Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 27 de 1960.
AN tACHT UM DHLÍNSE CHOIRIÚIL, 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1845, c. 107.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “foras athchuir” foras (seachas príosún) a bhfuil a úsáid chun críocha an Achta seo ceadaithe ag an Aire;
ciallaíonn “an Príomh-Ospidéal Meabhar-Ghalar” an Phríomh-Ghealtlann Choiriúil a bunaíodh de bhun an Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845;
tá le “ospidéal meabhair-ghalar ceantair” an bhrí a thugtar dó leis an Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
ciallaíonn “Foras Naomh Pádraig” an foras dá ngairtear agus ar a dtugtar Foras Naomh Pádraig agus atá ar an gCuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath.
Daoine a scaoileadh go sealadach as príosúin agus as Foras Naomh Pádraig.
2.—(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ina mbeidh foráil chun daoine a bheidh ag fulaingt pianbhreithe pianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneála i bhForas Naomh Pádraig a scaoileadh go sealadach faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfear (má fhorchuirtear) i ngach cás faoi leith.
(2) Déanfar rialacha faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacha a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialacha, beidh na rialacha ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacha.
Gealta coiriúla a scaoileadh go sealadach.
1881, c. 58.
3.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “gealt choiriúil” duine atá ar coinneáil in ospidéal ceantair meabhair-ghalar nó sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar faoi bharántas, ordú nó treoir ón Rialtas nó ón Aire nó faoi fhorálacha alt 91 den Army Act, 1881, nó an Acht Cosanta, 1954, agus, má sé ag fulaingt pianbhreithe pianseirbhíse nó príosúnachta nó coinneála i bhForas Naomh Pádraig, agus nach bhfuil a phianbhreith caite;
ciallaíonn “feighilteoir”—
(a) maidir le gealt choiriúil atá ar coinneáil in ospidéal meabhair-ghalar ceantair, príomh-dhochtúir cónaitheach an ospidéil sin, agus
(b) maidir le gealt choiriúil atá ar coinneáil sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, Lia Cónaitheach agus Rialtóir an ospidéil sin.
(2) Féadfaidh an feighilteoir, le toiliú an Aire, gealt choiriúil nach contúirt dó féin ná d'aon duine eile a scaoileadh go sealadach faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a fhorchuirfidh an feighilteoir le toiliú an Aire.
(3) (a) Féadfar toiliú an Aire le scaoileadh geilte coiriúla faoin alt seo a thabhairt maidir leis an ngeilt choiriúil sin a scaoileadh ar ócaid áirithe nó maidir lena scaoileadh ó am go ham i rith tréimhse sonraithe.
(b) Féadfaidh toiliú an Aire le forchur coinníollacha maidir le scaoileadh geilte coiriúla faoin alt seo baint a bheith aige le forchur coinníollacha maidir le scaoileadh na geilte coiriúla sin ar ócáid áirithe nó le forchur coinníollacha maidir le scaoileadh na geilte coiriúla sin ó am go ham i rith tréimhse sonraithe.
Coinníollacha maidir le scaoileadh sealadach.
4.—(1) I gcás ina gcuirfear coinníollacha ag gabháil le scaoileadh duine faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, cuirfear na coinníollacha in iúl trí fhógra i scríbhinn don duine an tráth a scaoilfear é.
(2) Aon duine a scaoilfear go sealadach faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo déanfaidh sé de réir aon choinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena scaoileadh.
Cumhacht chun ré phianbreithe a fhionraí in aghaidh tréimhse scaoilte shealadaigh.
5.—An phianbhreith a bheidh á fulaingt, má bhíonn, ag duine a scaoilfear go sealadach faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire, tráth an scaoilte nó aon tráth i rith nó tar éis tréimhse an scaoilte, í a fhionraí, más oiriúnach leis, in aghaidh na tréimhse go léir nó coda di.
Daoine a bheidh saor go neamhdhleathach.
6.—Aon duine a bheidh, de dhroim é a scaoileadh go sealadach faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, saor measfar é a bheith saor go neamhdhleathach—
(a) má bhíonn an tréimhse caite ar scaoileadh go sealadach é ina haghaidh, nó
(b) má bhítear tar éis coinníoll a cuireadh ag gabháil lena scaoileadh a bhriseadh.
(2) Beidh aon duine a bheidh saor go neamhdhleathach ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air.
(3) I gcás ina measfar, de dhroim coinníoll a shárú a cuireadh ag gabháil lena scaoileadh faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, duine a bheith saor go neamhdhleathach agus go ngabhfar é faoi alt 7 den Acht seo, measfar air sin an tréimhse ar scaoileadh ina haghaidh é go sealadach a bheith caite.
(4) Beidh ré phianbhreithe dhuine a bheidh saor go neamhdhleathach ar feadh aon tréimhse ar fionraí in aghaidh na tréimhse sin go léir.
Daoine a bheidh saor go neamhdhleathach a ghabháil.
7.—Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a mbeidh sé in amhras é a bheith saor go neamhdhleathach a ghabháil gan barántas agus féadfaidh sé an duine sin a thabhairt go dtí an áit a mbeidh ceangal ann de réir dlí é a choinneáil ann.
Méadú ar na cumhachtaí i ndáil le háiteanna coinneála gealt coiriúla.
1838, c. 27.
1875, c. 67.
1845, c. 107.
8.—(1) Aon bharántas faoi alt 2 nó alt 3 den Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838, nó faoi alt 13 den Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875, maidir le duine ar bith, féadfaidh sé, mar is rogha leis an Aire, a ordú an duine a aistriú go dtí an Phríomh-Ghealtlann Choiriúil nó go dtí aon ospidéal meabhair-ghalar ceantair agus, i gcás ina n-ordóidh an barántas amhlaidh, déanfar tagairtí san alt faoina mbeidh an barántas arna eisiúint do thearmann a fhorléiriú mar thagairtí don Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó don ospidéal meabhair-ghalar ceantair, de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht ag an alt dá réir sin.
(2) I gcás duine a bheith ar coinneáil faoin alt sin 2, faoin alt sin 3, faoin alt sin 13 nó faoi alt 12 den Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845, féadfaidh an tAire mar is rogha leis, le hordú faoin bhfo-alt seo, a ordú an duine sin a aistriú—
(a) más sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a bheidh sé ar coinneáil, go dtí ospidéal meabhair-ghalar ceantair, agus
(b) más in ospidéal meabhair-ghalar ceantair a bheidh sé ar coinneáil, go dtí an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó go dtí ospidéal meabhair-ghalar ceantair eile,
agus, i gcás ina n-aistreofar duine faoin bhfo-alt seo go dtí an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó go dtí ospidéal meabhairghalar ceantair, déanfar tagairtí san alt faoina mbeidh sé ar coinneáil do thearmann nó d'fhoras meabhair-ghalar nó d'ospidéal a fhorléiriú mar thagairtí don Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar nó don ospidéal meabhair-ghalar ceantair chun a n-aistreofar é, de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht ag an alt dá réir sin.
Daoine óga áirithe a athchur nó a chimiú, le triail nó pianbhreith a chur orthu, chun foras athchuir.
1914, c. 58.
9.—(1) I gcás ina dtugann reacht nó ionstraim arna déanamh faoi reacht cumhacht duine nach lú ná sé bliana déag agus nach mó ná bliain is fiche d'aois a athchur i gcoimeád nó a chimiú i gcoimeád lena thriail nó le pianbhreith a chur air, measfar go bhfuil ar an gcumhacht cumhacht an duine a athchur nó a chimiú i gcoimeád chun forais athchuir agus beidh éifeacht dá réir sin ag an reacht nó an ionstraim, de réir mar a bheidh.
(2) Chun críocha fo-alt (1) den alt seo, measfar gur cumhacht chun duine a chimiú i gcoiméad le pianbhreith a chur air an chumhacht a thugtar le halt 10 den Criminal Justice Administration Act, 1914, chun duine a chimiú chun príosúin.
(3) Ní choinneofar duine faoin alt seo ná faoi alt 10 den Acht seo i bhforas athchuir a sheoltar ar shlí seachas de réir chreidimh an duine sin.
Cumhacht an Aire chun duine a bheidh ar coinneáil faoi alt 9 a aistriú.
10.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus fho-alt (3) d'alt 9 den Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis é a dhéanamh, a ordú go ndéanfar duine a bheidh ar coinneáil faoi alt 9 den Acht seo nó faoin alt seo i bhforas athchuir a aistriú isteach, agus a choinneáil ar feadh na coda gan chaitheamh den tréimhse athchuir nó chimithe, de réir mar a bheidh, i bhforas athchuir eile, i bpríosún nó i bhForas Naomh Pádraig.
(2) Ní thabharfaidh an tAire ordú faoin alt seo maidir le duine, mura mbeidh sin iarrtha air ag an duine nó ag feighilteoir an fhorais ina mbeidh sé ar coinneáil.
(3) Nuair a thabharfar ordú faoin alt seo maidir le duine aistreofar é a luaithe is féidir go dtí an foras nó an príosún a shonrófar san ordú agus coinneofar ansin é ar feadh na coda gan chaitheamh den tréimhse ar athchuireadh nó ar cimíodh é ina haghaidh.
Coimeád dleathach daoine a bheidh ar coinneáil faoi ailt 9 agus 10.
11.—(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, measfar duine a bheidh ar coinneáil i bhforas athchuir de bhun alt 9 den Acht seo a bheith i gcoimeád dleathach an duine arb é de thuras na huaire feighilteoir an fhorais é ar feadh, agus go dtí deireadh, na tréimhse ar athchuireadh nó ar cimíodh é ina haghaidh, nó, más túisce a tharlóidh, go dtí go n-aistreofar é faoi alt 10 den Acht seo.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, measfar duine a aistreofar faoi alt 10 den Acht seo chun forais (is foras athchuir nó Foras Naomh Pádraig) nó chun príosúin a bheith i gcoimeád dleathach feighilteora an fhorais nó rialtóra an phríosúin, de réir mar a bheidh, ón am a aistreofar é go dtí deireadh na tréimhse ar athchuireadh nó ar athchimíodh é ina haghaidh nó, más túisce a tharlóidh, go dtí go n-aistreofar arís é faoin alt sin 10.
(3) Aon duine a bheidh, i rith tréimhse coinneála de bhun alt 9 nó 10 den Acht seo, as láthair gan cead as an áit choinneála measfar gur éalaigh sé as coimeád dleathach agus ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir leis an tréimhse a bhí sé as láthair amhlaidh.
Deireadh le húsáid an téarma “Borstal”.
12.—Ar thosach feidhme an Achta seo, scoirfear den téarma “Borstal” a úsáid agus, dá réir sin, déanfar tagairtí in aon reacht nó ionstraim a rinneadh faoi reacht d'Fhoras Borstail nó d'Fhorais Bhorstail a fhorléiriú uaidh sin amach mar thagairtí d'Fhoras Naomh Pádraig.
Pianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a chur ar dhaoine óga áirithe.
1908, c. 59.
13.—(1) I gcás duine óg nach lú ná seacht mbliana déag agus nach mó ná bliain is fiche d'aois a chiontú i gcion a ndlífear téarma pianbhreithe, pianseirbhíse nó príosúnachta a chur air mar gheall air, féadfar, in ionad an phianbhreith sin a chur air, pianbhreith choinneála i bhForas Naomh Pádraig a chur air ar feadh tréimhse nach faide ná an téarma a bhféadfaí pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta ar a feadh, de réir mar a bheidh, a chur air.
(2) I gcás duine is lú ná seacht mbliana déag ach nach lú ná sé bliana déag d'aois a chiontú i gcion a ndlífí, dá mbeadh sé gan bheith níos lú ná seacht mbliana déag d'aois, téarma pianbhreithe príosúnachta nó pianseirbhíse a chur air agus gur dóigh leis an gcúirt nach bhfuil aon cheann de na modhanna eile ar a bhféadfaí déileáil go dlíthiúil leis an gcás oiriúnach, féadfar a chur de phianbhreith air é a choinneáil i bhForas Naomh Pádraig ar feadh tréimhse nach faide ná an téarma a bhféadfaí pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta ar a feadh, de réir mar a bheidh, i chur air dá mbeadh sé gan bheith níos lú ná seacht mbliana déag d'aois.
(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag déanamh forála le haghaidh rialú agus bainistí agus comhdhéanamh coiste chuairte d'Fhoras Naomh Pádraig a mhéid a bheidh sé á úsáid chun daoine ar a mbeidh pianbhreith curtha faoin alt seo a choinneáil agus chun na daoine sin a aicmiú, a chóireáil, a fhostú agus a rialú agus féadfaidh sé, leis na rialacháin, feidhm a thabhairt, a mhéid a shonrófar, agus faoi réir cibé modhnuithe a shonrófar, má shonraítear, iontu—
(a) d'Achtanna na bPríosún, 1856 go 1956, agus na rialacha arna ndéanamh fúthu, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, agus
(b) do rialacháin arna ndéanamh, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Prevention of Crime Act, 1908,
ma dir le Foras Naomh Pádraig ina úsáid mar adúradh.
Caiteachais
14.—Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
15.—Féadfar an tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960, a ghairm den Acht seo.
Number 27 of 1960.
CRIMINAL JUSTICE ACT, 1960.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Acts Referred to | |
Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845 | 1845, c. 107 |
1945, No. 19 | |
Army Act, 1881 | 1881, c. 58 |
1954, No. 18 | |
Criminal Justice Administration Act, 1914 | 1914, c. 58 |
Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838 | 1838, c. 27 |
Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875 | 1875, c. 67 |
Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845 | 1845, c. 107 |
Prevention of Crime Act, 1908 | 1908, c. 59 |
Number 27 of 1960.
CRIMINAL JUSTICE ACT, 1960.
Definitions.
1.—In this Act—
“remand institution” means an institution (other than a prison) whose use for the purposes of this Act has been approved of by the Minister;
“the Central Mental Hospital” means the Central Criminal Lunatic Asylum established in pursuance of the Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845;
“district mental hospital” has the meaning assigned to it by the Mental Treatment Act, 1945;
“the Minister” means the Minister for Justice;
“Saint Patrick's Institution” means the institution called and known as “Saint Patricks” and situate at North Circular Road, Dublin.
Temporary release of persons from prisons and from Saint Patrick's Institution.
2.—(1) The Minister may make rules providing for the temporary release, subject to such conditions (if any) as may be imposed in each particular case, of persons serving a sentence of penal servitude or imprisonment, or of detention in Saint Patrick's Institution.
(2) Rules made under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after they are made and, if a resolution annulling the rules is passed by either such House within the next twenty-one days on which that House has sat after the rules are laid before it, the rules shall be annulled accordingly, but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Temporary release of criminal lunatics.
3.—(1) In this section—
“criminal lunatic” means a person who is detained in a district mental hospital or in the Central Mental Hospital by warrant, order or direction of the Government or the Minister or under the provisions of section 91 of the Army Act, 1881, or of the Defence Act, 1954, and, if he is undergoing a sentence of penal servitude or imprisonment, or of detention in Saint Patrick's Institution, whose sentence has not expired;
“person in charge” means—
(a) in relation to a criminal lunatic detained in a district mental hospital, the resident medical superintendent thereof, and
(b) in relation to a criminal lunatic detained in the Central Mental Hospital, the Resident Physician and Governor thereof.
(2) A criminal lunatic who, in the opinion of the person in charge, is not dangerous to himself or to others may, with the consent of the Minister, be released temporarily by the person in charge subject to such conditions (if any) as he may, with the consent of the Minister, impose.
(3) (a) The consent of the Minister to the release of a criminal lunatic under this section may be given in relation to a particular release or in relation to the release from time to time during a specified period of that criminal lunatic.
(b) The consent of the Minister to the imposition of conditions in relation to the release of a criminal lunatic under this section may relate to the imposition of conditions in relation to a particular release of that criminal lunatic or to the imposition of conditions in relation to the release from time to time during a specified period of that criminal lunatic.
Conditions in relation to temporary release.
4.—(1) Where the release of a person under section 2 or section 3 of this Act is made subject to conditions, the conditions shall be communicated to the person at the time of his release by notice in writing.
(2) A person temporarily released under section 2 or section 3 of this Act shall comply with any conditions to which his release is made subject.
Power to suspend currency of sentence in respect of period of temporary release.
5.—The currency of the sentence, if any, of a person temporarily released under section 2 or section 3 of this Act may, at the time of release or at any time during or after the period of release, be suspended by the Minister, if he so thinks fit, in respect of the whole or part of the period.
Persons unlawfully at large.
6.—(1) A person who, by reason of having been temporarily released under section 2 or section 3 of this Act, is at large shall be deemed to be unlawfully at large if—
(a) the period for which he was temporarily released has expired, or
(b) a condition to which his release was made subject has been broken.
(2) A person who is unlawfully at large shall be guilty of an offence under this section and on summary conviction thereof shall be liable to imprisonment for a term not exceeding six months.
(3) Where, by reason of the breach of a condition to which his release under section 2 or section 3 of this Act was made subject, a person is deemed to be unlawfully at large and is arrested under section 7 of this Act, the period for which he was temporarily released shall thereupon be deemed to have expired.
(4) The currency of the sentence of a person who is unlawfully at large for any period shall be suspended in respect of the whole of that period.
Arrest of persons unlawfully at large.
7.—A member of the Garda Síochána may arrest without warrant a person whom he suspects to be unlawfully at large and may take such person to the place in which he is required in accordance with law to be detained.
Extension of powers in relation to the places of confinement of criminal lunatics.
8.—(1) A warrant under section 2 or section 3 of the Criminal Lunatics (Ireland) Act, 1838, or section 13 of the Lunatic Asylums (Ireland) Act, 1875, in relation to any person may, at the discretion of the Minister, order the removal of the person to the Central Mental Hospital or to any district mental hospital and, where the warrant so orders, references in the section under which the warrant is issued to an asylum shall be construed as references to the Central Mental Hospital or district mental hospital, as the case may be, and the section shall have effect accordingly.
(2) Where a person is detained under the said section 2, the said section 3, the said section 13 or section 12 of the Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845, the Minister may, at his discretion, by order under this subsection, direct the transfer of the person—
(a) if he is detained in the Central Mental Hospital, to a district mental hospital, and
(b) if he is detained in a district mental hospital, to the Central Mental Hospital or to another district mental hospital,
and, where a person is transferred under this subsection to the Central Mental Hospital or to a district mental hospital, references in the section under which he is detained to an asylum or to a mental institution or hospital shall be construed as references to the Central Mental Hospital or to the district mental hospital to which he is transferred, as the case may be, and the section shall have effect accordingly.
Remand or committal for trial or sentence of certain young persons to remand institutions.
9.—(1) Where a statute or instrument made under statute confers a power to remand in custody or to commit in custody for trial or for sentence a person who is not less than sixteen nor more than twenty-one years of age, the power shall be deemed to include a power to remand or commit the person in custody to a remand institution and the statute or instrument, as the case may be, shall have effect accordingly.
(2) For the purposes of subsection (1) of this section, the power conferred by section 10 of the Criminal Justice Administration Act, 1914, to commit to prison shall be deemed to be a power to commit in custody for sentence.
(3) A person shall not be detained under this section or under section 10 of this Act in a remand institution which is conducted otherwise than in accordance with the religion to which the person belongs.
Power of Minister to transfer a person detained under section 9.
10.—(1) Subject to subsection (2) of this section and subsection (3) of section 9 of this Act, the Minister may, if he thinks it proper to do so, direct that a person detained under section 9 of this Act or this section in a remand institution be transferred to and detained for the unexpired part of the period of remand or committal, as the case may be, in another remand institution, in a prison or in Saint Patrick's Institution.
(2) The Minister shall not give a direction under this section in respect of a person unless he has been so requested by the person or by the person in charge of the institution in which he is detained.
(3) When a direction is given under this section in relation to a person, he shall be transferred as soon as may be to the institution or prison specified in the direction and shall be detained there for the unexpired part of the period for which he was remanded or committed.
Lawful custody of persons detained under sections 9 and 10.
11.—(1) Subject to subsection (3) of this section, a person who is detained in a remand institution pursuant to section 9 of this Act shall be deemed to be in the lawful custody of the person for the time being in charge of the institution during and until the expiration of the period for which he was remanded or committed, or, if it should sooner happen, until he is transferred under section 10 of this Act.
(2) Subject to subsection (3) of this section, a person who is transferred under section 10 of this Act to an institution (being a remand institution or Saint Patrick's Institution) or to a prison shall be deemed to be in the lawful custody of the person in charge of the institution or the governor of the prison, as the case may be, from the time he is transferred until the expiration of the period for which he was remanded or committed or, if it should sooner happen, until he is transferred again under the said section 10.
(3) A person who, during a period of detention pursuant to section 9 or section 10 of this Act, is absent without permission from the place of detention shall be deemed to have escaped from lawful custody and the foregoing provisions of this section shall not apply in relation to the period during which he is so absent.
Discontinuance of use of term “Borstal.”
12.—On the commencement of this Act, the use of the term “Borstal” shall be discontinued and, accordingly, references in any statute or instrument made under statute to a Borstal Institution or to Borstal Institutions shall thenceforth be construed as references to Saint Patrick's Institution.
Sentencing of certain young persons to detention in Saint Patrick's Institution.
13.—(1) Where a person who is not less than seventeen nor more than twenty-one years of age is convicted of an offence for which he is liable to be sentenced to a term of penal servitude or imprisonment, he may, in lieu of being so sentenced, be sentenced to be detained in Saint Patrick's Institution for a period not exceeding the term for which he might have been sentenced to penal servitude or imprisonment, as the case may be.
(2) Where a person who is less than seventeen but not less than sixteen years of age is convicted of an offence for which he would, if he were not less than seventeen years of age, be liable to be sentenced to a term of penal servitude or imprisonment and the court considers that none of the other methods in which the case may legally be dealt with is suitable, he may be sentenced to be detained in Saint Patrick's Institution for a period not exceeding the term for which he might, if he were not less than seventeen years of age, be sentenced to penal servitude or imprisonment, as the case may be.
(3) The Minister may make regulations providing for the rule and management of and the constitution of a visiting committee for Saint Patrick's Institution in so far as it is being used for the detention of persons sentenced under this section and for the classification, treatment, employment and control of such persons and may, by the regulations, apply, to such extent and subject to such modifications, if any, as may be specified therein—
(a) the Prisons Acts, 1856 to 1956, and the rules made thereunder, whether before or after the commencement of this Act, and
(b) regulations made, whether before or after the commencement of this Act, under subsection (2) of section 4 of the Prevention of Crime Act, 1908,
in relation to Saint Patrick's Institution in its use aforesaid.
Expenses.
14.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Short title.
15.—This Act may be cited as the Criminal Justice Act, 1960.