Uimhir 3 de 1966.
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1966
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952.
(2) Forléireofar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1963, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.
Láithreáin charabhán agus láithreáin champála.
2.—(1) Déantar leis seo an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1939, a leasú mar a leanas:
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in alt 23, is é sin: “folaíonn ‘áitreabh’ talamh nach bhfuil aon fhoirgneamh air”,
(b) tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 24, is é sin:
“(g) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairtear san Acht seo an clár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála.”,
(c) tríd an mír seo a leanas a chur le halt 25, is é sin:
“(g) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é a bheith inchláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála.”, agus
(d) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25, is é sin:
“25A. Sula dtabharfaidh an tAire a thoiliú le rialacháin a dhéanamh faoi alt 25 den Acht seo ag ordú na nithe dá dtagraítear i mír (g) den alt sin, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.”,
(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 37A (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957), is é sin:
“37B. (1) I gcás áitribh ar bith, ní dleathach dá dhílseánach nó dá áititheoir é féin, ná ní dleathach dó a cheadú do dhuine ar bith, a thabhairt de thuairisc ar an áitreabh sin ná a thabhairt le tuiscint gurb éard é láithreán carabhán, páirc charabhán, campa carabhán, ionad carabhán, eastát carabhán, cúirt charabhán, carabhantal, láithreán campála, páirc champála, ionad campála, eastát campála, cúirt champála nó carrchampa nó gurb áitreabh é d'aon tuairisc eile a ordaítear chun críocha an ailt seo mura mbeidh an t-áitreabh cláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála agus go mbeidh an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála agus go mbeidh an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár sin mar dhílseánach cláraithe an áitribh sin.
(2) Duine ar bith a dhéanfaidh aon ní contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air, agus, ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná dhá phunt ina aghaidh gach lae a leanfar den chion.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.”, agus
(f) trí “áitribh a bheidh cláraithe sa chlár de láithreáin charabhán agus de láithreáin champála,” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 45 i ndiaidh “de bhrughanna ógraidh,”.
(2) Déantar leis seo alt 5 d'Acht 1952 a leasú trí “láithreáin charabhán, láithreáin champála,” a chur isteach i ndiaidh “brúnna saoire,”.
Ráthú ar iasachtaí faoi Chuid III d'Acht 1952 in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.
3.—(1) Déantar leis seo alt 17 d'Acht 1952 a leasú trí “agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i ndiaidh “slí” i bhfo-alt (2).
(2) Maidir le ráthaíocht faoi Chuid III d'Acht 1952, de bhua an leasaithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo, in airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, glacfar le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-alt (1) d'alt 18 d'Acht 1952 mar thagairt don chomhionannas in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an comhionannas sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt.
(3) I gcás—
(a) an comhionannas in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile a ríomh de bhun fho-alt (2) den alt seo, agus
(b) airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile a bheith ar na hairgid reatha ag a mbeidh, an tráth a shonraítear san fho-alt sin, par-luachanna a bunaíodh faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta,
déanfar an tagairt san fho-alt sin don ráta iomlaoide an tráth sin a ghlacadh mar thagairt don ráta iomlaoide a bunaíodh ar na luachanna sin.
Cuspóir iasachtaí arna ráthú faoi Chuid III d'Acht 1952.
4.—Déantar leis seo alt 17 d'Acht 1952 a leasú—
(a) trí “do chuairteoirí” a chur in ionad “ag áiteanna cuartaíochta” i bhfomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (1), agus
(b) trí “ag na háiteanna sin nó chucu” a scriosadh as an bhfomhír sin.
Síneadh ar an teorainn ama atá le tabhairt ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952.
5.—Déantar leis seo alt 21 d'Acht 1952 a leasú trí “fiche bliain ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “cúig bliana déag ó dháta an Achta seo a rith” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961).
Deontais neamhinaisíoctha.
6.—(1) Déantar leis seo alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959, a leasú—
(a) trí “£3,250,000” a chur in ionad “£1,000,000” i mír (a) d'fho-alt (1), agus
(b) trí “£3,000,000” a chur in ionad “£1,500,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1963) i mír (b) den fho-alt sin.
(2) Déantar leis seo alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1961, a leasú trí “agus nach mó san iomlán ná cúig mhilliún punt,” a scriosadh as fo-alt (1).
Gearrtheideal agus comhlua.
7.—(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1966, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1963, agus den Acht seo le chéile.