[EN]

Uimhir 34 de 1968


[EN]

ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1968

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1963. [6 Lúnasa, 1968.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Reifrinn bhunreachta maidir leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1968, agus leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1968.

1963, Uimh. 19.

1942, Uimh. 8.

1.—I reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an Tríú Leasú ar an mBunreacht, 1968, agus i reifreann bunreachta maidir leis an mBille um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1968—

[EN]

(a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo ar chárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963,

[EN]

(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,

[EN]

(c) aon chárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—

[EN]

(i) cuirfidh sé in iúl gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafar ann an uimhir agus an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),

[EN]

(ii) beidh ann an ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus

[EN]

(iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir, an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige go dtí an seoladh céanna a luafar ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,

[EN]

(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 maidir le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,

[EN]

(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiúin vótaíochta agus ina mhaighne:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh aon reifreann neamhbhailí mar gheall ar aon mhainneachtain sna cóipeanna sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó ina mhaighne,

[EN]

(f) nuair a bheidh Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942, á cur chun feidhme, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—

[EN]

“(5) (a) I gcás ina mbeidh páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cabhrú leis an vótálaí tríd an togra atá luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán agus a fhriafraí den vótálaí ‘An bhfuil tú ag toiliú leis an mBille sin a bheith ina dhlí nó an bhfuil tú i gcoinne an Bille sin a bheith ina dhlí?’ agus ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, marcálfaidh sé an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí, ach ní thabharfaidh sé aird ar aon treoir i scríbhinn.

[EN]

(b) Mura dtuigeann an vótálaí brí na ceiste sin—

[EN]

(i) léifidh an t-oifigeach ceannais amach don vótálaí an coimriú sin ar an togra is ábhar don reifreann atá sa ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1968,

[EN]

(ii) fiafróidh an t-oifigeach ceannais ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh— vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a athrú? nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a athrú?’, agus

[EN]

(iii) marcálfaidh an t-oifigeach ceannais ansin an páipéar ballóide de réir freagra an vótálaí, ach ní thabharfaidh sé aird ar aon treoir i scríbhinn.”

[EN]

FOSCRíBHINN

[EN]

1. Féadfaidh tú vótáil sna Reifrinn ar dhá thogra:—

[EN]

AN PáIPéAR BALLóIDE BáN

[EN]

AN BILLE UM AN TRíú LEASú AR AN mBUNREACHT, 1968: Is é atá beartaithe leis an mbille seo dáilcheantair a shocrú sa dóigh nach mbeidh an líon daoine os coinne an teachta, i gcás ar bith, os cionn, ná faoi bhun, an mheánlíon náisiúnta méid is mó ná an séú cuid, agus nach foláir aird a thabhairt ar fhairsinge agus ionsroichteacht dáilcheantar, ar a riachtanaí atá sé limistéir chaothúla ionadaíochta a bheith ann agus nach ngabhfadh dáilcheantair thar theoranta na gcontaetha.

[EN]

AN PáIPéAR BALLóIDE UAINE

[EN]

AN BILLE UM AN gCEATHRú LEASú AR AN mBUN-REACHT, 1968: Is é atá beartaithe leis an mbille seo—(1) In ionad an chórais vótála a úsáidtear faoi láthair i dtoghcháin don Dáil, córas a bheith ann ina n-úsáidfear an “vóta díreach” agus nach dtoghfar do gach dáilcheantar ar leith ach aon chomhalta amháin; (2) Coimisiún a bhunú chun na dáilcheantair a shocrú, ach é a bheith de cheart ag an Dáil na dáilcheantair a shocrófar amhlaidh a leasú; agus (3) A shocrú go bhféadfar, aon uair a lánscoirfear an Dáil, an Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a thoghadh, gan iomaíocht, mar dhara comhalta do dháilcheantar a roghnóidh sé, is dáilcheantar arb é atá ann an dáilcheantar, nó a n-áirítear ann cuid den dáilcheantar, a raibh sé ina ionadóir dó roimh an lánscor.

[EN]

2. Má THOILíONN Tú leis na tograí sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os coinne an fhocail ar an bpáipéar.

[EN]

3. MURA dTOILíONN Tú leis na tograí sa Bhille lena mbaineann an páipéar ballóide, cuir X os cionne an fhocail NíL ar an bpáipéar.

[EN]

4. Féadfar cóipeanna de na Billí a scrúdú, agus a cheannach ar shé phingin an ceann, in aon Phostoifig.

[EN]

Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin, 1963.

1963, Uimh. 19.

2.—Déantar leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin, 1963, a leasú tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I—

[EN]

“Cuid I

[EN]

FOIRM AN PHÁIPÉIR BHALLÓIDE I REIFREANN BUNREACHTA.

[EN]

(Éadan an Pháipéir)

 

An bhfuil tú ag toiliú leis an togra chun an Bunreacht a leasú atá sa Bhille thíosluaite?

Do you approve of the proposal to amend the constitution contained in the under-mentioned Bill?

 

Uimh. an Vótalaí ar an gclár

Voter's No. on register

Ná cuir marc ACH SAN AON CHEARNÓG AMHÁIN

Place a mark in ONE SQUARE ONLY

Litir

Letter

Uimh.

No.

MÁ THOILÍONN TÚ, cuir X sa chearnóg seo

IF YOU APPROVE, mark X in this square

YES

 

 

 

 

 

MURA DTOILÍONN TÚ, cuir X sa chearnóg seo

IF YOU DO NOT APPROVE, mark X in this square

NÍL

NO

 

 

 

(Cúl an Pháipéir)

Comhdhuille Uimh.

Counterfoil No. ..........

Uimh.

No..................

Dáilcheantar

Constituency of ..............................

Reifreann i dtaobh an togra chun an Bunreacht a leasú

Referendum on proposal to amend the Constitution

[EN]

Nóta—Déanfar cúl gach páipéir bhallóide a uimhriú go leantach agus an uimhir chéanna a chur ar r chúl an chomhdhuille a bheidh i gceangal leis. Déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a chló sna litreacha is lú is féidir ach iad a bheith inléite.”

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3.—(1) Féadfar Acht an Reifrinn (Leasú), 1968, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1968, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, mar aon ní amháin.