Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 40 de 1937.
ACHT BUNREACHTA (FORÁLACHA IARMARTACHA), 1937.
Tosach feidhme.
1.—Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis teacht ngníomh do Bhunreacht na hÉireann d'achtuigh an Pobal le déanaí.
Na habairtí “Saorstát Éireann” agus “Irish Free State” d'oiriúnú go generálta.
2.—(1) I ngach reacht agus instruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta thiocfaidh an Bunreacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht, déanfar na habairtí “Saorstát Éireann” agus “Irish Free State” (pe'ca bheidh na habairtí sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe ina dhiaidh sin no bheid iontuigthe ann de bhuadh oiriúnuithe no léirithe ghenerálta no áirithe)—
(a) déanfar iad do léiriú agus beidh éifeacht acu, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh no le tréimhse no le sreath de thréimhsí a chríochnóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh iad agus fé mar do bhí éifeacht acu fé seach díreach roimh dháta an Bhun reachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus
(b) déanfar iad do léiriú agus beidh éifeacht acu, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh no maidir le tréimhse no le sreath de thréimhsí a thosnóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar abairtí chialluíonn Éire (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus
(c) déanfar, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh go leathrannach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht agus go leathrannach dá éis sin no maidir le tréimhse thosnóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht agus a chríochnóidh dá éis sin no maidir le sreath de thréimhsí gur roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht a thosnóidh an chéad cheann acu agus gur dá éis sin a chríochnóidh an ceann deiridh acu, iad do léiriú agus beidh éifeacht acu (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt)—
(i) i ndáil leis an méid sin den ní sin a déanfar no bheidh le déanamh, agus leis an méid sin den teagmhas san a thárlóidh agus leis an gcuid sin den tréimhse sin no den tsreath san de thréimhsí bheidh ann roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh iad agus fé mar do bhí éifeacht acu fé seach díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh, agus
(ii) i ndáil leis an méid sin den ní sin a déanfar no bheidh le déanamh agus leis an méid sin den teaghmhas san a thárlóidh agus leis an gcuid sin den tréimhse sin no den tsreath san de thréimhsí bheidh ann tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar abairtí chialluíonn Eirc.
(2) Aon oiriúnú déanfar ar an abairt “Saorstát Éireann” no ar an abairt “Irish Free State” de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so. ní oibreoidh sé chun brí na habairte sin do leathnú i slí go bhfolódh sí aon líomatáistc ná beidh, de thurus na huaire, laistigh de líomatáiste feidhme na ndlithe achtófar ag an Oireachtas.
(3) Ní oibreoidh mír (c) d'fho-alt (1) den alt so, ná aon oiriúnú déanfar de bhuadh na mírc sin, chun briseadh do dhéanamh ar leanúnachas ná chun dochar do dhéanamh ar shlí eile do leanúnachas aon ruda, teagmhais, tréimhse no sreatha de thréimhsí den tsórt a luaidhtear sa mhír sin.
Tagairtí d'Uachtarán na hArd-Chomhairle agus dá Roinn d'oiriúnú.
3.—(1) O dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus dá éis sin, isé bheidh mar ainm agus mar theideal ar Roinn Uachtaráin na hArd-Chomhairle ná Roinn an Taoisigh agus isé an Taoiseach an tAire is ceann ar an Roinn sin.
(2) Gach luadh no tagairt, d'Uachtarán na hArd-Chomhairle no do Roinn Uachtaráin na hArd-Chomhairle, a bheidh in aon reacht no ionstruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht (pe'ca bheidh an luadh no an tagairt sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe ina dhiaidh sin no bheidh sé iontuigthe ann de bhuadh oiriúnuithe no léirithe ghenerálta no áirithe)—
(a) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh é agus fé mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus
(b) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar luadh no mar thagairt don Taoiseach no do Roinn an Taoisigh (fé mar is gá sa chás) mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt.
(3) An t-airgead uile do sholáthruigh Oireachtas Shaorstáit Éireann chun crícheanna Roinne Uachtaráin na hArd-Chomhairle i rith na bliana airgeadais dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, tuigfear gur soláthruíodh é amhlaidh freisin chun crícheanna Roinne an Taoisigh i rith na bliana airgeadais sin agus féadfar, dá réir sin, é do chur, i rith na bliana airgeadais sin, chun crícheanna Roinne Uachtaráin na hArd-Chomhairle no Roinne an Taoisigh, fé mar is gá sa chás.
Tagairtí d'oifigigh agus d'údaráis d'oiriúnú go generálta.
4.—(1) Gach luadh no tagairt a bheidh in aon reacht no ionstruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm dá éis sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht (pe'ca bheidh an tagairt sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe ina dhiaidh sin no bheidh sé iontuigthe ann do bhuadh atharuithe no léirithe ghenerálta no áirithe), agus is luadh no tagairt d'aon duine no cólucht oifigiúil no d'aon údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais no feidhmiúcháin é, do bunuíodh le Bunreacht Shaorstáit Éireann no fé no bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht san no dá bhuadh—
(a) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh é agus fé mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus
(b) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar luadh no mar thagairt (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt) don duine no don chólucht oifigiúil no don údarás riaghaltais (do réir mar a bheidh) a bunófar leis an mBunreacht no fé no bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht no dá bhuadh agus a bheidh ar có-réir leis an duine no leis an gcólucht oifigiúil sin no leis an údarás riaghaltais sin no ag á mbeidh na feidhmeanna céanna bhí ag an duine no ag an gcólucht oifigiúil sin no ag an údarás riaghaltais sin do bunuíodh le Bunreacht Shaorstáit Éireann no fé no bhí ag feidhmiú fén mBunreacht san no dá bhuadh.
(2) Má eiríonn aon cheist maidir leis an duine no leis an gcólucht oifigiúil no maidir leis an údarás riaghaltais a bunófar leis an mBunreacht no fé no bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht no dá bhuadh agus a bheidh, chun críche an ailt seo, ar có-réir le duine no le cólucht oifigiúil áirithe no le húdarás riaghaltais áirithe a bunuíodh le Bunreacht Shaorstáit Éireann no fé no bhí ag feidhmiú fén mBunreacht san no dá bhuadh, isé an Taoiseach do bhéarfaidh breith ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.
(3) Na hoiriúnuithe generálta deintear leis an alt so beid fé réir gach oiriúnuithe áirithe agus gan dochar d'aon oiriúnú áirithe deintear le haon alt eile no déanfar fé aon alt eile den Acht so, agus má bhíonn aon bhuiniscionntacht idir na hoiriúnuithe generálta san agus aon oiriúnú áirithe den tsórt san, is ag an oiriúnú áirithe sin a bheidh an forlámhas.
Comhacht ag an Riaghaltas chun oiriúnuithe agus atharuithe speisialta do dhéanamh.
5.—(1) Chun a chur in áirithe go leanfaidh na dlithe bheidh i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh de lán-fheidhm agus de lán-éifeacht do bheith acu do réir Airteagail 50 den Bhunreacht agus sa mhéid a foráltar leis an Airteagal san, féadfaidh an Riaghaltas, le hordú, gach oiriúnú no atharú, generálta no áirithe, do dhéanamh ar aon reacht no ar aon ionstruim reachtúil a leanfaidh i bhfeidhm de bhuadh an Airteagail sin 50 is dóich leis an Riaghaltas do bheith riachtanach chun na críche roimhráite.
(2) Más dóich leis an Riaghaltas, ag féachaint do chúrsaí an cháis, gur gá san, féadfaidh oiriúnú no atharú áirithe déanfar fén alt so bheith buiniscionn le haon oiriúnú no atharú, áirithe no generálta, a deintear le haon alt eile den Acht so agus i ngach cás den tsórt san is ag an oiriúnú no ag an atharú áirithe déanfar fén alt so bheidh an forlámhas.
(3) Gach ordú dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige o thosach feidhme an Achta so mara bhforálfar a mhalairt leis an ordú san.
(4) Gach ordú dhéanfaidh an Riaghaltas fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
An Prímh-Chiste agus an Stát-Chiste.
6.—(1) An ciste go luaidhtear in Airteagal 11 den Bhunreacht gurb é an t-aon chiste amháin é ina gcuirfear ioncum an Stáit bhéarfar an Prímh-Chiste mar ainm agus mar theideal air agus, san alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo den Acht so, gairmtear Prímh-Chiste na hÉireann de chun crícheanna idirdhealuitheachta.
(2) Gach luadh no tagairt, do Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no do Stát-Chiste Shaorstáit Éireann, a bheidh in aon reacht no ionstruim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh agus a leanfaidh i bhfeidhm ina dhiaidh sin de bhuadh ailt 1 d'Airteagal 50 den Bhunreacht (pe'ca bheidh an luadh no an tagairt sin luaidhte sa reacht san no san ionstruim reachtúil sin de bhuadh achtuithe bhunaidh no de bhuadh leasuithe no atharuithe dá éis sin no bheidh sé iontuigthe ann de bhuadh oiriúnuithe no léirithe ghenerálta no áirithe)—
(a) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, fé mar do léiríodh é agus fé mar do bhí éifeacht aige díreach roimh dháta an Bhunreachta do theacht i ngníomh (mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt), agus
(b) déanfar é léiriú agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh no maidir le teagmhas a thárlóidh tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht, mar luadh no mar thagairt do Phrímh-Chiste na hÉireann no do Stát-Chiste na hÉireann (fé mar is gá sa chás). mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt.
Forálacha iarmartacha i dtaobh an Phrímh-Chiste.
7.—(1) Gach airgead, súncáil, urrús agus sócmhainn eile gurbh iad Prímh-Chiste Shaorstáit Éireann iad agus ba chuid den Chiste sin no bhí sa Chiste sin díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht tiocfaid chun bheith agus beid i bPrímh-Chiste na hÉireann agus ina sócmhainní den Chiste sin díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht.
(2) Gach airgead a bheidh dlite do Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, pe'ca bheidh sé dlite agus iníoctha an tráth san no le teacht chun bheith dlite agus iníoctha (go deimhnitheach no go teagmhasach) tráth éigin ina dhiaidh sin, tiocfaid chun bheith agus beid, díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, dlite do Phrímh-Chiste na hÉireann agus beid iníoctha leis an gCiste sin agus ionbhainte amach ina chóir dá réir sin láithreach no do réir mar a thiocfaid, agus nuair a thiocfaid, chun bheith dlite fé seach (fé mar is gá sa chás).
(3) Gach airgead a bheidh dlite d'aon Aire no d'aon údarás riaghaltais chun sochair do Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann no ina chóir no in aon tslí thar a cheann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, pe'ca bheid dlite agus iníoctha an tráth san no le teacht chun bheith dlite agus iníoctha (go deimhnitheach no go teagmhasach) tráth éigin ina dhiaidh sin, tiocfaid chun bheith agus beid, díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, dlite don Aire no don údarás riaghaltais chó-réire bheidh ag feidhmiú fén mBunreacht no dá bhuadh, agus beid iníoctha agus ionbhainte amach, láithreach no do réir mar a thiocfaid agus nuair a thiocfaid chun bheith dlite fé seach (fé mar is gá sa chás), chun sochair do Phrímh-Chiste na hÉireann no ina chóir no thar a cheann, leis na daoine agus ag na daoine céanna no leis na daoine agus ag na daoine có-réire fé mar a bhídís roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht.
(4) Na fiacha, na fiachaisí, na freagarthachtaí, agus na muirir uile bheidh ar Phrímh-Chiste Shaorstáit Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, pe'ca bheid dlite agus iníoctha an tráth san do le teacht chun bheith dlite agus iníoctha (go deimhnitheach no go teagmhasach) tráth éigin ina dhiaidh sin, tiocfaid chun bheith agus beid, díreach ar theacht i ngníomh don Bhunreacht, ina bhfiacha, ina bhfiachaisí, ina bhfreagarthachtaí no ina muirir (do réir mar a bheidh) ar Phrímh-Chiste na hÉireann agus glanfar no íocfar iad as an gCiste sin dá réir sin láithreach no do réir mar a thiocfaid agus nuair a thiocfaid chun bheith dlite fé seach (fé mar is gá sa chás).
Séala an Riaghaltais.
8.—(1) Beidh séala oifigiúil ag an Riaghaltas agus bhéarfar áird air i gcúrsaí oifigiúla agus i gcúrsaí breithiúntais.
(2) Nuair a greamófar séala an Riaghaltais d'aon ionstruim no scríbhinn déanfar é dhílse-dheimhniú le sighniú an Taoisigh no an Tánaiste no le sighniú rúnaí no oifigigh eile don Riaghaltas go n-údarás aige ón Taoiseach chun gníomhú chuige sin.
(3) Féadfaidh níos mó ná aon oifigeach amháin údarás do bheith acu fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tráth ar bith chun séala an Riaghaltais do dhílse-dheimhniú le n-a sighniú, ach má bhíonn an t-údaras san ag dhá oifigeach no níos mó ní gá dá dhruim sighniú níos mó ná aon oifigeach amháin den tsórt san chun an tséala san do dhílse-dheimhniú.
(4) Gach ordú no ionstruim eile bheidh séaluithe le séala an Riaghaltais déanfar, má bheireann le tuisgint an séala san do bheith dílse-dheimhnithe do réir an ailt seo, é ghlacadh i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais agus, go sonnrách, ní gá cruthú do dhéanamh ar aon tsighniú bheith curtha leis an ionstruim sin chun críche an dílse-dheimhnithe sin ná ar oifig ná ar údarás an duine go dtugann an sighniú sin le tuisgint gurb é a shighniú é.
(5) Mara mbeidh aon tséala den tsórt a foráltar sna forálacha san roimhe seo den alt so ar fáil le linn tosach feidhme an Achta so, beidh sé dleathach don Riaghaltas úsáid do dhéanamh, go dtí go mbeidh an séala san ar fáil, de shéala Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann agus, chuige sin, dearbhuítear agus achtuítear leis seo gurb é séala Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann séala an Riaghaltais do réir bhrí an ailt seo sa chás agus go ceann na haimsire adubhradh agus bainfidh an t-alt so leis an gcéanna dá réir sin.
Séalaí oifigiúla atá ann cheana d'úsáid go sealadach.
9.—(1) Go dtí go soláthrófar séala oifigiúil agus go mbeidh san ar fáil chun úsáide an Taoisigh, beidh sé dleathach don Taoiseach an séala bheidh á úsáid agu Uachtarán na hArd-Chomhairle mar shéala oifigiúil díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht d'úsáid mar shéala oifigiúil, agus faid a bheidh séala san Uachtaráin na hArd-Chomhairle á úsáid amhlaidh ag an Taoiseach isé séala oifigiúil an Taoisigh é chun gach críche.
(2) Gach duine no cólucht oifigiúil agus gach údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais no feidhmiúcháin é, gur gá dhó no dhóibh do réir dlí séala oifigiúil do bheith aige no acu, beidh sé dleathach dhó no dhóibh, go dtí go soláthrófar séala nua agus go mbeidh san ar fáil dó no dhóibh, leanúint d'úsáid do dhéanamh, mar shéala oifigiúil, den tséala bheidh á úsáid mar shéala oifigiúil, díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht, ag an duine, ag an gcólucht no ag an údarás riaghaltais sin no ag réamh-theachtaí díreach an duine, an chóluchta no an údaráis riaghaltais sin (do réir mar is gá sa chás).
(3) Gach séala bheidh á úsáid de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so mar shéala oifigiúil ag aon duine no cólucht oifigiúil no ag aon údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais no feidhmiúcháin é, isé séala oifigiúil an duine, an chóluchta no an údaráis riaghaltais sin é chun gach críche faid a bheidh sé á úsáid amhlaidh.
Achtacháin a bhaineann le Seanad Éireann d'aithbheochaint.
10.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “Acht 1936” an tAcht um Sheanad Éireann (Forálacha Iarmartacha), 1936 (Uimh. 26 de 1936).
(2) Deintear leis seo Acht 1936 d'athghairm agus beidh feidhm ag an athghairm sin ar dháta céad-tionól Sheanad Éireann agus ón dáta san amach.
(3) An athghairm a deintear leis an alt so ar Acht 1936, oibreoidh sé (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an alt so) chun gach Acht no cuid d'Acht do hathghairmeadh le hAcht 1936 d'aithbheochaint agus do thabhairt i bhfeidhm arís ar dháta na hathghairme sin agus dá réir sin gach Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann (idir Achtanna príobháideacha agus Achtanna puiblí) do ritheadh roimh Acht 1936 do rith agus gach ordú, rialachán, no ionstruim eile ar n-a dhéanamh fé aon Acht den tsórt san oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige agus léireofar é (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) o dháta na hathghairme sin amhail is ná rithfí Acht 1936 riamh ach déanfar gach tagairt atá in aon Acht no ionstruim den tsórt san do Sheanad Éireann do léiriú agus beidh éifeacht aige mar thagairt don Tigh den Oireachtas ar a dtugtar an ainm “Seanad Éireann” in alt 1 d'Airteagal 15 den Bhunreacht.
(4) Ní oibreoidh éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so chun aon Acht acu so leanas, no aon pháirt acu so leanas d'Achtanna, d'aithbheochaint agus leanfaidh gach Acht acu san agus gach páirt acu san d'Achtanna de bheith athghairmthe agus gan feidhm, sé sin le rá:—
(a) Cuid VII den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), agus an méid sin d'alt 65 den alt san a fhorálann go bhfolóidh an focal “toghachán” toghachán Seanaid, agus freisin gach tagairt atá san Acht san do thoghacháin Seanaid agus do Sheanad-toghthóirí;
(c) an tAcht um Thoghacháin Chorra an tSeanaid, 1930 (Uimh. 1 de 1930);
(d) alt 4 den Acht Toghacháin (Leasú), 1933 (Uimh. 14 de 1933).
(5) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir d'aon athghairm, ceiliúradh ná leasú áirithe ar n-a dhéanamh, ar aon Acht, ordú, rialachán, no ionstruim dá ndeineann Acht 1936 deifir, tar éis an Achta san do rith.
Oiriúnuithe maidir le céadtionól Sheanad Éireann.
11.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann do ritheadh tar éis an Achta um Sheanad Éireann (Forálacha Iarmartacha), 1936 (Uimh. 26 de 1936), do rith, sé sin le rá:—
(a) gach foráil atá in aon Acht den tsórt san agus le n-a gceangailtear aon ordú, rialachán, tuarasgabháil no ionstruim eile do leagadh fé bhráid Dháil Éireann léireofar é agus beidh éifeacht aige, maidir le haon ionstruim den tsórt san a déanfar lá céad-tionól Sheanad Éireann no dá éis sin, mar fhoráil le n-a gceangailtear an ionstruim sin do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas;
(b) má bheireann aon fhoráil den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so comhacht do Dháil Éireann chun na hionstruime dá dtagartar sa bhforáil sin do chur ar nea-mbrí le rún ar n-a rith laistigh d'uimhir áirithe de laetheanta shuidhfidh Dáil Éireann tar éis na hionstruime sin do leagadh fé n-a bráid léireofar an fhoráil sin agus beidh éifeacht aici. maidir le haon ionstruim den tsórt san ar n-a déanamh lá céad-tionól Sheanad Éireann no dá éis sin. mar fhoráil a bheireann comhacht do Sheanad Éireann freisin chun na hionstruime sin do chur ar nea-mbrí le rún ar n-a rith laistigh den uimhir chéanna de laetheanta shuidhfidh Seanad Éireann tar éis na hionstruime sin do leagadh fé n-a bhráid, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ionstruim sin.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach Acht d'Oireachtas Shaorstáit Éireann go mbeidh ráite ann é do theacht i ngníomh díreach tar éis teacht i ngníomh don Bhunreacht agus maidir le gach Acht den Oireachtas a rithfear roimh chéad-tionól Sheanad Éireann, sé sin le rá:—
(a) gach foráil atá in aon Acht den tsórt san agus le n-a gceangailtear aon ordú, rialachán, tuarasgabháil, no ionstruim eile do leagadh fé bhráid gach Tighe no an dá Thigh den Oireachtas léireofar í agus beidh éifeacht aici, maidir le haon ionstruim den tsórt san a déanfar roimh lá céad-tionól Sheanad Éireann, mar fhoráil le n-a gceangailtear an ionstruim sin do leagadh fé bhráid Dháil Éireann amháin;
(b) gach foráil atá in aon Acht den tsórt san agus le n-a n-orduítear no le n-a n-údaruítear don dá Thigh no do gach Tigh no do cheachtar Tigh den Oireachtas éinní áirithe do dhéanamh léireofar í agus beidh éifeacht aici, maidir le héinní déanfar no bheidh le déanamh roimh lá céad-tionól Sheanad Éireann, mar fhoráil le n-a n-orduítear no le n-a n-údaruítear (do réir mar a bheidh) do Dháil Éireann amháin an ní sin do dhéanamh.
Fuirmeacha scríbhinní oifigiúla atá ann cheana d'úsáid go sealadach.
12.—(1) Faid a bheidh san caothúil beidh sé dleathach do gach duine agus do gach cólucht oifigiúil agus do gach údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin, breithiúntais, no feidhmiúcháin é, úsáid do dhéanamh, chun crícheanna aon scríbhinne oifigiúla a dhéanfaidh seisean no iad-san do thabhairt amach no do ghlacadh no do sholáthar no d'úsáid ar shlí eile, den fhuirm scríbhinne a bhí á húsáid go dleathach amhlaidh díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht.
(2) Gach fuirm scríbhinne a bheidh, de bhuadh an ailt seo, á húsáid chun aon chríche ag aon duine no cólucht oifigiúil no ag aon údarás riaghaltais, pe'ca údarás reachtúcháin. breithiúntais no feidhmiúcháin é, tuigfear chun gach críche í do bheith á húsáid go dleathach chun na críche sin.
(3) Tuigfear gur scríbhinn do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo den alt so stampa múnluithe agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na fo-ailt sin maidir le stampaí múnluithe.
An Bínse Bunreachta (Comhachta Speisialta) do chiontú daoine.
13.—(1) Lasmuich de chásanna breithe báis, féadfaidh an Riaghaltas tráth ar bith, as a gcomhairle féin, pionós ar bith a bheidh gearrtha ag an mBínse Bunreachta (Comhachta Speisialta) do mhaitheamh i bpáirt no go hiomlán no d'atharú (tré n-a mhaolú amháin) no do chur ar athló (ar choinníoll no gan choinníoll).
(2) Pé uair do bhéarfaidh an tUachtarán saor-mhaithiúnas do dhuine bheidh ciontuithe ag an mBínse Bunreachta (Comhachta Speisialta) beidh aon gheallbhruideadh no dí-cháilíocht do tháinig den chiontú san curtha ar nea-mbrí o dháta an
mhaithiúnais sin.
Gearr-theideal.
14.—Féadfar an tAcht Bunreachta (Forálacha Iarmartacha), 1937, do ghairm den Acht so.
Number 40 of 1937.
CONSTITUTION (CONSEQUENTIAL PROVISIONS) ACT, 1937.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Acts Referred to | |
No. 26 of 1936 | |
No. 12 of 1923 | |
No. 29 of 1928 | |
No. 1 of 1930 | |
No. 14 of 1933 |
Number 40 of 1937.
CONSTITUTION (CONSEQUENTIAL PROVISIONS) ACT, 1937.
Commencement.
1.—This Act shall come into operation immediately after the coming into operation of the Constitution of Ireland lately enacted by the People.
General adaptation of the expressions “Saorstát Eireann” and “Irish Free State.”
2.—(1) In every statute and statutory instrument in force immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution and continued in force thereafter by section 1 of Article 50 of the Constitution, the expressions “Saorstát Eireann” and “Irish Free State” (whether such expressions are expressed in such statute or statutory instrument by virtue of original enactment or by virtue of subsequent amendment or modification or are implied therein by virtue of a general or a specific adaptation or interpretation) shall—
(a) in relation to anything done or to be done or an event occurring or a period or series of periods ending before the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect (unless the context otherwise requires) in like manner as they respectively were construed and had effect immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution, and
(b) in relation to anything done or to be done or an event occurring or a period or series of periods beginning after the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect (unless the context otherwise requires) as meaning Ireland, and
(c) in relation to anything done or to be done or an event occurring partly before and partly after the coming into operation of the Constitution or in relation to a period beginning before and ending after, or a series of periods the first of which begins before and the last of which ends after, the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect (unless the context otherwise requires)—
(i) in regard to so much of such thing as is done or to be done and so much of such event as occurs and such portion of such period or series of periods as is prior to the coming into operation of the Constitution, in like manner as they respectively were construed and had effect immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution, and
(ii) in regard to so much of such thing as is done or to be done and so much of such event as occurs and such portion of such period or series of periods as is subsequent to the coming into operation of the Constitution, as meaning Ireland.
(2) No adaptation of the expression “Saorstát Eireann” or the expression “Irish Free State” by virtue of the foregoing sub-section of this section shall operate so as to extend the meaning of such expression as to include therein any area which is, for the time being, not within the area and extent of application of the laws enacted by the Oireachtas.
(3) Neither paragraph (c) of sub-section (1) of this section nor any adaptation by virtue of that paragraph shall operate to cause a break in or otherwise to prejudice the continuity of any such thing, event, period, or series of periods as is mentioned in the said paragraph.
Adaptation of references to the President of the Executive Council and his Department.
3.—(1) From and after the coming into operation of the Constitution, the Department of the President of the Executive Council shall be styled and known as the Department of the Taoiseach and the Taoiseach shall be the Minister who is head of that Department.
(2) Every mention or reference in any statute or statutory instrument in force immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution and continued in force thereafter by section 1 of Article 50 of the Constitution (whether such mention or reference is expressed in such statute or statutory instrument by virtue of original enactment or by virtue of subsequent amendment or modification or is implied therein by virtue of a general or a specific adaptation or interpretation) of or to the President of the Executive Council or of or to the Department of the President of the Executive Council shall,—
(a) in relation to anything done or to be done or an event occurring before the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect (unless the context otherwise requires) in like manner as it was construed and had effect immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution, and
(b) in relation to anything done or to be done or an event occurring after the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect, unless the context otherwise requires, as a mention of or reference to (as the case may require) the Taoiseach or the Department of the Taoiseach.
(3) All moneys provided by the Oireachtas of Saorstát Eireann for the purposes of the Department of the President of the Executive Council during the financial year which began on the 1st day of April, 1937, shall be deemed to have been so provided also for the purposes of the Department of the Taoiseach during the said financial year and shall accordingly be applicable during the said financial year for the purposes of either the Department of the President of the Executive Council or the Department of the Taoiseach, as circumstances may require.
General adaptation of references to officials and authorities.
4.—(1) Every mention or reference in any statute or statutory instrument in force immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution and continued in force thereafter by section 1 of Article 50 of the Constitution (whether such reference is expressed in such statute or statutory instrument by virtue of original enactment or by virtue of subsequent amendment or modification or is implied therein by virtue of a general or a specific adaptation or interpretation) of or to any official person or body or any governmental authority, whether legislative, judicial, or executive, established by or under or functioning under or by virtue of the Constitution of Saorstát Eireann shall,—
(a) in relation to anything done or to be done or an event occurring before the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect (unless the context otherwise requires) in like manner as it was construed and had effect immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution, and
(b) in relation to anything done or to be done or an event occurring after the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect (unless the context otherwise requires) as a mention of or reference to the official person or body or the governmental authority (as the case may be) established by or under or functioning under or by virtue of the Constitution who or which corresponds to or has the like functions as such official person or body or governmental authority established by or under or functioning under or by virtue of the Constitution of Saorstát Eireann.
(2) If any question shall arise as to the official person or body or governmental authority established by or under or functioning under or by virtue of the Constitution who or which corresponds for the purpose of this section to a particular official person or body or a particular governmental authority established by or under or functioning under or by virtue of the Constitution of Saorstát Eireann, such question shall be determined by the Taoiseach whose decision thereon shall be final.
(3) The general adaptations made by this section shall be subject and without prejudice to all specific adaptations made by or under any other section of this Act, and in the event of any inconsistency between such general adaptations and any such specific adaptation, such specific adaptation shall prevail.
Power of the Government to make special adaptations and modifications.
5.—(1) For the purpose of ensuring that the laws in force in Saorstát Eireann immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution shall continue to be of full force and effect in accordance with and to the extent provided by Article 50 of the Constitution, the Government may by order make all such general or specific adaptations and modifications of any statute or statutory instrument continued in force by the said Article 50 as shall, in the opinion of the Government, be necessary for the purpose aforesaid.
(2) A specific adaptation or modification made under this section may, where in the opinion of the Government the circumstances so require, be inconsistent with any adaptation or modification, whether specific or general, made by any other section of this Act, and in every such case the specific adaptation or modification made under this section shall prevail.
(3) Every order made by the Government under this section shall, unless such order otherwise provides, have and be deemed always to have had effect as from the commencement of this Act.
(4) Every order made by the Government under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as conveniently may be after it is made, and if either such House shall, within twenty-one days on which such House has sat after such order is laid before it, pass a resolution annulling such order, such order shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
The Central Fund and the Exchequer.
6.—(1) The fund mentioned in Article 11 of the Constitution as the one fund to be formed by the revenues of the State shall be called and known as the Central Fund and is in this section and the next following section of this Act referred to for purposes of distinction as the Central Fund of Ireland.
(2) Every mention or reference in any statute or statutory instrument in force immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution and continued in force thereafter by section 1 of Article 50 of the Constitution (whether such mention or reference is expressed in such statute or statutory instrument by virtue of original enactment or by subsequent amendment or modification or is implied therein by virtue of a general or a specific adaptation or interpretation) of or to the Central Fund of Saorstát Eireann or of or to the Exchequer of Saorstát Eireann shall—
(a) in relation to anything done or to be done or an event occurring before the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect (unless the context otherwise requires) in like manner as it was construed and had effect immediately prior to the date of the coming into operation of the Constitution, and
(b) in relation to anything done or to be done or an event occurring after the coming into operation of the Constitution, be construed and have effect, unless the context otherwise requires, as a mention of or reference to (as the case may require) the Central Fund of Ireland or the Exchequer of Ireland.
Consequential provisions in respect of the Central Fund.
7.—(1) All moneys, investments, securities, and other assets which, immediately before the coming into operation of the Constitution, constituted and formed part of or were included in the Central Fund of Saorstát Eireann shall, immediately upon the coming into operation of the Constitution, become and be included in and assets of the Central Fund of Ireland.
(2) All moneys owing to the Central Fund of Saorstát Eireann immediately before the coming into operation of the Constitution, whether then due and payable or to become due and payable (whether certainly or contingently) at a future time, shall, immediately upon the coming into operation of the Constitution, become and be owing to the Central Fund of Ireland and shall be payable to and recoverable for that Fund accordingly either (as the case may require) immediately or as and when they respectively fall due.
(3) All moneys owing to any Minister or governmental authority for the benefit of or for or in any way on behalf of the Central Fund of Saorstát Eireann immediately before the coming into operation of the Constitution, whether then due and payable or to become due and payable (whether certainly or contingently) at a future time, shall, immediately upon the coming into operation of the Constitution, become and be owing to the corresponding Minister or governmental authority functioning under or by virtue of the Constitution and shall be payable and recoverable, either (as the case may require) immediately or as and when they respectively fall due, for the benefit of or for or on behalf of the Central Fund of Ireland to and by the like or corresponding persons and in the like manner as before the coming into operation of the Constitution.
(4) All debts, liabilities, and responsibilities of and all charges on the Central Fund of Saorstát Eireann subsisting immediately before the coming into operation of the Constitution, whether then due and payable or to become due and payable (whether certainly or contingently) at a future time, shall, immediately upon the coming into operation of the Constitution, become and be (as the case may be) debts, liabilities, or responsibilities of or charges on the Central Fund of Ireland and shall be paid or discharged out of that Fund accordingly either (as the case may require) immediately or as and when they respectively fall due.
The seal of the Government.
8.—(1) The Government shall have an official seal which shall be officially and judicially noticed.
(2) The seal of the Government shall, when affixed to any instrument or document, be authenticated by the signature of the Taoiseach or of the Tánaiste or of a secretary or other officer of the Government authorised by the Taoiseach to act in that behalf.
(3) More than one officer may at any time be authorised under the next preceding sub-section of this section to authenticate by his signature the seal of the Government, but such authorisation of two or more officers shall not render the signature of more than one such officer necessary for the authentication of the said seal.
(4) Every order or other instrument sealed with the seal of the Government shall, if such seal purports to be authenticated in accordance with this section, be received in evidence without further proof and, in particular, it shall not be necessary to prove any signature affixed to such instrument for the purpose of such authentication or to prove the office or authority of the person whose signature such signature purports to be.
(5) If no such seal as is provided for in the foregoing provisions of this section is available at the commencement of this Act, it shall be lawful for the Government to use, until such seal is available, the seal of the Executive Council of Saorstát Eireann, and for that purpose it is hereby declared and enacted that the seal of the Executive Council of Saorstát Eireann shall, in the circumstances and for the time aforesaid, be the seal of the Government within the meaning of this section and this section shall apply thereto accordingly.
Temporary user of existing official seals.
9.—(1) Until an official seal has been provided and is available for the use of the Taoiseach, it shall be lawful for the Taoiseach to use as his official seal the seal used by the President of the Executive Council as his official seal immediately before the coming into operation of the Constitution, and such seal of the President of the Executive Council shall, while it is so used by the Taoiseach, be for all purposes the official seal of the Taoiseach.
(2) It shall be lawful for every official person or body and every governmental authority, whether legislative, judicial, or executive, who or which is required by law to have an official seal, to continue until a new seal has been provided and is available for him or them to use as his or their official seal the seal used immediately before the coming into operation of the Constitution as an official seal by (as the case may require) such person, body, or governmental authority or the immediate predecessor of such person, body, or governmental authority.
(3) Every seal used, by virtue of the next preceding sub-section of this section, as an official seal by any official person or body or by any governmental authority, whether legislative, judicial, or executive, shall, while it is so used, be for all purposes the official seal of such person, body, or governmental authority.
Revivor of enactments relating to Seanad Eireann.
10.—(1) In this section the expression “the Act of 1936” means the Seanad Eireann (Consequential Provisions) Act, 1936 (No. 26 of 1936).
(2) The Act of 1936 is hereby repealed as on and from the date of the first assembly of Seanad Eireann.
(3) The repeal by this section of the Act of 1936 shall (save as is otherwise expressly provided by this section) operate to revive and bring into force again on the date of such repeal every Act or part of an Act repealed by the Act of 1936 and, accordingly, as from the date of such repeal every Act of the Oireachtas of Saorstát Eireann (including private as well as public Acts) passed before the Act of 1936 and every order, regulation, or other instrument made under any such Act shall (save as is otherwise provided by this section) operate, have effect, and be construed as if the Act of 1936 had never been passed, but with and subject to the modification that every reference in any such Act or instrument to Seanad Eireann shall be construed and have effect as a reference to the House of the Oireachtas to which the name “Seanad Eireann” is given by section 1 of Article 15 of the Constitution.
(4) Nothing contained in the foregoing sub-sections of this section shall operate to revive any of the following Acts or portions of Acts and all such Acts or portions of Acts shall continue to be repealed and inoperative, that is to say:—
(a) Part VII of the Electoral Act, 1923 (No. 12 of 1923), and so much of section 65 of that Act as includes a Seanad election within the meaning of the word “election”, and also all references in the said Act to Seanad elections and Seanad electors;
(b) the Seanad Electoral Act, 1928 (No. 29 of 1928);
(c) the Seanad Bye-elections Act, 1930 (No. 1 of 1930);
(d) section 4 of the Electoral (Amendment) Act, 1933 (No. 14 of 1933).
(5) Nothing in this section shall prejudice or affect any specific repeal, revocation, or amendment of any Act, order, regulation, or instrument affected by the Act of 1936 made after the passing of that Act.
Adaptations in relation to the first assembly of Seanad Eireann.
11.—(1) The following provisions shall have effect in relation to every Act of the Oireachtas of Saorstát Eireann which was passed after the Seanad Eireann (Consequential Provisions) Act, 1936 (No. 26 of 1936), that is to say:—
(a) every provision in any such Act whereby any order, regulation, report, or other instrument is required to be laid before Dáil Eireann shall, in relation to any such instrument made on or after the day of the first assembly of Seanad Eireann, be construed and have effect as requiring such instrument to be laid before each House of the Oireachtas;
(b) where any such provision as is mentioned in the next preceding paragraph of this sub-section empowers Dáil Eireann to annul the instrument referred to in such provision by a resolution passed within a specified number of days on which Dáil Eireann has sat after such instrument is laid before it, such provision shall, in relation to any such instrument made on or after the day of the first assembly of Seanad Eireann, be construed and have effect as also empowering Seanad Eireann to annul such instrument by a resolution passed within the same number of days on which Seanad Eireann has sat after such instrument is laid before it, but without prejudice to the validity of anything previously done under such instrument.
(2) The following provisions shall have effect in relation to every Act of the Oireachtas of Saorstát Eireann which is expressed to come into operation immediately after the coming into operation of the Constitution and in relation to every Act of the Oireachtas which is passed before the first assembly of Seanad Eireann, that is to say:—
(a) every provision in any such Act whereby any order, regulation, report, or other instrument is required to be laid before each House or both Houses of the Oireachtas shall, in relation to any such instrument made before the day of the first assembly of Seanad Eireann, be construed and have effect as requiring such instrument to be laid before Dáil Eireann only;
(b) every provision in any such Act whereby anything is required or authorised to be done by both Houses, or each House, or either House of the Oireachtas shall, in relation to anything done or to be done before the day of the first assembly of Seanad Eireann, be construed and have effect as requiring or authorising (as the case may be) such thing to be done by Dáil Eireann alone.
Temporary user of existing forms of official documents.
12.—(1) It shall be lawful for every official person and body and every governmental authority, whether legislative, judicial, or executive, for so long as may be convenient, to use, for the purposes of any official document issued, received, provided or otherwise used by him or them, the form of document which was lawfully so used immediately before the coming into operation of the Constitution.
(2) Every form of document used, by virtue of this section, for any purpose by any official person or body or any governmental authority, whether legislative, judicial, or executive, shall be deemed for all purposes to be lawfully used for that purpose.
(3) An impressed stamp shall be deemed to be a document within the meaning of the foregoing sub-sections of this section and those sub-sections shall apply and have effect in relation to impressed stamps accordingly.
Convictions by the Constitution (Special Powers) Tribunal.
13.—(1) Except in capital cases, the Government may, in their absolute discretion, at any time remit in whole or in part or modify (by way of mitigation only) or defer (conditionally or unconditionally) any punishment imposed by the Constitution (Special Powers) Tribunal.
(2) Whenever a free pardon has been granted by the President to a person convicted by the Constitution (Special Powers) Tribunal, any forfeiture or disqualification occasioned by such conviction shall, as from the date of such pardon, be annulled.
Short title.
14.—This Act may be cited as the Constitution (Consequential Provisions) Act, 1937.