Uimhir 21 de 1967
AN tACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA, 1967
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;
folaíonn “gnó” trádáil, tionscal, gairm nó gnóthas nó aon ghníomhaíocht a sheoltar ag duine nó ag comhlacht daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe, nó ag údarás poiblí nó ag údarás áitiúil nó ag Roinn Stáit, agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás poiblí nó ag údarás áitiúil nó ag Roinn Stáit;
ciallaíonn “dáta an bhriste”, maidir le fostaí,—
(a) i gcás ina bhfoirceannfar a chonradh fostaíochta le fógra óna fhostóir, dáta a éagfaidh an fógra sin,
(b) i gcás ina bhfoirceannfar a chonradh fostaíochta gan fógra, ag an bhfostóir nó ag an bhfostaí, an dáta a bheidh éifeacht ag an bhfoirceannadh sin, agus
(c) i gcás ina bhfuil sé ar fostú faoi chonradh go ceann téarma shocraithe, agus go n-éagfaidh an téarma sin gan an conradh sin a athnuachan, an dáta a éagfaidh an téarma sin,
agus forléireofar dá réir sin abairtí gaolmhara;
ciallaíonn “fostaí” duine atá, nó a oibríonn (nó, i gcás conradh atá foirceannta, a d'oibrigh), faoi chonradh le fostóir, cibé acu conradh é le haghaidh obair láimhe, obair chléireachais nó eile, nó conradh sainráite nó conradh intuigthe é nó conradh ó bhéal nó conradh i scríbhinn é nó conradh seirbhíse nó conradh printíseachta nó eile é, agus forléireofar “fostóir” agus tagairt d'fhostaíocht dá réir sin;
tá le “ranníoc iomarcaíochta fostaí” agus le “ranníoc iomarcaíochta fostóra” na bríonna a shanntar dóibh le halt 27;
ciallaíonn “an tSeirbhís Fostaíochta” an tseirbhís fostaíochta a oibrítear faoi rialú an Aire agus ar a dtugtar an teideal sin;
tá leis an mbriathar “asleagan” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (1);
tá le “cnapshuim” an bhrí a shanntar dó le halt 19;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;
tá le “lacáiste” an bhrí a shanntar dó le halt 29;
tá le “íocaíocht iomarcaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 7;
tá le “gearr-am” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (2);
folaíonn “tinneas” nó “breoiteacht” a bheith éagumasach chun oibre de réir bhrí Acht 1952;
tá le “scéim iomarcaíochta speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 47;
tá le “an Binse” an bhrí a shanntar dó le halt 39 (1);
ciallaíonn “seachtain”, maidir le fostaí a ríomhtar a luach saothair go seachtainiúil de réir seachtaine dar críoch lá seachas an Satharn, seachtain dar críoch an lá eile sin agus, maidir le haon fhostaí eile, ciallaíonn sé seachtain dar críoch an Satharn, agus forléireofar “seachtainiúil” dá réir;
tá le “íocaíocht sheachtainiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 30.
(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, alt nó sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt atá san Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do roinnteán eile is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don roinnteán eile den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil eile atá beartaithe.
(4) Chun críocha oibriú an Achta seo maidir le fostaí a bhfuil a luach saothair iníoctha leis ag duine seachas a fhostóir, forléireofar tagairt san Acht seo d'fhostóir mar thagairt don duine ag arb iníoctha an luach saothair.
Tosach feidhme.
3.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Na haicmí daoine lena mbaineann an tAcht seo.
4.(1)—Faoi réir an ailt seo agus alt 47, bainfidh an tAcht seo le fostaithe ar fostú i bhfostaíocht is inárachaithe le haghaidh na sochar go léir faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966, agus le fostaithe a bhí ar fostú amhlaidh sa tréimhse dhá bhliain dar críoch dáta fostaíocht a fhoirceannadh.
(2) Ní bhainfidh an tAcht seo le duine a oibríonn, nó a mbítear ag súil go n-oibreoidh sé, leis an bhfostóir céanna ar feadh cuid is lú ná 21 uair a chloig sa tseachtain.
(3) (a) Chun an tAcht seo a chur chun feidhme maidir le fostaí ar fostú i dteaghlach príobháideach beidh feidhm ag an Acht seo (seachas alt 20) ionann is dá mba ghnó an teaghlach agus dá mba sheoladh an ghnó sin ag an bhfostóir cothabháil an teaghlaigh.
(b) Ní bhainfidh an tAcht seo le haon duine i leith fostaíochta más é an fostóir athair nó máthair nó leasathair nó leasmháthair an fhostaí nó más seanathair, seanmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leas-iníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar nó deirfiúr leas-ghaolmhar don fhostaí an fostóir, i gcás inar duine de theaghlach an fhostóra an fostaí agus go mbaineann an fhostaíocht le teach cónaithe príobháideach nó feirm ina gcónaíonn nó ar a gcónaíonn an fostóir agus an fostaí.
(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú nach mbainfidh an tAcht seo le haicme nó aicmí daoine a shonraítear san ordú agus ó thosach feidhme an ordaithe ní bhainfidh an tAcht seo leis an aicme nó na haicmí sin.
(5) D'ainneoin fo-alt (2), féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go mbainfidh an tAcht seo le haicme shonraithe oibrí agus ó thosach feidhme an ordaithe bainfidh an tAcht seo leis an aicme sin.
(6) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
Rialacháin agus dréacht-orduithe áirithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
5.—(1) Aon uair a bheartófar ordú a dhéanamh faoi alt 4 (4), 4 (5), 4 (6), 19 (3), 28 (3), 30 (3) nó 47, leagfar dréacht den ordú beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
CUID II
Íocaíocht Iomarcaíochta
Mínithe do Chuid II.
6.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn an briathar “scor” scor go sealadach nó go buan agus ar aon chúis ar bith;
ciallaíonn an briathar “frithdhúnadh” áit fostaíochta a dhúnadh, nó obair a fhionraí, nó diúltú ag fostóir leanúint d'aon uimhir daoine atá ar fostú aige a fhostú de dhroim díospóide, arna dhéanamh d'fhonn iallach a chur ar na daoine sin, nó d'fhonn cabhrú le fostóir eile iallach a chur ar dhaoine atá ar fostú aige, glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le fostaíocht;
tá le “fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh” an bhrí a shanntar dó le halt 12;
tá le “deimhniú iomarcaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 18;
ciallaíonn “stailc” scor d'obair ag comhlacht daoine i bhfostaíocht ag gníomhú dóibh i gcomhar, nó comhdhiúltú nó diúltú de thoil a chéile ag aon uimhir áirithe daoine i bhfostaíocht leanúint d'obair d'fhostóir de dhroim díospóide, arna dhéanamh chun iallach a chur ar a bhfostóir nó ar aon duine nó ar aon chomhlacht daoine i bhfostaíocht, nó cabhrú le fostaithe eile iallach a chur ar a bhfostóir nó ar aon duine nó ar aon chomhlacht daoine i bhfostaíocht, glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le fostaíocht.
Ceart ginearálta chun íocaíochta iomarcaíochta.
7.—(1) Má bhristear fostaí ag a fhostóir mar gheall ar iomarcaíocht nó má asleagtar é nó má choimeádtar ar gearr-am ar feadh na tréimhse íosta é, beidh sé, faoi réir an Achta seo, i dteideal na n-íocaíochtaí airgid ar a dtabharfar (agus dá ngairtear san Acht seo) íocaíocht iomarcaíochta ar choinníoll—
(a) go raibh sé ar fostú ar feadh na tréimhse riachtanaí, agus
(b) go raibh sé ina ranníocóir fostaithe i bhfostaíocht a bhí inárachaithe le haghaidh na sochar go léir faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966, díreach roimh dháta a fhostaíocht a fhoirceannadh, nó go raibh scortha aige de bheith ar gnáthfhostú i bhfostaíocht a bhí inárachaithe amhlaidh sa tréimhse dhá bhliain dar chríoch an dáta sin.
(2) Chun críocha fho-alt (1), aon fhostaí a bhrisfear, measfar gur mar gheall ar iomarcaíocht a briseadh é más inchurtha, go hiomlán nó go formhór, an briseadh i leith—
(a) go bhfuil a fhostóir tar éis scor, nó go mbeartaíonn sé scor, den ghnó a sheoladh a raibh an fostaí ar fostú aige chuige nó tar éis scor, nó go mbeartaíonn sé scor, den ghnó sin a sheoladh san áit ina raibh an fostaí ar fostú amhlaidh, nó
(b) go bhfuil deireadh le nó laghdú ar, nó go gceaptar go mbeidh deireadh le nó laghdú ar, riachtanas a bheith sa ghnó sin le fostaithe chun obair de chineál áirithe a dhéanamh nó le fostaithe chun obair de chineál áirithe a dhéanamh san áit a raibh sé fostaithe amhlaidh.
(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar fostaí a bheith asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh na tréimhse íosta má bhí sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh tréimhse ceithre sheachtain chomhleanúnacha nó níos mó nó ar feadh tréimhse sé sheachtain nó níos mó nach raibh comhleanúnach ach a thagann laistigh de thréimhse trí sheachtain déag chomhleanúnacha.
(4) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, i gcás ina ndéanfar fostaí a bhí ag cur isteach tréimhse oiliúna printíseachta le fostóir faoi chomhaontú printíseachta a bhriseadh laistigh de mhí tar éis deireadh na tréimhse sin, ní bheidh teideal ag an bhfostaí sin chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar an mbriseadh sin.
(5) San alt seo ciallaíonn “tréimhse riachtanach” tréimhse 208 seachtain fostaíochta leanúnaí (de réir bhrí Sceideal 3) ag an bhfostaí faoin bhfostóir a bhris é, a asleag é nó a choimeád ar gearr-am é, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon tréimhse fostaíochta faoin bhfostóir sin sular shlánaigh an fostaí 16 bliana d'aois.
Cáiliú ar an gceart ginearálta faoi alt 7.
8.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 7, i gcás fostaí a briseadh mar gheall ar iomarcaíocht nó a asleagadh a bheith, in imeacht na tréimhse ceithre bliana díreach roimh dháta an bhriste nó an asleagain, asleagtha ar feadh meántréimhse bliantúla ab fhaide ná dhá sheachtain déag, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) ní thiocfaidh an fostaí sin chun bheith i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de dhroim é a bhriseadh nó a asleagan go dtí go mbeidh tréimhse comhionann leis an meántréimhse asleagain bhliantúil thar an tréimhse ceithre bliana sin maidir leis an bhfostaí sin caite ó dháta an bhriste nó an asleagain;
(b) má théann an fostaí sin ar ais chun oibre leis an bhfostóir céanna roimh dheireadh na tréimhse is gá a bheith caite faoi mhír (a), ní bheidh an fostaí sin i dteideal íocaíochta iomarcaíochta maidir leis an mbriseadh sin nó leis an asleagan sin;
(c) má thairgeann an fostóir, roimh dheireadh na tréimhse is gá a bheith caite faoi mhír (a), an fostaí a athfhostú agus go ndiúltóidh an fostaí sin go míréasúnach don tairiscint sin, ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta maidir leis an mbriseadh sin nó leis an asleagan sin.
(2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, ní thosóidh an chéad tréimhse ceithre sheachtain dá dtagraítear in alt 12 (2) nó an tréimhse trí sheachtain déag dá dtagraítear san alt sin go dtí deireadh na tréimhse (dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a)) is comhionann leis an meántréimhse asleagain bhliantúil iomchuí.
Briseadh ag fostóir.
9.—Chun críocha na Coda seo measfar, faoi réir na Coda seo, fostaí a bheith briste ag a fhostóir más rud é agus amháin más rud é—
(a) go bhfoirceannfaidh an fostóir, le fógra nó gan fógra, an conradh faoina bhfuil sé fostaithe, nó
(b) más conradh ar feadh téarma shocraithe an conradh faoina bhfuil sé fostaithe ag an bhfostóir, go n-éagfaidh an téarma sin gan é a athnuachan faoin gconradh céanna nó faoi chonradh dá shórt, nó
(c) go ndéanfaidh an fostaí an conradh faoina bhfuil sé fostaithe ag an bhfostóir a fhoirceannadh gan fógra in imthosca (nach dtagann faoi réim fho-alt (5)) de shórt go bhfuil sé i dteideal é a fhoirceannadh amhlaidh mar gheall ar iompar an fhostóra.
(2) Ní mheasfar chun críocha na Coda seo fostaí a bheith briste ag a fhostóir má athnuaitear a chonradh fostaíochta, nó má athfhruilíonn an fostóir céanna é faoi chonradh fostaíochta nua, agus—
(a) i gcás nach mbeidh forálacha an chonartha arna athnuachan nó forálacha an chonartha nua maidir leis an bhfeidhmeannas agus an áit ina mbeidh sé fostaithe agus maidir le téarmaí agus coinníollacha eile a fhostaíochta, éagsúil le forálacha comhréire an chonartha roimhe sin, agus go dtiocfaidh an athnuachan nó an t-athfhruiliú in éifeacht díreach ar dheireadh a bheith lena fhostaíocht faoin gconradh roimhe sin, nó
(b) in aon chás eile, gur de bhun tairisceana i scríbhinn óna fhostóir roimh dheireadh a theacht lena fhostaíocht faoin gconradh roimhe sin an athnuachan nó an t-athfhruiliú, agus go dtiocfaidh sé in éifeacht díreach ar dheireadh a bheith leis an bhfostaíocht sin nó tar éis eatraimh nach faide ná ceithre sheachtain dá éis sin.
(3) (a) Ní mheasfar chun críocha na Coda seo fostaí a bheith briste ag a fhostóir más rud é—
(i) go n-athfhruileofar é ag fostóir eile (dá ngairtear an fostóir nua anseo feasta) díreach ar dheireadh a bheith lena fhostaíocht roimhe sin,
(ii) go ndéanfar an t-athfhruiliú trí chomhaontú idir an fostaí, an fostóir roimhe sin agus an fostóir nua,
(iii) go bhfaighidh an fostaí, roimh thosach na tréimhse fostaíochta leis an bhfostóir nua, ráiteas i scríbhinn thar ceann an fhostóra roimhe sin agus an fhostóra nua—
(A) a leagfaidh amach téarmaí agus coinníollacha chonradh fostaíochta an fhostaí leis an bhfostóir nua,
(B) a shonróidh go measfaidh an fostóir nua, chun críocha an Achta seo, gur seirbhís leis an bhfostóir nua tréimhse seirbhíse an fhostaí leis an bhfostóir roimhe sin,
(C) ina mbeidh sonraí na seirbhíse a luaitear i gclásal (B), agus
(D) go gcuirfidh an fostaí in iúl i scríbhinn don fhostóir nua go nglacann an fostaí leis an ráiteas is gá de réir na fomhíre seo.
(b) I gcás ina ndéanfaidh an fostóir nua fostaí a athfhruiliú de réir an fho-ailt seo, measfar chun críocha an Achta seo gur seirbhís faoin bhfostóir nua an tseirbhís ag an bhfostaí sin a luaitear i mír (a) (ii).
(4) Chun fo-alt (2) a chur chun feidhme maidir le conradh faoina gcríochnaíonn an fhostaíocht ar Aoine, Satharn nó Domhnach—
(a) measfar an athnuachan nó an t-athfhruiliú a theacht in éifeacht díreach ar chríochnú don fhostaíocht faoin gconradh roimhe sin má thagann sé in éifeacht an chéad Luan, nó roimh an gcéad Luan, tar éis na hAoine, an tSathairn nó an Domhnaigh sin, agus
(b) ríomhfar an t-eatramh ceithre sheachtain a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ionann is gurb ar an Luan sin a chríochnaigh an fhostaíocht.
(5) Nuair a fhoirceannfaidh fostaí a chonradh fostaíochta gan fógra, agus teideal aige chuige sin mar gheall ar a fhostóir frithdhúnadh, ní bhainfidh fo-alt (1) (c) leis an bhfoirceannadh sin.
(6) I gcás ina measfar de bhua fho-alt (2) nár briseadh fostaí mar gheall ar athnuachan nó athfhruiliú a theacht in éifeacht tar éis eatraimh, ansin, nuair a bheifear a chinneadh chun críocha alt 7 (1) an raibh sé ar fostú go leanúnach ar feadh na tréimhse riachtanaí, comhairfidh tréimhse an eatraimh sin mar thréimhse fostaíochta.
(7) Nuair a bheifear a chinneadh chun críocha an Achta seo an raibh fostaí briste ag a fhostóir tráth áirithe roimh thosach feidhme an Achta seo, beidh feidhm ag na forálacha iomchuí den alt seo ionann is dá mba tar éis an tosach feidhme sin a tharla an rud a bheidh le cinneadh.
Fógra ó fhostaí in oirichill fógra ó fhostóir d'éag.
10.—(1) Beidh éifeacht ag an alt seo—
(a) i gcás ina dtabharfaidh fostóir fógra d'fhostaí d'fhoirceannadh a chonradh fostaíochta, agus
(b) go dtabharfaidh an fostaí, tráth i dtréimhse éigeantach an fhógra sin, fógra i scríbhinn don fhostóir an conradh fostaíochta a fhoirceannadh ar dháta is luaithe ná an dáta a mbeidh sé dlite a éagfaidh fógra an fhostóra.
(2) Faoi réir fho-alt (3), sna himthosca a shonraítear i bhfo-alt (1), measfar, chun críocha na Coda seo, an fostaí a bheith briste ag a fhostóir, agus is é dáta an bhriste maidir leis an mbriseadh sin an dáta a éagfaidh fógra an fhostaí.
(3) Má thugann an fostóir, sula mbeidh fógra an fhostaí dlite éag, fógra i scríbhinn don fhostaí—
(a) á cheangal air a fhógra d'fhoirceannadh an chonradh fostaíochta mar a luaitear i bhfo-alt (1) (b) a tharraingt siar agus leanúint air san fhostaíocht go dtí an dáta a éagfaidh fógra an fhostóra, agus
(b) á rá, mura ndéanfaidh sé sin, go gcomhraicfidh an fostóir aon dliteanas íocaíocht iomarcaíochta a íoc leis i leith a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh,
ach go ndiúltóidh an fostaí go míréasúnach déanamh de réir cheanglais an fhógra sin, ní bheidh an fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhua fho-alt (2).
(4) San alt seo—
(a) má bhíonn tréimhse iarbhír fhógra an fhostóra (is é sin le rá, an tréimhse dar tosach tráth an fógra a thabhairt agus dar críoch tráth a éaga) comhionann leis an tréimhse íosta a cheanglaítear (de bhua aon achtacháin nó eile) a thabharfaidh an fostóir chun an conradh fostaíochta a fhoirceannadh, ciallaíonn “an tréimhse éigeantach”, maidir leis an bhfógra sin, tréimhse iarbhír an fhógra;
(b) in aon chás eile,
ciallaíonn “an tréimhse éigeantach”, maidir le fógra fostóra, an tréimhse sin, agus í comhionann leis an tréimhse íosta dá dtagraítear i mír (a), a éagfaidh an tráth a éagfaidh fógra an fhostóra.
Asleagan agus gearr-am.
11.—(1) I gcás ina scoirfidh fostaíocht fostaí, tar éis tosach feidhme an Achta seo, mar gheall ar a fhostóir a bheith neamhábalta an obair a sholáthar ar fostaíodh an fostaí chun í a dhéanamh, agus—
(a) gur réasúnach sna himthosca ag an bhfostóir sin a chreidiúint nach scor buan a bheidh sa scor fostaíochta, agus
(b) go dtabharfaidh an fostóir fógra sa chéill sin don fhostaí roimh an scor,
measfar chun críocha an Achta seo gur asleagan an scor fostaíochta sin.
(2) I gcás ina dtarlóidh mar gheall ar laghdú ar an obair a sholáthróidh fostóir d'fhostaí (is obair de chineál a bhfuil an fostaí fostaithe faoina chonradh chun í a dhéanamh) gur lú luach saothair an fhostaí d'aon seachtain ná leath a ghnáthluach saothair sheachtainiúil, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith coimeádta ar gearr-am ar feadh na seachtaine sin.
Ceart chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar asleagan na gearr-am.
12.—(1) Ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar é a asleagan nó a choimeád ar gearr-am mura dtabharfaidh sé fógra (dá ngairtear sa Chuid seo fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh) i scríbhinn dá fhostóir go bhfuil sé chun íocaíochta iomarcaíochta a éileamh i leith asleagain nó gearr-ama.
(2) Aon fhostaí a mbeidh fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh tugtha aige ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhun an fhógra sin mura ndéanfaidh sé go cuí, laistigh de thréimhse mhíosa ó dháta an fhógra sin, nó, má bhíonn an t-ábhar curtha faoi bhráid an Bhinse Achomhairc, laistigh de mhí ón dáta a chuirfear cinneadh an Bhinse in iúl don fhostaí, a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh tríd an bhfógra a thabhairt a cheanglaítear leis an gconradh sin nó, mura gceanglaítear amhlaidh aon fhógra a thabhairt, trí fhógra seachtaine ar a laghad a thabhairt i scríbhinn dá fhostóir i dtaobh an fostaí a bheith chun an conradh sin a fhoirceannadh, agus, sula seirbheálfar an fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh—
(a) go mbeidh sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh ceithre sheachtain chomhleanúnacha nó níos mó ar chríochnaigh an tseachtain deiridh díobh roimh an bhfógra a sheirbheáil ar dháta an fhógra a sheirbheáil nó a chríochnaigh ar dháta nár luaithe ná ceithre sheachtain roimh an dáta sin, nó
(b) má bhíonn sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh sraith sé sheachtain nó níos mó (nárbh sheachtainí comhleanúnacha níos mó ná trí cinn díobh), i dtréimhse trí sheachtain déag, i gcás inar chríochnaigh an tseachtain deiridh den tsraith roimh dháta an fhógra a sheirbheáil ar an dáta a seirbheáladh an fógra nó a chríochnaigh ar dháta nár luaithe ná ceithre sheachtain roimh an dáta sin.
Ceart an fhostóra chun frithfhógra a thabhairt.
13.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta de bhun fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh má ba rud é, ar dháta an fhógra sin a sheirbheáil, gur réasúnach a bheith ag súil go dtosódh an fostaí (dá leanadh sé air de bheith ar fostú ag an bhfostóir céanna), tráth nár dhéanaí ná ceithre sheachtain tar éis an dáta sin, ar thréimhse fostaíochta trí sheachtain déag ar a laghad nach ndéanfaí é a asleagan ná a choimeád ar gearr-am ar feadh aon seachtaine lena linn.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) mura dtabharfaidh an fostóir, laistigh de sheacht lá tar éis an fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a sheirbheáil, fógra (dá ngairtear frithfhógra sa Chuid seo) i scríbhinn don fhostaí go gcomhraicfidh sé aon dliteanas íocaíocht iomarcaíochta a íoc leis de bhun an fhógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh.
(3) Más rud é, i gcás ina dtabharfaidh fostaí fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh agus go dtabharfaidh an fostóir frithfhógra, go leanfaidh an fostaí nó go mbeidh leanta aige, in imeacht na gcéad ceithre sheachtain tar éis dáta an fhógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a sheirbheáil, de bheith ar fostú ag an bhfostóir céanna, agus go mbeidh sé nó go raibh sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am gach seachtain acu sin, toimhdeofar go cinntitheach nár comhlíonadh an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (1).
(4) Chun críocha alt 12(2) agus chun críocha fho-alt (3)—
(a) ní dhéanfaidh sé difear más rud é, i gcás sraith seachtainí (cibé acu ceithre sheachtain, ceithre sheachtain nó níos mó, nó sé sheachtain nó níos mó), gurb éard í go hiomlán sraith de sheachtainí a bhí an fostaí asleagtha ar a bhfeadh nó coimeádta ar gearr-am ar a bhfeadh nó asleagtha ar feadh coda díobh agus coimeádta ar gearr-am ar feadh coda díobh;
(b) ní chuirfear i gcuntas aon seachtain a bheidh fostaí asleagtha nó coimeádta ar gearr-am más i leith stailce nó frithdhúnaidh is inchurtha, go hiomlán nó go formhór, an t-asleagan nó an gearr-am cibé acu sa trádáil nó sa tionscal ina mbeidh an fostaí ar fostú nó nach ansin, agus cibé acu sa Stát nó in áit eile, a bheidh an stailc nó an frithdhúnadh.
Díth teidil chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar bhriseadh de dhroim mí-iompair.
14.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh fostaí a briseadh i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má dhéanann a fhostóir, agus teideal aige conradh fostaíochta an fhostaí sin a fhoirceannadh gan fógra de dhroim iompar an fhostaí sin, an conradh a fhoirceannadh mar gheall ar iompar an fhostaí—
(a) gan fógra,
(b) trí fhógra níos giorra a thabhairt ná an fógra a bheadh, d'éagmais an iompair sin, de cheangal ar an bhfostóir a thabhairt chun an conradh a fhoirceannadh, nó
(c) trí fhógra (seachas an fógra sin a luaitear i bhfomhír (b)) a thabhairt ina mbeidh, nó a mbeidh ag gabháil leis, ráiteas i scríbhinn go mbeadh an fostóir i dteideal, mar gheall ar an iompar sin, an conradh a fhoirceannadh gan fógra.
(2) Nuair a ghlacfaidh fostaí a mbeidh an fógra is gá de réir alt 17 faighte aige páirt, roimh dháta an bhriste, i stailc agus go bhfoirceannfaidh a fhostóir, mar gheall ar é a bheith páirteach sa stailc sin, a chonradh fostaíochta leis an bhfostaí ar shlí a luaitear i bhfo-alt (1), ní bhainfidh an fo-alt sin leis an bhfoirceannadh sin.
(3) Más rud é, i gcás fostaí a bheidh tar éis fógra d'fhoirceannadh a chonartha fostaíochta a thabhairt mar gheall ar asleagan nó gearr-am, go nglacfaidh sé páirt, roimh éag don fhógra, i stailc agus go mbrisfear é mar gheall ar an bpáirt sin a ghlacadh, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1).
Díth teidil chun íocaíochta iomarcaíochta mar gheall ar dhiúltú glacadh le malairt fostaíochta.
15.—(1) Aon fhostaí a mbeidh an fógra is gá de réir alt 17 faighte aige ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má tharlaíonn sa tréimhse dhá sheachtain dár críoch dáta an bhriste—
(a) go mbeidh a fhostóir tar éis a thairiscint conradh fostaíochta an fhostaí sin a athnuachan nó é a athfhruiliú faoi chonradh fostaíochta nua,
(b) nach mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó forálacha an chonartha nua, maidir leis an bhfeidhmeannas agus an áit ina mbeadh sé fostaithe agus maidir le téarmaí agus coinníollacha eile a fhostaíochta éagsúil le forálacha comhréire an chonartha a bhí i bhfeidhm díreach sular briseadh é,
(c) go mbeadh éifeacht ag an athnuachan nó ag an athfhruiliú ar dháta an bhriste nó roimhe sin, agus
(d) gur dhiúltaigh sé go míréasúnach don tairiscint.
(2) Aon fhostaí a mbeidh an fógra is gá de réir alt 17 faighte aige ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má tharlaíonn sa tréimhse dhá sheachtain dar críoch dáta an bhriste—
(a) go mbeidh a fhostóir tar éis a thairiscint dó i scríbhinn conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan nó é a athfhruiliú faoi chonradh fostaíochta nua,
(b) go mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó forálacha an chonartha nua, maidir leis an bhfeidhmeannas agus an áit ina mbeadh sé fostaithe agus maidir le téarmaí agus coinníoll cha eile a fhostaíochta éagsúil go hiomlán nó go páirteach le forálacha comhréire an chonartha sin aige a bhí i bhfeidhm díreach sular briseadh é,
(c) gur tairiscint fostaíochta oiriúnaí maidir leis an bhfostaí an tairiscint,
(d) go dtiocfadh an athnuachan nó an t-athfhruiliú in éifeacht tráth nach déanaí ná ceithre sheachtain tar éis dáta an bhriste, agus
(e) gur dhiúltaigh sé go míréasúnach don tairiscint.
(3) I gcás ina mbeidh an tSeirbhís Fostaíochta tar éis fostaíocht oiriúnach a thairiscint do dhuine a bheidh i dteideal íocaíochta seachtainiúla agus go mbeidh sé tar éis diúltú go míreasúnach don tairiscint sin, beidh an duine sin dícháilithe ar feadh tréimhse nach faide ná sé sheachtain chun íocaíocht sheachtainiúil a fháil.
Comhchuideachtaí.
16.—(1) I gcás inar cuideachta fostóir, déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'athfhruiliú ag an bhfostóir a fhorléiriú mar thagairt d'athfhruiliú ag an gcuideachta sin nó ag comh chuideachta, agus déanfar aon tagairt sa Chuid seo do thairiscint ón bhfostóir a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do thairiscint ó chomhchuideachta.
(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difear do ghníomhú alt 20 i gcás inar comhchuideachtaí an réamh-úinéir agus an t-úinéir nua (arna míniú leis an alt sin); agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ina mbeidh feidhm ag an alt sin.
(3) I gcás ina mbrisfidh a fhostóir fostaí, agus gur cuideachta (dá ngairtear an chuideachta fostaíochta san fho-alt seo) ag a bhfuil comhchuideachta nó comhchuideachtaí an fostóir, ansin—
(a) má bhíonn ceachtar de na coinníollacha a shonraítear in ailt 7 (2) (a) agus 7 (2) (b) gan chomhlíonadh, ach
(b) go mbeadh ceann amháin nó an ceann eile de na coinníollacha sin comhlíonta dá measfaí gur aon ghnó amháin gnó na cuideachta fostaíochta agus gnó na comhchuideachta (nó, má bhíonn níos mó ná ceann ann, gach ceann de na comhchuideachtaí) i dteannta a chéile,
measfar chun críocha na Coda seo an coinníoll sin a bheith comhlíonta maidir le briseadh an fhostaí.
(4) Chun críocha an ailt seo measfar gur comhchuideachtaí dhá chuideachta más fochuideachta do cheann acu an ceann eile, nó más fochuideachtaí do thríú cuideachta an dá cheann acu, agus forléireofar “comhchuideachta” dá réir sin.
(5) San alt seo—
folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;
tá le “fochuideachta” an bhrí chéanna atá, de bhua alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, leis chun críocha an Achta sin.
Fógra i dtaobh é bheith beartaithe fostaí a bhriseadh mar gheall ar iomarcaíocht.
17.—(1) Aon fhostóir a bheartaíonn fostaí a bhfuil cuid nach giorra ná ceithre bliana seirbhíse aige leis an bhfostóir sin a bhriseadh mar gheall ar iomarcaíocht déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh dháta an bhriste, fógra i scríbhinn a thabhairt don fhostaí i dtaobh é a bheith beartaithe é a bhriseadh agus cóip den fhógra sin a chur chuig an Aire.
(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh baint a bheith ag rialacháin faoin alt seo le gach ní ná aon ní acu seo a leanas—
(a) na sonraí a chuirfear san fhógra,
(b) modh seirbheála an fhógra,
(c) cóip den fhógra a thabhairt don Aire agus an tráth chun cóip den sórt sin a thabhairt.
(3) Aon fhostóir a mhainneoidh déanamh de réir an ailt seo nó a thabharfaidh eolas bréagach i bhfógra faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
Deimhniú iomarcaíochta.
18.—(1) Nuair a bhrisfidh fostóir fostaí mar gheall ar iomarcaíocht tabharfaidh sé deimhniú (dá ngairtear deimhniú iomarcaíochta sa Chuid seo) don fhostaí.
(2) Aon uair a fhoirceannfaidh fostaí a chonradh fostaíochta de réir alt 12 (2) tabharfaidh a fhostóir deimhniú iomarcaíochta dó.
(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh sé na sonraí a chuirfear i ndeimhniú iomarcaíochta a fhorordú.
(4) Aon fhostóir a mhainneoidh déanamh de réir an ailt seo nó a thabharfaidh eolas bréagach i ndeimhniú iomarcaíochta beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
Íocfaidh fostóir cnapshuim.
19.—(1) Nuair a bhrisfear mar gheall ar iomarcaíocht fostaí ag a bhfuil teideal faoin gCuid seo chun íocaíochta iomarcaíochta, nó nuair a dhéanfaidh fostaí den sórt sin a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh de réir alt 12 (2), íocfaidh a fhostóir leis suim dá ngairtear an chnapshuim san Acht seo.
(2) Beidh feidhm ag Sceideal 3 maidir leis an gcnapshuim.
(3) Féadfaidh an tAire Sceideal 3 a leasú le hordú.
Athrú ar úinéireacht gnó.
20.—(1) Beidh éifeacht ag an alt seo i gcás—
(a) ina dtiocfaidh athrú (de bhua díola nó diúscairte eile nó trí oibriú dlí) ar úinéireacht gnó a mbeidh duine fostaithe chuige, nó ar úinéireacht chuid de ghnó den sórt sin, agus
(b) i ndáil leis an athrú sin go ndéanfaidh an duine a mbeidh an fostaí ar fostú aige díreach sula dtarlóidh an t-athrú (dá ngairtear an réamh-úinéir san alt seo) conradh fostaíochta an fhostaí a fhoirceannadh le fógra nó gan fógra.
(2) Má dhéanann an duine (dá ngairtear an t-úinéir nua san alt seo) arb é is úinéir, díreach tar éis an athraithe ar an ngnó nó ar an gcuid den ghnó a bheidh i gceist de réir mar a bheidh má dhéanann sé, trí chomhaontú leis an bhfostaí, conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan (agus ainm an úinéara nua a chur in ionad an réamh-úinéara) nó é a athfhruiliú faoi chonradh nua fostaíochta, beidh éifeacht ag alt 9 (2) ionann is dá mba athnuachan nó athfhruiliú ag an réamh-úinéir (gan ainm an úinéara nua a chur in ionad ainm an réamh-úinéara) an athnuachan nó an t-athfhruiliú.
(3) Má thairgeann an t-úinéir nua conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan (agus ainm an úinéara nua a chur in ionad ainm an réamh-úinéara) nó é a athfhruiliú faoi chonradh fostaíochta nua, ach go ndiúltóidh an fostaí don tairiscint, beidh éifeacht ag alt 15 (1) nó ag alt 15 (2) (de réir mar is iomchuí), faoi réir fho-alt (4) den alt seo, maidir leis an tairiscint agus an diúltú sin mar a bheadh éifeacht aige maidir lena shamhail de thairiscint ón réamh-úinéir agus diúltú don tairiscint sin ag an bhfostaí.
(4) Chun críocha alt 15 (1) nó 15 (2) a chur i ngníomh, de réir fho-alt 3 den alt seo, maidir le tairiscint ón úinéir nua—
(a) ní dhéileálfar leis an tairiscint mar thairiscint trína mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó forálacha an chonartha nua, de réir mar a bheidh, éagsúil le forálacha comhréire an chonartha mar bhí i bhfeidhm díreach roimh an mbriseadh ar an aon chúis amháin go gcuirfí ainm an úinéara nua in ionad ainm an réamh-úinéara mar fhostóir, agus
(b) ní chuirfear i gcuntas an cur in ionad sin nuair a bheifear a chinneadh an raibh sé míréasúnach diúltú don tairiscint.
(5) Beidh éifeacht (faoi réir na modhnuithe is gá) ag fo-ailt (1) go (4) maidir le cás—
(a) ina bhfuil an duine ab úinéir ar ghnó, nó ar chuid de ghnó, díreach roimh athrú, ar dhuine de na daoine is úinéirí (mar chomhpháirtithe, iontaobhaithe nó eile) air díreach tar éis an athraithe, nó
(b) ina bhfuil ar na daoine ab úinéirí ar ghnó, nó ar chuid de ghnó, díreach roimh athrú (mar chomhpháirtithe, iontaobhaithe nó eile) an duine is úinéir, nó duine amháin nó níos mó de na daoine is úinéirí, air díreach tar éis an athraithe,
mar atá éifeacht ag na forálacha sin i gcás nach é an duine céanna an réamh-úinéir agus an t-úinéir nua.
(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn go measfar gurb ionann aon athrú ar chonradh fostaíochta trí chomhaontú idir na páirtithe agus an conradh a fhoirceannadh.
Foirceannadh intuigthe nó inchiallaithe ar chonradh.
21.—(1) Más rud é, de réir aon achtacháin nó rialach dlí, go n-oibreoidh aon ghníomh ar thaobh fostóra nó aon teagmhas a bhaineann le fostóir (lena n-áirítear, i gcás pearsan aonair, a bhás) chun foirceannadh a dhéanamh ar chonradh faoina bhfuil fostaí ar fostú aige, measfar, chun críocha an Achta seo, gur foirceannadh ar an gconradh ag an bhfostóir an gníomh nó an teagmhas sin dá mba rud é nárbh fhoirceannadh ar an gconradh aige é ar leithligh ón bhfo-alt seo.
(2) I gcás—
(a) ina bhfuil feidhm ag fo-alt (1),
(b) ina bhfuil conradh fostaíochta an fhostaí gan athnuachan,
(c) ina bhfuil sé gan é a athfhruiliú faoi chonradh nua, mar a fhoráiltear le halt 9 (2),
measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith briste mar gheall ar iomarcaíocht más inchurtha, go hiomlán nó go páirteach, i leith fíorais a shonraítear in alt 7 (2) (a) nó 7 (2) (b) na himthosca faoina bhfuil an conradh gan athnuachan agus eisean gan é a athfhruiliú (mar a fhoráiltear leis an alt sin 9 (2)).
(3) Chun críocha fho-alt (2), déanfar alt 7 (2) (a), a mhéid a bhaineann sé leis an bhfostóir do scor, nó beartú do scor, den ghnó a sheoladh, a fhorleiriú ionann is dá bhfolódh an tagairt don fhostóir tagairt d'aon duine chun ar aistrigh, de dhroim an ghnímh nó an teagmhais a bheidh i gceist, cumhacht chun an gnó a dhiúscairt.
(4) San alt seo folaíonn tagairt d'alt 9 (2) tagairt don alt sin arna chur chun feidhme le halt 20 (2).
Feidhm na Coda seo ar an bhfostóir nó an fostaí d'fháil bháis.
22.—(1) Beidh éifeacht ag Cuid I de Sceideal 2 maidir le bás fostóra.
(2) Beidh éifeacht ag Cuid 2 de Sceideal 2 maidir le bás fostaí.
Modhnú ar an gceart chun íocaíochta iomarcaíochta i gcás inar íocadh íocaíocht iomarcaíochta roimhe sin.
23.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás—
(a) ina n-íocfar cnapshuim le fostaí faoi alt 19, i leith briseadh, asleagan nó gearr-am,
(b) ina n-athnuafar an conradh fostaíochta faoina raibh sé fostaithe (dá ngairtear an réamhchonradh san alt seo), ag an bhfostóir céanna nó ag fostóir eile, nó ina n-athfhruileofar é faoi chonradh fostaíochta nua ag an bhfostóir céanna nó ag fostóir eile, agus
(c) gurb amhlaidh d'imthosca na hathnuachana nó an athfhruilithe go mbeadh sé, nuair a bheifí a chinneadh, chun críocha alt 7 (1) nó Sceideal 3, an raibh sé, aon tráth iardain, tar éis a bheith ar fostú go leanúnach ar feadh na tréimhse riachtanaí, nó cad é an tréimhse a raibh sé ar fostú go leanúnach ar a feadh, le meas, ar leithligh ón alt seo, nár bhriseadh ar leanúntas a thréimhse fostaíochta foirceannadh an réamhchonartha agus an athnuachan nó an t-athfruiliú.
(2) Nuair a bheifear a chinneadh chun críocha alt 7 (1) nó alt 19 i gcás lena mbaineann an t-alt seo an raibh fostaí, aon tráth iardain, ar fostú go leanúnach ar feadh na tréimhse riachtanaí nó cad é an tréimhse a raibh sé ar fostú go leanúnach ar a feadh, measfar leanúntas na tréimhse fostaíochta a bheith arna briseadh ar an dáta arbh é dáta an bhriste é maidir leis an gcnapshuim a luaitear i bhfo-alt 1 (a), agus déanfar neamhshuim d'aon am roimh an dáta sin.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cnapshuim a bheith arna híoc má bhíonn iomlán na híocaíochta íoctha leis an bhfostaí ag an bhfostóir nó má bhíonn an tAire tar éis suim a íoc leis an bhfostaí i leith na híocaíochta iomarcaíochta faoi alt 32.
Teorainn ama le héilimh ar íocaíocht iomarcaíochta.
24.—D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ní bheidh fostaí i dteideal cnapshuime mura rud é, roimh dheireadh na tréimhse tríocha seachtain dar tosach dáta an bhriste nó dáta fostaíocht a fhoirceannadh—
(a) go mbeifear tar éis aontú ar an íocaíocht agus í a íoc, nó
(b) go mbeidh an fostaí tar éis an íocaíocht a éileamh trí fhógra i scríbhinn a tugadh don fhostóir, nó
(c) go mbeidh aon cheist faoi cheart an fhostaí chun na híocaíochta, nó faoi mhéid na híocaíochta, tarchurtha chun an Bhinse faoi alt 39.
Fostaíocht go hiomlán nó go páirteach lasmuigh den Stát.
25.—(1) Ní bheidh fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta má bhíonn sé lasmuigh den Stát ar dháta an bhriste, mura sa Stát a d'oibrigh sé de ghnáth faoina chonradh fostaíochta.
(2) Aon fhostaí a oibríonn de ghnáth lasmuigh den Stát faoina chonradh fostaíochta ní bheidh sé i dteideal íocaíochta iomarcaíochta mura raibh, díreach sular thosaigh sé ag obair lasmuigh den Stát, sainchónaí air sa Stát agus é ar fostú ag an bhfostóir lena mbaineann agus mura rud é—
(a) go raibh sé sa Stát de réir orduithe óna fhostóir ar dháta an bhriste, nó
(b) nach bhfuair sé deis réasúnach óna fhostóir ar bheith sa Stát ar an dáta sin.
(3) Nuair a bheidh ríomh á dhéanamh chun críocha an Achta seo ar an tréimhse seirbhíse a bhí duine i bhfostaíocht leanúnach, déanfar aon tréimhse seirbhíse i bhfostaíocht faoin bhfostóir lena mbainfidh le linn don fhostaí a bheith lasmuigh den Stát a áireamh mar sheirbhís i bhfostaíocht faoin bhfostóir sin sa Stát.
(4) I gcás ina dtiocfaidh fostaí a mbeidh oibrithe aige dá fhostóir lasmuigh den Stát chun bheith i dteideal íocaíochta iomarcaíochta faoin Acht seo, beidh an fostóir, nuair a bheidh sé ag íoc aon íocaíocht chnapshuime a bheidh dlite don fhostaí faoi alt 19, i dteideal aon íocaíocht iomarcaíochta a raibh teideal ag an bhfostaí sin chuici faoi scéim reachtúil a bhain le hiomarcaíocht sa Stát ina raibh sé ag obair a bhaint as an íocaíocht sin.
CUID III
An Ciste Iomarcaíochta
An Ciste Iomarcaíochta a bhunú.
26.—(1) Chun críocha an Achta seo bunófar ciste ar a dtabharfar an Ciste Iomarcaíochta a n-íocfar ann isteach an t-airgead go léir a gheobhaidh an tAire faoin gCuid seo agus a n-íocfar as amach íocaíochtaí de réir an Achta seo.
(2) Beidh sa Chuntas Iomarcaíochta cuntas reatha a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire, agus cuntas infheistíochta a bhainisteoidh agus a rialóidh an tAire Airgeadais.
(3) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sonrach, déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste Iomarcaíochta a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste sin agus íocfar as an gcuntas sin suimeanna is iníoctha as an gCiste Iomarcaíochta.
(4) Déanfar airgead a bheidh chun creidiúna chuntas reatha an Chiste Iomarcaíochta agus nach mbeidh ag teastáil faoi chomhair chaiteachais reatha a aistriú chun cuntas infheistíochta an Chiste Iomarcaíochta.
(5) Aon uair nach mbeidh dóthain airgid i gcuntas reatha an Chiste Iomarcaíochta faoi chomhair dliteanais an chuntais sin, déanfar cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a urscaoileadh a aistriú chun an chuntais sin ó chuntas infheistíochta an Chiste Iomarcaíochta.
(6) Faoi réir fho-alt (5), infheisteoidh an tAire Airgeadais airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste Iomarcaíochta, agus íocfar isteach sa chuntas sin an t-ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin.
(7) Féadfar aon infheistíocht de bhun fho-alt (6) a dhéanamh in aon urrúis a bhfuil cumhacht dlí de thuras na huaire ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, na cistí agus na hurrúis atá údaraithe le dlí de thuras na huaire mar infheistíochtaí do chistí Bhanc Taisce an Phoist.
(8) Déanfar cuntais an Chiste Iomarcaíochta a ullmhú i cibé foirm, i cibé slí agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire Airgeadais agus scrúdóidh agus deimhneoidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach cuntas den sórt sin agus déanfar cóip de, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Airgead don Chiste Iomarcaíochta.
27.—(1) D'fhonn airgead a sholáthar chun íocaíochtaí a dhéanamh a bheidh le déanamh faoin Acht seo as an gCiste Iomarcaíochta, íocfar isteach sa Ciste—
(a) ranníocaí seachtainiúla a bheidh comhdhéanta de ranníoc (dá ngairtear ranníoc iomarcaíochta fostóra sa Chuid seo) ó fhostóirí agus ranníoc (dá ngairtear ranníoc iomarcaíochta fostaí sa Chuid seo) ó fhostaithe, agus
(b) airleacain dá ndéantar socrú i bhfo-alt (2).
(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna is cuí leis a airleacan ó am go ham chun an Chiste ionas go bhféadfar cibé íocaíochtaí a íoc as an gCiste is gá de réir an Achta seo.
(3) Tabharfar airleacain don Chiste Iomarcaíochta faoi fho-alt (2) ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile a chinnfidh tAire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.
(4) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfaidh an Ciste d'aisíoc airleacain faoin alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar an tugadh airleacan faoina réir faoin alt seo.
(5) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh chun suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(7) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear phríomhshuime agus úis ná n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus muirear na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
(8) Déanfaidh an tAire ioncam agus caiteachas an Chiste Iomarcaíochta do bhliain airgeadais a chinneadh chun críocha an ailt seo ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais.
Méid an ranníoca sheachtainiúil isteach sa Chiste Iomarcaíochta.
28.—(1) Is é ráta ranníoc iomarcaíochta fostóra ocht bpingin gach seachtain ranníoca i leith gach fearfhostaí cháilithe agus sé phingin gach seachtain ranníoca i leith gach banfhostaí cháilithe.
(2) Is é ráta ranníoc iomarcaíochta fostaí ceithre phingin gach seachtain ranníoca ag fearfhostaí cáilithe agus trí phingin gach seachtain ranníoca ag banfhostaí cáilithe.
(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú ráta a shonraítear san alt seo a athrú.
(b) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(4) Beidh fostóir faoi dhliteanas sa chéad ásc ranníoc iomarcaíochta an fhostóra ina leith féin agus freisin, thar ceann agus d'eisiamh gach fostaí cháilithe, an ranníoc is iníoctha ag an bhfostaí sin a íoc.
(5) Beidh fostóir i dteideal, faoi réir agus de réir rialachán, méid aon ranníoca iomarcaíochta a d'íoc sé, nó a bheidh le híoc aige, thar ceann fostaí cháilithe a ghnóthú ón bhfostaí sin, agus, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfaidh rialacháin chun críocha an fho-ailt seo gnóthú trí asbhaintí as luach saothair an fhostaí sin a údarú, ach forálfaidh aon rialacháin den sórt sin—
(a) nach mbeidh an fostóir i dteideal, i gcás nach bhfaighidh an fostaí aon luach saothair ina airgead ón bhfostóir ná ó aon duine eile, méid aon ranníoca den sórt sin a ghnóthú uaidh, agus
(b) nach mbeidh an fostóir i dteideal, i gcás ina bhfaighidh an fostaí aon luach saothair ina airgead ón bhfostóir, aon ranníoc den sórt sin a ghnóthú seachas trí asbhaint.
(6) D'ainneoin aon chonartha dá mhalairt, ní bheidh fostóir i dteideal an ranníoc iomarcaíochta i leith duine atá ar fostú aige a bhaint as luach saothair an duine sin ná a ghnóthú ar aon slí eile ón duine sin.
(7) Beidh ranníoc faoin alt seo iníoctha in aghaidh gach seachtaine ranníoca a raibh an fostaí lena mbaineann ar fostú ar a feadh go léir nó ar feadh coda di agus a raibh ranníoc fostaíochta iníoctha don duine sin faoi Acht 1952.
(8) San alt seo—
ciallaíonn “seachtain ranníoca” tréimhse seacht lá dar tosach meán oíche Domhnaigh;
ciallaíonn “cáilithe”, maidir le fostaí, fostaí lena mbaineann an tAcht seo de bhua alt 4 nó ordaithe faoi alt 4.
Lacáistí d'fhostóirí as an gCiste Iomarcaíochta.
29.—(1) Faoi réir na Coda seo déanfaidh an tAire suim (dá ngairtear lacáiste sa Chuid seo) ar cóimhéid le leath gach cnapshuime a d'íoc fostóir faoi alt 19 a thabhairt d'íocaíocht as an gCiste Iomarcaíochta don fhostóir sin.
(2) Aon fhostóir a thabharfaidh cóip d'fhógra don Aire faoi alt 17 ar dháta trí sheachtain nó níos mó roimh dháta an bhriste beidh sé i dteideal lacáiste ar cóimhéid le leath na cnapshuime a bheidh i gceist móide 2½faoin gcéad den chnapshuim in aghaidh gach seachtain a bheidh an fógra tugtha de bhreis ar an tréimhse is gá de réir alt 17; ar choinníoll nach mbeidh lacáiste níos mó in aon chás ná suim ar cóimhéid le 65 faoin gcéad den chnapshuim iomchuí a d'íoc an fostóir faoi alt 19.
(3) D'ainneoin fo-alt (1), aon uair a mhainneoidh fostóir aon fhoráil d'alt 17 a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, méid an lacáiste is iníoctha i leith na cnapshuime a íocadh faoi alt 19 leis an bhfostóir sin a laghdú: ar choinníoll nach mbeidh méid an lacáiste, nuair a laghdófar amhlaidh é, níos lú ná 40 faoin gcéad de mhéid na cnapshuime.
(4) Más rud é, i gcás lena mbaineann alt 32 (1) (a), go dtabharfaidh an tAire íocaíocht faoin alt sin d'fhostaí agus gur dóigh leis an Aire gur gan chúis réasúnach a dhiúltaigh nó a mhainnigh an fostóir, féadfaidh an tAire an lacáiste a choimeád siar a mbeadh teideal, mura mbeadh sin, ag an bhfostóir sin chuige nó méid an lacáiste sin a laghdú a mhéid is iomchuí leis an Aire.
Íocaíochtaí seachtainiúla le fostaithe as an gCiste Iomarcaíochta.
30.—(1) Ar é a bhriseadh mar gheall ar iomarcaíocht nó ar é d'fhoirceannadh a chonradh fostaíochta de réir alt 12 (2), beidh, faoi réir an Achta seo, fostaí atá i dteideal íocaíochta iomarcaíochta i dteideal íocaíochta seachtainiúla (dá ngairtear íocaíocht sheachtainiúil san Acht seo) as an gCiste Iomarcaíochta.
(2) Bainfidh forálacha Sceideal 1 le híocaíocht sheachtainiúil.
(3) Féadfaidh an tAire le hordú Sceideal 1 a leasú.
Rialacháin maidir le teideal chun íocaíochta seachtainiúla agus chun liúntais faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967.
31.—(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh, maidir le cásanna ina bhfuil duine i dteideal liúntais faoi alt 9 (1) (g) den Acht Oiliúna Tionscail, 1967, agus íocaíochta seachtainiúla, chun méid an liúntais sin nó méid na híocaíochta seachtainiúla sin a choigeartú.
(2) D'ainneoin aon fhorála eile atá san Acht seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil nach mbeidh duine lena mbaineann na rialacháin i dteideal íocaíochta seachtainiúla ar aon chor nó in aghaidh tréimhse sonraithe.
Íocaíochtaí eile d'fhostaithe as an gCiste Iomarcaíochta.
1887, c. 57.
32.—(1) Nuair a éileoidh fostaí go ndlíonn fostóir cnapshuim a íoc leis faoi alt 19 agus —
(a) go bhfuil gach beart réasúnach (seachas imeachtaí dlíthiúla) déanta ag an bhfostaí chun íoc na cnapshuime a fháil ón bhfostóir agus gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an fostóir í a íoc nó gur íoc sé cuid di agus gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh sé an iarmhéid a íoc, nó
(b) go bhfuil an fostóir dócmhainneach agus go bhfuil iomlán na cnapshuime nó cuid di gan íoc,
féadfaidh an fostaí íocaíocht faoin alt seo a iarraidh ar an Aire.
(2) Más deimhin leis an Aire ar iarratas faoin alt seo go bhfuil an fostaí i dteideal cnapshuime faoi alt 19 a bhfuil a hiomlán nó cuid di gan íoc, íocfaidh an tAire leis an bhfostaí as an gCiste Iomarcaíochta an méid sin den chnapshuim atá gan íoc.
(3) Ar an Aire d'íoc íocaíochta faoin alt seo beidh, air sin, cearta agus leigheasanna uile an fhostaí i leith na cnapshuime a bheidh i gceist, nó, má bhíonn an tAire tar éis cuid di a íoc, i leith na coda sin, arna n-aistriú chun an Aire agus arna ndílsiú dó agus íocfar isteach sa Chiste Iomarcaíochta aon airgead a ghnóthóidh an tAire de bhua an fho-ailt seo; ar choinníoll, áfach, go mbeidh an tAire, má bhíonn fostóir dócmhainneach, i dteideal éileamh a dhéanamh san fhéimheacht, sa chomhshocraíocht, i riaradh an eastáit dhócmhainnigh nó san fhoirceannadh (de réir mar a bheidh) i leith, agus amháin i leith, suime (más ann) ar cóimhéid le méid na híocaíochta a d'íoc an tAire faoin alt seo lúide méid an lacáiste ab iníoctha leis an bhfostóir as an gCiste Iomarcaíochta faoi alt 29 dá mbeadh an fostóir tar éis an chnapshuim a íoc leis an bhfostaí.
(4) Chun críche an ailt seo measfar fostóir a bheith dócmhainneach—
(a) má tá an fostóir breithnithe ina fhéimheach, tar éis achainí ar chomhshocraíocht a chomhadú nó tar éis gníomhas comhshocraíochta a fhorghníomhú (de réir bhrí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887),
(b) go bhfuil an fostóir tar éis bháis agus go bhfuil a eastát, agus é dócmhainneach, á riaradh de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Comharbais, 1965, nó
(c) más cuideachta an fostóir, agus go bhfuil an chuideachta dócmhainneach agus á foirceannadh.
Rialacháin maidir le híoc ranníocaí.
1879, c. 58.
33.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú le haghaidh aon ábhair a bhaineann le híoc agus bailiú ranníocaí faoin gCuid seo agus go háirithe le haghaidh—
(a) ranníocaí a íoc trí stampaí greamaitheacha (ar a dtabharfar stampaí iomarcaíochta) a ghreamófar de chártaí (ar a dtabharfar cártaí iomarcaíochta) ná ar shlí eile, agus le haghaidh an modh agus na tráthanna a ngreamófar, agus na coinníollacha faoina ngreamófar stampaí iomarcaíochta nó a ndéanfar nó faoina ndéanfar íocaíochtaí ar shlí eile;
(b) cártaí iomarcaíochta a eisiúint, a choimeád, a thabhairt ar aird, agus a fhorghéilleadh, agus cártaí iomarcaíochta a thabhairt in ionad cártaí iomarcaíochta a cailleadh, a díthíodh, nó a aghloiteadh;
(c) déileáil, chun críche aon chirt faoin Acht seo, le ranníocaí a íocadh tar éis na dátaí dlite mar ranníocaí a íocadh ar na dátaí dlite nó ar cibé dáta níos déanaí ná iad a fhorordófar, nó mar ranníocaí nár íocadh;
(d) ranníocaí a ghnóthú ar ionchúisimh faoin Acht seo (gan dochar d'aon leigheas eile);
(e) aon suimeanna a íocadh d'earráid ar mhodh ranníocaí a thabhairt ar ais faoi réir aon choinníollacha, sriantachtaí agus asbhaintí a shonrófar sna rialacháin.
(2) Féadfar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo chun socrú a dhéanamh le haghaidh ranníocaí a íoc ar mhodh seachas stampaí iomarcaíochta, agus féadfaidh na rialacháin sin socrú a dhéanamh le haghaidh cionta agus chun go ngnóthófar, ar chiontú achomair i gcionta den sórt sin, fíneálacha nach mó ná méideanna sonracha nach mó ná caoga punt, agus ina dteannta sin, i gcás cionta leanúnacha, fíneálacha breise den sórt sin in aghaidh gach lae de na laethanta a leanfar de na cionta.
(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh ranníocaí a íoc, de rogha an duine a dhlífidh iad a íoc, ar mhodh (dá ngairtear an modh eile anseo feasta) seachas an modh a luaitear i bhfo-alt (1) nó (2), agus, má chuireann an modh eile níos mó costais riaracháin ar aon ranna Stáit ná a thabhófaí dá n-íocfaí na ranníocaí ar an modh a bheidh forordaithe i rialacháin faoi fho-alt (1) nó (2), féadfaidh socrú a bheith sna rialacháin faoin bhfo-alt seo le haghaidh aon duine a ghlacfaidh leis an modh eile d'íoc, agus le haghaidh an tAire do ghnóthú, táillí forordaithe.
(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) agus déanfar na táillí go léir den sórt sin a bhailiú agus a thógáil mar a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire sin.
Stampaí iomarcaíochta a ullmhú agus a eisiúint, etc.
1890, c. 21.
1891, c. 38.
1891, c. 39.
1908, c. 48.
34.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ullmhófar agus eiseofar stampaí iomarcaíochta i cibé slí a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim le toiliú an Aire Airgeadais, agus féadfaidh na Coimisinéirí sin, le rialacháin a dhéanfaidh siad, socrú a dhéanamh chun gach ceann nó aon cheann d'fhorálacha (lena n-áirítear pianfhorálacha) na n-achtachán seo a leanas a chur chun feidhme, leis na hoiriúnuithe is gá,—
Ailt 21, 35 agus 36 den Inland Revenue Regulations Act, 1890, an Stamp Duties Management Act, 1891, alt 9 den Stamp Act, 1891, agus alt 65 den Post Office Act, 1908,
agus féadfaidh, le toiliú an Aire Poist agus Telegrafa, socrú a dhéanamh le haghaidh stampaí iomarcaíochta a dhíol trí Oifig an Phoist.
(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú a shocrú go ndéanfaidh an tAire Poist agus Telegrafa aon cheann de chumhachtaí agus dualgais na gCoimisinéirí Ioncaim i ndáil le stampaí iomarcaíochta a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, d'eisiamh na gCoimisinéirí Ioncaim nó ar aon tráth leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfaidh cibé forálacha a bheith san ordú sin is dóigh leis an Rialtas is gá nó is fóirsteanach chun lán-éifeacht a thabhairt d'fheidhmiú agus do chomhlíonadh na ndualgas lena mbaineann an t-ordú sin ar an modh a fhoráiltear leis an ordú sin.
Daoine ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin, etc.
35.—(1) Maidir le daoine—
(a) atá ar fostú ag níos mó ná fostóir amháin aon seachtain, nó
(b) a oibríonn faoi rialú nó bainistí ginearálta dhuine éigin seachas a neasfhostóir,
agus maidir le haon chásanna eile ar dóigh leis an Aire gur gá socrú speisialta dóibh, féadfaidh rialacháin a fhoráil go measfar chun críocha an Achta seo gurb é an duine forordaithe a bhfostóir.
(2) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin a dhéanfar maidir le daoine a luaitear i bhfo-alt (1) (b) chun coigeartú a dhéanamh ar na cearta eatarthu féin de chuid an duine atá forordaithe mar fhostóir, an neasfhostóra agus na ndaoine atá ar fostú.
Rialacháin do Chuid III.
36.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:
(a) a cheangal ar fhostóir atá i dteideal lacáiste é a éileamh agus d'fhorordú an ama nach foláir éileamh den sórt sin a dhéanamh laistigh de;
(b) a cheangal ar fhostóir a bheidh tar éis éileamh a dhéanamh ar lacáiste cibé fianaise agus eolas eile a thabhairt ar aird a fhorordófar agus cibé doiciméid a fhorordófar agus a bheidh i gcoimeád an fhostóra sin nó faoina urláimh a thabhairt ar aird lena scrúdú thar ceann an Aire;
(c) a cheangal, i ndáil le hiarratas chun an Aire faoi alt 32, ar an bhfostóir lena mbaineann cibé doiciméid a fhorordófar agus a bheidh i gcoimeád an fhostóra sin nó faoina urláimh a thabhairt ar aird lena scrúdú thar ceann an Aire;
(d) a cheangal ar fhostaí atá i dteideal íocaíochta seachtainiúla é a éileamh sa tslí fhorordaithe laistigh den am forordaithe agus san áit fhorordaithe;
(e) modh, am agus ionad íoctha íocaíochtaí seachtainiúla a fhorordú.
(3) Aon duine a mhainneoidh rialachán faoi fho-alt (2) (b) nó (2) (c) a chomhlíonadh nó, maidir le rialachán a cheanglaíonn eolas a thabhairt, a thabharfaidh eolas bréagach beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
CUID IV
Forálacha Ilghnéitheacha
Oifigigh bhreithiúnachta.
37.—Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé méid daoine is cuí leis dá oifigigh a cheapadh ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun críocha an Achta seo, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach breithiúnachta an fad is toil leis an Aire é.
Breitheanna oifigeach breithiúnachta.
38.—(1) Faoi réir an Achta seo agus de réir aon rialachán iomchuí, is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh gach ceist a éireoidh—
(a) maidir le héileamh ar íocaíocht sheachtainiúil,
(b) i dtaobh duine a bheith dícháilithe chun íocaíochta seachtainiúla,
(c) i dtaobh tréimhse aon dícháiliúcháin chun íocaíochta seachtainiúla,
(d) i dtaobh an bhfuil nó an raibh, nó i dtaobh an ráta ar dá réir atá nó a bhí, ranníoc iomarcaíochta iníoctha ag fostóir i leith fostaí,
(e) i dtaobh cé hé fostóir fostaí, nó
(f) i dtaobh aon ní eile maidir leis an Acht seo a fhorordófar.
(2) Aon tagairt san alt seo do cheist a éireoidh maidir le héileamh ar íocaíocht sheachtainiúil folaíonn sí tagairt do cheist i dtaobh íocaíocht sheachtainiúil a bheith nó gan bheith iníoctha.
An Binse Achomhairc Iomarcaíochta agus achomhairc agus tarchur chuige.
39.—(1) Beidh Binse (ar a dtabharfar an Binse Achomhairc Iomarcaíochta agus dá ngairtear an Binse ina dhiaidh seo san alt seo) ann chun na hachomhairc a chinneadh dá ndéantar socrú san alt seo.
(2) Beidh an Binse comhdhéanta de na comhaltaí seo a leanas—
(a) cathaoirleach arb abhcóide nó aturnae cleachtach é a bhfuil seasamh 7 mbliana ar a laghad aige,
(b) 3 leas-chathaoirleach ar a mhéid, agus
(c) 12 ghnáthchomhalta ar a mhéid.
(3) Is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhinse agus beidh siad inathcheaptha.
(4) An ceapadh de bhun fho-alt (3) ar ghnáthchomhaltaí an Bhinse déanfar é—
(a) maidir le leath na gcomhaltaí sin, is daoine a ainmníodh chuige sin ag eagras atá ionadaitheach do cheard chumainn oibrithe, agus
(b) maidir leis an leath eile de na comhaltaí sin, as daoine a ainmníodh chuige sin ag comhlacht nó comhlachtaí atá ionadaitheach d'fhostóirí.
(5) Is é téarma oifige comhalta den Bhinse cibé tréimhse a shonróidh an tAire nuair a cheapfaidh sé an comhalta sin.
(6) (a) Féadfaidh comhalta den Bhinse, trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, éirí as a bheith ina chomhalta.
(b) Féadfaidh an tAire comhalta den Bhinse a chur as oifig.
(7) (a) Aon uair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas an Bhinse agus gurb é is cúis leis gnáth-chomhalta a luaitear i bhfo-alt (4) (a) d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis, líonfaidh an tAire an folúntas trí cheapadh mar a shonraítear san fho-alt sin.
(b) Aon uair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas an Bhinse agus gurb é is cúis leis gnáth-chomhalta a luaitear i bhfo-alt (4) (b) d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis, líonfaidh an tAire an folúntas trí cheapadh mar a shonraítear san fho-alt sin.
(8) I gcás comhalta den Bhinse a líonfaidh folúntas de dhroim comhalta d'éirí as, a chur as oifig nó d'fháil bháis sula mbeidh téarma oifige an chomhalta sin is déanaí a luaitear caite, beidh an comhalta a líonfaidh an folúntas sin i seilbh oifige ar feadh na coda eile de théarma oifige an chomhalta a d'éirigh as amhlaidh, a fuair bás nó a cuireadh as oifig amhlaidh.
(9) Gníomhóidh leaschathaoirleach don Bhinse mar chathaoirleach ar an mBinse nuair a iarrfaidh an cathaoirleach nó an tAire air é agus beidh cumhachtaí uile an chathaoirligh aige nuair a bheidh sé ag gníomhú amhlaidh.
(10) Íocfar le comhalta den Bhinse cibé luach saothair (más ann) agus liúntais a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
(11) Aon uair arb é tuairim chathaoirleach an Bhinse gurb oiriúnach, chun gnó an Bhinse a chríochnú go scafánta, go ngníomhódh an Binse ina roinnteáin, féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin agus, go dtí go gcúlghairfidh sé an t-ordú sin uaidh, beidh an Binse ina ghrúpaí mar a bheidh ordaithe amhlaidh.
(12) Beidh gach roinnteán den Bhinse comhdhéanta den chathaoirleach nó leaschathaoirleach don Bhinse, gnáthchomhalta den Bhinse a luaitear i bhfo-alt (4) (a) agus gnáthchomhalta den Bhinse a luaitear i bhfo-alt (4) (b).
(13) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh don Bhinse a mheasfaidh sé is gá chun cabhrú leis an mBinse ag comhlíonadh a fheidhmeanna, agus sealbhóidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin oifig ar cibé téarmaí, agus gheobhaidh siad cibé luach saothair, a chinnfidh an tAire Airgeadais.
(14) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith an Bhinse ar aon cheist a tharchuirfear chuige faoin alt seo, ach amháin go bhféadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an mbreith achomharc a dhéanamh ina choinne chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí.
(15) Aon fhostóir a bheidh míshásta le breith ón Aire maidir le lacáiste nó le haon bhreith ó oifigeach breithiúnachta maidir le haon cheist a shonraítear in alt 38 (1) (d), 38 (1) (e) nó 38 (1) (f), nó aon fhostaí a bheidh míshásta le breith ó oifigeach breithiúnachta faoi alt 38 nó le haon bhreith ó fhostóir faoin Acht seo féadfaidh sé, ar fhógra achomhairc a thabhairt sa mhodh forordaithe don Aire, a thabhairt go dtarchuirfear an cheist chun an Bhinse chun breith a thabhairt uirthi; ar choinníoll, áfach, nach mbeidh an Binse inniúil a bhreithniú an bhfuil nó nach bhfuil nó an raibh nó nach raibh an fostaí, an tráth ábhartha, i bhfostaíocht atá nó a bhí inárachaithe le haghaidh na sochar go léir faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1966.
(16) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta más cuí leis, in ionad breith a thabhairt uirthi é féin, aon cheist a bheidh le breithniú aige faoi alt 38 a tharchur sa tslí fhorordaithe chun an Bhinse chun breith a thabhairt uirthi.
(17) (a) Beidh cumhacht ag an mBinse, nuair a bheidh aon ábhar a tharchuirfear chuige faoin alt seo á éisteacht, fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh a chur faoi deara daoine a fhreastalóidh mar fhinnéithe ag éisteacht den sórt sin a chur faoi mhionn.
(b) Aon duine a dhéanfaidh, agus é á scrúdú faoi mhionn a bheidh údaraithe faoin bhfo-alt seo, fianaise bhreágach a thabhairt go toiliúil éillitheach nó aon ní bréagach a mhionnú go toiliúil éillitheach agus a chiontófar ann dlífear na pionóis mar gheall ar mhionnú éithigh toiliúil éillitheach a chur air.
(c) Féadfaidh an Binse, trí fhógra chuige sin a thabhairt i scríbhinn d'aon duine, a cheangal ar an duine sin freastal cibé tráth agus i cibé áit a shonrófar san fhógra chun fianaise a thabhairt maidir le haon ábhar a tarchuireadh chun an Bhinse faoin alt seo nó aon doiciméid a thabhairt ar aird a bheidh ina sheilbh, ina choimeád nó faoina urláimh agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin.
(d) Féadfar fógra faoi mhír (c) a thabhairt trína sheachadadh don duine lena mbainfidh sé nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a dhíreofar chun an duine sin ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.
(e) Aon duine a mbeidh fógra faoi mhír (c) tugtha dó agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil freastal de réir an fhógra nó, agus é ag freastal amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad a thabhairt ar aird lena mbainfidh an fógra beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
(18) Cuirfidh an Binse tuarascáil bhliantúil chun an Aire agus foilseofar an tuarascáil sin.
(19) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do thabhairt éifeachta don alt seo agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas—
(a) an nós imeachta a leanfar maidir le hachomhairc chun an Bhinse,
(b) tráthanna agus ionaid éisteachta an Bhinse,
(c) ionadaíocht páirtithe a fhreastalóidh ag éisteachtaí an Bhinse,
(d) nós imeachta maidir le héisteacht achomharc ag an mBinse,
(e) breitheanna an Bhinse a fhoilsiú agus a fhógairt,
(f) fógraí maidir le hachomhairc nó éisteachtaí ag an mBinse,
(g) an Binse do dhámhadh costas agus caiteachas agus dámhachtana den sórt sin a íoc,
(h) séala oifigiúil an Bhinse,
(i) déileáil leis an Aire mar pháirtí in aon imeachtaí os comhair an Bhinse i gcás nár pháirtí é iontu mura mbeadh sin agus teideal a thabhairt dó láithriú agus éisteacht a fháil dá réir sin.
Tarchur agus achomharc chun na hArd-Chúirte.
40.—I gcás ina ndéanfar aon cheist, seachas ceist a shonraítear in alt 38 (1) (a), 38 (1) (b) nó 38 (1) (c), a tharchur chun an Bhinse—
(a) féadfaidh an tAire, ar an mBinse á iarraidh sin, an cheist a tharchur chun na hArd-Chúirte chun breith a thabhairt uirthi, agus
(b) má thugann an Binse breith ar an gceist, féadfaidh aon duine a bheidh míshásta leis an mbreith achomharc a dhéanamh ina haghaidh chun na hArd-Chúirte ar aon cheist dlí.
Breitheanna a athscrúdú.
41.—(1) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, am ar bith agus ó am go ham, aon bhreith a thug oifigeach breithiúnachta a athscrúdú má fheictear dó an bhreith a bheith earráideach ag féachaint d'fhianaise nua nó d'fhíorais nua a cuireadh in iúl dó ón dáta a tugadh an bhreith nó mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta maidir leis an dlí nó na fíorais, nó má fheictear dó, i gcás inarbh iníoctha íocaíocht sheachtainiúil, aon athrú ábhartha a bheith tagtha ar na himthosca ó tugadh an bhreith, agus beidh feidhm maidir leis an mbreith athscrúdaithe sin ag forálacha an Achta seo a bhaineann le hachomhairc mar atá feidhm acu maidir le breith bhunaidh.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le breith a bhaineann le hábhar atá ar achomharc nó ar tarchur faoi alt 39, mura mbeadh an bhreith athscrúdaithe i bhfabhar éilitheora íocaíochta seachtainiúla.
(3) Beidh éifeacht mar a leanas ag breith athscrúdaithe ó oifigeach breithiúnachta—
(a) i gcás ina ndéanfar, de bhua an bhreith athscrúdaithe a dhícheadú nó a laghdú agus an bhreith athscrúdaithe a thabhairt toisc an bhreith bhunaidh a thabhairt, nó a leanúint de bheith in éifeacht, mar gheall ar aon ráiteas nó uiríoll (scríofa nó ó bhéal) a bhí, go bhfios don duine a rinne é, bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha nó mar gheall ar aon fhíoras ábhartha a cheilt go toiliúil, beidh éifeacht aici amhail ón dáta a tháinig an bhreith bhunaidh in éifeacht, ach, más íocaíocht iomarcaíochta i bhfoirm íocaíochta tréimhsiúla í, féadfaidh an bhreith bhunaidh, más rogha leis an oifigeach breithiúnachta é, leanúint d'fheidhm a bheith aici maidir le haon tréimhse lena mbaineann an bhreith bhunaidh sin agus nach mbaineann an ráiteas nó an t-uiríoll bréagach nó míthreorach sin nó an cheilt thoiliúil sin ar aon fhíoras ábhartha léi;
(b) in aon chás eile, beidh éifeacht aici amhail ón dáta is iomchuí leis an oifigeach breithiúnachta, ach ní dhéanfaidh sí difear d'aon íocaíocht a bheidh déanta cheana féin ar dháta an athscrúdaithe.
(4) Féadfaidh rialacháin socrú a dhéanamh chun go measfar aon íocaíocht iomarcaíochta a íocadh le fostaí faoi bhreith ó oifigeach breithiúnachta, agus a mbreithneofar dá éis sin nárbh iníoctha í, a bheith arna híoc ar cuntas aon íocaíochta iomarcaíochta eile a mbreithneofar gurbh iníoctha í leis an bhfostaí sin nó chun aon íocaíochta den sórt sin a aisíoc agus í a aisghabháil trí asbhaint nó ar shlí eile.
(5) Aon tagairt atá san Acht seo d'athscrúdú folaíonn sí tagairt d'athscrúdú ina ndéantar freaschur.
Forálacha a bhaineann le foirceannadh agus féimheacht.
1889, c. 60.
1872, c. 58.
42.—(1) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, le híoc, le linn sócmhainní cuideachta atá á foirceannadh a bheith á ndáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, na ranníocaí go léir ab iníoctha ag an gcuideachta faoin Acht seo i gcaitheamh an dá mhí dhéag sular tosaíodh ar an bhfoirceannadh nó roimh thosach feidhme an ordaithe foirceannta, agus beidh éifeacht ag an Acht sin dá réir sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le rialacha a rinneadh faoin Acht sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) ach amháin i gcás inar chun í a athchóiriú nó í a chónascadh le cuideachta eile atá an chuideachta á foirceannadh go toilteanach.
(3) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc, le linn maoin féimhigh nó féichiúnaigh chomhshocraíochta a bheith á dáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, na ranníocaí go léir ab iníoctha faoin Acht seo ag an bhféimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó dháta an achainí ar chomhshocraíocht a chomhadú i gcás féichiúnaí chomhshocraíochta, agus beidh éifeacht ag an Acht sin dá réir sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta a rinneadh faoin Acht sin.
(4) Beidh gach sannadh nó muirearú íocaíochta seachtainiúla, agus gach comhaontú chun íocaíocht sheachtainiúil a shannadh nó a mhuirearú, ar neamhní agus i gcás aon duine atá i dteideal íocaíochta seachtainiúla a fhéimheadh ní aistreoidh an íocaíocht sheachtainiúil chun an tsannaí oifigiúil i bhféimheacht ná chun aon iontaobhaí nó duine eile a bheidh ag gníomhú thar ceann na gcreidiúnaithe.
(5) Ní bheidh feidhm ag aon ní in alt 53 den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, nó in alt 286 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, maidir le haon íocaíochtaí iomarcaíochta ag fostóir.
Suimeanna a bheidh dlite don Chiste Iomarcaíochta a ghnóthú.
43.—Beidh an t-airgead go léir a bheidh dlite don Chiste Iomarcaíochta inghnóthaithe mar fhiacha atá dlite don Stát agus, gan dochar d'aon leigheas eile, féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach faoi reacht in aon chúirt dlínse inniúla.
Feidhm alt 52 d'Acht 1952.
44.—Beidh feidhm ag alt 52 (seachas fo-ailt (4) agus (6) de) d'Acht 1952 maidir le ranníocaí iomarcaíochta, cártaí iomarcaíochta agus stampaí iomarcaíochta, agus maidir le sochar faoin Acht seo, mar atá feidhm aige maidir le cártaí, stampaí, sochair, ranníocaí agus íocaíochtaí eile faoi Acht 1952.
Feidhm alt 53 d'Acht 1952.
45.—Beidh feidhm ag alt 53 d'Acht 1952 maidir le cionta faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo mar atá feidhm aige maidir le cionta faoi Acht 1952 nó maidir le cionta faoi rialacháin faoin Acht sin, ach amháin go ndéanfar san fheidhmiú sin tagairt san alt sin 53 don Aire Leasa Shóisialaigh a fhorléiriú mar thagairt don Aire.
Cúnamh do dhaoine a athróidh áit chónaithe.
46.—(1) Féadfaidh an tAire, d'fhonn a theacht ar an gcéim soghluaiseacht gheografach lucht saothair is inmhianaithe, dar leis, ar mhaithe le beartas eacnamaíochta náisiúnta a chothú, rialacháin a dhéanamh, le toiliú an Aire Airgeadais, do dhéanamh socrú le haghaidh cúnamh airgeadais do dhaoine dífhostaithe nó do dhaoine a bhfuiltear ar tí a dhearbhú go bhfuil siad iomarcach agus a bhfuil orthu a ngnáth-áit chónaithe a athrú chun dul i mbun fostaíochta a bheidh tairgthe nó ceadaithe ag an tSeirbhís Fostaíochta.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo—
(a) socrú a dhéanamh le haghaidh costais iompair (lena n-áirítear earraí tí a iompar) de dhroim áit chónaithe a athrú, a íoc nó a shlánú go hiomlán nó go páirteach agus le haghaidh liúntais i leith lóistín, agus
(b) coinníollacha, teorainneacha ama agus teorainneacha airgeadais a fhorchur i leith aon airgead is iníoctha faoi na rialacháin.
(3) D'ainneoin aon ní in alt 4, féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint a bheith acu le hoibrithe d'aicme a eisiatar ón Acht seo leis an alt sin 4.
Scéimeanna iomarcaíochta speisialta d'fhostaithe atá eisiata ón Acht.
47.—(1) Féadfaidh an tAire, i leith aicme fostaí atá eisiata ón Acht seo le halt 4 nó le hordú arna dhéanamh faoi alt 4, agus tar éis dul i gcomhairle le hionadaithe fostóirí ag a bhfuil leas sa chineál oibre a bhíonn á dhéanamh de ghnáth ag fostaithe den aicme sin agus le hionadaithe fostaithe ag a bhfuil an leas céanna, scéim (dá ngairtear scéim iomarcaíochta speisialta san Acht seo) a ullmhú agus a chur i bhfeidhm do dhéanamh socrú de réir téarmaí na scéime iomarcaíochta speisialta le haghaidh íocaíochta iomarcaíochta d'fhostaithe den aicme sin.
(2) Aon uair a bheidh an tAire tar éis scéim iomarcaíochta speisialta a ullmhú déanfaidh sé, a luaithe is oiriúnach leis tar éis an t-ullmhú sin, ordú do dhéanamh socrú chun an scéim iomarcaíochta speisialta sin a chur in éifeacht ar dháta sonraithe, agus cuirfear an scéim sin in éifeacht amhlaidh ón dáta sin.
Socrú d'oifigigh agus do sheirbhísigh Chóras Iompair Éireann agus Óstlanna Iompair Éireann Teoranta.
48.—(1) Ní bhainfidh alt 9 den Acht Iompair, 1964, le duine a thiocfaidh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord mura raibh an duine sin, nó, mura mbeadh an duine sin mura mbeadh fothbhearnú ar a fhostaíocht, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord i dtosach feidhme an Achta seo agus go leanann sé air de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord cé is moite d'fhothbhearnaí fostaíochta.
(2) I gcás duine a bheith, roimh thosach feidhme an Achta seo, ag fáil chúitimh faoi alt 9 den Acht Iompair, 1964, ní oibreoidh fo-alt (1) chun a chirt chun an chúitimh sin a laghdú.
(3) I gcás duine a theacht, ar dháta tosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, chun bheith i dteideal cúitimh faoi alt 9 (4) den Acht Iompair, 1964, de dhroim a fhostaíocht faoin mBord nó faoin gCuideachta a fhoirceannadh, beidh sé, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, dícháilithe, amhail ar agus ó dháta a theacht i dteideal amhlaidh, chun íocaíochta iomarcaíochta i leith na fostaíochta sin agus déanfar na ranníocaí go léir faoin Acht seo a íocadh i leith an duine mar fhostaí don Bhord nó don Chuideachta a aisíoc leis an duine a d'íoc na ranníocaí sin.
(4) San alt seo—
ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;
ciallaíonn “an Chuideachta” Óstlanna Iompair Éireann Teoranta.
Cumhacht chun modhnú nó foirceannadh a dhéanamh ar scéimeanna agus comhshocraíochtaí láithreacha chun íocaíochtaí aoisliúntais agus iomarcaíochta a sholáthar.
49.—Féadfar aon scéim nó comhshocraíocht chun pinsin, cúitimh i leith iomarcaíochta nó sochair eile a sholáthar (lena n-áirítear aon scéim nó comhshocraíocht a bunaíodh nó a soláthraíodh de bhun nó faoi réim, nó ag a bhfuil feidhm reachtúil de bhua, aon achtacháin agus aon scéime nach bhfuil d'fhianaise léi ach polasaí nó polasaithe árachais) a mhodhnú, nó a fhoirceannadh, i ndáil le scéim a bhunú faoin Acht seo chun íocaíochtaí iomarcaíochta a sholáthar trí chomhaontú idir na páirtithe lena mbaineann sa scéim nó sa chomhshocraíocht.
Feidhm an Probation of Offenders Act, 1907.
1907, c. 17.
50.—I gcás ina gcúiseofar fostóir i gcion a bhaineann le ranníocaí iomarcaíochta, ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907, go dtí gur deimhin léi go bhfuil na riaráistí go léir i leith na ranníocaí íoctha ag an bhfostóir.
Eisiamh airbheartaithe ar fhorálacha an Achta seo ar neamhní.
51.—Beidh aon fhoráil i gcomhaontú (cibé acu conradh fostaíochta é nó nach ea) ar neamhní a mhéid a airbheartaíonn sí oibriú aon fhorála den Acht seo a eisiamh nó a theorainniú.
Cionta ag comhlachtaí corpraithe.
52.—I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó é a bheith inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon fheidhmeannas den sórt sin beidh sé féin agus an comhlacht corpraithe ciontach sa chion sin agus dlífidh siad imeachtaí a thionscnamh ina gcoinne agus iad a phionósú dá réir sin.
Forálacha maidir le fógraí.
53.—(1) Aon fhógra a cheanglaítear ar fhostóir, nó a údaraítear dó, faoin Acht seo a thabhairt d'fhostaí, féadfar é a thabhairt trína sheachadadh don fhostaí, nó a fhágáil dó san áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige, nó é a chur leis an bpost chuige faoi sheoladh na háite sin.
(2) Aon fhógra a cheanglaítear ar fhostaí, nó a údaraítear dó, faoin Acht seo a thabhairt d'fhostóir, féadfaidh an fostaí féin nó duine a bheidh údaraithe aige gníomhú thar a cheann é a thabhairt, agus, cibé acu a thabharfar é ag an bhfostaí féin nó thar a cheann,—
(a) féadfar é a thabhairt trína sheachadadh don fhostóir, nó trína chur leis an bpost chuige faoi sheoladh na háite ina bhfuil nó ina raibh an fostaí ar fostú aige, nó
(b) má bhíonn comhshocraíochtaí chu ge déanta ag an bhfostóir, féadfar é a thabhairt trína sheachadadh do dhuine a bheidh ainmnithe ag an bhfostóir de bhun na gcomhshocraíochtaí, nó trína fhágáil do dhuine den sórt sin in áit a bheidh ainmnithe amhlaidh, nó trína chur leis an bpost chuig duine den sórt sin ag seoladh a bheidh ainmnithe amhlaidh.
(3) San alt seo déanfar tagairt d'fhógra a sheachadadh a fhorléiriú, maidir le fógra nach gceanglaíonn an tAcht seo é a bheith i scríbhinn, mar thagairt a fholaíonn tagairt don fhógra a thabhairt de bhriathra béil.
(4) Aon fhógra a fhágfar, de réir an ailt seo, do dhuine in áit dá dtagraítear san alt seo, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, go bhfuair sé é an lá a fágadh an fógra sin ansin.
(5) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) nó (2) mar ní a dhéanann difear d'inniúlacht fostóra gníomhú trí sheirbhíseach nó gníomhaire chun críocha aon fhorála (lena n-áirítear ceachtar de na fo-ailt sin) den Acht seo.
Deimhniú ar bhreith a thug oifigeach breithiúnachta.
54.—Aon doiciméad a airbheartóidh a bheith ina dheimhniú ar bhreith a thug oifigeach breithiúnachta de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, agus a bheidh sínithe aige, beidh sé ina fhianaise prima facie gur tugadh an bhreith sin, agus ar a téarmaí, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin ná ar a fheidhmeannas oifigiúil.
Cumhacht chun deacrachtaí a chur ar ceal.
55.—(1) Má éiríonn aon deacracht in aon slí i ndáil leis an Acht seo, nó aon leasú nó aisghairm a dhéantar leis an Acht seo, a chur i ngníomh, féadfaidh an tAire, le hordú, aon ní a dhéanamh is dealraitheach is gá nó is fóirsteanach chun an tAcht seo a chur i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil den Acht seo is dealraitheach is gá nó is fóirsteanach chun an t-ordú a chur in éifeacht.
(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo tar éis bliain a bheith caite ó thosach feidhme an Achta seo.
Caiteachais an Aire.
56.—(1) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile ag cur an Achta seo in éifeacht a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Íocfar leis an Aire Airgeadais as an gCiste Iomarcaíochta, cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, cibé suimeanna a measfaidh an tAire, ar cibé foras ar a gcomhaontóidh sé féin agus an tAire Airgeadais, gurb iad cuid an Aire, nó cuid aon Aire eile, iad de na caiteachais sin ag cur alt 39 in éifeacht, agus déanfar aon suimeanna a íocfar amhlaidh a leithreasú i gcabhair ar airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun an tAcht seo a chur in éifeacht.
(3) Nuair a bheidh caiteachais á meas chun críocha fho-alt (2), cuirfear san áireamh cibé méid is dóigh leis an Aire Airgeadais is ionann agus méid an dliteanais atá ag faibhriú i leith aon aoisliúntas nó liúntas scoir eile nó aon chnapshuimeanna nó aiscí atá ag faibhriú i leith fostaíocht aon oifigigh nó duine eile chun críocha an Achta seo.
Rialacháin maidir le taifid a choimeád, eolas a thabhairt agus taifid a scrúdú.
57.—D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an tAcht seo i ngníomh go héifeachtúil, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú chun fostóirí do choimeád taifead agus do thabhairt eolais agus oifigigh údaraithe don Aire do scrúdú taifead nó doiciméad eile a bheidh faoina gcoimeád nó faoina n-urláimh ag fostóirí.
Rialacháin do dhéanamh socrú le haghaidh cionta.
58.—Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh le haghaidh cionta is sáruithe nó neamhchomhlíonadh ar fhoráil den Acht seo nó is sáruithe nó neamhchomhlíonadh ar rialacháin faoin Acht seo agus, ar chiontú i gcionta den sórt sin, le haghaidh fíneálacha a ghnóthú nach mó ná méideanna sonraithe nach mó ná deich bpunt, mar aon le, i gcás cionta leanúnacha, fíneálacha breise den sórt sin in aghaidh gach lae de na laethanta a leanfar de na cionta.
SCEIDEAL I
Íocaíochtaí Seachtainiúla as an gCiste Iomarcaíochta
1. Faoi réir mhír 2, beidh méid íocaíochta seachtainiúla comhionann le 50 faoin gcéad de ghnáth-luach saothair seachtainiúil an fhostaí.
2. An méid iomlán a bheidh á íoc le duine i seachtain ina leith seo a leanas—
íocaíocht sheachtainiúil, sochar dífhostaíochta faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 to 1966, sochar mí chumais faoi na hAchtanna sin, liúntas máithreachais faoi na hAchtanna sin, cúnamh dífhostaíochta faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1966,
ní bheidh sé níos mó ná 90 faoin gcéad de ghnáth-luach saothair seachtainiúil an duine sin; ar choinníoll nach bhfaighidh duine méid i leith sochair dhífhostaíochta, sochair mhíchumais, liúntais mháithreachais, nó cúnaimh dhífhostaíochta is lú ná an méid a mbeadh teideal ag an duine sin chuige mura mbeadh an tAcht seo.
3. Faoi réir mhír 2, déanfar, i gcás duine atá i dteideal sochair dhífhostaíochta, sochair mhíchumais, liúntais mháithreachais nó cúnaimh dhífhostaíochta, íocaíocht sheachtainiúil a íoc leis an duine sin i dteannta an tsochair sin.
4. Ní íocfar íocaíocht sheachtainiúil le duine a bheidh ina theideal nó go mbeidh tréimhse dhá sheachtain caite dar tosach dáta a fhostaíocht a fhoirceannadh agus ní íocfar í in aghaidh na tréimhse dhá sheachtain sin.
5. Ní íocfar íocaíocht sheachtainiúil le duine in aghaidh aon tréimhse mura rud é nach raibh an duine sin i bhfostaíocht shochrach in imeacht na tréimhse sin agus nach bhféadfaí a rá le réasún gurbh é cúis nach raibh an duine sin i bhfostaíocht amhlaidh mainneachtain nó diúltú aige fostaíocht shochrach oiriúnach a lorg nó a ghlacadh.
6. Íocfar, faoi réir mhír 7, le duine atá i dteideal íocaíochta seachtainiúla íocaíocht sheachtainiúil amháin in aghaidh gach bliana fostaíochta leanúnaí tar éis dó sé bliana déag d'aois (arna ríomh de réir Sceideal 3) a shlánú leis an bhfostóir a bhris é mar gheall ar iomarcaíocht.
7. Nuair a bheidh blianta fostaíochta leanúnaí á ríomh chun críche mhír 6, déanfar gach tréimhse dhá bhliain den sórt sin a raibh an duine a bheidh i dteideal na híocaíochta seachtainiúla 41 bliain d'aois nó níos sine ar a bhfeadh go léir a ríomh mar thrí bliana comhlánaithe fostaíochta leanúnaí.
8. Aon duine a bheidh tar éis íocaíocht sheachtainiúil a fháil ní bhfaighidh sé aon íocaíochtaí seachtainiúla eile tar éis dó fostaíocht a fháil; ar choinníoll, má tharlaíonn dó ina dhiaidh sin go dtiocfaidh sé chun bheith dífhostaithe nó asleagtha nó go mbeidh sé as láthair ó obair mar gheall ar bhreoiteacht agus go mbeidh sé, mar gheall ar bheith as láthair amhlaidh, i dteideal sochair mhíchumais faoi Acht 1952, go dtiocfaidh sé, air sin, faoi réir mhír 5, chun bheith cáilithe chun na n-íocaíochtaí seachtainiúla a bhí gan íoc nuair a fuair sé an fhostaíocht sin.
9. Aon uair a gheobhaidh duine a bheidh i dteideal íocaíochta seachtainiúla fostaíocht roimh dheireadh na tréimhse dhá sheachtain a luaitear i mír 4 ní bhfaighidh sé íocaíocht sheachtainiúil; ar choinníoll, má tharlaíonn dó ina dhiaidh sin go dtiocfaidh sé chun bheith dífhostaithe nó asleagtha nó go mbeidh sé as láthair ó obair mar gheall ar bhreoiteacht agus go mbeidh sé, mar gheall ar bheith as láthair amhlaidh, i dteideal sochair mhíchumais faoi Acht 1952, go dtiocfaidh sé, air sin, faoi réir mhír 5, chun bheith i dteideal na n-íocaíochtaí seachtainiúla a mbeadh sé tagtha chun bheith ina dteideal mura mbeadh go bhfuair sé fostaíocht sa tréimhse dhá sheachtain sin.
10. Ní fhorléireofar aon ní sa Sceideal seo mar ní a thugann d'fhostaí ceart chun níos mó ná íocaíocht sheachtainiúil amháin in aghaidh aon seachtaine áirithe amháin nó coda de sheachtain.
11. Déanfar gnáth-luach saothair seachtainiúil a ríomh chun críocha an Sceidil seo de réir mhíreanna 13 go 23 de Sceideal 3.
12. I gcás nach mbaineann teideal duine chun íocaíochta seachtainiúla ach amháin le cuid de sheachtain, déanfar an íocaíocht in aghaidh na coda sin de sheachtain a ríomh faoi threoir an séú cuid den íocaíocht sheachtainiúil iomlán in aghaidh gach lae, gan an Domhnach a áireamh, sa chuid sin den tseachtain.
13. D'ainneoin aon ní i mír 5, 8 nó 9, ní bheidh duine a bheidh ar cúrsa oiliúna a shocraigh nó a cheadaigh an Chomhairle Oiliúna ó theideal chun íocaíocht sheachtainiúil a fháil in aghaidh tréimhse na hoiliúna sin ar an aon-chúis nach bhfuil sé cáilithe chun sochar dífhostaíochta ná cúnamh dífhostaíochta a fháil in aghaidh na tréimhse sin.
14. Ní bheidh duine i dteideal íocaíochta seachtainiúla mura bhfuil gnáthchónaí air sa Stát.
SCEIDEAL 2
Cuid I
Bás Fostóra nó Fostaí
1. Beidh éifeacht ag an gCuid seo maidir le fostaí i gcás ina bhfaighidh a fhostóir (dá ngairtear an fostóir éagtha sa Chuid seo) bás.
2. Ní bheidh feidhm alt 20 maidir le haon athrú trína n-aistríonn úinéireacht an ghnó, ar chun a chríocha a bhí an fostaí ar fostú ag an bhfostóir éagtha, go dtí ionadaí pearsanta an fhostóra éagtha.
3. I gcás ina mbeidh sé le meas, de bhua alt 21, gurb ionann, chun críocha an Achta seo, bás an fhostóra éagtha agus an conradh fostaíochta a fhoirceannadh aige, dá ainneoin sin ní mheasfar, chun na gcríocha sin, é a bheith briste ag an bhfostóir éagtha más rud é—
(a) go ndéanfaidh ionadaí pearsanta don fhostóir éagtha a chonradh fostaíochta a athnuachan, nó go ndéanfaidh ionadaí pearsanta den sórt sin é a athfhruiliú faoi chonradh fostaíochta nua, agus
(b) go dtiocfaidh an athnuachan nó an t-athfhruiliú in éifeacht lá nach déanaí ná ocht seachtain tar éis bás an fhostóra éagtha.
4. I gcás ina measfar chun críocha an Achta seo, mar gheall ar bhás an fhostóra éagtha, gur bhris sé an fostaí, ní bheidh an fostaí i dteideal íocaíochta iomarcaíochta i leith an bhriste sin más rud é—
(a) go mbeidh ionadaí pearsanta don fhostóir éagtha tar éis tairiscint i scríbhinn a thabhairt dó a chonradh fostaíochta a athnuachan nó é a athfhruiliú faoi chonradh nua,
(b) de réir na sonraí a bheidh sonraithe sa tairiscint sin go dtiocfadh an athnuachan nó an t-athfhruiliú in éifeacht lá nach déanaí ná ocht seachtain tar éis bhás an fhostóra éagtha,
(c) (i) nach mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó an chonartha nua, maidir leis an bhfeidhmeannas agus an áit ina mbeadh sé ar fostú agus maidir le téarmaí agus coinníollacha eile a fhostaíochta, éagsúil le forálacha comhréire an chonartha a bhí i bhfeidhm díreach roimh an mbás, nó
(ii) gur tairiscint fostaíochta oiriúnaí maidir leis an bhfostaí an tairiscint d'ainneoin go mbeadh, de réir na sonraí a shonrófar sa tairiscint sin, na forálacha a luaitear i bhfomhír (i) éagsúil (go hiomlán nó go páirteach) le forálacha comhréire an chonartha a bhí i bhfeidhm díreach roimh an mbás, agus
(d) gur dhiúltaigh an fostaí go míréasúnach don tairiscint sin.
5. Chun críocha mhír 4—
(a) ní mheasfar maidir le haon tairiscint gur tairiscint í trína mbeadh forálacha an chonartha arna athnuachan, nó forálacha an chonartha nua, éagsúil le forálacha comhréire an chonartha a bhí i bhfeidhm díreach roimh bhás an fhostóra éagtha ar an aonchúis go gcuirfí an t-ionadaí pearsanta in ionad an fhostóra éagtha mar fhostóir, agus
(b) déanfar neamhshuim den chur in ionad sin nuair a bheifear a chinneadh an raibh sé míréasúnach diúltú don tairiscint.
6. I gcás ina mbeidh sé le meas, de bhua alt 21, gurb ionann básan fhostóra éagtha agus an conradh fostaíochta a fhoirceannadh aige, déanfar aon tagairt in alt 21 (2) d'alt 9 (2) a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do mhír 3 den Sceideal seo.
7. I gcás fostaí a bheith, roimh bhás an fhostóra éagtha, asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar feadh seachtaine amháin nó níos mó ach gan é a bheith tar éis fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a thabhairt don fhostóir éagtha, ansin má tharlaíonn tar éis bháis an fhostóra éagtha—
(a) go n-athnuafar a chonradh fostaíochta, nó go n-athfhruileofar é faoi chonradh nua, mar a luaitear i mír 3 (a) nó 3 (b) den Sceideal seo, agus
(b) tar éis na hathnuachana nó an athfhruilithe, go n-asleagfar é nó go gcoimeádfar ar gearr-am é ar feadh seachtaine amháin nó níos mó ag ionadaí pearsanta an fhostóra éagtha,
beidh feidhm ag ailt 12 agus 13 ionann is dá mba sheachtainí comhleanúnacha an tseachtain a d'éag an fostóir éagtha agus an chéad seachtain ag an bhfostaí i bhfostaíocht faoin ionadaí pearsanta, agus forléireofar dá réir sin aon tagairt sna hailt sin do cheithre sheachtain nó trí sheachtain déag.
8. Beidh éifeacht ag mír 9 nó (de réir mar a bheidh) ag mír 10 i gcás ina mbeidh fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh tugtha ag an bhfostaí don fhostóir éagtha, agus—
(a) gur éag an fostóir éagtha roimh dheireadh na gceithre seachtain díreach tar éis dáta an fhógra sin a sheirbheáil, agus
(b) nár fhoirceann an fostaí an conradh fostaíochta trí fhógra a d'éag roimh bhás an fhostóra éagtha.
9. Mura ndéanfaidh ionadaí pearsanta don fhostóir éagtha, sna himthosca a shonraítear i mír 8, conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan roimh dheireadh na gceithre sheachtain díreach tar éis dáta an fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a sheirbheáil, agus nach ndéanfaidh ionadaí pearsanta den sórt sin é a athfhruiliú faoi chonradh nua roimh dheireadh na gceithre sheachtain sin, beidh feidhm ag ailt 12 (1) agus 12 (2) agus ag alt 13 (4) ionann is—
(a) nár éag an fostóir éagtha, agus
(b) gur fhoirceann an fostaí an conradh fostaíochta le fógra seachtaine (nó, má cheanglaíonn an conradh air níos mó ná fógra seachtaine a thabhairt chun an conradh a fhoirceannadh, gur fhoirceann sé é leis an bhfógra íosta a cheanglaítear air amhlaidh a thabhairt) a éagfadh roimh dheireadh na gceithre sheachtain sin,
ach ní bheidh feidhm ag ailt 13 (1) go 13 (3).
10. (1) Beidh éifeacht ag an mír seo i gcás ina ndéanfaidh ionadaí pearsanta don fhostóir éagtha, sna himthosca a shonraítear i mír 8, conradh fostaíochta an fhostaí a athnuachan roimh dheireadh na gceithre sheachtain díreach tar éis an fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh a sheirbheáil, nó ina n-athfhruileoidh ionadaí pearsanta den sórt sin é faoi chonradh nua roimh dheireadh na gceithre sheachtain sin, agus—
(a) go raibh sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ag an bhfostóir éagtha sin ar feadh seachtaine amháin nó níos mó acu sin, agus
(b) go mbeidh sé asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ag an ionadaí pearsanta ar feadh na seachtaine, nó ar feadh an chéad dá sheachtain nó níos mó, tar éis na hathnuachana nó an athfhruilithe,
(2) I gcás ina mbeidh na coinníollacha a shonraítear i bhfomhír (1) comhlíonta, beidh feidhm ag ailt 12 agus 13 ionann is dá mba seachtainí comhleanúnacha a raibh sé ar fostú ar a bhfeadh (ach asleagtha nó coimeádta ar gearr-am) ag an bhfostóir céanna na seachtainí go léir a raibh an fostaí asleagtha nó coimeádta ar gearr-am ar a bhfeadh mar a luaitear san fhomhír sin (1).
11. I míreanna 7 go 10, tá le “seachtain” agus “fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le hailt 2 agus 12.
12. I gcás ina measfar, de bhua mhír 3, nár briseadh an fostaí de dhroim athnuachan nó athfhruiliú a tháinig in éifeacht tar éis bhás an fhostóra é agtha, ansin, nuair a bheifear a chinneadh, chun críocha alt 7, an raibh sé ar fostú go leanúnach ar feadh na tréimhse riachtanaí, comhairfear an t-eatramh idir an bás agus dáta na hathnuachana nó an athfhruilithe a theacht in éifeacht mar thréimhse fostaíochta faoi ionadaí pearsanta an fhostóra éagtha, más rud é nach gcomhairfí í, ar leith ón mír seo, chun na críche sin mar thréimhse fostaíochta den sórt sin.
13. Chun críocha aon fhorálacha den Acht a chur chun feidhme, de réir alt 4 (3), maidir le fostaí a bhí ar fostú i dteaghlach príobháideach, forléireofar aon tagairt d'ionadaí pearsanta sa Chuid seo mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon duine chun a bhfuil bainistí an teaghlaigh aistrithe, ar shlí seachas de bhun díolacháin nó diúscairte eile ar chomaoin luachmhar, de dhroim bás an fhostóra éagtha.
14. Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den Chuid seo, maidir le fostóir atá tar éis bháis—
(a) déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon ní a dhéanamh ag fostóir nó maidir le fostóir a fhorléiriú mar thagairt don ní sin a dhéanamh ag aon ionadaí pearsanta, nó maidir le haon ionadaí pearsanta, de chuid an fhostóra éagtha, agus
(b) déanfar aon tagairt san Acht seo do ní a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh ag fostóir nó maidir le fostóir a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ní a cheanglaítear nó a údaraítear de réir aon fhorála den Acht seo arna modhnú leis an gCuid seo (lena n-áirítear fomhír (a)) a dhéanamh ag aon ionadaí pearsanta, nó maidir le haon ionadaí pearsanta, dá chuid.
15. I gcás ionadaí pearsanta don fhostóir éagtha a bheith, de bhua aon fhorála den Acht seo arna modhnú leis an gCuid seo, faoi dhliteanas íocaíocht iomarcaíochta nó cuid d'íocaíocht iomarcaíochta a íoc, agus nach raibh an dliteanas sin faibhrithe roimh bhás an fhostóra éagtha, déileálfar leis chun gach críche ionann is dá mba dhliteanas de chuid an fhostóra éagtha a d'fhaibhigh díreach roimh a bhás.
Cuid II
16. I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag fostóir d'fhostaí chun a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh agus go bhfaighidh an fostaí bás sula n-éagfaidh an fógra sin, beidh feidhm ag Cuid II den Acht seo ionann is dá mbeadh an conradh foirceannta go cuí ag an bhfostóir le fógra a d'éag ar dháta an fhostaí d'fháil bháis.
17. I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag fostóir d'fhostaí chun a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh, agus go mbeidh tairgthe aige a chonradh fostaíochta a athnuachan, nó é a athfhruiliú faoi chonradh nua, ansin—
(a) má fhaigheann an fostaí bás gan é a bheith tar éis glacadh leis an tairiscint nó diúltú di, agus
(b) nach mbeidh an tairiscint tarraingte siar roimh a bhás,
beidh feidhm ag alt 15 (1) nó 15 (2) (de réir mar a bheidh) ionann is dá gcuirfí “gur mhíréasúnach ar thaobh an fhostaí diúltú” in ionad “gur dhiúltaigh sé go míréasúnach”.
18. (1) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a shonraítear in ailt 10 (1) (a) agus 10 (1) (b), go bhfaighidh an fostaí bás sula mbeidh an fógra a thug sé faoi alt 10 (b) le héag agus sula mbeidh fógra faoi alt 10 (3) tugtha ag an bhfostóir dó, beidh feidhm ag alt 10 (3) agus ag alt 10 (4) ionann is dá mbeadh an fógra sin tugtha ag an bhfostóir dó agus go ndearna sé dá réir.
(2) I gcás ina dtarlóidh, sna himthosca a shonraítear in ailt 10 (1) (a) agus 10 (1) (b), go bhfaighidh an fostaí bás sula mbeidh a fhógra a tugadh faoi alt 10 (1) (b) le héag ach tar éis don fhostóir fógra a thabhairt dó faoi alt 10 (3), beidh feidhm ag ailt 10 (3) agus 10 (4) ionann is dá mb'amhlaidh do na himthosca nach bhfuair an fostaí bás agus go ndearna sé de réir an fhógra sin is déanaí a luaitear.
19. (1) I gcás ina mbeidh fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh tugtha ag fostaí agus go bhfaighidh sé bás sula mbeidh fógra tugtha aige chun a chonradh fostaíochta a fhoirceannadh agus roimh an tréimhse a shonraítear in alt 12 (2), ní bheidh feidhm ag an alt sin 12 (2).
(2) I gcás ina bhfaighidh fostaí, a mbeidh fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh tugtha aige, bás laistigh de sheacht lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil, agus sula mbeidh frithfhógra tugtha ag an bhfostóir, beidh feidhm ag forálacha ailt 12 agus 13 ionann is dá dtabharfadh an fostóir frithfhógra laistigh den seacht lá sin.
(3) Sa mhír seo tá le “fógra go bhfuiltear chun éileamh a dhéanamh” agus “frithfhógra” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le hailt 12 agus 13.
20. Maidir le héileamh a dhéanamh ag ionadaí pearsanta d'fhostaí éagtha a gheobhaidh bás roimh dheireadh na tréimhse 30 seachtain dar tosach dáta an bhriste nó dáta fostaíocht a fhoirceannadh, beidh feidhm ag alt 24 ach “bliana” a chur in ionad “tríocha seachtain”.
21. Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den Chuid seo, maidir le fostaí atá tar éis bháis—
(a) déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon ní a dhéanamh ag fostaí nó maidir le fostaí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don ní sin a dhéanamh ag aon ionadaí pearsanta, nó maidir le haon ionadaí pearsanta, de chuid an fhostaí éagtha, agus
(b) déanfar aon tagairt san Acht seo do ní a cheanglaítear nó a údaraítear a dhéanamh ag fostaí nó maidir le fostaí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ní a cheanglaítear nó a údaraítear, de réir aon fhorála den Acht seo arna modhnú leis an gCuid seo (lena n-áirítear fomhír (a)) a dhéanamh ag aon ionadaí pearsanta, nó maidir le haon ionadaí pearsanta, dá chuid.
22. Aon cheart chun íocaíochta iomarcaíochta nach raibh faibhrithe roimh bhás an fhostaí cineachfaidh sé chun a ionadaí pearsanta.
23. Maidir le haon chás ina bhfuil, faoi aon fhoráil atá i gCuid II den Acht seo arna modhnú leis na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo, cumhacht ag an mBinse a chinneadh go ndlífidh fostóir go n-íocfaidh sé le hionadaí pearsanta d'fhostaí éagtha—
(a) iomlán íocaíochta iomarcaíochta a mbeadh teideal aige chuici ar leithligh ó fhoráil eile a luaitear inti, nó
(b) cibé cuid d'íocaíocht iomarcaíochta den sórt sin is oiriúnach leis an mBinse,
déanfar aon tagairt i mír 22 do cheart chun íocaíochta iomarcaíochta a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon cheart chun an t-iomlán nó cuid d'íocaíocht iomarcaíochta a fháil má chinneann an Binse go ndlífidh an fostóir í a íoc.
SCEIDEAL 3
Méid Cnapshuime
1. Beidh méid na cnapshuime comhionann lena gcomhshuim seo a leanas—
(a) toradh leath gnáth-luach saothair sheachtainiúil an fhostaí agus an uimhir blianta fostaíochta leanúnaí, faoin bhfostóir arb ina fhostaíocht a bhí sé ar dháta an bhriste, idir an dáta a shlánaigh fostaí sé bliana déag d'aois agus an dáta a shlánaigh sé bliain agus daichead d'aois, agus
(b) toradh gnáth-luach saothair sheachtainiúil an fhostaí agus an uimhir blianta fostaíochta leanúnaí, faoin bhfostóir arb ina fhostaíocht a bhí sé ar dháta an bhriste, tar éis don fhostaí bliain agus daichead d'aois a shlánú.
2. Ní bheidh an chnapshuim níos mó ná méid is comhionann le gnáth-luach saothair seachtainiúil fiche seachtain.
3. (a) D'fhonn an uimhir blianta fostaíochta leanúnaí a chinneadh chun críocha mhír 1, déanfar an uimhir seachtainí sa tréimhse fostaíochta leanúnaí a chinneadh de réir an Sceidil seo agus roinnfear an toradh ar 52.
(b) Nuair a bheidh an uimhir seachtainí sa tréimhse fostaíochta leanúnaí á cinneadh, déanfar neamhshuim de sheachtain nach inlamháilte faoin Sceideal seo mar sheirbhís inríofa.
(c) Nuair a thabharfaidh roinnt a cheanglaítear faoi fhomhír (a) iarmhar 26 sheachtain nó níos mó, comhairfear an tréimhse iarmhair sin 26 sheachtain (nó níos mó) mar bhliain fostaíochta leanúnaí ach más lú ná 26 sheachtain an t-iarmhar a bheidh ann den roinnt sin, déanfar neamhshuim den tréimhse sin.
(d) Nuair a bheidh an uimhir iomlán blianta fostaíochta leanúnaí arna cinneadh de réir fhomhíreanna (a) go (c) le roinnt chun críocha mhíreanna (1) (a) agus (1) (b), comhshuimeofar aon chodanna a bheidh fágtha de bhliain sna ranna sin agus déanfar an uimhir blianta iomlána a ionadaíonn an comhshuimiú sin (arna ríomh de réir fhomhíreanna (a) go (c)) a chur leis an tréimhse fostaíochta a luaitear i mír 1 (a).
Fostaíocht Leanúnach
4. Chun críocha an Sceidil seo measfar fostaíocht a bheith leanúnach mura bhfoirceannfar í trína briseadh nó tríd an bhfostaí d'fhágáil na fostaíochta go toildheonach.
5. (1) I gcás inar bearnaíodh tréimhse sheirbhíse fostaí ag aon tréimhse acu seo a leanas—
(a) tréimhse nárbh fhaide ná 78 seachtain chomhleanúnacha mar gheall ar thinneas,
(b) tréimhse nárbh fhaide ná 26 sheachtain chomhleanúnacha mar gheall ar:
(i) asleagan,
(ii) laethanta saoire,
(iii) seirbhís ag an bhfostaí in Óglaigh na hÉireann,
(iv) aon chúis (seachas an fostaí d'fhágáil a fhostaíochta go toildheonach) nach luaitear i gclásail (i) go (iii) ach a d'údaraigh an fostóir,
(c) aon tréimhse a bhí an fostaí as láthair ó obair mar gheall ar fhrithdhúnadh ag a fhostóir nó mar gheall ar an bhfostaí a bheith páirteach i stailc, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a bhí sé as láthair amhlaidh,
ní bheidh leanúntas fostaíochta briste ag an mbearnú sin cibé acu a bheidh nó nach mbeidh fógra d'fhoirceannadh an chonartha fostaíochta tugtha.
(2) In imeacht na bliana 1968 beidh éifeacht ag fomhír (1) (b) ionann is dá gcuirfí “52” in ionad “26”.
6. I gcás ina ndearnadh trádáil nó gnó nó gnóthas (cibé acu is gnóthas é nó nach gnóthas é a bunaíodh le hAcht, nó faoi Acht, den Oireachtas) a aistriú ó dhuine go duine eile, déanfar tréimhse fostaíochta an fhostaí sa trádáil, sa ghnó nó sa ghnóthas tráth an aistrithe a chomhaireamh mar thréimhse fostaíochta faoin aistrí, agus ní bhrisfidh an t-aistriú leanúntas na tréimhse fostaíochta.
Seirbhís Inríofa
7. Chun críocha an Sceidil seo, aon seachtain laistigh de thréimhse fostaíochta leanúnaí agus a raibh, ar a feadh (nó ar feadh aon choda di), an fostaí lena mbaineann ag obair iarbhír nó as láthair ó obair mar gheall ar bhreoiteacht, laethanta saoire nó aon chomhshocraíocht eile lena fhostóir, beidh sí, faoi réir mhír (8), inlamháilte mar sheirbhís inríofa.
8. Ní bheidh aon cheann de na hasláithreachtaí ó obair díobh seo a leanas inlamháilte mar sheirbhís inríofa—
(a) asláithreacht is faide ná 52 sheachtain chomhleanúnacha mar gheall ar thionóisc cheirde nó galar ceirde de réir bhrí an Achta Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966,
(b) asláithreacht is faide ná 26 sheachtain chomhleanúnacha mar gheall ar aon bhreoiteacht nach dtagraítear di i bhfomhír (a),
(c) asláithreacht is faide na 13 sheachtain i dtréimhse 52 sheachtain mar gheall ar aon chúis nach dtagraítear di i bhfomhír (a) nó (b) ach ab asláithreacht a d'údaraigh an fostóir,
(d) asláithreacht mar gheall ar asleagan ag an bhfostóir.
9. Aon asláithreacht ó obair mar gheall ar stailc sa ghnó nó sa tionscal ina bhfuil an fostaí lena mbaineann ar fostú agus a tharla roimh thosach feidhme an Achta seo beidh sí inlamháilte mar sheirbhís inríofa.
10. Aon asláithreacht ó obair mar gheall ar stailc sa ghnó nó sa tionscal ina bhfuil an fostaí lena mbaineann ar fostú agus a tharla tar éis tosach feidhme an Achta seo ní bheidh sé inlamháilte mar sheirbhíse inríofa.
11. Beidh asláithreacht ó obair mar gheall ar fhrithdhúnadh inlamháilte mar sheirbhís inríofa.
12. Aon asláithreacht ó obair mar gheall ar stailc nó frithdhúnadh i ngnó nó i dtionscal seachas an ceann ina bhfuil an fostaí lena mbaineann ar fostú beidh sé inlamháilte mar sheirbhís inríofa más roimh thosach feidhme an Achta seo a tharla.
Gnáth-luach Saothair Seachtainiúil
13. Chun críocha an Sceidil seo, i gcás fostaí a íoctar go hiomlán de réir am-ráta in aghaidh na huaire a chloig nó le pá nó tuarastal socraithe agus i gcás aon fhostaí eile nach n-athraíonn a luach saothair maidir leis an méid oibre a dhéanann sé, measfar gurb é a ghnáth-luach saothair seachtainiúil a thuilleamh (lena n-áirítear aon bhónas nó liúntas rialta nach n-athraíonn maidir leis an méid oibre a dhéantar) in aghaidh a ghnáth-uaire a chloig oibre sa tseachtain amhail ar an dáta a dearbhaíodh é a bheith iomarcach, mar aon le, i gcás fostaí a bhfuil sé ceaptha dó breis-am a oibriú go rialta, a mheán-tuilleamh breis-ama seachtainiúil arna chinneadh de réir mhír 14.
14. Chun críche mhír 13 cinnfear an meán-tuilleamh breis-ama seachtainiúil trí mhéid iomlán tuillimh bhreis-ama an fhostaí lena mbaineann sa tréimhse 26 sheachtain a chríochnaigh 13 sheachtain roimh an dáta a dearbhaíodh an fostaí a bheith iomarcach a dhéanamh amach agus an méid sin a roinnt ar 26.
15. Chun críche mhír 14 déanfar neamhshuim d'aon seachtain nach raibh an t-oibrí lena mbaineann ag obair agus cuirfear an tseachtain is déanaí roimh an tréimhse 26 sheachtain a luaitear i mír 14 i gcuntas in ionad na seachtaine nach raibh an fostaí ag obair.
16. (1) I gcás fostaí a íoctar go hiomlán nó go páirteach de réir tascrátaí, le bónais nó coimisiúin (is tascrátaí, bónais nó coimisiúin a bhaineann go díreach lena tháirgeadh) agus i gcás aon fhostaí eile a n-athraíonn a luach saothair maidir leis an méid oibre a dhéanann sé, measfar gurb é a ghnáth-luach saothair seachtainiúil an méid a ríomhfar de réir fhomhír (ii).
(ii) Chun críocha fhomhír (i) ríomhfar gnáth-luach saothair seachtainiúil tríd an luach saothair a bheidh le cur i gcuntas de réir fhomhír (iii) a roinnt ar an uimhir uair a chloig a dhéanfar amach de réir fhomhír (vi) agus an ráta san uair a chloig a gheofar dá thoradh sin a iolrú ar na gnáth-uaire a chloig oibre sa tseachtain de chuid an oibrí lena mbaineann ar an dáta a dearbhaíodh é a bheith iomarcach.
(iii) Is é an luach saothair a bheidh le cur i gcuntas chun críocha fhomhír (ii) an luach saothair iomlán a íocadh leis an bhfostaí lena mbaineann in aghaidh na n-uaire a chloig go léir a oibríodh sa tréimhse 26 sheachtain a chríochnaigh 13 sheachtain roimh an dáta ar ar dearbhaíodh an fostaí a bheith iomarcach, arna choigeartú i leith aon athruithe ar na rátaí pá a tháinig i ngníomh i rith na tréimhse 13 sheachtain dar chríoch an dáta ar ar dearbhaíodh an fostaí a bheith iomarcach.
(iv) Chun críocha fhomhír (iii), féadfar seachtainí a oibríodh le fostóirí éagsúla a chur i gcuntas mura ndearna an t-athrú fostóra difear d'fhostaíocht leanúnach an fhostaí mar a fhoráiltear le míreanna 4 go 6.
(v) Chun críocha fhomhír (iii), déanfar neamhshuim d'aon seachtain nach raibh an fostaí ag obair agus déanfar an tseachtain is déanaí roimh an tréimhse 26 sheachtain a luaitear i bhfomhír (iii) a chur i gcuntas in ionad na seachtaine nach raibh an fostaí ag obair.
(vi) Is í an uimhir uaire a chloig a bheidh le cur i gcuntas chun críocha fhomhír (ii) an uimhir iomlán uaire a chloig a oibríodh sa tréimhse 26 sheachtain a luaitear i bhfomhír (iii).
17. I gcás ina bhfaigheann fostaí luach saothair breise as cuid is mó ná uimhir shocraithe uaire a chloig a oibriú, measfar, chun críocha mhíreanna 13 agus 16 (ii) gurb í an uimhir shocraithe sin a ghnáth-uaire a chloig oibre sa tseachtain, mura gceanglaíonn a chonradh fostaíochta air cuid is mó ná an uimhir shocraithe sin uaire a chloig a oibriú, agus sa chás sin is déanaí a luaitear measfar gurb í an uimhir is mó uaire a chloig a cheanglaítear lena chonradh a ghnáth-uaire a chloig oibre sa tseachtain.
18. I gcás ina gcáileoidh fostaí, seachtain áirithe, le haghaidh íocaíochta bónais, pá-liúntais nó coimisiúin a bhainfidh le cuid is mó ná an obair a rinneadh an tseachtain sin féadfar an chuid iomchuí den íocaíocht a chur i gcuntas faoi mhíreanna 13 agus 16 (iii).
19. Aon fhostaí atá ar ghnáth-fhostú ar sealaíocht agus a n-athraíonn a luach saothair maidir leis an seal áirithe a oibríonn sé, agus aon fhostaí a n-athraíonn a luach saothair in aghaidh a ghnáth-uimhir uaire a chloig oibre maidir leis an lá den tseachtain nó na tráthanna den lá nó den oíche ar cuid de nó di na huaire a chloig sin, measfar gur fostaí a íoctar go hiomlán nó go páirteach de réir tascrátaí gach fostaí acu.
20. Chun críocha an Sceidil seo, i gcás fostaí nach bhfuil aon ghnáth-uaire a chloig oibre aige, measfar gurb é a ghnáth-luach saothair seachtainiúil an meán-luach saothair seachtainiúil, lena n-áirítear aon bhónas, pá-liúntas nó coimisiún, a fuair an fostaí lena mbaineann thar an tréimhse 52 sheachtain a bhí sé ag obair iarbhír díreach roimh an dáta ar ar dearbhaíodh é a bheith iomarcach.
21. Measfar chun críocha an Sceidil seo gurb é an dáta ar ar dearbhaíodh fostaí a bheith iomarcach an dáta ar ar tugadh fógra i dtaobh an bhriste bheartaithe don fhostaí de réir alt 17 nó, i gcás ina n-éileofar íocaíocht iomarcaíochta de réir alt 12, an chéad lá den sraith seachtainí asleagain nó gearr-ama dá dtagraítear in alt 7 (3).
22. I gcás ina mbeidh luach saothair nó íocaíochtaí eile le cur i gcuntas, faoin Sceideal seo, in aghaidh tréimhse nach tréimhse ar aon-tráth leis na tréimhsí arb ina n-aghaidh a ríomhtar an luach saothair nó na híocaíochtaí eile, cionroinnfear mar is cóir cuid den luach saothair nó de na híocaíochtaí eile.
23. Chun críocha mhíreanna 13 agus 16, ní chuirfear i gcuntas aon suimeanna a íocadh le fostaí ar mhodh caiteachais a shlánú a thabhaigh sé le riachtanas ag comhlíonadh dualgas a fhostaíochta go cuí.
Ilghnéitheach
24. Sa Sceideal seo—
ciallaíonn “préimh bhreis-ama” an chuid sin de luach saothair a íoctar de bhreis ar na gnáth-rátaí agus a íoctar amhlaidh in aghaidh uaire a chloig a oibrítear de bhreis ar ghnáth-uaire oibre;
tá le “stailc” agus “frithdhúnadh” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 6.