Uimhir 10 de 1980
AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ), 1980
[An tiontú oifigiúil]
[9 Meitheamh, 1980]
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967, an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971, an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1978, an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1980, a ghairm díobh le chéile.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Léiriú.
[1931, a.2; 1958, a.2]
3.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931;
ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958;
ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967;
ciallaíonn “gnó” aon cheird, gairm nó gnó, cibé acu le haghaidh luaíocht nó luach saothair nó nach ea atáthar ag gabháil dó, aon ghníomhaíocht chun seirbhísí cultúir, carthanachta, oideachais, sóisialta nó spóirt a sholáthar, agus freisin an tseirbhís phoiblí agus údarás arb éard é comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh, coimisinéirí baile, bord sláinte faoin Acht Sláinte, 1970, nó údarás cuain faoin Acht Cuanta, 1946, do chomhlíonadh aon fheidhmeanna dá gcuid;
ciallaíonn “teaghais rialaithe” teaghais rialaithe faoin Acht Srianta Cíosa, 1960;
ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Chuarda;
folaíonn “cúnant” coinníoll agus comhaontú agus aon fhorchoimeád, aon chuntar nó aon fhoráil eile den sórt sin i léas nó i dtionóntacht;
tá le “forbairt” agus “plean forbartha” na bríonna a shanntar leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;
ciallaíonn “neasléasóir” an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an uasleasa is neasa in áitreabh a theachtann aon duine eile faoi léas nó faoi chonradh tionóntachta eile nó ar shlí eile;
tá le “deimhniú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 55 (1);
tá le “toiliú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (2) (a);
tá le “fógra feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (1);
tá le “agóid i gcoinne feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (2) (c);
tá le “ordú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 52 (3);
tá le “geallúint feabhsúcháin” an bhrí a shanntar le halt 48 (2) (b);
ciallaíonn “tiarna talún” an té atá i dteideal de thuras na huaire an cíos a íocann tionónta áitribh ar an áitreabh sin a fháil (seachas mar ghníomhaire do dhuine eile) agus, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé duine a scoir de bheith i dteideal amhlaidh toisc a thionóntacht a bheith foirceanta;
ciallaíonn “léas” ionstraim i scríbhinn, cibé acu faoi shéala di nó nach ea, ina bhfuil conradh tionóntachta maidir le haon talamh i gcomaoin cíosa nó sochair agus folaíonn sé deontas feofheirme;
folaíonn “léasaí” tionónta agus ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasaí;
folaíonn “léasóir” tiarna talún agus ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal léasóra;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
tá le “údarás pleanála” an bhrí a shanntar leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963;
ciallaíonn “cead pleanála” cead chun talamh a fhorbairt más gá cead a fháil agus má thugtar é faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, agus, i gcás rialacháin faoi alt 25 den Acht sin do dhéanamh forála i dtaobh iarratas sracléaráide, folaíonn sé cead a thugtar ar iarratas den sórt sin;
ciallaíonn “réamhtheachtaithe i dteideal”—
(a) nuair a úsáidtear é maidir le tionónta, na tionóntaí go léir a bhí roimhe sin faoin tionóntacht chéanna leis an tionónta nó faoi aon tionóntacht ar comhleanúntas nó athnuachan, nó a meastar gur comhleanúntas nó athnuachan, uirthi an tionóntacht sin, agus
(b) nuair a úsáidtear é maidir le tiarna talún, na tiarnaí talún go léir roimh an tiarna talún sin;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoin Acht seo;
maidir leis “na hAchtanna Srianta Cíosa”, nuair a úsáidtear an teideal sin gan tagairt do bhlianta áirithe, folaíonn sé, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, tagairt don Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923, don Acht Srianta Cíosa, 1946, agus do na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967;
tá le “léas frithdhílse” an bhrí a shanntar le halt 30;
ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb éard é Aire Rialtais, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó Coimisiún Talún na hÉireann;
ciallaíonn “tionóntacht reachtúil” tionóntacht reachtúil faoin Acht Srianta Cíosa, 1946, nó faoin Acht Srianta Cíosa, 1960;
ciallaíonn “tionónta” an té atá i dteideal de thuras na huaire áitreabh a áitiú agus, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé duine a scoir de bheith i dteideal an áitithe sin toisc a thionóntacht a bheith foirceanta;
tá le “tionóntán” an bhrí a shanntar le halt 5;
tá le “fógra oibre” an bhrí a shanntar le halt 49 (1);
tá le “geallúint oibre” an bhrí a shanntar le halt 49 (2).
(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá i gceist.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó do roinn ar bith eile is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá i gceist.
(4) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán dá éis.
Srian le feidhm maidir leis an Stát.
[Nua]
4.—(1) San alt seo ciallaíonn “an dáta iomchuí” an dáta a bhfaighidh údarás Stáit leas léasóra nó neasléasóra in aon áitreabh.
(2) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, ní chuirfidh an tAcht seo ceangal ar údarás Stáit ina cháil mar léasóir nó mar neasléasóir ar aon áitreabh.
(3) I gcás ina bhfaighidh údarás Stáit leas léasóra nó neasléasóra in aon áitreabh tar éis thosach feidhme an Achta seo beidh feidhm ag alt 13 amhail is dá mba thagairtí don dáta iomchuí na habairtí “tráth ar bith” agus “an tráth sin” i bhfo-alt (1) den alt sin agus beidh feidhm dá réir ag Cuid II.
(4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás lena mbaineann fo-alt (3), beidh an tionónta i dteideal tionóntacht nua sa tionóntán a thosóidh ar fhoirceannadh na tionóntachta faoina mbeidh sé ar teachtadh an dáta iomchuí ach ní bheidh sé i dteideal aon athnuachan thairis sin ar a thionóntacht.
(5) I gcás lena mbaineann fo-alt (3) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ar shlí a dhícháileoidh aon duine chun cúiteamh a íoc leis as feabhsúcháin i leith cibé feabhsúcháin a bheidh déanta roimh an dáta iomchuí.
“Tionóntán”.
[Nua i bpt. of. 1931, a.2; 1960, a.54; 1967, Uimh. 10, a. 13(3)(i)]
5.—(1) San Acht seo ciallaíonn tionóntán—
(a) áitreabh a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(i) gur talamh é atá go hiomlán nó go páirteach faoi fhoirgnimh nó gur cuid shonraithe d'fhoirgneamh é;
(ii) más talamh é nach bhfuil ach cuid de faoi fhoirgnimh, go bhfuil an chuid den talamh nach bhfuil faoi na foirgnimh amhlaidh ag foghabháil agus ag comhghabháil leo;
(iii) gur faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú de bhua reachta, atá sé ar teachtadh ag a áititheoir;
(iv) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh agus a deir é bheith déanta mar shaoráid shealadach don léasóir nó don léasaí agus (más tar éis Acht 1931 a rith a rinneadh é) a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é; agus
(v) nach éard é an conradh tionóntachta ligean a rinneadh in aghaidh na tréimhse a leanfadh an duine a ghlac an ligean in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó ligean a bhraitheann ar an duine sin do leanúint amhlaidh;
nó
(b) áitreabh lena mbaineann alt 14 nó 15.
(2) Chun críocha fho-alt (1) (a) (iii), i gcás ina ndéanfaidh údarás Stáit áitreabh a theachtadh faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú dé bhua reachta, measfar an t-údarás a bheith ag áitiú an áitribh sin go heisiatach d'ainneoin é bheith á áitiú chun críocha údaráis eile Stáit.
(3) I gcás—
(a) duine do theachtadh áitribh faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú de bhua reachta, agus
(b) an duine sin a bheith i dteideal an t-áitreabh a áitiú, agus
(c) (i) an t-áitreabh a bheith á úsáid le cead an duine sin ag cuideachta phríobháideach chun gnó a sheoladh a bhí á sheoladh ag an duine sin féin san áitreabh go dtí an t-am ar thosaigh an chuideachta phríobháideach á sheoladh, nó
(ii) an t-áitreabh a bheith á úsáid, agus an duine sin ina chuideachta is cuideachta shealbhaíochta do chuideachta eile, ag an gcuideachta eile sin chun gnó a sheoladh, nó
(iii) an t-áitreabh a bheith á úsáid, agus an duine sin ina chuideachta is fochuideachta do chuideachta eile, ag an gcuideachta eile sin chun gnó a sheoladh, nó
(iv) an t-áitreabh a bheith á úsáid, agus an duine sin ina chuideachta is fochuideachta do chuideachta eile, ag fochuideachta eile den chuideachta eile sin chun gnó a sheoladh,
measfar, chun críocha fho-alt (1) (a) (iii), gurb í an chuideachta phríobháideach nó an chuideachta eile nó an fhochuideachta eile (de réir mar a bheidh) tionónta an áitribh agus gurb í a áitíonn an t-áitreabh sin go heisiatach.
(4) I bhfo-alt (3) tá le “cuideachta”, “cuideachta phríobháideach”, “cuideachta shealbhaíochta” agus “fochuideachta” na bríonna céanna faoi seach atá leo in Acht na gCuideachtaí, 1963.
Áitreabh arna sholáthar ag údaráis áitiúla.
[Nua i bpt. cf. 1931, a.3; féach 1966, Uimh. 21, a. 118 (1)]
6.—I gcás inar sholáthair nó ina soláthróidh nó ina meastar gur sholáthair nó go soláthróidh údarás tithíochta áitreabh faoi Acht na dTithe, 1966, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas mura mbeidh an t-áitreabh ligthe chun gnó a sheoladh san áitreabh go huile nó i gcuid de—
(a) má bhíonn an t-áitreabh á theachtadh ag an údarás tithíochta i bhfeo simplí, ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an áitreabh;
(b) má bhíonn an t-áitreabh á theachtadh ag an údarás tithíochta faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta atá sainráite nó intuigthe nó arna bhunú de bhua reachta, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an t-údarás tithíochta tionónta an áitribh agus gurb é a áitíonn an t-áitreabh sin go heisiatach.
Tionóntachtaí reachtúla faoin Acht Srianta Cíosa, 1960.
[1931, a.6]
7.—I gcás ina gcoimeádfaidh duine seilbh ar thionóntán de bhua an Achta Srianta Cíosa, 1960, measfar, chun críocha an Achta seo, maidir leis an tionóntacht atá arna bunú de bhua an Achta sin as an gcoimeád sin (cibé acu a thosaigh an coimeád roimh an Acht seo a rith nó dá éis) gur buanú í ar an tionóntacht arbh ar a foirceannadh a thosaigh an coimeád.
Dlínse na Cúirte Cuarda.
[1931, a.5 (2)]
8.—Beidh an dlínse a thugtar leis an Acht seo don Chúirt arna feidhmiú ag Breitheamh den Chúirt a bheidh sannta de thuras na huaire don Chuaird ina bhfuil an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh ar ina leith a bheidh an dlínse á feidhmiú.
Rialacháin.
[1931, a.7]
9.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Caiteachas.
[cf 1931, a.8]
10.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm agus forálacha iarmhartacha.
11.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.
(2) Beidh éifeacht leis an Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971, ionann is dá mba thagairtí d'fhorálacha comhréire an Achta seo na tagairtí d'fhorálacha Acht 1958.
(3) Aon fhógra a thabharfar faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo déileálfar leis, chun éileamh a dhéanamh faoin Acht seo, mar fhógra faoi fhoráil chomhréire an Achta seo ionann is dá mbeadh an fhoráil sin i bhfeidhm nuair a tugadh an fógra.
(4) Is fo-ailt iad fo-ailt (2) agus (3) atá gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937, lena bhforáiltear, i measc nithe eile, leanúint le himeachtaí atá ar feitheamh agus cearta agus dliteanais atá ann a chaomhnú.
Rialacha cúirte.
12.—Fad a bheidh rialacha cúirte chun críocha an Achta seo gan déanamh beidh feidhm ag na rialacha cúirte chun críocha aon achtacháin a aisghairtear leis an Acht seo chun na gcríocha sin fara cibé oiriúnuithe is gá.
CUID II
Ceart chun Tionóntachta nua.
Feidhm Chuid II.
[Nua. cf. 1931, a. 19]
13.—(1) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le tionóntán tráth ar bith más rud é—
(a) go raibh an tionóntán, ar feadh iomlán na tréimhse trí bliana dar chríoch an tráth sin, á áitiú go leanúnach ag an duine arbh é an tionónta é díreach roimh an tráth sin nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal agus á úsáid bona fide go hiomlán nó go páirteach chun gnó a sheoladh, nó
(b) go raibh an tionóntán, ar feadh iomlán na tréimhse fiche bliain dar chríoch an tráth sin, á áitiú go leanúnach ag an duine arbh é an tionónta é díreach roimh an tráth sin nó ag a réamhtheachtaithe i dteideal, nó
(c) go mbeidh feabhsúcháin déanta ar an tionóntán agus go mbeadh an tionónta, mura mbeadh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tionóntán, i dteideal cúiteamh a fháil as na feabhsúcháin sin faoi Chuid IV agus nach 1ú ná leath de luach ligin an tionóntáin an tráth sin an méid is inchurtha i leith na bhfeabhsúchán sin.
(2) Chun críche fho-alt (1) (a) déanfar neamhshuim de bhearna shealadach in úsáid an tionóntáin má mheasann an Chúirt gur réasúnach neamhshuim a dhéanamh de.
Cuid II do bhaint le háitreabh gnó a dírialaíodh leis an Acht Srianta Cíosa, 1960.
[1960, a.54 i bpt.]
14.—(1) Baineann an Chuid seo freisin le háitreabh arbh éard é, díreach roimh thosach feidhme an Achta Srianta Cíosa, 1960, áitreabh gnó rialaithe faoin Acht Srianta Cíosa, 1946, nárbh éard a ligean—
(a) ligean a rinneadh agus a deir é a bheith déanta mar shaoráid shealadach don tiarna talún nó don tionónta agus (más tar éis Acht 1931 a rith a rinneadh é) a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é, nó
(b) ligean a rinneadh in aghaidh na tréimhse a leanfadh an tionónta in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó ligean a bhraitheann ar an tionónta sin do leanúint amhlaidh.
(2) I gcás an t-áitreabh a bheith, díreach roimh thosach feidhme an Achta Srianta Cíosa, 1960, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, ansin, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, measfar an t-áitreabh a bheith ar teachtadh ag an tionónta faoin tionóntacht sin ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon téarmaí agus ar aon choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra fágála trí mhí ar a laghad (a rachaidh in éag aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh.
Cuid II do bhaint le teaghaisí a dírialaíodh leis an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967.
[1967, Uimh. 10, a. 13 i bpt.]
15.—(1) Baineann an Chuid seo freisin le teaghais is teach nó árasán glanscartha ar leithligh arbh éard í díreach roimh an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967, a rith teaghais rialaithe ar mó a luacháil inrátaithe—
(a) más i gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath nó i mbuirg Dhún Laoghaire di, ná £40 (más teach í) nó £30 (más árasán í), agus
(b) in aon chás eile, ná £30 (más teach í) nó £20 (más árasán í) , agus nárbh éard a ligean—
(i) ligean a rinneadh agus a deir é a bheith déanta mar shaoráid shealadach don tiarna talún nó don tionónta agus (más tar éis dáta Acht 1931 a rith a rinneadh é) a insíonn cad é an cineál saoráide sealadaí é, nó
(ii) ligean a rinneadh in aghaidh na tréimhse a leanfadh an tionónta in aon oifig, fostaíocht nó ceapachán nó ligean a bhraitheann ar an tionónta sin do leanúint amhlaidh.
(2) Baineann an Chuid seo freisin le teaghais, is teach ar mó ná £10 a luacháil inrátaithe, ar teach é a bhfuil fear nó bean neamhphósta os cionn 21 bliain agus faoi bhun 65 bliana d'aois tar éis teacht chun bheith ina thionónta uirthi tar éis an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967, a rith agus ar theaghais rialaithe í díreach sular tháinig sé nó sí chun bheith ina thionónta uirthi.
(3) I gcás teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith, díreach roimh an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967, a rith, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, measfar, ó dháta an Achta sin a rith, an teaghais a bheith ar teachtadh ag an tionónta faoin tionóntacht sin ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon téarmaí agus ar aon choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra fágála trí mhí ar a laghad (a rachaidh in éag aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh.
(4) I gcás teaghais dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a bheith, díreach roimh an am a tháinig an duine dá dtagraítear san fho-alt sin chun bheith ina thionónta ar an teaghais sin, ar teachtadh faoi thionóntacht reachtúil, measfar, ón am sin, an teaghais a bheith ar teachtadh ag an duine sin ón tiarna talún faoi thionóntacht ar aon téarmaí agus ar aon choinníollacha leis an tionóntacht reachtúil ach amháin go bhféadfaidh an tiarna talún, trí fhógra fágála trí mhí ar a laghad (a rachaidh in éag aon lá a shonrófar chuige sin san fhógra) a sheirbheálfar ar an tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh.
(5) (a) An fheidhm a thugtar de bhua an ailt seo don Chuid seo maidir le teaghais scoirfidh sí ar an tiarna talún a theacht i seilbh na teaghaise.
(b) I mír (a) ciallaíonn “seilbh” seilbh iarbhír, agus ní mheasfar tiarna talún a theacht i seilbh de bhíthin amháin athrú tionóntachta a rinneadh lena thoiliú.
Ceart ag tionónta chun tionóntachta nua.
[1931, a. 20]
16.—Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás ina mbaineann an Chuid seo le tionóntán, beidh teideal ag an tionónta chun tionóntachta nua sa tionóntán a thosóidh ar fhoirceannadh na tionóntachta a bhí aige roimhe sin agus is ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir an tionónta agus an duine nó na daoine a dheonóidh an tionóntacht nua nó a bheidh uamtha ina deonú nó, mura gcomhaontófar amhlaidh, ar cibé téarmaí a shocróidh an Chúirt, a bheidh an tionóntacht nua.
Srianta leis an gceart chun tionóntachta nua.
[Nua i bpt. cf. 1931, aa. 21, 22 i bpt.; 1963, a. 79(2)]
17.—(1) (a) Ní bheidh teideal ag tionónta chun tionóntachta nua faoin gCuid seo más rud é—
(i) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh mar gheall ar neamhíoc cíosa, cibé acu a leagadh amach na himeachtaí mar eisiachtain i leith neamhíoc cíosa, mar eisiachtain i leith rósheilbhe nó mar eisiachtain ar an teideal bunaithe ar fhorghéilleadh, nó
(ii) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh trí eisiachtain, trí fhógra fágála nó ar shlí eile mar gheall ar gur sháraigh an tionónta ceann de chúnaint na tionóntachta, nó
(iii) go ndearna an tionónta an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra géillte nó ar shlí eile, nó
(iv) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra fágála ón tiarna talún ar chúis leormhaith, nó
(v) gur fhoirceann an tionóntacht ar shlí seachas trí fhógra fágála agus gur dhiúltaigh an tiarna talún í a athnuachan ar chúis leormhaith nó go mbeadh cúis leormhaith aige diúltú í a athnuachan dá n-iarrfaí air sin a dhéanamh.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “cúis leormhaith” cúis a eascraíonn as gníomh nó iompar éigin ar thaobh an tionónta nó a tharlaíonn dá dhroim sin nó is inchurtha ina leith agus arb é tuairim na Cúirte, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, gur cúis leormhaith í chun an tionóntacht a fhoirceannadh nó diúltú í a athnuachan (cibé acu é).
(2) (a) Ní bheidh tionónta i dteideal tionóntachta nua faoin gCuid seo más dóigh leis an gCúirt—
(i) go bhfuil ar intinn ag an tiarna talún nó go bhfuil comhaontaithe aige na foirgnimh nó aon chuid de na foirgnimh atá ar áireamh sa tionóntán a leagan agus a atógáil nó a athfhoirgniú agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na hoibre, nó
(ii) go bhfuil seilbh ghlan ag teastáil ón tiarna talún chun scéim forbartha maoine, ar cuid di an tionóntán, a chur i gcrích agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na scéime, nó
(iii) gurb amhlaidh, agus an tiarna talún ina údarás pleanála, gurb é áit a bhfuil an tionóntán nó aon chuid de i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachan mar limistéar a dtarlaíonn dó a bheith ina limistéar neamhfhóinteach, nó
(iv) gurb amhlaidh, agus an tiarna talún ina údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941, go mbeidh seilbh ag teastáil uaidh, faoi cheann tréimhse cúig bliana ón tionóntacht láithreach foirceannadh, chun aon chríche dá bhfuil an t-údarás áitiúil i dteideal maoin a fháil go héigeantach, nó
(v) ar chúis ar bith nach mbeadh bunú tionóntachta nua ag cur le dea-bhainistí eastáit.
(b) I gcás teaghaisí agus áitribh ghnó áirithe lena mbaineann an fo-alt seo tá an tionónta i dteideal cúiteamh i ndíshocraíocht a fháil faoi Chuid IV.
(3) Más deimhin leis an gCúirt—
(a) go mbeadh tionónta i dteideal tionóntachta nua murach fomhír (i), (ii), (iii), nó (iv) d'fho-alt (2) (a), agus
(b) nach mbeidh seilbh ag teastáil ón tiarna talún chun na gcríocha a luaitear san fhomhír iomchuí go mbeidh tréimhse sé mhí ar a laghad caite,
féadfaidh an Chúirt, má iarrann an tionónta é, an tionóntacht láithreach a bhuanú go dtí go bhfoirceannfaidh an tiarna talún í chun na gcríocha sin trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil sé mhí roimh ré, ach sin ar an gcoinníoll go mbeidh buanú na tionóntachta gan dochar do cheart an tionónta chun faoisimh faoin Acht seo ar an tionóntacht bhuanaithe foirceannadh.
(4) Más rud é, i gcás inar diúltaíodh d'iarratas ar thionóntacht nua ar fhoras a luaitear i bhfomhír (i) nó (ii) d'fho-alt (2) (a), gur dóigh leis an gCúirt nach bhfuil an tiarna talún, laistigh de thráth réasúnta, tar éis beart a dhéanamh de réir na hintinne, an chomhaontaithe nó na críche, cibé acu é, ar ar diúltaíodh don iarratas sin, féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna talún cibé suim is cuí léi a íoc leis an tionónta mar dhamáistí pionósacha.
Forálacha a bhaineann le tionóntacht nua a dhámhachtain.
[1931, a.27 i bpt.]
18.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina mbreithneoidh an Chúirt, ar iarratas ar thionóntacht nua faoin gCuid seo, go bhfuil an tionónta i dteideal tionóntachta nua.
(2) Socróidh an Chúirt téarmaí na tionóntachta nua agus déanfaidh sí ordú á cheangal ar an tiarna talún agus ar aon uastiarna talún is gá a uamadh tionóntacht nua a dheonú nó uamadh ina deonú agus á cheangal ar an tionónta glacadh leis an tionóntacht nua dá réir sin.
(3) Deonóidh an duine nó na daoine sin conradh tionóntachta nua i scríbhinn i leith an tionóntáin nó uamfaidh sé nó siad ina dheonú agus glacfaidh an tionónta leis ar na téarmaí a shonrófar san ordú, ag tosú le foirceannadh na tionóntachta a bhí ann.
(4) Ní bheidh an tionónta i dteideal cúitimh i leith foirceannadh na tionóntachta a bhí aige.
(5) Má tharlaíonn díospóid, faillí nó ceist ar bith i gcomhlíonadh an ordaithe féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais.
Forálacha i gcás nach mbeidh tionónta i dteideal tionóntachta nua.
[1931, a.27 i bpt.]
19.—Má bhreithníonn an Chúirt, de dhroim iarratais ar thionóntacht nua faoin gCuid seo, nach bhfuil an tionónta i dteideal tionóntachta nua—
(a) i gcás go mbeidh éileamh mar mhalairt ar chúiteamh san fhógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh, déanfaidh an Chúirt an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh agus socróidh sí méid aon chúitimh.
(b) i gcás nach mbeidh éileamh mar mhalairt ar chúiteamh san fhógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón tionónta, más cuí leis an gCúirt sin a dhéanamh ag féachaint d'imthosca uile an cháis, an fógra a leasú i cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt trí éileamh mar mhalairt ar chúiteamh a chur isteach ann agus leis sin déileáil leis an éileamh sin de réir mhír (a).
Fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh.
[Nua i bpt. cf. 1931, a.24; 1960, a.54 (2)(iv), (vi); 1967, Uimh. 10, a. 13 (3)(iii), (vi)]
20.—(1) Ní shaothrófar éileamh ar thionóntacht nua faoin gCuid seo mura seirbheálfaidh an t-éilitheoir, laistigh den teorainn ama atá leagtha amach i bhfo-alt (2), ar gach duine a bhfuiltear leis an éileamh a dhéanamh ina choinne, fógra san fhoirm fhorordaithe go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh.
(2) Féadfar fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh a sheirbheáil—
(a) i gcás tionóntacht foirceannadh trí théarma blianta nó trí thréimhse cinnte eile a bheith caite nó trí aon teagmhas cinnte eile—
(i) roimh fhoirceannadh na tionóntachta, nó
(ii) tráth ar bith dá éis sin ach sula mbeidh trí mhí caite tar éis don tiarna talún fógra san fhoirm fhorordaithe i dtaobh an téarma nó an tréimhse a bheith caite nó i dtaobh an teagmhas a bheith tar éis tarlú a sheirbheáil (tráth nach luaithe ná trí mhí roimh fhoirceannadh na tionóntachta) ar an éilitheoir;
(b) i gcás tionóntacht foirceannadh trí thitim saoil nó trí aon teagmhas neamhchinnte eile—tráth ar bith ach sula mbeidh trí mhí caite tar éis don tiarna talún fógra san fhoirm fhorordaithe go bhfuil an teagmhas tar éis tarlú a sheirbheáil ar an éilitheoir;
(c) i gcás tionóntacht is infhoirceanta trí fhógra fágála—tráth ar bith ach sula mbeidh trí mhí (nó, i gcás áitribh lena mbaineann alt 14 nó 15, sé mhí) caite tar éis an fógra a sheirbheáil;
(d) i gcás tionóntacht lena mbaineann alt 29—laistigh de shé mhí tar éis thosach feidhme an Achta seo.
(3) Féadfaidh éileamh mar mhalairt ar chúiteamh a bheith san fhógra.
Iarratas ar fhaoiseamh.
[Nua. cf. 1931, a. 25]
21.—(1) Aon duine a sheirbheálfaidh fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh féadfaidh sé, tráth ar bith nach luaithe ná mí dá éis sin, a iarraidh ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh maidir lena cheart chun faoisimh agus (de réir mar a bheidh) méid an chúitimh nó téarmaí na tionóntachta nua a mbreithneofar teideal a bheith aige chuici a shocrú.
(2) Mura ndéanfaidh sé amhlaidh laistigh de thrí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, féadfaidh aon duine ar ar seirbheáladh an fógra a iarraidh ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh maidir leis na hábhair lena mbaineann an fógra.
(3) Féadfar iarratas faoin alt seo a dhéanamh, a éisteacht agus a chinneadh roimh fhoirceannadh na tionóntachta agus ina oirchill nó dá éis.
An tiarna talún do thairiscint tionóntacht nua in ionad cúitimh.
[1931, a. 28]
22.—(1) I gcás ina seirbheálfaidh an tionónta fógra ar an tiarna talún go bhfuiltear chun cúiteamh a éileamh faoi Chuid IV i leith feabhsúchán, féadfaidh an tiarna talún, aon uastiarna talún nó aon bheirt nó níos mó ná beirt díobh sin, fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil laistigh de dhá mhí ar an tionónta ag tairiscint tionóntacht nua dó sa tionóntán ar théarmaí a shonrófar san fhógra nó ar théarmaí a shocróidh an Chúirt.
(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ag tairiscint tionóntacht nua don tionónta ar théarmaí a shonrófar san fhógra—
(a) féadfaidh an tionónta, laistigh de mhí, fógra san fhoirm fhorordaithe ag glacadh leis an tionóntacht nua a sheirbheáil ar an duine nó ar na daoine a sheirbheáil an fógra;
(b) sa chás sin, déanfaidh an duine nó na daoine sin conradh nua tionóntachta i scríbhinn i leith an tionóntáin a dheonú láithreach ar na téarmaí a bheidh sonraithe san fhógra a sheirbheáladh ar an tionónta, ag tosú le foirceannadh na tionóntachta a bhí ann agus glacfaidh an tionónta leis an gconradh sin láithreach;
(c) féadfaidh an tionónta, ina ionad sin, fógra ag diúltú don tionóntacht nua a sheirbheáil ar an duine nó ar na daoine sin laistigh de mhí;
(d) sa chás sin féadfaidh an tionónta dul ar aghaidh lena iarratas ar fhaoiseamh i modh cúitimh i leith feabhsúchán, ach—
(i) ar an iarratas a éisteacht féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi go bhfuil an tionónta i dteideal an fhaoisimh sin, in ionad an faoiseamh sin a dhámhachtain, ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine riachtanach nó ar na daoine riachtanacha tionóntacht nua sa tionóntán a dheonú agus á cheangal ar an tionónta glacadh léi ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt (faoi réir fhorálacha an Achta seo) agus a shonróidh sí san ordú, agus
(ii) ar an ordú sin a dhéanamh déanfaidh an duine riachtanach nó na daoine riachtanacha conradh tionóntachta i scríbhinn i leith an tionóntáin a dheonú láithreach ar na téarmaí a shonrófar san ordú agus glacfaidh an tionónta leis an gconradh láithreach.
(3) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ag tairiscint tionóntacht nua ar théarmaí a bheidh le socrú ag an gCúirt—
(a) féadfaidh an duine nó na daoine a sheirbheáil an fógra nó féadfaidh an tionónta a iarraidh ar an gCúirt ordú a dhéanamh ag socrú téarmaí na tionóntachta nua,
(b) ar an ordú sin a dhéanamh, déanfaidh an duine riachtanach nó na daoine riachtanacha conradh tionóntachta i scríbhinn i leith an tionóntáin a dheonú láithreach ar na téarmaí a shonrófar san ordú, agus glacfaidh an tionónta leis an gconradh láithreach.
(4) I gcás ina gceanglófar leis an alt seo nó le hordú faoin alt seo ar aon duine nó ar aon daoine agus ar an tionónta tionóntacht nua a dheonú agus glacadh léi, faoi seach, ní bheidh an tionónta i dteideal cúitimh mar gheall ar a thionóntacht foirceannadh roimh an tionóntacht nua.
(5) I gcás ina gceanglófar leis an alt seo nó le hordú faoin alt seo, ar aon duine nó ar aon daoine agus ar an tionónta tionóntacht nua a dheonú agus glacadh léi, faoi seach, agus i gcás go dtarlóidh díospóid, faillí nó ceist ar bith faoi dheonú na tionóntachta agus faoi ghlacadh léi, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais.
An Chúirt do shocrú téarmaí na tionóntachta nua.
[Nua i bpt. cf. 1931, a. 29]
23.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina socróidh an Chúirt téarmaí tionóntachta nua faoin gCuid seo.
(2) Socróidh an Chúirt gur cúig bliana is tríocha nó cibé téarma is lú ná sin a ainmneoidh an tionónta ré na tionóntachta.
(3) Ní bheidh an cíos is iníoctha ag an tionónta faoin tionóntacht nua níos lú (faoi mar is gá sa chás) ná an cíos is iníoctha ag an tiarna talún i leith an tionóntáin nó cibé cionúireacht den chíos is iníoctha ag an tiarna talún i leith an tionóntáin agus maoine eile i gcás ar cionúireacht í is dóigh leis an gCúirt bheith inchurtha go cóir i leith an tionóntáin.
(4) Faoi réir fho-alt (3), is é a bheidh sa chíos an cíos comhlán arna laghdú, mar is cuí, de mhéid an lamháltais i leith feabhsúchán dá bhforáiltear le fo-alt (6).
(5) Is é a bheidh sa chíos comhlán an cíos is dóigh leis an gCúirt a thabharfadh léasaí toilteanach nach bhfuil ag áitiú cheana féin agus a ghlacfadh léasóir toilteanach ar an tionóntán, i ngach cás ar an bhforas go dtabharfaí seilbh ghlan, ag féachaint do théarmaí eile na tionóntachta agus do luachanna ligin tionóntán dá shamhail agus i limistéar inchomhórtais leis an limistéar ina bhfuil an tionóntán, ach gan féachaint d'aon cháilmheas a ghabhann leis an tionóntán.
(6) Is é a bheidh sa lamháltas i leith feabhsúchán an chionúireacht sin den chíos comhlán is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith feabhsúcháin a rinne an tionónta nó a réamhtheachtaithe i dteideal agus a mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán maidir leo dá mba rud é (cibé acu é) nach raibh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tionóntán nó nár bunaíodh an tionóntacht nua.
(7) Féadfaidh an Chúirt, mar cheann de théarmaí na tionóntachta nua, a cheangal ar an tionónta ceaptha suim shonraithe airgid a chaitheamh, laistigh de cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt, ag déanamh deisiúcháin shonraithe (lena n-áirítear péinteáil le haghaidh buanchoimeád ach nach n-áirítear péinteáil le haghaidh maisiú amháin) ar an tionóntán agus féadfaidh sí a údarú deonú na tionóntachta nua a chur siar go dtí go gcomhlíonfar an ceanglas.
(8) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an tionónta ceaptha ceanglas faoi fho-alt (7) a chomhlíonadh beidh de chumhacht ag an gCúirt a dhearbhú go bhfuil sé tar éis a cheart chun tionóntachta nua a fhorghéilleadh agus aon ordú á dheonú sin dó a urscaoileadh.
(9) Beidh an tionóntacht nua faoi réir cibé cúnaint ar a gcomhaontóidh na páirtithe nó, cheal comhaontú, de réir mar a chinnfidh an Chúirt.
Cíos a athbhreithniú.
[Nua]
24.—(1) I gcás tionóntacht nua faoin gCuid seo arb í an Chúirt a shocraigh a téarmaí—
(a) beidh an tiarna talún nó an tionónta i dteideal a iarraidh ar an gCúirt an cíos a athbhreithniú tráth ar bith tar éis cúig bliana a bheith caite ón dáta ar socraíodh na téarmaí;
(b) féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta athbhreithniú eile ar an gcíos a iarraidh tráth ar bith tar éis cúig bliana a bheith caite ón gcéad athbhreithniú nó ó aon athbhreithniú dá éis sin.
(2) Déanfaidh an duine a bheidh ag lorg an athbhreithnithe fógra míosa a sheirbheáil ar an bpáirtí eile go bhfuiltear chun athbhreithniú ar an gcíos a iarraidh.
(3) Cheal comhaontú ar an gcíos, beidh an duine a bheidh ag lorg an athbhreithnithe i dteideal a iarraidh ar an gCúirt, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, an cíos a athbhreithniú.
(4) Cheal comhaontú, beidh an cíos a shocrófar ar an athbhreithniú sin iníoctha cibé dáta acu seo a leanas is déanaí—
(a) an chéad lá gála tar éis an fógra a sheirbheáil go bhfuiltear chun athbhreithniú a iarraidh, nó
(b) (i) i gcás gan athbhreithniú a bheith déanta roimhe sin ar an gcíos, an chéad lá gála tar éis an athbhreithnithe,
(ii) i gcás athbhreithniú a bheith déanta roimhe sin ar an gcíos, cúig bliana tar éis an chéad lá gála i ndiaidh an athbhreithnithe a rinneadh roimhe sin.
Modhnú ar ailt 23 agus 24 i gcás teaghaisí lena mbaineann alt 15.
[1967, Uimh. 10, a. 13(3)(viii)]
25.—(1) I gcás teaghais lena mbaineann alt 15, beidh feidhm ag ailt 23 agus 24 faoi réir fhorálacha an ailt seo.
(2) Mura mbeidh téarmaí tionóntachta nua don teaghais socraithe ar aon ócáid roimhe sin ag an gCúirt faoi Acht 1931 nó faoin gCuid seo agus gur deimhin leis an gCúirt gur chúis chruálachta don tionónta íoc an chíosa a shocrófaí ar leithligh ón bhforáil seo, socróidh an Chúirt an cíos is iníoctha ag an tionónta faoin tionóntacht nua ar shuim (nach lú ná an cíos láithreach) is deimhin leis an gCúirt, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, lena n-áirítear aon chruálacht ar an tiarna talún, is ceart a cheangal ar an tionónta a íoc agus beidh éifeacht ag alt 23(2) ionann is dá gcuirfí “deich mbliana ar a mhéid” in ionad “cúig bliana is tríocha nó cibé téarma is lú ná sin a ainmneoidh an tionónta” agus ní bheidh feidhm ag alt 24 maidir leis an gcíos a shocrófar amhlaidh.
(3) In aon chás eile, beidh éifeacht le halt 23(6) ionann is dá gcuirfí “(roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis nó roimh Acht 1931 nó an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967, a rith nó dá éis) a chuireann, tráth an iarratais chun na-Cúirte, le luach ligin an tionóntáin agus atá oiriúnach dó,” in ionad “agus a mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán maidir leo dá mba rud é (cibé acu é) nach raibh feidhm ag an gCuid seo maidir leis an tionóntán nó nár bunaíodh an tionóntacht nua”.
Tionóntacht a fhoirceannadh tar éis ordú a dhéanamh do thionóntacht nua.
[Nua]
26.—Má tharlaíonn tar éis ordú a dhéanamh faoin gCuid seo nó faoi Acht 1931 do thionóntacht nua, go ndéanfar an tionóntacht láithreach a fhoirceannadh i slí nach mbeadh an tionónta i dteideal tionóntachta nua faoi alt 17(1), ansin—
(a) mura mbeidh an tionóntacht nua deonaithe, scoirfidh an oibleagáid í a dheonú, agus
(b) má bhíonn sí deonaithe, beidh sí ar neamhní.
Tionóntachtaí láithreacha a bhuanú.
[1931, a. 35]
27.—I gcás tionóntacht a bhuanú nó a athnuachan nó tionóntacht nua a bhunú faoin gCuid seo, beidh an tionóntacht bhuanaithe, athnuaite nó nua, nó measfar í bheith, chun críocha an Achta seo, ina buanú ar an tionóntacht a bhí ann roimhe sin agus measfar chun gach críche gur greamacht í ar an tionóntacht sin agus beidh an leas a bheidh ag an tionónta fúithi faoi réir aon chearta nó cothromais a thiocfaidh as í bheith ina greamacht amhlaidh.
Ceart ag tionónta leanúint ag áitiú go dtí go ndéanfar cinneadh.
[1931, a.38]
28.—I gcás iarratas ar thionóntacht nua nó chun téarmaí tionóntachta nua a shocrú a bheith ar feitheamh faoin gCuid seo agus gur foirceannadh an tionóntacht a bhí ann roimhe sin seachas trí eisiachtain nó trí fhorghéilleadh, féadfaidh an tionónta, más mian leis é, leanúint ag áitiú an tionóntáin ó fhoirceannadh na tionóntachta go dtí go ndéanfaidh an Chúirt nó, i gcás achomhairc, an chúirt achomhairc dheiridh an t-iarratas a chinneadh agus fad a leanfaidh sé ag áitiú amhlaidh beidh an tionónta faoi réir théarmaí (lena n-áirítear cíos a íoc) na tionóntachta sin ach sin gan dochar do cibé aisíoc agus athchoigeartú is gá i gcás tionóntacht nua a dheonú le tosú ón bhfoirceannadh sin.
Foirceannadh tionóntachta roimh thosach feidhme an Achta seo.
[1931, a.39]
29.—Más rud é, ar thionóntacht tionóntáin a bheith foirceanta roimh thosach feidhme an Achta seo, go mbeidh an tionónta ar an tosach feidhme sin i seilbh an tionóntáin faoi thionóntacht is intuigthe ó ghníomhartha na bpáirtithe nó faoi thionóntacht reachtúil faoi na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, nó mar thionónta ar thoil nó ar shlí eile, gan tionóntacht nua a fháil, measfar, chun críocha an Achta seo, an tionóntacht a bheith arna foirceannadh díreach tar éis an tosach feidhme sin agus beidh feidhm ag an Acht seo dá réir sin.
CUID III
Léasanna Frithdhílse
Léas frithdhílse.
[cf. 1958, aa. 4, 11, 12 i bpt.; 1978 (Uimh. 1), a.2(2)]
30.—(1) San Acht seo ciallaíonn “léas frithdhílse” léas faoin gCuid seo.
(2) (a) Aon duine a bhfuil nó a raibh talamh ar teachtadh aige faoi léas beidh teideal aige chun léasa fhrithdhílse ar an talamh faoi réir alt 33 má chomhlíontar na coinníollacha a shonraítear in alt 9 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 (lena ndéantar foráil i dtaobh léasaithe d'fháil an fheo shimplí).
(b) Beidh feidhm ag alt 9(1)(2) agus ag ailt 10 go 12 agus 14 den Acht sin maidir leis an gceart chun léasa fhrithdhílse.
(c) Folóidh an tagairt d'iarratas i gcoinníoll 2 d'alt 10 den Acht sin iarratas faoi alt 31 agus folóidh an tagairt do léas frithdhílse i gcoinníoll 6 den alt sin 10 léas frithdhílse de réir bhrí an ailt seo.
(3) Ní bheidh feidhm ag alt 2(1) den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1978 (a chuireann srian leis an gceart léasanna a bhunú ar theaghaisí) nuair is léas frithdhílse an léas.
Iarratas chun léas frithdhílse a fháil.
[Nua i bpt. cf. 1958, aa. 11 i bpt., 12 i bpt., 13 i bpt., 14; 1967, a.25]
31.—(1) Aon duine a mbeidh teideal aige chun léasa fhrithdhílse féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun a neasléasóra le léas frithdhílse ar an talamh a theachtann sé a fháil ón léasóir sin—
(a) ar dháta nach luaithe ná cúig bliana déag roimh an dáta a rachaidh a léas láithreach in éag, agus
(b) ar dháta nach déanaí ná an dáta a rachaidh an léas in éag nó nach déanaí ná trí mhí ón dáta a sheirbheálfaidh a neasléasóir nó aon uasléasóir fógra air i dtaobh an léas do dhul in éag, cibé dáta díobh is déanaí.
(2) Ní bheidh an fógra bailí ach amháin i gcás ina seirbheálfar é ar dháta nach luaithe ná trí mhí roimh an léas do dhul in éag.
(3) I gcás ina n-iarrfar léas frithdhílse roimh éag don léas faoina dteachtann an t-iarratasóir, tosóidh an léas, má dheonaítear é, ar éag don léas a bhí ann roimhe sin nó ar cibé dáta eile ar a gcomhaontófar idir na páirtithe.
(4) In aon chás eile, tosóidh an léas frithdhílse ar cibé dáta ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó, cheal comhaontú, ar an dáta a n-iarrfar an léas.
Daoine ar a bhfuil ceangal léasanna frithdhílse a dheonú.
[1958, a.24(1)(2)]
32.—(1) I gcás teideal a bheith ag duine chun léasa fhrithdhílse beidh de cheangal ar a neasléasóir an léas a dheonú dó.
(2) Má theachtann an neasléasóir an talamh in aghaidh téarma is giorra ná an téarma dá mbeidh an léas frithdhílse le deonú beidh de cheangal ar a neasléasóir agus ar cibé uasléasóirí riachtanacha (más ann) uamadh i ndeonú an léasa.
Srianta leis an gceart chun léasa fhrithdhílse.
[Nua i bpt. cf. 1958, aa. 15, 16 i bpt.; 1963, a. 79 (3)]
33.—(1) Ní bheidh teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse ar an talamh nó ar aon chuid den talamh má dheimhníonn páirtí riachtanach i ndeonú an léasa don Chúirt—
(a) gur eastát ruílse nó leas in aghaidh téarma nach giorra ná cúig bliana déag a leas i bhfrithdhílse sa talamh, agus
(b) (i) go mbeartaíonn sé nó gur chomhaontaigh sé na foirgnimh go léir nó mórchuid de na foirgnimh ar an talamh a leagan agus iad a atógáil nó a athfhoirgniú agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na hoibre, nó
(ii) go bhfuil seilbh ghlan ag teastáil uaidh ar an talamh chun scéim forbartha maoine, ar cuid di an talamh, a chur i gcrích agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na scéime, nó
(iii) ar chúis ar bith nach mbeadh deonú léasa fhrithdhílse ag cur le dea-bhainistí eastáit.
(2) Ní bheidh teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse má dheimhníonn údarás pleanála, ar páirtí riachtanach i ndeonú an léasa é, don Chúirt, i gcás inar léas ar iomlán na talún an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachan mar limistéar a dtarlaíonn dó a bheith ina limistéar neamhfhóinteach nó, i gcás inarbh léas ar chuid den talamh an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an chuid sin nó aon chuid den chuid sin i limistéar den sórt sin.
(3) Ní bheidh teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse ar thalamh a úsáidtear go hiomlán nó go páirteach chun gnó a sheoladh más rud é, maidir le húdarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941, agus an t-údarás sin ina pháirtí riachtanach i ndeonú an léasa, go mbeidh seilbh ag teastáil ón údarás sin faoi cheann tréimhse cúig bliana ón léas láithreach foirceannadh chun aon chríche dá bhfuil an t-údarás áitiúil i dteideal maoin a fháil go héigeantach.
(4) Aon duine ar dearbhaíodh faoi fho-alt (1), (2) nó (3) nach raibh teideal aige chun léasa fhrithdhílse beidh teideal aige fanúint i seilbh na talún, ar cibé téarmaí is cuí leis an gCúirt, go dtí go mbeidh an duine ar éirigh lena agóid i gcoinne deonú an léasa nó a chomharba i dteideal tar éis teacht chun teideal a bheith aige an talamh a shealbhú.
(5) Más rud é gur diúltaíodh léas faoi fho-alt (1), (2) nó (3) agus gur dóigh leis an gCúirt, ar iarratas ón duine a diúltaíodh, nach bhfuil beart déanta, laistigh de thráth réasúnta, de réir na hintinne, an chomhaontaithe nó na críche, cibé acu é, ar ar diúltaíodh don iarratas féadfaidh an Chúirt a ordú don duine i gceist cibé suim is cuí léi a íoc mar dhamáistí pionósacha.
(6) Más rud é gur diúltaíodh léas faoi fho-alt (1), (2) nó (3) íocfar cúiteamh in ionad an léasa de réir alt 59.
Téarmaí léasa fhrithdhílse arna socrú ag an gCúirt.
[1958, a. 18 i bpt]
34.—(1) I gcás téarmaí léasa fhrithdhílse a bheith socraithe ag an gCúirt beidh éifeacht leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.
(2) Léas in aghaidh téarma a rachaidh in éag naoi mbliana is nócha tar éis éag don léas dar léas frithdhílse é a bheidh sa léas.
(3) Faoi réir fho-alt (5) ní bheidh an cíos a bheidh ar forchoimeád leis an léas frithdhílse níos lú ná an cíos a bheidh ar forchoimeád leis an léas a bhí ann roimhe sin ná níos lú ná an cíos a bheidh ar forchoimeád le haon uasléas faoina bhfuil ceangal ar an léasóir uamadh i ndeonú an léasa fhrithdhílse.
(4) Mura mbeidh sa talamh a bheidh le háireamh i léas frithdhílse ach cuid den talamh a áirítear sa léas a bhí ann roimhe sin nó den talamh a áirítear in aon uasléas faoina bhfuil ceangal ar an léasóir uamadh i ndeonú an léasa fhrithdhílse, measfar, chun críche fho-alt (3), gurb é cíos a bheidh ar forchoimeád leis an léas sin i leith na talún a bheidh le háireamh sa léas frithdhílse cibé cionúireacht den chíos a bheidh ar forchoimeád le haon léas den sórt sin is inchurtha go cóir i leith na talún a bheidh le háireamh sa léas frithdhílse.
(5) Má bhíonn aon chúnant nua a shrianann cearta an léasaí ar áireamh sa léas frithdhílse, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, cíos níos ísle a shocrú.
(6) Má shocraíonn an Chúirt cúnaint an léasa, cuirfear de dhliteanas ar an léasaí na rátaí agus na cánacha uile i leith na talún a íoc agus árachú in aghaidh tine agus an t-áitreabh a choinneáil i ndeadheis.
An cíos a chinneadh.
[Nua i bpt. cf. 1958, a. 18 i bpt.]
35.—(1) Faoi réir alt 34(3) agus an ailt seo, is é cíos a bheidh le forchoimeád le léas frithdhílse, arb í an Chúirt a shocróidh a théarmaí, an t-ochtú cuid den chíos comhlán. Chun na críche sin déanfar an cíos comhlán a laghdú, más iomchuí, méid an lamháltais speisialta dá bhforáiltear le fo-alt (2).
(2) Is é a bheidh sa lamháltas speisialta, chun críche fho-alt (1), cibé cionúireacht den chíos comhlán is dóigh leis an gCúirt is inchurtha i leith oibreacha foirgnithe, athfhoirgnithe nó athraithe, a rinne an léasaí nó aon duine dá chomharbaí i dteideal, agus a chuireann le luach ligin na talún, seachas oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go páirteach i gcomaoin léas a dheonú nó deisiúcháin agus cothabháil le linn ré reatha an léasa.
(3) (a) Féadfaidh an tAire le hordú fo-alt (1) a leasú trí chodán eile a chur in ionad an chodáin a bheidh arna shonrú san fho-alt sin de thuras na huaire.
(b) Ní thiocfaidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm mura gceadófar é le rún ó gach Teach den Oireachtas ach, ar é a cheadú amhlaidh, tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach.
Cíos comhlán.
[Nua i bpt. cf. 1958, a. 18 i bpt.]
36.—(1) Is é a bheidh sa chíos comhlán an cíos is dóigh leis an gCúirt a thabharfadh léasaí toilteanach nach bhfuil ag áitiú cheana féin agus a ghlacfadh léasóir toilteanach ar an talamh a áirítear sa léas frithdhílse—
(a) ar an bhforas go dtabharfaí seilbh ghlan agus go n-íocfadh an léasaí rátaí agus cánacha i leith na talún agus go ndlífí de árachú in aghaidh tine agus an t-áitreabh a choinneáil i ndea-dheis, agus
(b) ag féachaint do théarmaí eile an léasa fhrithdhílse agus do luachanna ligin talún dá shamhail i ngar don talamh a áirítear sa léas nó i limistéar inchomórtais leis ach gan féachaint d'aon cháilmheas a ghabhann leis an talamh.
(2) Má cheanglaíonn an Chúirt nó má bhíonn na páirtithe tar éis comhaontú go ndéanfadh an té a iarrfaidh léas frithdhílse suim shonraithe airgid a chaitheamh ar dheisiúcháin ar an áitreabh nó go ndéanfadh sé deisiúcháin shonraithe mar choinníoll nach mór a chomhlíonadh sula bhforghníomhófar an léas, déanfar an cíos comhlán a mheasúnú—
(a) má bhíonn sé de dhualgas ar an léasaí faoin léas a bhí ann roimhe sin an t-áitreabh a choinneáil nó a thabhairt suas i ndea-dheis, ag féachaint don staid ina mbeidh an t-áitreabh tar éis na deisiúcháin a bheith déanta, nó
(b) mura mbeidh aon dualgas den sórt sin ann, ag féachaint do staid iarbhír an áitribh an dáta a n-iarrfar an léas frithdhílse.
(3) Más teaghaisí rialaithe an t-áitreabh, go hiomlán nó go páirteach (seachas áitreabh arna rialú faoi alt 2 (6) den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967) tabharfaidh an Chúirt aird, nuair a bheidh an cíos comhlán á chinneadh aici, ar na srianta a dhéanann na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967, a fhorchur ar na cíosanna a dhlífeadh tionóntaí áitribh den sórt sin a íoc.
Iarratais chun na Cúirte.
[1958, a.25]
37.—I gcás aon díospóid, ceist nó deacracht tarlú i dtaobh cheart aon duine chun léasa fhrithdhílse, i dtaobh é d'fhaillí dul ar aghaidh le hiarratas ar an léas sin, i dtaobh na dtéarmaí ar a mbeidh an léas sin le deonú nó i dtaobh aon ní eile a bhainfidh leis an léas sin a dheonú, féadfaidh aon duine lena mbainfidh sé iarratas a chur chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais agus, go háirithe, féadfaidh sí na téarmaí a shocrú ar a mbeidh an léas sin le deonú.
Caiteachas ar dheisiúcháin.
[1958, a. 18(7) i bpt.]
38.—(1) Féadfaidh an Chúirt a cheangal ar an té a iarrfaidh léas frithdhílse suim shonraithe airgid a chaitheamh, laistigh de cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt, ar dheisiúcháin nó chun deisiúcháin shonraithe a dhéanamh ar na foirgnimh a bheidh ar áireamh sa léas agus féadfaidh sí a údarú forghníomhú an léasa a chur siar go dtí go gcomhlíonfar an ceanglas.
(2) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an t-iarratasóir ceanglas na Cúirte a chomhlíonadh féadfaidh an Chúirt a dhearbhú go bhfuil sé tar éis a cheart chun léasa fhrithdhílse a fhorghéilleadh agus aon ordú á dheonú sin dó a urscaoileadh.
Léas frithdhílse a bheith ina ghreamacht ar sheanléas.
[1958, a.19]
39.—Aon léas frithdhílse, cibé acu ar théarmaí a socraíodh faoin gCuid seo nó ar théarmaí a réitíodh idir na páirtithe a deonaíodh é, measfar gur greamacht chun gach críche agus buanú ar an léas é faoina raibh an talamh á theachtadh roimhe sin ag an léasaí agus beidh leas an léasaí faoi réir aon chearta nó cothromais a thiocfaidh as an léas sin a bheith ina ghreamacht.
Ceart léasaí chun leanúint i seilbh.
[1958, a.23]
40.—(1) Duine a mbeidh teideal aige chun léas frithdhílse a fháil agus a mbeidh a leas sa talamh imithe in éag leanfaidh sé de theideal a bheith aige an talamh a theachtadh go dtí go ndearbhófar nach bhfuil teideal aige chun léas frithdhílse a fháil nó go dtí go mbeidh léas forghníomhaithe ag an neasléasóir agus ag cibé uasléasóirí riachtanacha (más ann) i dtéarmaí ar a gcomhaontófar idir na páirtithe nó a shocrófar faoin gCuid seo agus, i rith na tréimhse sin, teachtfaidh sé an talamh ar na téarmaí (a mhéid is infheidhme iad) ar a ndearna sé é a theachtadh roimhe sin, faoi réir aon aisíoc nó coigeartú a dhéanfar faoin léas frithdhílse má dheonaítear dó é.
(2) I gcás iarratas a dhéanamh maidir le léas frithdhílse a dheonú agus leas an iarratasóra sa talamh d'éag sula mbeifear tar éis an t-iarratas a éisteacht agus a chinneadh beidh teideal ag an iarratasóir fanúint i seilbh na talún go dtí go mbeifear tar éis an t-iarratas a éisteacht agus a chinneadh go críochnaitheach ar na téarmaí (a mhéid is infheidhme iad) ar a ndearna sé é a theachtadh roimhe sin, faoi réir cibé aisíoc nó coigeartú is cuí leis an gCúirt.
Fianaise i dtaobh comhaontú tógáil a dhéanamh.
[1958, a. 4(4)]
41.—Má éilítear go gcomhlíonann léas an Chuid seo ar an bhforas gur tógadh na buanfhoirgnimh de bhun comhaontú chun an léas a dheonú ar iad a thógáil ach nach mbeidh fianaise shainráite i dtaobh an chomhaontaithe ar fáil, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) má chruthaítear gurb é duine a thóg na foirgnimh an duine chun a ndearnadh an léas ina dhiaidh sin, toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir;
(b) in aon chás eile, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, ar cibé fianaise a bheidh ar fáil agus a thabharfar ar aird a éisteacht, a thoimhdiú go ndearnadh an comhaontú iarbhír agus gur tógadh na foirgnimh dá réir.
Foirgnimh a athsholáthar faoi chúnant.
[1958, a.4(5)]
42.—Aon bhuanfhoirgnimh a thógfaidh léasaí de bhun cúnaint ina léas go ndéanfaí na foirgnimh sa léas a aisiriú i gcás a millte ag tine nó eile, measfar gurb é an duine a thóg na foirgnimh bhunaidh a thóg iad.
Foirgnimh a thógáil de shárú cúnaint.
[1958, a.4(6)]
43.—Féadfaidh an Chúirt a dhearbhú go bhfuil teideal ag duine chun léasa fhrithdhílse d'ainneoin gur tógadh na foirgnimh, go hiomlán nó go páirteach, contrártha do chúnant, más é tuairim na Cúirte go mbeadh sé míréasúnach a mhalairt a ordú.
Feidhm Acht 1967.
44.—Faoi réir an Achta seo beidh éifeacht le forálacha Acht 1967, fara na modhnuithe is gá, amhail is dá mba thagairtí do léas as a dtagann ceart chun léasa fhrithdhílse na tagairtí do léas foirgníochta nó do léas dílseánaigh.
CUID IV
Cúiteamh
Cúiteamh i leith Feabhsúchán
“Feabhsúchán”
[1931, a.2 i bpt.]
45.—Chun críocha ailt 46 go 57 ciallaíonn “feabhsúchán” maidir le tionóntán aon bhreis a cuireadh leis na foirgnimh atá ar áireamh sa tionóntán nó aon athrú a rinneadh orthu agus folaíonn sé aon déanmhas a tógadh ar an tionóntán atá ag comhghabháil nó ag foghabháil leis na foirgnimh sin agus folaíonn sé freisin seoladáin a chur isteach sa tionóntán chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar ach ní fholaíonn sé obair nach bhfuil ann ach deisiú, péinteáil agus maisiú, nó aon cheann acu.
Cúiteamh i leith feabhsúchán.
[1931, aa.10, 36(1)]
[cf. 1931, a. 10(1)]
46.—(1) (a) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, nuair a fhágfaidh tionónta tionóntán mar gheall ar a thionóntacht a bheith foirceanta beidh sé i dteideal go n-íocfadh an tiarna talún cúiteamh leis (dá ngairtear cúiteamh i leith feabhsúchán san Acht seo) de réir an Achta seo i leith gach feabhsúchán a rinne an tionónta nó aon duine dá réamhtheachtaithe i dteideal ar an tionóntán (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é) a chuireann le luach ligin an tionóntáin agus atá oiriúnach don tionóntán sin ar fhoirceannadh na tionóntachta.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) i gcás—
(i) go ndearna an tionónta an tionóntacht a fhoirceannadh trí fhógra géillte nó ar shlí eile, nó
(ii) go ndearnadh an tionóntacht a fhoirceannadh mar gheall ar neamhíoc cíosa, cibé acu a leagadh amach na himeachtaí mar eisiachtain i leith neamhíoc cíosa, mar eisiachtain i leith rósheilbhe nó mar eisiachtain ar an teideal bunaithe ar fhorghéilleadh.
(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, i gcás ina dteachtfaidh tiarna talún tionóntán faoi léas nó faoi chonradh eile tionóntachta, beidh sé i dteideal, ar sheilbh ar an tionóntán a thabhairt suas mar gheall ar an léas nó an tionóntacht a dhul in éag, go n-íocfadh a uastiarna talún is neasa cúiteamh leis (a áirítear san abairt cúiteamh i leith feabhsúchán san Acht seo) i leith gach feabhsúchán a rinne duine de thionóntaí an tionóntáin ar an tionóntán (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é) agus ar thug an tiarna talún nó aon duine dá réamhtheachtaithe i dteideal comaoin ina leith cibé acu tríd an gcíos a laghdú, trí chúiteamh a íoc faoin Town Tenants (Ireland) Act, 1906, trí chúiteamh a íoc faoi alt 10 d'Acht 1931, trí chúiteamh i leith feabhsúchán a íoc faoin Acht seo, nó in aon slí eile.
(3) Beidh cúiteamh i leith feabhsúchán is iníoctha ag tiarna talún faoi fho-alt (1), faoi réir an Achta seo, iníoctha—
(a) ar mhí amháin a bheith caite ón dáta a socrófar méid an chúitimh trí chomhaontú nó a socróidh an Chúirt é, nó
(b) ar an tionónta seilbh ghlan ar an tionóntán a thabhairt don tiarna talún,
cibé acu is déanaí.
Miosúr an chúitimh i leith feabhsúchán.
[1931, a. 11]
47.—(1) Is é méid a bheidh i gcúiteamh i leith feabhsúchán cibé suim ar a gcomhaontófar idir an tiarna talún agus an tionónta nó, cheal comhaontú, is é méid a bheidh ann (faoi réir fhorálacha an ailt seo) luach caipitlithe na breise sin a bheidh curtha le luach ligin an tionóntáin ar fhoirceannadh na tionóntachta agus a chinnfidh an Chúirt a bheith inchurtha i leith na bhfeabhsúchán.
(2) I gcás cúiteamh i leith feabhsúchán a bheith iníoctha leis an tionónta ag an tiarna talún agus gur deimhin leis an gCúirt go bhfuair an tionónta agus (i gcás lena mbaineann) a réamhtheachtaithe i dteideal nó aon duine acu sochair ón tiarna talún trí laghdú cíosa nó ar shlí eile mar chomaoin, sainráite nó intuigthe, as na feabhsúcháin a dhéanamh nó a bheith déanta, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh, arna chinneadh faoi fho-alt (1), cibé suim i leith na sochar is cuí leis an gCúirt.
(3) I gcás cúiteamh i leith feabhsúchán a bheith iníoctha leis an tiarna talún ag a uastiarna talún, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh, arna chinneadh faoi fho-alt (1), cibé méid (más aon mhéid é) is cuí leis an gCúirt i leith sochair a fuair an tiarna talún agus (i gcás lena mbaineann) a réamhtheachtaithe i dteideal nó aon duine acu trí chíos mhéadaithe nó ar shlí eile de bharr na bhfeabhsúchán.
(4) Socróidh an Chúirt cad is luach caipitlithe, chun críocha an ailt seo, don bhreis a cuireadh le luach ligin tionóntáin ag féachaint don fhad is dóigh a mhairfidh an bhreis sin agus don fhad is dóigh a sheasfaidh an feabhsúchán agus do gach ní eile a bhaineann leis sin, ach ní rachaidh an méid sin in aon chás thar chúig oiread déag na suime bliantúla is fiú an bhreis sin.
Fógra feabhsúcháin.
[Nua i bpt. cf. 1931, a. 12]
48.—(1) Má bhíonn beartaithe ag tionónta feabhsúchán a dhéanamh ar a thionóntán féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe (dá ngairtear fógra feabhsúcháin san Acht seo) a sheirbheáil ar a thiarna talún mar aon le—
(a) i ngach cás—
(i) ráiteas i dtaobh na n-oibreacha atá beartaithe chun an feabhsúchán a dhéanamh, agus
(ii) meastachán, arna fhíorú ag ailtire, ag suirbhéir nó ag conraitheoir tógála, ar an gcostas a bhaineann leis an bhfeabhsúchán a dhéanamh, agus
(b) más forbairt é an feabhsúchán ar gá cead pleanála chuige, cóip den chead.
(2) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin, féadfaidh an tiarna talún, laistigh de mhí, aon cheann de na fógraí seo a leanas a sheirbheáil ar an tionónta:
(a) fógra (dá ngairtear toiliú feabhsúcháin san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe ag toiliú leis an bhfeabhsúchán a dhéanamh,
(b) fógra (dá ngairtear geallúint feabhsúcháin san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe á gheallúint an feabhsúchán a dhéanamh i gcomaoin méadú sonraithe cíosa nó méadú cíosa a shocróidh an Chúirt (mar a déarfaidh an tiarna talún san fhógra),
(c) faoi réir fho-alt (3), fógra (dá ngairtear agóid i gcoinne feabhsúcháin san alt seo) san fhoirm fhorordaithe ag cur i gcoinne an fheabhsúcháin ar fhorais a shonrófar san fhógra.
(3) Ní fhéadfar agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil ach amháin nuair is iad na forais a bheidh leis an agóid—
(a) go dteachtann an tionónta an tionóntán ar shlí seachas faoi léas ar feadh téarma a mbeidh cúig bliana ar a laghad de gan chaitheamh an tráth a sheirbheálfar an fógra feabhsúcháin, agus
(b) nach mbeadh an tionónta i dteideal tionóntachta nua faoi Chuid II ar aon cheann de na forais a shonraítear in alt 17 (2) (a).
(4) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin i gcás ina dteachtann an tiarna talún an tionóntán—
(a) faoi léas ar feadh saoil nó saolta ar marthain (gan téarma blianta nó le téarma comhthráthach ar lú ná cúig bliana is fiche de a bheidh gan chaitheamh), nó
(b) faoi léas ar feadh téarma ar lú ná cúig bliana is fiche de a bheidh gan chaitheamh ar dháta seirbheála an fhógra sin, nó
(c) faoi thionóntacht ó bhliain go bliain nó faoi aon tionóntacht is lú ná sin,
déanfaidh an tiarna talún, laistigh de sheachtain, an fógra, nó cóip de, a sheirbheáil ar a uastiarna talún is neasa agus ráiteas faoin dáta ar seirbheáladh an fógra air formhuinithe ar an bhfógra, agus féadfaidh an t-uastiarna talún, laistigh de mhí ón dáta ar sheirbheáil an tionónta an fógra feabhsúcháin ar an tiarna talún, toiliú feabhsúcháin nó agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil ar an tiarna talún agus ar an tionónta.
(5) Gach uastiarna talún ar a seirbheálfar fógra feabhsúcháin nó cóip de faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) agus a theachtann an tionóntán—
(a) faoi léas ar lú ná cúig bliana is fiche de a bheidh gan chaitheamh ar dháta na seirbheála sin, nó
(b) faoi thionóntacht ó bhliain go bliain nó faoi aon tionóntacht is lú ná sin,
déanfaidh sé, laistigh de sheachtain, an fógra feabhsúcháin nó cóip de arna fhormhuiniú faoi fho-alt (4) a sheirbheáil ar a uastiarna talún is neasa, agus beidh an ceart céanna ag an uastiarna talún sin toiliú feabhsúcháin nó agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil is atá ag an uastiarna talún céadluaite faoin alt seo.
Oibreacha a cheanglóidh údarás poiblí a dhéanamh.
[Nua i bpt. cf. 1931, a. 13]
49.—(1) Má dhéanann údarás sláintíochta, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó údarás tithíochta faoi Acht na dTithe, 1966, fógra a sheirbheáil ar thionónta tionóntáin á cheangal air feabhsúchán a dhéanamh, déanfaidh an tionónta, laistigh de thrí lá, fógra i scríbhinn (dá ngairtear fógra oibre san Acht seo) a sheirbheáil ar an tiarna talún á rá gur sheirbheáil an t-údarás sin an fógra agus ag lua na gcodanna ábhartha den fhógra sin.
(2) Má sheirbheáiltear fógra oibre féadfaidh an tiarna talún, laistigh de thrí lá, fógra (dá ngairtear geallúint oibre san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an tionónta á gheallúint an obair a dhéanamh i gcomaoin méadú sonraithe cíosa nó méadú cíosa a shocróidh an Chúirt (mar a déarfaidh an tiarna talún san fhógra).
(3) I gcás oibreacha a cheanglófar a dhéanamh ar theaghais rialaithe ní mó a bheidh sa mhéadú cíosa ná an lamháltas dá bhforáiltear le halt 10 (2) (g) den Acht Srianta Cíosa, 1960, a cuireadh isteach le halt 6 (2) den Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967.
(4) Beidh an éifeacht chéanna le geallúint oibre a sheirbheáil is a bheidh le geallúint feabhsúcháin a sheirbheáil ar an tionónta agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an Achta seo a bhaineann le geallúint feabhsúcháin.
(5) Féadfaidh an tionónta cóip de gheallúint oibre a sheirbheáil ar an údarás agus leis sin is oibleagáid agus dliteanas ar an tiarna talún a bheidh san oibleagáid déanamh de réir an fhógra a sheirbheáil an t-údarás agus sa dliteanas i leith faillí déanamh de réir an fhógra sin agus saorfar an tionónta uathu.
(6) Má sheirbheáiltear fógra oibre agus, laistigh de thrí lá, mura seirbheálfaidh an tiarna talún geallúint oibre, beidh an tionónta i dteideal an feabhsúchán a dhéanamh a bheidh luaite san fhógra ag an údarás ba bhun leis an bhfógra oibre a thabhairt.
Feabhsúchán a dhéanamh mura ndéantar agóid ina choinne.
[Nua i bpt. cf. 1931, a. 14]
50.—Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin agus, laistigh de mhí, mura seirbheálfaidh an tiarna talún geallúint feabhsúcháin agus mura seirbheálfaidh an tiarna talún nó aon uastiarna talún agóid i gcoinne feabhsúcháin, beidh an tionónta i dteideal an feabhsúchán a shonrófar san fhógra feabhsúcháin a dhéanamh de réir an fhógra ar gach slí aon uair laistigh de bhliain tar éis na seirbheála sin (cibé acu a bheidh an tiarna talún nó an t-uastiarna talún tar éis toiliú feabhsúcháin a sheirbheáil nó nach mbeidh).
Cearta na bpáirtithe ar gheallúint feabhsúcháin a sheirbheáil.
[Nua i bpt. cf. 1931, a. 15]
51.—(1) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin agus, laistigh de mhí, má sheirbheálann an tiarna talún geallúint feabhsúcháin agus mura seirbheálfaidh aon uastiarna talún agóid i gcoinne feabhsúcháin, féadfaidh an tionónta, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an tiarna talún laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an gheallúint a sheirbheáil, glacadh leis an ngeallúint feabhsúcháin nó an fógra feabhsúcháin a tharraingt siar nó, i gcás ina sonróidh an gheallúint méadú cíosa, féadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne méid an mhéadaithe.
(2) Mura seirbheálfaidh an tionónta fógra faoi fho-alt (1) nó má ghlacann sé leis an ngeallúint feabhsúcháin faoin bhfo-alt sin, déanfaidh agus críochnóidh an tiarna talún an feabhsúchán a luaitear sa gheallúint feabhsúcháin sin chomh luath agus is féidir é, agus in aon chás tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis na ceithre lá dhéag sin a bheith caite, ar a chostas féin agus de réir na geallúna feabhsúcháin, agus féadfaidh sé chuige sin dul isteach sa tionóntán gach tráth réasúnta agus gach ní is gá chun an feabhsúchán a dhéanamh nó a bhaineann lena dhéanamh a dhéanamh ann.
(3) Má dhéanann an tionónta an fógra feabhsúcháin a tharraingt siar, measfar nár seirbheáladh an fógra sin riamh.
(4) Má dhéanann an tionónta agóid i gcoinne méid an mhéadaithe cíosa a shonrófar sa gheallúint feabhsúcháin, ansin—
(a) féadfaidh an tiarna talún agus an tionónta méid an mhéadaithe cíosa a shocrú trí chomhaontú nó comhaontú gurb í an Chúirt a shocróidh a mhéid, agus leis sin beidh éifeacht leis an ngeallúint feabhsúcháin de réir an chomhaontaithe sin agus measfar gur ghlac an tionónta go cuí léi, nó
(b) féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte agus, ar éisteacht an iarratais sin di, féadfaidh an Chúirt, mar is cuí léi, méid an mhéadaithe cíosa a shocrú nó a mheas gur agóid i gcoinne feabhsúcháin an gheallúint feabhsúcháin agus déileáil léi dá réir sin nó cibé ordú eile a dhéanamh is gá de réir ceartais.
(5) Má bhíonn an gheallúint feabhsúcháin, de réir a téarmaí nó de réir comhaontú ina dhiaidh sin, faoi réir méadú cíosa de mhéid a bheidh le socrú ag an gCúirt, féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta, nuair a bheidh an feabhsúchán déanta go cuí ag an tiarna talún, a iarraidh ar an gCúirt méid an mhéadaithe cíosa a shocrú.
(6) Ar chríochnú an fheabhsúcháin don tiarna talún de réir na geallúna feabhsúcháin agus de réir an ailt seo, déanfar an cíos is iníoctha ag an tionónta leis an tiarna talún a mhéadú ó dháta an chríochnaithe de réir na geallúna nó de réir ordú na Cúirte (cibé acu é) agus is í an Chúirt a shocróidh, ar iarratas ón tiarna talún nó on tionónta, aon díospóid i dtaobh méid nó tosach feidhme an mhéadaithe nó i dtaobh aon ní eile a bhaineann leis.
(7) Má bhíonn de cheangal ar an tiarna talún faoin alt seo an feabhsúchán a dhéanamh de réir na geallúna feabhsúcháin ach má dhiúltaíonn sé nó má fhaillíonn sé é a dhéanamh agus a chríochnú laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha chuige sin leis an alt seo, féadfaidh an tionónta iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ina thaobh is gá de réir ceartais.
Cearta na bpáirtithe ar agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil.
[Nua i bpt. cf. 1931, a. 16]
52.—(1) Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin agus, laistigh de mhí, má sheirbheálann an tiarna talún nó uastiarna talún agóid i gcoinne feabhsúcháin, féadfaidh an tionónta, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt san alt seo, laistigh de mhí tar éis an agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil—
(a) an fógra feabhsúcháin a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an tiarna talún nó ar an tiarna talún agus an t-uastiarna talún (faoi mar is gá sa chás), nó
(b) iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte faoin alt seo.
(2) Má dhéanann tionónta fógra feabhsúcháin a tharraingt siar amhlaidh, measfar nár seirbheáladh an fógra riamh.
(3) Ar iarratas faoin alt seo déanfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (4), ordú (dá ngairtear ordú feabhsúcháin san Acht seo) á údarú don tionónta an feabhsúchán a dhéanamh de réir an fhógra feabhsúcháin, gan mhodhnú nó fara cibé modhnuithe is cuí leis an gCúirt agus, más oiriúnach leis an gCúirt é, ag sonrú tréimhse ama ina mbeidh an feabhsúchán le críochnú.
(4) Diúltóidh an Chúirt don iarratas más deimhin léi go dteachtann an tionónta an tionóntán seachas faoi léas ar feadh téarma a raibh cúig bliana ar a laghad de gan chaitheamh an tráth ar seirbheáladh an fógra feabhsúcháin agus nach mbeadh teideal chun tionóntachta nua aige faoi Chuid II ar aon cheann de na forais a shonraítear in alt 17 (2) (a).
(5) Má dhéantar ordú feabhsúcháin agus má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an tionónta an feabhsúchán a bheidh údaraithe leis an ordú sin a dhéanamh agus a chríochnú de réir an ordaithe laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú nó, mura mbeidh aon teorainn ama den sórt sin i gceist, laistigh d'am réasúnta, féadfaidh an tiarna talún nó aon uastiarna talún iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte agus, ar éisteacht an iarratais, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais.
Srian le méadú ar chíos teaghaisí rialaithe.
[Nua]
53.—Ní údaróidh aon ní sa Chuid seo cíos a mhuirearú, i gcás teaghaise rialaithe, is mó ná cíos dleathach na teaghaise arna mhíniú le halt 11 den Acht Srianta Cíosa, 1960.
Srianta le ceart chun cúitimh i leith feabhsúchán.
[Nua i bpt. cf. 1931, a. 17]
54.—(1) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán i gcás feabhsúchán a rinneadh, roimh Acht 1931 a rith, contrártha don léas nó don chonradh eile tionóntachta ar faoi a bhí an tionóntán á theachtadh.
(2) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán i gcás feabhsúchán a rinneadh tar éis Acht 1931 a rith (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é) mura ndearnadh fógra faoi alt 12 (1) d'Acht 1931 nó fógra feabhsúcháin a sheirbheáil nó, mura ndearnadh fógra ar bith den sórt sin a sheirbheáil, má dheimhníonn an tiarna talún nó, i gcás ar iomchuí sin, uastiarna talún, don Chúirt—
(a) gur dhochar dó nár seirbheáladh an fógra, nó
(b) go bhfuil an feabhsúchán contrártha d'aon chúnant sa chonradh tionóntachta, nó
(c) go ndéanann an feabhsúchán díobháil do thaitneamhacht nó do shaoráideacht na comharsanachta.
(3) Ní bheidh tiarna talún i dteideal cúitimh i leith feabhsúchán i gcás feabhsúchán a rinneadh tar éis Acht 1931 a rith (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é) ar seirbheáladh fógra faoi alt 12 (1) d'Acht 1931 nó fógra feabhsúcháin i ndáil leis mura ndearnadh an fógra nó cóip de a sheirbheáil faoi alt 12 (3) d'Acht 1931 nó faoi alt 48 (4) den Acht seo nó, mura ndearnadh fógra ar bith den sórt sin a sheirbheáil, má dheimhníonn an t-uastiarna talún don Chúirt—
(a) gur dhochar dó nach ndearnadh an tseirbheáil sin, nó
(b) go bhfuil an feabhsúchán contrártha d'aon chúnant sa chonradh tionóntachta ar faoi a theachtann an tiarna talún an tionóntán, nó
(c) go ndéanann an feabhsúchán díobháil do thaitneamhacht nó do shaoráideacht na comharsanachta.
(4) Ní bhaineann fo-alt (2) ná (3) le feabhsúchán arb éard é—
(a) obair lenar bhain alt 17 (5) d'Acht 1931, nó
(b) aon obair eile a rinneadh de bhun ordú ó údarás sláintíochta faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó ó údarás tithíochta faoi Acht na dTithe, 1966,
ach ní bheidh an tionónta i dteideal cúitimh i leith obair den sórt sin mura rud é—
(i) i gcás obair a shonraítear i mír (a), gur sheirbheáil an tionónta ar an tiarna talún fógra faoi alt 13 (1) d'Acht 1931 agus gur tharla dó faoin Acht sin bheith i dteideal an obair a dhéanamh mar fheabhsúchán, nó
(ii) i gcás obair a shonraítear i mír (b), gur sheirbheáil an tionónta ar an tiarna talún fógra oibre i leith na hoibre agus gur tharla dó faoin Acht seo bheith i dteideal an obair a dhéanamh mar fheabhsúchán:
Ach má dhéantar faillí an fógra a sheirbheáil ní bhainfidh sin den tionónta a cheart (más ann dó) chun cúitimh i leith na hoibre má dheimhníonn an tionónta don Chúirt nár bhain caillteanas ná damáiste don tiarna talún de bharr na faillí sin.
Deimhniú feabhsúcháin.
[1931, a. 18]
55.—(1) Más rud é—
(a) i gcás fógra feabhsúcháin a sheirbheáil ach gan aon gheallúint feabhsúcháin nó agóid i gcoinne feabhsúcháin a sheirbheáil, go ndéanfaidh agus go gcríochnóidh an tionónta de réir an fhógra an feabhsúchán a bheidh luaite ann laistigh de bhliain ón bhfógra a sheirbheáil, nó
(b) i gcás ordú feabhsúcháin a dhéanamh, go gcríochnóidh an tionónta an feabhsúchán laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú nó, mura mbeidh aon teorainn ama den sórt sin ceaptha, laistigh d'am réasúnta,
tabharfaidh an tiarna talún don tionónta, ar iarratas ón tionónta laistigh de shé mhí tar éis an feabhsúchán a chríochnú, deimhniú (dá ngairtear deimhniú feabhsúcháin san alt seo) san fhoirm fhorordaithe á dheimhniú gur críochnaíodh an feabhsúchán go cuí de réir an fhógra feabhsúcháin nó an ordaithe feabhsúcháin.
(2) Má iarrtar deimhniú feabhsúcháin faoi fho-alt (1) agus nach dtugtar é laistigh de mhí dá éis sin, féadfaidh an tionónta iarratas a chur faoi bhráid na Cuirte agus, ar éisteacht an iarratais sin, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais, lena n-áirítear ordú á dhearbhú go ndearnadh an feabhsúchán go cuí de réir an fhógra feabhsúcháin nó an ordaithe feabhsúcháin.
(3) Beidh deimhniú feabhsúcháin ina fhianaise dhochloíte, in aghaidh an tiarna talún a thug uaidh é, a ionadaithe pearsanta agus a chomharbaí i dteideal, go ndearna agus gur chríochnaigh an tionónta go cuí an feabhsúchán agus gur chomhlíon sé go cuí gach foráil iomchuí den Acht seo nó aon ordú nó fógra a rinneadh faoi.
(4) Más rud é, i gcás ar feabhsúchán obair a dhéantar ar thionóntán, go ndéanann an tionónta an obair de bhun ordú ó údarás sláintíochta faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, nó ó údarás tithíochta faoi Acht na dTithe, 1966, ní bheidh an tionónta i dteideal deimhniú feabhsúcháin a fháil ach beidh sé i dteideal deimhniú (dá ngairtear deimhniú feabhsúcháin sláintíochta san alt seo) san fhoirm fhorordaithe a fháil ón údarás, laistigh de shé mhí tar éis an obair a chríochnú go cuí de réir an ordaithe, á dheimhniú go ndearnadh an obair de bhun ordú ón údarás agus gur críochnaíodh í de réir an ordaithe sin.
(5) Beidh deimhniú feabhsúcháin sláintíochta ina fhianaise prima facie, in aghaidh tiarna talún an tionóntáin, ar na nithe a airbheartaíonn sé a dheimhniú.
(6) Féadfaidh tiarna talún nó údarás ar a n-iarrfar deimhniú feabhsúcháin nó deimhniú feabhsúcháin sláintíochta (cibé acu é) a cheangal, mar choinníoll as an deimhniú a thabhairt, go n-íocfar leis nó leo a chostais nó a gcostais réasúnta as an deimhniú a thabhairt.
Éileamh i leith feabhsúchán.
[1931, aa. 24, 25 i bpt.]
56.—(1) Ní shaothrófar éileamh ar fhaoiseamh nach mbeidh ann ach éileamh ar chúiteamh i leith feabhsúchán mura rud é, laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha faoi alt 20 (2), go ndéanfar fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an duine ar ina choinne a bheartaítear an t-éileamh a dhéanamh.
(2) Beidh feidhm ag alt 21 dá réir sin.
Cúiteamh i leith feabhsúchán ina chéad mhuirear.
[1931, a. 36 (4)]
57.—Beidh cúiteamh i leith feabhsúchán is iníoctha le tionónta ina chéad mhuirear (i dtosaíocht ar gach morgáiste, muirear agus eire eile de gach saghas) ar leas an tiarna talún nó an uastiarna talún (cibé acu é) sa tionóntán.
Cúiteamh i nDíshocraíocht
Cúiteamh i gcás nach mbeidh an tionónta i dteideal tionóntachta nua.
[1931, aa. 22 i bpt., 23, 36 (1); 1967, Uimh. 10, a. 13 (3) (vii)]
58.—(1) Más deimhin leis an gCúirt—
(a) go mbeadh teideal ag tionónta, murach alt 17 (2), chun tionóntachta nua faoi Chuid II, agus
(b) go mbaineann alt 13 (1) (a) leis an tionóntán,
beidh an tionónta i dteideal in ionad tionóntachta nua, go n-íocfaidh an tiarna talún cúiteamh i ndíshocraíocht leis ar fhágáil an tionóntáin dó de dhroim fhoirceannadh na tionóntachta.
(2) Faoi réir fho-alt (3) is é miosúr an chúitimh an caillteanas airgid, an damáiste nó an caiteachas a bhain don tionónta nó a thabhaigh sé nó a bhainfidh dó nó a thabhóidh sé de bharr é an tionóntán a fhágáil agus ar iarmhairt dhíreach ar an bhfágáil sin é.
(3) I gcás teaghais lena mbaineann alt 15, is é miosúr an chúitimh cibé acu seo a leanas is mó, eadhon, an méid dá bhforáiltear le fo-alt (2) nó cibé suim is cuí leis an gCúirt, chun a chumasú don tionónta, gan chruálacht, malairt cóiríochta iomchuí a fháil, nach lú ná cíos trí bliana, lena n-áirítear rátaí, cibé acú is iníoctha nó nach iníoctha ag an tionónta iad.
(4) Beidh cúiteamh, faoi réir alt 61, iníoctha—
(a) ar mhí amháin a bheith caite ón dáta a shocrófar méid an chúitimh trí chomhaontú nó a socróidh an Chúirt é, nó
(b) ar an tionónta seilbh ghlan ar an tionóntán a thabhairt don tiarna talún,
cibé acu is déanaí.
(5) Mura ndéanfar cúiteamh a dhámhfar faoin alt seo a íoc laistigh den teorainn ama a bheidh ceaptha leis an Acht seo, beidh an tionónta i dteideal, tar éis don am sin a bheith caite agus roimh an gcúiteamh a íoc, a iarratas ar thionóntacht nua faoi Chuid II a athnuachan, agus ní bhainfidh alt 17 (2) (a) agus 17 (3) leis an iarratas sin agus oibreoidh deonú an iarratais mar urscaoileadh ar dhámhachtain an chúitimh i ndíshocraíocht.
Cúiteamh i gcás nach mbeidh an léasaí i dteideal léasa nua.
[1958, a. 16 (1)-(4), (6), (7)]
59.—(1) Más deimhin leis an gCúirt go mbeadh teideal ag duine (dá ngairtear duine dítheidealaithe san alt seo), murach alt 33 (1), 33 (2) nó 33 (3), chun léasa faoi Chuid III, íocfar cúiteamh de réir an ailt seo in ionad an léasa.
(2) Beidh an cúiteamh le híoc ag an duine ar éirigh lena agóid nó má bhíonn níos mó ná duine amháin ann ar éirigh lena agóid, beidh sé le híoc acu sin i cibé cionúireachtaí a chinnfidh an Chúirt.
(3) Is é miosúr an chúitimh faoin alt seo an caillteanas airgid, an damáiste nó an caiteachas a mheasfaidh an Chúirt a bhainfidh don duine dítheidealaithe mar iarmhairt dhíreach ar é bheith dearbhaithe an duine dítheidealaithe a bheith gan teideal chun léasa.
(4) An cúiteamh is iníoctha le duine dítheidealaithe tiocfaidh sé chun bheith dlite agus iníoctha ar cibé ní acu seo a leanas is déanaí a tharlóidh, is é sin le rá, mí a bheith caite tar éis méid an chúitimh a shocrú nó an dáta a fhoirceannfaidh léas an duine dítheidealaithe cibé acu trí imeacht aimsire é nó trí chomhaontú idir na páirtithe ann.
(5) Mura ndéantar cúiteamh a bheifear tar éis a dhámhachtain faoin alt seo a íoc laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (4) nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an Chúirt, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) beidh teideal, leis sin, ag aon duine dítheidealaithe léas faoi Chuid III ar an talamh iomchuí a fháil óna neasléasóir,
(b) ní bheidh feidhm ag forálacha ailt 31 (1) agus 33,
(c) oibreoidh deonú an léasa mar urscaoileadh ar dhámhachtain an chúitimh sin, agus
(d) féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh go n-íocfaidh an duine ar éirigh lena agóid cibé cúiteamh eile is cuí leis an gCúirt sa chaillteanas airgid, sa damáiste nó sa chaiteachas a bhain don duine dítheidealaithe mar iarmhairt dhíreach ar é bheith dearbhaithe go bhfuil sé dítheidealaithe chun léasa.
(6) San alt seo forléireofar “duine ar éirigh lena agóid”, mar a gceadaíonn an comhthéacs é, mar abairt a fholaíonn ionadaithe pearsanta agus comharbaí i dteideal an duine sin.
Cúiteamh ar fhoirceannadh tionóntachta i bhfoirgnimh neamhfhóinteacha.
[Nua]
60.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an foirgneamh iomchuí”—
(a) i ndáil le tionóntán arb éard atá ann talamh atá go hiomlán nó go páirteach faoi fhoirgnimh—na foirgnimh sin, agus
(b) i ndáil le tionóntán arb éard atá ann cuid shonraithe d'fhoirgneamh—an foirgneamh sin;
tá le “limistéar neamhfhóinteach” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963.
(2) Más rud é, i gcás tionóntáin—
(a) go bhfuil an foirgneamh iomchuí i limistéar neamhfhóinteach nó, ag féachaint d'aois, do bhail agus do chineál an fhoirgnimh—
(i) go mbeadh caiteachas iomarcach ag gabháil le deisiú an fhoirgnimh i gcomórtas le luach an tionóntáin, nó
(ii) nach bhféadfaí an foirgneamh a úsáid go sochrach gan é a athdhéanamh nó a athrú go mór nó gan é a atógáil, agus
(b) go bhfuil scéim ag an tiarna talún chun forbairt a dhéanamh ar mhaoin ina n-áirítear an tionóntán, ar forbairt í a bhfuil cead pleanála deonaithe ina leith,
féadfaidh an Chúirt, trí ordú arna dhéanamh ar iarratas ón tiarna talún tar éis dó fógra sé mhí ar a laghad san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don tionónta, an tionóntacht a fhoirceannadh má mheasann sí gur réasúnach déanamh amhlaidh:
Ar choinníoll gur léas nó conradh eile tionóntachta in aghaidh téarma a mbeidh trí bliana ar a laghad agus cúig bliana is fiche ar a mhéid gan chaitheamh an léas nó an conradh eile tionóntachta ar faoi a theachtfaidh an tionónta an tionóntán an tráth a sheirbheálfar an fógra air.
(3) Má dhéantar tionóntacht a fhoirceannadh faoin alt seo beidh an tionónta i dteideal go n-íocfaidh an tiarna talún cúiteamh i bhfoirceannadh na tionóntachta leis de réir an ailt seo ar fhágáil an tionóntáin dó.
(4) Má dhéantar tionóntacht a fhoirceannadh faoin alt seo, féadfaidh an tionónta leanúint air ag áitiú an tionóntáin go mbeidh an tréimhse caite dar tosach an lá a ndéanfar ordú na Cúirte agus dar críoch bliain ón lá sin nó an lá a n-íocfar cúiteamh i bhfoirceannadh na tionóntachta (cibé acu is déanaí) agus, fad a dhéanfaidh sé amhlaidh beidh sé faoi réir théarmaí na tionóntachta (lena n-áirítear cíos a íoc).
(5) Má dhéanann an Chúirt cúiteamh a dhámhachtain i bhfoirceannadh tionóntachta faoin alt seo, is é miosúr an chúitimh go príomha an caillteanas airgid, an damáiste nó an caiteachas a bhain don tionónta nó a thabhaigh sé nó a bhainfidh dó nó a thabhóidh sé de bharr é an tionóntán a fhágáil agus ar iarmhairt dhíreach ar an bhfágáil sin é, ach
(a) déanfar cibé suim is réasúnach leis an gCúirt a chur leis an gcúiteamh i leith an tsochair airgid a fhaibhreoidh chun an tiarna talún agus is inchurtha i leith é seilbh a fháil ar an tionóntán níos luaithe ná a bhí teideal aige chuige faoin léas nó faoin gconradh eile tionóntachta, agus
(b) déanfar cibé suim is réasúnach leis an gCúirt a chur leis an gcúiteamh as aon chruálacht eile a bhainfidh don tionónta tríd an ordú a dhéanamh ag foirceannadh na tionóntachta.
(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo má bhíonn teideal chun léasa fhrithdhílse ar an tionóntán ag tionónta an tionóntáin nó dá mbeadh teideal den sórt sin aige murach alt 33.
Forálacha Iarmhartacha
Cúiteamh a fhritháireamh i gcoinne cíosa, etc.
[1931, a. 36(2), (3)]
61.—(1) I gcás cúiteamh faoin gCuid seo a bheith iníoctha ag duine amháin le duine eile agus airgead a bheith dlite agus ag dul dó ón dara duine sin faoi réim nó i leith léasa nó leasa eile de chuid an dara duine san áitreabh, féadfaidh ceachtar duine méid amháin a fhritháireamh i gcoinne na méide eile, chomh fada agus is féidir é.
(2) I gcás cúiteamh faoin gCuid seo a bheith iníoctha ag duine amháin le duine eile agus go n-éileoidh sé go bhfuil airgead iníoctha leis ag an dara duine sin faoi réim nó i leith léasa nó leasa eile de chuid an dara duine san áitreabh agus i gcás díospóid a bheith ann faoin éileamh nó faoi mhéid an éilimh nó i gcás méid an éilimh a bheith neamhleachtaithe, féadfaidh sé méid an chúitimh a íoc isteach sa Chúirt, agus air sin féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó cheachtar páirtí, cibé ordú is gá de réir ceartais a dhéanamh maidir leis an méid a íocadh isteach sa Chúirt agus, go sonrach, féadfaidh an Chúirt an méid sin nó aon chuid de a choinneáil go dtí go ndéanfar bailíocht an éilimh nó méid an éilimh a chinneadh.
Cúiteamh a íoc i gcás leas a bheith faoi mhorgáiste.
[1931, a.37; 1958, a. 16(5)]
62.—(1) I gcás cúiteamh faoin gCuid seo a bheith iníoctha agus leas an duine san áitreabh ar leis is iníoctha an cúiteamh a bheith faoi réir morgáiste nó muirir, bainfidh an morgáiste nó an muirear leis an gcúiteamh agus rachaidh sé in astú ann.
(2) Duine ag a bhfuil an cúiteamh iníoctha má bhíonn fógra iarbhír aige i dtaobh morgáiste nó muirear a dhéanann, de bhua an ailt seo nó ar shlí eile, difear don chúiteamh, déanfaidh sé—
(a) le toiliú an duine ar dó a bheidh an cúiteamh dlite, an cúiteamh a íoc le húinéir an mhorgáiste nó an mhuirir, nó
(b) le toiliú an úinéara sin, an cúiteamh a íoc leis an duine dá mbeidh sé dlite, nó
(c) i gcás ordachán ón úinéir agus ón duine sin an cúiteamh a íoc i slí áirithe, é a íoc sa tslí sin, nó
(d) i gcás gan toiliú ná ordachán den sórt sin a bheith tugtha, an cúiteamh a íoc isteach sa Chúirt.
(3) Má dhéantar an cúiteamh a íoc isteach sa Chúirt féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine leasmhar, cibé ordú a dhéanamh i ndáil leis is gá de réir ceartais.
Iontaobhaithe a chosaint, etc.
[1931, a. 44]
63.—(1) I gcás duine (dá ngairtear iontaobhaí san alt seo) a bheith i dteideal cíosanna agus brabúis áitribh a fháil mar iontaobhaí nó i gcáil ar bith seachas chun sochair dó féin agus airgead a bheith dlite ón iontaobhaí ar chúiteamh faoin gCuid seo nó ar chostais, ar mhuirir nó ar chaiteachais i ndáil le héileamh ar an gcúiteamh sin—
(a) ní bheidh an t-airgead inghnóthaithe go pearsanta i gcoinne an iontaobhaí ná ní bheidh sé faoi aon dliteanas é a íoc, ach beidh sé ina mhuirear ar an áitreabh agus ar an maoin uile, réadach nó pearsanta, a bheidh ar teachtadh ag an iontaobhaí ar na hiontaobhais chéanna nó sa cháil chéanna ina mbeidh an t-áitreabh ar teachtadh aige agus ní bheidh sé inghnóthaithe ach amháin i gcoinne an chéanna;
(b) beidh teideal ag an iontaobhaí, roimh an airgead a íoc nó dá éis, muirear ar an áitreabh agus ar an maoin uile, réadach nó pearsanta, a bheidh ar teachtadh aige ar na hiontaobhais chéanna nó sa cháil chéanna ina mbeidh an t-áitreabh ar teachtadh aige, a fháil ón gCúirt, agus é ar cóimhéid leis an airgead agus leis na costais uile a thabhaigh sé go cuí chun an muirear a fháil nó chun méid an mhuirir sin a chruinniú;
(c) má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an t-iontaobhaí an t-airgead a íoc laistigh de mhí tar éis don duine dá mbeidh an t-airgead dlite an t-áitreabh a fhágáil, beidh teideal ag an duine sin muirear ar an áitreabh agus ar an maoin uile, réadach nó pearsanta, a bheidh ar teachtadh ag an iontaobhaí ar na hiontaobhais chéanna nó sa cháil chéanna a mbeidh an t-áitreabh ar teachtadh aige, a fháil ón gCúirt, agus é ar cóimhéid leis an airgead nó cibé méid de a bheidh gan íoc an tráth sin agus leis na costais uile a thabhaigh sé go cuí chun an muirear a fháil nó chun méid an mhuirit sin a chruinniú.
(2) Féadfaidh aon chuideachta, a bheidh corpraithe le reacht agus ag an mbeidh cumhacht airgead a airleacan chun talamh a fheabhsú, sannadh muirir ar bith a dhéanfaidh an Chúirt faoin alt seo a ghlacadh, agus féadfaidh an chuideachta sin aon mhuirear a shannfar dóibh amhlaidh a shannadh d'aon duine nó daoine ar bith.
CUID V
Cúnaint i Léasanna Tionóntán
“Léas”.
64.—Sa Chuid seo folaíonn “léas” tionóntacht bhliantúil trí oibriú dlí nó trí thátal ar dhul in éag do léas agus tionóntacht reachtúil is intuigthe ó áitreabh a róshealbhú ar dhul in éag do léas.
Damáistí mar gheall ar chúnaint deisiúcháin a shárú.
[1931, a. 55]
65.—(1) Má bhíonn i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Acht seo nó dá éis a rinneadh é) cúnant (cibé acu sainráite nó intuigthe dó agus cibé acu ginearálta nó sonrach dó) ar thaobh an léasaí an tionóntán a chur agus a choinneáil i ndea-dheis le linn ré reatha an léasa nó an tionóntán a fhágáil nó a chur i ndeadheis ar dhul in éag don léas agus go mbeidh sárú déanta ar an gcúnant, beidh éifeacht leis na forálacha seo ina dhiaidh seo den alt seo.
(2) Ní rachaidh na damáistí is inghnóthaithe in aon chúirt mar gheall ar an sárú in aon chás thar mhéid an laghdaithe (más ann dó) a chuaigh ar luach na frithdhílse (idirmheánach nó neasach) sa tionóntán de dheasca an tsáraithe.
(3) Lasmuigh de chás ina dtaispeánfar gurb éard is cúis, go hiomlán nó go substaintiúil, leis an gceal deisiúcháin damáiste toiliúil nó diomailt thoiliúil a rinne an léasaí ní bheidh aon damáistí inghnóthaithe in aon chúirt mar gheall ar an sarú má thaispeántar—
(a) nach féidir ar chor ar bith, ag féachaint d'aois agus do bhail an tionóntáin, é a dheisiú de réir an chúnaint, nó
(b) ag féachaint d'aois, do bhail, do chineál agus do shuíomh an tionóntáin, go mbeadh caiteachas iomarcach ag gabháil lena dheisiú de réir an chúnaint i gcomparáid le luach an tionóntáin, nó
(c) ag féachaint do chineál agus do shuíomh an tionóntáin, nach bhféadfaí an tionóntán a úsáid go sochrach ar bheith deisithe dó amhlaidh nó nach bhféadfaí é a úsáid go sochrach gan é a atógáil, a athfhoirgniú nó a athrú go substaintiúil ina dhéanmhas.
Cúnaint i gcoinne coimhthiú.
[1931, a. 56]
66.—(1) Aon chúnant i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) a chuireann toirmeasc nó srian go hiomlán le coimhthiú an tionóntáin, go ginearálta nó in aon slí áirithe, beidh éifeacht leis amhail is dá mba chúnant é ag cur toirmeasc nó srian leis an gcoimhthiú sin gan ceadúnas nó toiliú an léasóra.
(2) I ngach léas (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ina bhfuil, nó inar intuigthe go bhfuil de bhua Reacht Briotanach a ritheadh an 5ú lá de Bhealtaine, 1826, agus dar teideal “An Act to amend the Law of Ireland respecting the Assignment and Sub-letting of Lands and Tenements” nó de bhua fho-alt (1), cúnant a chuireann toirmeasc nó srian le coimhthiú an tionóntáin, go ginearálta nó in aon slí áirithe, gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, beidh an cúnant, d'ainneoin aon fhoráil shainráite dá mhalairt—
(a) faoi réir coinníll nach gcoinneofar siar an ceadúnas nó an toiliú go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an coinníoll sin ar an léasóir a cheangal go n-íocfar suim réasúnta leis ar scór costas dlí nó eile a thabhóidh sé in ndáil leis an gceadúnas nó leis an toiliú, agus
(b) más breis is daichead bliain is téarma don léas agus más foirgnimh a thógáil nó breis mhór a chur leo nó feabhsú nó athrú a chur orthu an chomaoin go hiomlán nó go páirteach ar a ndearnadh an léas, faoi réir coinníll arb é is éifeacht leis, má dhéantar aon choimhthiú ar an tionóntán, contrártha don chúnant, breis is seacht mbliana roimh dheireadh an téarma, nach gá aon cheadúnas ná toiliú den sórt sin má thugtar fógra i scríbhinn i dtaobh an idirbhirt don léasóir laistigh de mhí tar éis an t-idirbheart a dhéanamh, agus
(c) más rud é go dtiocfadh as an gcoimhthiú sin aon rátaí, cánacha nó ualach eile a aistriú chun an léasóra nó a mhéadú air, faoi réir coinníll go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas a thabhóidh an léasóir de bhíthin an aistrithe nó an mhéadaithe a chúiteamh leis an léasóir faoi mar a thabhófar agus nuair a thabhófar é agus go mbeidh sé inghnóthaithe ón léasaí mar chíos faoin léas.
Cúnaint a chuireann srian le húsáid.
[1931, a.57; 1967, a.27]
67.—(1) Aon chúnant i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) á thoirmeasc go hiomlán úsáid an tionóntáin a athrú, beidh éifeacht leis amhail is dá mba chúnant é á thoirmeasc an t-athrú sin a dhéanamh gan ceadúnas nó toiliú an léasóra.
(2) I ngach léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ina bhfuil cúnant á thoirmeasc, go sainráite nó de bhua fho-alt (1), úsáid an tionóntáin a athrú gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, beidh an cúnant, d'ainneoin aon fhoráil shainráite dá mhalairt—
(a) faoi réir coinníll arb é is éifeacht leis nach gcoinneofar siar an ceadúnas nó an toiliú go mí-réasúnta, ach ní choiscfidh an coinníoll seo ar an léasóir a cheangal go n-íocfar suim réasúnta leis ar scór costas dlí nó eile a thabhóidh sé i ndáil leis an gceadúnas nó leis an toiliú, agus
(b) mura gá, de dhroim an athraithe, aon fhoirgneamh nó déanmhas a thógáil, a sholáthar nó a athfhoirgniú (seachas mar fheabhsúchán de réir bhrí fho-alt (3)), faoi réir coinníll nach mbeidh aon fhíneáil ná suim airgid ar mhodh fíneála (seachas aon suim a údaraítear leis an alt seo) ná aon mhéadú cíosa iníoctha as an gceadúnas ná as an toiliú ná ina leith, agus
(c) más rud é go dtiocfadh as an athrú sin aon rátaí, cánacha nó ualach eile a aistriú chun an léasóra nó a mhéadú air, faoi réir coinníll go ndéanfaidh an léasaí gach caiteachas a thabhóidh an léasóir de bhíthin an aistrithe nó an mhéadaithe a chúiteamh leis an léasóir faoi mar a thabhófar agus nuair a thabhófar é amhlaidh agus go mbeidh sé inghnóthaithe ag an léasóir ón léasaí mar chíos faoin léas.
(3) San alt seo agus in alt 68 ciallaíonn “feabhsúchán” aon mhéadú nó athrú ar fhoirgneamh nó ar dhéanmhas agus folaíonn sé aon déanmhas atá ag comhghabháil nó ag foghabháil leis an gcéanna ach ní fholaíonn sé aon athrú ná aon athfhoirgniú ar fhoirgneamh ná ar dhéanmhas a bhainfeadh a shainghné bunaidh de.
(4) Déanfar na tagairtí in alt 29 d'Acht 1967 do fheabhsú a fhorléiriú mar thagairtí d'fheabhsúchán de réir bhrí fho-alt (3).
Cúnaint i gcoinne feabhsúcháin a dhéanamh.
[1931, a.58; 1967 a. 28]
68.—(1) Aon chúnant i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) á thoirmeasc go hiomlán aon fheabhsúchán a dhéanamh ar an tionóntán de réir bhrí alt 67(3), beidh éifeacht leis amhail is dá mba chúnant é á thoirmeasc an feabhsúchán sin a dhéanamh gan ceadúnas nó toiliú an léasóra.
(2) I ngach léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) ina bhfuil cúnant á thoirmeasc, go sainráite nó de bhua fho-alt (1), aon fheabhsúchán de réir bhrí alt 67(3) a dhéanamh ar an tionóntán gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, beidh an cúnant, d'ainneoin aon fhoráil shainráite dá mhalairt—
(a) faoi réir coinníll nach gcoinneofar siar an ceadúnas nó an toiliú go mí-réasúnta, agus
(b) faoi réir coinníll nach mbeidh aon fhíneáil ná suim airgid ar mhodh fíneála (seachas suim réasúnta i leith caiteachais dlí nó caiteachais eile a thabhóidh sé i ndáil leis an gceadúnas nó leis an toiliú) ná aon mhéadú cíosa iníoctha as an gceadúnas nó as an toiliú ná ina leith.
Toiliú léasóra nach féidir teacht air.
[1931, a.59]
69.—Más rud é—
(a) go bhfuil i léas tionóntáin (cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é) cúnant a chuireann toirmeasc nó srian ar an léasaí aon ní áirithe a dhéanamh gan ceadúnas nó toiliú an léasóra, agus
(b) go bhfuil an cíos a forchoimeádadh leis an léas gan bheith íoctha le cúig bliana nó níos mó, agus
(c) nach eol don léasaí an léasóir agus nach féidir leis teacht air,
féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón léasaí agus tar éis cibé fógráin (más ann dóibh) a fhoilsiú amhail mar a ordóidh an Chúirt, a údarú don léasaí, faoi réir cibé coinníollacha (más ann dóibh) is cuí leis an gCúirt a fhorchur, an ní áirithe a dhéanamh a mbeidh toirmeasc nó srian curtha leis amhlaidh agus air sin is dleathach don léasaí an ní áirithe sin a dhéanamh gan ceadúnas ná toiliú an léasóra, de réir na gcoinníollacha (más ann dóibh) a bheidh forchurtha amhlaidh.
CUID VI
Ilghnéitheach
Feidhm an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, maidir le húdaráis phoiblí áirithe.
[Nua]
70.—Duine a bheadh, murach alt 4 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, nó alt 16(2)(d) nó 16(2)(e) den Acht sin, i dteideal feo simplí tí chónaithe a fháil beidh sé, d'ainneoin na bhforálacha sin, i dteideal an feo simplí sin a fháil ach amháin más rud é—
(a) i gcás lena mbaineann alt 4 den Acht sin—gur deimhin leis an údarás Stáit iomchuí, nó
(b) i gcás lena mbaineann alt 16(2)(d) nó 16(2)(e) den Acht sin—gur deimhin leis an Aire Iompair,
nach mbeadh an fáil sin chun leasa an phobail agus go ndeimhneoidh sé é sin.
Leasú ar alt 10, coinníoll 5 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978.
[Nua]
71.—Déantar leis seo coinníoll 5 in alt 10 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, a leasú trí “gur éag nó gur géilleadh an léas roimhe sin roimh an 31ú lá de Mhárta, 1931 agus gur léas é” a scriosadh agus “gur léas é an léas roimhe sin” a chur isteach ina ionad, agus tá an coinníoll sin 5 arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
5. gur deonaíodh an léas, tráth léasa roimhe sin do dhul in éag nó a ghéilleadh nó tar éis an éaga nó an ghéillte sin— |
(a) ar chíos níos lú ná luacháil inrátaithe na maoine ar dháta an léasa a dheonú, nó |
(b) don duine a bhí i dteideal leasa an léasaí faoin léas roimhe sin, ar choinníoll gur léas é an léas roimhe sin lena mbainfeadh an Chuid seo dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an uair sin agus ar choinníoll go dtoimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an duine dar deonaíodh an léas i dteideal amhlaidh; |
Ailt 10 agus 12 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 a chur i mbaint le foléasanna áirithe go ceann téarma is giorra ná 50 bliain.
[Nua]
72.—Beidh feidhm ag coinníoll 7 in alt 10 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, agus ag alt 12 den Acht sin maidir le léas a tugadh go ceann téarma is giorra ná caoga bliain más rud é—
(a) gur foléas (idirmheánach nó neasach) faoi léas (dá ngairtear an t-uasléas san alt seo) lena mbaineann Cuid II den Acht sin an léas,
(b) gurb éard atá sa talamh a forléasadh leis an léas an talamh go léir nó cuid den talamh atá cuimsithe san uasléas, agus
(c) gur tugadh an léas go ceann téarma atá cothrom leis an tréimhse is giorra de na tréimhsí seo a leanas nó is faide ná an tréimhse sin, eadhon, fiche bliain nó dhá thrian de théarma an uasléasa, agus in aon chás go dtéann sé in éag an tráth céanna a dtéann an t-uasléas in éag nó cúig bliana déag ar a mhéid roimhe sin,
agus go gcomhlíontar ceanglais eile an choinníll.
Cearta a bhí ann roimhe a chosaint.
[Nua]
73.—Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, go raibh duine, maidir le haon talamh, ina dhuine lenar bhain alt 3 d'Acht 1967 nó go mba dhuine den sórt sin a bheadh ann dá seirbheálfadh sé fógra faoi alt 4 den Acht sin, is duine a bheidh ann, amhail ón tosach feidhme sin, lena mbaineann Cuid II den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978.
Léasanna ar feadh saolta a chomhshó ina bhfeo simplí.
[Nua]
74.—Duine a mbeidh teideal aige chun leasa i dtalamh ar teideal é chun an leasa sin a thionscain faoi léas ar feadh saolta is inathnuaite go suthain a bunaíodh roimh an lú lá de Lúnasa, 1849, agus nach ndearnadh a chomhshó ina dheontas feofheirme faoin Renewable Leasehold Conversion Act, 1849, déanfaidh sé, ó thosach feidhme an Achta seo, an talamh a theachtadh ar eastát i bhfeo simplí. Measfar gur greamacht ar an leas roimhe sin an t-eastát sin agus beidh sé faoi réir aon chearta nó cothromais a thiocfaidh as é bheith ina ghreamacht amhlaidh.
Tithe a dhíol ar íocadh deontais ligin ina leith le cumainn fóntais phoiblí.
[Nua]
75.—(1) Baineann an t-alt seo le teach a thóg cumann fóntais phoiblí de réir bhrí alt 2(1) d'Acht na dTithe, 1966, agus ar tugadh deontas i leith na tógála sin faoi Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1962, agus a bhfuil geallúint ar marthain, a thug an cumann fóntais phoiblí i gcomaoin an deontais, nach ndíolfaí an teach.
(2) Féadfaidh an tAire Comhshaoil (dá ngairtear an tAire san alt seo) a thoiliú a thabhairt teach lena mbaineann an t-alt seo a dhíol.
(3) I gcás ina dtugann an tAire a thoiliú teach lena mbaineann an t-alt seo a dhíol, ansin, d'ainneoin aon gheallúint den chineál a thuairiscítear i bhfo-alt (1) nó aon srianadh a mbeidh feidhm aige de bhua alt 121 d'Acht na dTithe, 1966, féadfar an teach a dhíol agus oibreoidh an díol chun go ndílseoidh sé an t-áitreabh don cheannaitheoir agus é saortha agus urscaoilte ó aon gheallúint den sórt sin.
(4) Féadfaidh an tAire, maidir le teach lena mbaineann an t-alt seo a dhíol i gcás gur díol é a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo, a thoiliú a thabhairt maidir leis an díol sin agus i gcás ina dtabharfaidh an tAire a thoiliú amhlaidh ní dhéanfaidh sé difear, agus measfar nach ndearna sé difear riamh, do bhailíocht an díola an díol a bheith déanta roimh thosach feidhme an ailt seo agus measfar an díol sin a bheith déanta chun gach críche de réir fho-alt (3).
(5) San alt seo ciallaíonn “deontas”, maidir le teach, deontas talún mar láithreán le haghaidh an tí sin nó deontas airgid i leith an tí sin nó deontas a thugtar go páirteach ar bhealach amháin den sórt sin agus go páirteach ar an mbealach eile sin.
Páirtí riachtanach sa ghníomhas, etc., a bheith faoi mhíchumas nó é d'fhaillí gníomhú.
[1931, a. 27 (e); 1958, a. 24 (3)-(6)]
76.—(1) San alt seo ciallaíonn “páirtí riachtanach” duine a gceanglaítear air faoin Acht seo léas nó tionóntacht a dheonú nó uamadh sa deonú sin agus tagraíonn “ceanglas” d'aon ní a cheanglaítear amhlaidh.
(2) Mura féidir le páirtí riachtanach mar gheall ar cháil mhuiníneach nó eastát teoranta a bheith aige nó mar gheall ar chúnaint shriantacha i léas nó i dtionóntacht faoina dteachtann sé, ceanglas a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, a chumhachtú dó sin a dhéanamh.
(3) Más naíon nó duine mímheabhrach páirtí riachtanach nó mura féidir teacht air nó má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn sé léas nó tionóntacht a fhorghníomhú nó uamadh san fhorghníomhú sin, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, oifigeach don Chúirt a cheapadh agus cumhacht a thabhairt dó an léas nó an tionóntacht a fhorghníomhú nó uamadh san fhorghníomhú sin thar ceann an pháirtí riachtanaigh.
(4) Más rud é, maidir le léas nó tionóntacht, nach eol nó nár cinntíodh cé hé an páirtí riachtanach, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine lena mbaineann, aon duine atá ag fáil an chíosa i leith leas an iarratasóra san áitreabh, nó cibé duine eile is oiriúnach leis an gCúirt, a cheapadh chun bheith ina ionadaí ag an duine sin nach eol agus nár cinntíodh cé hé i ngach imeacht i ndáil leis an gcéanna agus féadfaidh sí oifigeach don Chúirt a cheapadh agus cumhacht a thabhairt dó an léas nó an tionóntacht a fhorghníomhú thar ceann an pháirtí riachtanaigh.
(5) Má cheaptar oifigeach don Chúirt faoi fho-alt (3) nó (4) chun léas nó tionóntacht a fhorghníomhú nó uamadh san fhorghníomhú sin féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an cíos is iníoctha faoin léas nó faoin tionóntacht a íoc isteach sa Chúirt nó féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordachán a thabhairt is oiriúnach léi i dtaobh íoc an chíosa.
(6) I gcás gan teacht a bheith ar dhuine ar a gceanglaítear fógra faoi aon fhoráil den Acht seo a sheirbheáil, ná cinntiú a bheith déanta air, measfar gur páirtí riachtanach chun críocha an ailt seo an duine sin agus beidh feidhm ag forálacha an ailt seo dá réir sin fara na modhnuithe is gá.
(7) Ní dhéanfar cumhacht a thugtar don Chúirt leis an alt seo a fheidhmiú maidir le coimircí cúirte ach amháin le cead ón gcúirt dar coimircí é.
Cearta ar marthain ar bhás duine.
[Nua]
77.—Ar bhás duine a bheidh tar éis aon cheart a éileamh faoin Acht seo féadfaidh a ionadaí pearsanta nó a chomharba i dteideal gníomhú ina áit maidir le gach uile ní a thiocfaidh as an éileamh.
Léas a fhoirceannadh trí eisiachtain nó athiontráil.
[Nua i bpt. 1958, aa. 20, 21; cf. 1931, a. 34]
78.—(1) I gcás ina bhfoirceannfar léas nó conradh eile tionóntachta (dá ngairtear an léas nó an conradh foirceanta san alt seo) roimh dhul in éag dó sa ghnáthshlí—
(a) ní dhéanfar léas nó conradh eile tionóntachta maidir le haon áitreabh a bheidh cuimsithe sa léas nó sa chonradh foirceanta, más léas nó conradh é lena mbaineann aon Chuid den Acht seo, is íosta ná an léas nó an conradh foirceanta, a fhoirceannadh leis an bhfoirceannadh;
(b) an duine a thiocfadh, mura mbeadh an fo-alt seo, chun teideal a bheith aige, de bhua fhoirceannadh an léasa nó an chonartha fhoirceanta, chun seilbh an áitribh, tiocfaidh sé chun bheith i dteideal na frithdhílse ar an íosléas nó ar an gconradh;
(c) tiocfaidh an duine sin, faoi réir fho-alt (2), chun bheith i dteideal shochar an chíosa a fhorchoimeádtar leis an íosléas nó leis an gconradh agus na gcúnant iontu agus glacfar leis chun críocha an Achta seo go mbeidh sé tar éis teacht chun bheith ina neasléasóir ar an áitreabh.
(2) An duine a theachtfaidh áitreabh faoi íosléas nó faoi chonradh eile tionóntachta lena mbaineann fo-alt (1) (a) déanfaidh sé, ó dháta foirceanta an léasa nó an chonartha fhoirceanta, an t-áitreabh a theachtadh ar cibé cíos acu seo a leanas is mó—
(a) an cíos a bheidh ar forchoimeád leis an íosléas nó leis an gconradh,
(b) cibé cuid den chíos a forchoimeádadh leis an léas nó leis an gconradh foirceanta agus is inchurtha go cóir i leith an áitribh.
Feidhm a bheith ag na Settled Land Acts.
[1931, a. 43; 1958, a.17]
79.—(1) Na cumhachtaí chun léasanna a dheonú a thugtar do thionónta saoil le halt 6 den Settled Land Act, 1882, baineann siad le haon léas nó tionóntacht a dheonú a cheanglaítear a dheonú faoin Acht seo.
(2) Féadfar airgead caipitil faoi na Settled Land Acts, 1882 go 1890, a úsáid—
(a) chun aon suim a íoc le duine i leith cúitimh nó damáiste arna dhámhachtain faoin Acht seo agus i leith aon chostas, muirear agus caiteachas maidir leis sin, nó
(b) chun aon airgead a caitheadh nó costais a tabhaíodh faoin Acht seo ag déanamh feabhsúcháin nó i ndáil leis an gcéanna a íoc, amhail i leith feabhsúchán a údaraítear leis na hAchtanna sin, nó
(c) chun aon chostais, muirir agus caiteachais a tabhaíodh i ndáil le hiarratas faoin Acht seo a íoc.
(3) Déanfar íoc cúitimh nó damáistí a dhámhfar faoin Acht seo a áireamh ar na críocha a bhféadfaidh tionónta saoil airgead a chruinniú faoina gcomhair faoi alt 18 den Settled Land Act, 1882.
(4) (a) I gcás duine a dhlífidh cúiteamh a íoc faoin Acht seo a bheith ina thionónta saoil nó é a bheith in ionad muiníneach, féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an tsuim is iníoctha i leith cúitimh agus aon damáistí, costais, muirir agus caiteachais maidir leis sin a íoc as aon airgead caipitil a bheidh ar teachtadh ar na hiontaobhais chéanna leis an talamh socraithe.
(b) San fho-alt seo folaíonn “airgead caipitil” eastát pearsanta a bheidh ar teachtadh ar na hiontaobhais chéanna leis an talamh agus folaíonn “talamh socraithe” talamh a bheidh ar teachtadh ar iontaobhas i gcomhair díola.
Morgáistí,
[Nua i bpt. cf. 1958, a.8; 1967, a.24(1)]
80.—(1) Chun na gcríocha a bhaineann le forálacha an Achta seo a chur chun feidhme maidir le haon duine i ndáil le haon eastát nó leas i dtalamh a dheonú dó, ní thabharfar aird ar mhorgáiste a bheidh ar leas an duine sin.
(2) Más rud é, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é—
(a) go bhforghníomhóidh léasaí morgáiste tríd an talamh go léir nó cuid den talamh atá cuimsithe ina léas a fhofhorléasadh, ach frithdhílse ainmniúil ann a choinneáil, agus
(b) go ndéanfar an talamh atá cuimsithe san fhofhorléas a dhíol chun an morgáiste a chur i ngníomh,
measfar, chun críocha an Achta seo, go bhfuair an ceannaitheoir leas an léasaí sa talamh forléasaithe in aghaidh iomlán na coda gan chaitheamh de théarma an léasa, lena n-áirítear tréimhse na frithdhílse ainmniúla.
Luacháil ag an gCoimisinéir Luachála.
[1931, aa. 26 i bpt., 30; 1958 a. 22]
81.—(1) Féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara, agus má iarrann aon pháirtí lena mbaineann uirthi é cuirfidh sí faoi deara, go gcuirfear iarratas chuig an gCoimisinéir Luachála chun luacháil, meastachán nó ráiteas a dhéanamh maidir le haon ábhar áirithe a bhainfidh le himeachtaí faoin Acht seo agus, chuige sin, féadfaidh sí na himeachtaí a chur ar atráth.
(2) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara air sin an luacháil, an meastachán nó an ráiteas sin a ullmhú agus a chur chun na Cúirte agus féadfaidh sé táille a ghearradh a ríomhfar de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais.
(3) Nuair a chuirfear iarratas chun an Choimisinéara faoin alt seo, tabharfaidh an Chúirt aird ar an luacháil, an meastachán nó an ráiteas a thabharfaidh an Coimisinéir.
(4) Beidh teideal ag aon pháirtí lena mbainfidh sé cóip a fháil ó Oifig na Cúirte Cuarda de luacháil, meastachán nó ráiteas a thabharfaidh an Coimisinéir faoin alt seo, ach íoc as de réir an ráta is inghearrtha faoin dlí de thuras na huaire i leith cóipeanna de dhoiciméid a fhaightear ón oifig.
(5) Is ar an bpáirtí sin nó ar na páirtithe sin, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an Chúirt, a bheidh íoc na táille is iníoctha faoin alt seo agus íocfar an táille sin leis an gcláraitheoir contae agus íocfaidh seisean isteach sa Státchiste í nó cuirfidh sé chun tairbhe don Státchiste í i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Fianaise faoi luacháil inrátaithe agus cionroinnt na luachála sin.
[1958, a.4(3)(b), (d)]
82.—(1) Má bhíonn sa deimhniú a bheidh sínithe ag an gCoimisinéir Luachála nó thar a cheann ar shliocht as an liosta luachála a eisíodh faoi alt 9 den Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860, ráiteas á rá gurb í an luacháil a luaitear sa sliocht an luacháil inrátaithe ar dháta a shonraítear sa deimhniú, beidh sin ina fhianaise ar an bhfíoras sin chun críocha an Achta seo.
(2) Mura mbeidh, ar dháta áirithe, luacháil inrátaithe ar leithligh ar thalamh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, chun críocha an Achta seo, luacháil nó luachálacha inrátaithe na maoine ina raibh an talamh cuimsithe ar an dáta sin a chionroinnt agus táille a ghearradh i leith na cionroinnte.
(3) Déanfar gach táille a ghearrfaidh an Coimisinéir Luachála faoin alt seo a chinneadh, tabharfar cuntas ina taobh agus úsáidfear í sa tslí chéanna ina ndéantar sin i gcás táillí a ghearrann an Coimisinéir faoi alt 9 den Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860.
Fadú ar na teorainneacha ama atá ceaptha leis an Acht seo.
[1931, a.45; 1958, aa. 13(4), 18(7) (a) i bpt.]
83.—Má fhaillíonn duine aon ghníomh nó ní a dhéanamh sa tréimhse ama dá bhforáiltear leis an Acht seo nó faoi, féadfaidh an Chúirt, ar cibé téarmaí is cuí léi (agus déanfaidh sí sin mura deimhin léi gurb éagóir a bheadh ann) an tréimhse ama a fhadú má léirítear gur míchumas, dearmad, asláithreacht ón Stát, neamhábaltacht chun an fhaisnéis ba ghá a fháil nó aon chúis réasúnach eile ba shiocair leis an bhfaillí.
Fógraí ag éileamh faisnéise.
[1931, a.40; 1958, a. 13 i bpt.]
84.—(1) Duine a bheidh ag lorg aon eastát nó leas in aon áitreabh faoin Acht seo féadfaidh sé, d'fhonn a áirithiú go n-uamfaidh na páirtithe riachtanacha go léir sa deonú, fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar a neasléasóir ag éileamh faisnéise maidir le cineál agus ré fhrithdhílse an léasóra sin agus ainm agus seoladh an duine ag a mbeidh teideal de thuras na huaire chun an uasleasa is neasa agus féadfaidh sé freisin fógra dá shamhail a sheirbheáil ar gach duine eile ag a mbeidh uasleas.
(2) I gcás gan teacht a bheith ar dhuine ar a bhfuil fógra le seirbheáil faoi fho-alt (1) ná cinntiú a bheith déanta air, féadfar fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an duine a bheidh ag fáil an chíosa don áitreabh ag éileamh ainm agus seoladh an duine lena n-íocann an duine ar a seirbheálfar an fógra an cíos agus ag éileamh aon fhaisnéise eile is gá le réasún chun na críche a shonraítear i bhfo-alt (1).
(3) Beidh de dhualgas ar dhuine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo cibé faisnéis a éileofar atá ina sheilbh nó ar fáil aige a sholáthar nó a chur ar aghaidh i scríbhinn laistigh de mhí ó dháta na seirbheála.
(4) Má sheirbheálann duine fógra faoin alt seo agus má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn an duine ar a seirbheálfar é an fhaisnéis a éilítear leis an alt seo a sholáthar, féadfaidh an duine a sheirbheáil an fógra iarratas a chur chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais d'fhonn tabhairt ar an duine ar ar seirbheáladh an fógra an fhaisnéis a sholáthar.
Conarthaí ar neamhní.
[1931, a. 42]
85.—Is neamhní don mhéid sin d'aon chonradh, cibé acu is roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh é, a fhorálann nach mbeidh feidhm maidir le duine ag aon fhoráil de chuid an Achta seo nó go ndéanfar feidhm aon fhorála den sórt sin a athrú, a mhodhnú nó a shrianadh ar bhealach ar bith maidir le duine.
Ceart chun iontráil agus iniúchadh a dhéanamh.
[1931, a.41]
86.—Má sheirbheáiltear fógra feabhsúcháin nó fógra go bhfuiltear chun faoiseamh a éileamh faoi Chuid II nó IV, beidh teideal ag an tiarna talún agus ag gach uastiarna talún ar a seirbheálfar an fógra nó cóip de faoin Acht seo, agus ag gach duine a bheidh údaraithe ag an tiarna talún nó ag aon uastiarna talún den sórt sin, iontráil gach tráth réasúnta san áitreabh agus cibé iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh agus cibé toisí a thógáil ann is gá nó is ceart chun go gcinnfidh an tiarna talún nó an t-uastiarna talún (cibé acu é) cad a dhéanfaidh sé i dtaobh an fhógra.
Costas deisiúchán a fhritháireamh i gcoinne cíosa.
[1931, a. 61]
87.—(1) Má dhiúltaíonn nó má fhaillíonn tiarna talún deisiúcháin a dhéanamh ar thionóntán a bheidh de cheangal air, de réir cúnaint nó ar aon slí eile de réir dlí, a dhéanamh agus ar deisiúcháin iad a d'iarr an tionónta air a dhéanamh agus má dhéanann an tionónta na deisiúcháin ar a chostas féin, féadfaidh an tionónta an caiteachas a fhritháireamh i gcoinne aon ghála nó gálaí cíosa dá éis sin go dtí go mbeidh sé aisíoctha.
(2) Má dhéantar fritháireamh faoin alt seo i gcoinne iomlán an ghála cíosa nó i gcoinne coda de, beidh de cheangal ar an tiarna talún a bheidh i dteideal an cíos a fháil, ar fhianaise a fháil dó ar mhéid an chaiteachais a fritháiríodh amhlaidh, admháil a thabhairt ar an ngála cíosa de shamhail na hadmhála a bheadh de cheangal air a thabhairt uaidh dá mba in airgead a d'íocfaí an gála nó cuid den ghála.
Fógraí a sheirbheáil.
[1931, a 63; 1967, a.23]
88.—(1) Féadfar fógra nó doiciméad eile faoin Acht seo a sheirbheáil leis an bpost agus, más mar sin a sheirbheálfar é, is leis an bpost cláraithe a sheirbheálfar é.
(2) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a bheith le seirbheáil ag léasaí ar a léasóir féadfar é a sheirbheáil amhlaidh trína chur leis an bpost cláraithe faoi sheoladh an duine ar leis a íocann an léasaí cíos an áitribh lena mbaineann an fógra nó an doiciméad ag an áit a n-íocann sé an cíos nó ar chuige a chuireann sé an cíos.
(3) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an Acht seo a sheirbheáil ar léasaí, féadfar é a sheirbheáil amhlaidh trína chur leis an bpost cláraithe faoi sheoladh an léasaí ag an áitreabh lena mbaineann an fógra nó an doiciméad.
(4) Má sheirbheáiltear fógra nó doiciméad eile faoin Acht seo thar ceann duine, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an duine féin a sheirbheáil an fógra nó an doiciméad.
AN SCEIDEAL
Na hAchtacháin a Aisghairtear
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 | An tAcht iomlán. | |
Alt 54. | ||
Alt 13. | ||
|
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An Act to amend the law of Ireland respecting the Assignment and Sub-letting of Lands and Tenements (1826) | 1826, c.29 |
Annual Revision of Rateable Property (Ireland) Amendment Act, 1860 | 1860, c. 4 |
1970, Uimh 1 | |
An tAcht um Méadú Cíosa agus Úis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 | |
An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1967 | |
An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna), 1978 | |
An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 | |
An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964 | |
1946, Uimh.4 | |
Settled Land Act, 1882 | 1882, c.32 |
Town Tenants (Ireland) Act, 1906 | 1906, c.54 |