Uimhir 9 de 1987
AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1987
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Alliance and Dublin Consumers' Gas Acts, 1866 go 1909 | |
Na hAchtanna Gáis, 1976 go 1982 |
Uimhir 9 de 1987
AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1987
[An tiontú oifigiúil]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Gháis Bhaile Átha Cliath;
folaíonn “feidhmeanna”, cumhachtaí, dualgais, cearta agus oibleagáidí agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí, dualgais, cearta agus oibleagáidí, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus na gceart agus do chomhall na ndualgas agus na n-oibleagáidí;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Gáis, 1976.
Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord i ndáil le gás a sholáthar, a tharchur, a dháileadh agus a dhíol, etc.
2.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú na feidhmeanna seo a leanas a thabhairt don Bhord—
(a) feidhmeanna ar comhréir leis na feidhmeanna, nó le cibé de na feidhmeanna a mheasfaidh an tAire a bheith cuí, a thugtar don Chuideachta leis an Alliance and Dublin Gas Acts, 1866 go 1909, i ndáil le gás a sholáthar, a tharchur, a dháileadh agus a dhíol agus píblínte a chur ar fáil, a chothabháil, a dheisiú agus a athshuíomh chun na gcríoch sin agus fearais gháis a dhíol, a fhruiliú, a ligean ar léas, a chur ar fáil trí fhruilcheannach nó trí dhíol creidmheasa, a shuiteáil, a dheisiú agus a chothabháil,
(b) aon fheidhmeanna atá, i dtuairim an Aire, teagmhasach nó coimhdeach i ndáil le haon fheidhmeanna a thugtar don Bhord faoi mhír (a) den fho-alt seo nó atá, i dtuairim an Aire, riachtanach nó tairbhiúil i ndáil le comhlíonadh aon fheidhmeanna den sórt sin ag an mBord, nó a urasaíonn an comhlíonadh sin, agus
(c) aon fheidhmeanna is gá nó is fóirsteanach, i dtuairim an Aire, d'fhonn a chinntiú go ndéanfar sábháilteacht an phobail agus sábháilteacht maoine a áirithiú, a mhéid is féidir, nuair a bheidh na feidhmeanna a thugtar don Bhord faoi mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo á gcomhlíonadh aige.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh ordú faoin bhfo-alt sin cumhacht a thabhairt don Bhord, agus do chomhaltaí d'fhoireann an Bhoird arna n-údarú go cuí ag an mBord chuige sin, dul isteach in aon áitreabh agus é a iniúchadh agus cibé bearta a ghlacadh ansin a mheasfaidh siad a bheith cuí (lena n-áirítear daoine a gheofar san áitreabh sin a aslonnú) d'fhonn a chinntiú go ndéanfar sábháilteacht an phobail agus sábháilteacht maoine a áirithiú, a mhéid is féidir, nuair a bheidh na feidhmeanna a thugtar don Bhord faoi mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt sin (1) á gcomhlíonadh aige.
(3) Foilseoidh an Bord gach bliain cuntais iniúchta ar leith d'oibríocht Chuideachta Gháis Bhaile Átha Cliath a thaispeánfaidh staid airgeadais iomlán na cuideachta, lena n-áirítear sonraí maidir leis an gconradh chun gás a cheannach agus tuairisc ghinearálta ar na taraifí chun gás a dhíol le custaiméirí.
(4) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh cibé ábhair theagmhasacha nó choimhdeacha a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó fóirsteanach agus féadfaidh foráil a bheith san ordú gur cionta is inphionóis, ar chiontú achomhair, le cibé pionóis a bheidh sonraithe san ordú agus a fhorchuirfidh an chúirt, bac nó treampán a chur ar an mBord nó ar chomhaltaí dá fhoireann le linn dóibh a bhfeidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh nó mainniú nó diúltú déanamh de réir ordachán a thabharfaidh an Bord nó comhaltaí dá fhoireann le linn dóibh a bhfeidhmeanna faoi mhír (c) den fho-alt sin a chomhlíonadh.
(5) Ní fhéadfar feidhmeanna a thugtar don Bhord le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh ach amháin i cibé limistéir a bheidh sonraithe san ordú agus féadfaidh ordú den sórt sin feidhmeanna éagsúla i ndáil le limistéir éagsúla a thabhairt don Bhord.
(6) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus d'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag alt 8 (7) den Phríomh-Acht maidir le píblíne a dhéanamh de bhun agus de réir feidhme a thugtar don Bhord faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le píblíne a dhéanamh de bhun agus de réir feidhme a thugtar don Bhord leis an Acht sin.
(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a dhearbhú le fógra i scríbhinn arna sheachadadh ar an mBord nach mbeidh feidhm ag an alt sin 8 (7) maidir le píblínte nó píblínte sonraithe nó aicmí píblínte a dhéanamh de bhun agus de réir feidhme a thugtar don Bhord faoin bhfo-alt sin (1) i limistéar ina bhféadfar feidhmeanna a thugtar le hordú faoin bhfo-alt sin (1) a chomhlíonadh, nó i gcuid shonraithe den limistéar sin agus, cibé uair a bheidh fógra faoin mír seo i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag an alt sin 8 (7) i ndáil le píblínte, nó na píblínte nó na haicmí píblínte sin a shonraítear san fhógra, a dhéanamh sa limistéar a shonraítear san fhógra.
(c) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé coinníollacha (más ann) a mheasfaidh sé is inmhianaithe i ndáil le déanamh, cothabháil, deisiú nó athshuíomh na bpíblínte nó na n-aicmí píblínte lena mbaineann fógra faoi mhír (b) den fho-alt seo a shonrú san fhógra agus déanfaidh an Bord de réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe amhlaidh.
(d) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, trí fhógra i scríbhinn a sheachadadh ar an mBord, fógra faoin bhfo-alt seo (lena n-áirítear fógra faoin mír seo) a leasú nó a chúlghairm.
(7) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin bhfo-alt seo, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.
(8) Déanfar ordú faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):
“(7) Ní onnmhaireoidh an Bord gás ná ní dhéanfaidh sé píblíne ach amháin de bhun agus de réir toiliú ón Aire faoin bhfo-alt seo le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus déanfaidh an tAire, más oiriúnach leis, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, nuair a bheidh toiliú den sórt sin á thabhairt aige, coinníollacha a chur ag gabháil leis an toiliú agus i dteannta an méid sin roimhe seo, i gcás go mbainfidh an toiliú le gás a onnmhairiú, is tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, agus ansin amháin, a thabharfar an toiliú.”.
Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht.
4.—(1) Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):
“(7A) San alt seo—
folaíonn ‘oifigigh agus seirbhísigh don Bhord’ agus ‘oifigeach nó seirbhíseach don Bhord’ daoine ar oifigigh nó seirbhísigh iad, nó a bhí tráth ar bith ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh, do Chuideachta Gháis Bhaile Átha Cliath, do chuideachta ar fochuideachta í, nó a bhí tráth ar bith ina fochuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963) de chuid Chuideachta Gháis Bhaile Átha Cliath nó do chuideachta a bhfaighidh an Bord a cuid sócmhainní tráth ar bith;
folaíonn ‘ar scor nó ar éag’ maidir le scor nó éag agus folaíonn ‘ar éirí as, scor nó éag’ maidir leis an éirí-as, leis an scor nó leis an éag.”.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.
5.—Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht trí “£170,000,000” a chur in ionad “£80,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1982) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo:
AN TÁBLA |
“(2) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo nó comhiomlán na n-iasachtaí sin agus aon airleacain faoi alt 22 den Acht seo, agus a bheidh gan aisíoc, thar £170,000,000 aon tráth áirithe.”. |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
6.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an Airteagal seo a leanas a chur in ionad Airteagal 2:
“2. Is iad a bheidh ar an mBord cathaoirleach agus cibé líon comhaltaí eile, nach mó ná 8, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.”.
An Chuideachta d'fhuascailt a stoc bintiúir.
7.—Féadfaidh an Chuideachta aon stoc bintiúir a d'eisigh sí roimh dháta an Achta seo a fhuascailt agus a chealú agus féadfar an fhuascailt sin a dhéanamh tríd an gCuideachta do sheoladh le gnáthphostas réamhíoctha chuig gach sealbhóir ar stoc den sórt sin, ag an seoladh de chuid an tsealbhóra sin a shonraítear i gclár shealbhóirí na stoc a choimeádann an chuideachta, an méid a shonraítear sa deimhniú dá shealúchas a bheidh arna eisiúint ag an gCuideachta mar aon le haon ús ar an gcéanna, de réir an ráta a shonraítear sa deimhniú, a d'fhaibhrigh suas go dtí dáta an tseolta sin agus nár íocadh roimhe sin agus, ar an seoladh sin a dhéanamh, scoirfidh an stoc de bheith ina mhuirear ar shócmhainní na Cuideachta.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
8.—(1) Féadfar an tAcht Gáis (Leasú), 1987, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Gáis, 1976 go 1982, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Gáis, 1976 go 1987, a ghairm díobh le chéile.