Uimhir 34 de 1987
AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH (DÍSCAOILEADH), 1987
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | Maoin agus dliteanais áirithe de chuid an Údaráis a aistriú. |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | Leasuithe ilghnéitheacha ar an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961. |
11. | Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974. |
12. | |
13. | |
14. | |
15. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985 | |
Finance Act, 1895 | 1895, c. 16 |
Public Health (Ireland) Act, 1878 | 1878, c. 52 |
Roads Act, 1920 | 1920, c. 72 |
Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984 | |
Uimhir 34 de 1987
AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH (DÍSCAOILEADH), 1987
[An tiontú oifigiúil]
[27 Nollaig, 1987]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;
ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974;
ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986;
ciallaíonn “an tÚdarás” Iompras Bhaile Átha Cliath;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí agus aon tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn siad, maidir le cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas agus na n-oibleagáidí;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair.
(2) San Acht seo déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.
An tÚdarás a dhíscaoileadh.
2.—Díscaoiltear an tÚdarás leis seo.
Maoin agus dliteanais áirithe de chuid an Údaráis a aistriú.
3.—(1) Déanfar, agus déantar leis seo, na nithe seo a leanas a aistriú chuig an Aire:
(a) an mhaoin agus na cearta uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, á sealbhú nó ar teachtadh ag an Údarás,
(b) na dliteanais uile a thabhaigh an tÚdarás roimh an tosach feidhme sin agus nach raibh urscaoilte roimh an tosach feidhme sin,
agus, dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise—
(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, don Aire ar an tosach feidhme sin go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe don Údarás, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta,
(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, ar teachtadh ag an Aire,
(iii) amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, is dliteanais de chuid an Aire na dliteanais sin.
(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an Aire leis an alt seo agus atá, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, in ainm an Údaráis déanfar, má iarrann an tAire amhlaidh, iad a aistriú isteach in ainm an Aire.
(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an Aire le fo-alt (1) den alt seo féadfar, ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agairt ina leith nó iad a ghnóthú nó a fheidhmiú ag an Aire nó i gcoinne an Aire ina ainm féin agus ní gá don Aire fógra faoin aistriú a thabhairt don duine arb é a cheart nó a dhliteanas a aistrítear leis an bhfo-alt sin.
Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don Údarás i ndoiciméid áirithe a oiriúnú.
4.—(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an tÚdarás, nó a rinneadh nó a tugadh thar a cheann, d'aon duine, nó a thug aon duine don Údarás agus ar ghlac an tÚdarás leis nó ar glacadh leis thar ceann an Údaráis agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an tÚdarás agus aon duine eile (seachas comhalta d'fhoireann an Údaráis) agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Aire ann in ionad ainm an Údaráis agus beidh sé infheidhmithe ag an Aire nó ina choinne.
(2) Aon tagairtí don Údarás a bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta seo i meabhrán agus in airteagail chomhlachais aon chuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963) déanfar, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, iad a fhorléiriú mar thagairtí don Aire.
(3) Gach scéim a rinne an tÚdarás faoi mhír 17 den Sceideal a ghabhann le hAcht 1986 agus a bheidh ceadaithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú an Aire Airgeadais agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sí, d'ainneoin alt 13 den Acht seo, de bheith i bhfeidhm agus féadfar í a leasú nó a chúlghairm le scéim arna déanamh ag an Aire faoin alt seo, fara ceadú, comhairle agus toiliú den chineál a dúradh agus déanfar tagairtí don Údarás in aon scéim den sórt sin a bhí i bhfeidhm roimh an tosach feidhme sin a fhorléiriú mar thagairtí don Aire agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 3 den Acht seo ina leith.
Imeachtaí dlí a bhí ar feitheamh.
5.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, go raibh aon imeachtaí dlí ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an tÚdarás, cuirfear ainm an Aire in ionad ainm an Údaráis sna himeachtaí agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár mar gheall ar an ionadú sin.
Díolúine ó dhleacht stampa.
6.—Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó ceart a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú don Aire.
7.—Leasaítear leis seo alt 82 d'Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968):
“(9) (a) Má dhiúltaíonn duine suim is iníoctha ag an duine le húinéir, le tiománaí nó le stiúrthóir feithicle seirbhíse poiblí as an bhfeithicil a fhruiliú nó an táille i leith iompar an duine san fheithicil, a íoc, nó go bhfágfaidh sé an céanna gan íoc, leis an úinéir, leis an tiománaí nó leis an stiúrthóir sin, de réir mar a bheidh, tabharfaidh an duine a ainm agus a sheoladh don úinéir sin, don tiománaí sin nó don stiúrthóir sin, de réir mar a bheidh, má iarrann sé air é.
(b) I gcás go ndiúltóidh nó go mainneoidh duine déanamh de réir iarraidh faoi mhír (a) den fho-alt seo nó, tar éis iarraidh den sórt sin, go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bhfuil forais réasúnacha ag an úinéir, ag an tiománaí nó ag an stiúrthóir lena mbaineann lena chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-úinéir, an tiománaí nó an stiúrthóir sin, de réir mar a bheidh, an duine a choinneáil go dtí go dtiocfaidh comhalta den Gharda Síochána.
(c) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a iarraidh—
(i) ar dhuine a dhiúltaigh nó a mhainnigh déanamh de réir iarraidh faoi mhír (a) den fho-alt seo,
(ii) ar dhuine a thug don úinéir, don tiománaí nó don stiúrthóir lena mbaineann, tar éis iarraidh faoin mír sin, ainm nó seoladh a bhfuil forais réasúnacha ag an úinéir, ag an tiománaí nó ag an stiúrthóir sin lena chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach,
nó
(iii) ar dhuine a bheidh coinnithe de bhun mhír (b) den fho-alt seo,
a ainm agus a sheoladh a thabhairt don chomhalta agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine a ainm agus a sheoladh a thabhairt, nó má thugann sé ainm nó seoladh a bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an duine a ghabháil gan bharántas agus, má tá diúltaithe nó mainnithe ag an duine a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó má tá ainm nó seoladh tugtha aige atá bréagach nó míthreorach, beidh an duine ciontach i gcion.”
Cumhachtaí áirithe faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, a thabhairt do Choimisinéir an Gharda Síochána.
8.—(1) Déantar leis seo cumhachtaí an Údaráis faoi ailt 84, 85, 89, 90, 93 (9) agus 95 d'Acht 1961 (ar cumhachtaí iad a aistríodh ó Choimisinéir an Gharda Síochána chuig an Údarás le hailt 38, 37, 32, 33, 39 (1) (b) agus 35, faoi seach, d'Acht 1986) a thabhairt do Choimisinéir an Gharda Síochána.
(2) Aon fhodhlíthe, rialacha sealadacha nó treoracha faoi fhoráil a dúradh d'Acht 1961 a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, amhail is dá mba é Coimisinéir an Gharda Síochána a rinne nó a thug faoin bhforáil sin iad.
(3) (a) Aon sín nó sín tráchta a bhí curtha ar fáil faoin alt sin 93 (9) nó 95 roimh thosach feidhme an Achta seo i limistéar feidhme an Údaráis measfar í a bheith curtha ar fáil de bhun iarrata nó ceanglais, nó le toiliú, arna dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, arna thabhairt, ag Coimisinéir an Gharda Síochána faoin alt sin 93 (9) nó 95, de réir mar a bheidh.
(b) Aon iarraidh, ceanglas nó toiliú faoin alt sin 93 (9) nó 95 a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm, amhail is dá mba é Coimisinéir an Gharda Síochána a rinne é nó, de réir mar a bheidh, a thug é faoin alt sin 93 (9) nó 95, de réir mar a bheidh.
Leasú ar Chuid VIII den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.
9.—Leasaítear leis seo Acht 1961 trí na hailt seo a leanas a chur isteach i gCuid VIII i ndiaidh alt 101:
“Rialú feithiclí le mullaird agus rampaí. | 101A.—(1) San alt seo— ciallaíonn ‘mullard’ cuaille, post nó feiste eile dá samhail atá curtha isteach i ndromchla róid nó cosáin nó feistithe air agus é ceartingearach nó chóir a bheith ceartingearach leis; ciallaíonn ‘rampa’ dronn shaorga i ród nó ar dhromchla róid; ciallaíonn ‘feidhm fhorchoimeádta’— (a) maidir le comhairle chontae nó comhlacht tofa chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna sin, (b) maidir le bardas contaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainisteoireacht na contaebhuirge. (2) Féadfaidh údarás bóithre, ar mhaithe le sábháilteacht úsáidirí bóthair, na nithe seo a leanas a chur ar fáil ina limistéar feidhme go buan nó go ceann cibé tréimhse is dóigh leis is iomchuí— (a) mullaird ar ród nó ar chosán chun úsáid bóthair phoiblí ag feithiclí inneallghluaiste nó ag feithiclí ainmhí-tharraingthe a chosc nó a shrianadh, (b) rampaí ar ród chun luas feithiclí inneallghluaiste ar bhóthar poiblí a shrianadh. (3) Féadfaidh údarás bóithre mullaird nó rampaí a bheidh curtha ar fáil aige faoin alt seo a aistriú as. (4) (a) I gcás go mbeartaíonn údarás bóithre mullard nó rampa a chur ar fáil faoin alt seo nó mullard nó rampa a cuireadh ar fáil go buan faoin alt seo a aistriú as— (i) tabharfaidh sé fógra faoin togra ar an modh forordaithe agus luafar san fhógra (I) i gcás go mbaineann an togra leis an mullard nó leis an rampa a chur ar fáil, an tréimhse dá gcuirfear ar fáil é, (II) go bhféadfar agóidí a dhéanamh i gcoinne an togra agus déanfar aon agóidí den sórt sin i scríbhinn chuig an údarás bóithre lena mbaineann, le linn tréimhse sonraithe, nach giorra ná mí amháin ó dháta an fhógra a thabhairt, agus (III) go bhféadfaidh duine a bheidh ag déanamh agóide agus ar mian leis a agóid a shonrú de bhéal, é sin a iarraidh i scríbhinn, (ii) breithneoidh sé aon agóid i scríbhinn a bheidh déanta chuige, agus nach mbeidh tarraingthe siar, i ndáil leis an togra, (iii) tabharfaidh sé d'aon duine a bheidh ag déanamh agóide agus a iarrfaidh amhlaidh i scríbhinn deis chun a agóid a shonrú os comhair duine nó daoine a bheidh ceaptha ag an údarás bóithre, agus déanfaidh an duine nó na daoine sin a agóid a bhreithniú agus tuairisc uirthi a thabhairt don údarás, (iv) rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisinéir, agus tabharfaidh seisean aon tuairimí atá aige faoin togra don údarás bóithre laistigh de dhá mhí tar éis don údarás bóithre dul i gcomhairle leis. (b) Déanfaidh an t-údarás bóithre, tar éis dó aon agóidí i gcoinne an togra agus aon tuairisc nó tuairimí faoi mhíreanna (iii) agus (iv) de mhír (a) den alt seo a bhreithniú, cinneadh a thabhairt i ndáil leis an togra agus— (i) tabharfaidh sé fógra faoin gcinneadh uaidh ar an modh forordaithe, agus (ii) cuirfidh sé fógra i scríbhinn faoin gcinneadh chuig aon agóideoirí. (5) Is feidhmeanna forchoimeádta iad cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo agus agóidí a bhreithniú faoin bhfo-alt sin. (6) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don alt seo. (b) Féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo— (i) an modh a shonrú ina dtabharfar fógra i dtaobh togra faoi mhír (a), nó cinneadh faoi mhír (b), d'fho-alt (4) den alt seo, (ii) ceanglais a shonrú i ndáil le mullaird agus rampaí a chur ar fáil faoin alt seo agus i ndáil leis na mullaird agus na rampaí a chuirfear ar fáil amhlaidh, lena n-áirítear (gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo) rialacháin ina sonraítear caighdeáin mhonaraithe, tógála agus suiteála mullard agus rampaí, (iii) a cheangal go soláthrófar soilsiú agus síneacha tráchta sonraithe ag mullaird agus rampaí a bheidh curtha ar fáil amhlaidh, agus ina gcomharsanacht, agus (iv) aicmí bóithre poiblí a shonrú a bhféadfar, nó nach ndéanfar, mullaird nó rampaí a chur ar fáil orthu. (c) Déanfaidh údarás bóithre de réir aon rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo. (7) Aon rialacháin faoi alt 32 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, amhail is dá mba faoin alt seo a rinneadh iad. (8) Aon mhullard nó rampa a chuirfear ar fáil faoin alt seo, measfar gur déanmhas é is cuid den bhóthar poiblí lena mbaineann agus is gá ar mhaithe le sábháilteacht úsáidirí bóthair. (9) (a) Aon duine a dhéanfaidh, gan údarás dlíthiúil, rampa nó mullard a bheidh curtha ar fáil faoin alt seo a aistriú as nó a dhéanfaidh damáiste dó, nó a fhéachfaidh lena aistriú as nó le damáiste a dhéanamh dó, beidh sé ciontach i gcion. (b) Maidir le cion faoin bhfo-alt seo féadfaidh an t-údarás bóithre, arb ina limistéar feidhme a rinneadh na gníomhartha arbh iad an cion iad, an cion sin a ionchúiseamh. (10) Ní chuirfidh údarás bóithre mullard ná rampa ar fáil ach amháin faoi réir agus de réir an ailt seo. |
Feithiclí atá loctha go neamhdhleathach a dhéanamh doghluaiste, a aistriú as, etc. | 101B.—(1) San alt seo— ciallaíonn ‘duine údaraithe’ duine, nó ball d'aicme daoine, atá forordaithe chun críocha an ailt seo; ciallaíonn ‘feiste doghluaisteachta’ aon fheiste nó fearas atá deartha nó oiriúnaithe lena dhaingniú d'fheithicil ionas nach féidir í a thiomáint nó a chur ag gluaiseacht ar shlí eile; ciallaíonn ‘feithicil’ feithicil inneallghluaiste. (2) I gcás go dtagann duine údaraithe ar fheithicil ar bhóthar poiblí agus í loctha ann de shárú ar aon toirmeasc nó srianadh a fhorchuirtear le halt 90 den Acht seo, féadfaidh sé nó féadfaidh duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir— (a) feiste doghluaisteachta a dhaingniú den fheithicil fad a bheidh sí san áit a bhfuair sé í, nó (b) í a bhogadh as an áit a bhfuair sé í (bíodh nó ná bíodh feiste doghluaisteachta daingnithe aige di) go dtí áit éigin eile agus feiste doghluaisteachta a dhaingniú di san áit eile sin. (3) Tráth a bheidh feiste doghluaisteachta á dhaingniú d'fheithicil, déanfar freisin fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil— (a) ina gcuirfear in iúl go bhfuil an feiste daingnithe den fheithicil agus ina dtabharfar foláireamh nár chóir iarracht a dhéanamh í a thiomáint nó a chur ag gluaiseacht ar shlí eile go dtí go mbeidh an feiste bainte di, (b) ina sonrófar na bearta a bheidh le déanamh le go mbainfear di amhlaidh é, agus (c) ina dtabharfar cibé faisnéis eile (más ann) a bheidh forordaithe. (4) Faoi réir fho-alt (5), ní fhéadfaidh aon duine ach amháin duine údaraithe nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil faoin alt seo a bhaint di. (5) (a) Ní dhéanfar feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil faoin alt seo a bhaint di ach amháin— (i) sa chás go ndéanfaidh an duine a bheidh ag iarraidh go mbainfear amhlaidh é a shuíomh, chun sástachta aon duine údaraithe, gurb é úinéir na feithicle é nó go bhfuíl údarás aige óna húinéir chun a iarraidh go mbainfear amhlaidh é agus i gcás go n-íocann sé an muirear forordaithe, (ii) chun an fheithicil a aistriú faoi alt 97 den Acht seo, nó (iii) chun an fheithicil a bhogadh faoi fho-alt (2) den alt seo. (b) I gcás go ndéanfaidh úinéir feithicle a bheidh loctha agus a mbeidh feiste doghluaisteachta daingnithe di faoin alt seo a shuíomh chun sástachta aon duine údaraithe gur locadh an fheithicil amhlaidh le linn di bheith á húsáid ag duine seachas an t-úinéir agus nach raibh an úsáid sin údaraithe ag an úinéir, déanfaidh an duine údaraithe an muirear forordaithe a tharscaoileadh agus déanfaidh sé féin nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir an feiste doghluaisteachta a bhaint den fheithicil. (c) Déanfar feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil faoin alt seo a bhaint di a luaithe is féidir le réasún tar éis an muirear forordaithe a bheith íoctha nó tarscaoilte, de réir mar a bheidh. (6) Ní dhéanfaidh aon duine seachas úinéir feithicle nó duine a bheidh údaraithe ag an úinéir sin chun an fheithicil a úsáid fógra a bheidh greamaithe den fheithicil faoin alt seo a bhaint di ná ní bhainfidh sé leis agus aon duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion. (7) Aon duine— (a) a bhacfaidh nó a choiscfidh duine údaraithe, nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir, agus é ag comhlíonadh a fheidhmeanna faoin alt seo, nó (b) a dhéanfaidh, gan údarás a bheith aige sin a dhéanamh faoin alt seo, feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil faoin alt seo a bhaint di nó a thabharfaidh faoina bhaint di, beidh sé ciontach i gcion. (8) (a) Ní dhaingneofar feiste doghluaisteachta faoin alt seo d'otharcharr, d'fheithicil briogáide dóiteáin ná d'aon fheithicil a bheidh á húsáid ag comhalta den Gharda Síochána ag comhlíonadh dualgas dó mar chomhalta den sórt sin. (b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le feithicil ar a mbeidh taispeánta go suntasach cead bailí le haghaidh tiománaí mhíchumasaithe faoi fhodhlíthe nó rialacha sealadacha arna ndéanamh faoi alt 90 den Acht seo. (9) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, rialacháin a dhéanamh d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don alt seo agus féadfar sna rialacháin sin go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, ceanglais a shonrú i ndáil leis na nithe seo a leanas, eadhon: (a) an cineál feiste doghluaisteachta a bheidh le húsáid, (b) foirm fhógra faoi fho-alt (3) den alt seo, (c) méid an mhuirir faoi fho-alt (5) den alt seo agus an modh ina n-íocfar agus an duine lena n-íocfar an muirear sin. (10) Aon rialacháin faoi alt 34 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm i ndiaidh an tosach feidhme sin, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, amhail is dá mba faoin alt seo a rinneadh iad. |
Rialú ar fheithiclí do dhul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta agus do theacht amach astu. | 101C.—(1) Féadfaidh údarás bóithre, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir, fodhlíthe a dhéanamh maidir le rialáil agus rialú ar fheithiclí nó aicme shonraithe feithicle do dhul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta i gcoitinne nó go dtí aicme shonraithe láithreáin foirgníochta nó láithreán foirgníochta sonraithe agus do theacht amach astu nó as. (2) Féadfar, le fodhlíthe faoin alt seo, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo— (a) na hamanna agus na laethanta a shonrú a gceadaítear dul isteach agus teacht amach mar a dúradh lena linn, (b) an líon feithiclí a shonrú a gceadaítear dóibh dul isteach agus teacht amach mar a dúradh le linn tréimhsí sonraithe, agus (c) a cheangal go ndéanfaí feithiclí nó aicme shonraithe feithicle a ghlanadh sula bhfágfaidh siad láithreán foirgníochta nó aicme shonraithe láithreáin foirgníochta nó láithreán foirgníochta sonraithe. (3) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion. (4) Ní bhainfidh an t-alt seo le láithreáin fhoirgníochta chun bóthar poiblí a leathnú nó a athrú ar shlí eile, nó chun deisiúcháin, cothabháil nó oibreacha eile a dhéanamh ar bhóthar poiblí nó os a chionn nó faoi, nó chun bóthar poiblí a dhéanamh. (5) Beidh feidhm ag ailt 219 agus 221 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le fodhlíthe faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le fodhlíthe faoin Acht sin. (6) Aon fhodhlíthe faoi alt 41 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm i ndiaidh an tosach feidhme sin, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, amhail is dá mba faoin alt seo a rinneadh iad. |
Oibreacha bóthair | 101D.—(1) San alt seo— ciallaíonn ‘údarás áitiúil’— (a) comhairle chontae, (b) bardas contaebhuirge nó buirge eile, nó (c) comhairle cheantair uirbigh a bheidh forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo; ciallaíonn ‘oibreacha bóthair’ deisiúcháin, cothabháil, athruithe, feabhsúcháin nó suiteálacha, nó aon oibreacha eile ar bhóthar poiblí nó os a chionn nó faoi; ciallaíonn ‘oibreacha bóthair éigeandála’ oibreacha bóthair nach foláir a dhéanamh láithreach chun caillteanas, díobháil nó damáiste do dhaoine nó do mhaoin a chosc nó chun priacal caillteanais, díobhála nó damáiste den sórt sin a laghdú. (2) (a) D'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh údarás áitiúil treoir i scríbhinn a thabhairt d'aon duine i ndáil le hoibreacha bóthair a dhéanamh ina limistéar feidhme. (b) Féadfaidh údarás áitiúil, le treoir i scríbhinn a thabharfar don duine dár tugadh treoir faoin bhfo-alt seo, an treoir dheiridh sin a chúlghairm nó a leasú. (c) Féadfaidh treoir a thabharfar do dhuine faoin bhfo-alt seo baint a bheith aici leis na hoibreacha bóthair go léir a ghlacfaidh an duine ar láimh nó le hoibreacha bóthair sonraithe a ghlacfaidh sé ar láimh. (3) Féadfar na nithe seo a leanas a shonrú i dtreoir faoi fho-alt (2) den alt seo: (a) na tréimhsí ina ndéanfar, nó nach ndéanfar, oibreacha bóthair agus na hamanna a ndéanfar nó nach ndéanfar iad, (b) an tréimhse ar laistigh di a chríochnófar oibreacha bóthair, (c) an modh a ndéanfar nó nach ndéanfar oibreacha bóthair, (d) ceanglais agus caighdeáin i ndáil le hathshuíomh sealadach nó buan a dhéanamh ar bhóthar poiblí tar éis oibreacha bóthair a dhéanamh, (e) ceanglais i ndáil le hurrús a thabhairt maidir le hathshuíomh sásúil a dhéanamh ar bhóthar poiblí tar éis oibreacha bóthair a dhéanamh, (f) ceanglais i ndáil le rialú tráchta i gcomharsanacht oibreacha bóthair. (4) Nuair a bheidh treoir á tabhairt aige faoin alt seo, beidh aird ag údarás áitiúil ar na nithe seo a leanas: (a) an gá atá le comhordú a dhéanamh, i cibé modh a fhágfaidh go mbeidh a laghad cur isteach is féidir ar an trácht de thoradh na n-oibreacha bóthair lena mbaineann, ar na tréimhsí ina ndéanfar agus ar na hamanna ag a ndéanfar na hoibreacha bóthair lena mbaineann agus oibreacha bóthair eile (bídís nó ná bídís i limistéar feidhme an údaráis áitiúil), (b) a riachtanaí atá sé a laghad cur isteach is féidir a dhéanamh ar an trácht de thoradh na n-oibreacha bóthair lena mbaineann agus oibreacha bóthair eile, (c) an phráinn atá leis na hoibreacha bóthair a dhéanamh, agus (d) aon chostas is dóigh a thabhófar de bharr na treorach. (5) (a) Ní bhaineann fo-alt (2) den alt seo le hoibreacha bóthair a dhéanamh (ar oibreacha bóthair iad a mbeadh, murach an fo-alt seo, sárú ar threoir nó rialacháin faoin alt seo i gceist lena ndéanamh) tráth ar bith má chreideann an duine atá á ndéanamh, le réasún, gur oibreacha bóthair éigeandála na hoibreacha bóthair. (b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar mhír a choisceann ar údarás áitiúil treoir a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo más deimhin leis nach gá, nó nach gá a thuilleadh, na hoibreacha bóthair lena mbaineann a dhéanamh láithreach chun caillteanas, díobháil nó damáiste do dhaoine nó do mhaoin a chosc nó chun priacal caillteanais, díobhála nó damáiste den sórt sin a laghdú. (6) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh forálacha a bheith sna rialacháin sin: (i) ina sonrófar údaráis áitiúla agus na limistéir inar ceadmhach dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, (ii) ina gceanglófar réamhfhógra i dtaobh oibreacha bóthair beartaithe, seachas oibreacha bóthair éigeandála, a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann, (iii) ina gceanglófar fógra i dtaobh oibreacha bóthair éigeandála a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann a luaithe is féidir tar éis tosú orthu, (iv) ina gceanglófar faisnéis shonraithe a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann i dtaobh— (I) oibreacha bóthair beartaithe, nó (II) oibreacha bóthair éigeandála, (v) ina sonrófar teorainneacha ama maidir le húdaráis áitiúla do thabhairt treoracha, (vi) ina sonrófar ceanglais agus caighdeáin maidir le hathshuíomh sealadach nó buan a dhéanamh ar oibreacha bóthair, (vii) ina sonrófar ceanglais i ndáil le rialú tráchta i gcomharsanacht oibreacha bóthair. (b) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin bhfo-alt seo: (i) maidir le húdaráis áitiúla éagsúla, (ii) maidir le limistéir éagsúla i limistéar feidhme údaráis áitiúil, (iii) maidir le hoibreacha bóthair de chineálacha éagsúla, (iv) le haghaidh imthosca éagsúla. (7) (a) Aon duine a sháróidh treoir nó rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear: (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó (ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air. (b) I gcás cion faoin bhfo-alt seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go bhfaighfear amach go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d'airbheartaigh go raibh sé ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, mar aon leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion agus féadfar imeachtai a thionscnamh ina aghaidh agus é a phionósú dá réir sin. (c) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear sa mhír sin (a) a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin. (8) (a) Ní bheidh údaráis áitiúla ná an tAire faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas, díobháil nó damáiste, nó le haon chaiteachas a thabhaigh duine eile de thoradh chomhlíonadh nó neamhchomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin alt seo. (b) Níl feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le húdarás áitiúil do dhéanamh oibreacha bóthair. (9) Le linn d'údarás áitiúil a fheidhmeanna a chomhlíonadh— (a) beidh aird aige ar an ngá atá le comhordú idir na hoibreacha bóthair a dhéanann sé féin ar bhóthar poiblí nó os a chionn nó faoi, agus na hoibreacha bóthair a dhéanann daoine eile, (b) beidh aird aige ar a riachtanaí atá sé a laghad cur isteach is féidir a dhéanamh ar an trácht, (c) déanfaidh sé de réir rialachán faoi fho-alt (6) i gcás go ndeirtear iontu go mbaineann siad le húdaráis áitiúla. (10) Aon fhodhlíthe nó treoracha faoi alt 40 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, ionann is dá mba rud é, i gcás fodhlíthe, gur rialacháin faoin alt seo iad agus, i gcás treoracha, gur faoin alt seo a rinneadh iad.”. |
Leasuithe ilghnéitheacha ar an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.
10.—(1) (a) Leasaítear leis seo alt 103 d'Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):
“(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta faoin Acht seo a ndearbhóidh an tAire le rialacháin gur cionta lena mbaineann an t-alt seo iad.”.
(b) Aon rialacháin faoi fho-alt (1) den alt sin 103 a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme Acht 1986 nó an Achta seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, ionann is dá mba faoi fho-alt (1) (arna chur isteach leis an alt seo) den alt sin 103 a rinneadh iad.
(2) D'ainneoin alt 13 den Acht seo, leanfaidh fo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1986) d'alt 115 d'Acht 1961 de bheith i bhfeidhm tar éis thosach feidhme an Achta seo faoi réir “nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986” a scriosadh agus “faoin Acht seo” a chur in ionad “nó fodhlíthe arna ndéanamh faoi cheachtar de na hAchtanna sin”.
Leasú ar an Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974.
11.—Leasaítear leis seo Acht 1974—
(a) in alt 1, trí na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “feidhmeanna”:
“ciallaíonn ‘busbhealach’ bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a ndearbhaítear gur busbhealach é faoi alt 2 den Acht seo;
tá le ‘feithicil inneallghluaiste’, ‘rothaí cos’, agus ‘feithicil sráidseirbhíse’ na bríonna faoi seach a shanntar dóibh leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;
tá le ‘seirbhís bóthair do phaisinéirí’ an bhrí a shanntar do ‘bótharsheirbhís do phaisinéirí’ leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932;”,
(b) in alt 2, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú gur busbhealach aon bhóthar poiblí nó aon bhóthar poiblí beartaithe nó aon chuid d'aon bhóthar poiblí nó d'aon bhóthar poiblí beartaithe.”,
(c) in alt 9, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní bheidh cead ach ag na feithiclí seo a leanas busbhealach a úsáid:
(i) feithiclí inneallghluaiste ag gabháil do sholáthar seirbhísí bóthair do phaisinéirí,
(ii) feithiclí sráidseirbhíse,
(iii) otharcharranna, feithiclí briogáide dóiteáin agus feithiclí a úsáideann comhaltaí den Gharda Síochána ag comhlíonadh a ndualgas dóibh mar chomhaltaí den sórt sin,
(iv) cibé aicmí eile feithiclí a fhorordófar, tar éis dul i gcomhairle leis ah Aire Turasóireachta agus Iompair, i ndáil le busbhealaí, busbhealaí sonraithe nó codanna sonraithe de bhusbhealaí sonraithe.
(b) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Turasóireachta agus Iompair, coinníollacha a fhorordú:
(i) i ndáil le húsáid busbhealaí, busbhealaí sonraithe nó codanna sonraithe de bhusbhealaí sonraithe ag feithiclí nó ag aicmí sonraithe feithiclí (lena n-áirítear coinníollacha ag sonrú tréimhsí úsáide busbhealaí ag aicmí sonraithe feithiclí) agus féadfar coinníollacha éagsúla a fhorordú do bhusbhealaí éagsúla agus d'aicmí éagsúla feithiclí, agus
(ii) i ndáil le haon aicmí feithiclí a fhéadfaidh, de bhua mhír (a) (iv) den fho-alt seo, busbhealaí, busbhealaí sonraithe nó codanna sonraithe de bhusbhealaí sonraithe a úsáid.
(4) (a) Ní cead do na daoine seo a leanas busbhealach a úsáid:
(i) coisithe (seachas chun rochtain a fháil chuig feithiclí a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo),
(ii) rothaithe cos agus daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí inneallghluaiste d'aicme seachas aicme a n-údaraítear di, leis an bhfo-alt sin (3), an busbhealach sin a úsáid.
(b) Daoine a mbeidh ainmhithe faoina gcúram nó faoina n-urláimh, ní ligfidh siad do na hainmhithe sin bheith ar bhusbhealach.
(5) Aon orduithe nó rialacháin a dhéanfar, de bhua alt 27 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, faoin Acht seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm, ionann is dá mba faoin Acht seo, de bhua an ailt seo, a rinneadh iad.
(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) nó (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £150 a chur air.
(7) Beidh feidhm ag an Acht seo (seachas ailt 2 (2), 7 agus 9) maidir le busbhealaí mar atá feidhm aige maidir le mótarbhealaí fara aon mhodhnuithe is gá.”
Leasú ar an Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975.
12.—Leasaítear leis seo an tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975—
(a) in alt 2, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2):
“(a) feidhmeanna i leith cionta dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) (arna gcur isteach leis an Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987) d'alt 3 (1) den Acht seo, agus
(b) cibé feidhmeanna eile a fhorordófar tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt agus féadfar feidhmeanna éagsúla a fhorordú amhlaidh i ndáil le limistéir fheidhme údarás áitiúil éagsúil.”,
(b) in alt 3—
(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta díobh seo a leanas a bheidh forordaithe, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, is é sin le rá:
(a) aon chion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, a bhaineann le toirmeasc nó srianadh ar fheithiclí inneallghluaiste a stad nó a locadh,
(b) cion faoi alt 73 den Acht Airgeadais, 1976,
(c) an cion faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Roads Act, 1920, arb é an cion é gan ceadúnas i leith na feithicle, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, arna thógáil amach faoin Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, a ghreamú den fheithicil agus a thaispeáint uirthi ar an modh a fhorordaítear leis na rialacháin sin,
(d) aon chion lena mbaineann feidhm a fhorordaítear faoi mhír (b) (arna cur isteach leis an Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987) d'alt 2 (2) den Acht seo.”, agus
(ii) trí “£150” a chur in ionad “£20” i bhfo-alt (5) (b),
agus
(c) in alt 4, trí “£150” a chur in ionad “£20” i bhfo-ailt (1) agus (3).
Aisghairm.
13.—Aisghairtear leis seo Acht 1986.
Caiteachais.
14.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riar an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
15.—(1) Féadfar an tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath (Díscaoileadh), 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1987, a ghairm den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, agus de na hAchtanna sin, le chéile.
(3) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 agus 1987, a ghairm den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé Acht 1974, agus den Acht sin, le chéile.
(4) Féadfar na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 agus 1987, a ghairm den Acht seo, a mhéid a leasaíonn sé an tAcht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975, agus den Acht sin, le chéile.
(5) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1988.