Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 23 de 1934.


[EN]

ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ (TALAMH DO THÓGAINT), 1934.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CÓLUCHTAÍ AR A bhFUIL RIARADH FOIRTHINE NA mBOCHT TALAMH (LE N-A nÁIRMHÍTEAR UISCE AGUS CEARTA BHAINEAS LE TALAMH NO LE hUISCE) DO THÓGAINT CHUN CRÍCHEANNA A gCOMHACHT AGUS A nDUALGAS MAIDIR LEIS AN RIARADH SAN AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS LEIS AN TÓGAINT SIN AGUS I dTAOBH NITHE BHAINEAS AR SHLÍ EILE LEIS NA CÓLUCHTAÍ SIN. [6adh Meitheamh, 1934.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn an abairt “údarás conganta phuiblí” cólucht corpruithe ar a gcuirtear mar chúram, le haon Acht no fé no le haon scéim chontae no fúithi, fóirithin na mbocht do riaradh;

[EN]

tá leis an abairt “scéim chontae” an bhrí chéanna atá léi san Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923);

[EN]

foluíonn an focal “talamh” uisce agus aon estát no leas i dtalamh no in uisce agus aon éasáid no ceart i dtalamh no in uisce no chun tailimh no chun uisce no ar thalamh no ar uisce;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

[EN]

déanfar tagairtí do chomhachta agus do dhualgaisí údaráis chonganta phuiblí do léiriú mar thagairtí ná baincann ach le comhachta agus dualgaisí an údaráis sin maidir le fóirithin na mbocht do riaradh.

[EN]

Údaráis chonganta phuiblí d'ionchorprú.

2.—Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo, maidir le gach foráil atá i scéim chontae, pe'ca bhí an fhoráil sin sa scéim sin o thosach no cuireadh isteach inti í tré leasú fé alt 5 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923), agus le n-ar dearbhuíodh an cólucht ar ar cuireadh mar chúram leis an scéim sin fóirithin na mbocht do riaradh do bheith ina chólucht chorpruithe go gcomhacht chun tailimh do thógaint agus do shealbhú, go mbeidh san agus go dtuigfear san do bheith riamh dleathach agus éifeachtúil, ach san fé réir forálacha agus gan dochar d'fhorálacha alt 10 agus 12 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), i gcásanna le n-a mbaineann na forálacha san.

[EN]

Comhacht údaráis chonganta phuiblí chun tailimh do thógaint.

3.—Féadfaidh údarás conganta phuiblí, chun críche a gcomhacht agus a ndualgas, talamh do thógaint, tré chó-aontú le toiliú an Aire no go héigeanta, fén Acht so agus fé sna hAchtanna atá ionchorpruithe leis sin.

[EN]

Achtanna na gClásanna Talmhan d'ionchorprú.

4.—Déanfar agus deintear leis seo, maidir le húdarás conganta phuiblí do thógaint tailimh fén Acht so, Achtanna na gClásanna Talmhan, fé mar atáid san leasuithe leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, d'ionchorprú leis an Acht so, ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní déanfar na forálacha bhaineann le díel tailimh ná beidh ag teastáil agus le fáil do bheith ar an Acht speisialta, ná alt 133 (a bhaineann le cáin talmhan agus ráta dealbhais) den Land Clauses Consolidation Act, 1845, d'ionchorprú amhlaidh;

[EN]

(b) nuair a bheidh Achtanna na gClásanna Talmhan agus iad ionchorpruithe amhlaidh á léiriú, tuigfear gurb é an tAcht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta is ionbhainte (más ann do) an tAcht speisialta agus tuigfear gurb iad an t-údarás conganta phuiblí bunuitheoirí an ghnótha;

[EN]

(c) nuair a bheidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, agus é ionchorpruithe amhlaidh á léiriú—

[EN]

ciallóidh an abairt “local authority” údarás conganta phuiblí do réir bhrí an Achta so,

[EN]

ciallóidh an abairt “confirming Acht” an tAcht so agus an t-ordú um thógaint éigeanta mar a bheidh san déanta agus daingnithe fén Acht so,

[EN]

ciallóidh an abairt “confirming authority” an tAire, agus déanfar tagairtí don Housing of the Working Classes Act, 1890, no do Chuid I den Acht san do léiriú mar thagairtí don Acht so;

[EN]

(d) nuair a bheidh cúiteamh á mheas ag an eadrascánaí ní chuirfidh san áireamh aon fhoirgint a tógfar ná aon fheabhsú ná atharú déanfar ná aon leas a bunófar i dtalamh tar éis an dáta ar ar foillsíodh fógra do réir an Achta so á rá go ndearnadh an t-ordú um thógaint éigeanta más dóich leis an cadrascánaí ná raibh gá do réir réasúin leis an bhfoirgint sin do thógáil no leis an bhfeabhsú no leis an atharú san do dhéanamh no leis an leas san do bhunú agus gur chun an chúitimh sin d'fháil no do mhéadú do rinneadh an ní sin.

[EN]

Ordú um thógaint éigeanta do dhéanamh.

5.—(1) Nuair is mian le húdarás conganta phuiblí aon talamh áirithe do thógaint go héigeanta fén Acht so, féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin ordú (dá ngairmtear ordú um thógaint éigeanta san Acht so) do dhéanamh á ordú an talamh san do thógaint go héigeanta fén Acht so.

[EN]

(2) Beidh gach ordú um thógaint éigeanta sa bhfuirm orduithe agus déanfar na tailte le n-a mbaineann an t-ordú san do thuairisciú ann tré thagairt do mhapa bheidh do réir na gcoinníollacha orduithe.

[EN]

Fógraí, etc., i dtaobh orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh.

6.—(1) Ar ordú um thógaint éigeanta do bheith déanta ag údarás conganta phuiblí déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin—

[EN]

(a) fógrán sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis chonganta phuiblí sin, fógrán á rá go bhfuil an t-údarás san tar éis orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh maidir le talamh áirithe agus gur féidir an t-ordú san agus an mapa dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

[EN]

(b) fógra do thabhairt do gach duine is únaer no atá in ainm bheith ina únaer, do gach duine is léasaí no atá in ainm bheith ina léasaí, agus do gach duine is sealbhaire ar an talamh le n-a mbaineann an t-ordú san, fógra i scríbhinn, sa bhfuirm orduithe, ina mbeidh na ráitisí céanna ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san agus ina ndéarfar, freisin, go bhféadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh an t-ordú san agóid i gcoinnibh an orduithe sin do chur chun an Aire sa tslí luadhfar agus laistigh d'am a luadhfar.

[EN]

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí bheidh tar éis orduithe um thógaint éigeanta do dhéanamh agus a bheidh, maidir leis an ordú san, tar éis déanamh do réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so, féadfaid ordú ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta d'iarraidh ar an Aire.

[EN]

Ordú um thógaint éigeanta do dhaingniú.

7.—Nuair a bheidh údarás conganta phuiblí tar éis ordú, ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta, d'iarraidh ar an Aire fén Acht so agus nuair is deimhin leis an Aire go bhfuiltear, maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta, tar éis déanamh do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le cúrsaí ba thúisce ná an t-iarratas san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) mara mbeifear tar éis aon agóide (seachas agóid gur dóich leis an Aire gur le cúiteamh amháin a bhaineann sí) i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta do chur chun an Aire go cuibhe no má bítear tar éis gach agóide den tsórt san do cuireadh chuige amhlaidh do tharrac siar, féadfaidh an tAire, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta go pé atharuithe is dóich leis an Aire is ceart;

[EN]

(b) i gcás ar bith le n-a mbainfidh an mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus sara ndeighleálfaidh leis an iarratas san, a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil puiblí do dhéanamh maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta;

[EN]

(c) má bítear tar éis agóide (seachas agóid gur dóich leis an Aire gur le cúiteamh amháin a bhaineann sí) i gcoinnibh an orduithe sin um thógaint éigeanta do chur chun an Aire go cuibhe agus mara mbeifear tar éis í do tharrac siar, cuirfidh an tAire fé ndeár fiosrúchán áitiúil puiblí do dhéanamh maidir leis an ordú san um thógaint éigeanta;

[EN]

(d) nuair a beifear tar éis fiosrúcháin áitiúla phuiblí do dhéanamh do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an tAire, tar éis do tuarasgabháil an duine do rinne an fiosrúchán san do bhreithniú maraon leis an agóid no leis na hagóidí uile ba chúis leis an bhfiosrúchán san do dhéanamh, féadfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, diúltú don ordú san um thógaint éigeanta do dhaingniú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta gan atharú, no ordú do dhéanamh ag daingniú an orduithe sin um thógaint éigeanta go pé atharuithe is dóich leis an Aire is ceart.

[EN]

Fógraí, etc., i dtaobh orduithe um thógaint éigeanta do dhaingniú.

8.—Chó luath agus is féidir é tar éis don Aire ordú do dhéanamh ag daingniú orduithe um thógaint éigeanta (go n-atharú no gan atharú) déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san um thógaint éigeanta—

[EN]

(a) fógrán sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin, fógrán á rá go bhfuil an tAire tar éis an orduithe sin um thógaint éigeanta do dhaingniú agus gur féidir cóip den ordú san mar a daingníodh é amhlaidh agus an mapa dá dtagartar ann d'iniúchadh in áit áirithe, agus

[EN]

(b) fógra do thabhairt do gach duine do tháinig i láthair ag an bhfiosrúchán áitiúil puiblí (má b'ann do), do rinneadh maidir leis an ordú san, chun neartuithe le hagóid do rinne sé i gcoinnibh an orduithe sin, fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe ina mbeidh na ráitisí céanna a ceangailtear anso roimhe seo a chur sa bhfógrán san.

[EN]

An Ard-Chúirt do chur orduithe um thógaint éigeanta ar nea-mbrí.

9.—(1) Duine ar bith go ndéanfaidh ordú um thógaint éigeanta deifir do féin no dá mhaoin, féadfaidh, laistigh de thrí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-ordú san ar fad no aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, agus féadfaidh an Ard-Chúirt, más deimhin léi gur tré dhul thar na comhachta bronntar leis an Acht so do rinneadh an t-ordú san um thógaint éigeanta no aon chuid áirithe dhe no go raibh an céanna ar shlí eile gan údarás na gcomhacht san do bheith leis no gur thárla dochar mór do neach déanta an iarratais sin no do dhuine ar bith eile tré aon teip i ndéanamh do réir forálacha an Achta so maidir leis an ordú san, féadfaidh, do réir mar is dóich leis an Ard-Chúirt is ceart, an t-ordú san ar fad do chur ar nea-mbrí no cuid áirithe den ordú san do chur ar neambrí.

[EN]

(2) I gcás iarratais chun na hArd-Chúirte fén alt so do bheith ar feitheamh, féadfaidh an Ard-Chúirt, más dóich léi san do bheith ceart, oibriú an orduithe um thógaint éigeanta le n-a mbaineann an t-iarratas san do chur ar fiunraoi go mbeidh an bhreith dheiridh tugtha ar an iarratas san.

[EN]

(3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt leis an alt so ní bheidh ar chumas Cúirte ar bith ordú um thógaint éigeanta do chur ar nea-mbrí ná ar ceal ná í do lochtú ar shlí eile (roimh an Aire dá dhaingniú no dá éis sin).

[EN]

Tosach feidhme orduithe um thógaint éigeanta.

10.—(1) Gach ordú um thógaint éigeanta ná déanfaidh an Ard-Chúirt é ar fad do chur ar nea-mbrí fén Acht so tiocfaidh (fé réir aon choda áirithe dhe agus gan dochar d'aon chuid áirithe dhe do chur ar nea-mbrí amhlaidh) i bhfeidhm pé tráth acu so leanas is déanaí, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcionn trí seachtaine tar éis fógra i dtaobh an Aire do dhaingniú an orduithe sin d'fhoillsiú den chéad uair tré fhógrán, no

[EN]

(b) ar an mbreith dheiridh, ar iarratas fén Acht so chun na hArd-Chúirte chun an orduithe sin ar fad no coda áirithe dhe do chur ar nea-mbrí, do bheith tugtha.

[EN]

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis orduithe um thógaint éigeanta do theacht i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás conganta phuiblí do rinne an t-ordú san cóip den ordú san do thabhairt do gach duine dá ndearnadh fógra i dtaobh déanamh an orduithe sin do thabhairt do réir an Achta so.

[EN]

Talamh ná beidh ag teastáil do leithreasú chun crícheanna eile.

11.—Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire agus fé réir cólíonadh pé coinníollacha is dóich leis sin is ceart d'fhorchur, aon talamh a bheidh dílsithe chun críche ar bith san údarás san agus ná beidh ag teastáil chun na críche chun ar tógadh é do leithreasú agus d'úsáid chun críche aon choda dá gcomhachta agus dá ndualgaisí.

[EN]

Talamh ná beidh ag teastáil do dhíol.

12.—(1) Féadfaidh údarás conganta phuiblí, le toiliú an Aire, talamh ar bith do dhíol a bheidh tógtha fén Acht so agus go bhfeictear don údarás conganta phuiblí sin gan é bheith ag teastáil a thuilleadh chun na críche chun ar tógadh é.

[EN]

(2) An sochar do gheobhfar as údarás conganta phuiblí do dhíol tailimh ar bith fén alt so déanfar, sa mhéid gur airgead caipitail an sochar san, é do chur, le toiliú an Aire, chun aon chríche (le n-a n-áirmhítear airgead do fuarthas ar iasacht d'aisíoc) chun a bhféadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin, le ceart, airgead caipitail do chur.

[EN]

Fógraí do sheirbheáil.

13.—(1) Féadfar aon fhógra i scríbhinn no aon scríbhinn eile is gá do réir an Achta so do thabhairt do dhuine ar bith do thabhairt don duine sin ar shlí ar bith acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré é do shíneadh chun an duine sin, no

[EN]

(b) tré é d'fhágaint i ngnáth-áit chomhnaithe an duine sin no san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige, no

[EN]

(c) tré é do chur tríd an bpost i gclúdach cláruithe roimhíoctha a bheidh dírithe chun an duine sin agus a bheidh fé sheoladh a ghnáth-áite comhnaithe no na háite comhnaithe is déanaí is eol do bheith aige más duine aonair é no, más cuideachta bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, é, fé sheoladh oifige cláruithe na cuideachtan san no, más aon chólucht corpruithe eile no aon chomhlachas neamh-ionchorpruithe é, fé sheoladh príomh-oifige no príomh-áite gnótha an chóluchta no an chomhlachais sin.

[EN]

(2) Más rud é gur gá, do réir an Achta so, fógra i scríbhinn no scríbhinn eile do thabhairt don duine is únaer no is sealbhaire ar thalamh agus nách eol cad is ainm don únaer no don tsealbhaire sin féadfar an scríbhinn sin do dhíriú chun “an t-únaer” no “an sealbhaire” (do réir mar bheidh) ar an talamh san agus féadfar í do thabhairt don únaer no don tsealbhaire sin tré í d'fhágaint, no do ghreamú, in ionad so-fheicse ar an talamh san.

[EN]

Fiosrúcháin phuiblí.

14.—Beidh feidhm ag Airtiogal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrúchán áitiúil puiblí déanfar fén Acht so fé mar a bhíonn feidhm aige maidir leis na fiosrúcháin áitiúla luaidhtear san Airtiogal san.

[EN]

Rialacháin.

15.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

[EN]

Gearr-theideal.

16.—Féadfar an tAcht um Chongnamh Phuiblí (Talamh do Thógaint), 1934, do ghairm den Acht so.

[GA]

harp.jpg


Number 23 of 1934.


[GA]

PUBLIC ASSISTANCE (ACQUISITION OF LAND) ACT, 1934.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Incorporation of public assistance authorities.

3.

Power of public assistance authority to acquire land.

4.

Incorporation of the Lands Clauses Acts.

5.

Making of compulsory acquisition order.

6.

Notices, etc., of making of compulsory acquisition order.

7.

Confirmation of compulsory acquisition order.

8.

Notices, etc., of confirmation of compulsory acquisation order.

9.

Annulment of compulsory acquisition order by the High Court.

10.

Commencement of compulsory acquisition order.

11.

Appropriation of surplus land to other purposes.

12.

Sale of surplus land.

13.

Service of notices.

14.

Public inquiries.

15.

Regulations.

16.

Short title.


Acts Referred to

Local Government Act, 1925

No. 5 of 1925

Local Government (Temporary Provisions) Act, 1923

No. 9 of 1923

harp.jpg


Number 23 of 1934.


PUBLIC ASSISTANCE (ACQUISITION OF LAND) ACT, 1934.


AN ACT TO EMPOWER BODIES CHARGED WITH THE ADMINISTRATION OF THE RELIEF OF THE POOR TO ACQUIRE LAND (INCLUDING WATER AND RIGHTS RELATING TO LAND OR WATER) FOR THE PURPOSES OF THEIR POWERS AND DUTIES IN RELATION TO SUCH ADMINISTRATION, AND TO MAKE PROVISION FOR MATTERS CONNECTED WITH SUCH ACQUISITION AND FOR MATTERS OTHERWISE RELATING TO SUCH BODIES. [6th June, 1934.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Local Government and Public Health;

[GA]

the expression “public assistance authority” means a body corporate entrusted with the administration of the relief of the poor by or under any Act or any county scheme;

[GA]

the expression “county scheme” has the same meaning as in the Local Government (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 9 of 1923);

[GA]

the word “land” includes water and any estate or interest in land or water and any easement or right in, to, or over land or water;

[GA]

the word “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act;

[GA]

references to the powers and duties of a public assistance authority shall be construed as referring only to the powers and duties of such authority in relation to the administration of the relief of the poor.

[GA]

Incorporation of public assistance authorities.

2.—In order to remove doubts it is hereby declared and enacted that every provision contained in a county scheme, whether originally contained therein or inserted therein by amendment under section 5 of the Local Government (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 9 of 1923), whereby the body entrusted by such scheme with the administration of the relief of the poor was declared to be a body corporate with power to acquire and hold land shall be and be deemed always to have been valid and effectual, but subject and without prejudice to the provisions of sections 10 and 12 of the Local Government Act, 1925 (No. 5 of 1925), where those provisions apply.

[GA]

Power of public assistance authority to acquire land.

3.—A public assistance authority may, for the purpose of its powers and duties, acquire land either by agreement with the consent of the Minister or compulsorily under this Act and the Acts incorporated therewith.

[GA]

Incorporation of the Lands Clauses Acts.

4.—For the purpose of the acquisition of land under this Act by a public assistance authority, the Lands Clauses Acts as amended by the Second Schedule to the Housing of the Working Classes Act, 1890, shall be and are hereby incorporated with this Act, but with and subject to the following modifications, that is to say:—

[GA]

(a) the provisions relating to the sale of superfluous land and access to the special Act, and section 133 (which relates to land tax and poor's rate) of the Land Clauses Consolidation Act, 1845, shall not be so incorporated;

[GA]

(b) in the construction of the Lands Clauses Acts when so incorporated, this Act and the relevant compulsory acquisition order (if any) shall be deemed to be the special Act and the public assistance authority shall be deemed to be the promoters of the undertaking;

[GA]

(c) in the construction of the Second Schedule to the Housing of the Working Classes Act, 1890, when so incorporated—

[GA]

the expression “local authority” shall mean a public assistance authority within the meaning of this Act,

[GA]

the expression “confirming Act” shall mean this Act and the compulsory acquisition order as made and confirmed under this Act,

[GA]

the expression “confirming authority” shall mean the Minister, and references to the Housing of the Working Classes Act, 1890, or to Part I thereof shall be construed as references to this Act;

[GA]

(d) the arbitrator when assessing compensation shall not take into account any building erected or any improvement or alteration made or any interest in land created after the date on which notice of the making of the compulsory acquisition order was published in pursuance of this Act if, in the opinion of the arbitrator, the erection of such building or the making of such improvement or alteration or the creation of such interest was not reasonably necessary and was effected with a view to obtaining or increasing such compensation.

[GA]

Making of compulsory acquisition order.

5.—(1) When a public assistance authority desires to acquire compulsorily under this Act any particular land, such public assistance authority may make an order (in this Act referred to as a compulsory acquisition order) that such land be acquired compulsorily under this Act.

[GA]

(2) Every compulsory acquisition order shall be in the prescribed form and shall describe the lands to which such order relates by reference to a map complying with the prescribed conditions.

[GA]

Notices, etc., of making of compulsory acquisition order.

6.—(1) When a public assistance authority has made a compulsory acquisition order, such public assistance authority shall—

[GA]

(a) publish at least once in a newspaper circulating in the functional area of such public assistance authority an advertisement in the prescribed form stating that a compulsory acquisition order has been made by such authority in respect of specified land and that such order and the map referred to therein may be inspected at a specified place, and

[GA]

(b) give to every owner or reputed owner, lessee, or reputed lessee, and occupier of the land to which such order relates a written notice in the prescribed form containing the like statements as are hereinbefore required to be contained in the said advertisement and also stating that any person aggrieved by such order may send to the Minister, in the specified manner and within a specified time, an objection to such order.

[GA]

(2) A public assistance authority which has made a compulsory acquisition order and complied in respect of such order with the foregoing provisions of this section may apply to the Minister for an order confirming such compulsory acquisition order.

[GA]

Confirmation of compulsory acquisition order.

7.—When an application has been made under this Act to the Minister by a public assistance authority for an order confirming a compulsory acquisition order and the Minister is satisfied that the provisions of this Act relating to matters antecedent to such application have been complied with in respect of such compulsory acquisition order, the following provisions shall have effect, that is to say:—

[GA]

(a) if no objection (other than an objection which, in the opinion of the Minister, relates only to compensation) to such compulsory acquisition order has been duly made to the Minister or every such objection so made has been withdrawn, the Minister may, as he shall think proper, either refuse to confirm such compulsory acquisition order, or make an order confirming such compulsory acquisition order without modification, or make an order confirming such compulsory acquisition order with such modifications as the Minister shall think proper;

[GA]

(b) in any case to which the next preceding paragraph of this section applies, the Minister may, if he so thinks fit, before dealing with such application cause a public local inquiry to be held in respect of such compulsory acquisition order;

[GA]

(c) if an objection (other than an objection which, in the opinion of the Minister, relates only to compensation) to such compulsory acquisition order has been duly made to the Minister and has not been withdrawn, the Minister shall cause a public local inquiry to be held in respect of such compulsory acquisition order;

[GA]

(d) when a public local inquiry has been held in pursuance of the next preceding paragraph of this section, the Minister, having considered the report of the person by whom such inquiry was held and the objection or all the objections which occasioned the holding of such inquiry, may, as he shall think proper, either refuse to confirm such compulsory acquisition order or make an order confirming such compulsory acquisition order without modification, or make an order confirming such compulsory acquisition order with such modifications as the Minister shall think proper.

[GA]

Notices, etc., of confirmation of compulsory acquisition order.

8.—As soon as may be after the Minister has made an order confirming (whether with or without modification) a compulsory acquisition order, the public assistance authority by whom such compulsory acquisition order was made shall—

[GA]

(a) publish in a newspaper circulating in the functional area of such authority an advertisement in the prescribed form stating that such compulsory acquisition order has been confirmed by the Minister and that a copy of such order as so confirmed and the map referred to therein may be inspected at a specified place, and

[GA]

(b) give to every person who appeared at the public local inquiry (if any) held in respect of such order to support an objection thereto made by him a written notice in the prescribed form containing the like statements as are hereinbefore required to be contained in the said advertisement.

[GA]

Annulment of compulsory acquisition order by the High Court.

9.—(1) Any person who or whose property is affected by a compulsory acquisition order may, within three weeks after the first publication by advertisement of notice of the confirmation of such order by the Minister, apply to the High Court for the complete or the partial annulment of such order, and the High Court, if it is satisfied that such compulsory acquisition order or any part thereof was made in excess of or was otherwise not authorised by the powers conferred by this Act or that the person making such application or any other person has been substantially prejudiced by any failure to comply in relation to such order with the provisions of this Act, may, as the High Court shall think proper, annul the whole of such order or annul a part of such order.

[GA]

(2) Where an application to the High Court under this section is pending, the High Court may, if it so thinks proper, suspend the operation of the compulsory acquisition order to which such application relates until such application has been finally determined.

[GA]

(3) Save as is otherwise provided by this section a compulsory acquisition order shall not be capable of being annulled, quashed, or otherwise questioned (whether before or after confirmation by the Minister) by any Court.

[GA]

Commencement of compulsory acquisition order.

10.—(1) Every compulsory acquisition order which is not wholly annulled by the High Court under this Act shall (subject and without prejudice to any partial such annulment) come into operation at whichever of the following times is the later, that is to say:—

[GA]

(a) the expiration of three weeks from the first publication by advertisement of notice of the confirmation of such order by the Minister, or

[GA]

(b) the final determination of an application under this Act to the High Court for the annulment (whether complete or partial) of such order.

[GA]

(2) As soon as may be after a compulsory acquisition order comes into operation, the public assistance authority by which such order was made shall give a copy of such order to every person to whom notice of the making of such orders was given in pursuance of this Act.

[GA]

Appropriation of surplus land to other purposes.

11.—A public assistance authority may, with the consent of the Minister and subject to compliance with such conditions as he may think proper to impose, appropriate and use for the purpose of any of its powers and duties any land vested for any purpose in such authority and not required for the purpose for which it was acquired.

[GA]

Sale of surplus land.

12.—(1) A public assistance authority may, with the consent of the Minister, sell any land acquired under this Act which appears to such public assistance authority to be no longer required for the purpose for which it was acquired.

[GA]

(2) The proceeds of a sale of any land by a public assistance authority under this section, so far as such proceeds are capital money, shall, with the consent of the Minister, be applied to any purpose (including the repayment of borrowed money) to which capital money may properly be applied by such public assistance authority.

[GA]

Service of notices.

13.—(1) Any written notice or other document required by this Act to be given to any person may be so given in any of the following ways, that is to say:—

[GA]

(a) by handing it to such person, or

[GA]

(b) by leaving it at the usual or last-known place of abode of such person, or

[GA]

(c) by sending it by post in a prepaid registered envelope addressed to that person, in the case of an individual, at his usual or last-known place of abode or, in the case of a company registered under the Companies Acts, 1908 to 1924, at its registered office, or in the case of any other body corporate or any unincorporated association, at its principal office or place of business.

[GA]

(2) Where a written notice or other document is by this Act required to be given to the owner or the occupier of land and the name of such owner or occupier is not known such document may be addressed to “the owner” or “the occupier” (as the case may be) of such land and may be given to such owner or occupier by leaving it at or affixing it in a prominent position on such land.

[GA]

Public inquiries.

14.—Article 32 of the Schedule to the Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, shall apply in respect of every public local inquiry held under this Act in like manner as it applies in respect of the local inquiries mentioned therein.

[GA]

Regulations.

15.—The Minister may by order make regulations prescribing any matter or thing which is in this Act referred to as prescribed or to be prescribed.

[GA]

Short title.

16.—This Act may be cited as the Public Assistance (Acquisition of Land) Act, 1934.