Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 17 de 1962.
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1962.
[An tiontú oifigiúil.]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;
ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialiagh, 1952;
ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960;
ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Leasa shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961.
Rátaí pinsean seanaoise.
2.—(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2):
“AN TABLA.
An Ráta Pinsin.
Acmhainn an Eilitheora nó an Phinsinéara | An ráta pinsin sa tseachtain | ||||
Má tá acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí— | s. | d. | |||
gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. ... ... ... ... | 32 | 6 | |||
níos mó ná | £52 10s. 0d. | gan bheith níos mó ná | £65 10s 0d. | 27 | 6 |
,, ,, ,, | £65 10s. 0d. | ,, ,, ,, ,, ,, | £78 10s. 0d. | 22 | 6 |
,, ,, ,, | £78 10s. 0d. | ,, ,, ,, ,, ,, | £104 15s. 0d. | 17 | 6 |
,, ,, ,, | £104 15s. 0d. | ,, ,, ,, ,, ,, | £117 15s. 0d. | 12 | 6 |
,, ,, ,, | £117 15s. 0d. | ,, ,, ,, ,, ,, | £130 15s. 0d. | 7 | 6 |
,, ,, ,, | £130 15s. 0d. | ... ... ... ... ... | Neamhní |
”
(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924, trí “céad agus tríocha punt” a chur in ionad “céad agus ceithre puint” (a cuireadh isteach le hAcht 1952).
(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Rátaí cúnaimh dífhostaíochta.
3.—(1) In Acht 1933, déanfar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad a Sceidil a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1961:
“AN SCEIDEAL.
Rátaí Cúnaimh Dífhostaíochta.
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo | An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach | An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile |
Sa tseachtain | Sa tseachtain | |
Duine gan chleithiúnaí ... | 24s. 0d. | 18s. 0d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe ... ... | 42s. 6d. | 34s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin ... | 52s. 6d. | 44s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh | ||
chleithiúnacha nó níos mó | 62s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 54s. 6d. móide má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt |
Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin ... | 34s. 0d. | 28s. 0d. |
Duine ag a bhfuil beirt | ||
leanbh chleithiúnacha nó níos mó ... ... ... | 44s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 38s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
”
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach).
4.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935, trí—
(a) na míreanna seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):
“(b) i gcás gan acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag, de réir an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus i gcás acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag—
(i) má tá triúr leanbh cáilithe aici, agus gan a hacmhainn bhliantúil, arna ríomh go cui a bheith níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag, de réir ráta seachtainiúil sé scilling, agus,
(ii) má tá níos mó ná triúr leanbh cáilithe aici de réir an ráta seachtainiúil ab iníoctha dá mbeadh a hacmhainn bhliantúil arna ríomh go cuí níos mó ná céad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag ach gan bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag, lúide cúig scilling i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá san acmhainn bhliantúil sin de bhreis ar chéad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag agus pingin ar choinníoll, má bhíonn an ráta seachtainiúil, arna ríomh de réir na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean, mura mbeadh an coinníoll seo, níos lú ná sé scilling, nach mbeidh an pinsean iníoctha,
(c) i mír (b) den fho-alt seo ciallaíonn ‘leanaí cáilithe’ maidir le baintreach leanaí cáilithe atá ina gcónaí go rialta leis an mbaintreach agus—
(i) a chónaíodh go rialta léi nó leis an bhfearchéile díreach roimh bhás an fhearchéile, nó
(ii) más leanaí nó leas-leanaí leis an bhfearchéile iad a tháinig chun bheith ina gcónaí go rialta léi tar éis bás an fhearchéile.”
agus
(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B:—
“TABLA B.
Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach).
Rátaí Seachtainiúla | |||||||
Acmhainn na Baintrí | Baintreach, gan aon leanbh cáilithe | Baintreach, leanbh cáilithe amháin | Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí— | s. | d. | s. | d. | s. | d. | |
gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. ... ... | 31 | 0 | 41 | 0 | 51 | 0 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt. |
níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d. ... ... | 26 | 0 | 36 | 0 | 46 | 0 | |
níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d. ... ... | 21 | 0 | 31 | 0 | 41 | 0 | |
níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d. ... ... | 16 | 0 | 26 | 0 | 36 | 0 | |
níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d. ... ... | 11 | 0 | 21 | 0 | 31 | 0 | |
níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d. ... ... | 6 | 0 | 16 | 0 | 26 | 0 | |
níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d. ... ... | Neamhní | 11 | 0 | 21 | 0 | ||
níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d. ... ... | Neamhní | 6 | 0 | 16 | 0 | ||
níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d. ... ... | Neamhní | Neamhní | 11 | 0 | |||
níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £182 15s. 0d. ... ... | Neamhní | Neamhní | 6 | 0 |
”
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Leasú ar alt 10 d'Acht 1933.
5.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1933 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1961) d'fho-alt (3), eadhon:
“(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir an Achta seo, níos mó ná méid sa bhliain is ionann agus an méid seo a leanas faoi chaoga a dó—
(i) méid an ráta sceidealta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus a chónaíonn i limistéar uirbeach, agus
(ii) i gcás ina bhfuil leanbh cleithiúnach nó leanaí cleithiúnacha aige, an méid den ráta sceidealta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann leis an duine is iníoctha i leith an linbh chleithiúnaigh nó na leanaí cleithiúnacha, de réir mar a bheidh;”.
(2) I gcás—
(a) duine a bheith, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta i bhfoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933, agus
(b) an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníollacha a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1933, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo,
beidh éifeacht ag an deimhniú, agus beidh aon chinneadh i leith an deimhnithe faoi réir a fhreaschurtha agus a athbhreithnithe sa tslí chéanna, ionann is dá mbeadh an deimhniú san fhoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933 a deir go dtiocfaidh siad i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Cúnamh dífhostaíochta le linn traenáil athinmheachain,
6.—(1) Ní mheasfar nár chomhlíon duine na coinníollacha atá i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1933 de bhíthin amháin go bhfuil sé ag déanamh cúrsa traenála athinmheachain atá curtha ar fáil ag eagras (is eagras a cheadaigh an tAire Sláinte chun an traenáil sin a chur ar fáil), bíodh nó ná bíodh an cúrsa sin ina chúrsa a bhfuil sé ag fáil liúntas traenála in airgead atá a íoc ina leith ag an eagras.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Leasú ar alt 13 d'Acht 1933.
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1933 trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh fomhír (ix) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960:
“(x) aon airgead a gheofar mar liúntas traenála ó eagras fad a bheifear faoi chúrsa traenála athinmheachain arna chur ar fáil ag an eagras (is eagras a bheidh ceadaithe ag an Aire Sláinte chun an traenáil sin a chur ar fáil),
(xi) aon airgead, ach amháin sa mhéid go mbeidh sé níos mó ná £104 sa bhliain, a gheobhaidh an duine sin nó céile an duine sin i leith obair den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir.”
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Leasú ar alt 22 d'Acht 1935.
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1935 trí “naoi mbliana agus tríocha” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1948) in ionad “ceathracha agus seacht mbliana”.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962, agus, i gcás inar scoir pinsean, roimh an dáta sin, de bhua an fho-alt sin (2) den alt sin 22, de bheith iníoctha le baintreach, agus go raibh naoi mbliana is tríocha agus sé mhí slánaithe ag an mbaintreach ar dháta an scortha sin, agus nach raibh ocht mbliana is daichead slánaithe aici ar an lú lá de Lúnasa, 1962, agus go mbeadh an pinsean sin, mura mbeadh an fo-alt sin (2), i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1962, beidh an pinsean iníoctha, faoi réir forálacha na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1961, amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1962, agus ón lá sin.
Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.
9.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952—
(a) trí “dhá scilling agus deich bpingin” a chur isteach in ionad “dhá scilling agus sé phingin” i mír (a) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960), agus
(b) trí “cúig scilling agus cúig phingin” a chur in ionad “ceithre scilling agus naoi bpingin” i mír (b) den fho-alt sin (2).
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1963.
Leasú ar alt 9 d'Acht 1952.
10.—(1) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1952 trid an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(2) Chun críocha an ailt seo measfar ranníocóir, cibé acu ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach é, a dhul faoi árachas tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú más rud é an tráth a shlánaigh sé an aois sin gur tháinig sé don chéad uair chun bheith ina ranníocóir fostaithe a bhfuil ranníocaí iníoctha ina leith atá ináirithe chun críocha na gcoinníollacha ranníoca le haghaidh pinsin seanaoise (ranníocach) agus nach raibh sé ina ranníocóir fostaithe faoi na hAchtanna Árachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, sular shlánaigh sé seasca bliain d'aois.”
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Méadú ar an sochar is iníoctha faoi alt 26 (3) d'Acht 1952.
11.—(1) In aon chás ina mbeidh sochar iníoctha faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'alt 26 d'Acht 1952, is cúig scilling is tríocha ráta seachtainiúil an tsochair sin.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Eanáir, 1963.
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
1956, I.R. Uimh. 236.
12.—(1) (a) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí—
(i) “5s. 3d.” a chur in ionad “4s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “4s. 2d.” a chur in ionad “3s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 1,
(ii) “5s. 3d.” a chur in ionad “4s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “4s. 11d.” a chur in ionad “4s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 1,
(iii) “3s. 0d.” a chur in ionad “2s. 6d.” (a cuireadh isteach sa dá fhomhír le hAcht 1960) i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 2,
(iv) “2s. 4d.” a chur in ionad “1s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 3 agus “3s. 1d.” a chur in ionad “2s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 3,
(v) “3s. 1d.” a chur in ionad “2s. 6d.” i bhfomhír (a) de mhír 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “3s. 10d.” a chur in ionad “3s. 3d.” i bhfomhír (b) den mhír sin 3A,
(vi) “1s. 5d.” a chur in ionad “1s. 3d.” (a cuireadh isteach sa dá fhomhír le hAcht 1960) i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír (4) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),
(vii) “1s. 5d.” a chur in ionad “1s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) de mhír 5 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),
(viii) “3s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 6 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),
(ix) “4s. 11d.” a chur in ionad “4s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 6,
(x) “3s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 7 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956), agus
(xi) “4s. 0d.” a chur in ionad “3s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 7.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1963.
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
13.—(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1960):
“CUID I.
Ratai Sochar Treimhsiula agus Ratai na Meaduithe Orthu.
An cineál sochair | Ráta Seachtainiúil | Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (má tá iníoctha) | Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (má tá iníoctha) | Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (má tá iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
scilling | scilling | scilling | scilling | |
1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta: | ||||
(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois— | ||||
(i) d'fhear, bean singil nó baintreach, bean phósta atá ina cónaí ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil óna fearchéile nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile ... | 37½ | 25 | 13 | 8 |
(ii) d'aon bhean phósta eile ... ... | 28½ | -- | -- | -- |
(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois— | ||||
má tá teideal ag an duine chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe ... | 37½ | 25 | 13 | 8 |
mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine ... ... | 28½ | -- | -- | -- |
2. Liúntas Máithreachais | 40 | -- | -- | -- |
3. Pinsean Baintrí (ranníocach): | ||||
má tá teideal ag an mbaintreach chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe ... ... | 40 | -- | 13 | 8 |
mura bhfuil teideal den sórt sin ag an mbaintreach ... | 37½ | -- | -- | -- |
4. Liúntas Dílleachta (ranníocach) ... | 25 | -- | -- | -- |
5. Pinsean Seanaoise (ranníocach) ... ... | 45 | 35 | -- | -- |
”
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta agus liúntas máithreachais faoi Acht 1952, i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1963, agus, a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (ranníocach), le liúntas dílleachta (ranníocach) agus le pinsean seanaoise (ranníocach) faoi Acht 1952, tiocfaidh sé i ngníomh an 4ú lá d'Eanáir, 1963.
Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
1960, Uimh. 58.
14.—(1) Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—
(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fomhír (j) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960) i mír (II) de Riail I:
“(k) i gcás duine nach duine dall, aon airgead, ach amháin a mhéid go mbeidh sé níos mó ná £52 sa bhliain, a gheobhaidh an duine i leith obair den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir.”
(b) trí “h agus k” a chur in ionad “agus (h)” i gclásail (i) agus (ii) (a cuireach isteadh le hAcht 1961) d'fhomhír (c) de mhír (1) de Riail 3.
(2) Tiocfaidh fomhír (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
15.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialiagh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin Seanaoise, 1908 go 1961, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1962, a ghairm díobh le chéile agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1961, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1962, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1961, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1962, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1961, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1962, a ghairm díobh le chéile.
Number 17 of 1962.
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1962.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Increase of benefit payable under section 26 (3) of Act of 1952. | |
SCHEDULE
Part I
Acts Referred to | |
1933, No. 46 | |
1935, No. 29 | |
1952, No. 11 | |
1960, No. 25 | |
1961, No. 22 | |
1924, No. 19 | |
1960, No. 28 | |
1948, No. 17 | |
Social Welfare (Modifications of Insurance) Regulations, 1956 | 1956, S.I. No. 236 |
Number 17 of 1962.
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1962.
Interpretation.
1.—In this Act—
“the Act of 1933” means the Unemployment Assistance Act, 1933;
“the Act of 1935” means the Pensions Act, 1935;
“the Act of 1952” means the Social Welfare Act, 1952;
“the Act of 1960” means the Social Welfare (Amendment) Act, 1960;
“the Act of 1961” means the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1961.
Rates of old age pensions.
2.—(1) Section 77 of the Act of 1952 is hereby amended by the substitution for the Table to subsection (2) of the following Table:
“TABLE.
Rate of Pension.
Means of Claimant or Pensioner | Rate of pension per week | ||||
s. | d. | ||||
Where the yearly means of the claimant or pensioner as duly calculated— | |||||
do not exceed £52 10s. 0d. | 32 | 6 | |||
exceed | £52 10s. 0d. | but do not exceed | £65 10s. 0d. | 27 | 6 |
” | £65 10s. 0d. | ” ” ” ” | £78 10s. 0d. | 22 | 6 |
” | £78 10s. 0d. | ” ” ” ” | £104 15s. 0d. | 17 | 6 |
” | £104 15s. 0d. | ” ” ” ” | £117 15s. 0d. | 12 | 6 |
” | £117 15s. 0d. | ” ” ” ” | £130 15s. 0d. | 7 | 6 |
” | £130 15s. 0d. | No pension |
”
(2) Section 8 of the Old Age Pensions Act, 1924, is hereby amended by the substitution in subsection (1) of “one hundred and thirty pounds” for “one hundred and four pounds” (inserted by the Act of 1952).
(3) Subsections (1) and (2) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Rates of unemployment assistance.
3.—(1) In the Act of 1933 for the Schedule thereto inserted by section 3 of the Act of 1961, there is hereby substituted the following:
“SCHEDULE.
Rates of Unemployment Assistance.
Classes of persons to whom the rates of unemployment assistance set out in this Schedule are applicable | Rate of unemployment assistance applicable to persons resident in any urban area | Rate of unemployment assistance applicable to persons resident in any other place |
per week | per week | |
Person without a dependant | 24s. 0d. | 18s. 0d. |
Person with an adult dependant | 42s. 6d. | 34s. 6d. |
Person with an adult dependant and one child dependant | 52s. 6d. | 44s. 6d. |
Person with an adult dependant and two or more child dependants | 62s. 6d. plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | 54s. 6d. plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. |
Person with one child dependant | 34s. 0d. | 28s. 0d. |
Person with two or more child dependants | 44s. 0d. plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | 38s. 0d. plus, where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. |
”
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Rates of widows (non-contributory) pensions.
4.—(1) Section 20 (inserted by the Act of 1952) of the Act of 1935 is hereby amended by—
(a) the substitution for paragraph (b) of subsection (1) of the following paragraphs:
“(b) where the yearly means of the widow as duly calculated do not exceed one hundred and eighty-two pounds and fifteen shillings, at the rate set forth in Table B to this subsection and, where the yearly means of the widow as duly calculated exceed one hundred and eighty-two pounds and fifteen shillings—
(i) if she has three qualified children and her yearly means as duly calculated do not exceed one hundred and ninety-five pounds and fifteen shillings, at the weekly rate of six shillings, and
(ii) if she has more than three qualified children, at the weekly rate which would be payable if her yearly means as duly calculated exceeded one hundred and sixty-nine pounds and fifteen shillings but did not exceed one hundred and eighty-two pounds and fifteen shillings, less five shillings for each amount (if any) of thirteen pounds by which the said yearly means exceed one hundred and sixty-nine pounds, fifteen shillings and one penny; provided that if the weekly rate, calculated pursuant to this paragraph, at which, but for this proviso, the pension would be payable is less than six shillings, the pension shall not be payable,
(c) in paragraph (b) of this subsection ‘qualified children’ in relation to a widow, means qualified children who normally reside with the widow and who—
(i) normally resided with her or the husband immediately before the death of the husband, or
(ii) being children or step-children of the husband, became normally resident with her subsequent to the death of the husband.”
and
(b) the substitution for Table B of the following Table:—
“TABLE B.
Weekly Rates of Widows' (Non-contributory) Pensions.
Weekly Rates | ||||||||
Means of Widow | Widow, no qualified child | Widow, one qualified child | Widow, two or more qualified children | |||||
(1) | (2) | (3) | (4) | |||||
Where the yearly means of the widow as duly calculated— | s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
do not exceed £52 10s. 0d. | 31 | 0 | 41 | 0 | 51 | 0 | } | Plus, where there are more than two qualified children, five shillings for each qualified child in excess of two. |
exceed £52 10s. 0d. but do not exceed £65 10s. 0d. | 26 | 0 | 36 | 0 | 46 | 0 | ||
exceed £65 10s. 0d. but do not exceed £78 10s. 0d. | 21 | 0 | 31 | 0 | 41 | 0 | ||
exceed £78 10s. 0d. but do not exceed £104 15s. 0d. | 16 | 0 | 26 | 0 | 36 | 0 | ||
exceed £104 15s. 0d. but do not exceed £117 15s. 0d. | 11 | 0 | 21 | 0 | 31 | 0 | ||
exceed £117 15s. 0d. but do not exceed £130 15s. 0d. | 6 | 0 | 16 | 0 | 26 | 0 | ||
exceed £130 15s. 0d. but do not exceed £143 15s. 0d. | No pension | 11 | 0 | 21 | 0 | |||
exceed £143 15s. 0d. but do not exceed £156 15s. 0d. | No pension | 6 | 0 | 16 | 0 | |||
exceed £156 15s. 0d. but do not exceed £169 15s. 0d. | No pension | No pension | 11 | 0 | ||||
exceed £169 15s. 0d. but do not exceed £182 15s. 0d. | No pension | No pension | 6 | 0 |
”
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Amendment of section 10 of Act of 1933.
5.—(1) Section 10 of the Act of 1933 is hereby amended by the substitution for paragraph (c) (inserted by the Act of 1961) of subsection (3) of the following paragraph, namely:
“(c) that his means, calculated in accordance with this Act, do not exceed an amount per annum equal to fifty-two times—
(i) the amount of the scheduled rate of unemployment assistance applicable to a person who has an adult dependant and is resident in an urban area, and
(ii) in case he has a child dependant or child dependants, so much of the scheduled rate of unemployment assistance applicable to the person as is payable in respect of the child dependant or child dependants, as the case may be;”.
(2) Where—
(a) immediately before the commencement of this subsection, a person is the holder of a qualification certificate in a form prescribed by regulations under subsection (1) of section 7 of the Act of 1933, and
(b) the person fulfils the conditions stated in subsection (3) of section 10 of the Act of 1933, as amended by subsection (1) of this section,
the certificate shall have effect, and any determination in relation to the certificate shall be subject to reversal and to revision in the like manner, as if the certificate were in the form prescribed by regulations under subsection (1) of section 7 of the Act of 1933 which are expressed to come into operation on the 1st day of August, 1962.
(3) Subsections (1) and (2) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Unemployment assistance during rehabilitation training.
6.—(1) A person shall not be deemed to have failed to comply with the conditions contained in paragraphs (a) and (b) of subsection (1) of section 15 of the Act of 1933 by reason only of the fact that he is undergoing a course of rehabilitation training provided by an organisation (being an organisation approved of by the Minister for Health for the purposes of the provision of such training) whether or not the course is a course in respect of which he is in receipt of a monetary training allowance paid by the organisation.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Amendment of section 13 of Act of 1933.
7.—(1) Section 13 of the Act of 1933 is hereby amended by the insertion in paragraph (b) of subsection (1) after subparagraph (ix) (inserted by the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1960) of the following subparagraphs:
“(x) any moneys received by way of training allowance from an organisation while undergoing a course of rehabilitation training provided by the organisation (being an organisation approved of by the Minister for Health for the purposes of the provision of such training),
(xi) any moneys, except so far as they exceed £104 per year, received by such person or by the spouse of such person in respect of work of the kind referred to in paragraph 7 of Part I of the First Schedule to the Social Welfare Act, 1952, under a scheme that is, in the opinion of the Minister, charitable in character and purpose.”
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Amendment of section 22 of Act of 1935.
8.—(1) Section 22 of the Act of 1935 is hereby amended by the substitution in paragraph (b) of subsection (2) (inserted by the Social Welfare Act, 1948) of “thirty-nine years” for “forty-seven years”.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962, and where a pension ceased, before that date, by virtue of the said subsection (2) of the said section 22, to be payable to a widow and the widow had attained the age of thirty-nine years and six months at the date of such cesser and had not attained the age of forty-eight years on the 1st day ofAugust, 1962, and such pension would, but for the said subsection (2), be in course of payment on the 1st day of August, 1962, the pension shall, subject to the provisions of the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1961, be payable as on and from the 1st day of August, 1962.
Amendment of section 6 of Act of 1952.
9.—(1) Section 6 of the Act of 1952 is hereby amended by—
(a) the substitution of “two shillings and tenpence” for “two shillings and sixpence” in paragraph (a) of subsection (2) (inserted by the Act of 1960), and
(b) the substitution of “five shillings and fivepence” for “four shillings and ninepence” in paragraph (b) of the said subsection (2).
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 7th day of January, 1963.
Amendment of section 9 of Act of 1952.
10.—(1) Section 9 of the Act of 1952 is hereby amended by the addition thereto of the following subsection:
“(2) For the purposes of this section the entry into insurance of a contributor, whether an employed contributor or a voluntary contributor, shall be deemed to have occurred after he had attained the age of sixty if after the time of such attainment he became for the first time an employed contributor in respect of whom contributions reckonable for the purposes of the contribution conditions for an old age (contributory) pension are payable and he had not been an employed contributor under the National Health Insurance Acts, 1911 to 1952, before attaining the age of sixty.”
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Increase of benefit payable under section 26 (3) of Act of 1952.
11.—(1) In any case where benefit is payable under subsection (3) (inserted by the Act of 1960) of section 26 of the Act of 1952, the weekly rate thereof shall be thirty-five shillings.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 4th day of January, 1963.
Amendment of Second Schedule to Act of 1952.
12.—(1) (a) The Second Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by—
(i) the substitution of “5s. 3d.” for “4s. 6d.” (inserted by the Act of 1960) and of “4s. 2d.” for “3s. 5d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (a) of paragraph 1,
(ii) the substitution of “5s. 3d.” for “4s. 6d.” (inserted by the Act of 1960) and of “4s. 11d.” for “4s. 2d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (b) of the said paragraph 1,
(iii) the substitution of “3s. 0d.” for “2s. 6d.” (inserted in both subparagraphs by the Act of 1960) in subparagraphs (a) and (b) of paragraph 2,
(iv) the substitution of “2s. 4d.” for “1s. 9d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (a) of paragraph 3 and of “3s. 1d.” for “2s. 6d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (b) of the said paragraph 3,
(v) the substitution of “3s. 1d.” for “2s. 6d.” in subparagraph (a) of paragraph 3A (inserted by the Act of 1960) and of “3s. 10d.” for “3s. 3d.” in subparagraph (b) of the said paragraph 3A,
(vi) the substitution of “1s. 5d.” for “1s. 3d.” (inserted in both subparagraphs by the Act of 1960) in subparagraphs (a) and (b) of paragraph 4 (inserted by the Regulations of 1956),
(vii) the substitution of “1s. 5d.” for “1s. 3d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (b) of paragraph 5 (inserted by the Regulations of 1956),
(viii) the substitution of “3s. 6d.” for “2s. 9d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (a) of paragraph 6 (inserted by the Regulations of 1956),
(ix) the substitution of “4s. 11d.” for “4s. 2d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (b) of the said paragraph 6,
(x) the substitution of “3s. 6d.” for “2s. 9d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (a) of paragraph 7 (inserted by the Regulations of 1956), and
(xi) the substitution of “4s. 0d.” for “3s. 3d.” (inserted by the Act of 1960) in subparagraph (b) of the said paragraph 7.
(b) In this subsection “the Regulations of 1956” means the Social Welfare (Modifications of Insurance) Regulations, 1956.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 7th day of January, 1963.
Amendment of Third Schedule to Act of 1952.
13.—(1) The Third Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by the substitution for Part I (inserted by the Act of 1960) of the following Part:
“PART I.
Rates of periodical benefits and of increases thereof.
Description of benefit | Weekly rate | Increase for adult dependant (where payable) | Increase for qualified child or for each of two qualified children (where payable) | Increase for each qualified child in excess of two (where payable) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) |
shillings | shillings | shillings | shillings | |
1. Disability Benefit and Unemployment Benefit: | ||||
(a) in the case of persons over the age of eighteen— | ||||
(i) for a man, single woman or widow, married woman living apart from and unable to obtain any financial assistance from her husband or married woman entitled to an increase for a qualified child or qualified children or for a husband | 37½ | 25 | 13 | 8 |
(ii) for any other married woman | 28½ | — | — | — |
(b) In the case of persons under the age of eighteen— | ||||
where the person is entitled to an increase for a qualified child or qualified children or for an adult dependant | 37½ | 25 | 13 | 8 |
where the person is not so entitled | 28½ | — | — | — |
2. Maternity Allowance | 40 | — | — | — |
3. Widow's (contributory) Pension: | ||||
where the widow is entitled to an increase for a qualified child or qualified children | 40 | — | 13 | 8 |
where the widow is not so entitled | 37½ | — | — | — |
4. Orphan's (contributory) Allowance | 25 | — | — | — |
5. Old Age (contributory) Pension | 45 | 35 | — | — |
”
(2) Subsection (1) of this section shall, in so far as it relates to disability benefit, unemployment benefit and maternity allowance under the Act of 1952, come into operation on the 7th day of January, 1963, and shall, in so far as it relates to widow's (contributory) pension, orphan's (contributory) allowance and old age (contributory) pension under the Act of 1952, come into operation on the 4th day of January, 1963.
Amendment of Seventh Schedule to Act of 1952.
14.—(1) The Seventh Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by—
(a) the insertion after subparagraph (j) (inserted by the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1960) in paragraph (II) of Rule I of the following subparagraph:
“(k) in the case of a person who is not a blind person, any moneys, except so far as they exceed £52 per year, received by the person in respect of work of the kind referred to in paragraph 7 of Part I of the First Schedule to this Act under a scheme that is, in the opinion of the Minister, charitable in character and purpose.”
(b) the substitution of “, (h) and (k)” for “and (h)” in clauses (i) and (ii) (inserted by the Act of 1961) of subparagraph (c) of paragraph (1) of Rule 3.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1962.
Short title, construction and collective citations.
15.—(1) This Act may be cited as the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1962.
(2) This Act, in so far as it amends and extends the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1961, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1962, and in so far as it amends and extends the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1961, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1962, and in so far as it amends and extends the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1961, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1962, and in so far as it amends and extends the Social Welfare Acts, 1952 to 1961, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Social Welfare Acts, 1952 to 1962.