Uimhir 30 de 1964.
AN tACHT IOMPAIR, 1964
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950;
ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Iompair, 1958;
ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.
Dualgas ginearálta an Bhoird.
2.—(1) Is é dualgas an Bhoird a ghnóthas a stiúradh ar chuma go dtarlóidh, tar éis an deontas is iníoctha leis an mBord faoi alt 6 den Acht seo a chur i gcuntas, nach mbeidh caiteachas oibríochta an Bhoird, lena n-áirítear na muirir uile is inchurtha go cuí i leith ioncaim, níos mó, agus na blianta a thógáil le chéile, ná ioncam an Bhoird.
(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhorchuireann ar an mBord, go díreach ná go neamhdhíreach, aon chineál dualgais nó dliteanais is inchurtha i bhfeidhm le himeachtaí os comhair aon chúirte nach mbeadh an Bord faoina réir lasmuigh de sin.
Srian le caiteachas caipitiúil ag an mBord.
3.—Ní rachaidh an Bord faoi aon chaiteachas is inmhuirir go cuí ar chaipiteal mura deimhin leis go bhfuil an caiteachas riachtanach chun a ghnóthas a oibriú go héifeachtúil nó chun a chumasú dó an dualgas ginearálta a fhorchuirtear air le fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1958 a chur i gcrích nó go mbeidh an tionscadal ar ina leith a bheartaítear dul faoin gcaiteachas sochrach don Bhord.
Airleacain don Bhord ón Aire Airgeadais chun críocha caipitiúla.
4.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna is cuí leis (nach mó san iomlán ná sé mhilliún punt) a airleacan chun an Bhoird ó am go ham i leith costas íoctha caiteachais faoina ndeachaigh an Bord agus is inmhuirir go cuí ar chaipiteal.
(2) Is ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire Airgeadais maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile, a thabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo.
(3) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh an Bord ag aisíoc airleacain faoin alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.
(4) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.
(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a bheidh ag teastáil chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(6) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus na gcaiteachas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
An Bord d'fháil airgid ar iasacht ón Aire Airgeadais chun críocha caipitiúla.
5.—Féadfaidh an Bord ó am go ham suimeanna a fháil ar iasacht ón Aire Airgeadais a theastóidh uaidh chun caiteachas faoina rachaidh sé a ghlanadh ar caiteachas é is inmhuirir go cuí ar chaipiteal agus nach dtoirmisctear de bhua alt 3 den Acht seo.
Deontas bliantúil don Bhord.
6.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh an tAire i mbliain airgeadais an Bhoird dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1964, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin ag an mBord, deontas dhá mhilliún punt a thabhairt don Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, i mbliain airgeadais an Bhoird dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1969, agus i ngach cúigiú bliain airgeadais ina dhiaidh sin ag an mBord, méid an deontais is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo a athrú le hordú.
(3) Déanfaidh an Bord, as gach deontas a thabharfar dó faoin alt seo, an t-ús agus na muirir fiachmhúchta ar stoc iompair an Bhoird a íoc agus féadfaidh sé iarmhéid an deontais a úsáid chun críocha a ghnóthais i cibé slí is oiriúnach leis.
(4) Ní oibreoidh aon ní i bhfo-alt (3) den alt seo chun difear a dhéanamh don oibleagáid, ná laghdú a dhéanamh ar an oibleagáid, a fhorchuirtear le fo-alt (3) d'alt 30 d'Acht 1950 chun na suimeanna go léir a bheidh ag teastáil ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha faoi aon ráthaíocht a bheidh tugtha aige faoin alt sin a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
(5) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Airleacain inaisíoctha £1,000,000 don Bhord a áireamh mar dheontas neamh-inaisíoctha.
1963, Uimh 17.
7.—Áireofar mar dheontas neamh-inaisíoctha ón 1ú lá d'Aibreán, 1964, suim milliún punt, is é sin, an méid a d'airleac an tAire Airgeadais don Bhord roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1964, a dúradh, faoi alt 13 den Acht Iompair, 1963.
Cumhachtaí an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.
8.—Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) (a chuireann teorainn le hiasachtaí áirithe chun críocha caipitiúla) d'alt 28 d'Acht 1950 trí “dhá mhilliún déag punt” a chur in ionad “cúig mhilliún déag punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Iompair, 1963).
Cúiteamh d'fhostaithe an Bhoird nó Óstlanna Iompair Éireann i gcás a ndífhostaithe nó a n-aistrithe.
9.—(1) San alt seo ciallaíonn “an Chuideachta” Óstlanna Iompair Éireann Teoranta.
(2) Uair ar bith a scaoil nó a scaoilfidh an Bord nó an Chuideachta, ar an 1ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis sin, le seirbhísí oifigigh nó seirbhísigh don Bhord nó don Chuideachta, de réir mar a bheidh, nó a d'aistrigh nó a aistreoidh an Bord nó an Chuideachta é go dtí post eile i seirbhís an chéanna, agus sin go díreach mar gheall ar go ndearna an Bord an 1ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis, scor d'aon seirbhís iompair d'iarnród nó d'uiscebhealach intíre a chur ar fáil nó buanlaghdú ar an gcéanna, nó mar gheall ar chumhacht díosail a chur in ionad cumhachta gaile nó mar gheall ar ordú a dhéanamh faoi alt 9 d'Acht 1958 maidir le crosaire comhréidh sonraithe, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo.
(3) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le duine ba oifigeach nó seirbhíseach don Bhord (lena n-áirítear oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht faoi alt 14 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958) nó ba oifigeach nó seirbhíseach don Chuideachta lena mbaineann forálacha mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht Iompair, 1963, agus a bhí, ar dháta a dhífhostaithe nó a aistrithe, ar fostú i gcáil bhuan nó a bhí, lasmuigh de chorrbhearna fostaíochta, ar fostú ag an mBord nó ag an gCuideachta nó go páirteach ag ceann acu agus go páirteach ag an gceann eile acu ar feadh iomlán na dtrí bliana roimhe sin.
(4) Má scaoileann an Bord nó an Chuideachta le seirbhísí duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, íocfaidh an Bord nó an Chuideachta, cibé acu é, cúiteamh leis arna ríomh de réir an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1958, agus chun críche an ríofa sin, nuair a bheifear ag forléiriú an Dara Sceideal sin, measfar an mhír atá leagtha amach i bhfo-alt (3) d'alt 17 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, a dúradh, a bheith sa Sceideal sin.
(5) Má dhéanann an Bord nó an Chuideachta duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a aistriú go dtí post eile agus go ndéanfaidh sin dochar dó ina choinníollacha seirbhíse, de réir bhrí alt 37 d'Acht 1950, mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don Bhord nó don Chuideachta, déanfaidh an Bord nó an Chuideachta, cibé acu é, cúiteamh a íoc leis ina chnapshuim de mhéid réasúnach.
(6) Chun aon chúiteamh is iníoctha le duine ag an gCuideachta faoi fho-alt (4) den alt seo a ríomh—
(a) measfar gur fostaíocht ag an mBord, fostaíocht an duine ag an gCuideachta, agus
(b) forléireofar mar thagairtí don Chuideachta na tagairtí don Bhord atá i mír 4 (arna leasú leis an Acht seo) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1950.
(7) Beidh feidhm ag ailt 41, 42 agus 43 d'Acht 1950 (ailt a bhaineann le cinneadh cúitimh faoin Acht sin) maidir le cúiteamh faoin alt seo agus i gcás cúitimh is iníoctha ag an gCuideachta forléireofar mar thagairtí don Chuideachta na tagairtí sna hailt sin don Bhord.
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1950.
10.—Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1950—
(a) trí “nó faoi aon scéim nó comhshocraíocht arb é an Bord go díreach nó go neamhdhíreach a íocann an costas go léir nó cuid den chostas a bhaineann leis an gcéanna”, a chur isteach i mír 4 i ndiaidh “ranníoc leis”, agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (4):
“5. Má tá duine cheana féin ag fáil cúitimh arna ríomh mar atá leagtha amach sa Sceideal seo—
(a) ní bheidh an tseirbhís a áirítear mar sheirbhís inphinsin chun an cúiteamh sin a ríomh le háireamh mar sheirbhís inphinsin chun aon chúiteamh eile a ríomh mar atá leagtha amach sa Sceideal seo, agus
(b) ní rachaidh comhiomlán an chúitimh chéadluaite agus aon chúitimh eile (gan aon chúiteamh a íocfar faoi mhír 2 den Sceideal seo a áireamh) thar an méid cúitimh a mbeadh sé ina theideal dá mba rud é go raibh sé bunaithe ar comhiomlán a thréimhsí seirbhíse inphinsin agus dá mba nár áiríodh an tseirbhís ar íocadh cúiteamh (má íocadh) ina leith faoi mhír 2 den Sceideal seo.”
Forbairt talún ag an mBord.
11.—(1) Beidh cumhacht ag an mBord a chuid talún a fhorbairt é féin nó i dteannta duine eile i cibé slí is oiriúnach leis.
(2) Féadfaidh an Bord, go sonrach—
(a) aon chuid dá thalamh nach bhfuil ag teastáil uaidh le haghaidh comhlíonadh a dhualgais a choinneáil agus í a fhorbairt le haghaidh úsáide ag daoine eile, agus
(b) i gcás inar féidir a chuid talún a úsáid chun críocha eile i dteannta í a úsáid le haghaidh comhlíonadh a dhualgas, an talamh a fhorbairt trí fhoirgnimh a dhéanamh nó a oiriúnú lena n-úsáid go hiomlán nó go páirteach ag daoine eile,
d'fhonn aon cheart nó leas sa talamh nó in aon chuid den talamh a dhíol, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile tar éis an fhorbairt a bheith déanta.
Leasú ar alt 35 d'Acht 1950.
12.—Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1950 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) (a) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, is trí chomórtais oscailte de réir rialacha a dhéanfaidh an Bord a rachfar isteach sna gráid chléireachais de sheirbhís an Bhoird.
(b) Gach comórtas oscailte a chuirfear ar siúl de bhun an fho-ailt seo, beidh sé, faoi réir mhír (g) den fho-alt seo, ar oscailt do na daoine uile a mbeidh gnáthchónaí orthu laistigh de na críocha náisiúnta nó is saoránaigh Éireannacha nó is daoine clainne le saoránaigh Éireannacha agus a íocfaidh na táillí (más ann) agus ag a mbeidh na cáilíochtaí (más ann) maidir le haois, sláinte, carachtar agus oideachas a fhorordófar leis na rialacha a bhainfidh leis an gcomórtas.
(c) Féadfaidh an Bord a fhoráil le rialacha speisialta go ndéanfar cibé cionúireacht a cheadóidh an tAire de na folúntais sna gráid chléireachais dá sheirbhís a líonadh trí chomórtais theoranta agus, i gcás comórtas a theorannú amhlaidh, ní ligfear isteach ar an gcomórtas ach daoine atá nó a bhí ar fostú ag cuideachta dhíscaoilte de réir bhrí Acht 1944, ag gnóthaire díscaoilte, ag an mBord nó ag aon ghnóthaire iompair eile a mbeifear tar éis a ghnóthas a dhílsiú don Bhord faoin Acht seo nó faoi aon Acht ina dhiaidh seo, nó daoine clainne le daoine den sórt sin.
(d) Is é a bheidh i gcomórtas cibé ceann nó cinn de na cineálacha tástála seo a leanas a shonróidh an Bord sna rialacha a bhainfidh leis an gcomórtas, eadhon:
(i) scrúdú scríofa;
(ii) scrúdú béil;
(iii) agallamh;
(iv) aon tástáil nó tástálacha eile a mheasfaidh an Bord is iomchuí.
(e) Beidh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach i ngach scrúdú faoin bhfo-alt seo.
(f) Má bhíonn i gcomórtas faoin bhfo-alt seo níos mó ná ceann amháin de na cineálacha tástála a shonraítear i mír (d) den fho-alt seo, ní gá thar tástáil amháin acu a bheith ina tástáil chomórtais.
(g) Ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo maidir le foireann a ghlacadh isteach, le haghaidh fostaíochta i gcáil shealadach, sna gráid chléireachais de sheirbhís an Bhoird.
(h) Féadfaidh an Bord, le rialacha, aon rialacha a bheidh déanta aige faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear an mhír seo, a leasú nó a chúlghairm.”
Toscairí chuig Coiste an Tí Imréitigh.
1860, c. xxix.
13.—D'ainneoin aon ní in alt 5 den Clearing Act (Ireland), 1860, féadfaidh an Bord, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt sin, duine nach comhalta den Bhord a cheapadh, tráth ar bith, más oiriúnach leis é, ina thoscaire chuig Coiste Theach Imréitigh Iarnród na hÉireann.
Stiúrthóirí an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company.
1898, c. cclii.
14.—D'ainneoin aon ní in alt 89 den Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Act, 1898, féadfaidh an Bord, i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin alt sin, daoine nach comhaltaí den Bhord a ainmniú, tráth ar bith, más oiriúnach leis é, ina stiúrthóirí ar an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company.
Caiteachais.
15.—Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
16.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal.
17.—Féadfar an tAcht Iompair, 1964, a ghairm den Acht seo.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear.
Bliain agus Uimhir | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
Fo-alt (2) d'alt 7 agus fo-alt (6) d'alt 14. | ||
Alt 13. |