[EN]

harp.jpg


Uimhir 8 de 1986


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

5.

Leasú ar alt 73 den Phríomh-Acht (sochar pá-choibhneasa).

6.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

7.

Leasú ar alt 65 den Phríomh-Acht (ranníocaí fostaíochta).

8.

Díolúine ó ranníocaí a íoc etc.

9.

Dícháiliúcháin chun sochar míchumais, sochar díobhála nó sochar míthreorach a fháil.

10.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht (teideal chun sochair).

11.

An ráta seachtainiúil liúntais máithreachais.

12.

Leasú ar alt 39 den Phríomh-Acht (leathnú ar bhrí tagairtí do thionóiscí de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta).

13.

Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht (sochar díobhála).

14.

Leasú ar alt 48 den Phríomh-Acht (coigeartuithe i gcás tionóiscí i ndiaidh a chéile).

15.

Leasú ar alt 114 den Phríomh-Acht (cigirí).

16.

Leasú ar alt 143A den Phríomh-Acht (oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais).

17.

Sochar linbh.

18.

Caiteachas bord sláinte a mhaoiniú.

19.

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

20.

Éifeacht fianaise a bheith ag deimhniú in ionchúisimh.

21.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht (sochar míthreorach).

22.

Srian le forálacha a cheanglaíonn go leagfar dréacht-rialacháin faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

23.

Aisghairm.

24.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht um Ranníocaí Sláinte, 1979

1979, Uimh. 4

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984

1984, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979

1979, Uimh. 7

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981

1981, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982

1982, Uimh. 2

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983

1983, Uimh. 6

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984

1984, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985

1985, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985

1985, Uimh. 14

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1985

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981

1981, Uimh. 32

harp.jpg


Uimhir 8 de 1986


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1985. [27 Márta, 1986] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985;

[EN]

ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1985” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.

[EN]

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2.—(1) (a) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go V (a cuireadh isteach le hAcht 1985) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

(b)  Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh—

[EN]

(i)  a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 15ú lá de Bhealtaine, 1986;

[EN]

(ii)  a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 19ú lá de Bhealtaine, 1986,

[EN]

(iii)  a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 22ú lá de Bhealtaine, 1986, agus

[EN]

(iv)  a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 23ú lá de Bhealtaine, 1986.

[EN]

(2)  (a)  Déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú tuilleadh trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go V (a cuireadh isteach le fo-alt (1) (a) den alt seo den Acht seo) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

(b)  Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh—

[EN]

(i)   a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 10ú lá d'Iúil, 1986,

[EN]

(ii)   a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 14ú lá d'Iúil, 1986,

[EN]

(iii)  a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 17ú lá d'Iúil, 1986, agus

[EN]

(iv)  a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 18ú lá d'Iúil, 1986.

[EN]

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3.—(1)  Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal C a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le hAcht 1985) den Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

(2)  Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a)  a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 9ú lá d'Iúil, 1986,

[EN]

(b)  a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 17ú lá d'Iúil, 1986,

[EN]

(c)  a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 18ú lá d'Iúil 1986, agus

[EN]

(d)  a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 14ú lá d'Iúil, 1986.

[EN]

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

4.—(1)  Leasaítear leis seo alt 232B (a cuireadh isteach le hAcht 1984) den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh) trí “£20” a chur in ionad “£18” (a cuireadh isteach le hAcht 1985).

[EN]

(2)  Déantar leis seo alt 232C (a cuireadh isteach le hAcht 1984) den Phríomh-Acht (a bhaineann leis an ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh) a leasú,

[EN]

(a)  trí “aon trian” a chur in ionad “25 faoin gcéad” i bhfo-alt (1),

[EN]

(b)  trí “£10” a chur in ionad “£8” i bhfo-alt (2) (a),

[EN]

(c)  trí “£10” a chur in ionad “£8”, agus “£4” a chur in ionad “£2.50” (a cuireadh isteach le hAcht 1985), i bhfo-alt (2) (b), agus

[EN]

(d)  tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

[EN]

“(3)  Nuair a bheidh an ráta seachtainiúil á ríomh de bhun fho-alt (1), áireofar mar £1 aon chodán de £1.”.

[EN]

(3)  Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 10ú lá d'Aibreán, 1986.

[EN]

Leasú ar alt 73 der Phríomh-Acht (sochar páchoibhneasa).

5.—(1)  Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht trí “£58” a chur in ionad “£49” (a cuireadh isteach le hAcht 1985).

[EN]

(2)  Beidh éifeacht ag an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 7ú lá d'Aibreán, 1986 nó dá éis.

[EN]

Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

6.—(1)  Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1985):

[EN]

“(c)  I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £14,700 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.

[EN]

(2)  Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1986.

[EN]

Leasú ar alt 65 den Phríomh-Acht (ranníocaí fostaíochta).

7.—(1)  Leasaítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht trí “0.43 faoin gcéad” a chur in ionad “0.4 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le Acht 1984) i bhfo-ailt 2 (a) (ii) agus (2) (b).

[EN]

(2)  Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1986.

[EN]

Díolúine ó ranníocaí a íoc etc.

8.—Aon fhostóir a rinne, le linn na tréimhse dar tús an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1986, fostaithe breise a fhostú faoin scéim agus de bhua na scéime a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Díolúine Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa d'Fhostóirí, ní dhlífidh sé, le linn na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1986, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1987, gach suim nó aon suim de na suimeanna seo a leanas a íoc i leith fostaithe breise a fhreagraíonn do ghlanmhéadú ar mheitheal an fhostóra faoin scéim, is é sin le rá—

[EN]

(a)  an ranníoc a shonraítear in alt 10 (1) (b) (ii) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1982) den Phríomh-Acht,

[EN]

(b)  an ranníoc fostaíochta a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii), agus an méadú a shonraítear i bhfo-alt (2) (b), d'alt 65 (arna leasú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht;

[EN]

(c)  an ranníoc sláinte is iníoctha ag fostóir faoi alt 5 (1) (b) den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979;

[EN]

(d)  an tobhach fostaíochta don aos óg is iníoctha faoi alt 16 (c) den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981; nó

[EN]

(e)  an ranníoc iomarcaíochta fostóra is iníoctha faoi alt 28 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979, agus a leathnaíodh le halt 2 den Acht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967.

[EN]

Dícháiliúcháin chun sochar míchumais, sochar díobhála nó sochar míthreorach a fháil.

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht trí “9 seachtain” a chur in ionad “6 sheachtain” i bhfo-alt (1).

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 61 den Phríomh-Acht trí “9 seachtain” a chur in ionad “6 sheachtain” i bhfo-alt (1).

[EN]

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht (teideal chun sochair).

10.—Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (e):

[EN]

“(f)  Ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá éagumais chun oibre más rud é, i leith an lae sin, go mbeidh an duine árachaithe á íoc ag a fhostóir i leith saoire.”.

[EN]

An ráta seachtainiúil liúntais máithreachais.

11.—(1) Leasaítear an Príomh-Acht leis seo—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 26A (1) (a cuireadh isteach le hAcht Uimh. 2 de 1985):

[EN]

“(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar an ráta seachtainiúil liúntais máithreachais mar atá sonraithe i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a mhéadú den mhéid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”, agus

[EN]

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt 26A:

“An ráta seachtainiúil liúntais máithreachais

26B. (1) Is é a bheidh sa ráta seachtainiúil liúntais máithreachais is iníoctha le bean a bheidh i dteideal liúntas máithreachais faoi alt 24 (2) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981) méid is ionann agus—

(a) an méid (arna mhéadú faoi alt 26A) is iníoctha faoi alt 26, nó

(b) an méid is iníoctha faoin alt seo,

cibé acu is mó.

(2) Is é a bheidh i méid an liúntais máithreachais is iníoctha faoin alt seo méid is ionann agus—

(a) 70 faoin gcéad de thuilleamh ináirithe seachtainiúil na mná lenarb iníoctha an liúntas sa bhliain cánach ioncaim a fhorordaítear chun críocha an ailt seo, nó

(b) 70 faoin gcéad de cibé méid a bheidh forordaithe mar mheántuilleamh ináirithe seachtainiúil ban sa bhliain sin,

cibé acu is mó.

(3) Féadfar an céatadán a shonraítear i bhfo-alt (2) a athrú le rialacháin ag féachaint do nithe dá leithéid seo—

(a) gluaiseachtaí i meántuilleamh bliantúil ban, agus

(b) asbhaintí reachtúla as tuilleamh nó muirir reachtúla ar thuilleamh a fhorchur nó a athrú.

(4) San alt seo tá ag ‘tuilleamh ináirithe seachtainiúil’ an bhrí a shonraítear in alt 71.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 3 (4) (a) den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “75 (2),” (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981) a scriosadh, agus

[EN]

(b) trí “26B,” a chur isteach i ndiaidh “19 (4),”.

[EN]

(3) Déantar leis seo alt 75 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981) den Phríomh-Acht a aisghairm.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “liúntas máithreachais is iníoctha faoi alt 24 (2) (b)” a chur in ionad “liúntais mháithreachais” i bhfo-alt (1) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983), agus

[EN]

(b) trí “liúntas máithreachais faoi alt 24 (2) (b)” a chur in ionad “liúntas máithreachais” gach áit a bhfuil na focail sin i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981).

[EN]

(5) Leasaítear leis seo alt 74 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983):

[EN]

“(3) Chun críocha an ailt seo, measfar aon lá a mbeidh duine i dteideal liúntas máithreachais ina leith faoi alt 24 (2) (a) a bheith ina lá éagumais chun oibre a raibh an duine i dteideal sochar páchoibhneasa ina leith agus déanfar aon lá a mbeidh duine i dteideal liúntas máithreachas ina leith faoi alt 24 (2) (b) a áireamh mar lá éagumais chun oibre.”.

[EN]

Leasú ar alt 39 den Phríomh-Acht (leathnú ar bhrí tagairtí do thionóiscí de dhroim agus i gcúrsa fostaíochta).

12.—Leasaítear leis seo alt 39 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Aon tionóisc a tharlóidh do dhuine árachaithe agus é ag taisteal go dtí a ionad oibre nó uaidh, measfar, chun críocha na Coda seo, faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, gur tionóisc í a tharla de dhroim agus i gcúrsa a fhostaíochta.”.

[EN]

Leasú ar alt 42 den Phríomh-Acht (sochar díobhála).

13.—Leasaítear leis seo alt 42 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “4 lá” a chur in ionad “12 lá” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) Chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá éagumais chun oibre más rud é, i leith an lae sin, go mbeidh an duine árachaithe á íoc ag a fhostóir i leith saoire.”.

[EN]

Leasú ar alt 48 den Phríomh-Acht (coigeartuithe i gcás tionóiscí i ndiaidh a chéile).

14.—Leasaítear leis seo alt 48 den Phríomh-Acht trí “4 lá” a chur in ionad “12 lá” gach áit a bhfuil na focail sin i bhfo-alt (1) (b).

[EN]

Leasú ar alt 114 den Phríomh-Acht (cigirí).

15.—Leasaítear leis seo alt 114 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) trí “£1,000” a chur in ionad “£500” i bhfo-alt (4) (i), agus

[EN]

(b) trí “£3,000” a chur in ionad “£2,000” i bhfo-alt (4) (ii).

[EN]

Leasú ar alt 143A den Phríomh-Acht (oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais).

16.—Déantar leis seo alt 143A (a cuireadh isteach le hAcht 1985) den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

[EN]

“(7) Is iad na háitribh nó na háiteanna a dhlífear a iniúchadh faoin alt seo aon áitribh nó áiteanna a mbeidh cúis réasúnach ag oifigeach leasa shóisialaigh a chreidiúint maidir leo—

[EN]

(a)  go bhfuil, nó go raibh, daoine ar fostú iontu, nó

[EN]

(b)  go bhfuil, nó go raibh, daoine féinfhostaithe iontu,

[EN]

agus aon áitribh nó áiteanna a mbeidh cúis réasúnach ag oifigeach leasa shóisialaigh a chreidiúint go gcoinnítear aon doiciméid iontu a bhaineann le daoine i bhfostaíocht nó le daoine féinfhostaithe.”.

[EN]

Sochar Linbh.

17.—(1) Leasaítear an Príomh-Acht leis seo—

[EN]

(a) trí “SOCHAR LINBH” a chur in ionad “LIÚNTAIS LEANAÍ”, sa teideal a ghabhann le Cuid IV de,

[EN]

(b) trí “sochar linbh” a chur in ionad “liúntais leanaí” gach áit a bhfuil na focail sin i ngach alt de na hailt a shonraítear i Sceideal D a ghabhann leis an Acht seo,

[EN]

(c) trí “sochar” a chur in ionad “liúntas”, gach áit a bhfuil an focal sin in ailt 224 (4), 224 (5), 225 (2), 232 (1) (c), 300 (6) agus 304

[EN]

(d) trí “sochar” agus “an sochar sin” a chur in ionad “liúntas” agus “an liúntas sin”, faoi seach, in alt 231 (4) (b),

[EN]

(e) trí “sochar míosúil” a chur in ionad “liúntas míosúil” in ailt 225 (1), 225 (2) agus 225 (5), agus

[EN]

(f) tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid IV (a cuireadh isteach le hAcht 1984) den Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht sin:—

[EN]

“CUID IV

[EN]

Na Méideanna Sochair Linbh

An méid i leith gach linbh den chéad chúigear leanbh

An méid i leith gach linbh de bhreis ar chúigear

£15.05

£21.75

 

”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1986.

[EN]

Caiteachas bord sláinte a mhaoiniú.

18.—(1) Leasaítear leis seo alt 134 (2) den Phríomh-Acht trí “, ach amháin liúntas leasa forlíontach,” a scriosadh.

[EN]

(2) Leasaítear alt 218 leis seo—

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983):

[EN]

“(9) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo—

[EN]

(a)  is é a bheidh sa mhéid iomlán a bheidh le híoc faoi fho-alt (1) ag na húdaráis áitiúla go léir dá dtagraítear san fho-alt sin i leith gach bliana de na blianta dar críoch an 31 Nollaig, 1981, 31 Nollaig, 1982, 31 Nollaig, 1983, 31 Nollaig, 1984 agus 31 Nollaig, 1985 agus ní i leith aon bhliana eile, cibé méid a bheidh forordaithe do gach bliain díobh sin ag an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus is í a bheidh sa chionmhaireacht de na méideanna sin is iníoctha ag gach údarás áitiúil den sórt sin i leith gach bliana den sórt sin ná an chionmhaireacht sin atá idir an caiteachas iomlán ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar críoch 31 Nollaig, 1975, agus caiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain sin;

[EN]

(b)  ní rachaidh an méid is iníoctha faoi fho-alt (3) ag údarás áitiúil dá dtagraítear san fho-alt sin i leith gach bliana de na blianta dar críoch an 31 Nollaig, 1982, 31 Nollaig, 1983, 31 Nollaig, 1984 agus 31 Nollaig, 1985, agus ní i leith aon bhliana eile, thar cibé méid a bheidh forordaithe don bhliain sin ag an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú an Aire Airgeadais.”, agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9) (a cuireadh isteach leis an alt seo):

[EN]

“(10) Tabharfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais do bhoird sláinte chun íoc as caiteachas uile (lena n-áirítear costais riaracháin) na mbord sin ar liúntas leasa forlíontach sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig, 1986, agus gach bliain dá éis sin, agus, dá réir sin, scoirfidh an méid sin de na fo-ailt roimhe seo den alt seo, seachas fo-alt (9), a thagraíonn do chaiteachas bord sláinte ar liúntas leasa forlíontach a mhaoiniú, d'éifeacht a bheith leo tráth thosach feidhme an Achta Leasa Shóisialaigh, 1986, agus dá éis sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht.

19.—Leasaítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) (a):

[EN]

“(a) ní dhéanfar lá a áireamh i ndáil le duine árachaithe mar lá dífhostaíochta mura rud é an lá sin go bhfuil sé cumasach chun oibre agus go bhfuil sé, nó go meastar de réir rialachán go bhfuil sé, ar fáil le haghaidh fostaíochta, agus go bhfuil sé ag déanamh iarracht mhacánta, agus go bhfuil ag cliseadh air, fostaíocht a fháil a d'oirfeadh dó ag féachaint dá aois, dá ghnéas, dá dhéanamh coirp, dá oideachas, dá ghnáthshlí bheatha, dá áit chónaithe agus dá imthosca teaghlaigh,”, agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

[EN]

“(4A) D'ainneoin aon ní i bfho-alt (4), maidir le haon tréimhse nach faide ná bliain—

[EN]

(a) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta, nó

[EN]

(b) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntais Fiontar, nó

[EN]

(c) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Sealaíochta, nó

[EN]

(d) is tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna chur ar fáil nó arna cheadú ag an gComhairle Oiliúna, nó

[EN]

(e) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear Comhobair,

[EN]

tabharfar neamhaird uirthi nuair a bheifear, de bhun fho-alt 4 (c), ag áireamh aon dá thréimhse bhearnaithe fostaíochta nach bhfuil tréimhse is mó ná 13 sheachtain eatarthu mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta amháin.”.

[EN]

Éifeacht fianaise a bheith ag deimhniú in ionchúisimh.

20.—Chun críocha imeachtaí a thionscnamh faoi Chuid II, faoi Chuid III Caibidil 2, faoi Chuid III Caibidil 3, faoi Chuid III Caibidil 4 nó faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, beidh deimhniú ina ndeimhneofar na fíorais seo a leanas, eadhon, gur oifigeach don Aire é duine agus gur tugadh údarás dó faoi ordú speisialta nó ordú ginearálta ón Aire na himeachtaí sin a thionscnamh, nó gur thoiligh an tAire leis na himeachtaí sin a thionscnamh, ina fhianaise leordhóthanach in aon imeachtaí dlíthiúla i dtaobh na n-ábhar a bheidh deimhnithe sa deimhniú, go dtí go gcruthófar a mhalairt, agus forléireofar ailt 116, 145, 168, 188 agus 231 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leo dá réir sin.

[EN]

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht (sochar míthreorach).

21.—(1) Leasaítear leis seo alt 43 den Phríomh-Acht—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) (b) (a cuireadh isteach le hAcht Uimh. 2 de 1985):

[EN]

“(b) Is é an scála céanna a fhorordófar chun críocha mhír (a) do gach uile dhuine.”,

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8) (a cuireadh isteach le hAcht Uimh. 2 de 1985):

[EN]

“(8) I gcás ina measúnófar gur 20 faoin gcéad nó níos mó méid na míthreorach in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas, is é a bheidh i sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach sa Chaibidil seo) in aghaidh na tréimhse sin de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid III den Dara Sceideal agus is iomchuí don ghrád míthreorach: Ar choinníoll, i gcás an tréimhse a bheith teorannaithe faoi threoir dáta chinnte, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin.”, agus

[EN]

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9) (b) (i) (a cuireadh isteach le hAcht Uimh. 2 de 1985):

[EN]

“(i) is é an scála céanna a bheidh ann do gach uile dhuine,”.

[EN]

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 19ú lá de Bhealtaine, 1986.

[EN]

Srian le forálacha a cheanglaíonn go leagfar dréachtrialacháin faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

22.—I gcás go gcúlghairfidh an tAire rialacháin arna ndéanamh faoi alt 5 (4), 5 (5), 10 (2), 12, 19 (3), 25 (2), 30 (3), 79 (6), 84 (2), 89 (3), 93 (3), 97 (2), 101 (3) nó 108 (3) den Phríomh-Acht agus go ndéanfaidh sé rialacháin a ndeimhneoidh sé maidir leo an éifeacht chéanna a bheith leo go substaintiúil leis na rialacháin a bheidh cúlghairthe amhlaidh, ní bheidh feidhm ag ceanglas a éilíonn go leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Aisghairm.

23.—Aisghairtear leis seo alt 43 (10) (a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnú sealadach ar mhéid na míthreorach), alt 47 (a bhaineann le méadú ar shochar míthreorach le linn cóireála ospidéil ceadaithe), alt 56 (a bhaineann le sochair gan a dhul thar thuilleamh roimh thionóisc) den Phríomh-Acht agus alt 2 (a bhaineann le méadú ar rátaí árachais shóisialaigh) d'Acht Uimh. 2 de 1985 agus an Dara Sceideal (a bhaineann le rátaí sochair), a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

24.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1985, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1986, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

SCEIDEAL A

Alt 2.

“An Dara Sceideal

Na Rátaí Sochar

CUID I

Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

An ráta seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an tríú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), nó 103 (2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

 

£

£

£

£

£

£

£

£

1.   (A)  Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta

39.50

25.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

(B) Rátaí laghdaithe Sochair Dífhostaíochta:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) duine a bhfuil teideal aige chun méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil teideal aige chun méadú i leith cleithiúnaí aosaithe

33.15

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

(b) aon duine eile  ...  ...

32.75

23.65

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

2. Liuntas Máithreachais     ...

39.50

--

--

--

--

--

--

--

3. Sochar Díobhála   ...   ...

54.35

25.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

4. Sochar Báis:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) pinsean is iníoctha le baintreach (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6))—

 

 

 

 

 

 

 

 

(i)  faoi bhun 66 bliana d'aois     ...     ...

58.65

--

12.40

13.65

13.65

11.75

--

--

(ii) os cionn 66 bliana d'aois     ...     ...

59.90

--

12.75

13.80

13.80

12.05

24.60

3.40

(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina dhuine pósta agus go bhfuil an tuismitheoir—

 

 

 

 

 

 

 

 

(i)  faoi bhun 66 bliana d'aois  ...  ...

26.15

--

--

--

--

--

--

--

(ii)  os cionn 66 bliana d'aois  ...  ...

26.70

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(c) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina bhaintreach fir, ina bhaintreach nó ina dhuine singil—

 

 

 

 

 

 

 

 

(i) i gcás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus go raibh sé, tráth bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan agus go bhfuil sé—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

58.65

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

59.90

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(ii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair, agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó gur tháinig sí chun bheith ina baintreach ina dhiaidh sin agus go bhfuil sí—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

58.65

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

59.90

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(iii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus gan í bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir an ráta atá leagtha amach ag (i) thuas iníoctha lena fearchéile agus go bhfuil sí—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

58.65

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

59.90

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(iv) in aon chás eile má tá an tuismitheoir:—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

26.15

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

26.70

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(d) pinsean is iníoctha le dílleachta  ...  ...

30.90

--

--

--

--

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois     ...     ...

51.40

32.80

10.60

11.70

9.75

8.00

24.60

3.40

(b) in aon chás eile     ...     ...

54.90

32.80

10.60

11.70

9.75

8.00

24.60

3.40

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige     ...

--

5.55

--

--

--

--

--

--

6. Pinsean Easláine:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) i gcás an duine a bheith faoi bhun 66 bliana d'aois

45.30

29.40

10.45

11.50

9.55

7.75

24.60

--

(b) i gcás an duine a bheith os cionn 66 bliana d'aois

46.20

30.00

10.60

11.70

9.75

8.00

24.60

3.40

7. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe i gcás daoine:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

46.25

--

12.40

13.65

13.65

11.75

--

--

(b) idir 66 bliana agus 80 bliain d'aois

47.20

--

12.75

13.80

13.80

12.05

24.60

3.40

(c) os cionn 80 bliain d'aois

50.35

--

12.75

13.80

13.80

12.05

24.60

3.40

8. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)...     ...     ...

29.25

--

--

--

--

--

--

--

CUID II

Sochar Díobhálacha Ceirde—Aiscí agus Deontas

 

 

 

 

 

£

1. Sochar Míthreorach:

 

Aisce Uasta i gcás daoine:—

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,200

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,280

2. Sochar Báis:

 

(i) Aisce baintrí fir i gcás daoine:—

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

3,060

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

3,120

(ii) Deontas i leith costas sochraide

...

...

...

220

CUID III

Pinsean Míthreorach

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

(1)

(2)

Daoine faoi bhun 66 bliana d'aois

Daoine os cionn 66 bliana d'aois

 

 

 

 

£

£

100 faoin gcéad

...

...

...

60.50

61.80

90     ,,    ,,

...

...

...

54.45

55.62

80     ,,    ,,

...

...

...

48.40

49.44

70     ,,    ,,

...

...

...

42.35

43.26

60     ,,    ,,

...

...

...

36.30

37.08

50     ,,    ,,

...

...

...

30.25

30.90

40     ,,    ,,

...

...

...

24.20

24.72

30     ,,    ,,

...

...

...

18.15

18.54

20     ,,    ,,

...

...

...

12.10

12.36

CUID IV

Méaduithe ar Phinsean Míthreorach

 

£

1.  Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre:

 

i gcás daoine—

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

39.50

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

40.30

2.  Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí:

 

(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona, má tá an duine—

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

24.20

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

24.60

(b) teorainn in aon chás má tá an duine—

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

48.40

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

49.20

[EN]

SCEIDEAL B

Alt 2.

“An Dara Sceideal

Na Rátaí Sochar

CUID I

Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

An ráta seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an triú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), nó 103 (2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

 

£

£

£

£

£

£

£

£

1.   (A) Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta

41.10

26.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

(B) Rátaí laghdaithe Sochair Dífhostaíochta:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) duine a bhfuil teideal aige chun méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil teideal aige chun méadú i leith cleithiúnaí aosaithe

34.50

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

(b) aon duine eile   ...   ...

34.05

24.60

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

2. Liúntas Máithreachais   ...

41.10

--

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

3. Sochar Díobhála   ...   ...

56.50

26.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

4. Sochar Báis:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) pinsean is iníoctha le baintreach (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6))—

 

 

 

 

 

 

 

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois   ...   ...

61.00

--

12.40

13.65

13.65

11.75

--

--

(ii) os cionn 66 bliana d'aois   ...   ...

62.30

--

12.75

13.80

13.80

12.05

25.60

3.55

(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina dhuine pósta agus go bhfuil an tuismitheoir—

 

 

 

 

 

 

 

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois   ...   ...

27.20

--

--

--

--

--

--

--

(ii) os cionn 66 bliana d'aois   ...   ...

27.75

--

--

--

--

--

25.60

3.55

(c) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina bhaintreach fir, ina bhaintreach nó ina dhuine singil—

 

 

 

 

 

 

 

 

(i) i gcás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus go raibh sé, tráth bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan agus go bhfuil sé—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

61.00

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

62.30

--

--

--

--

--

25.60

3.55

(ii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair, agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó gur tháinig sí chun bheith ina baintreacht ina dhiaidh sin agus go bhfuil sí—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

61.00

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

62.30

--

--

--

--

--

25.60

3.55

(iii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus gan í bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir ráta atá leagtha amach ag (i) thuas iníoctha lena fearchéile agus go bhfuil sí—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

61.00

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

62.30

--

--

--

--

--

25.60

3.55

(iv) in aon chás eile má tá an tuismitheoir:—

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

27.20

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

27.75

--

--

--

--

--

25.60

3.55

(d) pinsean is iníoctha le dílleachta   ...   ...

32.15

--

--

--

--

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois   ...   ...

53.45

34.10

10.60

11.70

9.75

8.00

25.60

3.55

(b) in aon chás eile   ...   ...

57.10

34.10

10.60

11.70

9.75

8.00

25.60

3.55

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige   ...   ...

--

5.80

--

--

--

--

--

--

6. Pinsean Easláine:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) i gcás an duine a bheith faoi bhun 66 bliana d'aois

47.10

30.60

10.45

11.50

9.55

7.75

25.60

--

(b) i gcás an duine a bheith os cionn 66 bliana d'aois

48.05

31.20

10.60

11.70

9.75

8.00

25.60

3.55

7. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe i gcás daoine:

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

48.10

--

12.40

13.65

13.65

11.75

--

--

(b) idir 66 bliana agus 80 bliana d'aois   ...   ...

49.10

--

12.75

13.80

13.80

12.05

25.60

3.55

(c) os cionn 80 bliain d'aois

52.35

--

12.75

13.80

13.80

12.05

25.60

3.55

8. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)   ...   ...   ...

30.40

--

--

--

--

--

--

--

CUID II

Sochar Díobhálacha Ceirde—Aiscí agus Deontas

 

 

 

 

 

£

1.  Sochar Míthreorach:

 

Aisce Uasta i gcás daoine:—

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,370

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,450

2.  Sochar Báis:

 

(i)  Aisce baintrí fir i gcás daoine:—

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

3,180

(b)  os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

3,240

(ii) Deontas i leith costas sochraide

...

...

...

220

CUID III

Pinsean Míthreorach

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

(1)

(2)

Daoine faoi bhun 66 bliana d'aois

Daoine os cionn 66 bliana d'aois

 

 

 

 

£

£

100 faoin gcéad

...

...

...

62.90

64.30

90     ,,    ,,

...

...

...

56.61

57.87

80     ,,    ,,

...

...

...

50.32

51.44

70     ,,    ,,

...

...

...

44.03

45.01

60     ,,    ,,

...

...

...

37.74

38.58

50     ,,    ,,

...

...

...

31.45

32.15

40     ,,    ,,

...

...

...

25.16

25.72

30     ,,    ,,

...

...

...

18.87

19.29

20     ,,    ,,

...

...

...

12.58

12.86

CUID IV

Méaduithe ar Phinsean Míthreorach

 

 

 

 

 

£

1.  Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre:

 

i gcás daoine—

 

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

41.10

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

41.90

2.  Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí:

 

(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona, má tá an duine—

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

25.15

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

25.60

(b) teorainn in aon chás má tá an duine—

 

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

50.30

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

51.20

[EN]

SCEIDEAL C

Alt 3.

“An Ceathrú Sceideal

Na Rátaí Cúnaimh

CUID I

Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais

An ráta nó an méid seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an tríú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162(1)(a), 179(a), 195(2), 196(2) nó 197(2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

(8)

 

£

£

£

£

£

£

£

£

£

1.  Cúnamh Dífhostaíochta:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

A.  Daoine seachas iad sin ag B:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(1)  i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta arna forléiriú dc réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

36.70

26.45

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

35.50

25.80

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(2)  i gcás daoine seachas iad sin ag (1):

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

34.05

24.60

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

33.00

23.95

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

B.   Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó acu—

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(1)  i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta, arna forléiriú de réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(i)  i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach   ...

37.00

--

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(ii)  i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

36.00

--

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(2)  i gcás daoine seachas iad sin ag (1):

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach   ...

34.50

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(ii)  i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

33.50

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

2.   Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall

45.75

--

9.30

10.50

8.15

6.50

25.60

3.55

3.35

3.   Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh i leith daoine—

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(a)  faoi bhun 66 bliana d'aois

44.90

--

11.25

12.35

12.35

10.60

--

--

--

(b)  os cionn 66 bliana d'aois

45.75

--

11.50

12.65

12.65

10.80

25.60

3.55

3.35

4.   Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

25.50

--

--

--

--

--

--

--

--

5.   Liúntas do Bhean Shingil   ...

39.15

--

--

--

--

--

--

--

--

6.   Liúntas Leasa Forlíontach:

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(a) Daoine seachas iad sin ag (b)  ...

33.00

23.95

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(b) Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó acu   ...

33.50

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

CUID III

An Méadú ar Phinsean Seanaoise i Leith Céile

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

 

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an

 

phinsinéara gan bheith níos mó ná £6

...

...

...

23.00

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8

...

...

22.00

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10

...

...

21.00

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12

...

...

20.00

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14

...

...

19.00

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16

...

...

18.00

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18

...

...

17.00

níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20

...

...

16.00

níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22

...

...

15.00

níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24

...

...

14.00

níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26

...

...

13.00

níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28

...

...

12.00

níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30

...

...

11.00

níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32

...

...

10.00

níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34

...

...

9.00

níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36

...

...

8.00

níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38

...

...

7.00

níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40

...

...

6.00

níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42

...

...

5.00

níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44

...

...

4.00

níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46

...

...

3.00

níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48

...

...

2.00

níos mó ná £48

...

...

...

...

...

Neamhní

[EN]

SCEIDEAL D

Leasuithe ar an bPríomh-Acht

Alt 17.

Alt

113 (2) (b)

130 (1) (c) (iii)

146 (1) (b) (v)

(arna leasú le hAcht Uimh. 2 de 1985).

210 (2) (a) (i)

(arna leasú le hAcht Uimh. 2 de 1985).

223 (1)

(arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983).

224 (1)

224 (4)

224 (5)

225 (1)

(arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1982).

225 (3)

225 (5)

226

(arna leasú le hAcht 1984).

227 (2)

227 (3)

228

229 (1)

229 (2)

229 (4)

230 (1)

230 (3)

230 (4)

230 (5)

231 (1)

231 (2)

231 (3)

231 (4) (a)

232 (1)

232 (2)

232A (c)

(a cuireadh isteach le hAcht 1984).

290

293 (1)

296 (2) (c)

300 (5)

300 (6) (a)

300 (7)

304

305

306

307