Uimhir 6 de 1974
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BÓITHRE AGUS MÓTARBHEALAÍ), 1974
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna tagairtí do chomhlíonadh cumhachtaí agus dualgas;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
ciallaíonn “mótarbhealach” bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a ndearbhaítear le hordú faoi alt 2 den Acht seo gur mótarbhealach é;
ciallaíonn “bóthar náisiúnta” bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a ndearbhaítear le hordú faoi alt 2 den Acht seo gur bóthar náisiúnta é;
tá le “údarás pleanála” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;
ciallaíonn “cead pleanála” cead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;
ciallaíonn “bóthar poiblí” aon bhóthar, sráid, bóithrín, cosán, cearnóg, cúirt, caolsráid nó scabhat, agus aon chuid den chéanna, ar údarás bóithre atá freagrach ina gcothabháil, agus folóidh sé aon droichead, tarbhealach, íosbhealach, fobhealach, tollán, tardhroichead, uasród, píopa, stua, lintéir, cosán, carrbhealaí (singil nó iolrach), pábhaille, ráille, fál, balla, bacainn, ráille cosanta, colbha, leataobh, crua-ghrua, rian rothar, oileán, místráice, láriomaire, conaireoir, compal, cuaille, mullard, sreang, cábla, sín, comhartha nó soilsiú is cuid den bhóthar nó déanmhas eile dá shamhail is cuid den bhóthar a bhfuil gá leis mar shábháilteacht, mar shaoráid nó mar thaitneamhacht do lucht úsáidte bóithre;
ciallaíonn “údarás bóithre” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh;
ciallaíonn “déanmhas” aon fhoirgneamh, tógáil, déanmhas, tochailt nó ní eile atá foirgnithe, tógtha nó déanta ar aon talamh nó ann nó faoi nó aon chuid de dhéanmhas a shainítear amhlaidh;
tá le “údarás Stáit” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;
tá le “gnóthaire reachtúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;
Cumhacht a dhearbhú gur bóithre náisiúnta nó mótarbhealaí bóithre áirithe.
2.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú gur bóthar náisiúnta aon bhóthar poiblí láithreach nó aon chuid de nó aon bhóthar poiblí beartaithe.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú gur mótarbhealach aon bhóthar poiblí láithreach nó aon chuid de nó aon bhóthar poiblí beartaithe.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.
Cumhacht bóithre a dhéanamh, a chothabháil agus a fheabhsú.
3.—(1) Féadfaidh údarás bóithre gach ní a dhéanamh is gá nó is coimhdeach chun bóithre poiblí a dhéanamh, a chothabháil nó a fheabhsú, nó chun aon chríche a ghabhann leis sin, lena n-áirítear aon taitneamhacht nó déanmhas a sholáthar mar shábháilteacht nó mar shaoráid do lucht úsáidte bóithre, agus tírdhreachadh, plandáil nó aon ghníomhaíocht dá shamhail a ghlacadh de láimh ar mhaithe leis an taitneamhacht agus an timpeallacht.
(2) Féadfaidh údarás bóithre aon déanmhas, taitneamhacht, airí nó ní a sholáthair siad mar chuid de bhóthar poiblí nó i ndáil le soláthar bóthair phoiblí a mhodhnú, a athrú, a aschur, a athshuíomh nó a aistriú go dtí ionad eile.
(3) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann ar údarás bóithre de dhliteanas, de dhualgas nó d'oibleagáid—
(a) fálta nó ballaí coinneála tadhlach le bóithre poiblí, is cúram d'aon daoine eile agus nach cuid de mhótarbhealach, a dhéanamh, a dheisiú nó a chothabháil, nó
(b) aon droichid, tolláin, crosairí iarnróid nó aon déanmhas eile, is cúram do chuideachta iarnróid nó do dhuine eile de bhua aon achtacháin, a dhéanamh, a dheisiú nó a chothabháil.
Scéimeanna le haghaidh mótarbhealaí.
4.—(1) Féadfaidh údarás bóithre, agus déanfaidh sé, má ordaíonn an tAire é, scéim a cheapadh chun mótarbhealach a sholáthar.
(2) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh scéim faoin alt seo agus tuairisceoidh sí, faoi threoir léarscála, na tailte lena mbaineann an scéim nó a ndéanann sí difear dóibh.
(3) Sula gceapfaidh údarás bóithre scéim faoin alt seo, tabharfaidh sé dá aire taitneamhachtaí radhairc agus taitneamhachtaí aiceanta a bhuan-choimeád, agus rachaidh sé chun na críche sin i gcomhairle le cibé comhlachtaí is dóigh leis an údarás bóithre is gá.
(4) Cuirfidh údarás bóithre aon scéim a cheapfaidh sé faoin alt seo faoi bhráid an Aire lena ceadú.
(5) Féadfaidh an tAire scéim a cuireadh faoina bhráid faoin alt seo a cheadú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó féadfaidh sé diúltú scéim den sórt sin a cheadú.
(6) Nuair a bheidh an tAire ag ceadú scéim a cuireadh faoina bhráid faoin alt seo, féadfaidh sé, in aon chás a measfaidh sé é a bheith réasúnach sin a dhéanamh, ordachán a thabhairt don údarás bóithre bealach rochtana oiriúnach a chur ar fáil d'aon duine a bheidh fágtha, mar gheall ar mhótarbhealach a dhéanamh, gan bealach rochtana réasúnach ó chuid amháin dá mhaoin go dtí cuid eile di, agus déanfaidh an t-údarás bóithre de réir aon ordacháin den sórt sin.
An rud a dhéanfaidh údarás bóithre sula gcuirfidh sé scéim faoi bhráid an Aire.
5.—(1) Sula gcuirfidh údarás bóithre scéim faoi bhráid an Aire de bhun alt 4 (4) den Acht seo, déanfaidh sé mar a leanas—
(a) foilseoidh sé i nuachtán nó i nuachtáin a léitear sa cheantar lena mbaineann an scéim fógra san fhoirm fhorordaithe á rá go bhfuil scéim déanta faoin Acht seo agus ag insint na dtráthanna, na laethanta agus na háite a bhféadfar cóip den scéim agus an léarscáil a luaitear inti a iniúchadh;
(b) seirbheálfaidh sé, ar gach úinéir agus ar gach áititheoir ar aon talamh lena mbaineann an scéim agus ar gach úinéir agus ar gach áititheoir ar aon talamh dá ndéanann an scéim difear agus ar féidir leis an údarás bóithre fios a ainme agus a sheoladh a fháil ó fhiosruithe réasúnacha, fógra san fhoirm fhorordaithe a inseoidh—
(i) cineál agus réim na scéime,
(ii) go gcuirfear an scéim faoi bhráid an Aire lena ceadú, agus
(iii) an tréimhse agus an tslí a bhféadfar agóidí a dhéanamh in aghaidh na scéime.
(2) Aon uair is deimhin leis an Aire maidir le fógra is gá a sheirbheáil de bhun fho-alt (1) (b) den alt seo—
(a) go bhfuil foras réasúnach ann chun seirbheáil an fhógra a ligean thar ceal, agus
(b) nach ndéanfaidh seirbheáil an fhógra a ligean thar ceal díobháil ná damáiste d'aon duine,
féadfaidh sé seirbheáil an fhógra a ligean thar ceal agus beidh éifeacht ag gach ligean thar ceal den sórt sin de réir a théarmaí.
(3) I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht seo, nó le haon ordú nó rialachán faoi, fógra a sheirbheáil ar dhuine, díreofar chuige é agus seirbheálfar air é i slí éigin acu seo a leanas:
(a) i gcás ina mbeidh sé dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó;
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;
(d) mura féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach agus gur i dtaobh aon talamh nó aitreabh a cheanglaítear nó a údaraítear an fógra a sheirbheáil trína sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a chónaíonn nó atá fostaithe ar an talamh nó san áitreabh sin nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an talamh sin nó ar an áitreabh sin nó cóngarach dó.
(4) I gcás ina gceanglaítear leis an Acht seo, nó le haon ordú nó rialachán faoi, fógra a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir aon talún nó áitribh agus nach féidir fios ainm an úinéara nó an áititheora, de réir mar a bheidh, a fháil amach ó fhiosrú réasúnach, féadfar an fógra sin a dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir”, de réir mar is gá, gan a ainm a lua.
(5) Chun críocha an ailt seo, measfar gur ina hoifig chláraithe atá gnáthchónaí ar chuideachta is cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963, agus measfar gur ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó atá gnáthchónaí ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.
Forálacha maidir le ceadú scéime ag an Aire.
1919, c. 57.
6.—(1) Sula gceadóidh an tAire scéim a cuireadh faoina bhráid faoi alt 4 (4) den Acht seo—
(a) cuirfidh sé faoi deara fiosrúchán poiblí áitiúil a dhéanamh faoi gach uile ní a bhaineann leis an scéim,
(b) breithneoidh sé an tuarascáil ón duine a rinne an fiosrúchán sin, agus
(c) breithneoidh sé aon agóidí in aghaidh na scéime a cuireadh isteach agus nár tarraingíodh siar.
(2) Aon uair a cheadóidh an tAire scéim a cuireadh faoina bhráid de bhun alt 4 (4) den Acht seo, beidh an t-údarás bóithre údaraithe air sin aon talamh a thógáil lena mbaineann an scéim nó, i gcás an scéim a bheith modhnaithe ag an Aire, lena mbaineann an scéim arna modhnú amhlaidh, agus, chun na críche sin, beidh éifeacht ag an scéim ionann is dá mba ordú ceannaigh éigeantaigh í i leith na talún sin a rinneadh agus a daingníodh go cuí de dhroim cinneadh a rinne an t-údarás bóithre de bhun alt 10 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960.
(3) Aon uair a cheadóidh an tAire scéim a chuir údarás bóithre faoina bhráid de bhun alt 4 (4) den Acht seo agus a dhearbhóidh sé gur mótarbhealach de bhun alt 2 (2) den Acht seo aon bhóthar poiblí nó aon chuid de bhóthar poiblí, nó aon bhóthar poiblí beartaithe, beidh an t-údarás bóithre údaraithe air sin aon bhealach rochtana láithreach (lena n-áirítear bealach rochtana ó bhóthar poiblí) go dtí mótarbhealach lena mbaineann an scéim nó, i gcás an scéim a bheith modhnaithe ag an Aire, lena mbaineann an scéim arna modhnú amhlaidh, a dhúnadh, a iamh, a aschur, a athrú nó a chlaonadh.
(4) In aon chás ina dtiocfadh d'aon bhealach rochtana a dhúnadh, a iamh, a aschur, a athrú nó a chlaonadh de bhun fho-alt (3) den alt seo úinéir aon talún a bheith fágtha gan aon bhealach rochtana ón talamh sin go dtí aon bhóthar poiblí, ní dhéanfaidh an t-údarás bóithre an bealach rochtana sin a dhúnadh, a iamh, a aschur, a athrú ná a chlaonadh nó go mbeidh bealach rochtana eile do dtí an bóthar poiblí curtha ar fáil.
(5) I gcás ina dtarlóidh, mar gheall ar mhótarbhealach a dhéanamh, go mbeidh údarás bóithre tar éis bealach rochtana ó aon talamh go dtí bóthar poiblí a dhúnadh, a iamh, a aschur, a athrú nó a chlaonadh de bhun fho-alt (3) den alt seo agus go mbeidh, dá dhroim sin, damáiste déanta d'aon duine mar gheall ar luach aon leasa sa talamh a bhfuil teideal aige chuige laghdú nó mar gheall ar theachtadh na talún aige a dhíshocrú air, beidh an duine sin i dteideal cúiteamh i leith an damáiste sin a ghnóthú ón údarás bóithre:
Ar choinníoll go dtabharfar, nuair a bheidh cúiteamh á mheasúnú, aird ar aon bhealach rochtana nua a bheidh curtha ar fáil ag an údarás bóithre.
(6) Déanfar, cheal comhaontaithe, éileamh ar chúiteamh faoin alt seo a chinneadh trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar an gcaoi chéanna go huile amhail is dá mba éileamh é maidir le talamh a fháil go héigeantach, ach sin faoi réir an choinníll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhadh nialais a dhéanamh.
Foráil a bhaineann le hOrdú Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath um Cheannach Éigeantach (Bóithre agus Spás Oscailte) Uimh. 1, 1971.
7.—Measfar gur scéim a ceapadh agus a cuireadh faoi bhráid an Aire lena ceadú faoi alt 4 den Acht seo Ordú Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath um Cheannach Éigeantach (Bóithre agus Spás Oscailte) Uimh. 1, 1971.
Rochtain chuig mótarbhealaí a rialú.
8.—(1) Ní bheidh rochtain ná teideal rochtana ag aon duine díreach ó aon talamh atá tadhlach le mótarbhealach go dtí an mótarbhealach ná díreach ón mótarbhealach go dtí an talamh sin, ná ní thabharfar ceart uair ar bith.
(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, ní thabharfaidh údarás pleanála cead, ná ní mheasfar cinneadh a bheith déanta ag údarás pleanála aon chead a thabhairt, le haghaidh aon fhorbartha a thabharfadh rochtain díreach go dtí mótarbhealach, ná le haghaidh aon fhorbartha ar thalamh lena mbaineann scéim a rinne údarás bóithre de bhun alt 4 den Acht seo.
(3) I gás údarás bóithre do cheapadh scéime faoi alt 4 den Acht seo, seirbheálfaidh an t-údarás pleanála don limistéar lena mbaineann an scéim fógra sa tslí fhorordaithe ar gach duine dar tugadh cead pleanála le haghaidh forbartha (nár tosaíodh nó nár críochnaíodh) ar aon talamh lena mbaineann an scéim.
(4) Déarfaidh fógra a sheirbheálfaidh údarás pleanála faoi fho-alt (3) den alt seo—
(a) go bhfuil an cead pleanála a tugadh curtha ar fionraí leis an bhfógra go dtí go gceadóidh an tAire an scéim nó go ndiúltóidh sé di faoi alt 4 (4) den Acht seo, agus, má cheadaíonn an tAire an scéim, go bhfuil an cead pleanála cúlghairthe leis an bhfógra a mhéid atá sonraithe san fhógra, nó
(b) go bhfuil an cead pleanála modhnaithe leis an bhfógra ag an údarás pleanála a mhéid atá sonraithe san fhógra.
(5) I gcás ina mbeidh bealach rochtana ó aon talamh go dtí mótarbhealach déanta ag aon duine contrártha don alt seo, féadfaidh an t-údarás bóithre, gan fógra a thabhairt d'úinéir na talún ná d'aon duine eile, gach beart is gá a dhéanamh leis an mbealach rochtana sin a dhúnadh, a iamh nó a aschur agus féadfaidh an t-údarás bóithre aon chaiteachais a thabhaigh sé le réasún ag dúnadh, ag iamh nó ag aschur an bhealaigh rochtana sin a ghnóthú ó úinéir na talún mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(6) Aon duine (seachas údarás bóithre) a dhéanfaidh, a fhoirmeoidh nó a leagfaidh amach aon bhealach rochtana go dtí mótarbhealach beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air.
(7) Aon duine (seachas údarás bóithre) a bhainfidh le haon fhál nó teorainn eile is cuid de mhótarbhealach nó a dhéanfaidh damáiste dó, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air.
Forálacha i dtaobh trácht a rialú ar mhótarbhealaí agus úsáid mótarbhealaí.
9.—(1) Féadfaidh an tAire na haicmí feithiclí inneallghluaiste a fhorordú a fhéadfaidh mótarbhealach a úsáid agus féadfar aicmí éagsúla feithiclí inneallghluaiste a fhorordú maidir le mótarbhealaí éagsúla nó codanna éagsúla de mhótarbhealach.
(2) Ní dhéanfaidh coisithe, rothaithe cos ná daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí inneallghluaiste d'aicme seachas aicme a bheidh forordaithe de bhun fho-alt (1) den alt seo mótarbhealach a úsáid, agus ní ligfidh daoine a mbeidh ainmhithe faoina gcúram nó faoina n-urláimh do na hainmhithe sin bheith ar mhótarbhealach.
(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
Rialú ar oibríochtaí gnóthairí reachtúla.
10.—(1) Na cumhachtaí a thugtar d'údarás Stáit nó do ghnóthaire reachtúil le haon achtachán nó faoi aon achtachán chun aon talamh a thochailt, nó aon ghaireas a leagan síos nó a chur suas ar feadh nó le hais aon talún, nó in, ar, faoi nó thar aon talamh, ní fheidhmeoidh an t-údarás Stáit ná an gnóthaire reachtúil sin iad maidir le haon talamh is cuid de mhótarbhealach ach amháin le toiliú an Aire.
(2) Féadfaidh an tAire toiliú nó diúltú toiliú faoin alt seo i leith oibríochtaí de chuid aon údaráis Stáit nó aon ghnóthaire reachtúil maidir le haon talamh is cuid de mhótarbhealach nó féadfaidh sé toiliú faoi réir cibé coinníollacha nó sriantachtaí a mheasfaidh sé is gá.
Ordacháin ón Aire maidir le bóithre náisiúnta agus mótarbhealaí.
11.—(1) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, ní foláir d'údarás bóithre, ag feidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh maidir le bóthar náisiúnta nó mótarbhealach, déanamh de réir gach ordachán nó aon ordachán a thabharfaidh an tAire de bhun fho-alt (2) den alt seo.
(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an údarás bóithre, ordacháin a thabhairt maidir le gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas—
(a) bainistí bóithre náisiúnta agus mótarbhealaí;
(b) pleanáil agus déanamh bóithre náisiúnta agus mótarbhealaí;
(c) na caighdeáin agus na sonraíochtaí a bheidh le feidhmiú maidir le hoibreacha a dhéanfar chun críocha bóithre náisiúnta agus mótarbhealaí;
(d) cláir oibreacha a leagan amach;
(e) oibreacha a dhéanamh;
(f) suirbhéireachtaí a dhéanamh;
(g) síneacha tráchta a chur ar bhóithre náisiúnta agus ar mhótarbhealaí; agus
(h) comhoirdniú a dhéanamh ar na hábhair sin roimhe seo go léir nó ar aon chuid acu nó ar aon ábhair a bhaineann leo i limistéar aon údaráis bhóithre áirithe nó i dteannta aon údaráis bhóithre nó údarás bóithre eile.
(3) San alt seo—
tá le “sín tráchta” an bhrí a shanntar dó leis na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 agus 1968; agus
folaíonn “oibreacha” oibreacha tógála, cothabhála agus feabhsúcháin.
Údarás bóithre do mhainniú déanamh de réir ordachán ón Aire.
12.—(1) Aon uair—
(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh údarás bóithre déanamh de réir ordachán ón Aire faoi alt 11 den Acht seo, nó
(b) a mhainneoidh údarás bóithre déanamh de réir ordachán den sórt sin chun sástacht an Aire,
féadfaidh an tAire le hordú a cheangal ar an údarás bóithre déanamh de réir an ordacháin sin nó déanamh de réir an ordacháin sin go sásúil, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh an tAire, más cuí leis, an tslí a ndéanfar, nó an tráth ar laistigh de nó na tráthanna ar laistigh díobh a dhéanfar, de réir an ordacháin sin nó an tslí sin nó an tráth nó na tráthanna sin a shonrú, agus má mhainníonn an t-údarás bóithre déanamh de réir cheanglais an ordaithe nó má mhainníonn sé déanamh de réir na gceanglas sin go sásúil, féadfaidh an tAire le hordú eile cibé feidhmeanna de chuid an údaráis bhóithre a mheasfaidh sé is gá a ghlacadh chuige féin agus féadfaidh sé as a aithle sin na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.
(2) Más é tuairim an Aire gur chaothúla gur údarás bóithre nó duine éigin eile a chomhlíonfadh, i gcoitinne nó in gcás áirithe, aon fheidhm a d'fhéadfadh an tAire a chomhlíonadh de bhua ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé—
(a) a cheangal ar an údarás bóithre an fheidhm a chomhlíonadh, nó
(b) comhaontú a dhéanamh leis an duine eile sin chun go gcomhlíonfadh an duine sin an fheidhm thar ceann an Aire,
agus as a aithle sin beidh an fheidhm sin le comhlíonadh ag an údarás bóithre nó ag an duine eile sin amhail is dá mba é an t-údarás bóithre nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh, an t-údarás bóithre ar i leith na feidhme sin aige a rinneadh an t-ordú.
Údarás bóithre d'fheidhmiú nó do chomhlíonadh feidhme i limistéar údaráis bhóithre eile.
13.—(1) Aon uair is deimhin leis an Aire—
(a) go bhfuil feidhm áirithe le comhlíonadh faoin Acht seo ag údarás bóithre áirithe, agus
(b) gur éifeachtaí a d'fhéadfadh údarás bóithre eile nó údaráis bhóithre eile an fheidhm sin a chomhlíonadh,
féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis na húdaráis bhóithre go léir lena mbaineann, comhlíonadh na feidhme sin ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis bhóithre eile a údarú, agus as a aithle sin féadfaidh an t-údarás bóithre nó na húdaráis bhóithre a údarófar amhlaidh an fheidhm sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.
(3) I gcás—
(a) feidhm de chuid údaráis bhóithre teacht chun bheith le comhlíonadh ag údarás bóithre eile faoin alt seo nó ag an Aire nó ag údarás bóithre eile nó ag duine eile faoi alt 12 den Acht seo, agus
(b) údarás faoin dlí a bheith ag an údarás bóithre céadluaite, dá ndéanfaidís an fheidhm a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, chun aon ghníomh nó ní a dhéanamh i ndáil leis an gcomhlíonadh sin,
beidh údarás ag an Aire, ag an údarás bóithre nó ag an duine eile a chomhlíonfaidh an fheidhm sin an gníomh nó an ní sin a dhéanamh i ndáil le feidhmiú nó comhlíonadh na feidhme sin aige nó acu amhail is dá mba eisean nó iadsan an t-údarás bóithre céadluaite.
(4) I gcás feidhm de chuid údaráis bhóithre teacht chun bheith le feidhmiú nó le comhlíonadh ag údarás bóithre eile faoin alt seo nó faoi alt 12 den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, aon mhaoin, fiach nó dliteanas a fuarthas nó a tabhaíodh le linn don Aire, don údarás bóithre eile nó don duine eile a bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh na feidhme a dhílsiú don údarás bóithre céadluaithe agus a aistriú chuige, agus rachaidh aon mhaoin, fiach nó dliteanas den sórt sin i ndílsiú agus in astú dá réir sin.
Forálacha ginearálta maidir le rialacháin.
14.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó mar ní atá forordaithe nó le forordú nó i leith aon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar rialachán.
(2) Féadfar le rialacháin faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh le haghaidh aicmí áirithe cásanna a bhaineann leis an ábhar céanna.
(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Tosach feidhme.
15.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla den Acht seo.
Caiteachais.
16.—Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
17.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1971, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon Acht amháin.