Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 28 de 1964.
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1964
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933;
ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;
ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1963.
Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú.
2.—(1) Déantar leis seo gach ceann de na rátaí 35s. 0d., 30s. 0d., 25s. 0d., 20s. 0d., 15s. 0d., 10s. 0d., agus 5s. 0d., atá leagtha amach sa Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1963) a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 77 d'Acht 1952 a mhéadú 2s. 6d.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an lú lá de Lúnasa, 1964.
Rátaí cúnaimh dífhostaíochta a mhéadú.
3.—(1) Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur, in Acht 1933, in ionad an Sceidil a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1963:
“AN SCEIDEAL
Rátaí Cúnaimh Dífhostaíochta.
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo | An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach | An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile. |
Sa tseachtain | Sa tseachtain | |
Duine gan chleithiúnaí | 29s. 0d. | 23s. 0d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe .. | 52s. 6d. | 44s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin ... ... | 62s. 6d. | 54s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh cleithiúnacha | ||
nó níos mó ... | 72s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 64s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin | 39s. 0d. | 33s. 0d. |
Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha | ||
nó níos mó ... ... | 49s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | 43s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
”.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1964.
Rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach) a mhéadú.
4.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935, trí—
(a) “níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag” i mír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962) d'fho-alt (1),
(b) trí “níos mó ná dhá chéad is ocht bpunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” agus “sé scilling” a chur in ionad “ocht scilling agus sé phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfomhír (i) den mhír sin (b),
(c) trí “níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag”, “níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag” a chur in ionad “níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag”, “de bhreis ar chéad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag agus pingin” a chur in ionad “de bhreis ar chéad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag agus pingin” agus “sé scilling” a chur in ionad “ocht scilling agus sé phingin” (a cuireadh isteach le hAcht 1963) i bhfo-mhír (ii) den mhír sin (b), agus
(d) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B:
“TABLA B
Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)
Acmhainn na Baintrí | Baintreach, gan aon leanbh | Baintreach, leanbh cáilithe amháin | Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. ... ... ... | 36 | 0 | 46 | 0 | 56 | 0 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt. |
níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d. ... ... ... | 31 | 0 | 41 | 0 | 51 | 0 | |
níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s 0d. ... ... ... | 26 | 0 | 36 | 0 | 46 | 0 | |
níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d. ... ... ... | 21 | 0 | 31 | 0 | 41 | 0 | |
níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d. ... ... ... | 16 | 0 | 26 | 0 | 36 | 0 | |
níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d. ... ... ... | 11 | 0 | 21 | 0 | 31 | 0 | |
níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d. ... ... ... | 6 | 0 | 16 | 0 | 26 | 0 | |
níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d. ... ... ... | Neamhní | 11 | 0 | 21 | 0 | ||
níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d. ... ... ... | Neamhní | 6 | 0 | 16 | 0 | ||
níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £182 15s. 0d. ... ... ... | Neamhní | Neamhní | 11 | 0 | |||
níos mó ná £182 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £195 15s. 0d. ... ... ... | Neamhní | Neamhní | 6 | 0 | |||
|
|
|
|
|
|
”.
(2) Tiocfaidh fo-alt 1 den alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1964.
Rátaí pinsean seanaoise a mhéadú i leith leanaí cáilithe.
5.—(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 trí fho-alt (2) a scriosadh agus na fo-ailt seo a leanas a chur isteach:
“ (2) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—
(a) i gcás gan acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, an ráta atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus
(b) i gcás inar mó acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean dá mbeadh acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí níos mó ná céad agus tríocha punt agus cúig scilling déag ach gan bheith níos mó ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, lúide cúig scilling i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá san acmhainn bhliantúil sin de bhreis ar chéad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, agus aon chodán de thrí phunt déag a áireamh chun na críche sin mar thrí phunt déag; ar choinníoll, má bhíonn an ráta, arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean mura mbeadh an coinníoll seo, níos lú ná seacht scilling agus sé phingin, nach mbeidh an pinsean iníoctha.
AN TABLA
An Ráta Pinsin
Rátaí Seachtainiúla | |||||||
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Eilitheoir nó Pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe | Eilitheoir nó Pinsinéir, leanbh cáilithe amháin | Eilitheoir nó Pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
Má bhionn acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí— | |||||||
gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. ... ... ... | 37 | 6 | 47 | 6 | 57 | 6 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt. |
níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d. ... ... ... ... | 32 | 6 | 42 | 6 | 52 | 6 | |
níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d. ... ... ... | 27 | 6 | 37 | 6 | 47 | 6 | |
níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d. ... ... ... | 22 | 6 | 32 | 6 | 42 | 6 | |
níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d. ... ... ... | 17 | 6 | 27 | 6 | 37 | 6 | |
níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d. ... ... ... | 12 | 6 | 22 | 6 | 32 | 6 | |
níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d. ... ... ... | 7 | 6 | 17 | 6 | 27 | 6 | |
|
|
|
|
|
|
|
|
(2A) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt don Tábla a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo maidir leis an bhfo-alt sin—
(a) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (3) i gcás leanbh cáilithe amháin (agus sin an méid) a bheith ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir,
(b) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (4) i gcás beirt leanbh cháilithe nó níos mó a bheith ag an éilitheoir nó ag an bpinsinéir,
(c) beidh éifeacht ag colúin (1) agus (2) in aon chás eile.
(2B) San alt seo ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ maidir le héilitheoir nó le pinsinéir leanbh a bhfuil an t-éilitheoir nó an pinsinéir i dteideal liúntais leanaí ina leith faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963.”
(2) Leasaítear leis seo alt 8 (arna leasú le hAcht 1963) d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924, trí “nách mó ná céad daichead is trí phunt, cúig scillinge déag a acfuinn mar a háirítear fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise” a scriosadh i bhfo-alt (1) agus an méid seo a leanas a chur isteach: “nach mó a acmhainn arna háireamh faoi Achtanna na bPinsean Sean-Aoise—
(i) i gcás nach bhfuil aon leanaí (dá ngairtear leanaí cáilithe san fho-alt seo) ag an duine a bhfuil sé i dteideal liúntais leanaí ina leith faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1963, ná céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag,
(ii) i gcás ina bhfuil leanbh cáilithe amháin nó beirt leanbh cháilithe ag an duine, ná sé phunt is fiche i leith gach linbh cháilithe agus céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag, agus
(iii) i gcás ina bhfuil níos mó ná beirt leanbh cháilithe ag an duine, ná sé phunt is fiche i leith gach linbh de bheirt leanbh cháilithe agus trí phunt déag i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt agus céad daichead is trí phunt agus cúig scilling déag.”
(3) Beidh éifeacht ag Riail 1 den Seachtú Sceideal d'Acht 1952 agus acmhainn éilitheora nó pinsinéara á háireamh, i gcás pinsin faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1964, ionann is dá gcuirfí an fho-mhír seo a leanas i mír (II) in ionad fo-mhír (j) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960)—
“(j) i gcás duine nach duine dall agus a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aige a chónaíonn go rialta leis, tuilleamh iomlán an duine sin ó fhostaíocht is fostaíocht a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ach amháin agus a mhéid a ríomhfar suim bhliantúil an tuillimh sin a bheith níos mó ná £39 i leith gach linbh den sórt sin.”
(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Leasú ar alt 12 d'Acht 1952.
6.—Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1952 tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh fo-mhír (c):
“(cc) daoine ar fostú mar mhúinteoirí i gcoláistí oiliúna atá aitheanta ag an Aire Oideachais le haghaidh múinteoirí i scoileanna náisiúnta, nó”.
Leasú ar alt 25 d'Acht 1952.
7.—Leasaítear leis seo alt 25 d'Acht 1952 trí “(faoi réir tórann cúig céad míle punt i ngach bliain airgeadais)” a scriosadh i bhfo-alt (3).
Leasú ar alt 27 d'Acht 1952.
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1952 trí “nó pinsin (ranníocach) seanaoise” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “sochair dífhostaíochta”.
(2) Tiocfaidh ailt 9 agus 10 den Acht seo agus an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Leasú ar alt 28A d'Acht 1952.
9.—Leasaítear leis seo alt 28A (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960) d'Acht 1952 trí “nó faoi fho-alt (1) d'alt 27” a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “faoi fho-alt (2) d'alt 26”.
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
10.—Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí—
(a) “13” a chur isteach i gcolún (4) de Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1963) ag uimhir thagartha 5, agus
(b) “8” a chur isteach i gcolún (5) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin 5.
An dáta feidhm le haghaidh freaschur nó athbhreithniú breitheanna áirithe maidir le cúnamh dífhostaíochta.
11.—(1) Más rud é, de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú, go dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal deimhniú cáilíochta a shealbhú faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, measfar, chun críocha na nAchtanna sin, go raibh an duine ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an bhreith, arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.
(2) Más rud é, de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú, go gcúlghairfear deimhniú cáilíochta a bheidh eisithe chun duine faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, measfar, chun críocha na nAchtanna seo, nach raibh an duine sin ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an bhreith, arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.
(3) Más rud é, de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú, go n-athrófar an ráiteas ar an ráta seachtainiúil acmhainne i ndeimhniú cáilíochta a eisofar chun duine faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, measfar, chun críocha na nAchtanna sin, go raibh an duine sin ina shealbhóir ar cibé deimhniú a bheidh sé i dteideal a shealbhú faoin mbreith, arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh amhail ar an dáta agus ón dáta a tháinig an bhreith arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht.
(4) An t-iarratas ar chúnamh dífhostaíochta a dhéanfaidh duine a thiocfaidh i dteideal deimhniú cáilíochta de dhroim breith a fhreaschur nó a athbhreithniú féadfar a mheas go ndearnadh é ar an dáta a tháinig an bhreith arna freaschur nó arna hathbhreithniú amhlaidh, in éifeacht, nó ar aon dáta ina dhiaidh sin.
(5) San alt seo ciallaíonn “breith” breith oifigigh bhreithiúnachta nó oifigigh achomharc maidir le deimhniú cáilíochta faoi na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964.
Leasú ar alt 13 d'Acht 1933.
12.—Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1933 tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh fo-mhír (xi) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962):
“(xii) i gcás duine a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascaireacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a fhaightear uaithi nach dtéann thar £80 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam sin a théann thar £80 sa bhliain ach nach dtéann thar £200 sa bhliain”.
Leasú ar Acht 1935.
13.—(1) Déanfar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach in Acht 1935 in ionad alt 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1948):
“21. Ní dheonófar pinsean (neamhranníocach) baintrí do bhaintreach mura rud é nach bhfuil seachtó bliain d'aois slán aici.”
(2) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1935 trí fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1948) a scriosadh.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
14.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé an hAchtanna um Pinsin Seanaoise, 1908 go 1963, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1964, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1963, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1964, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1963, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1964, a ghairm díobh le chéile agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1963, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1964, a ghairm díobh le chéile.
Number 28 of 1964.
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1964
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Increase of rates of old age pensions for qualified children. | |
Acts Referred to | |
1933, No. 46. | |
1935, No. 29. | |
1952, No. 11. | |
1963, No. 26. | |
1962, No. 17. | |
1924, No. 19. | |
1960, No. 28. | |
1960, No. 25. | |
1948, No. 17. |
Number 28 of 1964.
SOCIAL WELFARE (MISCELLANEOUS PROVISIONS) ACT, 1964
Interpretation.
1.—In this Act—
“the Act of 1933” means the Unemployment Assistance Act, 1933;
“the Act of 1935” means the Widows' and Orphans' Pensions Act, 1935;
“the Act of 1952” means the Social Welfare Act, 1952;
“the Act of 1963” means the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1963.
Increase of rates of old age pensions.
2.—(1) The rates of 35s. 0d., 30s. 0d., 25s. 0d., 20s. 0d., 15s. 0d., 10s. 0d., and 5s. 0d. set forth in the Table (inserted by the Act of 1963) to subsection (2) of section 77 of the Act of 1952 are each hereby increased by 2s 6d.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1964.
Increase of rates of unemployment assistance.
3.—(1) In the Act of 1933, for the Schedule thereto inserted by section 3 of the Act of 1963, there is hereby substituted the following:
“SCHEDULE
Rates of Unemployment Assistance
Classes of persons to whom the rates of unemployment assistance set out in this Schedule are applicable | Rate of unemployment assistance applicable to persons resident in any urban area | Rate of unemployment assistance applicable to persons resident in any other place |
per week | per week | |
Person without a dependant | 29s. 0d. | 23s. 0d. |
Person with an adult dependant | 52s. 6d. | 44s. 6d. |
Person with an adult dependant and one child dependant | 62s. 6d. | 54s. 6d. |
Person with an adult dependant and two or more child dependants | 72s. 6d. plus, | 64s. 6d. plus. |
where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | |
Person with one child dependant | 39s. 0d. | 33s. 0d. |
Person with two or more child dependants | 49s. 0d. plus, | 43s. 0d. plus, |
where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. | where there are more than two child dependants, 5s. for each child dependant in excess of two. |
”.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1964.
Increase of rates of widows' (non-contributory) pensions.
4.—(1) Section 20 (inserted by the Act of 1952) of the Act of 1935 is hereby amended by—
(a) the substitution of “exceed one hundred and ninety-five pounds and fifteen shillings” for “exceed one hundred and eighty-two pounds and fifteen shillings” in paragraph (b) (inserted by the Social Welfare (Miscellananeous Provisions) Act, 1962) of subsection (1),
(b) the substitution of “two hundred and eight pounds and fifteen shillings” for “one hundred and ninety-five pounds and fifteen shillings” and “six shillings” for “eight shillings and sixpence” (inserted by the Act of 1963) in subparagraph (i) of the said paragraph (b),
(c) the substitution of “one hundred and eighty-two pounds and fifteen shillings” for “one hundred and sixty-nine pounds and fifteen shillings”, “one hundred and ninety-five pounds and fifteen shillings” for “one hundred and eighty-two pounds and fifteen shillings”, “one hundred and eighty-two pounds, fifteen shillings and one penny” for “one hundred and sixty-nine pounds, fifteen shillings and one penny” and “six shillings” for “eight shillings and sixpence” (inserted by the Act of 1963) in subparagraph (ii) of the said paragraph (b), and
(d) the substitution for Table B of the following Table:
“TABLE B
Weekly Rates of Widows' (Non-Contributory) Pensions
Means of Widow | Widow, no qualified child | Widow, one qualified child | Widow, two or more qualified children | ||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||
s. d. | s. d. | s. d. | } | Plus, where there are more than two qualified children, five shillings for each qualified child in excess of two. | |
Where the yearly means of the widow, as duly calculated—do not exceed £52 10s. 0d. | 36 0 | 46 0 | 56 0 | ||
exceed £52 10s. 0d. but do not exceed £65 10s. 0d. | 31 0 | 41 0 | 51 0 | ||
exceed £65 10s. 0d. but do not exceed £78 10s. 0d. | 26 0 | 36 0 | 46 0 | ||
exceed £78 10s. 0d. but do not exceed £104 15s. 0d. | 21 0 | 31 0 | 41 0 | ||
exceed £104 15s. 0d. but do not exceed £117 15s. 0d. | 16 0 | 26 0 | 36 0 | ||
exceed £117 15s. 0d. but do not exceed £130 15s. 0d. | 11 0 | 21 0 | 31 0 | ||
exceed £130 15s. 0d. but do not exceed £143 15s. 0d. | 6 0 | 16 0 | 26 0 | ||
exceed £143 15s. 0d. but do not exceed £156 15s. 0d. | No pension | 11 0 | 21 0 | ||
exceed £156 15s. 0d. but do not exceed £169 15s. 0d. | No pension | 6 0 | 16 0 | ||
exceed £169 15s. 0d. but do not exceed £182 15s. 0d. | No pension | No pension | 11 0 | ||
exceed £182 15s. 0d. but do not exceed £195 15s. 0d. | No pension | No pension | 6 0 |
”.
(2) Subsection (1) of this section shall come into operation on the 1st day of August, 1964.
Increase of rates of old age pensions for qualified children.
5.—(1) Section 77 of the Act of 1952 is hereby amended by the deletion of subsection (2) and the insertion of the following subsections:
“(2) A pension shall, in lieu of any other rate, be—
(a) where the yearly means of the claimant or pensioner as duly calculated do not exceed one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings, at the rate set forth in the Table to this subsection, and
(b) where the yearly means of the claimant or pensioner as duly calculated exceed one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings, at the rate at which the pension would be payable if the yearly means of the claimant or pensioner as duly calculated exceeded one hundred and thirty pounds and fifteen shillings but did not exceed one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings, less five shillings for each amount (if any) of thirteen pounds by which the said yearly means exceed one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings, any fraction of thirteen pounds being treated for this purpose as thirteen pounds; provided that if the rate calculated pursuant to this paragraph, at which, but for this proviso, the pension would be payable is less than seven shillings and sixpence, the pension shall not be payable.
TABLE
Rate of Pension
Weekly Rates | |||||
Means of claimant or pensioner | Claimant or pensioner, no qualified child | Claimant or pensioner, one qualified child | Claimant or pensioner, two or more qualified children | ||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||
Where the yearly means of the claimant or pensioner as duly calculated— | s. d. | s. d. | s. d. | ||
do not exceed £52 10s. 0d. | 37 6 | 47 6 | 57 6 | } | Plus, where there are more than two qualified children, five shillings for each qualified child in excess of two. |
exceed £52 10s. 0d. but do not exceed £65 10s. 0d. | 32 6 | 42 6 | 52 6 | ||
exceed £65 10s. 0d. but do not exceed £78 10s. 0d. | 27 6 | 37 6 | 47 6 | ||
exceed £78 10s. 0d. but do not exceed £104 15s. 0d. | 22 6 | 32 6 | 42 6 | ||
exceed £104 15s. 0d. but do not exceed £117 15s. 0d. | 17 6 | 27 6 | 37 6 | ||
exceed £117 15s. 0d. but do not exceed £130 15s. 0d. | 12 6 | 22 6 | 32 6 | ||
exceed £130 15s. 0d. but do not exceed £143 15s. 0d. | 7 6 | 17 6 | 27 6 |
(2A) In applying the Table to subsection (2) of this section to that subsection—
(a) columns (1) and (3) shall have effect in case the claimant or pensioner has one qualified child (and not more),
(b) columns (1) and (4) shall have effect in case the claimant or pensioner has two or more qualified children,
(c) columns (1) and (2) shall have effect in any other case.
(2B) In this section ‘qualified child’ in relation to a claimant or pensioner means a child in respect of whom the claimant or pensioner is entitled to a children's allowance under the Social Welfare (Children's Allowances) Acts, 1944 to 1963.”
(2) Section 8 (as amended by the Act of 1963) of the Old Age Pensions Act, 1924, is hereby amended by the deletion in subsection (1) of “do not exceed one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings” and the insertion of “do not exceed—
(i) in case the person has no children (in this subsection referred to as qualified children) in respect of whom he is entitled to a children's allowance under the Social Welfare (Children's Allowances) Acts, 1944 to 1963, one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings,
(ii) in case the person has one qualified child or two qualified children, the sum of twenty-six pounds for each qualified child and one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings, and
(iii) in case the person has more than two qualified children, the sum of twenty-six pounds for each of two qualified children and thirteen pounds for each qualified child in excess of two and one hundred and forty-three pounds and fifteen shillings.”
(3) Rule 1 of the Seventh Schedule to the Act of 1952 shall have effect in calculating the means of a claimant or pensioner, in the case of a pension under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1964, as if in paragraph (II) the following subparagraph were substituted for subparagraph (j) (inserted by the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1960)—
“(j) in the case of a person who is not a blind person and who has a qualified child or qualified children who normally resides or reside with him all earnings derived by the person from an employment which is an employment specified in Part I of the First Schedule to this Act except and in so far as the annual amount of such earnings is calculated to exceed £39 for each such child.”
(4) This section shall come into operation on such day as the Minister may appoint by order.
Amendment of section 12 of Act of 1952.
6.—Section 12 of the Act of 1952 is hereby amended by the insertion in subsection (1) after subparagraph (c) of the following subparagraph:
“(cc) persons employed as teachers in training colleges recognised by the Minister for Education for teachers in national schools, or”.
Amendment of section 25 of Act of 1952.
7.—Section 25 of the Act of 1952 is hereby amended by the deletion in subsection (3) of “(subject to a limit of five hundred thousand pounds in each financial year)”.
Amendment of section 27 of Act of 1952.
8.—(1) Section 27 of the Act of 1952 is hereby amended by the insertion in subsection (1) after “unemployment benefit” of “or old age (contributory) pension”.
(2) Sections 9 and 10 of this Act and this section shall come into operation on such day as the Minister may appoint by order.
Amendment of section 28A of Act of 1952.
9.—Section 28A (inserted by the Social Welfare (Amendment) Act, 1960) of the Act of 1952 is hereby amended by the insertion in subsection (2) after “section 26” of “or subsection (1) of section 27”.
Amendment of Third Schedule to Act of 1952.
10.—The Third Schedule to the Act of 1952 is hereby amended by—
(a) the insertion in column (4) of Part I (inserted by the Act of 1963) at reference number 5 of “13”, and
(b) the insertion in column (5) of the said Part I at the said reference number 5 of “8”.
Operative date of reversals or revisions of certain decisions in relation to unemployment assistance.
11.—(1) Where, as a result of a reversal or revision of a decision, a person becomes entitled to hold a qualification certificate under the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1964, the person shall, for the purposes of those Acts, be deemed to have been the holder of a qualification certificate as on and from the date on which the decision as so reversed or revised came into effect.
(2) Where, as a result of a reversal or revision of a decision, a qualification certificate issued to a person under the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1964, is revoked, the person shall, for the purposes of those Acts, be deemed not to have been the holder of a qualification certificate as on and from the date on which the decision as so reversed or revised came into effect.
(3) Where, as a result of a reversal or revision of a decision, the statement of the weekly rate of means contained in a qualification certificate issued to a person under the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1964, is varied, the person shall, for the purposes of those Acts, be deemed to have been the holder of such certificate as he is entitled to hold under the decision as so reversed or revised as on and from the date on which the decision as so reversed or revised came into effect.
(4) The application for unemployment assistance of a person who becomes entitled to a qualification certificate as a result of a reversal or revision of a decision may be deemed to have been made on the date from which the decision as so reversed or revised came into effect or on any subsequent date.
(5) In this section “decision” means a decision of a deciding officer or an appeals officer in relation to a qualification certificate under the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1964.
Amendment of section 13 of Act of 1933.
12.—Section 13 of the Act of 1933 is hereby amended by the insertion in paragraph (b) of subsection (1) after subparagraph (xi) (inserted by the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1962) of the following subparagraph:
“(xii) where a person is engaged on a seasonal basis in the occupation of fishing, one-half of so much of the income derived therefrom as does not exceed. £80 per year and one-third of so much of such income as exceeds £80 per year but does not exceed £200 per year”.
Amendment of Act of 1935.
13.—(1) The following section is hereby inserted in the Act of 1935 in lieu of section 21 (inserted by the Social Welfare Act, 1948):
“21. A widow shall not be granted a widow's (non-contributory) pension unless she has not attained the age of seventy years.”
(2) Section 22 of the Act of 1935 is hereby amended by the deletion of subsection (2) (inserted by the Social Welfare Act, 1948).
Short title, construction and collective citations.
14.—(1) This Act may be cited as the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1964.
(2) This Act, in so far as it amends and extends the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1963, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1964, and in so far as it amends and extends the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1963, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1964, and in so far as it amends and extends the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1963, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1964, and in so far as it amends and extends the Social Welfare Acts, 1952 to 1963, shall be construed as one therewith and may be cited together therewith as the Social Welfare Acts, 1952 to 1964.