[EN]

Uimhir 7 de 1942.


[EN]

ACHT ÁRACHAIS (BREAC-DHÍOMHAOINTEAS), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ÁRACHAIS, IN AGHAIDH BREAC-DHÍOMHAOINTIS DE DHEASCAIBH OBAIR DO STAD MAR GHEALL AR DHOININN, DO CHUR AR FÁIL DO LÁMH-OIBRITHE AR FOSTÚ SA bhFOIRGNEOIREACHT, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN AN ÁRACHAIS SIN DO LEATHNÚ GO DTÍ LÁMH-OIBRITHE AR FOSTÚ I gCEÁRDA EILE, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[19adh Bealtaine, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar an tAcht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht so (lasmuich d'ailt 18 agus 28) i ngníomh díreach tar éis a rithte.

[EN]

(3) Tiocfaidh alt 18 den Acht so i ngníomh an lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

[EN]

(4) Tiocfaidh alt 28 den Acht so i ngníomh an lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

[EN]

Lóiriú i gcoitinne.

2.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an abairt “oifig áitiúil” malartán fostaíochta no oifig eile is oifig áitiúil chun crícheanna rialachán ar n-a ndéanamh fé alt 6 den Unemployment Insurance Act, 1920, maidir le bailiú síntiús fén Acht san;

[EN]

cialluíonn an abairt “oifigeach áitiúil” oifigeach a bheidh de thurus na huaire i bhfeighil oifige áitiúla;

[EN]

cialluíonn an abairt “seachtain chaileandair” an tréimhse de sheacht lá thosnuíonn ar uair an mheáin oíche idir an Domhnach agus an Luan;

[EN]

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

[EN]

(2) Is tuigthe chun crícheanna an Achta so gan a shé bliana déag do bheith slán ag duine go dtí tosach an séú lá déag de laethe cothruim a bhreithe agus mar sin d'aoiseanna eile.

[EN]

(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán do léiriú mar thagairtí don achtachán san ar n-a leasú no ar n-a leathnú le haon achtachán iar-aimseardha.

[EN]

Fostaíocht sa bhfoirgneoireacht.

3.—San Acht so cialluíonn an abairt “fostaíocht sa bhfoirgneoireacht” fostaíocht ar obair de chinéal is gnáth le foirgneoirí no connarthóirí foirgneoireachta do ghlacadh de láimh no do dhéanamh, agus foluíonn fostaíocht ar obair de na cinéil seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach obair a bhaineann le foirgnimh do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, d'athrú, do dheisiú, do phínteáil, d'óirnéaladh no do leagadh;

[EN]

(b) gach obair a bhaineann le hearraí feistis, píopaí, coimeádáin, feadáin, miotal-shranga no ionstruimí (le n-a n-áirmhítear fearas no inneallra meán-téidhimh no coimeádáin tein-abhair i gceangal leis an gcéanna), le haghaidh téidheamh, soillsiú, soláthar comhachta no uisce aon fhoirgnimh, do shuidheamh, d'athrú, d'fheistiú, do dheisiú, do phínteáil, d'óirnéaladh, do chothabháil no do leagadh sa bhfoirgneamh san no ar a láithreán ach gan aon obair d'áireamh a bhaineann le mór-phíopaí puiblí soláthair uisce, gáis no leictreachais do dhéanamh no do leagadh síos no le foirgnimh agus a láithreáin do cheangal le mórphíopaí den tsórt san;

[EN]

(c) gach obair is gnáth le foirgneoir no connarthóir foirgneoireachta do dhéanamh no do ghlacadh de láimh—

[EN]

(i) chun láithreáin i gcóir foirgneamh do ghlanadh agus do leagadh amach,

[EN]

(ii) chun fothaí do dhéanamh ar na láithreáin sin,

[EN]

(iii) chun gach camra no dréin no obair eile, bheidh le húsáid maidir le sláintíocht foirgneamh no díochur cosamair, do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, do dheisiú agus do chothabháil sna láithreáin sin,

[EN]

(iv) chun fallaí no fáil teorann do thógáil ar na láithreáin sin chun úsáide no cosanta no órnáidithe foirgneamh,

[EN]

(v) chun bóithre agus cosáin do dhéanamh laistigh de theoranta na láithreán san;

[EN]

(d) gach obair a bhaineann le déanamh, athrú, feistiú no deisiú earraí adhmaid, cloiche oibrithe, marmair, slinne, plástair, stroighne (le n-a áirmhítear bluic coincréid) no mianaigh stroighniúil bheidh le húsáid chun foirgnimh do dhéanamh, d'ath-dhéanamh, d'athrú, d'fheistiú, do dheisiú, d'óirnéaladh no do chothabháil, agus iad de chinéal is gnáth do dhéanamh i gceárdlanna no i gclóis foirgneoirí, ach ní fholuíonn—

[EN]

(i) aon earra no séadchomhartha bheidh ceaptha mar chuimhneachán ar dhaoine beo no ar dhaoine marbha do dhéanamh no d'athrú no do dheisiú,

[EN]

(ii) slinn do bhaint agus do ghearradh i gcoiréal,

[EN]

(iii) garbh-bhluic mharmair no chloiche do bhaint,

[EN]

(iv) baill troscáin sho-ghluaiste do dhéanamh,

[EN]

(v) earraí do dhéanamh is gá do chóireáil in oigheann no i dteiníl i gcúrsa a ndéanta,

[EN]

(vi) píopaí camra, píopaí dréineála, bríceanna, tíleacha urláir, agus tíleacha dín do dhéanamh,

[EN]

(vii) earraí do dhéanamh arb é atá ionta ar fad no go furmhór ná cumasc stroighne agus aisbeiste.

[EN]

Fostaíocht ionúrachuithe.

4.—San Acht so cialluíonn an abairt “fostaíocht ionárachuithe” fostaíocht lámh-oibre—

[EN]

(a) is—

[EN]

(i) fostaíocht sa bhfoirgneoireacht, no

[EN]

(ii) fostaíocht in aon chéird eile bheidh dearbhuithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so do bheith ina fostaíocht ionárachuithe chun crícheanna an Achta so, agus

[EN]

(b) nach fostaíocht a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

Daoine eiscithe.

5.—(1) Aon uair is deimhin leis an Aire, maidir le haon aicme daoine ar fostú ag aon fhostóir áirithe i bhfostaíocht ionárachuithe,—

[EN]

(a) gur buan-fhostaíocht fostaíocht na haicme sin daoine, ag féachaint do ghnáth-chleachtadh an fhostóra san, agus

[EN]

(b) ná baintear éinní as págh na haicme sin daoine mar gheall ar aimsir do chailliúint de dheascaibh doininne, agus

[EN]

(c) go dtagann de thosca eile fostaíocht na haicme sin daoine nach gá daoine den aicme sin d'árachú fén Acht so,

[EN]

féadfaidh deimhniú (dá ngairmtear deimhniú eisceachta san Acht so) do thabhairt amach don fhostóir sin á rá gur deimhin leis amhlaidh.

[EN]

(2) Má déantar deimhniú eisceachta i dtaobh aicme daoine do thabhairt amach d'fhostóir, ansan, duine ar bith a bheidh ar fostú ag an bhfostóir sin a bhainfidh leis an aicme sin agus a mbeidh trí bliana no níos mó caithte aige i mbuan-tseirbhís an fhostóra san, beidh sé ina dhuine eiscithe chun crícheanna an Achta so faid a bheidh an deimhniú san i bhfeidhm agus a bheidh an duine sin ar fostú ag an bhfostóir sin, agus léireofar an abairt “duine eiscithe” dá réir sin san Acht so.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire aon deimhniú eisceachta do chúlghairm tráth ar bith.

[EN]

Daoine árachuithe.

6.—San Acht so cialluíonn an abairt “duine árachuithe” duine ar bith in aois a shé mblian déag no níos mó bheidh ar fostú i bhfostaíocht ionárachuithe fé chonnradh sheirbhíse no phrintíseachta, scríobhtha no ráite, pé aca follas no tuigthe dhó agus pé aca an fostóir no duine éigin eile íocann an duine sin, agus pé aca do réir ama no an phíosa oibre no i bpáirt do réir ama agus i bpáirt do réir an phíosa oibre no ar shlí eile, no gan aon íocaíocht. airgid, a híoctar é, ach ní fholuíonn duine ar fostú fé chonnradh phrintíseachta fé ná fuil airgead ar bith iníoctha ag an bhfostóir ná duine is duine eiscithe de thurus na huaire.

[EN]

Aicmí de dhaoine árachuithe.

7.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “oibridhe oilte”—

[EN]

(a) maidir le fostaíocht sa bhfoirgneoireacht, duine árachuithe ar fostú fé chonnradh sheirbhíse no phrintíseachta (i) mar chearpantóir, siúinéir, meaisíneach gearrtha adhmaid, saor bríce, saor cloiche, gearrthóir cloiche, cloch-shuíodóir, oibridhe terrazzo agus mósaic, tíleoir urláir agus falla, pláistéir, slinneadóir, dín-tíleoir, pínteoir, páipéarthóir, óirnéalaidhe, gloineadóir, luadóir, feisteoir teas-fhearais, gás-fheisteoir, líomhnóir adhmaid no leictreoir, no (ii) in aon fheidhmeannas eile a chinnfidh an tAire, go generálta no in aon chás áirithe, do bheith ina fhostaíocht oibridhe oilte,

[EN]

(b) maidir le fostaíocht in aon chéird eile bheidh dearbhuithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fén Acht so do bheith ina fostaíocht ionárachuithe chun crícheanna an Achta so, duine árachuithe ar fostú fé chonnradh sheirbhíse no phrintíseachta (i) i bhfeidhmeannas a bheir gur oibridhe oilte, mar a mínítear san leis an ordú san, an duine sin no (ii) in aon fheidhmeannas eile a chinnfidh an tAire, go generálta no in aon chás áirithe, do bheith ina fhostaíocht oibridhe oilte;

[EN]

cialluíonn an abairt “oibridhe neamh-oilte” duine árachuithe nach oibridhe oilte;

[EN]

cialluíonn an abairt “duine óg” duine árachuithe a mbeidh sé bliana déag slán aige ach ná beidh bliain is fiche slán aige.

[EN]

(2) Ní déanfar duine (seachas duine a mbeidh bliain is fiche slán aige roimh dháta thosach feidhme ailt 18 den Acht so) d'áireamh ina oibridhe oilte ná ina oibridhe neamh-oilte go dtí an chéad lá tar éis deireadh na bliana árachais ina slánóidh sé bliain is fiche.

[EN]

(3) Duine shlánóidh bliain is fiche tar éis dáta thosach feidhme ailt 18 den Acht so, áirmheofar é ina dhuine óg go lá deiridh na bliana árachais ina slánóidh an aois sin.

[EN]

(4) Duine árachuithe is oibridhe oilte agus a n-athróidh a ghnáth-shlí bheatha i riocht go ndéanfaidh oibridhe neamh-oilte dhe, áirmheofar é ina oibridhe oilte go dtí an dáta cruthófar chun sástacht an Aire gur athruigh gnáth-shlí bheatha an duine árachuithe sin amhlaidh.

[EN]

(5) Duine árachuithe is oibridhe neamh-oilte agus a n-athróidh a ghnáth-shlí bheatha i riocht go ndéanfaidh oibridhe oilte dhe, áirmheofar é ina oibridhe neamh-oilte go dtí an dáta cruthófar chun sástacht an Aire gur athruigh gnáth-shlí bheatha an duine árachuithe sin amhlaidh.

[EN]

Doineann agus breac-dhíomhaointeas.

8.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an focal “doineann” aimsir dá dtiocfaidh, toisc báisteach, stoirm, sneachta, cloich-shneachta, sioc, tuile no míshíon eile é bheith nea-shábhálta no neamh-fhéideardha go sealadach obair i bhfostaíocht ionárachuithe áirithe do dhéanamh ag féachaint do shláinte no sábháltacht na ndaoine bheidh sa bhfostaíocht san no do nádúir no riachtanais teicniúla na hoibre;

[EN]

cialluíonn an focal “breac-dhíomhaointeas” díomhaointeas agus cailliúint iarmartach páigh de dheascaibh stad oibre, is dosheachanta mar gheall ar dhoininn, i bhfostaíocht ionárachuithe, agus léireofar an focal “breac-dhíomhaoin” dá réir sin.

[EN]

Bliain árachais.

9.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “bliain árachais” pé tréimhse bheidh orduithe.

[EN]

(2) Go dtí go ndéanfaidh an tAire rialacháin á ordú cadé an tréimhse is bliain árachais, is bliain árachais chun crícheanna an Achta so gach tréimhse aca so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an tréimhse (dá ngairmtear an chéad bhliain árachais san Acht so) dar tosach dáta tosach feidhme ailt 18 den Acht so agus dar críoch an chéad Domhnach den mhí Dheireadh Fómhair díreach tar éis dáta tosach feidhme an ailt sin 18,

[EN]

(b) tréimhse ar bith (is tréimhse tar éis na céad bhliana árachais) dar tosach an Luan tar éis an chéad Domhnaigh de gach mí Dheireadh Fómhair agus dar críoch an chéad Domhnach de mhí Dheireadh Fómhair na bliana ina dhiaidh sin.

[EN]

An tAire do thabhairt bhreithe ar cheisteanna.

10.—(1) Má eiríonn ceist ar bith—

[EN]

(a) i dtaobh aon fhostaíocht áirithe no aon chinéal áirithe fostaíochta do bheith ina fostaíocht do bhéarfadh gur duine árachuithe do réir bhrí an Achta so an duine ar fostú inti no i dtaobh duine do bheith ina dhuine árachuithe do réir bhrí an Achta so no gan a bheith, no

[EN]

(b) i dtaobh duine árachuithe do bheith ina oibridhe oilte no ina oibridhe neamh-oilte no ina dhuine óg do réir bhrí an Achta so, no

[EN]

(c) i dtaobh cé hé no cérbh é fostóir aon duine árachuithe áirithe, no

[EN]

(d) i dtaobh ráta an tsíntiúis seachtainiúil is iníoctha fén Acht so maidir le duine árachuithe,

[EN]

bhéarfaidh an tAire breith ar an gceist, ach in ionad é féin do thabhairt bhreithe uirthi féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an cheist do chur fé bhráid na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith a bheidh mí-shásta leis an mbreith do bhéarfaidh an tAire fén alt so athchomharc chun na hArd-Chúirte i gcoinnibh na breithe sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, ar fháil fios fíoras nua dhó, aon bhreith a bheith tugtha aige fén alt so d'athscrúdú no d'ais-iompódh nach breith a mbeidh athchomharc ina coinnibh ar feitheamh no a mbeidh an t-am chun athchomharc ina coinnibh gan caitheamh, agus féadfar athchomharc i gcoinnibh aon bhreithe athscrúduithe no aisiompuithe den tsórt san fé mar a féadfaí i gcoinnibh bun-bhreithe.

[EN]

(4) Na rialacha cúirte le n-a rialáltar athchomhairc agus reifeartha chun na hArd-Chúirte fé fho-alt (3) d'alt 10 den Unemployment Insurance Act, 1920, bainfid le hathchomhairc agus reifeartha chun na hArd-Chúirte fén alt so.

[EN]

(5) Beidh an tAire i dteideal teacht i láthair agus éisteacht d'fháil le linn aon athchomharc no reifreadh fén alt so do bheith á éisteacht.

[EN]

(6) D'ainneoin éinní atá in Acht ar bith is chun breithimh aonair den Ard-Chúirt a hainmneofar chuige sin ag an bPrímh-Bhreitheamh a déanfar athchomharc no reifreadh fén alt so, agus ní bheidh dul thar breith na hArd-Chúirte ar athchomharc no ar reifreadh fén alt so.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire a ordú le rialacháin cadé an nós imeachta is leanta nuair a bheidh ag breithniú ceisteanna a mbeidh air breith do thabhairt ortha fén Acht so.

[EN]

An tAcht so do bhaint le daoine ar fostú ag an Stát.

11.—Baineann an tAcht so le daoine ar fostú i bhfostaíocht ionárachuithe ag an Stát le n-a mbainfeadh an tAcht so dá mba dhuine príobháideach an fostóir, lasmuich den mhéid de na daoine sin atá ag fónamh i bhfeidhmeannas bhunuithe i mbuantseirbhís an Stáit no atá, tar éis deimhnithe bheith deonta dhóibh ag Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, ag cur tréimhse promhtha dhíobh roimh a mbunú.

[EN]

Rialacháin i gcoitinne.

12.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh chun aon chríche no crícheanna aca so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) chun aon chríche chun a n-údaruítear go soiléir le haon cheann d'fhorálacha an Achta so rialacháin do dhéanamh;

[EN]

(b) chun éinní d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú; agus

[EN]

(c) i gcoitinne chun an Achta so do chur in éifeacht.

[EN]

Rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtas.

13.—Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann aon Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar neambrí dá réir sin ach san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Costais an Aire.

14.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

[EN]

Brí na n-abairtí “fostaíocht ionárachuithe” agus “oibridhe oilte” do leathnú.

15.—(1) Le haontú an Aire Airgeadais féadfaidh an tAire, le hordú, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis é—

[EN]

(a) a dhearbhú fostaíocht in aon chéird áirithe (ar n-a míniú mar is oiriúnach leis an Aire) do bheith ina fostaíocht ionárachuithe chun crícheanna an Achta so,

[EN]

(b) míniú do thabhairt, tré thagairt d'fhostaíocht sna feidhmeannais sin a mheasfaidh an tAire do bheith ceart agus a luadhfaidh san ordú san, ar an abairt “oibridhe oilte” maidir leis an bhfostaíocht a dearbhófar leis an ordú san do bheith ina fostaíocht ionárachuithe.

[EN]

(2) Ní thiocfaidh aon ordú déanfar fén alt so i bhfeidhm mara ndéantar ná go dtí go ndéanfar é leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas agus é dhaingniú le rún o gach Tigh aca san.

CUID II.

Arachas Eigeanta in Aghaidh Breac-Dhiomhaointis.

[EN]

Daoine árachuithe d'árachú in aghaidh breacdhíomhaointis.

16.—Ní foláir gach duine árachuithe d'árachú in aghaidh breacdhíomhaointis sa tslí foráltar leis an Acht so.

CUID III.

Sintiuis o Fhostoiri agus Daoine Arachuithe.

[EN]

Bun-tsrutha na síntiús.

17.—Na eistí is gá chun sochar foirlíontach do thabhairt agus chun aon íocaíochta eile do dhéanamh a bheidh, fén Acht so, le n-íoc as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh a bunófar fén Acht so is amhlaidh do gheobhfar iad go leathrannach as sintiúis seachtainiúla o dhaoine árachuithe agus go leathrannach as síntiúis seachtainiúla o fhostóirí na ndaoine sin.

[EN]

Fostóirí agus daoine árachuithe d'íoc síntiús.

18.—(1) Dlighfidh gach duine árachuithe de na haicmí luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus gach fostóir ar aon duine árachuithe den tsórt san síntiúis (dá ngairmtear síntiúis seachtainiúla san Acht so) d'íoc go seachtainiúil do réir na rátaí fé seach a luaidhtear sa dara colún agus sa tríú colún den Sceideal san no, má déantar fén Acht so rátaí eile do chur in ionad na rátaí sin a céad-luaidhtear, do réir na rátaí bheidh curtha in ionad amhlaidh de thurus na huaire.

[EN]

(2) Lasmuich de chás dá bhforálfar a mhalairt le rialacháin fén Acht so, dlighfidh fostóir duine árachuithe, den chéad ásc, an síntiús seachtainiúil is iníoctha aige féin (dá ngairmtear síntiús an fhostóra san Acht so) d'íoc agus fós, thar ceann agus d'éamais an duine árachuithe sin, an síntiús seachtainiúil is iníoctha ag an duine árachuithe sin (dá ngairmtear síntiús an duine árachuithe san Acht so), agus is tuigthe chun crícheanna an Achta so na síntiúis seachtainiúla íocfaidh fostóir thar ceann duine árachuithe do bheith ina síntiúis seachtainiúla ón duine árachuithe.

[EN]

(3) Beidh síntiús seachtainiúil iníoctha in aghaidh gach seachtaine caileandair a mbeidh duine árachuithe ar fostú ag fostóir ar a feadh uile no ar feadh aon choda dhi, ach beidh san fé réir na bhforálacha so leanas:—

[EN]

(a) má híoctar síntiús seachtainiúil maidir le duine árachuithe in aon tseachtain chaileandair, ní bheidh aon tsíntiús seachtainiúil eile iníoctha maidir leis in aghaidh na seachtaine caileandair céanna, agus

[EN]

(b) má bhíonn duine árachuithe seachtain chaileandair ar bith gan aon tseirbhís do dhéanamh agus ná híocfar aon luach saothair in aghaidh na seachtaine caileandair sin, ní dhlighfidh an fostóir aon tsíntiús seachtainiúil d'íoc thar a cheann féin ná thar ceann an duine árachuithe in aghaidh na seachtaine caileandair sin.

[EN]

(4) Má bhíonn duine ar fostú in aon tseachtain chaileandair fén aon fhostóir amháin, go leathrannach i bhfostaíocht ionárachuithe agus go leathrannach i bhfostaíocht éigin eile, ansan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt so, ní bheidh aon tsintiús seachtainiúil iníoctha maidir leis an duine sin in aghaidh na seachtaine caileandair sin maran am sa bhfostaíocht ionárachuithe leath an ama no breis agus leath an ama bheidh sé ar fostú amhlaidh.

[EN]

Gan síntiús an fhostóra do bheith ionbhainte den duine árachuithe.

19.—D'ainneoin aon chonnartha contrárdha dhó san, ní bheidh fostóir duine árachuithe i dteideal síntiús an fhostóra d'as-bhaint as págh an duine árachuithe sin ná do bhaint de ar aon tslí eile.

[EN]

Fostóir do bhaint amach síntiús an duine árachuithe.

20.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo agus fé réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so, beidh fostóir duine árachuithe i dteideal méid aon tsíntiús seachtainiúla íocfaidh thar ceann an duine árachuithe sin do bhaint den duine árachuithe sin do réir forálacha an ailt seo.

[EN]

(2) Má gheibheann duine árachuithe págh no luach saothair eile in airgead o n-a fhostóir féadfar, d'ainneoin forálacha aon Achta no aon chonnartha contrárdha dhó san, méid aon tsíntiúis seachtainiúil íocfaidh an fostóir thar ceann an duine árachuithe sin do bhaint amach tré as-bhaintí as págh an duine árachuithe sin no as aon luach saothair eile bheidh iníoctha ag an bhfostóir leis an duine árachuithe sin agus ní ar aon tslí eile, ach ní cead aon as-bhaintí den tsórt san do bhaint as aon phágh no luach saothair seachas págh no luach saothair a híocfar in aghaidh na tréimhse no na coda de thréimhse a mbeidh an síntiús seachtainiúil iníoctha ina haghaidh, ná thar an suim is ionann agus méid na síntiús seachtainiúla in aghaidh na tréimhse a n-íocfar an págh no an luach saothair eile ina haghaidh.

[EN]

(3) I gcás síntiús seachtainiúil íocfaidh fostóir duine árachuithe thar ceann an duine árachuithe sin do bheith ionbhainte den duine árachuithe sin ach gan é bheith ionbhainte amach tré as-bhaintí mar adubhradh, beidh sé ionbhainte amach (gan dochar d'aon tslí eile chun é bhaint amach) mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla ach ní bheidh aon tsíntiús seachtainiúil den tsórt san ionbhainte amach mara ndéantar imeachta chuige sin do bhunú fé cheann tré mhí ón dáta ar a raibh an síntiús iníoctha.

[EN]

(4) I gcás gan págh ná íocaíochta eile airgid d'íoc le duine árachuithe ag a fhostóir no ag duine ar bith eile, dlighfidh an fostóir na síntiúis seachtainiúla is iníoctha aige féin agus ag an duine árachuithe sin d'íoc agus ní bheidh sé i dteideal aon chuid díobh do bhaint den duine árachuithe sin.

[EN]

(5) Suim ar bith a as-bhainfidh fostóir as págh no luach saothair eile fén alt so is tuigthe í chur ar a iontaoibh chun íoctha an tsíntiúis seachtainiúil gur ina thaobh a has-bhaineadh í.

[EN]

Na daoine is fostóirí i gcásanna áirithe.

21.—I gcás duine árachuithe do bheith ar fostú ag níos mó ná aon duine amháin in aon tseachtain chaileandair áirithe, is tuigthe gurb é an chéad duine a mbeidh sé ar fostú aige sa tseachtain sin fostóir an duine árachuithe sin chun crícheanna na bhforálacha den Acht so a bhaineann le síntiúis seachtainiúla d'íoc.

[EN]

An dáta o n-a mbeidh síntiúis iníoctha i gcásanna áirithe.

22.—(1) I gcás an tAire dá chinneadh sa tslí foráltar leis an Acht so gan síntiúis seachtainiúla fén Acht so do bheith iníoctha maidir le haon duine no aicme daoine áirithe agus an tAire no, ar athchomharc, an Ard-Chúirt do dhéanamh athscrúduithe no claochló ar an gcinneadh sin ina dhiaidh sin i slí do bhéarfaidh síntiúis seachtainiúla do bheith iníoctha maidir leis an duine no an aicme daoine sin, ní bheidh síntiúis seachtainiúla iníoctha amhlaidh ach amháin ón dáta ar a ndearnadh athscrúdú no claochló ar an gcinneadh.

[EN]

(2) I gcás an tAire dá chinneadh síntiúis seachtainiúla maidir le duine no aicme daoine áirithe do bheith iníoctha do réir ráta áirithe fén Acht so agus an tAire no, ar athchomharc, an Ard. Chúirt do dhéanamh athscrúduithe no claochló ar an gcinneadh sin ina dhiaidh sin i slí do bhéarfaidh síntiúis seachtainiúla do bheith iníoctha do réir ráta eile maidir leis an duine no an aicme daoine sin, ní bheidh síntiúis seachtainiúla iníoctha amhlaidh do réir an ráta eile sin ach amháin ón dáta ar a ndearnadh athscrúdú no claochló ar an gcinneadh.

[EN]

Síntiúis d'aisíoc i gcásanna áirithe.

23.—Aon tsíntiúis seachtainiúla bheidh íoctha ag duine agus ag a fhostóir fé seach ar an mí-thuigsint go raibh na síntiúis seachtainiúla iníoctha maidir leis an duine sin fé fhorálacha an Achta so, féadfaidh an tAire iad do thabhairt thar n-ais dói ar iarratas do dhéanamh chuige dá lorg i pé fuirm ordóidh sé sara mbeidh dhá mhí dhéag caithte o dháta íoctha na síntiús seachtainiúla, ach, i gcás síntiúisí an duine árachuithe, as-bhainfear aon mhéid sochair fhoirlíontaigh a bheidh faighte aige agus ná beadh sé i dteideal d'fháil dá mba ná híocfaí na síntiúis seachtainiúla san.

[EN]

Comhacht chun rialacháin do dhéanamh i dtaobh síntiús d'íoc tré stampaí, etc.

24.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag déanamh socruithe i dtaobh nithe ar bith a ghabhann le híoc agus bailiú síntiús seachtainiúla agus go sonnrach i dtaobh—

[EN]

(a) síntiúis seachtainiúla d'íoc

[EN]

(i) tré stampaí greamathacha no eile (dá ngairmtear stampaí árachais fhoirlíontaigh san Acht so) a bheidh greamuithe no múnluithe ar leabhair no cártaí (dá ngairmtear fé seach san Acht so leabhair dhíomhaointis fhoirlíontaigh agus cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh) no ar shlí eile, agus i dtaobh na slí ina mbeidh, na dtráthanna bheidh agus na gcoinníollacha fé n-a mbeidh stampaí árachais fhoirlíontaigh le greamú no le múnlú; no

[EN]

(ii) tré fhostóirí daoine árachuithe do dhéanamh íocaíochtaí go díreach leis an Aire sa tslí sin agus na tráthanna san agus fé na coinníollacha san ordóidh an tAire; no

[EN]

(iii) tré pé meán eile ordóidh an tAire leis na rialacháin sin;

[EN]

(b) mion-innste d'iontráil i leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh maidir le síntiúis seachtainiúla bheidh íoctha in aghaidh aon tréimhse áirithe no pé mion-innste eile d'iontráil is gá 1 gcás daoine le n-a mbainfidh na leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh, agus i dtaobh glacadh leis an iontráil sin mar leor-fhianaise ar an uimhir de shíntiúis seachtainiúla bheidh íoctha amhlaidh no ar na mion-innste eile bheidh iontrálta amhlaidh;

[EN]

(c) leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh d'iarraidh, do thabhairt amach, do dhíol, do choimeád, do thaisbeáint agus do thabhairt suas agus leabhair no cártaí díomhaointis fhoirlíontaigh bheidh caillte no díothuithe no agha-loitthe d'athsholáthar;

[EN]

(d) fostóirí do thabhairt pé mion-innste don Aire maidir le daoine ar fostú aca éileoidh an tAire no ordóidh leis na rialacháin sin.

[EN]

Stampaí árachais fhoirlíontaigh do thabhairt amach.

25.—Déanfar stampaí árachais fhoirlíontaigh d'ullmhú agus do thabhairt amach sa tslí sin ordóidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadú an Aire Airgeadais agus féadfaidh na Coimisinéirí sin socrú do dhéanamh le rialacháin chun feidhm do thabhairt, gus na hoiriúnuithe is gá, maidir le stampaí árachais fhoirlíontaigh, do gach ceann no aon cheann no cinn d'fhorálacha, agus forálacha peannaideacha d'áireamh, na n-achtachán so leanas, sé sin le rá, ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908, agus féadfaid, le ceadú an Aire Puist agus Telegrafa, socrú do dhéanamh chun stampaí árachais fhoirlíontaigh do dhíol i bPost-Oifigí.

[EN]

Socrú chun a chomhachtú don Aire Puist agus Telegrafa comhachta d'fheidhmiú maidir le stampaí árachais fhoirlíontaigh.

26.—(1) Féadfaidh an Riaghaltas a fhoráil le hordú go ndéanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa aon chomhachta agus dualgais de chuid na gCoimisinéirí Ioncuim maidir le stampaí árachais fhoirlíontaigh d'fheidhmiú agus do chólíonadh d'éamais na gCoimisinéirí Ioncuim no in éineacht leis na Coimisinéirí Ioncuim, agus is cead pé forálacha bheith in aon ordú den tsórt san a chífear don Riaghaltas is gá no is oiriúnach chun lán-éifeacht do thabhairt d'fheidhmiú agus cólíonadh na ndualgas le n-a mbainfidh an t-ordú san sa tslí forálfar leis an ordú san.

[EN]

(2) Beidh feidhm dlí ag gach ordú déanfar fén alt so.

[EN]

Tús ag éilithe ar shíntiúis a bheidh dlite ar fhostóir fhéimhithe.

27.—(1) Ar na fiacha is gá fé alt 209 den Companies Consolidation Act, 1908, d'íoc, le linn sóchmhainní cuideachtan foirceannta d'iomdháil, i dtosach ar na fiacha eile go léir beidh na síntiúis seachtainiúla uile is iníoctha fén Acht so ag an gcuideachtain maidir le daoine árachuithe in aghaidh an cheithre mhí roimh theacht i bhfeidhm don fhoirceannadh no don ordú foirceannta, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht san agus ní gá na fiacha dá dtugtar tús fén alt so do chruthú go fuirmiúil ach amháin i gcásanna ina mbeidh a mhalairt forálta leis na rialacha ar n-a ndéanamh fén Acht san.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt so i gcás cuideachta d'fhoirceannadh go toilteanach d'aon-aidhm chun í ath-bhunú no í chó-nascadh le cuideachtain eile.

[EN]

(3) Ar na fiacha is gá fé alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, d'íoc, le linn maoin fhéimhidhe no fhéichiúnaidhe shocruithigh d'iomdháil, i dtosach ar na fiacha eile go léir beidh na síntiúis seachtainiúla uile is iníoctha ag an bhféimhidhe no an féichiúnaidhe socruitheach maidir le daoine árachuithe in aghaidh an cheithre mhí roimh dháta an orduithe bhreithiúntais i gcás féimhidhe no roimh dháta chomhaduithe na hachuinge ag lorg socruithe i gcás féichiúnaidhe shocruithigh, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an Acht san agus ní gá na fiacha dá dtugtar tús fén bhfo-alt so do chruthú go fuirmiúil ach amháin i gcásanna ina mbeidh a mhalairt forálta le horduithe generálta ar n-a ndéanamh fén Acht san.

[EN]

CUID IV.

Sochar Foirliontach.

[EN]

Ceart chun sochair fhoirlíontaigh agus na tréimhsí a mbeidh sé iníoctha ina n-aghaidh.

28.—(1) Gach duine árachuithe a bheidh breac-dhíomhaoin lá ar bith (seachas Domhnach no lá saoire puiblí do réir bhrí an Achta um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 (Uimh. 2 de 1936), no an chéad lá de sheal fostaíochta ionárachuithe leis an duine gurbh é a fhostóir é nuair a thárla an breac-dhíomhaointeas san) agus a mbeidh a chás do réir na gcoinníollacha reachtúla beidh sé a dteideal, fé réir forálacha an Achta so, íocaíocht (dá ngairmtear sochar foirlíontach san Acht so) d'fháil in aghaidh gach uaire a chluig de bhreac-dhíomhaointeas a thárlóidh an lá san le linn uaireanna oibre.

[EN]

(2) I gcás gan ach codán d'uair a chluig, no i gcás uair a chluig no níos mó agus codán d'uair a cluig, do bheith i dtréimhse bhreac-dhíomhaointis a thárlóidh le linn uaireanna oibre lá ar bith, ní bheidh sochar foirlíontach iníoctha in aghaidh an chodáin sin d'uair a chluig agus, chun crícheanna an fho-ailt seo, má thárlann dhá thréimhse bhreac-dhíomhaointis no níos mó le linn uaireanna oibre lá ar bith is tuigthe gur aon tréimhse leanúnach amháin na tréimhsí sin.

[EN]

(3) San alt so cialluíonn an abairt “uaireanna oibre” maidir le duine árachuithe na huaireanna, gan breis-aimsir ná aimsir bhídh d'áireamh, do dhéanfadh an duine árachuithe sin ohair i bhfostaíocht ionárachuithe mara mbeadh doineann ann.

[EN]

Rátaí uairiúla sochair fhoirlíontaigh.

29.—Fé réir forálacha an Achta so, is amhlaidh a bheidh sochar foirlíontach i gcás duine árachuithe d'aon aicme atá leagtha amach sa chéad cholún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do réir an ráta uairiúil atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh na haicme sin no má déantar fén Acht so ráta uairiúil eile do chur in ionad an ráta san a céad-luaidhtear, do réir an ráta bheidh curtha ina ionad amhlaidh de thurus na huaire.

[EN]

Coinníollacha reachtúla chun sochar foirlíontach d'fháil.

30.—(1) Isé céad choinníoll (dá ngairmtear an chéad choinníoll reachtúil san Acht so) chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh in aghaidh breac-dhíomhaointis in aon bhliain árachais áirithe ná dhá cheann déag ar a laghad de shíntiúis seachtainiúla do bheith íoctha roimh an seachtain ina dtárlóidh an breac-dhíomhaointeas san maidir leis an duine sin mar dhuine árachuithe—

[EN]

(a) másí an chéad bhliain árachais an bhliain árachais sin, o thosach na bliana árachais sin,

[EN]

(b) in aon chás eile, o thosach na bliana árachais díreach roimh an mbliain árachais ina dtárlóidh an breacdhíomhaointeas.

[EN]

(2) Isé dara coinníoll (dá ngairmtear an dara coinnioll reachtúil san Acht so) chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh in aghaidh breac-dhíomhaointis ar aon lá áirithe ná an leabhar díomhaointis reatha bheidh tugtha amach dó fén Unemployment Insurance Act, 1920, do bheith i seilbh a fhostóra an lá san.

[EN]

(3) Isé tríú coinníoll (dá ngairmtear an tríú coinníoll reachtúil san Acht so) chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh in aghaidh aon tréimhse breac-dhíomhaointis ná an duine chun a gcuirfear tuarascbháil i dtaobh na tréimhse sin fén gcéad alt eile d'fháil na tuarascbhála fé cheann trí lá (no pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe) tar éis an lae do thárla an breac-dhíomhaointeas agus an duine sin do bheith tar éis a admháil go bhfuair an tuarascbháil sin.

[EN]

(4) I gcás gan leabhar díomhaointis reatha dhuine árachuithe ar n-a thabhairt amach fén Unemployment Insurance Act, 1920, do bheith i seilbh a fhostóra lá áirithe, agus oifigeach áitiúil dá dheimhniú nár seachadadh an leabhar san d'oifig áitiúil maidir le héileamh ag lorg sochair dhíomhaointis fén Unemployment Insurance Act, 1920, no le hiarratas ag lorg conganta dhíomhaointis fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933), in aghaidh an lae sin, is tuigthe, chun crícheanna an dara coinníll reachtúil, an leabhar san do bheith i seilbh an fhostóra san an lá san.

[EN]

(5) San Acht so cialluíonn an abairt “na coinníollacha reachtúla” an chéad choinníoll reachtúil, an dara coinníoll reachtúil agus an tríú coinníoll reachtúil.

[EN]

Breac-dhíomhaointeas do thuairisciú.

31.—(1) I gcás stad oibre do thárlachtaint aon lá áirithe agus fostóir dhuine árachuithe no an duíne árachuithe sin dá rá gur breac-dhíomhaointeas an stad san, déanfaidh an fostóir an lá san tuarascbháil do chur chun pé duine ordóidh an tAire in aon chás áirithe no, mara n-orduighidh amhlaidh, chun oifigigh áitiúil á chur in úil gur thárla an stad san agus cá fhaid do mhair sé agus cadé an saghas aimsire adeirtear ba chúis leis.

[EN]

(2) I gcás duine árachuithe dá rá go raibh sé breac-dhíomhaoin aon lá áirithe, féadfa sé tuarascbháil do chur chun pé duine ordóidh an tAire in aon chás áirithe no, mara n-orduighidh amhlaidh, chun oifigigh áitiúil á chur in úil gur thárla an breac-dhíomhaointeas san agus cá fhaid do mhair sé agus cadé an saghas aimsire adeirtear ba chúis leis ach ní léireofar an fhoráil seo mar fhoráil a shaorann fostóir an duine sin ón oblagáid a forchuirtear air le fo-alt (1) den alt so.

[EN]

(3) I gcás duine d'fháil tuarascbhála fén alt so ní foláir dó a admháil chó luath agus is féidir é go bhfuair sé í.

[EN]

Fostóirí d'íoc sochair fhoirlíontaigh.

32.—(1) Fé réir forálacha an Achta so agus pé ordachán do bhéarfaidh an tAire go generálta no in aon chás áirithe, íocfaidh fostóir duine árachuithe aon mhéid no méideanna de shochar fhoirlíontach chun a mbeidh teideal ag an duine árachuithe, agus déanfaidh an duine árachuithe agus a fhostóir, maidir le gach íocaíocht fé leith den tsórt san, pé mion-innste bheidh orduithe do thabhairt don Aire agus pé fuirmeacha, ar a n-áirmhítear admháil an duine árachuithe ar an méid do fuair sé, a bheidh orduithe do chríochnú agus do tharchur.

[EN]

(2) Duine árachuithe nach dóigh leis gurb é méid an tsochair fhoirlíontaigh d'íoc a fhostóir leis an méid atá sé i dteideal d'fháil fé fhorálacha an Achta so féadfa sé no féadfaidh a fhostóir, ar an duine sin dá iarraidh, a iarraidh ar oifigeach árachais a chinneadh, do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cinneadh ceist eanna i dtaobh sochar foirlíontach d'íoc, cadé méid an tsochair fhoirlíontaigh chun a bhfuil teideal aige.

[EN]

(3) Má dhéanann oifigeach áitiúil no duine eile chun a gcuirfear tuarascbháil maidir le breac-dhíomhaointeas duine árachuithe do réir an ailt deiridh sin roimhe seo fógra do chur go dtí fostóir an duine árachuithe sin á rá nach deimhin leis gur mar gheall ar dhoininn do thárla an stad oibre le n-a mbaineann an tuarascbháil no gur cólíonadh na forálacha eile den Acht so bhaineann le sochar foirlíontach d'íoc, no má bhíonn fostóir in amhras in aon chás áirithe i dtaobh sochar foirlíontach do bheith iníoctha no i dtaobh méid no ráta an tsochair fhoirlíontaigh is iníoctha, iarrfaidh an fostóir láithreach ar oifigeach árachais an cheist do chinneadh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cinneadh ceisteanna i dtaobh sochar foirlíontach d'íoc.

[EN]

(4) Má thárlann i gcás ar bith ná fuighidh duine árachuithe aon íocaíocht sochair fhoirlíontaigh a gcreideann sé teideal do bheith aige chuige fén Acht so agus nach deimhin leis gur cuireadh an cheist i dtaobh é bheith i dteideal an tsochair sin fé bhráid oifigigh árachais fé fhorálacha fo-ailt (3) den alt so, beidh sé i dteideal a iarraidh ar a fhostóir í chur fé n-a bhráid amhlaidh no é féin do chur na ceiste fé bhráid oifigigh árachais chun í chinneadh.

[EN]

(5) Fostóir a gheobhaidh iarratas o dhuine árachuithe á iarraidh go gcuirfí ceist i dtaobh a theidil chun sochair fhoirlíontaigh fé bhráid oifigigh árachais chun í chinneadh déanfa sé, mara mbeidh san déanta cheana aige, an cheist do chur láithreach fé bhráid oifigigh árachais chun í chinneadh.

[EN]

(6) I gcás inar gá do réir forálacha fo-ailt (3) no fo-ailt (4) den alt so ceist ar bith do chur fé bhráid oifigigh árachais, ní bheidh an duine árachuithe i dteideal íocaíocht d'fháil o n-a fhostóir fé fho-alt (1) den alt so mara gcinnidh ná go dtí go gcinnfidh an t-oifigeach árachais teideal do bheith aige chuige, agus ní dhéanfaidh an fostóir an íocaíocht san go dtí go ndéanfar an cinneadh sin ná ní dhéanfaidh í ach do réir an chéanna.

[EN]

An tAire d'íoc sochair fhoirlíontaigh.

33.—In aon chás speisialta inarb é tuairim an Aire nárbh fhéidir no go mba ró-dheacair d'fhostóir an méid de shochar fhoirlíontach a bheidh dlite do dhuine árachuithe d'íoc fé fhorálacha an Achta so, féadfaidh an tAire an fostóir sin do shaoradh o dhualgas a íoctha amhlaidh agus i gcás fostóir do shaoradh amhlaidh íocfaidh an tAire no cuirfidh fé ndear go n-íocfar as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh aon mhéid de shochar fhoirlíontach dob iníoctha leis an duine árachuithe ag an bhfostóir sin dá mba ná saorfaí amhlaidh é.

[EN]

An tAire d'aisíoc sochair fhoirlíontaigh a bheidh íoctha ag fostóirí.

34.—Déanfaidh an tAire méid aon tsochair fhoirlíontaigh a bheidh íoctha go cuibhe do réir forálacha an Achta so ag fostóir d'aisíoc leis an bhfostóir sin as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh ar an bhfostóir do dhéanamh iarratais, i pé fuirm a hordófar, ag lorg an aisíoca san.

[EN]

Gan aisíoca do dhéanamh le fostóirí as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh i gcásanná áirithe.

35.—Aon uair íocfaidh fostóir aon mhéid sochair fhoirlíontaigh le duine ná beidh i dteideal sochar foirlíontach d'fháil fé fhorálacha an Achta so no íocfaidh breis thar an méid sochair fhoirlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine sin ní bheidh an méid no an bhreis a bheidh íoctha amhlaidh ion-aisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh.

[EN]

Méideanna bheidh íoctha go mí-chóir do bhaint amach.

36.—(1) Aon mhéid sochair fhoirlíontaigh do gheobhaidh duine árachuithe o n-a fhostóir agus ná beidh ion-aisíoctha leis an bhfostóir as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh mar gheall ar fhorálacha an ailt deiridh sin roimhe seo, beidh sé ion-aisíoctha ag an duine árachuithe sin leis an bhfostóir ar an bhfostóir dá éileamh agus, mara n-aisíoctar amhlaidh é, féadfaidh an fostóir é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré n-a asbhaint as aon íocaíocht no íocaíochta sochair fhoirlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine árachuithe sin ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Gach íocaíocht sochair fhoirlíontaigh do gheobhaidh duine árachuithe ón Aire agus ná beidh sé i dteideal d'fháil fé fhorálacha an Achta so beidh sí ion-aisíoctha aige leis an Aire ar an Aire dá éileamh agus, mara n-aisíoctar amhlaidh í, féadfar í bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré n-a hasbhaint as aon íocaíocht no íocaíochta sochair fhoirlíontaigh chun a mbeidh teideal ag an duine árachuithe sin ina dhiaidh sin.

[EN]

(3) I gcás inar féidir fé fho-alt (2) den alt so méid d'asbhaint as an sochar foirlíontach a dtiocfaidh duine árachuithe chun bheith ina theideal, beidh sé de dhualgas ar fhostóir pé méid no méideanna ordóidh an tAire d'asbhaint as aon tsochar foirlíontach is iníoctha leis an duine árachuithe fé fhorálacha an Achta so agus aon mhéid no méideanna a hasbhainfear amhlaidh d'íoc leis an Aire.

[EN]

(4) Aon mhéid a híocfar le fostóir as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh agus ná beidh teideal aigc chuige fé fhorálacha an Achta so beidh sé ion-aisíoctha ag an bhfostóir ar an Aire dá éileamh agus, mara n-aisíoctar amhlaidh é, féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré n-a asbhaint as aon mhéid no méideanna thiocfaidh chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin leis an bhfostóir sin as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh.

[EN]

(5) Déanfar gach suim a bhainfidh an tAire amach no a haisíocfar leis fé fhorálacha an ailt seo d'íoc isteach sa Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh.

[EN]

Fógra d'fhostóirí agus do dhaoine árachuithe i dtaobh méideanna do híocadh go mí-chóir i gcásanna áirithe.

37.—I gcás ina mbeifear tar éis a chinneadh sa tslí foráltar sa Chuid seo den Acht so gan méid áirithe bheidh íoctha ag fostóir do bheith ion-aisíoctha as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh cuirfidh an t-oifigeach árachais an cinneadh in úil don fhostóir d'íoc an méid sin agus don duine do fuair é.

[EN]

Moltóir agus cúirteanna réiteoirí.

38.—(1) An moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú de thurus na huaire fé réim agus chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920, isé bheidh ina mholtóir chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “an moltóir” san Acht so an moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú amhlaidh.

[EN]

(2) Gach cúirt réiteoirí a bheidh ar marthain de thurus na huaire fé réim agus chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920, beidh sí ina cúirt réiteoirí chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “cúirt réiteoirí” san Acht so cúirt réiteoirí bheidh ar marthain amhlaidh.

[EN]

(3) Déanfar pé tuarastail no luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an moltóir agus le baill de chúirteanna réiteoirí.

[EN]

Oifigigh árachais.

39.—(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapadh ina n-oifigigh árachais chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) San Acht so, cialluíonn an abairt “oifigeach árachais” duine—

[EN]

(a) is duine ar n-a cheapadh ina oifigeach árachais fé fho-alt (1) den alt so, no

[EN]

(b) is duine is oifigeach árachais chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920.

[EN]

(3) Déanfar pé tuarastail no luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le hoifigigh árachais.

[EN]

Cinneadh ceisteanna i dtaobh sochar foirlíontach d'íoc.

40.—(1) Má eiríonn ceist ar bith—

[EN]

(a) i dtaobh an mar gheall ar dhoininn do thárla stad áirithe oibre i bhfostaíocht ionárachuithe; no

[EN]

(b) i dtaobh na gcoinníollacha reachtúla do chólíonadh chun duine árachuithe d'fháil sochair fhoirlíontaigh; no

[EN]

(c) i dtaobh teideal duine árachuithe chun sochair fhoirlíontaigh no i dtaobh ráta no méid an tsochair sin; no

[EN]

(d) i dtaobh teideal fostóra chun aisíoc d'fháil as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh; no

[EN]

(e) i dtaobh cólíonadh aon fhorála den Chuid seo den Acht so bhaineann le híoc sochair fhoirlíontaigh no le haisíoc as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh;

[EN]

déanfaidh oifigeach árachais, fé réir forálacha na Coda so den Acht so, an cheist do chinneadh.

[EN]

(2) I gcás oifigeach árachais do bheith tar éis no chun ceist ar bith do chinneadh fé fhorálacha fo-ailt (1) den alt so—

[EN]

(a) féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh cinneadh an oifigigh árachais a cheangal ar an oifigeach árachais. fé cheann ceithre lá fichead o dháta chinneadh an oifigigh árachais no fé cheann pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire ar chúiseanna speisialta in aon chás áirithe, an cúrsa do chur fé bhráid chúirt réiteoirí agus déanfaidh an t-oifigeach árachais, mara bhféadaidh a chinneadh d'athscrúdú, an cúrsa do chur fé bhráid chúirte den tsórt san; agus

[EN]

(b) féadfaidh an t-oifigeach árachais, más oiriúnach leis é, an cheist do chur fé bhráid chúirt réiteoirí in ionad é féin dá cinneadh.

[EN]

(3) Ceist ar bith a chuirfidh oifigeach árachais fé bhráid chúirt réiteoirí déanfaidh an chúirt pé molta is oiriúnach léi ina taobh chun an oifigigh árachais agus déanfaidh an t-oifigeach árachais, mara n-easaontuighe sé leo, éifeacht do thabhairt do na molta san.

[EN]

(4) Má easaontuíonn oifigeach árachais le moladh dhéanfaidh cúirt réiteoirí fén alt so cuirfe sé an moladh, maraon le cúiseanna a easaontuithe leis, fé bhráid an mholtóra.

[EN]

(5) I gcás cúirt réiteoirí do dhéanamh molta fén alt so féadfaidh aon chomhlachas fostóirí no daoine árachuithe dar bail duine ar a ngoillfidh an moladh, no féadfaidh an duine sin le toiliú na cúirte, a cheangal ar an oifigeach árachais an cheist do chur fé bhráid an mholtóra agus déanfaidh an t-oifigeach árachais, má ceangaltar san air, an cheist do chur fé bhráid an mholtóra dá réir sin.

[EN]

(6) Cinnfidh an moltóir gach cúrsa cuirfear fé n-a bhráid fén alt so agus ní bheidh dul thar a chinneadh air.

[EN]

(7) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choscann oifigeach árachais no moltóir no cúirt réiteoirí, má cuirtear fíorais nua in úil dó no di, ar chinneadh no moladh bheidh déanta in aon chás áirithe do chlaochló no d'athscrúdú.

[EN]

(8) Má dhéanann oifigeach árachais no an moltóir chlaochló no athscrúdú ar chinneadh do rinne an t-oifigeach san no an moltóir roimhe sin agus go dtiocfaidh den chlaochló no den athscrúdú an méid sochair fhoirlíontaigh do lomháladh roimhe sin do dhiúltú no do laghdú beidh éifeacht ag an gclaochló no an athscrúdú san maidir le pé dátaí no uaire chinnfidh an t-oifigeach árachais no an moltóir.

[EN]

Costais daoine thiocfaidh i láthair cúirte réiteoirí no an mholtóra.

41.—I gcás ar bith—

[EN]

(a) ina gceanglófar ar dhuíne teacht i láthair cúirte réiteoirí agus ina dtiocfa sé amhlaidh; no

[EN]

(b) ina dtárlóidh, ar athchomharc chun an mholtóra i gcoinnibh cinneadh cúirte réiteoirí, go n-iarrfaidh an moltóir ar dhuine dá ndéanfaidh an cinneadh deifir teacht ina láthair le linn an athchomhairc do breithniú agus go dtiocfa sé ina láthair amhlaidh;

[EN]

íocfar leis an duine sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas pé liúntais taistil agus eile, agus cúiteamh i gcailliúint aimsire tuillimh d'áireamh, a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

[EN]

Forálacha generálta i dtaobh nós imeachta fé Chuid IV.

42.—(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin—

[EN]

(a) a ordú cadé an fhianaise bheidh ag teastáil i dtaobh cólíonadh na gcoinníollacha reachtúla agus na bhforálacha eile den Chuid seo den Acht so bhaineann le teideal duine árachuithe chun sochair fhoirlíontaigh, agus chuige sin a cheangal ar dhaoine árachuithe teacht i láthair ag pé oifigí no áiteanna agus amanna a luadhfar agus a cheangal ar fhostóirí freagra do thabhairt ar fhiosruithe bhainfidh le nithe ar bith a mbeidh eolas ag teastáil ina dtaobh chun go bhféadfar teideal duine árachuithe chun sochair fhoirlíontaigh do chinneadh;

[EN]

(b) a ordú cadé an t-am agus an tslí agus an fhuirm—

[EN]

(i) ina ndéanfaidh fostóirí sochar foirlíontach a bheidh dlite do dhaoine árachuithe d'íoc leo,

[EN]

(ii) ina ndéanfar méideanna sochair fhoirlíontaigh a bheidh íoctha ag fostóirí d'aisíoc leo as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh,

[EN]

(iii) ina dtógfar ceisteanna chun oifigigh árachais dá gcinneadh,

[EN]

(iv) ina ndéanfar éinní eile bhainfidh le breac-dhíomhaointeas do thuairisciú, le fáil tuarascbhála i dtaobh breac-dhíomhaointis d'admháil agus le sochar foirlíontach d'íoc agus le sochar foirlíontach a bheidh íoctha ag fostóirí d'aisíoc as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh;

[EN]

(c) a cheangal ar fhostóirí agus daoine árachuithe agus daoine eile pé eolas do thabhairt a mheasfaidh an tAire is inmhianuithe maidir le híocaíochta sochair fhoirlíontaigh agus le tárlachtaint breac-dhíomhaointis;

[EN]

(d) a ordú cadé an cleachtadh agus an nós imeachta is leanta nuair a beifear ag breithniú agus ag scrúdú ceisteanna bheidh le breithniú agus le cinneadh ag an moltóir, ag cúirteanna réiteoirí agus ag oifigigh árachais;

[EN]

(e) socrú do dhéanamh chun duine do cheapadh chun go nglacfadh sé, thar ceann duine no mar ionadaidhe do dhuine a raghaidh dá mheabhair no gheobhaidh bás, suimeanna ar bith is iníoctha as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh leis an duine sin no ina thaobh.

[EN]

(2) Rialacháin a dhéanfaidh an tAire de bhuadh míre (a) d'fho-alt (1) den alt so ní léireofar iad mar rialacháin a dhéanann deifir d'oibriú an chéad ailt ina dhiaidh seo.

[EN]

Modhanna breiso chun a chruthú gur cólíonadh coinníollacha reachtúla, etc.

43.—(1) I gcás sochar foirlíontach do bheith íoctha le duine árachuithe in aghaidh aon lae no coda de lá beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe agus é sighnithe ag an duine árachuithe sin no ag an duine arbh é fostóir an duine árachuithe sin é an lá san, ag deimhniú aon ní no nithe aca so leanas—

[EN]

(a) go raibh an duine árachuithe sin breac-dhíomhaoin an lá san,

[EN]

(b) gurbh uaireanna oibre na huaireanna gur ar a bhfeadh a bhí an duine árachuithe sin breac-dhíomhaoin an lá san,

[EN]

(c) nár Dhomhnach ná lá saoire puiblí do réir bhrí an Achta um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 (Uimh. 2 de 1936), an lá san,

[EN]

(d) nárbh é an lá san an chéad lá de sheal fostaíochta ionárachuithe leis an duine arbh é fostóir an duine árachuithe sin é,

[EN]

beidh san ina leor-fhianaise, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ar na fíorais a deimhneofar amhlaidh mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú.

[EN]

(2) I gcás sochar foirlíontach do bheith íoctha le duine árachuithe beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ón duine árachuithe sin á dheimhniú gurb é sealbhóir dleathach leabhair áirithe díomhaointis fhoirlíontaigh no, neachtar aca, deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ón duine arbh é fostóir an duine sin é tráth íoctha an tsochair fhoirlíontaigh sin á dheimhniú gur deimhin leis gurb é an duine árachuithe sin sealbhóir dleathach an leabhair sin, beidh san ina leor-fhianaise, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ar chéannacht an duine árachuithe sin mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú.

[EN]

(3) I gcás síntiúis seachtainiúla maidir le duine árachuithe d'íoc tré stampaí árachais fhoirlíontaigh do ghreamú dá leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh, agus sochar foirlíontach do bheith íoctha leis an duine árachuithe sin in aon bhliain árachais áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an chéad choinníll reachtúil, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann, ón duine (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so) arbh é fostóir an duine árachuithe sin é tráth íoctha an tsochair fhoirlíontaigh sin á dheimhniú go ndearnadh, roimh an seachtain inar thárla an breacdhíomhaointeas dár híocadh an sochar foirlíontach san, uimhir shonnruithe de shíntiúis seachtainiúla d'íoc maidir leis an duine sin in aghaidh na bliana árachais sin, beidh san ina leor-fhianaise ar na fíorais a deimh neofar amhlaidh mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú;

[EN]

(b) beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann, ón bhfostóir á dheimhniú go ndearnadh, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fé Chuid III den Acht so, ráiteas d'iontráil ar leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh reatha an duine árachuithe sin á rá gur híocadh uimhir shonnruithe de shíntiúis seachtainiúla maidir leis an duine árachuithe sin in aghaidh na bliana árachais deiridh roimhe sin, beidh san, mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú, ina leorfhianaise gur híocadh an uimhir de shíntiúis seachtainiúla deimhneofar amhlaidh do hiontráladh amhlaidh.

[EN]

(4) I gcás sochar foirlíontach do bheith íoctha le haon duine árachuithe in aghaidh aon lae no coda de lá, beidh deimhniú, sa bhfuirm orduithe, ón duine arbh é fostóir an duine sin é an lá san á dheimhniú go raibh leabhar díomhaointis reatha (ar n-a thabhairt amach fén Unemployment Insurance Act, 1920) an duine árachuithe sin ina sheilbh an lá san beidh san, chun crícheanna an dar coinníll reachtúil, ina leor-fhianaise ar na fíorais a deimhneofar amhlaidh mara ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt do chruthú.

[EN]

Srian le sochar díomhaointis agus congnamh díomhaointis d'íoc.

44.—Ní bheidh sochar díomhaointis fén Unemployment Insurance Act, 1920, ná congnamh díomhaointis fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933), iníoctha in aghaidh aon lae a mbeidh sochar foirlíontach íoctha no iníoctha fén Acht so ina aghaidh no in aghaidh coda dhe.

CUID V.

An Ciste Diomhaointis Fhoirliontaigh.

[EN]

An Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh do bhunú.

45.—(1) Chun críche an Achta so bunófar, fé urláimh agus bainstighe an Aire, ciste ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh, agus íocfar isteach sa Chiste sin na síntiúis seachtainiúla uile is iníoctha ag fostóirí agus ag daoine árachuithe agus aon airgead eile bheidh le n-íoc fén Acht so isteach so Chiste sin, agus íocfar amach as an gCiste sin na híocaíochta uile bheidh le déanamh fén Acht so as an gCiste sin.

[EN]

(2) Coimeádfar euntais an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh sa bhfuirm sin ordóidh no cheadóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(3) Déanfar cuntais an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh in aghaidh gach bliana cuntasaíochta do chur dá n-iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cunntas agus Ciste agus ar bheith scrúduithe agus deimhnithe dhóibh leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

[EN]

(4) Féadfar airgead ar bith is cuid den Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh d'íoc anonn o am go ham leis an Aire Airgeadais agus féadfa seisean a shuncáil agus a choimeád suncálta fé mar is rogha leis thar ceann an Chiste sin i ngach slí no in aon tslí no slite aca so leanas, sé sin le rá, do cheannach aon stuic, ciste no urrúis ina mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe leis an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire cistí iontaobhais do shuncáil, no do cheannach aon stuic, scaireanna no urrúis a mbeidh an cholann agus t-ús urruithe fé údarás reachtúil ag an Riaghaltas, agus íocfar isteach sa Chiste sin aon ús do gheobhfar as an suncáil sin.

[EN]

(5) Is airgead Riaghaltais do réir bhrí an Achta um Shuncáil Cheaduithe, 1933 (Uimh. 34 de 1933), airgead a bheidh ar fáil chun a shuncála fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus beidh feidhm ag an Acht san maidir leis dá réir sin.

[EN]

Forálacha d'áirithiú sócmhainneachta an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh, etc.

46.—(1) Aon uair agus a mhinice a chífear don Aire go bhfuil no gur deallrathach go mbeidh an Ciste Díomhaointis Fhoirlíontaigh nea-dhóthanach no iomarcach chun glanta na bhfiachas a bheidh curtha no le cur ar an gCiste sin fén Acht so no go bhfuil no gur deallrathach go mbeidh rátaí na síntiús seachtainiúla iomarcach no nea-dhóthanach, féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, éinní no an dá ní aca so leanas do dhéanamh le rialacháin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú tré pé rátaí eile síntiús seachtainiúla is oiriúnach leis do chur in ionad rátaí fé seach na síntiús seachtainiúla atá leagtha amach sa dara colún agus sa tríú colún den Sceideal san, ach ní hi slí d'atharódh rátaí na síntiús seachtainiúla go mí-chothrom idir fostóirí agus daoine árachuithe,

[EN]

(b) an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú tré pé rátaí uairiúla eile sochair fhoirlíontaigh is oiriúnach leis do chur in ionad na rátaí uairiúla sochair fhoirlíontaigh atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san.

[EN]

(2) Déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) den alt so don Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus don Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so do léiriú mar thagairtí do na Sceidil sin fé seach ar n-a leasú le rialacháin ar bith a bheidh déanta fén bhfo-alt san (1).

[EN]

Réimhíoca as an bPrímh-Chiste.

47.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuimeanna is gá chun glanta fiachas an Chiste Dhíomhaointis Fhoirlíontaigh do réimhíoc as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, agus chun na suimeanna bheidh le réimhíoc amhlaidh do chur ar fáil féadfaidh an tAire Airgeadais airgead do thógaint ar iasacht ar pé slí is dóigh leis is ceart agus íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile tógfar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(2) Is ar an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh a bheidh muirear agus aisíoc aon tsuimeanna réimhíocfar fén bhfo-alt san roimhe seo maraon le muirear agus aisíoc aon úis (más ann) ortha san do réir an ráta san a shocróidh an tAire Airgeadais agus nuair a bheid aisíoctha amhlaidh íocfar isteach sa Stát-Chiste iad.

[EN]

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfaidh an tAire Airgeadais amach chun airgead do thógaint ar iasacht fén alt so agus fós muirear agus íoc na gcostas fé n-a raghfar maidir leis na hurrúsanna san do thabhairt amach.

CUID VI.

Cigireacht.

[EN]

Cigirí.

48.—(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapadh ina gcigirí chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) San Acht so, cialluíonn an focal “cigire” duine—

[EN]

(a) is duine ar n-a cheapaidh ina chigire fé fho-alt (1) den alt so, no

[EN]

(b) is duine is cigire chun crícheanna an Unemployment Insurance Act, 1920.

[EN]

(3) Déanfar pé tuarastail no luach saothair a chinnfidh an tAire Airgeadais, d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le cigirí.

[EN]

Comhachta cigirí.

49.—(1) Beidh ag cigire, chun an Achta so d'fheidhmiú, comhacht chun gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh eadhon—

[EN]

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh no áit a mbeidh cúis réasúnach aige chun a cheapadh daoine ar bith fostú i bhfostaíocht ionárachuithe do bheith ar fostú ann no breacacháin ar bith i dtaobh aon daoine den tsórt san do bheith á gcoimeád ann;

[EN]

(b) pé scrúdú agus fiosrú do dhéanamh is gá chun a fháil amach an bhfuil forálacha an Achta so á gcólíonadh in aon áitreabh no áit áirithe den tsórt san;

[EN]

(c) scrúdú do dhéanamh, ina aonar no i bhfianaise duine eile, fé mar is oiriúnach leis, maidir le nithe ar bith fén Acht so, ar gach duine do gheobhaidh sé in aon áitreabh no áit den tsórt san no a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur duine fostuithe no gur dhuine fostuithe é, agus a cheangal ar gach duine den tsórt san dul fén scrúdú san agus dearbhú do shighniú i dtaobh fírinne na nithe a scrúdófar ina dtaobh é amhlaidh;

[EN]

(d) pé comhachta eile d'fheidhmiú is gá chun an Achta so do chur in éifeacht.

[EN]

(2) Bhéarfaidh sealbhaire aon áitreibh no áite den tsórt san agus duine ar bith eile ag á mbeidh aon duine árachuithe ar fostú, agus seirbhísigh agus gníomhairí aon tsealbhaire no duine eile den tsórt san, agus aon duine fostuithe, bhéarfaidh do chigire ar bith gach eolas agus bhéarfaidh ar áird chun a n-iniúchta gach clár, leabhar, cárta, duille páigh, breacachán páigh agus scríbhinn eile theastóidh ón gcigire do réir réasúin.

[EN]

(3) Má dhéanann duine ar bith cigire do mhoilliú no do chose go toiliúil agus é ag feidhmiú aon chomhachta fén alt so no má fhaillíonn an t-eolas san adubhradh do thabhairt no na scríbhinní sin adubhradh do thabhairt ar áird, no má dhéanann duine ar bith do cheilt no do bhac no má fhéachann le n-a cheilt no le n-a bhac ar theacht i láthair cigire no ar chigire dá scrúdú, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air.

[EN]

(4) Ní eeanglófar ar dhuine ar bith fén alt so aon cheist do fhreagairt ná aon fhianaise do thabhairt a raghadh chun é féin do choiriú.

[EN]

(5) Bhéarfar deimhniú a cheaptha do gach cigire, agus nuair a bheidh sé á iarraidh é leigean isteach in áitreabh no áit ar bith chun crícheanna an Achta so déanfaidh, má hiarrtar san air, an deimhniú san do thaisbeáint don tsealbhaire.

CUID VII.

Foralacha Ilghneitheacha.

[EN]

Forálacha i dtaobh daoine eiscithe a bhfoirceannfar a bhfostaíocht.

50.—I gcás duine (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so) d'fhoirceannadh na fostaíochta i bhfostaíocht ionárachuithe bheidh ag duine (dá ngairmtear an fostaidhe sa bhfo-alt so) ba dhuine eiscithe díreach roimh an bhfoirceannadh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás an fostaidhe do bheith ina dhuine eiscithe ar feadh an dá sheachtain déag díreach roimh an bhfoirceannadh san, íocfaidh an fostóir leis an Aire, in aghaidh an dá sheachtain déag san, suim is có-ionann le méid na síntiús seachtainiúla do bheadh iníoctha, dá mba nár dhuine eiscithe an fostaidhe ar feadh an dá sheachtain déag san, maidir leis an bhfostaidhe fén Acht so in aghaidh an dá sheachtain déag san;

[EN]

(b) i gcás gan an fostaidhe do bheith ina dhuine eiscithe ar feadh an dá sheachtain déag díreach roimh an bhfoirceannadh san, íocfaidh an fostóir leis an Aire, in aghaidh na seachtainí díreach roimh an bhfoirceannadh san a raibh an fostaidhe ina dhuine eiscithe ar a bhfeadh, suim is có-ionann le méid na síntiús seachtainiúla do bheadh iníoctha, dá mba nár dhuine eiscithe an fostaidhe ar feadh na seachtainí sin, maidir leis an bhfostaidhe fén Acht so in aghaidh na seachtainí sin;

[EN]

(c) ní bheidh aon chuid de shuim ar bith íocfaidh an fostóir fén bhfo-alt so ion bhainte ag an bhfostóir den fhostaidhe;

[EN]

(d) suim ar bith is iníoctha leis an Aire ag an bhfostóir fén alt so is tuigthe, chun crícheanna na bhforálacha eile (agus na forálacha peannaideacha d'áireamh) den Acht so, í bheith ina síntiúis seachtainiúla, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha san;

[EN]

(e) íocfar isteach sa Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh suim ar bith a bhainfidh an tAire amach no a híocfar leis fén alt so;

[EN]

(f) suimeanna ar bith a bhainfidh an tAire amach no a híocfar leis fén alt so in aghaidh seachtainí ar bith is tuigthe, chun crícheanna an chéad choinníll reachtúil, iad do bheith ina síntiúis seachtainiúla ar n-a n-íoc fé Chuid III den Acht so maidir leis an bhfostaidhe in aghaidh na seachtainí sin.

[EN]

Ciontaí.

51.—(1) Má dhéanann duine ar bith go feasach, d'fhonn aon tsochar foirlíontach no íocaíocht no aisíocaíocht d'fháil fén Acht so dó féin no do dhuine ar bith eile no d'fhonn dul o aon íocaíocht a bheidh le déanamh aige féin fén Acht so no d'fhonn a chumasú do dhuine ar bith eile dul o aon íocaíocht den tsórt san, aon ráiteas bréagach do thabhairt uaidh no cúis bhréagach do phlé no ponc tábhachtach do cheilt, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí no fíneáil nach mó ná cúig púint fhichead do chur air.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go bhfailleoidh no go mainneoidh aon fhostóir no duine árachuithe aon tsíntiúis seachtainiúla d'íoc a dhlighfe sé fén Acht so d'íoc, no

[EN]

(b) go mbeidh aon fhostóir no duine árachuithe no aon duine eile ciontach in aon tsárú no nea-chólíonadh, ar aon cheann de cheanglais an Achta so no de na rialacháin a bheidh déanta fé, ná beidh aon phionós speisialta ceaptha ina thaobh, no

[EN]

(c) go ndéanfaidh fostóir ar bith síntiús iomlán an fhostóra no aon chuid de do bhaint, no go dtabharfaidh fé n-a bhaint, de phágh no de luach saothair eile duine árachuithe,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná deich bpúint do chur air.

[EN]

(3) I gcás fostóir do chiontú fé fho-alt (2) den alt so sa chionta san faillighe no mainneachtain in íoc aon tsíntiús seachtainiúla dhlighfe sé fén Acht so d'íoc, dlighfe sé íoc do dhéanamh leis an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh i suim is có-ionann leis an méid d'fhailligh no do mhainnigh sé amhlaidh d'íoc, agus ar é chiontú amhlaidh féadfar, má rinneadh fógra i dtaobh a bheith beartuithe san do dhéanamh do sheirbheáil i dteanta na gairme no an bharántais, fianaise do thabhairt i dtaobh an fhostóra dá fhaillighe no dá mhainneachtain síntiúis seachtainiúla eile d'íoc maidir leis an duine céanna i rith na dtrí mblian roimh dháta déanta na haisnéise amhlaidh, agus ar an bhfaillighe no an mhainneachtain sin do chruthú dlighfidh an fostóir íoc do dhéanamh leis an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh i suim is co-ionann le hiomlán na síntiús seachtainiúla cruthófar amhlaidh d'fhailligh no do mhainnigh sé d'íoc.

[EN]

Deighleálfar le suim ar bith íocfaidh fostóir fén bhfo-alt so mar íoc i nglanadh na síntiús seachtainiúla neamh-íoctha, agus ní bheidh cuid an duine árachuithe de na síntiúis seachtainiúla san ionbhainte ag an bhfostóir den duine árachuithe.

[EN]

(4) Gach duine—

[EN]

(a) a dhéanfaidh aon chárta díomhaointis fhoirlíontaigh, leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no stampa árachais fhoirlíontaigh úsáidthe do cheannach, do dhíol no do thairgsint chun a dhíolta, do thógaint no do thabhairt ar malairt, no do chur no do ghlacadh i ngeall, no

[EN]

(b) bhéarfaidh fé dhul o íoc síntiúis seachtainiúil tré stampa árachais fhoirlíontaigh úsáidthe, do bhain sé féin no duine ar bith eile as aon leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no cárta díomhaointis fhoirlíontaigh no d'aon abhar eile dá raibh sé greamuithe no do húsáideadh roimhe sin in aon tslí eile, do ghreamú no tabhairt fé n-a ghreamú d'aon leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no cárta díomhaointis fhoirlíontaigh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air agus is tuigthe, in aon imeachta fén bhfo-alt so maidir le stampaí úsáidthe, gur húsáideadh stampa má rinneadh é chealú no é aghaloit in aon tslí no é bhaint as aon leabhar díomhaointis fhoirlíontaigh no cárta díomhaointis fhoirlíontaigh no d'aon abhar eile dá raibh sé greamuithe agus pé aca a húsáideadh é iarbhfír chun síntiús seachtainiúil d'íoc no nár húsáideadh.

[EN]

(5) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choscann an tAire ar aon tsuimeanna bheidh dlite don Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh do bhaint amach tré imeachta síbhialta agus féadfar na suimeanna uile den tsórt san do bhaint amach mar fhiacha bheidh dlite don Stát agus gan dochar d'aon leigheas eile féadfaidh an tAire iad do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(6) In aon imeachta fén alt so no in aon imeachta ina mbeidh ceist i dtaobh íoc síntiús seachtainiúla fén Acht so le socrú no chun aon tsuimeanna bheidh dlite don Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh do bhaint amach, is breith gan dul tháirsi, chun crícheanna na n-imeacht san, an bhreith do bhéarfaidh an tAire ar cheist ar bith i dtaobh duine do bheith ina dhuine árachuithe do réir bhrí an Achta so no gan a bheith no i dtaobh cérbh é fostóir duine árachuithe no i dtaobh ráta an tsíntiúis seachtainiúil is iníoctha maidir le duine árachuithe marab amhlaidh a bheidh athchomharc i gcoinnibh na breithe ar feitheamh no an tréimhse chun athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh na breithe gan caitheamh, agus, mara mbeidh breith den tsórt san faighte agus gur gá an cheist do chinneadh chun na n-imeacht do chríochnú, cuirfear an cheist fé bhráid an Aire chun a cinnte do réir forálacha an Achta so agus, i gcás aon athchomharc den tsórt san do bheith ar feitheamh no an tréimhse chun athchomharc do dhéanamh amhlaidh do bheith gan caitheamh no ceist ar bith do bheith curtha amhlaidh fé bhráid an Aire, déanfaidh an chúirt a bheidh ag deighleáil leis an gcás na himeachta do chur ar athló go dtí go mbeidh breith chinnte faighte ar an gceist.

[EN]

(7) Suim ar bith a dlighfidh fostóir d'íoc fé fho-alt (3) den alt so no suim ar bith a bheidh dlite don Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh agus a mbeidh cúirt tar éis ordú íoca do dhéanamh ina taobh, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon mhodhanna eile chun í bhaint amach, í asbhaint as aon tsuimeanna is iníoctha as an gCiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh leis an bhfostóir sin fén Acht so agus déanfaidh an tAire aon tsuimeanna a hasbhainfear amhlaidh d'íoc isteach sa Chiste Díomhaointis Fhoirlíontaigh.

[EN]

Cúisimh.

52.—(1) Ní déanfar imeachta i dtaobh cionta fén Acht so do bhunú ach amháin ag an Aire no le toiliú an Aire no ag cigire no oifigeach eile bheidh ceaptha chun críche an Achta so agus a bheidh údaruithe chuige sin le hordacháin speisialta no generálta ón Aire.

[EN]

(2) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú ar agra an Aire.

[EN]

(3) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú aon tráth laistigh de pé tréimhse aca so leanas is déanaighe raghaidh in éag, sé sin le rá:—

[EN]

(a) trí mhí ón dáta ar a ndeimhneofar i scríbhinn fé shéala oifigiúil an Aire seilbh no fáil do bheith ag an Aire ar fhianaise is leor chun a dhéanamh cóir an cúiseamh san do bhunú, no

[EN]

(b) bliain o am an chionta do dhéanamh.

[EN]

Imeachta síbhialta i gcoinnibh fostóra.

53.—(1) Má fhaillíonn no má mhainníonn fostóir ar bith aon tsíntiúis seachtainiúla d'íoc a dhlighfe sé fén Acht so d'íoc maidir le haon duine árachuithe ar fostú aige no má fhaillíonn no má mhainníonn sé géilleadh maidir le haon duine den tsórt san d'aon cheanglais eile de chuid an Achta so agus do na rialacháin a bheidh déanta fé agus go gcaillfidh an duine sin, dá dheascaibh sin, iomlán an tsochair fhoirlíontaigh no cuid den tsochar fhoirlíontach chun a mbeadh teideal aige fén Acht so, beidh sé i dteideal suim is cóionann le méid an tsochair fhoirlíontaigh a chaillfidh amhlaidh do bhaint den fhostoir mar fhiacha gnáth-chonnartha.

[EN]

(2) Féadfar imeachta do bhunú fén alt so d'ainneoin gur bunuíodh imeachta fé aon fhoráil eile den Acht so mar gheall ar an bhfaillighe no ar an mainneachtain chéanna.

[EN]

Aois agus bás do chruthú.

54.—I gcás inar gá chun crícheanna an Achta so aois no bás duine ar bith do chruthú tré dheimhniú beireatais no báis do thabhairt ar áird, beidh duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh i pé fuirm agus ina mbeidh pé mion-innste ordóidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus ar íoc táille sé pingne i gcás deimhnithe bheireatais agus táille scillinge i gcás deimhnithe bháis, i dteideal cóip dheimhnithe d'fháil d'iontráil beireatais no báis (pé aca é) an duine sin a céad-luaidhtear i gclár na mbeireatas no na mbásanna (pé aca é) agus an chóip sin fé láimh an chlárathóra no an cheann-chlárathóra no an duine eile ar a mbeidh cúram an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus básanna agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ar a mbeidh cúram an chláir fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce má hiarrtar iad.

[EN]

Scríbhinní do bheith saor o dhiúité stampa.

55.—Ní bheidh diúitéthe stampa inéilithe ar scríbhinní a húsáidfear maidir le gnó fén Acht so.

[EN]

Comhacht chun deacrachta do dhíochur.

56.—(1) Má eiríonn aon deacracht i slí ar bith i dtaobh an Achta so no aon fhorála dhe do chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, éinní do dhéanamh le hordú a chífear dó do bheith riachtanach no oiriúnach chun an Achta so no na forála san do chur i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den tsórt san forálacha an Achta so do mhodhnú sa mhéid a chífear don Aire do bheith riachtanach no oiriúnach chun an orduithe do chur in éifeacht.

[EN]

(2) Ní cead aon ordú do dhéanamh fén alt so tar éis dhá bhliain ón dáta ar a dtiocfaidh iomlán an Achta so i ngníomh.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Fostaiochta Eiscithe.

1.—Fostaíocht fé aon údarás áitiúil no údarás puiblí eile no fé bhord phuiblí a bheidh eiscithe de thurus na huaire o fhorálacha an Unemployment Insurance Act, 1920, tré oibriú orduithe speisialta ar n-a dhéanamh fé mhír (c) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

2.—Fostaíocht a bheidh eiscithe de thurus na huaire o fhorálacha an Unemployment Insurance Act, 1920, tré oibriú deimhnithe eiscithe fé mhír (d) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

3.—Fostaíocht i seirbhís mhíleata an Stáit.

4.—Fostaíocht oibrithe neamh-oilte agus daoine óga ar oibreacha ar n-a dtógaint ar láimh ag Coimisiún Talmhan na hÉireann no thar a gceann chun feabhsuithe tailte ar n-a gceannach, no a mbeidh có-aontuithe iad do cheannach, fé na hAchtanna Talmhan Cheannaigh.

AN DARA SCEIDEAL.

Ratai Sintius Seachtainiula is Inioctha ag Daoine Arachuithe agus ag Fostoiri.

An cineál duine árachuithe le n-a mbaineann an ráta

Ráta an tSíntiúis Seachtainiúil

On duine árachuithe

On bhfostóir

(1)

(2)

(3)

Oibridhe oilte

...

...

...

8d.

8d.

Oibridhe neamh-oilte

...

...

5d.

5d.

Duine óg

...

...

...

2d.

2d.

AN TRIU SCEIDEAL.

Ratai Uairiúla Sochair Fhoirlíontaigh.

An cineál duine árachuithe le n-a mbaineann an ráta

Ráta uairiúil sochair fhoirlíontaigh

(1)

(2)

s.

d.

Oibridhe oilte

...

...

...

...

...

1

0

Oibridhe neamh-oilte

...

...

...

...

0

Duine óg

...

...

...

...

...

0

3