Uimhir 32 de 1979
ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1979
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.
1.—Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1 (1), i ndiaidh mhír (i) (a cuireadh isteach le hAcht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977):
“agus
(j) an Conradh i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh san Aithin an 28ú lá de Bhealtaine, 1979, agus
(k) cinneadh an 24ú lá de Bhealtaine, 1979, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach,”.
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
2.—(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1979, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1979, a ghairm d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, d'Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1973, d'Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977, agus den Acht seo le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
1972, Uimh, 27 | |