú don údarás sláintíochta an t-athchomharcach do chlárú, sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád acu, do réir téarmaí an iarratais no go pé atharuithe chífear don Aire is ceart.
Toirmeasc ar bhainne do dhíol ag reachtairí bainne neachláruithe no in áitreabh nea-chláruithe.
24.—(1) Fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith, tar éis sé mhí do bheith caithte o thosach feidhme na Coda so den Acht so, gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige in aon áitreabh a bheidh suidhte i gceanntar sláintíochta maran rud é—
(a) go mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag an údarás sláintíochta don cheanntar san, agus
(b) gur áitreabh go mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh sa chlár san an t-áitreabh san.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air más é an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt, agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(3) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh cionta fén alt so an cionta san do chúiseamh.
Gnó do choimeád ar siúl ar reachtaire bhainne cláruithe d'éagadh.
25.—Má éagann duine bheidh cláruithe sa chlár de reachtairí bainne agus má dheineann ionadaí pearsanta no ball de líntighe an duine sin gnó reachtaire bhainne do choimeád ar siúl in aon áitreabh go mbeidh an duine sin cláruithe ina thaobh sa chlár san, ansan, d'ainneoin gan an t-ionadaí pearsanta no an ball san do bheith cláruithe sa chlár san i dtaobh an áitreibh sin, ní tuigfear, ar feadh mí o éagadh an duine sin, an t-ionadaí pearsanta no an ball san do shárú an ailt deiridh sin roimhe seo tríd an ngnó san do choimeád ar siúl amhlaidh.
Clárú do chur ar nea-mbrí mar gheall ar neamh-oiriúnacht reachtaire bhainne, etc.
26.—(1) Más deimhin le húdarás sláintíochta—
(a) go bhfuil duine ar bith atá cláruithe sa chlár de reachtairí bainne atá á choimeád acu gan bheith ina dhuine cheart oiriúnach a thuilleadh chun gnótha reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige, no
(b) go ndearnadh duine ar bith atá cláruithe sa chlár san do chiontú i gcionta fén Acht so no i gcionta fé sna hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1935, maidir le bainne do dhíol, no
(c) gur tré chalaois no tré cham-thuairisc, pe'ca calaoiseach no neamh-urchóideach di do fuarthas duine ar bith do chlárú sa chlár de reachtairí bainne atá á choimeád acu,
féadfaidh an t-údarás sláintíochta san, fé réir forálacha an ailt seo, féadfaid, le hordú (dá ngairmtear ordú nea-mbríochainte san alt so), clárú an duine sin sa chlár san do chur ar nea-mbrí.
(2) Más deimhin le húdarás sláintíochta gan áitreabh áirithe go bhfuil aon duine cláruithe ina thaobh sa chlár de reachtairí bainne atá á choimeád acu do bheith oiriúnach a thuilleadh chun é d'úsáid mar dhéirí féadfaidh an t-údarás sláintíochta san, fé réir forálacha an ailt seo, féadfaid le hordú (dá ngairmtear freisin ordú nea-mbríochainte san alt so) i gcás an duine sin do bheith cláruithe sa chlár san i dtaobh áitreibh eile, iontráil an áitreibh chéad-luaidhte sin sa chlár san do chur ar nea-mbrí no, in aon chás eile, clárú an duine sin sa chlár san do chur ar nea-mbrí.
(3) Luadhfar i ngach ordú nea-mbríochainte na forais ar a ndearnadh an t-ordú san.
(4) Má dheineann údarás sláintíochta ordú nea-mbríochainte ag cur clárú duine sa chlár de reachtairí bainne atá á choimeád acu ar nea-mbrí luadhfar san ordú san tréimhse ag tosnú ar dháta an orduithe sin ná beidh an duine sin ion-athchláruithe ar a feadh sa chlár san.
(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le húdarás sláintíochta do dhéanamh orduithe nea-mbríochainte i dtaobh duine (dá ngairmtear an reachtaire bainne sa bhfo-alt so) bheidh cláruithe sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag an údarás sláintíochta san, sé sin le rá:—
(a) sara ndéanfaid an t-ordú san cuirfidh an t-údarás sláintíochta san fé ndeár dréacht den ordú bheartuithe d'ullamhú;
(b) déanfaidh an t-údarás sláintíochta san fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an reachtaire bainne á rá go bhfuilid ar intinn a iarraidh ar an Aire toiliú le déanamh an orduithe bheartuithe, agus beidh cóip den dréacht san sa bhfógra san;
(c) féadfaidh an reachtaire bainne, laistigh de cheithre lá déag tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, cúis do phlé leis an Aire i dtaobh an orduithe bheartuithe;
(d) chó luath agus is féidir é tar éis an fhógra san do sheirbheáil iarrfaidh an t-údarás sláintíochta san ar an Aire toiliú le déanamh an orduithe bheartuithe, agus beidh cóip den fhógra san ag gabháil leis an iarratas san agus dáta seirbheála an fhógra san ar an reachtaire bainne cúlscríobhtha uirthi;
(e) ar an iarratas san d'fháil déanfaidh an tAire, ach ní níos túisce ná ceithre lá déag tar éis dáta seirbheála an fhógra san ar an reachtaire bainne, an t-iarratas san do bhreithniú maraon le haon chúis a phléfidh an reachtaire bainne leis agus tar éis an bhreithnithe sin déanfaidh ní acu so leanas, cadhon—
(i) toileoidh le déanamh an orduithe bheartuithe i dtéarmaí an dréachta san, no
(ii) leasóidh an dréacht san agus toileoidh le déanamh an orduithe bheartuithe i dtéarmaí an dréachta san fé mar a bheidh sé leasuithe amhlaidh, no
(iii) diúltóidh do thoiliú le déanamh an orduithe bheartuithe;
(f) ní dhéanfaidh an t-údarás sláintíochta san an t-ordú beartuithe má dhiúltuíonn an tAire do thoiliú le n-a dhéanamh, agus, má thoilíonn an tAire le n-a dhéanamh, ní dhéanfaid an t-ordú beartuithe ach i dtéarmaí an dréachta san no i dtéarmaí an dréachta san mar a bheidh sé leasuithe ag an Aire (pe'ca aca é).
(6) Má dheineann údarás sláintíochta ordú nea-mbríochainte le toiliú an Aire seirbheálfaid cóip den ordú san ar an duine le n-a mbaineann an t-ordú san, agus tiocfaidh an t-ordú san i bhefidhm an seachtú lá tar éis dáta na seirbheála san.
(7) Má thagann ordú nea-mbríochainte i bhfeidhm ag cur clárú dhuine ar nea-mbrí a bheidh cláruithe sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag údarás sláintíochta ní dhéanfaidh an t-údarás sláintíochta san, gan toiliú an Aire, an duine sin d'ath-chlárú sa chlár san i rith na tréimhse bheidh luaidhte san ordú san mar an tréimhse ná beidh an duine sin ion-athchláruithe ar a feadh sa chlár san.
(8) Má deintear duine bheidh cláruithe sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag údarás sláintíochta do chiontú den tríú huair laistigh de thréimhse de chúig bliana i gcionta fén Acht so no i gcionta fé sna hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1935, maidir le bainne do dhíol, déanfaidh an t-údarás sláintíochta san clárú an duine sin sa chlár san do chur ar nea-mbrí, agus, d'ainneoin éinní atá san Acht so, ní dhéanfaid, gan toiliú an Aire, an duine sin d'ath-chlárú sa chlár san i rith na tréimhse de bhliain dar tosach dáta an chiontuithe dheiridh de sna ciontuithe sin.
Clárú do cheartú agus do chur ar nea-mbrí.
27.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, tráth ar bith, aon iontráil sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád acu d'atharú no do chur ar nea-mbrí ar n-a iarraidh sin i scríbhinn don duine gur i dtaobh a chláruithe do rinneadh an iontráil sin no, más pearsa an duine sin, dá ionadaí pearsanta no, más cólucht corparáideach an duine sin, don tsocruitheoir.
(2) Féadfaidh údarás sláintíochta tráth ar bith, d'éamais iarratais den tsort san roimhráite, clárú dhuine ar bith sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád acu do chur ar nea-mbrí más deimhin leis an údarás sláintíochta san go bhfuil an duine sin, más pearsa é, tar éis bháis no, más cólucht corparáideach é, tar éis scurtha, agus ná dearnadh laistigh de mhí tar éis an bháis no an scurtha san aon duine eile do chlárú in ionad an duine do fuair bás no do scuireadh amhlaidh.
(3) Fé réir forálacha fo-ailt (5) den alt so féadfaidh údarás sláintíochta tráth ar bith, d'éamais iarratais den tsórt san roimhráite, clárú dhuine ar bith sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád acu do chur ar nea-mbrí más deimhin leis an údarás sláintíochta san—
(a) i gcás gan an duine sin do bheith cláruithe ach i dtaobh aon fhuirinne áitreabh amháin, go bhfuil scurtha ag an duine sin de ghnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige sa bhfuirinn áitreabh san,
(b) i gcás an duine sin do bheith cláruithe i dtaobh dhá fhuireann áitreabh no níos mó, go bhfuil scurtha ag an duine sin de ghnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige i ngach fuirinn áitreabh den tsort san.
(4) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, má bhíonn duine cláruithe, i dtaobh dhá fhuireann áitreabh no níos mó, sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag údarás sláintíochta féadfaidh an t-údarás sláintíochta san, más deimhin leo go bhfuil scurtha ag an duine sin de ghnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige in aon fhuirinn áitreabh acu san, féadfaid tráth ar bith, d'éamais iarratais den tsórt san roimhráite, clárú an duine sin i dtaobh na fuirinne áitreabh go bhfuil scurtha aige den ghnó san do bheith ar siúl aige ionta do chur ar nea-mbrí.
(5) Sara ndéanfaidh údarás sláintíochta na comhachta bronntar ortha le fo-alt (3) no le fo-alt (4) den alt so d'fheidhmiú maidir le duine ar bith a bheidh cláruithe sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád acu seirbheálfaid fógra ceithre lá déag ar a laighead ar an duine sin á rá go bhfuilid ar intinn na comhachta san d'fheidhmiú.
Clárú do chur ar nea-mbrí i gcásanna eile.
28.—(1) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta, uair amháin, ach ní níos mionca, sa bhliain, éileamh do sheirbheáil ar dhuine ar bith bheidh cláruithe sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag an údarás sláintíochta san á cheangal ar an duine sin, más mian leis leanúint de bheith cláruithe sa chlár san, fógra á rá gur mian leis leanúint de bheith cláruithe amhlaidh do chur chun an údaráis sláintíochta san roimh dheireadh na tréimhse (nách giorra ná mí o dháta seirbheála an éilimh sin) a bheidh luaidhte san éileamh san.
(2) Má thárlann do dhuine ar bith ar a seirbheálfaidh údarás sláintíochta éileamh fén alt so go dteipfidh air no go ndéanfaidh faillí maidir le fógra do chur chun an údaráis sláintíochta san roimh dheireadh na tréimhse bheidh luaidhte san éileamh san, á rá gur mian leis leanúint de bheith cláruithe sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag an údarás sláintíochta san, féadfaidh an t-údarás sláintíochta san clárú an duine sin sa chlár san do chur ar nea-mbrí.
A mbeidh i gcláir de reachtairí bainne do bheith ina fhianaise.
29.—(1) An clár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag údarás sláintíochta—
(a) tuigfear é bheith i gcoimeád ceart nuair a bheidh sé i gcoimeád oifigigh don údarás sláintíochta san a bheidh údaruithe chuige sin ag an údarás sláintíochta san, agus
(b) beidh sé ionghlactha i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar é do thabhairt i láthair ón gcoimeád ceart.
(2) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon iontrála sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag údarás sláintíochta do thabhairt in aon Chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair do bheireann le tuiscint í bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach don údarás sláintíochta san go n-údarás chuige sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a cruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh údarás aige amhlaidh.
(3) Beidh deimhniú do bheireann le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh d'údarás sláintíochta go n-údarás chuige sin agus á rá ná raibh duine áirithe ar fead tráth áirithe cláruithe sa chlár de reachtairí bainne do bhí á choimeád ag an údarás sláintíochta san, beidh san, in aon imeachta dlí, ina fhianaise prima facie ar na fíora bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é ná go raibh údarás aige amhlaidh.
(4) Beidh deimhniú do bheireann le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh d'údarás sláintíochta go n-údarás chuige sin agus á rá ná raibh áitreabh áirithe ar feadh trátha áirithe iontrálta sa chlár de reachtairí bainne do bhí á choimeád ag an údarás sláintíochta san, beidh san, in aon imeachta dlí ina fhianaise prima facie ar na fíora bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurb é an t-oifigeach san é ná go raibh údarás aige amhlaidh.
CUID III.
Rialachain Maidir le Deirithe agus Bainne, agus le hAinmhithe do scrudu.
Reachtairí áirithe bainne agus déirithe áirithe do dhúnadh amach go sealadach o Chuid III.
30.—(1) Duine—
(a) a dhíolann bainne le daoine is dílseánaigh chláruithe, do réir bhrí na nAchtanna Tora Talmhaíochta, 1924 go 1934, ar áitreibh atá cláruithe fé sna hAchtanna san agus is sealbhóirí ar cheadúnaisí ainme speisialta ar n-a ndeonadh fé Chuid IV den Acht so, agus
(b) ná díolann bainne le daoine ar bith eile, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gan gnó reachtaire bhainne do bheith ar siúl aige, agus tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so nách déirí áitreabh an duine sin.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Talmhaíochta, ordú do dhéanamh tráth ar bith á dhearbhú go scuirfidh fo-alt (1) den alt so de bheith i bhfeidhm ar dháta áirithe agus dá éis sin agus leis sin scuirfidh an fo-alt san (1) de bheith i bhfeidhm ar an dáta san agus dá éis sin.
Rialacháin maidir le déirithe agus bainne.
31.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas:—
(a) déirithe do dhéanamh;
(b) soillsiú, aeriú, dréineáil agus soláthar uisce déirithe;
(c) glanadh déirithe, agus árthaighe, meaisíní, no feithiclí a húsáidtear maidir le gnó reachtaire bhainne agus an réamh-chúram a bheidh le déanamh chun a chur in áirithe go mbeid glan;
(d) an réamh-chúram a bheidh le déanamh chun bainne do chosaint ar thruailliú no ar shíol ghalair do dhul isteach ann;
(e) an tslí ina ndéanfar bainne d'fhuaradh;
(f) bainne d'iompar agus do thabhairt amach;
(g) duillíní, marcanna no comharthaí aitheantais do chur ar ghabhadáin do bhainne;
(h) an tslí ina ndúnfar gabhadáin a húsáidtear chun bainne d'iompar no do sheachadadh;
(i) ainmhithe do chrudhadh agus na háruistí agus na meaisíní a húsáidfear chuige sin;
(j) cigireacht do dhéanamh ar dhéirithe, agus ar árthaighe, ar mheaisíní agus ar fheithiclí a húsáidtear maidir le gnó reachtaire bhainne, agus ar dhaoine go mbíonn cead dul isteach i ndéirithe acu no teacht acu ar na hárthaighe, na meaisíní no na feithiclí sin;
(k) na daoine dhéanfaidh an chigireacht san;
agus féadfaidh na rialacháin sin bheith ina rialacháin speisialta no ina rialacháin ghenerálta agus féadfar iad do dhéanamh i dtaobh Shaorstáit Éireann ar fad no i dtaobh aon choda áirithe dhe.
(2) Cialluíonn an focal “bainne” i ngach áit ina n-úsáidtear é san alt so bainne a beifear ar intinn a dhíol no bheidh á dhíol.
(3) Is le haontú an Aire Talmhaíochta déanfar gach rialachán fén alt so.
(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'aon rialachán no má theipeann air déanamh do réir aon rialacháin a déanfar fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt, agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(5) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh cionta fén alt so, no féadfar ar agra an údaráis sin mar chúisitheoir, an cionta san do chúiseamh.
Srian le bainne bheidh pasteurálta, etc., do dhíol.
32.—(1) Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Talmhaíochta, féadfaidh, o am go ham le hordú, rialacháin do dhéanamh á thoirmeasc aon bhainne, bheidh téighte go dtí teas is aoirde ná an teas a luadhfar sna rialacháin sin no bheidh pasteurálta, do dhíol ach amháin fé ainm speisialta, do réir bhrí Coda IV den Acht so, agus fé réim agus do réir cheadúnais ainme speisialta ar n-a dheonadh fén gCuid sin IV.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'aon rialachán a déanfar fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(3) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh cionta fén alt so, no féadfar ar agra an údaráis sin mar chúisitheoir, an cionta san do chúiseamh.
Toirmeasc ar bhainne do dhíol ach amháin fé ainm speisialta.
33.—(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas an údaráis sláintíochta do cheanntar sláintíochta, féadfaidh o am go ham le hordú fén bhfo-alt so, más ceanntar sláintíochta baile do réir bhrí na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, an ceanntar san, a thoirmeasc bainne do dhíol sa cheanntar san no, más ceanntar sláintíochta tuatha do réir bhrí na nAchtanna san an ceanntar san, sa cheanntar san no i gcuid áirithe dhe (do réir mar a luadhfar san ordú san) mara ndíoltar an bainne sin fé ainm speisialta do réir bhrí Coda IV den Acht so.
(2) I gcás ordú do bheith déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh aon cheanntair sláintíochta no i dtaobh coda den chéanna féadfaidh an tAire, ar iarratas an údaráis sláintíochta don cheanntar sláintíochta san, féadfaidh, le hordú fén bhfo-alt so, an t-ordú san a céad-luaidhtear do cheiliúradh.
(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarratas o údarás sláintíochta ag lorg orduithe fén alt so, sé sin le rá:—
(a) sara ndeinidh an t-údarás sláintíochta san an t-iarratas san bhéarfaid uatha an fógra puiblí sin a bheidh orduithe á rá go bhfuilid ar intinn an t-iarratas san do dhéanamh;
(b) beidh déanamh an iarratais sin—
(i) i gcás contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath no buirge Dhún Laoghaire, ina fheidhm fhorcoimeádtha chun crícheanna an Achta Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), agus
(ii) i gcás contae-bhuirge Chorcaighe, ina fheidhm fhorcoimeádtha chun crícheanna Achta Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 (Uimh. 1 de 1929), agus
(iii) i gcás contae-bhuirge Luimnigh, ina fheidhm fhorcoimeádtha chun crícheanna Achta Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934).
(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'aon ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(5) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh cionta fén alt so, no féadfar ar agra an údaráis sin mar chúisitheoir, an cionta san do chúiseamh.
Cigireacht ar ainmhithe.
34.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh máinliagha beithíoch oifigiúil no máinliagha beithíoch cláruithe eile do dhéanamh cigireachta ar ainmhithe i ndéirithe.
(2) Féadfaidh rialacháin fén alt so a údarú don duine bheidh ag déanamh na cigireachta samplaí no abhar do thógaint o ainmhí ar bith chun a scrúduithe agus a éileamh go gcrúdhfaí ainmhí ar bith ina fhianaise agus samplaí den bhainne do thógaint agus a éileamh go gcoimeádfaí ar leithligh an bainne as aon tsine áirithe agus samplaí ar leithligh den bhainne sin do thógaint.
(3) Is le haontú an Aire Talmhaíochta déanfar gach rialachán fén alt so.
(4) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'aon rialachán no má theipeann air déanamh do réir aon rialacháin a déanfar fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(5) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh cionta fén alt so, no féadfar ar agra an údaráis sin mar chúisitheoir, an cionta san do chúiseamh.
CUID IV.
Bainne do dhiol fe Ainmneacha Speisialta.
Ceadúnaisí ainme speisialta.
35.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfa sé fén alt so, a ordú cadiad na hainmneacha féadfar d'úsáid maidir le bainne díolfar no tairgfear no taisbeánfar chun a dhíolta agus déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so do “ainm speisialta” do léiriú mar thagairtí d'ainm a bheidh orduithe le rialacháin a déanfar fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire rialacháin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ag ordú ainme speisialta féadfaidh, leis na rialacháin sin no le rialacháin ina dhiaidh sin, socrú do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) ceadúnaisí (dá ngairmtear ceadúnaisí ainme speisialta sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh chun bainne do dhíol fén ainm speisialta san;
(b) na húdaráis (ar a n-áirmhítear an tAire) a dheonfaidh na ceadúnaisí sin;
(c) fuirm na gceadúnas san;
(d) na daoine dá bhféadfar na ceadúnaisí sin do dheonadh;
(e) ré na gceadúnas san;
(f) na coinníollacha nách foláir a chólíonadh sara ndeonfar na ceadúnaisí sin;
(g) na téarmaí agus na coinníollacha (ar a n-áirmhítear ceiliúradh agus cur-ar-fiunraoi) gur fé n-a réir a bheidh na ceadúnaisí sin le deonadh;
(h) pé nithe eile maidir leis na ceadúnaisí sin gur dóich leis an Aire gur ceart socrú do dhéanamh ina dtaobh.
(3) Is le haontú an Aire Talmhaíochta a déanfar gach rialachán fén alt so.
Táillí ar cheadúnaisí ainme speisialta.
36.—(1) Íocfaidh an t-iarratasóir, alos gach ceadúnais ainme speisialta, an táille orduithe leis an údarás do thug amach an ceadúnas san.
(2) Gach táille a híocfar fén alt so leis an Aire is in airgead a baileofar í agus is i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham a glacfar í agus déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgid.
(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so leis an Aire.
(4) Gach táille a híocfar fén alt so le húdarás (seachas an tAire) déanfaidh an t-údarás san í do chur de láimh i pé slí bheidh orduithe.
(5) Nuair a bheidh rialacháin á ndéanamh maidir leis an táille dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt so mar tháille orduithe féadfar táillí deifriúla d'ordú alos saghsanna deifriúla ceadúnaisí ainme speisialta agus alos ceadúnaisí ainme speisialta dheonfaidh an tAire agus údaráis eile.
A thoirmeasc ar dhaoine nea-cheadúnuithe bainne do dhíol fé ainmneacha speisialta.
37.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith—
(a) aon bhainne do dhíol no do thairiscint no do thaisbeáint chun a dhíolta fé aon ainm speisialta, ná
(b) aon bhainne do thuairisciú no tagairt do fé ainm speisialta le linn no i dtaobh an bhainne sin do dhíol no do thairiscint chun a dhíolta no le linn no i dtaobh aon iarrachta ar é dhíol no in aon fhógrán, cearcalán no fógra i dtaobh bainne,
maran sealbhóir an duine sin ar cheadúnas ainme speisialta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire chun bainne do dhíol fén ainm speisialta san.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(3) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ag an Aire no ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an cionta.
Srian leis na tuairiscí do bhéarfar ar bhainne bheidh ar díol.
38.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, rialacháin do dhéanamh fén alt so á ordú cadiad na focail no na comharthaí tuairiscithe féadfar d'úsáid, gan ceadúnas ainme speisialta d'fháil, maidir le bainne bheidh á thairiscint no á thaisbeáint chun a dhíolta, agus déanfar tagairtí san alt so do “ainm ghenerálta” do léiriú mar thagairtí d'fhocail agus do chomharthaí beidh orduithe le rialacháin a déanfar fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.
(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith úsáid do dhéanamh in aon fhógrán no cearcalán no fógra maidir le bainne bheidh á thairiscint no á thaisbeáint chun a dhíolta, no ar shlí eile maidir leis an gcéanna, d'aon fhocail no comharthaí nách ainm speisialta ná ainm ghenerálta agus a chuirfidh in úil no bheidh beartuithe chun a chur in úil gur de cháilíocht áirithe an bainne no gur hullamhuíodh é i slí áirithe no go bhfuil sé oiriúnach chun críche áirithe.
(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chead chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(4) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ag an Aire no ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an cionta.
Tuarasgabhála o údaráis sláintíochta.
39.—Má bhíonn duine ina shealbhóir ar cheadúnas ainme speisialta ar n-a dheonadh ag an Aire féadfaidh an t-údarás sláintíochta don cheanntar sláintíochta ina mbíonn gnó mar sholáthróir bainne ar siúl ag an duine sin, féadfaid, tráth ar bith, agus déanfaid, pé uair iarrfaidh an tAire san ortha, a fháil amach an bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha, ar ar deonadh an ceadúnas san á gcóilíonadh agus an toradh a thuairisciú don Aire.
CUID V.
Galar do chosc is baolach a thoicfadh as Bainne Galruithe.
Galair le n-a mbaineann Cuid V.
40.—(1) Baineann an Chuid seo den Acht so—
(a) le gach galar acu so leanas, sé sin le rá, eitinn, fiabhras breac, seach-fhiabhras breac, diftéar, craos-ghalar scannánach agus fiabhras dearg, agus
(b) le gach galar eile dearbhófar o am go ham le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina ghalar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.
(2) Féadfaidh an tAire o am go ham le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so—
(a) a dhearbhú aon ghalar (is galar is dóich leis an Aire is baolach a thiocfadh as bainne galruithe no truaillithe) do bheith ina ghalar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so;
(b) aon ordú do cheiliúradh a bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so.
(3) Is le haontú an Aire Talmhaíochta déanfar gach ordú déanfar fén alt so.
(4) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe sin do dhéanamh agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Stop do chur le soláthairtí de bhainne gur baolach galar do theacht as.
41.—(1) Má bhíonn cúis ag dochtúir oifigiúil ceanntair shláintíochta chun amhrais do bheith aige aon ghalar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do theacht, no gur baolach é do theacht, as aon bhainne do chaitheamh atá á thaisbeáint no á choimeád chun a dhíolta laistigh den cheanntar sláintíochta san, gheobhaidh amach ionad an déirí ina bhfuil an t-ainmhí no na hainmhithe o n-a bhfuarthas an bainne sin á choimeád no á gcoimeád, agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) más laistigh den cheanntar sláintíochta san a bheidh an déirí sin scrúdóidh sé an déirí agus, más oiriúnach leis é, duine ar bith a bheidh ag gabháil d'obair an déirí sin no bheidh ina chomhnaí sa déirí no bheidh ina chomhnaí in aon áitreabh ina mbeidh duine ar bith bheidh ar fostú sa déirí sin ina chomhnaí, agus, más gá é, cuirfidh mar cheangal ar an máinliagh beithíoch oifigiúil dul ina theanta agus na hainmhithe sa déirí sin do scrúdú, agus
(b) más i gceanntar sláintíochta eile bheidh an déirí sin déanfa sé láithreach, ar an slí is tapúla bheidh ar fáil, fíora an cháis agus ionad an déirí sin do chur in úil don dochtúir oifigiúil don cheanntar sláintíochta eile sin agus leis sin déanfaidh an dochtúir oifigiúil don cheanntar sláintíochta eile sin na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(i) scrúdóidh sé an déirí agus, más oiriúnach leis é, duine ar bith a bheidh ag gabháil d'obair an déirí sin no bheidh ina chomhnaí sa déirí no bheidh ina chomhnaí in aon áitreabh ina mbeidh duine ar bith ar fostú sa déirí sin ina chomhnaí agus, más gá é, cuirfidh mar cheangal ar an máinliagh beithíoch oifigiúil dul ina theanta agus na hainmhithe sa déirí sin do scrúdú, agus
(ii) déanfaidh toradh an scrúduithe sin agus éinní do rinne sé fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo do thuairisciú don údarás sláintíochta dar dochtúir oifigiúil é agus don dochtúir oifigiúil o n-a bhfuarthas an t-eolas san.
(2) Más deimhin leis an dochtúir oifigiúil do cheanntar sláintíochta, bheidh tar éis déirí do scrúdú do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, más deimhin leis de bharr an scrúduithe sin aon ghalar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do theacht no gur baolach é do theacht as bainne do chaitheamh a soláthruítear ón déirí sin féadfaidh ordú (dá ngairmtear ordú toirmisc san alt so) do dhéanamh á thoirmeasc ar an reachtaire bainne, ar fad no mara ndeintear do réir pé coinníollacha is oiriúnach leis an dochtúir oifigiúil sin a chur san ordú san, aon bhainne as an déirí sin no o aon ainmhí no ainmhithe áirithe ann do dhíol no leigint d'aon duine eile é do dhíol faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.
(3) Beidh gach ordú toirmisc sa bhfuirm orduithe agus luadhfar ann na forais ar a ndearnadh an t-ordú san.
(4) Pé uair a déanfar ordú toirmisc déanfaidh an dochtúir oifigiúil na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) cóip den ordú san do sheirbheáil ar an duine gur ina thaobh a rinneadh é, agus
(b) cóip den ordú san maraon le haon tuarasgabhála máinliaghachta agus bactéarlaíochta bheidh faighte aige do chur chun an údaráis sláintíochta darb oifigeach é agus chun an Aire.
(5) Tiocfaidh gach ordú toirmisc i bhfeidhm díreach ar é do sheirbheáil ar an duine gur ina thaobh a rinneadh é agus leanfaid i bhfeidhm mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar é do tharrac siar no é do chur ar nea-mbrí fén alt so.
(6) Más deimhin le dochtúir oifigiúil ag á mbeidh ordú toirmisc déanta nách baolach a thuilleadh galar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do theacht as an mbainne le n-a mbaineann an t-ordú san déanfaidh láithreach tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an duine gur ina thaobh do rinneadh an t-ordú san an t-ordú toirmisc sin do tharrac siar agus beidh éifeacht ag an tarrac siar san o dháta na seirbheála san.
(7) Má ghoilleann sé ar reachtaire bhainne ordú toirmisc do dhéanamh no do leanúint i bhfeidhm féadfaidh an reachtaire bainne sin athchomharc do dhéanamh chun na Cúirte Dúithche sa tslí orduithe.
(8) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hathchomharc fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, sé sin le rá:—
(a) ar an athchomharc san d'éisteacht féadfaidh an Chúirt Dúithche an t-ordú toirmisc is abhar don athchomharc san do dhaingniú, d'atharú no do chur ar nea-mbrí agus féadfaidh a ordú cé leis go n-íocfar agus cé íocfaidh costaisí an athchomhairc;
(b) ar an athchomharc san d'éisteacht cinnfidh an chúirt agus déarfaidh ce'ca do rinneadh an t-ordú toirmisc is abhar don athchomharc san de dheascaibh teipe no faillí an athchomharcaigh no aon duine bhí, díreach roimh an ordú san do dhéanamh, ina fhostaí ag an athchomharcach no ná dearnadh, no ce'ca rinneadh faillí no diúltú go mí-réasúnta maidir leis an ordú san do tharrac siar no ná dearnadh, agus ní bheidh dul thar an gcinneadh sin,
(c) ní luighfidh aon athchomharc chun na Cúirte Cuarda fé alt 84 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924).
(9) Má deintear ordú toirmisc i gcoinnibh reachtaire bhainne—
(a) beidh an reachtaire bainne sin i dteideal cúiteamh iomlán do bhaint den údarás sláintíochta in aon chaillteanas no damáiste do thárla dho mar gheall ar an ordú do dhéanamh, maran de dheascaibh a theipe no a fhaillí féin no de dheascaibh teipe no faillí duine ar bith dob' fhostaí don reachtaire bhainne sin díreach roimh an ordú san do dhéanamh do rinneadh an t-ordú san;
(b) beidh gach duine, dob' fhostaí don reachtaire bhainne sin díreach roimh an ordú san do dhéanamh, i dteideal cúiteamh iomlán do bhaint den údarás sláintíochta in aon chaillteanas no damáiste do thárla dho mar gheall ar an ordú do dhéanamh maran de dheascaibh aon teipe no faillí ina pháirt féin no i bpáirt an reachtaire bhainne sin do rinneadh an t-ordú san;
(c) beidh an reachtaire bainne sin, agus gach duine dob' fhostaí don reachtaire bhainne sin díreach roimh an ordú san do dhéanamh, i dteideal cúiteamh iomlán do bhaint den údarás sláintíochta in aon damáiste no caillteanas a thárlóidh do de dheascaibh aon fhaillí no diúltuithe mhíréasúnta i bpáirt an dochtúra oifigiúla don údarás sláintíochta san maidir leis an ordú san do tharrac siar.
(10) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le cúiteamh do bhaint amach fén bhfo-alt san roimhe seo, sé sin le rá:—
(a) fé réir forálacha na céad míre ina dhiaidh seo déanfar aon aighneas, i dtaobh aon damáiste no cailllteanais do thárlachtaint no i dtaobh méide an chúitimh, do shocrú tré eadrascán sa tslí foráltar leis an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus féadfar aon tsuim a molfar mar chúiteamh do bhaint amach mar fhiacha gháthchonnnartha i gcúirt dlighinse inniúla;
(b) maran mó ná cúig púint fhichead an cúiteamh a bheidh á éileamh féadfar, más rogha san leis an té bheidh ag éileamh an chúitimh sin, imeachta chun an chéanna do bhaint amach do bhunú sa Chúirt Dúithche.
(11) Pé uair a bheidh ordú toirmisc i bhfeidhm ní luighfidh aicsean mar gheall ar bhriseadh connartha i gcoinnibh reachtaire bhainne másé an t-ordú san fé ndeár an briseadh.
(12) Má thárlann do reachtaire bhainne ar bith go mbeidh ordú toirmisc i bhfeidhm ina thaobh de thurus na huaire go dteipfidh air no go ndéanfaidh faillí no diúltú maidir le déanamh do réir an orduithe sin beidh an reachtaire bainne sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(13) Féadfar imeachta i dtaobh cionta fén alt so do bhunú os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa cheanntar sláintíochta ina ndearnadh an cionta no sa cheanntar sláintíochta ina mbeidh an déirí le n-a mbaineann an t-ordú toirmisc, agus féadfaidh an dochtúir oifigiúil do cheachtar ceanntar sláintíochta acu san no aon oifigeach go n-údarás chuige sin ón údarás sláintíochta do cheachtar ceanntar acu san na himeachta san do bhunú.
Toirmeasc ar bhainne ghalruithe do dhíol.
42.—(1) Má dhíolann reachtaire bainne ar bith bainne ina mbeidh síol galair le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus má cruthuítear gurbh eol do roimh ré no go bhféadfadh sé ach gnáth-aire do thabhairt a fháil amach go raibh an bainne sin galruithe amhlaidh, beidh an reachtaire bainne sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no príosúntacht ar feadh tearma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(2) Féadfar an cionta fén alt so do chúiseamh ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do galruíodh an bainne no ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an cionta.
Fostaí dá fhailliú a chur in úil do reachtaire bhainne i dtaobh síol galair do theacht i mbainne.
43.—Más rud é—
(a) go dtiocfaidh síol galair le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so in aon bhainne bheidh á choimeád ag reachtaire bainne chun é dhíol, agus
(b) gurbh eol d'aon duine bhí, faid a bhí an bainne sin á choimeád amhlaidh ag an reachtaire bainne sin, ar fostú ag an reachtaire bainne sin chun crícheanna a ghnótha mar reachtaire bhainne no go raibh cúis réasúnta aige chun bheith amhrasach go dtáinig síol galair sa bhainne sin, agus
(c) go dteipfidh ar an duine sin no go bhfáilleoidh sé an t-eolas san no an chúis amhrais sin do chur in úil don reachtaire bhainne sin láithreach,
beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil na raghaidh thar caoga púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
Toirmeasc ar bhainne do dhíol go raibh teacht air ag duine galruithe.
44.—(1) Má dhíolann reachtaire bainne bainne go raibh teacht air ag duine ar bith ar a mbeidh galar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so no do bhí i mbealach galar den tsórt san do thógaint agus má cruthuítear gurbh eol do roimh ré no go bhféadfadh sé ach gnáth-aire do thabhairt a fháil amach go raibh an galar san ar an duine sin no go raibh sé i mbealach é thógaint, beidh an reachtaire bainne sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus i gceachtear cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(2) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do bhí an bainne i mbealach a ghalruithe no ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an cionta.
Toirmeasc ar theacht do bheith ar bhainne ag daoine galruithe.
45.—(1) Má thárlann do dhuine ar bith, ar a mbeidh galar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, teacht do bheith aige, le linn an ghalair sin do bheith air, ar bhainne i ndéirí, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé chun sástachta na Cúirte (i) ná raibh a fhios aige no ná féadfadh sé agus aire réasúnta thabhairt a fhios a bheith aige go raibh an galar san air, no (ii) go ndearna sé, roimh theacht do bheith aige ar an mbainne sin, a chur in úil d'únaer an déirí sin go raibh an galar san air.
(2) Má thárlann do dhuine ar bith, do bhí i mbealach galar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do thógaint, teacht do bheith aige ar bhainne i ndéirí laistigh de cheithre lá déag tar éis dó bheith i mbealach an galar san do thógaint, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé chun sástachta na Cúirte (i) ná raibh a fhios aige no ná féadfadh sé agus aire réasúnta do thabhairt a fhios a bheith aige go raibh sé i mbealach an galar san do thógaint no (ii) go ndearna sé, roimh theacht do bheith aige ar an mbainne sin, a chur in úil d'únaer an déirí sin go raibh sé i mbealach an galar san do thógaint.
(3) Má thárlann do dhuine ar bith, a chomhnuíonn in aon tigh le duine (dá ngairmtear an duine galruithe sa bhfo-alt so) ar ar tháinig galar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, teacht do bheith aige ar bhainne i ndéirí le linn an ghalair sin do bheith ar an duine galruithe, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé chun sástachta na Cúirte (i) ná raibh a fhios aige no ná féadfadh sé agus aire réasúnta do thabhairt a fhios a bheith aige go raibh an galar san ar an duine galruithe no (ii) go ndearna sé, roimh theacht do bheith aige ar an mbainne sin, a chur in úil d'únaer an déirí sin gur chomhnuigh sé in aon tigh leis an duine galruithe agus go raibh an galar san ar an duine galruithe.
(4) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear, maidir le duine ar a mbeidh galar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, an galar san do leanúint de bheith air go dtí go ndeimhneoidh dochtúir leighis cuibhe-cháilithe an duine sin do bheith saor ón ngalar san.
(5) Duine ar bith a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(6) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do bhí an bainne i mbealach a ghalruithe no ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an cionta.
Toirmeasc ar bhainne is deallrathach do bhí i mbealach a ghalruithe do dhíol gan fógra.
46.—(1) Má bhíonn galar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ar dhuine chomhnuíonn ar thalamh no in áitreabh ar bith ar a ndearnadh no ina ndearnadh aon bhainne do tháirgeadh no do choimeád no ar dhuine thaithíonn an talamh no an t-áitreabh san, beidh sé de dhualgas ar reachtaire bhainne fógra i scríbhinn ar fhíora iomlána an cháis do thabhairt, don dochtúir oifigiúil sláinte don cheanntar íclainne ina bhfuil an talamh no an t-áitreabh san, ceithre huaire fichead a' chluig ar a laighead roimh aon bhainne do táirgeadh no do coimeádadh san áitreabh san do dhíol agus má dhíolann an reachtaire bainne sin an bainne sin gan an fógra san do thabhairt uaidh no (ach amháin le cead an dochtúra oifigiúla san) roimh cheithre huaire fichead a' chluig do bheith caithte o am an fhógra san do thabhairt uaidh agus má cruthuítear gurbh eol do no go bhféadfadh sé ach gnáth-aire do thabhairt a fháil amach, roimh an gcur de láimh sin, go raibh an duine sin galruithe amhlaidh, beidh an reachtaire bainne sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(2) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do galruíodh an bainne no ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an cionta.
CUID VI.
Bainne o Ainmhithe Galruithe do dhiol.
Galair le n-a mbaineann Cuid VI.
47.—(1) Baineann an Chuid seo den Acht so—
(a) le gach galar acu so leanas a bhíonn ar ainmhithe, sé sin le rá:—
eitinn an útha,
aon eitinn sa bhroinn,
aon tsaghas eitinne ina scaoiltear amach bacilli tubercle,
aon mhorgthacht sa bhroinn,
mastitis íogair,
mastitis gainsealach,
actinomycosis an últha,
anthrax,
galar coise agus béil,
brachadh an útha,
placenta nea-shlánuithe; agus
(b) le gach galar eile dearbhófar o am go ham le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina ghalar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.
(2) Féadfaidh an tAire o am go ham le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so—
(a) a dhearbhú galar ar bith a bhíonn ar ainmhithe do bheith ina ghalar le n-a mhaineann an Chuid seo den Acht so;
(b) aon ordú do cheiliúradh a bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so.
(3) Is le haontú an Aire Talmhaíochta déanfar gach ordú déanfar fén alt so.
(4) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis an orduithe sin do dhéanamh agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Toirmeasc ar bhainne o ainmhithe ar a mbeidh galar le n-a mbaineann Cuid VI do dhíol.
48.—(1) Má dhíolann duine ar bith bainne aon ainmhí ar a mbeidh aon ghalar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus má cruthuítear go raibh an duine sin tar éis fógra d'fháil roimhe sin o oifigeach don údarás sláintíochta á chur in úil do, no gurbh eol do ar shlí eile no go bhféadfadh sé ach gnáth-aire do thabhairt a fháil amach, go raibh an galar san ar an ainmhí sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
(2) Féadfar cionta fén alt so do chúiseamh ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta bheidh an t-ainmhí á choimeád no ag an údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an cionta.
CUID VII.
Scrudu Baictearlaiochta ar Bhainne.
Scrúdóirí baictéarlaíochta do cheapadh.
49.—(1) Ceapfaidh an tAire daoine cáilithe o am go ham, pé daoine agus pé méid díobh is dóich leis is gá, chun bheith ina scrúdóirí baictéarlaíochta chun críche an Achta so agus beidh na daoine ceapfar amhlaidh i seilibh oifige faid is toil leis an Aire é.
(2) Pé uair a cheapfaidh an tAire duine ar bith chun bheith ina scrúdóir bhaictéarlaíochta déanfaidh fógra i dtaobh an cheapacháin sin d'fhoillsiú láithreach san Iris Oifigiúil agus beidh éifeacht ag an gceapachán san o dháta an fhógra san d'fhoillsiú.
(3) San Acht so cialluíonn an abairt “scrúdóir baictéarlaíochta” scrúdóir baictéarlaíochta ar n-a cheapadh ag an Aire fén alt so.
Táillí ar scrúdú bhaictéarlaíochta.
50.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so, a ordú cadiad na táillí bheidh le n'ioc le scrúdóirí baictéarlaíochta as samplaí de bhainne cuirfear chúcha fén Acht so do scrúdú agus do thástáil agus féadfaidh leis na rialacháin sin táillí deifriúla d'ordú maidir le samplaí do scrúdú agus do thástáil chun crícheanna deifriúla agus maidir leis na tástála deifriúla bheidh le déanamh ar shamplaí cuirfear chun na scrúdóirí sin amhlaidh.
Samplaí de bhainne do chur chun scrúdóra.
51.—(1) Féadfaidh an tAire agus gach údarás sláintíochta agus gach reachtaire bainne samplaí de bhainne do chur chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun iad do scrúdú agus do thástáil.
(2) Beidh i dteanta gach sampla de bhainne cuirfear chun scrúdóra bhaictéarlaíochta fén alt so iarratas i scríbhinn á iarraidh an scrúdú agus an tástáil áirithe bheidh ag teastáil do dhéanamh ar an sampla san agus, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, beidh ina theanta freisin an táille orduithe as an scrúdú agus an tástáil sin do dhéanamh.
(3) Ní bheidh aon táille iníoctha alos aon tsampla de bhainne a dhéanfaidh an tAire fén alt so a chur, chun é do scrúdú agus do thástáil, chun scrúdóra bhaictéarlaíochta bheidh ar fostú i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann.
Dualgas scrúdóra bhaictéarlaíochta.
52.—Déanfaidh gach scrúdóir baictéarlaíochta gach sampla de bhainne a cuirfear chuige do réir an Achta so do scrúdú agus do thástáil sa tslí orduithe agus, ar an scrúdú agus an tástáil sin do bheith críochnuithe, bhéarfaidh amach don té do chuir an sampla san chuige deimhniú (dá ngairmtear deimhniú baictéarlaíochta san Acht so) á rá cad ba thoradh don scrúdú agus don tástáil sin alos an tsampla san.
CUID VIII.
Comhachta chun Bainne do Shamplail.
Oifigigh shamplála bhainne.
53.—Beidh gach duine acu so leanas ina oifigeach shamplála bhainne chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—
(a) cigire ar bith,
(b) aon dochtúir oifigiúil sláinte,
(c) aon oifigeach sláintíochta d'údarás sláintíochta bheidh ceaptha (le toiliú an Aire) ag an údarás sláintíochta san chun bheith ina oifigeach shamplála bhainne.
Comhacht chun samplaí de bhainne do thógaint.
54.—(1) Féadfaidh cigire, in áit ar bith, agus féadfaidh dochtúir oifigiúil sláinte no oifigeach sláintíochta is oifigeach samplála bainne, in áit ar bith laistigh den cheanntar sláintíochta dá ngníomhann an t-oifigeach san, sampla de bhainne do thógaint gan íoc as tráth ar bith roimh an mbainne sin do sheachadadh don chaithteoir.
(2) Duine ar bith dá n-údaruítear leis an alt so sampla de bhainne do thógaint féadfaidh, chun an sampla san do thógaint, aon ghabhadán ina mbeidh bainne d'oscailt agus éinní eile do dhéanamh is dóich leis is gá chuige sin.
(3) Gach sampla de bhainne (nách bainne bheidh i ngabhadáin dúnta chun é dhíol ina mhion-choda sna gabhadáin sin) a tógfar fén alt so tógfar é sa tslí orduithe agus beidh an méid orduithe ann.
Gan cur isteach do dhéanamh ar thrácht.
55.—Nuair a bheidh na comhachta bronntar air leis an gCuid seo den Acht so á bhfeidhmiú ag oifigeach samplála in áitreabh dhuine ar bith 'na mbíonn gnó iompair earraí, de bhóthar no d'uisce no san aer, ar siúl aige déanfaidh do réir pé éilithe réasúnta ón duine sin is gá chun ná beadh cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.
Samplaí de bhainne do thógaint lasmuich de cheanntar sláintíochta ar an dochtúir oifigiúil don cheanntar san dá iarraidh sin.
56.—(1) Féadfaidh an dochtúir oifigiúil do cheanntar sláintíochta go mbeidh bainne o aon déirí lasmuich den cheanntar sláintíochta san á dhíol no á thaisbeáint chun a dhíolta laistigh de, no oifigeach ar bith eile go n-údarás chuige sin ón údarás sláintíochta don cheanntar san, féadfaidh, tré fhógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra samplála san Acht so), a cheangal ar an dochtúir oifigiúil don cheanntar sláintíochta, ina mbeidh an déirí sin no tré n-a mbeidh an bainne sin ag dul i gcúrsa a iompair ón déirí sin go dtí an ceanntar sláintíochta san, a chur fé ndeár d'oifigeach samplála samplaí den bhainne do thógaint sa déirí sin no i gcúrsa a iompair amhlaidh agus ar an bhfógra san d'fháil do cuirfidh an dochtúir oifigiúil sin is déanaí a luaidhtear fé ndeár na samplaí sin do thógaint dá réir sin.
(2) Aon chostaisí réasúnta fé n-a raghfar ag tógaint sampla de bhainne do réir fógra shamplála isé íocfaidh iad ná an t-údarás sláintíochta gurb é a n-oifigeach a thug an fógra san uaidh agus, cheal có-aontuithe, isé an tAire chinnfidh cadé méid na gcostaisí sin.
(3) Chun crícheanna aon imeachta fén Acht so, maidir le sampla de bhainne do tógadh do réir fógra shamplála, tuigfear an sampla san do thógaint lasmuich no laistigh, pe'ca is rogha leis an gcúisitheoir, de cheanntar an údaráis sláintíochta gurb é a n-oifigeach do thug an fógra san uaidh, agus dá réir sin féadfar imeachta fén Acht so do bhunú os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse laistigh den cheanntar san no os cóir Breithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa cheanntar gurb ann a tógadh an sampla san.
Samplaí do roinnt agus deighleáil leo.
57.—(1) Pé uair a dhéanfaidh oifigeach samplála, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an gCuid seo den Acht so, sampla de bhainne (nách bainne bheidh i ngabhadáin dúnta chun é dhíol ina mhion-choda sna gabhadáin sin) do thógaint, ar shlí seachas do réir fógra shamplála, roinnfidh an sampla san ina dhá chuid agus cuirfidh gach cuid i mbuidéal fé leith agus marcálfaidh an buidéal san agus cuirfidh stopaide ann agus séalóidh é sa tslí orduithe agus déanfaidh ansan mar leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás an bhainne sin do bheith, nuair a tógadh é, fé n-a urláimh ag díoltóir no ag consighneoir an chéanna no ag á ghníomhaire, déanfaidh—
(i) má ceangailtear san air, ceann de sna buidéil sin do sheachadadh don díoltóir no don chonsighneoir no don ghníomhaire sin;
(ii) an buidéal eile do choiméad sa tslí orduithe agus, más oiriúnach leis é, é do chur sa tslí orduithe chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú;
(b) i gcás gan an bainne sin do bheith, nuair a tógadh amhlaidh é, fé n-a urláimh ag an díoltóir no ag an gconsighneoir no ag á ghníomhaire, déanfaidh—
(i) ceann de sna buidéil sin do chur ar aghaidh sa tslí orduithe chun an chonsighneora;
(ii) an buidéal eile do choimeád sa tslí orduithe agus, más oiriúnach leis é, é do chur sa tslí orduithe chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú.
(2) Pé uair a dhéanfaidh oifigeach samplála, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an gCuid seo den Acht so, sampla de bhainne (nách bainne bheidh i ngabhadáin dúnta chun é dhíol ina mhion-choda sna gabhadáin sin) do thógaint do réir fógra shamplála roinnfidh an sampla san ina dhá chuid agus cuirfidh gach cuid isteach i mbuidéal fé leith agus marcálfaidh an buidéal san agus cuirfidh stopaide ann agus séalóidh é sa tslí orduithe agus déanfaidh ansan mar leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás an bhainne sin do bheith, nuair a tógadh é, fé n-a úrláimh ag díoltóir no ag consighneoir an chéanna no ag á ghníomhaire, déanfaidh—
(i) má ceangailtear san air, ceann de sna buidéil sin do sheachadadh don díoltóir no don chonsighneoir no don ghníomhaire sin;
(ii) an buidéal eile do chur sa tslí orduithe chun an dochtúra oifigiúla do thug an fógra samplála san uaidh no, má iarrann an dochtúir oifigiúil sin amhlaidh sa bhfógra samplála san, an buidéal eile sin do chur sa tslí orduithe, thar ceann an dochtúra oifigiúla san, chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú;
(b) i gcás gan an bainne sin do bheith, nuair a tógadh amhlaidh é, fé n-a urláimh ag an díoltóir no ag an gconsighneoir no ag á ghníomhaire, déanfaidh—
(i) ceann de sna buidéil sin do chur ar aghaidh sa tslí orduithe chun an chonsighneora;
(ii) an buidéal eile do chur sa tslí orduithe chun an dochtúra oifigiúla do thug an fógra samplála san uaidh no, má iarrann an dochtúir oifigiúil sin amhlaidh sa bhfógra samplála san, an buidéal eile sin do chur sa tslí orduithe, thar ceann an dochtúra oifigiúla san, chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú.
(3) Ar bhuidéal ina mbeidh sampla de bhainne do tógadh do réir fógra shamplála d'fháil do féadfaidh an dochtúir oifigiúil, más oiriúnach leis é, an buidéal do chur sa tslí orduithe chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú.
(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hoifigeach samplála do thógaint sampla de bhainne, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an gCuid seo den Acht so, is bainne bheidh i ngabhadáin dúnta chun é dhíol ina mhion-choda sna gabhadáin sin, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an t-oifigeach san ceann amháin de sna gabhadáin sin do thógaint mar an sampla san agus marcálfaidh sa tslí orduithe an gabhadán a thógfaidh amhlaidh;
(b) mara mbeidh an gabhadán san, nuair a tógfar é, fé n a urláimh ag díoltóir no ag consighneoir an chéanna no ag á ghníomhaire déanfaidh an t-oifigeach san fógra, á rá gur tógadh an gabhadán san, do sheachadadh don díoltóir no don chonsighneoir sin no do chur chuige tríd an bpost;
(c) maran do réir fógra shamplála do tógadh an gabhadán san coimeádfaidh an t-oifigeach san é agus, más oiriúnach leis é, cuirfidh é sa tslí orduithe chun scrúdóra bhaietéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú;
(d) más do réir fógra shamplála do tógadh an gabhadán san—
(i) i gcás ina ndéanfaidh an dochtúir oifigiúil do thug an fógra san uaidh a iarraidh amhlaidh sa bhfógra san, cuirfidh an t-oifigeach samplála san an gabhadán san sa tslí orduithe chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú;
(ii) i gcás ar bith eile, cuirfidh an t-oifigeach samplála san an gabhadán san sa tslí orduithe chun an dochtúra oifigiúla san agus féadfaidh seisean, más oiriúnach leis é, é chur sa tslí orduithe chun scrúdóra bhaictéarlaíochta chun a mbeidh ann do scrúdú.
(5) In aon imeachta fén Acht so beidh deimhniú bheireann le tuiscint é bheith fé láimh oifigigh shamplála do thóg sampla de bhainne do réir fógra shamplála agus á rá go ndearna sé do réir forálacha fo-ailt (2) no fo-ailt (4) (pe'ca fo-alt acu san a bhaineann leis an gcás) den alt so maidir leis an sampla san, beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní gá sighniú an oifigigh sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é.
CUID IX.
Foralacha Ilghneitheacha.
Deimhniú baictéarlaíochta do sheirbheáil agus do bheith ina fhianaise.
58.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le himeachta fén Acht so i dtaobh sampla de bhainne do tógadh agus le n-ar deighleáladh fé réim agus do réir Coda VIII den Acht so, sé sin le rá:—
(a) más rud é go bhfuair an cúisitheoir no go bhfuarthas thar a cheann deimhniú baictéarlaíochta chun crícheanna na n-imeacht san, seirbheálfar cóip den deimhniú san ar an gcosantóir i dteanta na gairme;
(b) más rud é go mbeidh beartuithe ag an gcosantóir deimhniú baictéarlaíochta do thabhairt i láthair chun críche aon imeachta den tsórt san cuirfear cóip den deimhniú san go dtí an cúisitheoir trí lá glan ar a laighead roimh lá na freagartha, agus mara gcuirtear san chuige amhlaidh féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, an éisteacht do chur siar ar pé téarmaí is dóich léi do bheith ceart;
(c) má dheineann ceachtar páirtí deimhniú baictéarlaíochta do thabhairt i láthair in aon imeachta den tsórt san, beidh san ina leor-fhianaise ar na fíora bheidh luaidhte sa deimhniú san mara n-éilídh an páirtí éile an scrúdóir baictéarlaíochta do thug an deimhniú san uaidh do ghairm mar fhínné.
Toirmeasc ar bhainne thruaillithe, etc., do dhíol.
59.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon bhainne bheidh truaillithe no salach do dhíol ná do thaisbeáint ná do thairiscint chun a dhíolta.
(2) Duine ar bith a dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(3) Aon bhainne ar a mbeidh blas colúil no o n-a mbeidh boladh colúil no ina bhfaighfear, ar é do thástáil in aon tslí orduithe, abhar colúil so-fheicse no líon bactéria in aghaidh na toirte aonaid is mó ná an líon orduithe, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur bainne truaillithe é.
(4) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta gur laistigh dá gceanntar sláintíochta do rinneadh an bainne do dhíol no do thaisbeáint no do thairiscint chun a dhíolta cionta fén alt so do chúiseamh.
Bainne do dhíol in áiteanna puiblí.
60.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith bainne do dhíol ná do sheachadadh, é féin no tré n-a sheirbhíseach, le ceannuitheoir no dho, ar aon bhóthar mór ná in aon áit phuiblí, as feithicil no as canna no gabhadán eile mara mbeidh a ainm agus a sheoladh agus na focail “Bainne ar díol” no “Uachtar ar díol” no “Bláthach ar díol” (do réir mar bheidh) scríobhtha go so-fheicse ar an bhfeithicil no ar an gcanna no ar an ngabhadán san.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
(3) Má deintear bainne do dhíol no do sheachadadh thar ceann duine tuigfear chun crícheanna an ailt seo gurb é an duine sin, agus nách é an duine do dhíol no do sheachaid é dáiríribh, do dhíol no do sheachaid an bainne sin.
Bainne deighilte no bearrtha do dhíol.
61.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, rialacháin do dhéanamh fén alt so á chur mar cheangal go ndéanfar, sa tslí foráltar leis na rialacháin sin, duillín no marc do chur ar gach stán no gabhadán eile ina mbeidh bainne deighilte no bearrtha á dhíol no á thaisbeáint no á thairiscint chun a dhíolta.
(2) Má dheineann duine ar bith aon bhainne deighilte no bearrtha do dhíol no do thaisbeáint no do thairiscint chun a dhíolta in aon stán no gabhadán eile ná beidh marc no duillín curtha air sa tslí bheidh forálta le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(3) Déanfar fo-alt (1) d'alt 1 den Public Health (Regulations as to Food) Act, 1907, mar a leasuitear san le halt 23 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na focail “skimmed or separated” atá anois i mír (d) den fho-alt san, mar a leasuítear san amhlaidh, d'fhágaint ar lár ann.
Údaráis sláintíochta do bhunú taisc-ionad bainne.
62.—Féadfaidh an t-údarás sláintíochta do cheanntar sláintíochta, le ceadú an Aire agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire d'fhorchur, taisc-ionaid do bhunú agus do chothabháil sa cheanntar san chun bainne do dhíol a bheidh ullamhuithe go speisialta chun a chaithte ag naoidheanáin fé bhun dhá bhlian d'aois, agus féadfaidh bainne do cheannach agus d'ullamhú agus pé saotharlanna agus gléasra agus nithe eile do chur ar fáil agus pé comhachta eile d'fheidhmiú is gá chun a chur ar a gcumas éifeacht do thabhairt don alt so.
Reachtairí bainne dá innsint cá bhfuarthas soláthar bainne.
63.—(1) Féadfaidh an dochtúir oifigiúil do cheanntar sláintíochta fógra i scríbhinn do sheirbheáil o am go ham ar reachtaire bhainne bhíonn ag soláthar bainne sa cheanntar sláintíochta san á cheangal air liost iomlán de sna háiteanna uile óna bhfuair sé an soláthar san, ar feadh na tréimhse luadhfar sa bhfógra san, do thabhairt don dochtúir oifigiúil sin laistigh de thrí lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil.
(2) Má dheineann reachtaire bainne ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so diúltú no faillí maidir le tuairsceán do thabhairt uaidh do réir an fhógra san no má bheireann tuairisceán uaidh a bheidh fallsa no mí-threorach in aon phonc tábhachtach beidh an reachtaire bainne sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.
Scríbhinní do sheirbheáil ar reachtairí bainne.
64.—(1) I gcás inar gá do réir an Achta so scríbhinn do sheirbheáil ar reachtaire bhainne díreofar an scríbhinn sin chun an reachtaire bhainne sin agus seirbheálfar í ar an reachtaire bhainne sin ar shlí éigin acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) tré n-a sheachadadh don reachtaire bhainne sin;
(b) tré n-a fhágaint ag an seoladh ina gcomhnuíonn an reachtaire bainne sin de ghnáth;
(c) tré n-a chur tríd an bpost i leitir chláruithe roimh-íoctha agus í dírithe chun an reachtaire bhainne sin ag an seoladh ina gcomhnuíonn sé de ghnáth.
(2) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear cuideachta bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, do bheith ina ngnáth-chomhnaí ina n-oifig chláruithe agus tuigfear gach cólucht corpruithe agus gach cólucht neamh-ionchorpruithe do bheith ina ngnáth-chomhnaí ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha.
Oifigigh do bhac.
65.—Má dheineann duine ar bith—
(a) cigire no dochtúir oifigiúil no máinliaigh beithíoch oifigiúil no oifigeach ar bith eile d'údarás sláintíochta do chosc no do bhac go toiliúil agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an Acht so no bronnfar air fé, no
(b) faillí maidir le gach cabhair réasúnta bheidh ar a chumas do thabhairt don chigire no don oifigeach san, no
(c) faillí maidir le haon eolas éileoidh an cigire no an t-oifigeach san do réir réasúin do thabhairt do,
beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt agus i gceachtar cás, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dachad scilling in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.
SCEIDEAL
ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus Caibidil | Gearr-Theideal | Méid na hAthghairme |
41 & 42 Vic., c. 74. | An Contagious Diseases (Animals) Act, 1878. | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
49 & 50 Vic., c. 32. | An Contagious Diseases (Animals) Act, 1886. | An tAcht iomlán sa mhéid ná fuil sé athghairmthe. |
53 & 54 Vic., c. 34. | An Infectious Disease (Prevention) Act, 1890. | Alt 4. |
62 & 63 Vic., c. 51. | An Sale of Food and Drugs Act, 1899. | Ailt 9 agus 11. |
7 Edw. VII, c. 53. | An Public Health Acts Amendment Act, 1907. | Ailt 53 agus 54. |
8 Edw. VII, c. 56. | An Tuberculosis Prevention (Ireland) Act, 1908. | Alt 19. |